Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 7 Dec 2022

Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé

Tá ceathrar comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóir san áireamh. Tá an Teachta Catherine Connolly anseo liom sa seomra agus ar líne tá an Teachta McHugh, an Seanadóir Kyne agus an Seanadóir Clifford-Lee. Beidh staid reatha na hearnála léiriúcháin Gaeilge á phlé againn le hionadaithe thar cheann Léiritheoirí Scáileán na hÉireann, LSÉ, nó Screen Producers Ireland, SPI. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá ach ní fheicim go mbeidh an gá sin ann.

Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Cuirim fearadh na fáilte roimh Susan Kirby, príomhfheidhmeannach SPI; Gavin Halpin, bainisteoir stiúrtha Paper Owl Films; agus Irial Mac Murchú, príomhfheidhmeannach Nemeton TV.

Tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe agus na comhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí agus d’fhinnéithe a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Ba chóir an físeán a bheith ar siúl an t-am ar fad agus go mbeidh an fhuaim múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don choiste má eisítear ordú dá leithéid.

Ms Susan Kirby

Gabhaim buíochas as an gcuireadh seo chun teacht i láthair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is mise príomhfheidhmeannach Léiritheoirí Scáileán na hÉireann, LSÉ, nó SPI. Liomsa tá Irial Mac Murchú, príomhfheidhmeannach Nemeton TV, as An Rinn, agus Gavin Halpin, príomhfheidhmeannach Paper Owl Films, as Béal Feirste.

Tá doiciméad á chur faoi bhráid an choiste againn ag am ina bhfuil an-suim agus forbairt in earnáil léiriúcháin na Gaeilge. Roinnt eachtraí suntasacha le déanaí san earnáil ná méadú ar bhuiséad TG4 go €57.5 milliún; fógairt ar chainéal nua Gaeilge do pháistí, Cúla 4, le TG4 atá le seoladh in 2023; agus tionscnamh Cine4 leis na scannáin "Arracht", "Foscadh", "Róise & Frank" agus "An Cailín Ciúin", atá mar rogha na coitiantachta don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim Oscar i mbliana.

Tá súil againn leis an doiciméad a chuireamar isteach chuig an gcoiste, go dtabharfaidh sé tacaíocht dúinn chun an earnáil a fhás agus a fhorbairt.

Tabharfaidh mé roinnt comhthéacs faoi Léiritheoirí Scáileán na hÉireann, LSÉ. Déanann LSÉ, nó SPI, ionadaíocht thar ceann fhormhór na léiritheoirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann.

Is eagraíocht í SPI do mhonfhiontraithe cruthaitheacha le breis agus180 cuideachta inti, agus aithnítear í mar an guth do léiriúcháin neamhspleácha closamhairc na hÉireann. Tá coiste Gaeilge againn atá déanta de léiritheoirí Gaeltachta agus ag obair trí mheán na Gaeilge, grúpa a oibríonn i gcúinsí éagsúla i gcomparáid le réimsí eile sa tionscal. Is é Irial Mac Murchú cathaoirleach an choiste seo agus tá ochtar ball de chuid SPI ó réimse leathan léiriúcháin Ghaeilge ar an gcoiste freisin.

Bíodh go bhfuil rath ar an tionscal faoi láthair, tá baic orthu siúd a oibríonn sa Ghaeilge. Bíonn deacracht acu go minic foireann a earcú mar gheall ar an líon i bhfad níos lú oibrithe a bhfuil Gaeilge acu. Mar sin, tá formhór na léiritheoirí ró-ghafa le forbairt, léiriú agus soláthar gach clár seachas a bheith ag díriú ar a gcomhlacht féin a fhás agus a fhorbairt.

Ar an nóta sin, tabharfaidh mé roinnt comhthéacs anois faoin timpeallacht ghnó. Is é TG4 an t-aonfhoilsitheoir is craoltóir in Éirinn, rud a chiallaíonn go ndéanann TG4 formhór a chlár a choimisiúnú ón earnáil léiriúcháin neamhspleách. Tá sé rí-thábhachtach go socrófar a mhaoiniú reatha ar leibhéal inar féidir an tseirbhís a fhorbairt agus an lucht féachana a mhéadú ar gach ardán i dtimpeallacht atá ag éirí níos digití gach lá. Ní féidir an iomarca béime a leagan ar an stádas atá ag TG4 mar phríomhinfheisteoir na hearnála agus mar inneall fáis do gheilleagar réigiúnach cruthaitheachta na hÉireann. Chothaíonn TG4 thart ar 500 post coibhéise lánaimseartha, is é sin full-time equivalents, i léiriú closamhairc go díreach i limistéir Ghaeltachta agus réigiúnacha. Tá míchothroime i leibhéil mhaoinithe mheáin seirbhíse poiblí in Éirinn faoi láthair. Tá buiséad de bheagnach €350 milliún ag RTÉ agus gheobhaidh TG4 €57.5 milliún de in 2023. Aithníonn an Rialtas an mhíchothroime mhaoinithe anois agus tugadh méaduithe suntasacha de os cionn €15 milliún do TG4 idir 2021 agus 2023. Ach tá an mhíchothroime seo fós ann.

