Bunaíodh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid mar chuid de nósanna imeachta nua chun rochtain ar Sheanad Éireann agus a chuid oibre a leathnú.
Iarrann an Coiste aighneachtaí faoi shaincheisteanna sonracha ón bpobal agus ó ghrúpaí sainleasa agus reáchtálann sé éisteachtaí poiblí i Seomra an tSeanaid. Eisíonn an Coiste tuarascáil ina dhiaidh sin.
D’aontaigh Seanad Éireann le horduithe tagartha Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid an 7 Nollaig 2021 agus leasaíodh iad an 14 Nollaig 2022, an 22 Márta 2023 agus an 7 Nollaig 2023.