Craoltóireacht Raidió agus an Ghaeilge: Plé

Táimid tosaithe anois agus gabhaim buíochas le gach duine atá i láthair agus leis an Seanadóir. Níl ag teastáil ach cúpla nóiméad chun tús a chur leis an gcruinniú. Céad míle fáilte go háirithe roimh Dr. John Walsh ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus roimh Dr. Rosemary Day ó Choláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Bhí na finnéithe os ár gcomhair bliain ó shin, an ea?

Dr. John Walsh

Bhíomar anseo ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine den bhliain seo.

Fáilte ar ais. Táimid ag tnúth le torthaí móra ar an taighde a rinneadh. I dtosach ba mhaith liom a rá go bhfuil leithscéal faighte agam ón Teachta Pat The Cope Gallagher mar ní féidir leis a bheith anseo inniu.

Maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh, tá ráiteas le léamh anois amach agam. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo, agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ní mór dom a rá go bhfuil sé i bhfad níos giorra i mBéarla ná i nGaeilge. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil sé chomh fada sin ach tá dualgas orm é a léamh amach. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir.

An féidir go mbeidh seans agam labhairt sa díospóireacht?

Iontach, a Sheanadóir. Táim buíoch díot.

Dr. Rosemary Day

Tosóidh mé agus gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn teacht ar ais. Níl ann nach seacht mí ó bhíomar os comhair an choiste roimhe seo. Dá bhrí sin níl mórán athraithe ar an gcaoi ar chuireamar romhainn an obair a dhéanamh nó an mhodheolaíocht nó ag an gcúlra, ach tá cúpla athrú beag dearfach ar mhaith linn a chur os comhair na baill. Tá súil agam go bhfuair an coiste trí leathanach uainn d’achoimre den mhéid atá le rá agam. Mura bhfuil sé ag an gcoiste, tá cóipeanna agam anseo maidir leo a dhéanfaidh an scéal níos éasca agus níos sciobtha.

Ó thaobh an taighde a rinneamar in 2017, bhí roinnt mhaith stáisiún nach raibh aon Ghaeilge á craoladh acu, ach nuair a chuamar ar ais chucu i mbliana, dúirt gach aon stáisiún go raibh roinnt Gaeilge á craoladh acu. Is toradh suntasach é sin, ní fheadar arb as a gcuid oibre féin nó ós rud é gur chuir an coiste cuireadh dúinn, ach tá daoine anois ar a n-airdeall maidir leis an nGaeilge agus tá feabhas éigin tagtha. Labhróidh Dr. Walsh níos mó faoi sin nuair a bheidh sé ag caint faoi na moltaí a eascraíonn as an obair a rinneamar. Táimid buíoch chomh maith do Chonradh na Gaeilge agus d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thug €2,000 dúinn chun go rabhamar in ann cúntóir taighde a fhostú i mbliana. Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach ó thaobh an obair a chur i gcrích.

Maidir le huaireanta craolta, ar an meán, tá trí huaire agus 12 nóiméad de ghnáth-aschur le fáil ar na stáisiúin uilig in Éirinn. Clúdaíonn sé sin RTÉ agus na cinn tráchtála neamhspleácha agus na cinn phobail. Nílimid ag breathnú ar leithéidí Raidió Rírá, Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta. Cé go bhfuil sé sin ábhairín níos mó ná mar a bhí, craoltar an chuid is mó de na cláir lasmuigh de na buaicamanna craolta, go háirithe na stáisiúin óige. Cé go molaimid go bhfuil an céatadán is mó Gaeilge á craobhscaoileadh acu sin, maidir le iRadio, ach go háirithe, craoltar iad sin ó 2 a.m. go dtí 6 a.m. Is dócha nach mbíonn an oiread sin de dhéagóirí ar chóir dóibh a bheith ag éisteacht le ceol ag an am sin. Glactar leis go mbíonn siad ina gcodladh. Nuair a thógtar iRadio as an meán, ciallaíonn sé sin go bhfuil níos lú againn. Cé go ndeirim arís go bhfuil na stáisiúin óige níos fearr ó thaobh na Gaeilge, tá na stáisiúin phobail san áireamh ansin freisin.

Tá Wired FM i mo choláiste féin chun tosaigh, agus Flirt FM ina bhfuil Dr. Walsh chun tosaigh freisin, comhtharlú mar a tharlaíonn sé.

Ó thaobh go leor de na cláir, áfach, ní cinn iad a dhéantar as an nua i gcás 12%. Tá stáisiún ar nós BEAT 102-103, Community Radio Youghal, Dundalk FM, Liffey Sound FM, Phoenix FM, Raidió Corca Baiscinn agus Ros FM, meascán iad siúd idir cinn phobail agus tráchtála a chraolann cláir a dhéantar in áiteanna eile. Beidh Dr. Walsh ag labhairt mar gheall air sin ó thaobh na moltaí de. Feictear dom nach bhfuil sé sin sách maith. Ba chóir go mbeadh pé clár a bheadh ag dul amach in aon teanga dhírithe ar na héisteoirí seachas gur gineadh é in áit éigin eile. Déanann formhór na stáisiún, caithfidh mé a rá, 50 as 57 díobh, a gcláir Ghaeilge nó dátheangacha iad féin, nó roinneann siad le stáisiúin atá gaolta leo. Tá go leor chains, mar a deirtear, anois ann, ar nós Spin Southwest agus Spin 103.8.

Mar a deirim, tá gach stáisiún ag maíomh anois go bhfuil Gaeilge acu, agus fáiltímid roimhe sin. Tá ceithre stáisiún tráchtála nach bhfuil aon chlár Gaeilge nó dátheangach acu. Níl acu ach na giotaí beaga sin na inserts seo a mhaireann 30 soicind nó nóiméad, agus is iad 98FM i mBaile Átha Cliath, C103 agus Cork's 96FM i gCorcaigh, agus ar ais go Baile Átha Cliath le Q102. Níl acu siúd ach giotaí beaga, trí nó ceithre bhabhta in aghaidh an lae, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil easnamh mór ansin.

An bhfuil siadsan ag rá go bhfuil Gaeilge ann?

Dr. Rosemary Day

B'shin an Ghaeilge atá acu.

Dr. Rosemary Day

Tá siad fós ag rá go ndéanfaidh siad iarracht le linn Sheachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig, go háirithe, ach nílimid buartha nó ag déanamh aon scéal nó úsáid acadúil as sin. Táimid ag caint ar ghnáthúsáid mar atá ag teastáil ó sheirbhís na meán cumarsáide má tá Gaeilge mhaith mar theanga chumarsáide ag daoine.

Dr. John Walsh

Mar shoiléiriú, níl aon chlár nach bhfuil faic acu. Tá an méid atá ag roinnt clár an-bheag ar fad agus thar a bheith teoranta. Is é sin cúpla nóiméad in aghaidh na seachtaine. Tá rud éigin ann mar go bhfuil soláthar de shórt éigin ag gach stáisiún. Tá éagsúlacht mhór i gceist sa soláthar sin ó cheann go chéile.

Dr. Rosemary Day

Tá éagsúlacht mhór ó thaobh caighdeán de freisin. Más rud é go dtagaimid go dtí beagnach an mhír anseo, baineann an mhórchuid le siamsaíocht i stíl na gclár agus na ngiotaí Gaeilge. Tá sé sin le feiceáil nó sonrach ó na teidil atá orthu: "Ceol agus Caint", "Craic agus Ceol", "Craic an Lae", "Aon Chraic". Níl mórán de fhreastal á dhéanamh ag stáisiún ar bith ar ghnáthriachtanais Gaeilgeoirí ná ar mhuintir na Gaeltachta nó ar dhaoine a labhraíonn Gaeilge go rialta nó sách rialta. Mar shampla ó thaobh cúrsaí nuachta agus soláthar nuachta de, craolann RTÉ Raidió 1 nuacht i nGaeilge gach aon lá. Craolann RTÉ Lyric giotaí gairide nuachta gach aon lá. Craolann RTÉ 2FM giotaí gairide nuachta ó Luan go hAoine. Níl nuacht laethúil Gaeilge le fáil ó aon stáisiún neamhspleách eile, bíodh sé ina stáisiún tráchtála nó pobail.

Is é an t-uafás is mó a fheicimid, i ndáiríre, agus an chúis bhuairimh is mó dúinn ná maidir leis na contaetha a bhfuil Gaeltacht iontu. Tá seacht gcinn de chontaetha a bhfuil stáisiúin ag freastal ar cheantair Ghaeltachta. I gCorcaigh, níl clár iomlán Gaeilge ag C103 i gCorcaigh. Tá ag stáisiún Red FM agus tá roinnt nó lear maith ag Spin Southwest atá ag freastal ar an óige. I gCiarraí tá trí huaire an chloig in aghaidh na seachtaine ag Radio Kerry, agus clúdaíonn Spin Southwest, atá go maith, naoi n-uaire an chloig don aos óg. Clúdaíonn sé sin Gaeltacht Chiarraí. I nGaillimh, tá feabhas mór tagtha ar Galway Bay FM. Ní raibh tada aige anuraidh agus i mbliana tá 1.5% den soláthar aige as Gaeilge. Mar a dúirt mé, tá go leor soláthair ag iRadio ach é i rith na hoíche. Maidir le Maigh Eo, tá trí huaire agus 15 nóiméad aige agus arís ag Midwest Radio, agus arís tá iRadio ar fáil ann freisin. I nDún na nGall, tá trí huaire agus breis agus leathuair a chloig ag Highland Radio ann. B'shin timpeall 2% den aschur seachtainiúil. Maidir le Ocean FM, tá níos lú ná 0.25 % d'achur i nGaeilge aige, is é sin níos lú na 1%. I gContae na Mí, tá 2.43 uair a chloig ag LMFM ansin. I bPort Láirge tá dhá stáisiún: WLR, ceann logánta, a bhfuil níos lú ná 0.25% aige, agus BEAT 103-104, a chraolann don aos óg, a bhfuil 2.7% aige.

