Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Iarrann an Coiste um Dhlí agus Ceart aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an mBille um Bás Dínitiúil, 2020.

Achoimre

Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.

Iarrann an Coiste um Dhlí agus Ceart aighneachtaí i scríbhinn ó ghrúpaí leasmhara nó ó dhaoine aonair maidir leis an mBille um Bás Dínitiúil, 2020. Déanfar breith ar na haighneachtaí seo mar chuid de ghrinnscrúdú an Choiste ar an mBille.

Cur síos ar an gcomhairliúchán

Is próiseas ar leith a tharlaíonn roimh Chéim an Choiste é grinnscrúdú an Choiste ar Bhille. Is é cuspóir ghrinnscrúdú an Choiste ná an Bille a mheas de réir beartais, ó thaobh an dlí agus an airgeadais de, d’fhonn a mholadh cibé acu ar cheart nó nár cheart don Bhille dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste.

Tugann an Coiste faoi ghrinnscrúdú i gcomhréir leis an gCreat um Ghrinnscrúdú Coiste ar BCPanna (Billí Comhaltaí Príobháideacha) a leagtar amach in Aguisín 1 thíos, lena n-áirítear measúnú ar fhreagraí ar 20 ceist shainiúil agus an bhaint atá acu leis an mBille. Ba cheart d’aighneachtaí i scríbhinn díriú ar fhorálacha an Bhille mar fhreagra ar an 20 ceist atá sa Chreat.

Tabhair faoi deara: Tá an Bille atá os a chomhair faoi láthair á mheas ag an gCoiste agus níl aon doiciméad eile á mheas.

Spriocdháta

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil 12 meán lae, Dé hAoine, an 29 Eanáir 2021.

Conas d'aighneacht a chur isteach

Seol doiciméad leictreonach (PDF inchuardaithe nó a chomhionann) i ríomhphost chuig dyingwithdignity@oireachtas.ie.

Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach.

Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.

A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht

Ba chóir go mbeadh an doiciméad aighneachta san aighneacht mar aon le litir chumhdaigh ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála.

Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
  • d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
  • má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
  • achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
  • a chur in iúl cibé an mbeifeá sásta a bheith i láthair i seisiún poiblí ag cruinniú Coiste nó nach mbeadh
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta:
  • réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
  • do thuairimí agus do thráchtaí ar gach cuid den Bhille de réir mar a bhaineann siad leis na ceisteanna a leagtar amach sa Chreat um Ghrinnscrúdú Coiste ar BCPanna (féach Aguisín 1)
  • aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
  • naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
  • aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
  • má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht

Ná dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.

Leideanna maidir le d'aighneacht a scríobh

Déan do dhoiciméad aighneachta a leagan amach ar shlí a léiríonn an Creat um Ghrinnscrúdú Coiste ar BCPanna (féach Aguisín 1).

Coinnigh d'aighneacht gonta agus ábhartha. Ná cuir san áireamh aon ábhar neamhriachtanach ná iomarcach nach mbaineann go díreach leis an topaic.

Má dhéanann tú tagairt d’fhoilseacháin eile, tabhair naisc chuig na foilseacháin sin freisin. Ní gá iad a sheoladh mar cheangaltáin.

Ná dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.

Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil maidir le d'aighneacht a scríobh, téigh i dteagmháil leis an gCléireach don Choiste, le do thoil.

Faisnéis thábhachtach

Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le nithe atá lasmuigh dá shainchúram.

Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le cásanna aonair.

Féadfar nach nglacfar le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.

Ní ghlacfar le haighneachtaí ó dhaoine nach dtugann a n-ainm agus diúltófar dóibh.

Ní ghlacfar le hachainíocha agus litreacha ginearálta ná ní fhoilseofar iad.

Féadfar aighneachtaí a dhéanfar chuig Coiste a fhoilsiú mar a fhaightear iad, mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.

Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.

Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le do dhoiciméad nuair a chuirtear isteach é, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.

Príobháideachas

Sula ndéanfaidh tú d’aighneacht, léigh ár ráiteas príobháideachais le do thoil.

Téigh i dteagmháil le

Cléireach don Choiste
Alan Guidon
(01) 618 3899
justice@oireachtas.ie


 

Aguisín 1

An Creat um Ghrinnscrúdú Coiste ar BCPanna

CUID A: Anailís Beartas agus Reachtaíochta

An ‘tsaincheist beartais’ agus comhthéacs an bheartais agus na reachtaíochta

1. Sainmhínigh an fhadhb/an saincheist beartais a bhfuil sé mar chuspóir ag an mBille dul i ngleic léi; cé mhéad airde a chaithfear a thabhairt di? Cé chomh holc agus atá an fhadhb agus cé na daoine a bhfuil tionchar aici orthu? Céard é an bunús fianaise don Bhille?