Labhróidh mé beagáinín faoi na téarmaí trádála idir TG4 agus SPI. Tá an-dul chun cinn déanta maidir le gnó na gcomhlachtaí agus í mí an Mhárta 2021, síníodh na chéad téarmaí um chomhaontú trádála idir SPI agus TG4.

I measc na nithe a bhí ann agus a luaitear istigh sa chomhaontú, luaitear go gcoimeádfaidh na cuideachtaí léiriúcháin cóipcheart agus cearta dáileacháin maidir le cláir a léireofar do TG4, agus go n-íocfar táillí breise leis an léiritheoirí tar éis cúig bliana.

Tá ról lárnach ag Údarás Craolacháin na hÉireann, nó an BAI, maidir le forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh i dtionscal closamhairc na hÉireann. Bronnann sé íosmhéid de 25% de mhaoiniú babhta Fuaim agus Fís ar iarratais Ghaeilge, lena n-áirítear cláir dhátheangacha.

Tá sé d’oibleagáid ar RTÉ uair an chloig sa lá a sholáthar do TG4. Déanann RTÉ sraitheanna a choimisiúnú agus a chomhléiriú do TG4, ina measc cláir shiamsaíochta, spóirt agus cheoil. Áirítear leis sin freisin “An Nuacht” agus roinnt cláir chartlainne.

Bunaíodh Ciste Craoltóireachta na Gaeilge d’fhonn ábhar ardchaighdeáin Gaeilge a mhaoiniú agus earnáil léiriúcháin na Gaeilge a chothú i dTuaisceart Éireann. Maoiníonn an ciste thart ar 60 uair an chloig d’ábhar Gaeilge in aghaidh na bliana le craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 agus RTÉ, chomh maith le hardáin dhigiteacha éagsúla.

Labhróidh mé faoi section 481 agus an Borradh Réigiúnach, the Regional Uplift, mar a thugtar air. Le blianta beaga anuas, tá roinnt mór léiriúchán mar “Foundation” déanta ag Troy Studios i Luimneach, a bhí ar an léiriú aonair is mó riamh in Éirinn. Thacaigh an Borradh Réigiúnach le léiriúcháin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin. A bhuí le méadú go dtí 5% a fógraíodh ó 2019 go dtí 2021, bhí dianghníomhaíocht ar bun i Maigh Eo, i nDún na nGall, i gCiarraí agus i nGaillimh. Ach mar gheall ar an laghdú ar an gcreidmheas cánach go 3% in 2022, tháinig laghdú suntasach air seo. Tá SPI ag moladh an borradh réigiúnach a choinneáil agus ba mhaith linn é a thabhairt ar ais go 5% ar a laghad go dtí 2024 agus ina dhiaidh sin.

Labhróidh mé faoi dheireadh faoi na moltaí atá againn agus na spriocanna don earnáil atáimid ag cur os comhar an chomhchoiste inniu. Cé go bhfuil an maoiniú don earnáil méadaithe, agus méadú ar lucht éisteachta agus féachana d’ábhar Gaeilge, tá dúshláin shainiúla le sárú ag comhlachtaí léiriúcháin atá ag obair sa Ghaeilge. Chuige seo, tá cúpla moladh le déanamh againn.

Is é moladh uimhir 1 ná tús áite a thabhairt don Ghaeilge agus d’fhorbairt earnáil léiriúcháin na Gaeilge i straitéis Rialtais atá ann cheana do na tionscail chruthaitheacha. Is é moladh uimhir 2 ná tacaíochtaí maoinithe agus forbartha earnála sna cúig go deich mbliana atá romhainn amach. Is é moladh uimhir 3 ná straitéis tallainne agus scileanna a fhorbairt a bhainfidh go sonrach le hearnáil léiriúcháin na Gaeilge. Agus is é moladh uimhir 4 ná plean forbartha earnála a chruthú a bheidh dírithe ar fhorbairt na gcomhlachtaí léiriúcháin Gaeilge. Chabhródh sé seo chun feabhas a chur ar chumas gnólachtaí cruthaitheacha a maoin intleachtúil a chruthú, a choinneáil agus leas a bhaint as; a chinntiú go gcuimseofar na daoine atá ag obair i léiriú na Gaeilge i misin trádála idirnáisiúnta agus gach deis a thapú lenár dtionscal a chur chun cinn go hidirnáisiúnta; deiseanna maoinithe ar leith don Ghaeilge a chruthú le cistí sonracha réigiúnacha; agus tacú le heagraíochtaí ionadaíocha tionscail, amhail SPI, chun tacú le forbairt ár bpobail léiriúcháin Gaeilge.

Mar chonclúid, samhlaímid earnáil léiriúcháin na Gaeilge a bheith uaillmhianach, a bheith san iomaíocht go hidirnáisiúnta, a chruthóidh ábhar an-láidir do lucht féachana na hÉireann agus do hidirnáisiúnta, a chothóidh an tallann chruthaitheach is fearr ar an oileán seo agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht chultúrtha. Is féidir an fhís seo a bhaint amach, ach ní féidir linne é sin a dhéanamh gan tacaíocht an Rialtais, agus go sonrach, gníomhú ar na moltaí atá leagtha amach san aighneacht seo. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.

