Beidh na hoifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna ag teacht isteach ar a 6 p.m. Thugamar cuireadh d'ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge ach ní raibh siad in ann teacht isteach inniu. Beidh siad ag teacht isteach lá éigin eile. Mar sin, beidh seisiún príobháideach againn chun déileáil le cúrsaí gnó.
Gnó an Choiste
Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag a 5.15 p.m. agus thosaigh sé arís i seisiún poiblí ag a 5.40 p.m.