Tá brón orm faoi na staitisticí ar fad a thabhairt amach chomh sciobtha sin, ach táim ag iarraidh dul ar aghaidh go dtí an méid a bheidh le rá ag Dr. Walsh faoi na rudaí a eascraíonn as seo agus na moltaí atá againn don choiste agus do ghrúpaí eile.

Dr. John Walsh

Tá go maith.

Gabhaim buíochas leis Dr. Day agus tá na sonraí go léir istigh anseo ar aon nós.

Dr. John Walsh

Labhróidh mise anois mar gheall ar na moltaí. Tá ceithre shaghas moltaí againn: moltaí a bhaineann leis an gcoiste, le lucht déanta dlí, agus leis na reachtóirí; cinn a bhaineann leis an rialtóir, Údarás Craolacháin na hÉireann; cinn a bhaineann leis na stáisiúin; agus cinn a bhaineann le pobal na Gaeilge agus le heagraíochtaí Gaeilge.

Ar dtús, táimid ag moladh gur cheart soiléiriú a dhéanamh ar na forálacha san Acht Craolacháin mar gheall ar chláir Ghaeilge ar stáisiúin raidió na tíre mar tá siad doiléir. Níl sé soiléir cad leis a bhfuiltear ag súil. Tá an t-eolas atá sa reachtaíocht doiléir agus míchruinn. Clúdaíonn alt 66(2) gnáth stáisiúin na tíre. Níl i gceist ansin ach go mbeadh aird ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar an nGaeilge nuair a bheidh ceadúnas á bhronnadh. Tá sé sin an-doiléir. In alt 66(3), tá aird le bheith ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar chur chun cinn agus ar bhuanú na Gaeilge mar theanga an phobail. Tá sé sin níos déine, ach mar sin féin, tá sé doiléir. Cad is brí le haird a bheith ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar na rudaí sin? D'fhéadfadh Údarás Craolacháin na hÉireann a rá go bhfuil aird aige air ach nach bhfuil aon rud trom dáiríre á éileamh aige. Tá gá le soiléiriú agus leasú sa reachtaíocht.

Is don rialtóir, Údarás Craolacháin na hÉireann, an dara mholadh. Caithfimid fáiltiú ar dtús roimh an bplean don Ghaeilge atá á réiteach ag Údarás Craolacháin na hÉireann, agus tá dréachtphlean gnímh foilsithe. Iarradh ormsa eolas nó freagra a chur chuige mar gheall air sin. Tá an plean á ullmhú agus beidh sé amuigh roimh dheireadh na bliana. Fáiltímid roimhe sin agus d'fhéadfaí cuid dár moltaí a chur san áireamh.

Táimid ag iarraidh, áfach, go ndéanfaí dhá rud go práinneach, is iad sin, an t-oifigeach Gaeilge - is é sin an post sin - agus an coiste comhairleach a bhíodh ann don Ghaeilge a athbhunú. Tá sé ráite ag cuid mhaith de na stáisiúin linn go mbíodh go leor tacaíochta acu deich mbliana ó shin nuair a bhíodh oifigeach Gaeilge ann, ach nuair a cuireadh deireadh leis an bpost sin, go bhfuil sé, ar shaghas éigin, caillte, go bhfuil níos mó tacaíochta ag teastáil uathu, agus go dteastaíonn oifigeach arís a dhéanfadh comhordú ar an rud.

Táimid ag rá freisin gur gá díriú ar chláir do dhaoine óga. Ag an am céanna, ó thaobh an dá shaghas éisteoir atá ann, is iad sin daoine líofa, bíodh siad sa Ghaeltacht nó in áiteanna eile, agus daoine a bhfuil cúpla focal acu agus atá báúil don teanga, ní féidir caitheamh leis an dá ghrúpa ar an tslí chéanna. Tá difríochtaí idir an dá ghrúpa, is iad sin an mórphobal atá báúil agus fabhrach agus an mionlach atá líofa, agus is gá freastal orthu ar shlite éagsúla.

Is é an tríú moladh atá againn, agus is do na stáisiúin atá sé, agus luaigh Dr. Day é cheana, ná gur cheart go mbeadh sprioc ag gach stáisiún cláir dá chuid féin a dhéanamh seachas a bheith ag athchraoladh nó ag athchúrsáil cláir ó áiteanna eile. Ba cheart go mbeadh na cláir oiriúnach dá n-éisteoirí. Is gá sprioc éigin a leagan síos maidir le níos mó cláir a bheith á gcraoladh ann le linn buaicamanna nó ar laghad nach mbeadh cláir ag dul amach i lár na hoíche amháin. Cuirimid an cheist an bhfuil gá le cuóta sa reachtaíocht maidir leis na stáisiúin Ghaeltachta. Tuigimid go mbeadh deacrachtaí praiticiúla lena leithéid agus is dóigh linn gur cheart é sin a phlé.

Ar deireadh, tá moladh againn do na heagraíochtaí Gaeilge agus do phobal na Gaeilge, agus meabhraímid don choiste gur baineadh amach na héachtaí móra ó thaobh na meáin chumarsáide sa Ghaeilge mar thoradh ar fheachtais. Bhí feachtas ann ar son Raidió na Gaeltachta, ar son Raidió na Life agus ar son TG4. Teastaíonn feachtas anois, dar linn, ó thaobh na Gaeilge i gcúrsaí craoltóireachta trí chéile, go háirithe sa raidió mar atá déanta againne.

Mar sin, is gá do na heagraíochtaí stocaireacht a dhéanamh go leanúnach chun an sprioc seo a bhaint amach. Is gá do na heagraíochtaí agus don phobal na stáisiúin a spreagadh nuair a dhéanann siad go maith. Uaireanta déanann siad go maith. Tá samplaí againn do chláir den scoth in áiteanna. Is gá tógáil air sin.

Is tionscnamh fadtéarmach é, mar a dúramar. Tá súil againn leanúint ar aghaidh leis an dtríú céim má fhaighimid maoiniú chuige. Taighde cáilíochtúil a bheadh ann sa tríú céim den taighde. Beimid ag dul isteach sna stáisiúin agus a bheith ag labhairt le bainisteoirí agus le craoltóirí chun féachaint cad iad na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le craoltóireacht trí mheán na Gaelainne. Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na baill.

Gabhaim míle buíochas le Dr. Walsh agus Dr. Day. Ní féidir moltaí níos soiléire a bheith curtha os ár gcomhair. Beidh ceisteanna anois ó na baill ach, ar dtús, an gcuirfidh na finnéithe an taighde seo i gcomhthéacs? Seo é a ndara uair os ár gcomhair. Ar eagla na heagla go bhfuil dearmad déanta againn nó ag na daoine atá ag éisteacht, an bhféadfaí an taighde a chur i gcomhthéacs?

Dr. John Walsh

Thuigeamar go raibh na forálacha agus an reachtaíocht ann agus go raibh rudaí mar gheall ar an nGaelainn doiléir sa reachtaíocht, ach ní raibh aon eolas cuimsitheach iomlán againn mar gheall ar cad go díreach a bhí ar siúl. Mar sin, shocraíomar anuraidh go dtosóimis ag dul tríd gach aon stáisiúin sa tír, ceann ar cheann, chun a fháil amach cad go díreach a bhí ar siúl acu. Ní raibh sé furasta teacht ar an eolas seo. Ba dheacair é. Fuaireamar ráta freagartha 90% anuraidh ach fuaireamar ráta freagartha 100% i mbliana, is dócha de bharr na poiblíochta a fuaireamar i mí na Bealtaine. Ní raibh cuid de na stáisiúin sásta leis an bpoiblíocht toisc nach raibh siad sásta leis an léiriú a thug sé orthu féin ná toisc gur léirigh sé go raibh easnaimh ann. Tá sé neamhchoitianta in aon taighde freagra iomlán 100% a fháil. Clúdaíonn an taighde a bhaineann le 2018 an tréimhse ó Eanáir go dtí an tsamhraidh. Is féidir linn a rá go bhfuil sé an-chruinn ar fad, go bhfuil an t-eolas iomlán ann, agus go bhfuil gach aon stáisiún i gceist. B'shin an spreagadh a bhí againn - an bhearna san eolas a líonadh.

