Tugtar deis do shaoránaigh leis an gcóras achainíocha idirghníomhú leis an gcóras parlaiminteach maidir le hábhair imní nó spéise ginearálta don phobal. Féadfaidh baill den phobal achainíocha a chur faoi bhráid an Chomhchoiste um Achainíocha Poiblí. Níl ach síniú amháin ag teastáil chun achainí a chur isteach.
Buaileann an Coiste le chéile gach coicís de ghnáth chun achainíocha a chuir daoine isteach a bhreithniú. Má tá achainí in ord, is féidir go n-iarrfaidh an Coiste fianaise ó bhéal nó i scríbhinn ó Ranna Rialtais ábhartha agus ó chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile. Tá de chumhacht ag an gCoiste iarraidh ar Airí freastal ar chruinnithe agus ceisteanna faoin achainí a fhreagairt, agus féadfaidh sé freisin iarraidh ar an achainíoch labhairt faoin ábhar.
Leis an gcóras achainíocha parlaiminteach seo, tugtar ardán tábhachtach do dhaoine aonair chun páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach, tríd an bpróiseas achainíocha. Tá baill den phobal in ann a n-ábhair imní i dtaobh beartais a thabhairt go díreach chuig croí na Parlaiminte agus dul i bhfeidhm ar an gclár oibre parlaiminteach.
Ba le glacadh Bhuan-Ordú 125 ón Dáil agus Bhuan-Ordú 108 ón Seanad a bunaíodh an Comhchoiste um Achainíocha Poiblí.
Féach Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Buan-Orduithe Sheanad Éireann.