Go raibh maith ag Susan Kirby. Glaoim ar an Teachta Daly.

Tá fáilte roimh ár n-aíonna go léir. Tá cúpla ceist agam. Chonaiceamar go léir “An Cailín Ciúin” ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge. An bhfuil aon phlean ag SPI maidir leis an nGaeltacht i gCiarraí agus í a úsáid mar sin, nó an bhfuil aon áiteanna nó slite chuige sin? An bhfuil aon difríocht sa chóras tacaíochta sna Sé Chontae a fhaightear ansin chun scannáin a fhoilsiú i gcomparáid leis an Stát seo?

I moltaí 2 agus 3, tá SPI ag iarraidh straitéis maidir le tallann agus scileanna a fhorbairt go sonrach agus forbairt earnála ó chúig bliana go dtí na deich mbliana atá romhainn amach. Céard atá i gceist ag SPI maidir leis sin agus an féidir plé níos leithne a dhéanamh air sin?

Ms Susan Kirby

Gabhaim míle maith ag an Teachta as na ceisteanna. Chonaiceamar go léir “An Cailín Ciúin” agus is scannán álainn é. Táimid an-bhródúil as agus ag súil go mbeidh sé ag teacht abhaile le Oscar mar go bhfuil sé tuillte aige.

Mar chuid de bhaill SPI, tá comhlachtaí againn i ngach réigiún in Éirinn, Contae Chiarraí chomh maith.

Labharfaidh mé faoin mborradh réigiúnach. Tá muid ag rá gur cheart go mbeadh sé lárnach in aon straitéis chun na réigiúin a fhorbairt mar má tá tú ag iarraidh scannán nó clár teilifíse a chruthú sna réigiúin, bíonn an tacaíocht á lorg ach bíonn tacaíocht sa bhreis ag teastáil. Tá rudaí mar sin ag teastáil. Tá sé ceangailte le forbairt tallann ag an am céanna. Is gá go mbeadh symbiotic straitéis ann mar má tá tú ag iarraidh do shaol agus do phost a bheith agat sna réigiúin, is gá go mbeadh tacaíocht ann le go mbeadh tú in ann sustainable career a bheith agat. An rud atá á rá againn ná go bhfuil sé go léir ceangailte le céile. Tá muid ag iarraidh go dtiocfadh tacaíocht agus airgead ón Rialtas ach chomh maith leis sin go mbeadh straitéis scileanna do na réigiúin ann ach go háirithe. Feictear dúinn go bhfuil tallann ag teastáil i ngach áit agus i ngach earnáil.

B’fhéidir gur féidir le Gavin Halpin labhairt faoi na Sé Chontae ach go háirithe agus beidh Irial Mac Murchú in ann labhairt faoi bheith ag cruthú sna réigiúin.

Mr. Irial Mac Murchú

Sa tslí ina bhfuil an tionscadal bunaithe, ní roghnaítear ceantar chun scéal, dráma, scannán nó clár faisnéise a dhéanamh ann. Toisc gur chraoltóir-foilsitheoir é TG4 agus is áis iontach maoinithe é, mar shampla, Cine4 nó Fís Éireann agus mar sin de, tagann sé seo ó na léiritheoirí féin. Bíonn coincheap acu, cruthaíonn siad scéal nó clár, cuireann siad isteach ar an mhaoiniú, féachann siad cad iad na háiteanna is fearr agus is deise chun an clár sin a dhéanamh agus tagann an rud go léir mar phacáiste. Gan amhras tá an-chuid cláracha maithe déanta i gContae Chiarraí, i nGaeltacht Chiarraí agus i gCorca Dhuibhne. Is sampla maith é do chuid de na radharcanna is áille sa tír atá feicthe againn i gcláracha faisnéise agus cláracha eile a déanadh thar na blianta. Maidir le léiriú ag dul ar aghaidh sa chontae, cinnte tá sé sin ag tarlúint agus tá comhlachtaí rathúla ann. Maidir le scannáin fada ar aon dul le “Róise & Frank”, mar a déanadh sa Rinn, sna Déise, ní heol dom go bhfuil aon phleananna ann faoi láthair.

Mr. Gavin Halpin

Chomh maith leis sin, cuirim béim ar an lucht féachana chomh maith. Cinnte, maidir leis na fad scannáin idirnáisiúnta mar shampla “An Cailín Ciúin”, tá clú mór ag na tograí sin ach chomh maith leis sin ag adharc ar, mar shampla, thogra atá á dhéanamh againn faoi láthair, táimid ag scannánaíocht ar fud na tíre. Is sraith é do dhaoine óga agus tá sé iontach tábhachtach do na daoine óga atá iad ag amharc ar TG4 nó RTÉ go mbíonn siad ábalta éisteacht lena a gcuid canúintí féin ar an teilifís. Bímid sa Daingean agus ceantar Mhúscraí go minic ag scannánú le daoine óga. Ach tá oidhreacht ann leis na scannáin idirnáisiúnta chomh maith. Ní bhíonn ach tréimhse breá beag i gceist agus muid ag obair sa cheantair nó chomhlacht as Baile Átha Cliath nó comhlacht idirnáisiúnta mar shampla “Star Wars” ag obair sa cheantair. An bhfuilimid ábalta tacaíocht eile a chur ar fáil do na comhlachtaí áitiúla agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair go lánaimseartha sa cheantar, agus gan a bheith ag braith ar locations agus ar an dearcadh sin.