Dr. Rosemary Day

Táimid ag déanamh aighneacht chomh maith mar gur bhraitheamar go pearsanta mar Ghaeilgeoirí nach raibh dóthain Gaeilge ar na haerthonnta ach ní rabhamar in ann é a chruthú. Chuireamar romhainn é sin a chruthú agus tá sé cruthaithe againn anois faoi dhó. Tá rudaí ag teacht as an taighde a dhéanamh an dara huair a thugann dóchas beag dúinn. Toisc an phoiblíocht a tháinig i ndiaidh an chéad tuairisc a fhoilsiú, tá gach aon stáisiún anois ag caint ar an nGaeilge a chur ar a sceideal. Tá siad ag déanamh iarrachta agus tá siad sásta muid a fhreagairt, rud nach raibh fíor sa chéad áit. Is é an léamh atá againn air ná go gciallaíonn sé sin nach raibh na stáisiúin leisciúil nó naimhdeach ó thaobh na Gaeilge, ach nár cuireadh aon cheist fúithi orthu le beagnach 30 bliain. Nuair a eisíodh na ceadúnais an chéad lá in 1988, bhí naoi stáisiún ar an aer. Bhí siad ag déanamh iarrachta níos fearr ag an am. Tá sé fós sna conarthaí atá acu go ngeallann siad céard a dhéanfaidh siad ó thaobh na Gaeilge de, ach nuair nach raibh éinne ag teacht ar ais chucu agus ag cur ceist faoin easpa Gaeilge ar an raidió nó ag rá gur b'fhearr leo níos mó nó gur maith an rud é Gaeilge a chloisteáil ar na haerthonnta, d'fhág siad go Raidió na Gaeltachta agus leithéidí Raidió na Life é. Dar linn, níl sé sin sách maith. Ceann de na moltaí a bhí againn agus a phléamar an uair dheireanach a bhíomar os comhair an choiste ná moladh a bhí ag an Teachta Peadar Tóibín faoi Acht nua a chumadh.

Moladh eile a bhí ag an gcoiste dúinn a bhíomar thar a bheith sásta leis ná go mbunófar stáisiún nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an óige. Ó shin, bhíomar ag caint le go leor daoine mar gheall air sin, ní mar thaighde ach ag caint faoi mar smaoineamh. Gabhaim buíochas leis an Ollamh Máirín Nic Eoin ó Dhroim Conrach. Chuir sí os ár gcomhair, agus bhí an ceart aici, go bhfuil an t-aos óg ag imeacht ón raidió agus ón teilifís go mór. Is dóigh linn go bhfuil an deis anois againn seanmheáin leithéidí an raidió a bhunú, ach go mbeadh sé níos mó ná sin. Bheadh an locus, an institiúid, nó an eagraíocht raidió ann agus, mar atá á dhéanamh ag gach aon stáisiún raidió agus teilifíse faoi láthair, go mbeadh sé ar an Idirlíon, ar Twitter, ar Snapchat nó ar pé rud a thiocfaidh i ndiaidh na rudaí sin, mar tá sé ag athrú ó bhliain go bliain. Bheadh treise agus neart ann dá mbunófar an stáisiún raidió go dleathach agus i gceart, leis an maoiniú a theastaíonn, chun guth na n-óg le cloisteáil. D'fhéadfaí tógáil air sin. Níl an raidió chun imeacht amach is amach, ach tá sé ag athrú. Tá an t-aos óg imithe cuid mhaith go stáisiúin cheoil ar nós iRadio agus Spin FM, mar a fheicimid, ach go hardáin eile chomh maith. Is gá dúinn a bheith airdeallach faoi sin chomh maith.

Táimid ag tógáil ar na moltaí agus ag caint le daoine mar gheall ar cad is féidir a bhaint amach, ach teastaíonn cabhair ó ceithre réimse. Ba chóir go mbeadh, más féidir in aon chóir, na baill, mar achtóirí, ag leasú an Achta nó ag dréachtú Acht nua. Ba chóir go mbeadh an rialtóir, Údarás Craolacháin na hÉireann - is ball mé den údarás sin - ag obair air. Tá an dréachtphlean don Ghaeilge le foilsiú againn roimh an Nollaig. Tá an dréacht agam anseo agus tá rudaí maithe ann. Mar a dúirt Dr. Walsh, tá pobal na Gaeilge tábhachtach maidir leis na stáisiúin. Mura bhfuil an t-éileamh ag teacht ón bpobal sin, ní fiú aon rud a chur ar fáil. Ba rud maith é dá mbeadh na ceithre réimse ag teacht le chéile ag áitimh agus ag iarraidh rud éigin fíormhaith a bhunú ar bhonn ceart, íoctha, agus Stáit, seachas ar bhonn deonach mar atá á dhéanamh go minic.

Gabhaim buíochas le Dr. Walsh agus Dr. Day. Ní raibh mé anseo nuair a bhí siad os comhair an choiste roimhe. Tá éacht déanta acu. Is trua liom na torthaí ach d'aithin mé an méid atá iontu thar na blianta. Conas is féidir linn pobal na Gaeilge a ghríosú chun éileamh a dhéanamh ar chraoltóireacht as Gaeilge? Is ceann de na fadhbanna é sin. Mar a dúirt Dr. Walsh, mura bhfuilimid á lorg agus mura bhfuil feachtas ann, ní thiocfaidh sé. Chonaic muid thar na blianta gur éirigh le feachtais. Bhí an méid a dúirt Dr. Day spéisiúil. Dúirt sí nach bhfuil naimhdeas ann sna stáisiúin seo agus gur cheap siad go raibh siad ag déanamh a ndícheall.

B'fhéidir go bhfuil mearbhall orm mar nílim ach ag tabhairt sracfhéachaint air sin. Tá 168 uair an chloig sa tseachtain. Bhí mé ag féachaint ar an méid Gaeilge atá ar stáisiúin raidió RTÉ. Tá sé scannalach amach is amach go bhfuil níos lú uaire orthu ná ar na stáisiúin eile. Glacann muidne i gcoitinne go bhfuil róil bhreise ag stáisiúin an Stáit chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is léiriú é seo go bhfuil ag teip ar RTÉ. Mura bhfuil eagraíocht a bhfuil smacht éigin ag an Stát air sásta an Ghaeilge a chur chun cinn, beimid ag tromaíocht ar na stáisiúin eile. Ba chóir an dá rud a dhéanamh. Is figiúr scannalach é sin.

Conas a oibríonn na finnéithe amach an líon Gaeilge atá ar chlár? Níl ann i roinnt chlár raidió ach ceol. Idir amhráin bíonn focal nó dhó faoin gceol. Bheadh stáisiún ag rá go bhfuil clár Gaeilge acu ach b'fhéidir nach bhfuil ach deich n-abairt nó 20 abairt ann. Bheadh cláir eile ann ar a mbeadh díospóireachtaí ann. Bheadh uair an chloig ceart de chomhrá as Gaeilge orthu siúd. Níl mé ag tromaíocht ar na cláir sin. Ar a laghad tá siad ann. Tá díospóireacht ann ó thaobh an cheoil. Bíonn cur i láthair na gcairteacha as Gaeilge ar cheann de na stáisiúin is mó a éistim leis. Bíonn sé iontach é a chloisteáil mar ní chuireann sé amach nó isteach ar na daoine óga má bhíonn sé as Gaeilge nó as Béarla. Níl siad ach ag éisteacht leis an gceol.

Glacaim leis go dtagann na figiúirí sin ó na stáisiúin féin.

Bheadh sé beagnach dodhéanta figiúirí eile a bhailiú. Insíonn na stáisiúin gurb é sin an méid atá á dhéanamh acu. Tá sé go maith go bhfuil an oiread sin sásta é a admháil cé chomh beag is atá sé nó cé chomh mór is a shíleann siadsan go bhfuil sé. Luaigh Dr. Walsh an dara céim agus an tríú céim. Cad go díreach a bheadh i gceist sa tríú céim? Cén costas a ghabhfaidh leis? Cén acmhainní breise a bheadh á dteastáil chun é sin a dhéanamh? Fágfaidh mé ansin é. Más gá, tiocfaidh mé ar ais.

Dr. John Walsh

Gabhaim buíochas leis an Teachta as a cheisteanna. Labhróidh mé ar an dtríú ceist ar dtús. An rud a bhí i gceist againn leis an dtríú céim ná, seachas níos mó staitisticí a bhailiú, mar ní dóigh liom go mbeadh aon athrú orthu, dul isteach san oiread de na stáisiúin agus is féidir, nó b'fhéidir i roinnt stáisiún samplacha ó gach aon earnáil - an earnáil phobail, an earnáil tráchtála, agus an earnáil seirbhíse poiblí - chun labhairt le bainisteoirí, craoltóirí agus na daoine atá i gceannas chun féachaint cad iad na deacrachtaí a chaíonn siad ó thaobh sholáthar clár Gaeilge. Labhair muid leo ar fad agus ghlacamar nótaí de na comhráite. Ba é an rud a tharla ar an bhfón go minic ná go raibh frustrachas le brath. Bhí daoine beagáinín caillte. Bhraitheamar go raibh daoine a rabhamar ag plé leo dearfach tríd is tríd, ach ní raibh treoir ná tacaíocht acu. Mar sin ba mhaith liom a fháil amach cén tacaíocht go díreach a theastaíonn. Bainfidh an taighde sin le dul isteach ag labhairt.

Maidir leis na hacmhainní a theastaíonn, is deacair praghas a chur air ach teastaíonn cúntóir taighde. Bhí cúntóir againn, Dr. Philip Fogarty. Tá a ainm ar chlúdach na tuarascála. Bhí sé ag cabhrú linn, ach toisc go raibh an tacaíocht a fuaireamar thar a bheith beag agus an-teoranta ar fad, ní raibh sé againn ach tamaillín beag.

