Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lorgaíonn Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid aighneachtaí maidir le hÉirinn níos cothroime don Lucht Siúil

Achoimre

Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.

Cuireann Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an Lucht Siúil, i dtreo is go mbainfear amach Éire níos cothroime.

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil 4.00 pm Dé hAoine, 14 Meitheamh 2019.

Cur síos ar an gcomhairliúchán

Cúlra

Ar an 1 Márta 2017 thug Stát na hÉireann aitheantas d’eitneachas Lucht Siúil na hÉireann agus leis sin thug sé a bheannacht do ré nua comhthuisceana agus caidreamh.

“I hope that today will create a new platform for positive engagement by the Traveller community and Government together in seeking sustainable solutions which are based on respect and on an honest dialogue.”

- An Taoiseach Enda Kenny, óráid maidir le haitheantas d’eitneachas an Lucht Siúil

Cuspóirí Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid

I bhfianaise na tréimhse nua seo de pháirtíocht an Stáit, is mian le Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid dul i dteagmháil, i gcomhairle agus éisteacht leis an Lucht Siúil agus le dreamanna eile; tograí a bhreithniú chun tacú le comhionannas iomlán an Lucht Siúil i ndiaidh aitheantas dá n-eitneachas; agus chun moltaí a dhéanamh maidir leis an tslí chun cinn.

Tugaimid cuireadh anois do bhaill phobail an Lucht Siúil, mar dhaoine aonair agus mar eagraíochtaí, agus d’aon pháirtithe leasmhara eile, smaointe reachtacha, beartais agus smaointe stuama eile a chur chun cinn. Ba mhaith linn tuairimí a fháil ó dhaoine ar fud an raoin aoise, cumais, inscne, gnéasachta agus tíreolaíochta ar fad.

Cuireann Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid fáilte roimh d’aighneachtaí faoin dá théama:

1. Rannpháirtíocht agus polaitíocht an Lucht Siúil... do chuid smaointe chun:

  • Ionadaíocht pholaitiúil an Lucht Siúil a neartú go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
  • Rannpháirtíocht mhéadaithe an Lucht Siúil a chur chun cinn agus tacú leis i bpróisis chinnteoireachta laistigh den sféar poiblí.
  • Cuimsiú an Lucht Siúil a mhéadú laistigh de struchtúir chathartha, de ghníomhaireachtaí agus Ranna rialtais.

2. Comhphlé agus cuimsiú sóisialta an Lucht Siúil... do chuid smaointe chun:

  • Cuimsiú, comhphlé agus caidrimh a chothú idir an Lucht Siúil agus an pobal i gcoitinne.
  • Dul i ngleic leis an stiogma, an dochar, an t-idirdhealú, an ciníochas, an t-eisiamh sóisialta agus an creimeadh aitheantais a fhulaingíonn an Lucht Siúil.
  • A chinntiú go ndéantar tuairisciú cruinn agus cóir sna meáin.

An próiseas

Tá spéis ar leith ag Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid tuairimí agus/nó taithí na ndaoine seo a leanas a chloisteáil:

  1. An Lucht Siúil
  2. Eagraíochtaí neamhrialtasacha an Lucht Siúil, comhlachtaí comhionannais agus grúpaí na sochaí sibhialta
  3. Ranna Rialtais
  4. Comhlachtaí poiblí
  5. Eagraíochtaí neamhrialtasacha
  6. Ionadaithe Poiblí
  7. Comhlachtaí taighde agus institiúidí tríú leibhéal
  8. Saoránaigh phríobháideacha
  9. Na Meáin

Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste cuireadh a thabhairt d’fhinnéithe cur i láthair ó bhéal a dhéanamh do Chomhairliúchán Poiblí an tSeanaid in éisteachtaí poiblí.

Cuirfidh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid dréacht de thuarascáil ina mbeidh torthaí agus moltaí i dtoll a chéile agus foilseoidh sé í.

Nuair a bheidh a thuarascáil foilsithe aige, cuirfidh an Coiste na torthaí i láthair agus lorgóidh sé díospóireacht leis an Aire nó leis na hAirí ábhartha sa Seanad.

Aighneachtaí

Níor chóir d’aighneachtaí dul thar chúig leathanach agus ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a chur iontu:

  1. Ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin na heagraíochta nó an duine a rinne an aighneacht;
  2. Réamhrá gairid ag léiriú aon taithí, saineolas nó cúlra a d’fhéadfadh a bheith agat sa réimse seo;
  3. Faisnéis fhíorasach, breathnóireachtaí nó tuairimí a chreideann tusa a chuideoidh leis an gCoimisiún teacht ar chonclúidí;
  4. Athruithe a chreideann tú is gá a dhéanamh ar reachtaíocht nó ar bheartas poiblí.

Scaipfear aighneachtaí ar gach comhalta den Choiste agus d’fhéadfaí iad a fhoilsiú, go hiomlán nó i bpáirt, i dtuarascáil an Choiste agus/nó ar leathanach gréasáin an Choiste. Más fearr leat nach bhfoilseofaí d’aighneacht sa tuarascáil nó ar shuíomh gréasáin an Choiste, tabhair é sin le fios go soiléir.

Tá roinnt coinníollacha, atá leagtha amach thíos, i dtéarmaí tagartha Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid agus is iadsan a rialaíonn ábhar na n-aighneachtaí. Iarrtar ar rannpháirtithe smaoineamh orthu seo a leanas:

“Tá aighneacht inghlactha ach amháin sna cásanna seo a leanas –

(a) má iarrtar ar an Seanad aon rud a dhéanamh seachas thar mar tá cumhacht ag an Seanad a dhéanamh;
(b) mura gcloíonn sí le Buan-Orduithe nó nach bhfuil sí san fhoirm cheart ar shlí eile
(c) mura bhfuil aon ábhar eile ann atá sub judice de réir bhrí Bhuan-Ordú 47;
(d) má thugann sí tuairim, má cháineann sí nó má dhéanann sí cúisimh i gcoinne duine lasmuigh den Teach nó oifigigh, trína ainm nó trína hainm nó ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí inaitheanta;
(e) má úsáidtear teanga atá maslach nó clúmhillteach;
(f) má tá sí mar an gcéanna, nó i dtéarmaí comhchosúla tríd is tríd, le haighneacht a rinne an duine nó an comhlacht céanna nó a rinneadh ar a shon nó ar a son i rith shaolré an Choiste.”

Spriocdháta

Ní mór do Chléireach an Choiste na haighneachtaí a fháil tráth nach déanaí ná 4.00 pm Dé hAoine, 14 Meitheamh 2019.

Conas d'aighneacht a chur isteach

Seol d’aighneacht ar ríomhphost, i bhformáid Microsoft Word, chuig: seanadpublicconsult@oireachtas.ie.

Nó, féadfaidh tú d’aighneacht a chur sa phost chuig:

Bridget Doody,
Cléireach do Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid,
Oifig an tSeanaid,
Teach Laighean,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.

Déan teagmháil le

Treoirnóta:

Príobháideachas

Barr
Roinn