Maidir leis an difríocht idir na Sé Chontae agus an Deisceart, is as Béal Feirste ár gcomhlacht féin agus bímid ag obair mar chomhlacht idirnáisiúnta agus Éireannach. Ní chím an teorainn sin leis an cineál ábhar atá á chruthú againn nó na tionscail atá á pitcheáil againn do na craoltóirí. Tá difríocht ann sa dá áit idir cúrsaí airgeadais agus tax credits mar shampla. Níl an creidmheasa cánach sa Deisceart faoi alt 481 ar fáil do na comhlachtaí ó na Sé Chontae agus chomh maith leis sin-----

Níl sé sin ar fáil sa Tuaisceart.

Mr. Gavin Halpin

Níl sé ar fáil. Ach tá UK tax credit againn agus chomh maith leis sin tá fund ag Northern Ireland Screen / Scáthlán Thuaisceart Éireann, atá ag braith ar chaiteachas Thuaiscirt Éireann. Tá cineál ecosystem airgeadais ann agus mar chomhlacht Éireannach, bímid ábalta, in amantaí, tacaíocht a fháil ón dá thaobh den teorainn. Faighimid tacaíocht ó Údarás Craolachán na hÉireann agus Northern Ireland Screen toisc go bhfuilimid ag obair ar an oileán ar fad.

An mbíonn siad ag obair le chéile?

Mr. Gavin Halpin

Cuirtear pota le chéile chun tionscadail a chruthú agus faightear airgead achan áit ina bhfuil sé ar fáil, má thuigeann an Teachta mé.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Is cúis spreagadh i ndáiríre an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na scannán de ach go háirithe. Gabhaim leithscéal go mbeidh mé ag rith amach roimh dheireadh an chruinnithe. Tá roinnt ceisteanna agam. Ní fhaca mé “Arracht”, “Foscadh”, “Róise & Frank” nó “An Cailín Ciúin” fós. Tá mé ag súil lena iad a fheiceáil le linn na Nollag agus tá mé ag tnúth leis. Mothaím go bhfuil siad feicthe agam toisc go bhfuil an méid sin léirmheasanna léite agam agus iad go léir dearfach amach agus amach. Déanaim comhghairdeas leo siúd a bhí páirteach iontu.

Maidir leis na moltaí, tá an ráiteas tosaigh gonta agus dírithe agus gabhaim buíochas as sin. Tá sé an-chabhrach. Tá ceithre moladh i gceist ann. Ar dtús, an bhfuil siad dírithe ar an Rialtas? An bhfuil fóram ar bun faoi láthair inar féidir na moltaí seo a chur chun cinn nó an bhfuil na finnéithe ag braith orainne iad a chur chun cinn? Cén modh oibre atá i gceist faoi láthair? Maidir leis an faoiseamh cánach, níl sé sa ráiteas mar mholadh ach is dócha nach bhfuil siad sásta go bhfuil laghdú ar an bhfaoiseamh cánach. An bhféadfaí tuilleadh sonraí a thabhairt faoi sin?

Maidir le RTÉ agus na dualgais atá air. Tá a fhios agam go bhfuil air céatadán de chláir a sholáthair lá i ndiaidh lae. An bhfuil deiseanna ann? Tá na finnéithe ag braith go huile is go hiomlán ar dhá nó trí eagraíocht; TG4 ar bharr an dréimire is dócha agus ansin an dá dream eile a luadh. Cad mar gheall ar RTÉ? An bhfuil féidearthachtaí ansin ó thaobh cláracha a choimisiúnú agus an bhfuil aon dul chun déanta sa réimse sin?

Maidir leis an borradh réigiúnach, tá easpa eolais agam faoi seo. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt air seo? Feicim mo chontae féin, Gaillimh, luaite ach tá gach ceantar tábhachtach. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt dom faoi sin?

Taobh amuigh de sin, bímid ag streachailt anseo i gcónaí ó thaobh na Gaeilge de agus í a chur chun cinn. Táimid ar tí crích a chur le tuarascáil ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Teach ar gach uile leibhéil mar sin tugann na scannáin seo spreagadh agus ardú anama dúinn, in ainneoin nach bhfuil siad feicthe agam ach tá léite agam fúthu. Tá gá leis sin. Fair plé – tá éacht déanta acu.

Ms Susan Kirby

Ní muidne amháin-----

Tuigim sin, ach tá sibh anseo mar ionadaithe na hearnála anseo inniu.