Dr. Rosemary Day

Más féidir liom cur leis sin, bhí an chéad cheist a chuir an Teachta maidir le conas a bhí a fhios againn cén cineál clár a bhí i gceist. Bhí sé an-doiléir agus nílimid in ann a mhaíomh go bhfuilimid cruinn ó thaobh sin de mar ní rabhamar in ann ach dul chuig na suímh Idirlín an chéad lá agus ansin a scríobh chuig gach aon stáisiúin le cad a chonaic muid ar a sceideal agus a fhiafraí an raibh sé sin fíor. Tháinig siad ar ais ag rá go raibh breis acu, go raibh sé seo agus sé siúd acu. Ní raibh d'acmhainn againn éisteacht le gach aon stáisiún. Nílimid ag rá sa tuairisc, ná sa cheann ó anuraidh ach oiread, go bhfuil a fhios againn nuair a deirimid go bhfuil cláir dhátheangach ann. Táimid ag glacadh leis an rud a dúirt na stáisiúin linn.

Díreach mar a dúirt an Teachta, tá an-difríocht idir a leithéid de chlár atá ag Near FM i dtuaisceart na cathrach, ar a bhfuil "Ar Muin na Muice", clár irise ar a bhfuil go leor cainte, ag dul amach go laethúil, agus leithéidí na gcairteanna agus an cheoil a bhíonn á gcur amach i rith na hoíche ar a bhfuil duine ag rá "agus anois beidh" idir traiceanna. Is féidir linn a rá ó bheith ag breathnú ar na suímh Idirlín agus ón aschur a fuaireamar ó na stáisiúin nach bhfuil mórán de na cláir dhíospóireachta sin ar siúl. Níl mórán cláir fhaisnéise ach oiread. Ní dóigh liom go bhfuaireamar aon cheann leanúnach. Níl aon cheann infheistíochta nó nuachta ann. Níl aon drámaíocht ar siúl. Níl aon rud a bhfuil téagar ag baint leis. B'fhéidir go mbaineann sé sin leis an aois atá againn ar fad sa seomra, ach ag an am céanna níl mórán cainte i gceist. Bíonn na teidil ar nós "Ceol agus Craic" agus "Caint agus Craic". Bíonn dlúthbhaint ag na cláir le ceol traidisiúnta. Níl tada againn in aghaidh ceoil thraidisiúnta, is breá liom féin é, ach is steiréitíopa cultúrtha é sin. Samhlaítear an Ghaeilge leis an seanaimsir nó le cleachtais cultúrtha ar nós spórt agus ceoil de chineál faoi leith. Ní mbraitear gur teanga bheo í an teanga agus go bhfuil sé de cheart ag daoine gach riachtanas cumarsáide a chomhlíonadh ar na haerthonnta mar atá ag Béarlóirí. Is chuige sin atáimid i ndáiríre.

Dr. John Walsh

Aithnímid chomh maith go bhfuil fadhb le cláir RTÉ. Caithfidh an coiste labhairt leis ach is cosúil go bhfuil RTÉ ag féachaint ar Raidió na Gaeltachta agus an uair an chloig a bhfuil siad in ainm is a bheith ag tabhairt do TG4 mar chomhlíonadh a ndualgas. Ní dhéanann RTÉ Radio 1 aon bhunchlár bunúsach níos mó. Tá an nuacht aige agus ansin uair an chloig de chláir Raidió na Gaeltachta a théann amach oíche dé Sathairn. Sin uair amháin in aghaidh na seachtaine. Bhí tráth ann nuair a bhíodh níos mó ar Raidió 1. Caímid an titim sin go leanúnach. Nuair a bunaíodh na meáin iomlán Gaeilge, ar nós Raidió na Gaeltachta agus TG4, tháinig titim ar sheirbhísí eile RTÉ. Tá na forálacha seo san áit in ainm is a bheith ag cinntiú go bhfanfaidh an Ghaelainn i gcluasa agus i súile an phobail go ginearálta seachas a bheith imeallaithe i sainsheirbhísí speisialta. Ba chóir go mbeidh láithreacht agus áit aici fós i ngnáthsheirbhísí na tíre a n-éistíonn an chuid is mó den phobal leo. Bímis macánta, níl mórán lucht éisteachta ná lucht féachana ag Raidió na Gaeltachta ná ag TG4 dá fheabhas iad. Mar sin, is dóigh liom go bhfuil ceisteanna le cur cinnte. Tá forálacha eile a bhaineann le RTÉ atá níos déine. Tá sé in ainm is a bheith ag déanamh an-chuid rudaí. Tá freagracht níos mó air ó thaobh an dlí ná mar atá ar na stáisiúin tráchtála agus phobail. Mar sin is cinnte go bhfuil ceist anseo.

Dr. Rosemary Day

Chomh maith leis sin, d'fhoilsigh RTÉ plean nó straitéis don Ghaeilge thart ar trí bliana ó shin. Ní fheicimid an toradh sa taighde a dheineamar féin. N'fheadar an bhfuil pleananna fós á ndéanamh nó an bhfuil obair á déanamh nár chualamar faoi fós, ach tuigimid go bhfuil an té a bhí i mbun na hoibre sin agus i mbun an phlean sin aistrithe siar go Gaillimh do réimse eile uile in Údarás na Gaeltachta. B'fhiú an cheist a chur, cé mhéad daoine atá ag obair in RTÉ ar chláir Ghaeilge a thionscnaimh agus a chraoladh ar na trí stáisiúin raidió Béarla atá aige. Ní mhaith liom é sin a rá ach tá sé ráite agam le stáisiúin Béarla agus Gaeilge. Cé mhéad daoine atá ag obair ann? An bhfuil siad ag cloí leis an straitéis? An bhfuil an straitéis sin á chur i gcríoch acu? Cé atá freagrach as? Déarfainn go mbeadh toradh suntasach as sin.

Dr. John Walsh

Chomh maith, tá taighde nach bhfuil déanta againn ach gur fiú é a dhéanamh. Tá forálacha nó míreanna sa reachtaíocht a chlúdaíonn seirbhísí teilifíse. Is fiú go mór ceisteanna a chur mar gheall air sin chomh maith mar tá dualgais ar chraoltóirí teilifíse chomh maith. Dár ndóigh tá TG4 ann, ach tá RTÉ agus Virgin Media ann chomh maith. Tá dualgais ar sheirbhísí teilifíse atá ag craoladh in Éirinn faoi alt 70 den Acht Craolacháin 2009. Níl an taighde seo déanta againn ach bheadh sé suimiúil an cheist sin a fhiosrú.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as filleadh ar ais anseo agus as an eolas breise. Táim chun dul ar treo ábhairín difriúil más féidir. Tá an-chuid eolais bailithe ag na finnéithe ó shin. Tá sé go hiontach a chloisteáil go bhfuil Gaolainn ar gach stáisiún. Sin an píosa dearfach. Tuigim ó na finnéithe go bhfuil na leibhéil an-éagsúil. Tá conarthaí difriúla nó ceadúnais difriúla ag na comhlachtaí seo. An bhfuil riachtanais difriúla sna conarthaí sin maidir le Gaolainn a chur ar fáil? An bhfuil a fhios ag na finnéithe an bhfuil na comhlachtaí ag comhlíonadh na riachtanais sin atá leaghta síos dóibh anois nuair atá Gaolainn éigin á cur ar fáil acu? An tic sa bhosca amháin é? An bhfuil éinne fós ag sárú na riachtanais sin?

Tá roinnt chlár agus stáisiún éagsúla luaite ag Dr. Walsh agus Dr. Day. An bhfuil aon stáisiún ag seasamh amach mar dhea-shampla a bhfuil iarracht faoi leith á déanamh aige? B'fhéidir go bhféadfaimis féachaint i dtreo a leithéide. Má tá a leithéid de shampla ann, cad go díreach atá ar siúl aige? Tuigim go raibh na finnéithe i dteagmháil leis na stáisiúin éagsúla go léir, b'fhéidir ar an teileafóin nó b'fhéidir gur thug siad cuairt orthu.

Le linn na teagmhála sin, an raibh na finnéithe ag fiafraí orthu mar gheall ar an bplean a bhí acu chun cúrsaí Gaolainne a chur chun cinn nó ag iarraidh a fháil amach cad é go díreach an bhunlíne anois?

An rud is tábhachtaí ná go gcaithfear éileamh a bheith ann ón bpobal, agus tá sé soiléir go bhfuil na Gaeilgeoirí ann, go bhfuilimid scaipthe ar fud na tíre agus go bhfuil an margadh ann. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe conas a bhfuil na comhlachtaí sin ag tomhas an margadh? Má táimid chun brú a chur orthu, cá bhfuil na cnaipí chun brú? An bhfuil siad ag fanacht le daoine chun glaoch isteach chun greim a fháil air, mar a deirtear, nó an bhfuil siad ag breathnú ar an census chun tuairim a fháil ar cad é líon na nGaeilgeoirí sa cheantar? Ar labhair na finnéithe leo mar gheall air sin?

Ba mhaith liom soiléireacht a fháil mar gheall ar oifigeach Gaolainn a bheith ar fáil. Cén eagraíocht a luadh na finnéithe mar gheall air sin?

