Achoimre
Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.
Cuireann an Coiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas fáilte roimh aighneachtaí scríofa ó gheallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara maidir le ciapadh ar líne, cumarsáidí dochracha agus cionta gaolmhara.
Cur síos ar an gcomhairliúchán
Is féidir doiciméad ar leith a fháil ag an nasc seo ina leagtar amach go mion liosta de na saincheisteanna féideartha ar mian leis an gCoiste dul i ngleic leo faoin gceannteideal leathan seo.
Mar achoimre, is mian leis an gCoiste scrúdú a dhéanamh ar chineál agus ar mhéid na bhfadhbanna ‘cibearbhulaíochta’, an chiaptha, na stalcaireachta, na pornagrafaíochta díoltais agus cineálacha eile cumarsáidí dochracha ar líne; an cleachtas is fearr ar líne le dul i ngleic leis na fadhbanna seo; cibé an é féinrialáil ar chumarsáidí dochracha ag na cuideachtaí meáin shóisialta an cur chuige is fearr; nó an bhfuil gá le dlíthe nua chun gníomhaíocht mar sin a chlúdach, agus cén chuma ba cheart a bheith ar na dlíthe sin.
Tosóidh an Coiste sraith éisteachtaí poiblí ar na saincheisteanna seo ar an 2 Deireadh Fómhair 2019, agus súil acu tuarascáil a fhoilsiú.
Spriocdháta
Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2019.
Conas d'aighneacht a chur isteach
Seol doiciméad leictreonach (PDF/MS Word nó a chomhionann) i ríomhphost chuig onlineharassment@oireachtas.ie..
Iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach, ní ghlacfar leo.
Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.
A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht
Ba chóir go mbeadh do dhoiciméad aighneachta i d’aighneacht mar aon le litir chumhdaigh ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála.
Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
- d'ainm, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
- má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
- achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta :
- réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
- aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
- naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
- aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
- má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht
Caithfear a bheith gonta agus uimhreacha a chur ar do leathanaigh.
Faisnéis thábhachtach
Féadfar gan glacadh le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.
Ní ghlacfar le haighneachtaí ó dhaoine nach dtugann a n-ainm agus diúltófar dóibh.
Ní ghlacfar le hachainíocha agus litreacha ginearálta ná ní fhoilseofar iad.
Féadfar aighneachtaí a dhéanfar chuig Coiste a fhoilsiú mar a fhaightear iad, mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.
Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.
Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le do dhoiciméad nuair a chuirtear isteach é, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.
An bhfuil treoir bhreise uait?
Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil, léigh an nóta treorach Aighneachtaí agus Cuir i Láthair a dhéanamh le Coistí Oireachtais thíos nó téigh i dteagmháil leis an gcléireach don Choiste.
Cléireach don Choiste
Damian Byrne
damian.byrne@oireachtas.ie
(01) 618 3899
An Coiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas
Ard-Rúnaíocht na gCoistí,
Seirbhís Thithe an Oireachtais,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 XR20