Ms Susan Kirby

Rinne ár mbaill na scannáin sin go léir mar sin ar son na gcomhlachtaí atá tar éis iad a dhéanamh, gabhaim buíochas leis an Teachta.

Tosóidh mé leis an bpointe deireanach. Dála an scéil, tá na scannáin sin go léir go hiontach ach an-difriúil. Más maith libh madraí, beidh “Róise & Frank” mar cheann de na scannáin is fearr na bliana a fheicfidh sibh. Maidir leis an gceist deireanach, lorg an Teachta níos mó eolas faoin mborradh réigiúnach. Mar shampla, rinne cuid dá mbaill, “North Sea Connection” thiar i nGaillimh. Tá sé níos costasaí é sin a dhéanamh agus a bheith ag oibriú go réigiúnach agus chomh maith leis sin níl na daoine leis an tallann atá ag teastáil ar fáil sa bhealach céanna is atá siad ar fáil i gCill Mhantáin, i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh.

Tugaimid áiteanna “metrocentric” ar na háiteanna seo. Bíonn costas níos airde ar léiriúcháin sna réigiúin sin ach ní costas amháin atá tábhachtach ach straitéis le go mbeadh stiúideo ar fáil agus go mbeadh daoine ar gach leibhéil os comhar agus taobh thiar den ceamara atá in ann feidhmiú trí Ghaeilge. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an content trí mheán na Gaeilge ach go mbeadh gach éinne atá ag obair ar an togra in ann Gaeilge a labhairt agus oibriú i nGaeilge. Faoi láthair, nílimid ag díriú ar an éiceolaíocht sin agus táimid ag iarraidh go n-díreofar air sin. Is rud an-mhaith a bhí sa bhorradh réigiúnach. Ba mhaith linn go mbeadh sé i bhfad níos mó agus go dtabharfaí aird ar an scéim a leathnú amach le go mbeadh muid in ann an leibhéil a choimeád ag 5% ar a laghad. Thosaigh sé ag 5% agus toisc gur tharla an paindéim i lár na scéime – cúig bliana isteach – leanfadh leis ar feadh bliana eile. Tá an leibhéil ag ísliú gach bliain agus níl na costais ag ísliú mar sin níl daoine á úsáid. Chonaiceamar na green shoots agus an potential a bhí ann agus anois tá sé ag laghdú agus ag imeacht. Ní dhéanann sé sin aon chiall. Fuair “An Cailín Ciúin”, “Arracht” agus “Foscadh” agus na scannáin eile tacaíocht faoin faoiseamh cánach atá ar fáil faoi alt 481. Ceapaim go bhfuil straitéis réigiúnach ag teastáil agus go mbeadh an borradh sna réigiúin i lár na straitéise sin.

Luaigh an Teachta fóram. Tá a lán fóram ann agus ceapaim go mbeidh an choiste ag tabhairt cuireadh d’eagraíochtaí cosúil le Údarás na Gaeltachta agus chuig Ardán agus comhlachtaí mar sin. Tá siad ag déanamh an-obair – obair iontach – ach ba mhaith linn dá bhféadfaí díriú ar an deis atá ann san earnáil léiriúcháin. Tá an Ghaeilge i ngach teach tríd an raidió agus ar an teilifís anois. Is féidir linn an Ghaeilge a spreagadh i measc páistí atá ag dul ar scoil. Chonaiceamar go léir an chumhacht a bhí ag Cúla4 sa bhaile le linn Covid-19. Tá na daoine atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ann freisin. Tá an grúpa sin ag fás. Ceapaimid go bhfuil an-deis ann le díriú isteach ar léiriúcháin Ghaeilge agus straitéis a chur i bhfeidhm san earnáil sin.

Cén chéad ceist a bhí ag an Teachta? Luadh RTÉ. Ar mhaith le Irial Mac Murchú an cheist sin a fhreagairt?

Mr. Irial Mac Murchú

Cinnte. Is mó clár a dhéanann na comhlachtaí Gaeltachta do RTÉ. I mo chomhlacht féin, mar shampla, déanaimid sraith 20 clár in aghaidh na bliana dóibh le Dáithí Ó Sé, “Seal le Dáithí”, agus tagann sé sin go díreach faoi choimisiún ó RTÉ do TG4. Chomh maith leis sin, tá dualgas reachtúil ar RTÉ líon áirithe cláracha Gaelainne a dhéanamh in aghaidh na bliana. Bíodh is go bhfuil feabhas tagtha air sin le blianta beaga anuas, níl an dualgas sin bainte amach acu go fóill. Rud amháin a d’fhéadfaimis go léir a dhéanamh ná iad a spreagadh chun an dualgas reachtúil sin a chomhlíonadh. Ní féidir leis na comhlachtaí Gaeltachta iad féin a dhúnadh isteach mar léiritheoirí do TG4 amháin. Níl sé chomh simplí leis sin. Más comhlacht léiriúcháin atá agat agus más é an gnó atá agat ná bheith ag léiriú cláracha, ní féidir cad é a dhéanann agus nach ndéanann tú a roghnú nó fágfar amuigh sa bhfuacht ar fad tú muna bhfaigheann tú coimisiún ag tráth áirithe den bhliain ó chraoltóir amháin nó craoltóir eile.