Dr. Rosemary Day

Tá go leor ceisteanna ansin agus tá súil agam go bhfreagróidh mé iad ar fad, agus mura bhfreagraíonn, cuir meabhrú orm arís mar bhí mé ag iarraidh nótaí a ghlacadh.

Tagraím do na gealltanais a thugann gach stáisiún faoin Ghaeilge agus an fhreagracht atá orthu. Athraíonn sé sin ó stáisiún go stáisiún, agus is sin rud ar chóir a bheith ar eolas agam sular thosaigh mé ar an obair, ach chuir sé ionadh orm gur mar sin atá. Cuireann stáisiún isteach ar cheadúnas agus má éiríonn leo, socraíonn siad conradh idir iad féin agus an coiste a bhronnann conarthaí ar stáisiúin, an tÚdarás Craolacháin na hÉireann. Bíonn dréachtchonradh ansin agus geallann an stáisiún cad a dhéanfaidh sé ó thaobh cúrsaí nuachta, ó thaobh ceol na hÉireann agus ó thaobh cúrsaí teanga de. Tá cuóta i gceist ó thaobh nuacht, cúrsaí reatha agus ceol a chumtar nó a chastar in Éirinn, ach níl aon chuóta ann don Ghaeilge. Na chinn is sine, chonaic mé go raibh níos mó á ofráil acu. Cé nach bhfuil sé seo scagtha go cruinn agam, tá obair tosaithe agam air. Bhreathnaigh mé ar na conarthaí ar fad agus ar an ráiteas faoin nGaeilge a rinne gach stáisiún. Is ansin a dúirt go leor acu go raibh rudaí níos fearr blianta ó shin ach go bhfáilteoidís roimh oifigeach forbartha Gaeilge a bhíodh ann agus roimh an chomhchoiste agus go bheidís sásta comhoibriú le hÚdarás Craolacháin na hÉireann dá mbeadh aon scéal eile ann.

Ní raibh siad ag cur an milleán ar Údarás Craolacháin na hÉireann ach ag rá go ndéanfaidís níos mó dá bhfaighidís cabhair. Braitheann sé go hiomlán ar an stáisiún féin. Níl aon rud sa reachtaíocht a leagan amach an méid is gá-----

An é sin le rá leis na conarthaí éagsúla atá ann go gcuirfidís rud éigin fuzzy síos faoi céard a chuirfidís ar fáil nó an bhfuil uimhir, líne nó rud cinnte ann sna conarthaí?

Dr. Rosemary Day

Ní luann siad cé mhéad uaireanta, ach ar an mórchuid deir siad go ndéanfaidh siad cláir a chraoladh agus go ndéanfaidh siad cláir dátheangacha agus cláir a bheidh siamsaíocht ag baint leo agus mar sin de. Is féidir le hÚdarás Craolacháin na hÉireann monatóireacht a dhéanamh air sin agus go bliantúil tagann na figiúirí ar ais faoin méid a deir na stáisiúin a dhéanann siad. Tá ráiteas sa dréachtphlean ag Údarás Craolacháin na hÉireann go bhfuil sé chun an monatóireacht seo a dhéanamh ar chúrsaí na Gaeilge agus go bhfeicfidh sé cé chomh maith atá ag éirí leis an bplean agus an bhfuil aon éifeacht aige ar na stáisiúin.

Ar bhealach, tugann sé seo freagra ar an gceist dheireanach a chuir an Teachta mar gheall ar an oifigeach Gaeilge a bhíodh ann. Ag dul siar go 1998, bhí tionscnamh an-mhaith ag Foras na Gaeilge, nó Bord na Gaeilge a bhí ann ag an am, agus ag an Independent Radio and Television Commission, IRTC, mar a bhí ann ag an am, agus idir an dá eagras, d'íoc siad as oifigeach Gaeilge a fhostú ar feadh bliain go leith nó dhá bhliain. Rinne an bhean a bhí i mbun, Lisa Ní Choisdealbha, sár obair ag caint leis na bainisteoirí agus na craoltóirí. Chuir siad cúrsaí traenála ar siúl agus d'eagraigh siad cúpla seisiún nuair a tháinig craoltóirí le chéile chun smaointí a phlé agus chun a bheith níos cruthaitheach. In eascairt an post mar oifigeach Gaeilge, tháinig an comhchoiste a bhunaíodh an t-am sin. Thóg Foras na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann mar a bhí ann ag an am, na heagrais Gaeilge le chéile, is iad sin Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Glór na nGael, Conradh na Gaeilge agus cúpla grúpa eile ar nós Raidió na Life. Mar a tharla, bhí mise ar an gcoiste cé nár chuimhin liom go díreach cén fáth. Ceann de na rudaí is mó a bhrú muid chun cinn ná go mbeadh duine ann seachas coiste. Tá coiste go maith ach bíonn obair eile le déanamh ag gach aon bhall den choiste. Dá mbeadh duine buan ceaptha, bheinn an-sásta.

Chuir an Teachta ceist ag fiafraí ar chuireamar aon cheist faoi phlean. Ní hé nár rith sé linn ach, faraor, ní raibh d'acmhainn againn ná an t-am againn é a dhéanamh. Táimid ag iarraidh tabhairt faoin taighde don bhliain seo chugainn agus bhíomar ag smaoineamh ar trí chuid a bheith sa taighde. Ba mhaith linn an comhaireamh a dhéanamh arís agus é a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir le go bheimis in ann a rá bliain in aghaidh bliana go bhfuil cúrsaí níos fearr. Tá súil agam go mbeimid in ann é sin a rá arís fad agus atá a fhios ag daoine sa stáisiún go bhfuil duine éigin ag faire orthu agus ag cur na ceisteanna.

An rud is spéisiúla a luaigh Dr. Walsh ná agallamh a dhéanamh ar bhainisteoirí agus ar chraoltóirí agus dá bhféadfaimis é sin a dhéanamh ar bhonn sách leathan, d'fhéadfaimis labhairt faoi phlean. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom go mbeadh roinnt éisteachta le déanamh ar na cláir le go bheimis in ann a rá go raibh caint sa chlár, seachas just ainm dátheangach a bheith air.

Tagraím don cheist ag fiafraí an mbeadh an comhchoiste athbhunaithe le hoifigeach Gaeilge ann. B'fhéidir go bhféadfaimis comhoibriú leis an gcoiste agus leis an duine sin, go bhféadfaimis oibriú leis na stáisiúin chun plean forbartha a leagan amach i gcomhpháirtíocht leo, agus go bhféadfadh an t-oifigeach seo nó oifigigh dul timpeall na tíre agus cabhrú leo. Níl sé chomh deacair sin daoine cainteach a fháil i measc Gaeilgeoirí. Níor bhuail mé le mórán Gaeilgeoirí riamh nach raibh go leor le rá acu, agus i gcás cúrsaí raidió, feicim go bhfuil go leor daoine ag iarraidh dul ar an aer. Caithfidh siad bealaí níos cruthaitheach a fháil chun iad a mhealladh agus caithfear an fháilte a bheith rompu sa stáisiún. Caithfimid an gort sin a réiteach le go bhféadfaimis é a threabhadh.

Dr. John Walsh

Ba mhaith liom cur leis sin. Ceann de na teachtaireachtaí ba mhó a tháinig ar ais arís agus arís eile ná easpa eolais na mbainisteoirí. Bheidís ag fiafraí cá rachaidís agus cá bhfaighidís na Gaeilgeoirí. Níor rith sé leo dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí Gaolainne nó labhairt le Conradh na Gaeilge, fiú i stáisiún i gcontaetha ina bhfuil craobhacha gníomhacha den chonradh. Mar shampla, i dTiobraid Árann, tá áras ag Conradh na Gaeilge ar an Aonach agus tá áras i Luimneach. Tá na gréasáin seo ar fud na tíre agus bhí comhpháirtíochtaí ann san am a caitheadh ar an raidió. Bhíodh Gael Linn ag déanamh an-chuid cláir do RTÉ Raidió 1, mar shampla, cláir quiz agus stairiúil. D'fhéadfaí comhpháirtíochtaí a bhunú arís idir eagraíochtaí na Gaolainne. Tá Gaelscoileanna ar an meánleibhéal agus an bunleibhéal i ngach contae ar fud na tíre agus d'fhéadfaí rudaí a dhéanamh i bpáirt leo sin. Tá go leor deiseanna ann.

Cuireadh ceist orm mar gheall ar an tomhas ar an margadh. Ní dhéanann siad aon tomhas ar an margadh mar ní thuigeann siad an margadh. Ní thuigeann siad go bhfuil dhá shaghas éisteoirí ann, an duine le cúpla focal atá báúil agus an cainteoir líofa, bíodh sé sa Ghaeltacht nó in áit eile. Táimid ag rá go bhféadfadh an t-oifigeach Gaolainne cabhrú leis na stáisiúin an tuiscint sin a fhorbairt ionas go dtuigfidís go bhfuil dhá shaghas éisteoirí le freastal orthu agus na slite ina bhféadfaidís é a dhéanamh.

Bhí ceist eile mar gheall ar na samplaí maithe de cláir. Tá roinnt dea-shamplaí ann. Ritheann cúpla sampla liom ach níl mé ag rá gur seo iad an t-iomlán.

