Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuireann Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid fáilte roimh aighneachtaí maidir le gnóthaí beaga agus meánmhéide in Éirinn

Achoimre

Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.

Cuireann Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid fáilte roimh aighneachtaí scríofa ó eagraíochtaí agus daoine aonair maidir le gnóthaí beaga agus meánmhéide in Éirinn.

Cur síos ar an gcomhairliúchán

Tá súil ag an gCoiste, tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí seo, go mbeidh sé in ann doiciméad togra i gcomhair straitéis náisiúnta chomhtháite a chruthú ag tacú le GBManna dúchasacha Éireannacha chun iad a chothú, a fhás agus a dhéanamh inbhuanaithe ionas go mbeidh siad mar phríomhshraith bunaithe le haghaidh rath gheilleagar na hÉireann go fadtéarmach.

Déanfaidh an Coiste athbhreithniú ar na haighneachtaí go léir a chomhlíonann na ceanglais agus gheobhaidh roinnt de na rannpháirtithe cuireadh chun páirt a ghlacadh i gcruinniú leis an gCoiste. Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra an tSeanaid i dTeach Laighean. Cuirfidh an Coiste dréacht de thuarascáil ina mbeidh torthaí agus moltaí i dtoll a chéile agus foilseoidh sé í. Nuair a bheidh a thuarascáil foilsithe aige, lorgóidh an Coiste díospóireacht leis an Aire i Seanad Éireann.

Tuilleadh eolais

Chun na sonraí iomlána a fháil faoin gcomhairliúchán poiblí seo agus conas aighneacht a dhéanamh, féach an doiciméad ina dtugtar fógra faoin gcomhairliúchán poiblí thíos.

Chun faisnéis a fháil faoi chomhairliúcháin phoiblí roimhe seo, téigh chuig leathanach gréasáin Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid.

Spriocdháta

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil 4pm Dé Céadaoin, 5 Meán Fómhair 2018.

Déan teagmháil le

Treoirnóta:

Príobháideachas

Barr
Roinn