Bille dá ngairtear Acht do leasú an dlí chun a údarú samplaí colainne a thógáil le haghaidh tástáil dlí-eolaíochta ó dhaoine míleata a bhfuil drochamhras fúthu i leith cionta áirithe faoin dlí míleata; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne áirithe a thógáil ó dhaoine míleata nó ó dhaoine eile ar deoin leo go dtógfaí samplaí den sórt sin uathu chun go ndéanfaí imscrúdú ar chionta nó ar eachtraí a bhféadfaidh sé go raibh déanamh cionta faoin dlí míleata i gceist leo; do dhéanamh socrú maidir le hEolaíocht Fhóiréinseach Éireann de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais do bhunú agus d’oibriú Córais Bunachair Sonraí DNA (Póilíní Airm); do dhéanamh socrú maidir le críocha an Chórais sin; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne áirithe a thógáil ó dhaoine a bhfuil drochamhras fúthu i leith cionta áirithe faoin dlí míleata d’fhonn próifílí DNA a iontrálfar sa Chóras Bunachair Sonraí DNA (Póilíní Airm) a ghiniúint i leith na ndaoine sin; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne áirithe a thógáil ó dhaoine áirithe chun na daoine sin a chur as an áireamh agus, más cuí, a bpróifílí DNA a iontráil sa Chóras Bunachair Sonraí DNA (Póilíní Airm); do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne a thógáil ó dhaoine míleata, nó samplaí a thógáil ó nithe, d’fhonn próifílí DNA a iontrálfar sa Chóras Bunachair Sonraí DNA (Póilíní Airm) a ghiniúint; do dhéanamh socrú maidir le fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú; do dhéanamh socrú, in imthosca áirithe, maidir le fianaise agus samplaí arna dtógáil faoin Acht seo a dhíothú agus maidir le haon phróifílí DNA arna nginiúint ó na samplaí sin a dhíothú nó a bhaint den Chóras Bunachair Sonraí DNA (Póilíní Airm); do leasú an Achta Cosanta, 1954, an Achta um Achomhairc Armchúirteanna, 1983 agus an Achta um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

Nuashonraithe go deireanach: 7 Lún 2019

Urraithe ag: Minister for Defence

Foinse: Government

Teach Tionscnaimh: Dáil Éireann

Stair an Bhille seo

Tá an Bille seo críochnaithe i nDáil Éireann, an Chéad Chéim

7 Lún 2019

Dáil Éireann
Seanad Éireann
  • An Chéad Chéim – An Dáil

    7 Aug 2019

    An Chéad Chéim – An Dáil

    Cuireadh tús leis an mBille nó cuireadh faoi bhráid an tí é

    7 Aug 2019

    Críochnaithe

  • An Dara Céim – An Dáil

    n/a

    An Dara Céim – An Dáil

    Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Tríú Céim – an Dáil

    n/a

    An Tríú Céim – an Dáil

    Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Ceathrú Céim – An Dáil

    n/a

    An Ceathrú Céim – An Dáil

    Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Cúigiú Céim – An Dáil

    n/a

    An Cúigiú Céim – An Dáil

    Déantar ráitis deiridh ar an mBille agus leagtar síos é i gcomhair an Dara Céim sa Seanad (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Chéad Chéim – an Seanad

    n/a

    An Chéad Chéim – an Seanad

    Meastar gur phasáil an Bille an Dara Céim sa Seanad

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Dara Céim – An Seanad

    n/a

    An Dara Céim – An Seanad

    Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Tríú Céim – An Seanad

    n/a

    An Tríú Céim – An Seanad

    Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Ceathrú Céim – An Seanad

    n/a

    An Ceathrú Céim – An Seanad

    Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)

    n/a

    Céim níos déanaí

  • An Cúigiú Céim – An Seanad

    n/a

    An Cúigiú Céim – An Seanad

    Déantar ráitis deiridh ar an mBille (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)

    n/a

    Céim níos déanaí

  • Achtaithe

    n/a

    Achtaithe

    Síníonn an tUachtarán an Bille ina dhlí

    n/a

    Céim níos déanaí