Ba mhaith liom teacht thar n-ais chuig an gceist a bhí ag an Teachta roimhe sin. Baineann sé leis na tacaíochta maoinithe agus an fhorbairt á bplé anseo. Chun freagra cuimsitheach a thabhairt ar an gceist sin, caithfimid dul siar céim nó dhó le féachaint cad as a bhfuil an earnáil neamhspleách ag teacht sa Ghaeltacht agus in earnáil na Gaelainne. Ní raibh aon earnáil neamhspleách in Éirinn i lár na 1990idí nuair a bunaíodh TG4 agus an t-aonad coimisiúnú in RTÉ; sé sin an Independent Productions Unit, IPU. Ag an am sin, bhí saghas misean againn go léir sa Ghaeltacht, ag na daoine ar chomhaois liom féin a tháinig isteach sa tionscadal mar dhaoine óga soineanta is dócha. Bhí sé mar aidhm againn a bheith inár gcnámh droma don ré nua teilifíse Gaelainne seo agus is é sin go príomha cad atá déanta ag cuid mhaith do mo chomhghleacaithe. An fáth go bhfuil an riachtanas mór seo ag teacht anois ar son breis tacaíochta san earnáil, ná go bhfuil beagnach 30 bliain caite againne ag léiriú cláracha agus ag obair de ló agus d’oíche ag feidhmiú mar léiritheoirí, stiúrthóirí agus eagarthóirí, ach anuas air sin, mar chuntasóirí, dhlíodóirí agus mar fheidhmeannaigh acmhainní daonna agus muid ag déanamh gach uile rud sa chomhlacht. Bíodh is go n-oibríonn sé sin ag leibhéil áirithe, ní réiteach fadtéarmach é mar ní féidir a bheith ag déanamh cláracha agus ag fás na hearnála ag an am céanna. Ag an bpointe ag a bhfuilimid anois, tá gá le daoine nua ag teacht isteach sa tionscadal díreach chun fuil nua cruthaitheach a thabhairt don earnáil. Chomh maith leis sin, mar gheall go bhfuil an maoiniú breise seo go léir tagtha go TG4 le cúpla bliain anuas, agus tá an earnáil ar fad an-bhuíoch as an tacaíocht bhreise seo, caithfidh an earnáil fás chun freastal ar na riachtanais seo ar fad atá ann. Chun gur féidir léi fás níos mó agus cláracha as Gaelainn níos fearr a dhéanamh, tá gá tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do na comhlachtaí le cur ar a gcumas fás agus forbairt a dhéanamh agus daoine nua a fháil isteach. Chun é sin a dhéanamh, is gá tacaíocht den tsaghas nach raibh ar fáil go dtí seo, b’fhéidir, a chur ar fáil. Bhí carn tacaíochta i gcónaí ann ó Údarás na Gaeltachta agus ó Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheisceart; oibrímid féin leo le fada an lá. Bhí tacaíocht i gcónaí ann chun na scileanna teicniúla agus cruthaitheach a chur ar fáil. Tá fíorthacaíocht ag teastáil anois chun na scileanna gnó a fhorbairt le gur féidir leis na comhlachtaí agus na fréabha féachaint ar a ngnó mar ghnó agus ní mar dhéantóir cláracha go díreach. Go dtí go ndéantar sin, ní féidir cur le méid agus scála an chomhlachta agus na hearnála. Is gá tú féin a tharraingt amach as an obair laethúil agus féachaint ar chinntí straitéise, ar mholtaí forbartha agus féachaint cad a thagann nuair a bheidh deireadh le ré áirithe. Bíonn deireadh le ré i gcónaí i ngach comhlacht. Chuige sin, tá na moltaí praiticiúla atáimid ag caint orthu cosúil le forbairt na scileanna sin, mar aon leis na scileanna cruthaitheachta agus scileanna os comhar an scáileán ag teastáil. Labharamar faoi na scannáin iontacha go dtí seo mar aon leis na daoine iontacha a bhíonn ar na cláracha faisnéise agus siamsaíochta. Is gá go mbeadh comhdhlúthú ann agus go dtiocfadh said go léir lena chéile chun go gcuirfí breis gaoithe i seolta an tionscadail. Leis na tacaíochtaí praiticiúla seo, beifí in ann an tionscadal a thógaint chuig an gcéad leibhéil eile agus dul in iomaíocht go dáiríre ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an cur i láthair. Bhíos ag éisteacht le roinnt de anseo. Tá pointe nó dhó agam agus a leis an méid a bhí le rá ag Irial le cúpla nóiméid anuas. Feicimid go minic an tslí go mbíonn údaráis ag tabhairt tacaíochta do chomhlachtaí sna Gaeltachtaí. Bíonn srian orthu toisc go gcaithfidh siad bheith ag tacú le comhlachtaí a bheadh ag déanamh rud éigin nó ag cur seirbhísí ar fáil go hidirnáisiúnta.