2. Céard é comhthéacs reatha an bheartais agus na reachtaíochta, lena n-áirítear an bhfuil aon Bhillí Rialtais atá beartaithe nó scéimeanna ginearálta a bhfuil sé mar chuspóir acu dul i ngleic leis an bhfadhb? An ndearnadh iarrachtaí cheana féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb trí reachtaíocht?

3. An bhfuil comhthéacs níos leithne AE/idirnáisiúnta ann?

Impleachtaí agus cur i bhfeidhm mholtaí an Bhille

Impleachtaí/cur i bhfeidhm an bheartais

4. An é cur chuige an Bhille an bealach is fearr chun dul i ngleic leis an tsaincheist beartais?

5. Cé na cuir chuige eile agus/nó bhreise bheartais, reachtaíochta agus neamhreachtaíochta a ndearnadh breith orthu, lena n-áirítear na cinn a mhol an Rialtas agus, de réir na fianaise, cé na difríochtaí atá eatarthu agus cé na buanna a bhaineann le gach ceann?

6. An bhfuil Billí ann a bhfuil an Rialtas ag déanamh urraíochta orthu (nó Scéimeanna Ginearálta) a bhaineann agus/nó a bhfuil sé mar aidhm leathan acu dul i ngleic leis an bhfadhb chéanna? An fiú iad a thabhairt le chéile?

7. Cé na himpleachtaí sainiúla beartais a bhaineann le gach moladh atá laistigh den Bhille (impleachtaí timpeallachta/eacnamaíocha/sóisialta/dlí)? Ar foilsíodh measúnacht tionchair (timpeallachta/eacnamaíoch/sóisialta/dlí) (ag an Rialtas nó ag tríú páirtí) maidir le gach moladh atá laistigh den Bhille?

8. An bhféadfadh iarmhairtí beartais nach raibh súil leo a bheith ag an mBille, mar atá dréachtaithe, sa chás go n-achtaítear é?

9. An ndearna an Coiste machnamh cuí ar thuairim an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) ar an mBille, más bainteach?

10. Conas a chuirfí an Bille i bhfeidhm, sa chás go n-achtaítear é?

11. An bhfuil táscairí feidhmíochta oiriúnacha ar féidir leis an Roinn, nó cibé duine a bheidh i gceannas ar an mBille a chur i bhfeidhm sa deireadh, a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann sé an cuspóir atá aige? An gcuireann sé córais athbhreithnithe fhoirmeálta san áireamh?

Measúnú ar Chostais

12. An mbeidh costais fhorfheidhmiúcháin nó chomhlíontachta i gceist?

13. Cé na costais airgeadais is dócha a bheidh ar chur i bhfeidhm na moltaí atá sa Bhille, agus céard é an tionchar fioscach iomlán is dócha a bheidh ar an státchiste?

14. Ar soláthraíodh/foilsíodh (ag an Rialtas nó ag tríú páirtí) anailísí costais is tairbhe (ACT) maidir le gach moladh atá laistigh den Bhille? An mbeidh tionchar níos mó ag sochair/costais ar ghrúpaí/geallsealbhóirí áirithe i gcomparáid le cinn eile?

 

CUID B - Anailís Dlí

15. An bhfuil an dréacht den BCP ag teacht leis an mBunreacht (lena n-áirítear tástáil ‘na bprionsabal agus na mbeartas’)?

16. An bhfuil an dréacht den BCP ag teacht le reachtaíocht an AE agus le reachtaíocht ar chearta daonna (ECHR)?

17. An bhfuil débhríocht sa dréachtú a bhféadfadh sé tarlú dá barr nach mbainfí cuspóirí na reachtaíochta amach agus/nó go mbeadh cásdlí ann amach anseo?

18. An bhfuil easnaimh thromchúiseacha dréachtaithe nó earráidí teicniúla dréachtaithe i gceist (e.g. tagairtí míchearta d’Achtanna etc.)?

19. An bhfuil aon iarmhairtí féideartha dlí nach raibh súil leo a d’fhéadfadh teacht ón BCP mar atá dréachtaithe?

20. An bhfuil socruithe oiriúnacha riaracháin agus dlí riachtanach do chomhlíontacht agus do chur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille atá san áireamh? (e.g. má tá dianchosc sa Bhille dréachtaithe, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na pionóis choiriúla riachtanacha - lena n-áirítear an cineál fíneála - san áireamh).

Déan teagmháil le

Treoirnóta:

Príobháideachas

Barr
Roinn