Mar shampla tá "Ar Muin na Muice" ar Near FM i mBaile Átha Cliath, clár laethúil i nGaolainn, "Splanc" ar Newstalk, clár seachtainiúil de dhá uair an chloig oíche Dé hAoine, agus "Caint Chiarraí" ar Radio Kerry gur clár irise é le meascán de cheol ann. Tá rudaí cruthaitheach ar siúl ag Flirt FM i nGaillimh agus ag Wired FM i Luimneach chomh maith. I gcéim a trí, ba mhaith linn staidéar a dhéanamh ar na dea-shamplaí seo in áiteanna éagsúla ar fud na tíre chun féachaint cad a oibríonn in áit amháin agus cad nach n-oibríonn in áit eile dá mbeadh na hacmhainní againn.

Luaigh Dr. Walsh roinnt de na cláir a oibríonn go maith. D'fhéadfaí liosta dóibh a chur chuig na stáisiúin eile ag rá leo éisteacht leis na cláir sin mar ní éisteann siad lena chéile. Uaireanta mura bhfaigheann stáisiún duais don chlár ag deireadh na bliana, ní chloiseann na stáisiúin eile é agus ní bhíonn siad ag smaoineamh faoi conas a d'fhéadfaidís an duais sin a bhuacaint.

Dúirt mé gur scannal an méid a bhí ag RTÉ, ach an scannal eile atá sna nótaí a fuaireamar ó na finnéithe roimhe seo ná líon na stáisiún atá ag craoladh sa Ghaeltacht agus cé chomh beag agus atá an céatadán chraoladh Gaeilge iontu. Is scannal mór é sin, go háirithe nuair atá aitheanta againn cheana féin go bhfuil géarchéim sna Gaeltachtaí. Má tá 2% nó 0.25% den chraoladh trí Ghaeilge, is scannal mór é sin. Tá dualgas orainne ach go háirithe iad sin a phoibliú, ach mura bhfuil aon duine ag tabhairt preabadh dóibh chun a mhalairt a dhéanamh, leanfaidh siad leis, agus tá sé sin déanta acu, mar a dúirt na finnéithe. Níl an t-ualach sin orainn amháin ach tá sé ar na héisteoirí chomh maith, mar tá siad sásta glacadh leis.

Feicim líon na bhfógraí atá trí Ghaeilge. Tá a fhios agam go mbíonn fógraí as Gaeilge i rith Seachtain na Gaeilge, ach anois agus arís feicim fógraí ar an teilifís trí Ghaeilge agus bíonn sé spéisiúil. Is cuimhin liom go mbíodh feachtas ag Bord na Gaeilge ag moladh do RTÉ agus do chomhlachtaí fógraíocht a dhéanamh as Gaeilge agus gur éirigh le fógraíocht as Gaeilge. Mar chuid den taighde agus den obair amach anseo, b'fhéidir go bhféadfaí é a mholadh do dhuine éigin an feachtas sin a dhéanamh arís agus a rá go n-oibríonn fógraíocht trí Ghaeilge in Éirinn. Ní chaithfear é a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge. Is féidir leis a bheith dátheangach agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé sin le spéis a chruthú sa stáisiún féin. D'fhéadfaimis lacáiste a thabhairt do chomhlachtaí atá sásta fógraíocht a chur isteach as Gaeilge chun iad a mhealladh.

Labhair Dr. Walsh faoi chláir atá déanta lasmuigh agus atá díolta nó urraithe. Tarlaíonn sé sin i TG4, mar shampla. Go hiondúil ní TG4 a dhéanann iad ach a thugann an struchtúr craolacháin dóibh. Má éistear lena lán cláir i mBaile Átha Cliath, ach go háirithe an nuacht, roinntear giotaí den nuacht as Béarla idir timpeall 20 stáisiún sa tír agus d'fhéadfadh an rud céanna a dhéanamh trí Ghaeilge, ach amháin go n-éireoimis braon de a bheith ag éisteacht leis an gclár céanna ag amanna difriúla ar stáisiúin dhifriúla timpeall na tíre. Mar a dúirt Dr. Walsh faoi Ghael Linn, d'fhéadfaí quiz deich nóiméad a bheith ar fáil ar airgead cuibheasach éasca dá mbeadh sé á dhéanamh do deich stáisiún timpeall na tíre. Is sin ceann de na féidearthachtaí amach anseo a d'fhéadfaimis a mholadh don earnáil phríobháideach, go ndéanfadh duine éigin cláir a chur le chéile agus iad a dhíol do na stáisiúin trádálacha.

Dírigh Dr. Walsh ar an todhchaí ag deireadh an cur i láthair. Bhí mé ag comhdháil mo pháirtí le déanaí agus bhí daoine ann ag caint faoi na hearnálacha nua, an tIdirlíon, na hardáin nua agus an t-athrú atá ann maidir leis na daoine óga. Tá sé deacair orainne a thuiscint uaireanta cé chomh suntasach agus atá an t-athrú sin. Ní gá ach féachaint ar dhéagóirí agus iad ag féachaint ar an teilifís mar tá siad ar an bhfón an t-am ar fad. Níl an teilifís nó aon rud eile ach ar siúl sa chúlra agus níl siad ag díriú uirthi in aon chor. An fiú stáisiún nua a bhunú? An leathnú é sin ar an gceadúnas atá ag stáisiúin atá ann agus atá beo iontu féin? Conas is féidir ceadúnas a thabhairt dóibh nó moladh a thabhairt dóibh díriú isteach ar na hardáin nua ar nós an Idirlín nó pé ardán atá á úsáid ag daoine óga?

Dr. John Walsh

Freagróidh mé an chéad dá cheist faoin nGaeltacht agus faoi na fógraí. Is léir go bhfuil fadhb ann maidir leis an nGaeltacht. Is dócha gur cheart cuimhneamh arís ar an am a ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Labhair sé go minic mar gheall ar spiorad na reachtaíochta agus cad a bhí in aigne ag na daoine a chuir an reachtaíocht le chéile. An tuiscint a bhí aige ón gcuid seo den reachtaíocht a bhaineann leis an nGaolainn ná go raibh sé mar aidhm aige nach mbeadh an Gaolainn ar an imeall ach go mbeadh láithreacht aici i ngnáth sheirbhísí na tíre agus go mbeadh an chuid is mó de phobal na tíre ag éisteacht leo.

Chomh maith leis sin, caithfear smaoineamh ar an méid atá in alt 66(3), gur cheart go mbeadh aird ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar chur chun cinn agus ar mhúineadh na Gaolainne mar theanga an phobail sa Ghaeltacht agus ceadúnas á bhronnadh aige ar stáisiúin raidió. Ní féidir a rá go bhfuil an Gaolainn á chur chun cinn mar theanga an phobail sa Ghaeltacht ag seirbhís go bhfuil níos lú na 3% de na huaireanta an chloig de chraolachán i gceist léi. Ní féidir argóint a dhéanamh ar aon slí go bhfuil an teanga á chur chun cinn mar theanga an phobail sa Ghaeltacht.

Leis an gceart a thabhairt do na stáisiúin, áfach, tá conarthaí déanta acu le hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus tá siad ag feidhmiú laistigh de chonradh dleathach. Mar sin, baineann an fhadhb leis an reachtaíocht a bheith doiléir agus lag. Go dtí go rachfar i ngleic leis an ndoiléire sin sa reachtaíocht, ní féidir aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh, ach tá sé casta má thugtar cuóta isteach. An é sin an tslí is fearr chun é a dhéanamh? Déarfaidh na stáisiúin ar ndóigh gur chomhlachtaí príobháideacha tráchtála iad, go bhfuil brú ar an raidió toisc an iomaíocht ó na meáin shóisialta, agus labhróidh Dr. Day mar gheall air sin go luath, agus is léir mar sin go mbeidh na stáisiúin ag cur i gcoinne aon chuóta a bheith ann. Mar sin féin, caithfear teacht ar shlí éigin chun spiorad na reachtaíochta sin a chur i bhfeidhm, is é sin, cur le buanú na Gaolainne mar theanga an phobail, mar tá an-chuid taighde againn a léiríonn go bhfuil brú mór ar an nGaeltacht mar cheantar labhartha Gaolainne. Caithfear dul i ngleic leis ar shlí éigin, agus bheadh suim agam tuairimí bhaill an choiste a chloisteáil.

Tagraím do na fógraí. Tá mír sa reachtaíocht, b'fhéidir san Acht Airgeadais nó san Acht Craolacháin, ach bhí scéimeanna ann cheana chun lacáiste 33% a thabhairt d'fhógróirí dá mbeadh fógraí acu i nGaolainn ar RTÉ. Tá sé sin sa reachtaíocht cheana agus baintear úsáid as ó am go chéile. B'fhéidir gur cailleadh deis nuair a bunaíodh TG4 tionscadal fógraíochta Gaolainne a bhunú, mar tá an chuid is mó de na fógraí ar TG4 i mBéarla ach ní fhágann sin nach bhféadfadh oifigeach Gaeilge, dá mbeadh an duine sin ann arís, fógraíocht i nGaolainne a spreagadh nó go bhféadfaí teacht ar scéim éigin leis na stáisiúin tráchtála chun lacáiste a thabhairt do dhaoine a bheadh ag glacadh fógraí i nGaolainn. Tá fasach sa reachtaíocht cheana den lacáiste sin agus d'fhéadfaí é sin a leathnú. Labhróidh Dr. Day anois faoi todhchaí an raidió agus ar an gceist a cuireadh.