An bhfuil an bac sin ann? An bhfuil tacaíocht á fáil ó leithéidí an údaráis nó an bhfuil na srianta sin ag cur isteach ar chúrsaí? Is cosúil go bhfuil comhlachtaí na bhfinnéithe ábalta teacht ar shruthanna eile maoinithe ach an bhfuil ceann an údaráis ar fáil dóibh in aon chor? An féidir aon fhorbairt a dhéanamh air sin?

Mr. Irial Mac Murchú

Tá Údarás na Gaeltachta go hiontach. Bhí sé ina cheannródaí agus tá fós. Is fíor a rá gur beag an seans go mbeadh earnáil na Gaelainne ann fiú amháin, nó chomh láidir is atá sí gan tacaíocht an údaráis thar na blianta. Ba cheannródaí an t-údarás sna blianta tosaigh ag cur cúrsaí ar bun sa Sián i gConamara ag oiliúint daoine agus nuair a tháinig deireadh leis sin. Mar shampla, ritheann mo chomhlacht cúrsa i bpairtnéireacht le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, an ard-dioplóma i léiriú na meán físe, agus tá an t-údarás tar éis maoiniú mór a chur ar fáil dó sin ó 2006 i leith. Thar aon eagraíocht fhorbartha tionsclaíochta eile sa tír, tá a cheann déanta ag an údarás. Leanann sé go dtí an lá atá inniu ann. Is moltaí níos leithne ar shlí iad na moltaí a bhfuilimid ag caint orthu anseo. Feidhmíonn an t-údarás i gceantair na Gaeltachta ach, i ndáiríre, caithfidh an earnáil Ghaelainne an Ghaeilge a shíneadh amach sa tír ina iomláine agus caithfidh go mbeadh an earnáil Ghaelainne anois i gceartlár forbairt na tionscail ar fud na tíre.

Luadh cúrsaí idirnáisiúnta.

Mr. Irial Mac Murchú

Is é sin an chéad chéim eile. Oibríonn Gavin Halpin go hidirnáisiúnta. B'fhéidir gur mhaith leis focal a rá.

Mr. Gavin Halpin

Bhí an t-ádh dearg orainn cúpla coimisiún a fháil ó TG4 agus ó RTÉ. Tá na cláir sin ag taisteal go forleathan ar fud na cruinne. Mar shampla, tá sraitheanna beochana. Tháinig iad seo amach as an sprioc a bhí againn mar chomhlacht níos mó clár a chur ar fáil do dhaoine óga agus do ghasúir. Is sórt mion-seánra taobh istigh den earnáil é sin. Tá cuid mhór féidearthachtaí eacnamaíochta ann. Mar shampla, rinne muid clár darbh ainm "Sol" do TG4. Rinne muid tríd an phaindéim é. Déileálann sé le brón agus rudaí trom go leor. Mar sheirbhís phoiblí do mhuintir na hÉireann agus daoine na hÉireann, rinne sé fíormhaith. Anois, tá sé san Astráil, sa Czech Republic, i Turkey, san Iodáil, i Portugal agus i Denmark chomh maith. Táimid ag an tús leis sin. Rinne muid "Bóín agus Beach" nó "Ladybird and Bee" do RTÉ. Is mionrud gearr-fhoirm é sin. Fuair muid tacaíocht iontach dó sin ó RTÉ. Ansin, tá sé in Hungary, Finland, Japan and Canada agus tá cearta craolacháin faighte ag Disney agus a leithéid. Tá féidearthachtaí ann go hidirnáisiúnta. D'úsáid an Teachta Connolly an focal "spreagadh". Táimid ag an tús leis seo, go háirithe leis an chainéal úr de chuid TG4, Cúla 4, atá go hiomlán dírithe ar na daoine óga. Tá níos mó clár agus níos mó chomhlachtaí léiriúcháin de dhíth. Tá na féidearthachtaí gnó ann ach muna bhfuil an straitéis, cúrsaí bainistíochta agus an córas gnó sin ar fáil do na comhlachtaí, ní bhfaighimid an ceann scríbe amach. Táimid ag barr an dréimire leis an méid tallainne atá ann san earnáil. Chun an chéad chéim eile a thógáil, tá straitéis, scileanna agus tallann de dhíth.

Tá ceist amháin agam mar gheall ar na cláir a bhíonn ag taisteal go hidirnáisiúnta. Cén t-éileamh atá ann? An dtagann sé ó Ghaeilgeoirí sna tíortha éagsúla nó an bhfuil na cláir á gcraolodh le teanga dhifriúil curtha isteach agus fotheideal orthu?

Mr. Gavin Halpin

Tá an TG4 player ar fáil ar fud an domhain. Faighimid i gcónaí aiseolas ó dhaoine Éireannacha san Astráil, i Meiriceá Theas nó cibé áit. Tá siadsan ag iarraidh content Gaeilge a thaispeáint do na gasúir ina dtithe. Taobh amuigh de sin, tá córas dubála i gceist. Craoltar na cláir sa Spáinnis nó sa tSeapáinis nó a leithéid. Ansin, faigheann muid royalties chun go mbeidh TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann nó cibé investor atá ann in ann a gcuid infheistíochta a fháil ar ais.

