Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Chuntais Phoiblí

Is buanchoiste na Dála é an Coiste um Chuntais Phoiblí (coiste ar gá dó, de réir Buan-Orduithe ón Dáil, a bheith bunaithe tar éis olltoghcháin), agus atá freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar chuntais roinne agus cuntais áirithe eile. Leagtar amach orduithe tagartha an Choiste um Chuntais Phoiblí i mBuan-Ordú 218 de Dháil Éireann.

Tá ról lárnach ag an gCoiste chun cuntasacht agus trédhearcacht a dheimhniú maidir leis an mbealach a ndáileann a gcaitheann agus a mbainistíonn comhlachtaí poiblí áirithe a gcuid airgid. Tá sé mar aidhm ag an gCoiste a dheimhniú go bhfaigheann cáiníocóirí luach ar airgead maidir le gach euro a chaitheann an Státchiste.

Ról an Choiste maidir le scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas poiblí

Tá an Coiste freagrach as scrúdú a dhéanamh ar, agus tuairisciú do, Dháil Éireann, maidir le cuntais bhliantúla na ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, i ndiaidh a rinne An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar na cuntais chéanna (ARC&C). Tá ceangal idir róil an Choiste agus an ARC&C mar is iad na comhlachtaí a ndéanann ARC&C iniúchadh orthu, na comhlachtaí céanna atá freagrach don Choiste.

Síneann sainchúram iniúchta an ARC&C amach faoi thimpeall 289 tacar cuntas agus ráiteas airgeadais arna dtáirgeadh ag comhlachtaí poiblí Coinnítear dhá chineál comhlachta phoiblí amach ó shainchúram iniúchta an ARC&C:

  • Comhlachtaí leathstáit tráchtála agus a bhfochomhlachtaí (e.g. Córas Iompair Éireann, Coillte, Bord Gáis, Uisce Éireann agus RTÉ)
  • Na hÚdaráis Áitiúla

Déanann an Coiste scrúdú agus tuairisciú ar thuarascálacha eile de chuid ARC&C.  Lena n-áirítear seo, tá tuarascáil bhliantúil ARC&C ar chuntais na seirbhísí poiblí, agus tuarascálacha speisialta ARC&C. D’fhéadfadh na tuarascálacha seo a bheith bainteach le scrúduithe nó cigireachtaí ar luach ar airgead, nó le nithe ginearálta a thagann chun cinn ó na hiniúchóireachtaí a dhéanann ARC&C agus a fhoireann. D’fhéadfadh na nithe ginearálta a bheith bainteach le téama comónta nó le roinnt comhlachtaí poiblí.

Nithe taobh amuigh de shainchúram an Choiste

Beartas

De réir Bhuanordú 218(11), ní dhéanann an Coiste scrúdú ar fhiúntas beartais rialtais. Tá Coistí Earnála na Dála freagrach as scrúdú a dhéanamh ar nithe beartais rialtais.
Mar shampla, fágtar ceist bheartais a bhaineann leis an Roinn Dlí agus Cirt faoin gCoiste um Dhlí agus Ceart. Féachann an Coiste um Chuntais Phoiblí ar an gcaoi ar caitheadh airgead poiblí seachas ar an gcúis ar caitheadh é.

Cásanna aonair

Ní féidir leis an gCoiste cúnamh a thabhairt maidir le cásanna aonair a réiteach. Fágtar an dualgas sin faoi ionadaithe áitiúla agus dáilcheantair.

Líomhaintí coiriúlachta

Níl líomhaintí coiriúlachta faoi shainchúram an Choiste agus ba cheart iad a chur ar shúile an Gharda Síochána.

Cúrsaí dlí

De réir scaradh cumhachtaí dá bhforáiltear i mBunreacht na hÉireann, ní féidir leis an gCoiste cur isteach ar chúrsaí dlí nó ar chinntí cúirte comhdhéanaimh chuí.

Na hÚdaráis Áitiúla

Ní dhéanann an Coiste scrúdú ar chaiteachas údarás aonair áitiúil, a ndéanann Seirbhís Iniúchta Rialtais Áitiúil scrúdú orthu seachas an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Is é Coimisiún Forbhreathnaithe Náisiúnta agus Iniúchta an comhlacht forbhreathnaithe neamhspleách náisiúnta d’earnáil an rialtais áitiúil in Éirinn. Tá an comhlacht sin freagrach as an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, a bhfuil dualgas forbhreathnaithe air maidir le hearnáil an rialtais áitiúil.

Barr
Roinn