Dr. Rosemary Day

Ionas go bhfuil crystal ball agam agus go mbeidh mé in ann é a fheiceáil. Ó mo thaithí féin mar léachtóir ag déileáil le daoine óga, aontaím go hiomlán leis an Teachta. Bíonn siad ar fad ag breathnú ar an dara scáileán, fiú le linn léachtaí. Deirtear liom go mbíonn siad in ann an dá rud, nó b'fhéidir trí rud, a dhéanamh. Ba bhreá liom a bheith in ann a rá go bhféadfaimis eagras nó comhlacht éigin a bhunú do na meáin shóisialta, ach faoi láthair níl aon reachtaíocht in Éirinn, san Eoraip nó ar domhain a rialaíonn na meáin dhigiteacha. Teastaíonn sé sin mar níl muid ag iarraidh a bheith ag feidhmiú go neamhdhleathach. Táimid ag iarraidh go mbeadh rud á dhéanamh ag reachtóirí na tíre agus go dtiocfadh sé seo ón mbarr agus ón mbun. Sin é an cur chuige atá againn.

Go dtí go mbeadh an chumhacht ag na baill den choiste mar Theachtaí agus mar Sheanadóirí, nó go dtí go mbeadh Acht ann a thabharfaidh faoi rialú de shaghas éigin a dhéanamh ar na meáin dhigiteacha, rud nach bhfuil anois ann, b'fhiú go mór brú ar aghaidh leis an iarratas nó iarracht a dhéanamh ar stáisiún raidió don óige a bhunú. Feictear dom gur gá dúinn a bheith cruthaitheach faoi seo. Is féidir é a dhéanamh tríd an rialtóir agus tríd an reachtaíocht lag atá againn. Is féidir stáisiún a thionscnamh as sin. Is féidir rud níos mó na stáisiún raidió a dhéanamh as chomh maith. Tá an reachtaíocht ann gur féidir ceadúnas a thabhairt do leithéidí stáisiún raidió ach is féidir a bheith ag súil go bhfásfaidh an páiste seo, an entity seo, ag am éiginnte agus go mbeidh ní amháin cumarsáid ar na meáin dhigiteacha á dhéanamh ag lucht na n-óg agus sa stáisiún, mar a dhéantar i ngach aon stáisiún raidió maith faoi láthair, ach go mbeidh sé chun tosaigh ag breathnú ar an todhchaí agus ar úsáid na meáin dhigiteacha amach anseo.

Mar a dúirt mé, níl a fhios agam céard iad na meáin áirithe a bheidh ann. Tá Facebook imithe ón aoisghrúpa sin uile. Ní ghlacann sé leis a thuilleadh. Is é ár n-aoisghrúpa a úsáideann é. Tá Snapchat ag imeacht i léig faoi láthair. Tá Instagram chun tosaigh. Céard a thiocfaidh ina dhiaidh? Níl a fhios againn. Bheadh an oifig agus an bhainistíocht istigh i stáisiún don óige in ann tógáil air sin. A luaithe agus a thagann dréacht na reachtaíochta, d'fhéadfaidís cur leis an díospóireacht agus, níos tábhachtaí, athrú ó stáisiún raidió amháin go - níl an t-ainm agam i mBéarla ná i nGaeilge - eagras do na meáin Ghaeilge. Bheadh multimedia nó conversions ar siúl i ngach aon áit agus bheadh eagras nó comhlacht ann a d'fhéadfadh a bheith ag obair ar an bhforbairt sin. Níl an locus sin againn faoi láthair. Tharlódh sé go bheimis ar chúl go mór. Nuair a thiocfaidh reachtaíocht san Eoraip agus, i ndiaidh sin, in Éirinn faoi na meáin dhigiteacha, beidh rud éigin ann agus beidh an Ghaeilge fágtha ar lár arís mar ní bheidh aon eagras á brú chun tosaigh. Ní bheidh aon ghuth ag an óige. B'fhearr liom dá mbunófaí stáisiún raidió dírithe ar an óige gur féidir tógáil air don todhchaí nach n-aithnímid agus a bheidh ag athrú i gcónaí. An bhfuil sé sin soiléir?

Tuigim. Aontaím le Dr. Day.

Dr. John Walsh

Is saghas moil dhigitigh nó digital hub atá i gceist leis seo, ach an stáisiún a bheith ann istigh ina lár. D'aithneodh an stáisiún na meáin chumarsáide eile atá ann. Tá sé an-riachtanach go dtabharfadh eagraíochtaí na Gaolainne aird ar an gceist seo mar tá na meáin níos cumhachtaí ná mar a bhíodar riamh. Tá an oiread sin tionchar acu orainn. Mairimid ár saol níos mó agus níos mó trí na meáin dhigiteacha. Tá an raidió fite fuaite leis sin. Níl an raidió marbh. Tá sé ag athrú agus ag claochlú laistigh den réabhlóid dhigiteach seo. Caithfidh lucht na Gaolainne a bheith páirteach sa díospóireacht seo. Tá athruithe móra ag teacht.

Dr. Rosemary Day

Caithfidh na heagraíochtaí ceannasaíocht a thógáil chomh maith, mar a thógadar sna feachtais a bhunaigh TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life an chéad lá. Mholfainn MOLSCÉAL agus BLOC atá ag TG4 faoi láthair. Is samplaí iad sin de na rudaí gur féidir leis na meáin a dhéanamh chun dul i ngleic leis an óige trí Ghaeilge sa pháirc chéanna ina bhfuil an óige ag gríosú agus á feidhmiú iad féin. Dá mbeadh teach, comhlacht nó eagras bunaithe againn tríd an iarracht seo atá á dhéanamh againn ón taighde, agus tríd an aighneacht a thiocfaidh as is dócha, agus dá mbeadh na ceithre réimse a luamar ag brú chun an rud céanna a bhunú, d'fhéadfaimis tosú le stáisiún raidió. Ansin bheadh an guth sin ag an óige agus d'fhéadfaimis tógáil air sin amach anseo.

Tá na ceisteanna go léir curtha i ndáiríre ach tá cúpla agam. An bhfuil samplaí i dtíortha eile, mar shampla, an Bhreatain Bheag? An bhfuil reachtaíocht níos láidre ansin? Cuirfidh mé na ceisteanna agus ansin is féidir leis na finnéithe iad a fhreagairt.

Is maith an rud go bhfuil méadú ar líon na gclár atá ar Galway Bay FM. Is rud dearfach é sin. Tá sé ráite go bhfuil an reachtaíocht lag. Tá ról dúinn mar pholaiteoirí ansin. Ní mór dúinn breathnú air sin.

Dúradh go bhfuil an t-údarás craolacháin ag déanamh a dhícheall. Is dócha go bhfuil sé beagáinín lag ó thaobh monatóireachta. Tá a fhios agam go bhfuil an reachtaíocht lag ach tá dualgais faoi leith ar an údarás. De réir mar a fheicim tá teipthe ag an údarás. B'fhéidir go bhfuilim mícheart. Táim ag tagairt do mhonatóireacht maidir le ceadúnais. B'fhéidir go bhfuil sé deacair do Dr. Day é sin a fhreagairt, ach b'fhéidir go mbeidh Dr. Walsh in ann díriú isteach ar an gceist seo. Tá dualgais ar an údarás. Tá na ceadúnais á dtabhairt amach aige. Níl na stáisiúin raidió ag comhlíonadh a gcuid dualgas de réir mar a fheicim. Sin rud amháin.

Is maith an rud é go bhfuil plean gníomhaíochta le foilsiú. An bhfuil dréachtphlean réitithe?

Dr. Rosemary Day

Tá.

Tá sin go maith. Tá muidne ar an gcoiste seo agus an tUasal Diarmaid Breathnach i mbun oibre agus tá dréachtphlean réitithe maidir leis an ábhar seo. Tá an méid taighde atá déanta ag na finnéithe cabhrach dúinn. Tá ceist dheireanach agam. Cárbh as a dtagann an maoiniú don taighde? An mbeidh Dr. Day agus Dr. Walsh in ann leanúint ar aghaidh leis an dtríú céim den taighde? An bhfuil sé sin socraithe?

Dr. John Walsh

Dar ndóigh, is léachtóirí lánaimseartha sinn. Bítear ag súil leis go ndéanaimid taighde mar chuid dár ndualgais laethúla ach tá an chuid dualgas laethúil orainn. De ghnáth má bhíonn aon rud réasúnta mór mar seo ag teastáil, lorgaíonn an léachtóir deontas ó eagraíocht sheachtrach. Tá iarrachtaí déanta agamsa maoiniú a fháil ón údarás craolacháin agus ón gComhairle um Thaighde in Éirinn. Níor éirigh liom ach bíonn an-iomaíocht i gceist. Leanfaimid ar aghaidh ag déanamh iarrachta. Ní theastaíonn mórán maoinithe chun taighde mar seo a dhéanamh. Nílimid ag ceannach trealaimh mar a dhéanann na heolaithe. Tá taighde sna heolaíochtaí sóisialta i bhfad níos saoire. Mar sin, dhéanfadh beagán maoinithe an-difríocht dúinn. D'fhéadfaimis cúntóir taighde agus a leithéid a cheannach.

