Gabhaim leithscéal thar ceann Áine Ní Éanaigh a bhí le bheith in aice liom inniu. Cé go bhfuair mé cuireadh labhairt leis an gcoiste thar ceann Cluiche.ie, oibrím le Glór na nGael. Chaith mé na deich mbliana dheireanacha de m'fhostaíocht le Glór na nGael, ag obair le Siopaudar.ie ag forbairt cluichí éagsúla chomh maith le cluiche de mo chuid féin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo.
Is í Áine riarthóir Siopaudar.ie agus d’fhág sé cúpla nóta faoi chomh maith. Is mise leas-cheannasaí agus bainisteoir for-rochtana le Glór na nGael. Táimid ina dhiaidh tréimhse fada a chaitheamh ag forbairt idir leabhair agus cluichí, ábhair nach ábhair fhoirmiúil iad. Ní fhoilsímid úrscéalta nó leabhair thaighde, cé go bhfuil cúpla leabhar foilsithe againn ar phleanáil teanga agus tacaíocht do ghrúpaí. Is do theaghlaigh, do dhaoine óga, ábhair spraoi agus a leithéidí na hábhair atá á bhfoilsiú againn. Chomh maith leis sin, foilsímid cluichí. Labhair an t-ionadaí ón Leabharlann Náisiúnta faoi leabhair agus foilseacháin. Labhair Aidan Courtney faoi grafaic agus coimicí. Is i mboscaí seachas i bhfoirm leabhair a thagann cuid mhaith den stuif a dhéanaimid. Déanaimid cluichí bunaithe ar úsáid fhocail, ar nós Dingbats agus Puzzle as Gaeilge. Le cúpla bliain anuas, thosaigh muid ag obair as Gaeilge ar na hainmneacha móra idirnáisiúnta cosúil le Scrabble, Cluedo agus Monopoly. Rinneamar na cluichí éagsúla sin faoi cheadúnas ó na húinéirí. Tá siad déanta ar ardchaighdeán. Tá cuid mhaith acu déanta in Éirinn, i bPort Láirge, ag Cartamundi anois ach Waddingtons nó Winning Moves a tógadh air roimhe seo.
Cad chuige ar a bhfuil muidne ag díriú isteach ar chluichí, cluichí focal don chuid is mó, mar sprioc? Thart ar 13 bhliain ó shin nuair a bhíomar ag plé le grúpaí phobal ar fud fad na tíre ag iarraidh iad a spreagadh, mar is é an ról atá ag Glór na nGael ná húsáid na Gaeilge a spreagadh, thugamar faoi deara agus dúradh linn gan leithscéal go raibh fíor-easpa áiseanna ann. D’fhéadfaidís a bpáistí a thabhairt ar scoil ar maidin ach nuair a thiocfadh na páistí abhaile ón scoil tráthnóna, is fíorbheag a bhí ar fáil ann dóibh le spraoi a dhéanamh. Nuair a chríochnaíonn déagóirí an scoil, arís, is í easpa spraoi agus an rud neamhfhoirmiúla seo a bhíonn ann. Nuair a éiríonn siad níos sine, mar atá mé féin anois, is fíorbheag a bhíonn acu leis na tráthnónta agus na hoícheanta a chuir isteach.
Don duine a phiocann nuachtán suas ar maidin agus atá in ann crosfhocal a dhéanamh, seachas an nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsítear, ní féidir leo é sin a dhéanamh ar bhonn laethúil trí Ghaeilge. Thosaigh Glór na nGael ag foilsiú leabhair chrosfhocail. Tá stair agam chuige sin. Tá mé ag déanamh crosfhocail le breis agus 40 bliain, an chuid is mó acu trí Ghaeilge. Tá roinnt leabhar ar chrosfhocail foilsithe ag Glór na nGael. Is fiú breathnú ar an gcineál stíl a bhí i gceist againn. Taobh istigh de leabhar amháin, bhí cuardach focal againn leis na leideanna i bhfoirm phictiúir a bhí ag díriú isteach ar aois níos óige.
Ar an leathanach idir na cinn sin bhí crosfhocal ann do dhaoine fásta. Arís, bhí pictiúir ann ionas gur féidir leis an fhoghlaimeoir fásta leideanna nó nodanna a fháil. Nodanna Don Eolach an t-ainm a bhí ar an leabhar. Is féidir é sin a thuiscint. Cuirfidh mé é sin timpeall an tseomra.
D'fhoilsigh muid roinnt cártaí freisin, idir chártaí imeartha do dhaoine fásta agus chártaí eile ina bhfuil Dingbats agus a leithéid, mar a luaigh mé níos luaithe. Tá puzzle déanta as focail. Tá sé seo difriúil ón ghnáthrud foghlamtha atá ann. Níl aon rud oideachasúil per se i gcuid de na cluichí seo. Cuirfidh mé an paca cártaí atá agam anseo timpeall. Is é an dúshlán atá ann ná cinntiú go bhfuil daoine ábalta spraoi a bhaint as cluichí trí Ghaeilge. Is rud tánaisteach air sin é an fhoghlaim. Níltear ag díriú isteach ar an fhoghlaim. Cuirfidh mé paca eile timpeall. Níl sé mar an gcéanna. Tá trí leagan éagsúil den rud seo ann. Bhí muid ag iarraidh teacht ar chluichí a bhí dúchasach agus Éireannach ach gan a bheith ag díriú isteach ar an teanga mar an hook. Bhí muid ag iarraidh an Ghaeilge a bhaint as cluiche Gaeilge ionas go mbeadh na daoine a bheadh ag imirt agus ag gabháil páirt sna cluichí ag foghlaim ach gan a bheith ag suí síos chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Bheadh siad ag imirt na cluichí seo mar chuid den spraoi féin, mar an gcéanna leis na crosfhocail agus leithéidí sin.
