Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Iarrann an Comhchoiste um Ghnóthaí Míchumais aighneachtaí chun eolas a fháil ar eispéireas saoil daoine faoi mhíchumas mar bhonn eolais d’obair an Choiste sa todhchaí.

Achoimre

Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Míchumais aighneachtaí i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara nó ó dhaoine aonair maidir leis an eispéireas saoil a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas agus na saincheisteanna a théann i bhfeidhm orthu agus ar a dteaghlaigh agus/nó ar a gcúramóirí. Cuideoidh na haighneachtaí sin leis an gCoiste leis na nithe a gcaithfidh siad díriú orthu ina ról mar Choiste agus ina gcuid oibre amach anseo.

Cur síos ar an gcomhairliúchán

Cúlra

Bunaíodh an Coiste chun breithniú a dhéanamh ar gach ceist mhíchumais lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) a chur chun feidhme (in Éirinn) ach tá sé de chúram ar an gCoiste freisin a théarmaí tagartha féin, a threoróidh obair an Choiste don chuid eile dá théarma, a fhorbairt.

Toisc go bhfuil sé tábhachtach don Choiste ról fiúntach a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas nuair atá beartais agus reachtaíocht á bhforbairt, ba mhaith leis an gCoiste cloisteáil ó dhaoine faoin eispéireas saoil a bhí acu go dtí seo agus na rudaí a mheasann siad a chaithfear a chur san áireamh i dTéarmaí Tagartha an Choiste.

Cuirfidh na haighneachtaí a gheofar bonn eolais faoi Théarmaí Tagartha an Choiste ionas gur féidir leis an gCoiste oibriú ní hamháin chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas in Éirinn, ach chun an t-athrú córasach a éilíonn UNCRPD a bhaint amach agus chun a chinntiú go dtéann an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm ar shaol laethúil daoine faoi mhíchumas. Déanfaidh an Coiste a dhícheall an t-athrú córasach a theastaíonn a chinntiú, agus ar an gcaoi sin ní hamháin go gcinnteoidh sé go ndéanfar daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú go héifeachtach sa tsochaí, ach cinnteofar freisin gur féidir leis an tsochaí leanúint den lánpháirtiú i saol daoine faoi mhíchumas freisin.

Is é is aidhm do UNCRPD an t-athrú córasach agus an fhorbairt shóisialta sin a chumasú ar fud réimsí éagsúla den tsochaí ach a chinntiú nach gcaitear go difriúil ná go héagórach le daoine mar gheall ar a míchumas. Tugann sé breac-chuntas freisin ar a gcaithfidh tíortha a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil na cearta céanna ag daoine faoi mhíchumas agus atá ag gach duine eile.

Tabhair faoi deara gur comhairliúchán tosaigh é seo agus go mbeidh d’aighneacht mar bhonn eolais le Téarmaí Tagartha an Choiste agus go bhféadfadh an Coiste a chinneadh cuireadh a thabhairt do roinnt rannpháirtithe chuig éisteachtaí poiblí, má mheastar gur gá é sin a dhéanamh. Leanfaidh an Coiste den rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara i gcaitheamh thréimhse an Choiste agus cloisfidh sé faoi eispéireas saoil daoine faoi mhíchumas agus faoi na saincheisteanna a théann i bhfeidhm orthu agus ar a dteaghlaigh agus/nó ar a gcúramóirí.

Spriocdháta

Tá an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil sínithe go dtí 3pm, Dé hAoine, an 13 Samhain 2020.

Conas d'aighneacht a chur isteach

Seol doiciméad leictreonach (PDF inchuardaithe nó a chomhionann) i ríomhphost chuig disabilitymatters@oireachtas.ie..

Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach.

Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.

A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht

Ba chóir go mbeadh an doiciméad aighneachta san aighneacht mar aon le litir chumhdaigh ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála.

Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
  • d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
  • má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
  • achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
  • cuir in iúl cé acu atá tú sásta a bheith i láthair i seisiún poiblí ag cruinniú coiste nó nach bhfuil
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta:
  • réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
  • aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
  • naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
  • aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
  • má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht

Leideanna maidir le d'aighneacht a scríobh

Coinnigh d'aighneacht gonta agus ábhartha. Ná cuir san áireamh aon ábhar neamhriachtanach ná iomarcach nach mbaineann go díreach leis an topaic.

Má dhéanann tú tagairt d’fhoilseacháin eile, tabhair naisc chuig na foilseacháin sin freisin. Ní gá iad a sheoladh mar cheangaltáin.

Ná dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.

Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil maidir le d'aighneacht a scríobh, téigh i dteagmháil leis an gCléireach don Choiste, Regina Boyle.

Faisnéis thábhachtach

  • Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le nithe atá lasmuigh dá shainchúram.
  • Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le cásanna aonair.
  • Féadfar nach nglacfar le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.
  • Ní ghlacfar le haighneachtaí ó dhaoine nach dtugann a n-ainm agus diúltófar dóibh.
  • Ní ghlacfar le hachainíocha agus litreacha ginearálta ná ní fhoilseofar iad.
  • Féadfar aighneachtaí a dhéanfar chuig Coiste a fhoilsiú mar a fhaightear iad, mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.

 

Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.

Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le do dhoiciméad nuair a chuirtear isteach é, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.

Príobháideachas

Sula ndéanfaidh tú d’aighneacht, léigh ár ráiteas príobháideachais le do thoil.

Teagmháil:

An Cléireach don Choiste:
Regina Boyle
(01) 618 3575
regina boyle@oireachtas.ie

Déan teagmháil le

Treoirnóta:

Príobháideachas

Barr
Roinn