Dr. Rosemary Day

Ní raibh aon airgead againn in aon chor an chéad bhliain. Sinn féin a dhein an obair uile. Bhí sé sin dian mar bhí bearnaí ó thaobh ama de. Thosaíomar i mí Eanáir agus faoin am a thosaigh an tseimeastar múinteoireachta arís, bhí orainn rudaí a fhágáil ar leataobh agus teacht ar ais chucu sna laethanta saoire. I mbliana bhí sé d'ádh ag Dr. Walsh €1,000 a fháil ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus €1,000 a fháil ó Chonradh na Gaeilge toisc Bliain na Gaeilge a bheith ann. Chuidigh an €2,000 sin go mór linn chun an cúntóir taighde, Dr. Philip Fogarty, a fhostú. Ba eisean a chruinnigh na huimhreacha agus an t-eolas ar fad dúinn. Chabhraigh sé sin go mór dúinn. Ní fheadar an bhfaighimid aon airgead an bhliain seo chugainn. Táimid sásta leanúint ar aghaidh leis an obair. Teastaíonn uainn i bhfad níos mó a dhéanamh ach braitheann sé ar chúrsaí ama agus airgid.

Táimid ag caint faoi phinginí. Ba chóir go mbeadh ceann de na heagrais Stáit atá airgead acu teacht suas le pinginí den sórt sin, ná níos mó, chun cur leis an obair.

Dúirt Dr. Day go raibh €2,000 ann chun cuidiú leis an obair anuraidh. Tá éacht déanta aici agus ag Dr. Walsh leis an méid a cuireadh faoinár mbráid. Ba chóir go mbeadh leithéidí Fhoras na Gaeilge nó dream éigin mar sin in ann teacht suas le cúpla míle euro chun cuidiú leis an gcéad chéim eile mar tá sé chomh tábhachtach sin. Is gá dúinn é a dhéanamh anois seachas fanacht.

Dr. Rosemary Day

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ba mhór an cúnamh é sin. D'fhéadfaimis níos mó a dhéanamh leis.

Dr. John Walsh

Rinneamar iarracht teacht ar airgead ó eagraíochtaí poiblí ach níor éirigh linn. Nílimid ag iarraidh an béal bocht a chur orainn féin ach oiread. Leanfaidh an taighde ar aghaidh ach beidh sé níos moille agus-----

Dr. Rosemary Day

Níos lú.

Dr. John Walsh

-----beidh an scóip níos cúinge. Chun ceist an Chathaoirligh mar gheall ar an mBreatain Bheag a fhreagairt, tá an Bhreatnais i bhfad níos treise ar na stáisiúin logánta agus phobail sa Bhreatain Bheag ach níl aon chéatadán ná cuóta leagtha síos. Go ginearálta, caithfidh taighde idirnáisiúnta a dhéanamh ar na ceisteanna seo ach, de réir mar a thuigim, i gcomhthéacsanna eile ní leagtar síos cuóta go minic. Ní hé sin le rá nár chóir go mbeadh cuóta ann. Chabhródh sé go cinnte dá mbeadh soiléireacht éigin i gceist.

Luann an Cathaoirleach nach bhfuil na stáisiúin ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Tá siad ag comhlíonadh téarmaí na conarthaí atá acu le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Mura gcomhlíonfaí na téarmaí, bhainfí den aer iad. Bhí sampla nó dhó ann le 30 bliain anuas de stáisiún a baineadh den aer toisc go raibh a chonradh á shárú aige.

Dr. Rosemary Day

Níor baineadh de réir cúrsaí Gaeilge. Níl an oiread sin airdeall á dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge.

Dr. John Walsh

Is dóigh liom go gcaithfear an cheist a chur conas a chuireann na conarthaí a aontaíodh leis na stáisiúin Ghaeltachta leis an nGaolainn mar theanga an phobail ins na Gaeltachtaí. Is é sin atá luaite in alt 66(3) den Acht Craolacháin 2009. Is ceist í seo don údarás craolacháin. B'fhéidir gurb í sin an áit a bhfuil an cheist le cur. Mar is eol don Chathaoirleach, is féidir reachtaíocht a bhrú agus is féidir an tuiscint ná míniú atá ar an reachtaíocht a fhorbairt. Is féidir rudaí a dhéanamh laistigh de laincisí na reachtaíochta chomh maith.

I gcomhthéacs na straitéise 20 bliain, i gcomhthéacs an ráiteas Gaeilge 2006, agus i spiorad an rud uile, ní dóigh liom ach go bhfuil míniú amháin ann. Is é sin gan an Ghaeilge a imeallú ach é a normalú. Sin an teachtaireacht atá ag léim amach as na cáipéisí sin. Ba chóir an Ghaeilge a normalú tríd an gcóras uile. A mhalairt atá i gceist.

Dr. Rosemary Day

Tá lán an chirt ag an gCathaoirleach. Chun teacht ar ais chuig an rud sin maidir leis na conarthaí, níl i gceist ach go ndeir an stáisiún céard ba mhaith leis a dhéanamh agus go n-aontaíonn an coiste um dheonú conartha leis an méid atá á ofráil ag an stáisiún. Dá mbeadh cultúr níos réamhghníomhaí ann maidir leis an nGaeilge in Údarás Craolacháin na hÉireann, agus dá mbeadh brú ag teacht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge le go mbeadh cultúr níos réamhghníomhaí ann ó thaobh cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge ar na haerthonnta, bheadh na stáisiúin ag tairiscint níos mó agus iad ag scríobh an chonartha. Is iad na stáisiúin a scríobhann an conradh i ndáiríre. Bíonn orthu 20% den am a chaitheamh ar nuacht agus cúrsaí reatha agus caithfidh go n-eascraíonn 20% den cheol a sheinntear in Éirinn. Níl a leithéid ann don Ghaeilge. Dá mbeadh an cultúr níos dearfaí agus níos réamhghníomhaí, chabhródh sé.

Chomh maith leis sin, luaigh an Cathaoirleach monatóireacht. Tá sé de dhualgas ar Údarás Craolacháin na hÉireann monatóireacht a dhéanamh. Níl sé sásúil go líonann gach stáisiún isteach tábla ag rá go ndearna sé an méid seo ná an méid siúd.

Tá féinmheasúnú i gceist ag an Dr. Day.

Dr. Rosemary Day

Tá. Ba chóir go n-éistfeadh foireann san údarás craolacháin le samplaí ó na stáisiúin. Sa dréachtphlean admhaíonn an t-údarás nach leor é sin. Glacaim leis go dtabharfaidh an coiste cuireadh don údarás teacht isteach nó go labhróidh sé leis an gcoiste ar bhealach éigin. Beidh an feidhmeannas in ann é seo a chur faoi bhráid an choiste. Mar bhall den údarás tá cead agam a rá go bhfuil sé ag iarraidh níos mó monatóireachta a dhéanamh. B'fhéidir go bhfostófaí daoine ón taobh amuigh chun é sin a dhéanamh mar tá easpa acmhainní ann. Ní dóigh liom go bhfuil easpa spéise ná go bhfuil aon diúltacht le brath san údarás, ach tá sé faoi bhrú uafásach. Tá níos mó freagrachtaí ar an údarás anois ná mar a bhí air nuair a bhí an Broadcasting Commission of Ireland, BCI, ann. Tá níos mó arís air ó bunaíodh an Independent Radio and Television Commission, IRTC, ach níl níos mó d'fhoireann aige. Teastaíonn tuilleadh foirne agus daoine nua a fhostú.

Tuigim. Tá sé cabhrach dúinn é sin a shoiléiriú. Táimid in ann díriú isteach ar rudaí ansin. Tá sé níos éasca nuair atá rudaí níos soiléire.

Dr. John Walsh

Más féidir liom é a shoiléiriú, gan aon leasú reachtaíocht táim den tuairim láidir go bhféadfadh an t-údarás craolacháin cur chuige níos réamhghníomhaí agus níos fearr a bheith aige chun spiorad na reachtaíochta a chur i bhfeidhm.

Sin an rud a rith liom agus mé ag éisteacht leis na finnéithe.

Dr. John Walsh

Is dóigh liom go gcabhródh sé go mór dá leasófaí an reachtaíocht ach is féidir rudaí a dhéanamh fiú laistigh den reachtaíocht reatha. Chuir mé aighneacht isteach chuig an údarás craolacháin mar chuid den chomhairliúchán ar an dréachtstraitéis um sheirbhísí craolacháin le déanaí. Ba mise duine den chúigear a chuir aighneachtaí isteach a bhain leis an nGaolainn. An freagra a tugadh dom - níor tugadh é domsa go pearsanta ach ba léir gur mise a bhí á fhreagairt - ná nach bhféadfaidh an t-údarás glacadh le cuid de na moltaí a bhí déanta agam toisc go rabhadar ag sárú laincisí an Achta agus na reachtaíochta. Ní aontaím leis sin. Is dóigh liom gur féidir a bheith cruthaitheach laistigh de na laincisí reachtaíochta atá ann faoi láthair. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh ar an gcéad dul síos, ach ar an dara dul síos teastaíonn leasú reachtaíochta chun an cás seo a dhéanamh níos soiléire.

Rinne mé dearmad go bhfuil toscaireacht eile ag fanacht taobh amuigh den doras. Tá an locht ormsa. Gabhaim míle buíochas le Dr. Day agus Dr. Walsh. Táimid fíorbhuíoch dóibh. Mar atá ráite agam, bhí sé an-chabhrach.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.25 p.m. agus cuireadh tús arís leis ar 5.30 p.m.