Cén cineál forbairt air seo atá déanta againn thar na blianta? Le 13 bliain anuas, bhí sprioc againn a bheith ábalta thart ar dhá áis, chluiche nó leabhar crosfhocal a thabhairt amach gach bliain. Bhí blianta ann ina raibh sé an-deacair teacht suas leis na suimeanna airgid a bhí de dhíth, go háirithe leis na cluichí móra leithéidí Monopoly, Scrabble agus Cluedo. Chuir muid amach trí leibhéal Scrabble. Chuir muid amach Scrabble Junior, mar a dtugtar air i mBéarla. Tá sé sin do pháistí an-óga. Bhí ceann do dhaoine óga agus an ceann clasaiceach a bhfeictear sa bhosca glas freisin. Ní féidir le daoine dul isteach agus a rá go bhfuil siad chun cluiche ar leith a fhoilsiú gan acmhainní a bheith acu leis an cheadúnas a fháil. Tá an ceadúnas féin an-chostasach. Tá an dúshlán i leith airgead a fháil méadaithe go mór nuair a chaithfidh tú íoc as an táirgeadh féin.
Glacaim leis go bhfuil fadhb chéanna ag Aidan Courtney, is é sin go bhfuil foilsitheoirí Gaeilge ag díriú ar mhargadh atá níos lú ná an margadh Béarla i gcónaí. Tuigimid an cheist sin. Tá an-leisce ag na comhlachtaí móra 500 earra a tháirgeadh. Táim ag caint faoin dreaded minimum order quantity, MOQ, a thagann ar ais chugat i gcónaí nuair atá tú ag iarraidh rud mar seo a dhéanamh. Tá siad ag iarraidh íosmhéid de 3,000, 5,000 nó níos mó. Cruthaíonn sé sin dúshlán iontach mór eile d'fhoilsitheoirí cosúil le Glór na nGael nó Cluiche.ie. Cén áit gur féidir na cluichí a stóráil? Uaireanta bíonn ort iad a stóráil fá choinne trí, ceithre nó cúig bliana. Tá costas mór leis sin. Caithfidh siad a bheith stóráilte in áit atá sábháilte, slán agus tirim. Chomh maith leis sin, caithfear a bheith foighneach toisc nach rachaidh na cluichí ar fad amach sa chéad bhliain tar éis a bhfoilsiú. Ag an am céanna, níl tú ag iarraidh ordú fá choinne 100 cóip de chluiche a chur isteach a chosnóidh €50 in aghaidh na cóipe agus nach mbeidh custaiméir ar bith ábalta íoc as sin. Tá tacaíocht éigin de dhíth ansin. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a bhfuair muid thar na blianta ó chlár na leabhar Gaeilge agus ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, do na cinn a d'fhoilsigh muid a bhí dírithe ar an oideachas. Mar sin féin, nuair a théann tú i mbun rud nua, cosúil le cuid de na samplaí a luaigh Áine Ní Éanaigh sa nóta a chuir sí chugam nó cártaí trí Ghaeilge do bhreithlaethanta, don Nollaig, do chóineartuithe, do bar mitzvah, do Diwali nó d'aon ócáid mhór eile a chruthú, tá tú ag díriú ar mhargadh an-bheag. Tá costas ag baint leis an dearadh, leis an gclódóireacht, leis an stóráil agus lena leithéid.
Is é an rud deireanach a déarfaidh mé, toisc go bhfuil a fhios agam go bhfuil daoine eile le labhairt, ná an mórchostas agus an dúshlán atá ann ansin. Tagann sé ar ais go dtí ceist an Teachta faoi chonas a spreagtar daoine. Is é an spreagadh atá de dhíth againn ná fógraíocht a insíonn don domhan go bhfuil na cluichí sin ann. Is rud amháin iad a dhéanamh ach tá dúshlán ag baint le hiad a chur os comhair daoine. De ghnáth, má tá airgead carntha le chéile againn chun rud a fhoilsiú, níl pingin ar bith fágtha ina dhiaidh sin leis an fhógraíocht riachtanach a chur os comhair daoine. Chomh luath is atá a fhios ag daoine go bhfuil earraí Gaeilge mar seo ar fáil, bíonn custaiméirí againn láithreach. Bhí sin le feiceáil againn thart ar trí bhliain ó shin nuair a bhí muid féin ar sheó bréagán "The Late Late Show". Product placement a bhí i gceist. Bhí cóip de Monopoly ina suí ar an tábla cáiliúil sin. Taobh istigh de dhá lá, bhí muid tar éis cúpla céad cóip a dhíol. Go dtí go bhfaca daoine go bhfuil na rudaí seo ar fáil, ní tharlaíonn sé sin. Má tá buiséid de dhíth ag eagraíochtaí atá maoinithe ag an Stát, agus táimid buíoch as an maoiniú sin a chuirtear ar aghaidh chugainn, caithfidh siad a bheith ábalta cuimhneamh ar na dúshláin mhóra atá ann maidir le forbairt, táirgeacht, rudaí a chur i gcló, stóráil agus fógraíocht agus ar thacaíocht i leith na hábhair sin a chur ar fáil agus a dhíol ina dhiaidh sin. Fágfaidh mé mar sin é. Má tá ceisteanna ann, bheinn buíoch astu.