Táimid dáiríre maidir le cearta cosanta sonraí agus táimid meáite ar do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán sábháilte.
Léiríonn ár bhfógraí trédhearcachta na tosca ina mbaileoimid sonraí pearsanta, an cineál sonraí a bhailímid agus an bunús dlíthiúil lena bpróiseáil.
Cibé acu atá tú ag tabhairt cuairt ar ár suíomh gréasáin nó ag obair ar champas Theach Laighean, is tosaíocht i gcónaí dúinn do chearta um chosaint sonraí.
Dearbhaíonn an tsaoráil faisnéise an ceart a bheith ag daoine den phobal ar fhaisnéis oifigiúil, cothromaithe le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta daoine aonair.
Fiosraigh ár liosta inchuardaithe ar gach iarratas neamhphearsanta um shaoráil faisnéise a fuarthas ó 2016 i leith.