Gabhaim buíochas. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais ar ball.

Tá roinnt ceisteanna agam. Arís, cuirim fáilte chuig an gcoiste roimh na finnéithe. Nuair atá earnáil ann, tá sé tábhachtach go mbíonn na Gaeilgeoirí le chéile agus ag féachaint ar chúrsaí le súil eile. Cuidíonn sé. Is léiriú de sin na scannáin a bhí sna cinemas le déanaí. Bhí sé spéisiúil. Ní fhaca mé an ceann is déanaí, "Rosie & Frank", go fóill. An chéad uair a chonaic mé "Arracht", bhí sé san amharclann is lú. Bhí an chéad scannán Gaeilge eile a chonaic mé, "Foscadh", i gceann níos mó. Bhí "An Cailín Ciúin" ar siúl san amharclann is mó san Omniplex i Ráth Maonais. Is léiriú domsa é sin go bhfuil lucht féachana ann, ar fud an domhain anois, nuair atá seoda de scannáin mar sin ar fáil. Má smaoinítear siar go dtí am "Poitín" agus a leithéid, bhí ort na scannáin a fheiceáil i halla éigin thíos sa tír seachas sa phictiúrlann. Tá athrú tagtha ar chúrsaí. Tá daoine sásta breathnú ar na scannáin sin. Níl eagla ar na cinemas móra a leithéid a thaispeáint mar tá lucht féachana ag teacht. Ní ar son na cúise atá siad ag teacht ach chun féachaint ar scannáin den scoth. Thaitin "Foscadh" níos mó liomsa ná roinnt de na cinn eile. D'fhág sé rud éigin laistigh i gcúl mo chloiginn. B'fhiú do a lán daoine breathnú air toisc cad atá ag tarlú sa domhan i slí amháin nó slí eile. Tá cónaí orm sa chathair seo. Tá páistí tógtha le Gaeilge agam. Tá éacht á dhéanamh acu siúd ar fad atá tar éis déileáil le hábhair dhifriúla, cartúin agus a leithéid suas go dtí scannáin mhóra agus cláir fhaisnéise as Gaeilge. Ní raibh a leithéid ann nuair a bhí mise óg. Ní raibh an platform, mar a thugtar air, ann chun iad a thaispeáint ar aon chaoi ach ní raibh ach fíorbheagán dóibh ann. Tá fás an-tapa tar éis teacht ar an earnáil. Is léir é sin.

Is ceart go bhfuil muid anois ag féachaint ar conas is féidir an chéad chéim eile a ghlacadh. Bhí an coiste ar thuras i gConamara agus bhuail muid le hionadaithe TG4. D'ardaigh siad roinnt pointí linn maidir leis an gá an tallann, an dream leis na scileanna atá ó TG4 agus ón earnáil ina iomláine a fhás. Ansin, chuaigh muid go dtí set "Ros na Rún" agus chuala muid an port céanna arís. Chun gur féidir leis an earnáil a fhás, tá gá le tallann, le hinfheistíocht, le daoine óga agus daoine níos sine scileanna nua a fhoghlaim agus díriú isteach air seo. Tagann ceist as sin. Conas is féidir linn impí ar dhaoine óga dul sa treo seo? Conas is féidir impí ar na hollscoileanna agus ar na hollscoileanna teicneolaíochta nua spás a chur ar leataobh chun díriú isteach ní hamháin ar an tallann seo ach ar an tallann seo le Gaeilge? Is jab é sin. Téann sé sin leis an bplean forbartha atá á lorg ag na finnéithe. Is jab don Rialtas, don Roinn agus don earnáil féin é sin. Tosóidh sé leis an earnáil. Caithfear straitéis agus moltaí a thabhairt le chéile, mar atá déanta anseo, agus ansin brú a chur orainn, mar pholaiteoirí agus iachall a chur ar an Roinn Airgeadais agus ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cur leis sin agus straitéis éigin a ghlacadh.

Glacaim leis gur an maoiniú atá i gceist ná an sórt multi-annual funding ionas go bhfuil a fhios cad atá ag teacht an bliain dár gcionn. Ní leor a fhios a bheith agat cad atá ann i mbliana. Caithfear a fhios a bheith agat go mbeidh sé ann an bliain seo chugainn agus an bliain i ndiaidh agus go mbeidh ardú ag teacht.

Tagraím don bhorradh réigiúnach. Ó thaobh mo pháirtí, bhuail mé le a lán dóibh siúd nuair a bhí camchuairt agam i nGaillimh leis na coláistí agus leo siúd atá ag obair san earnáil closamhairc. Bhuail mé leo agus bhí siadsan den tuairim chomh maith go raibh géarghá leis an mborradh sin chun an t-infheistiú a leanúint isteach sa cheantar agus gan é go mbeadh dochar déanta. Sin breis is bliain ó shin ó a bhí mé i nGaillimh. Ardaíodh an cheist ach níor tháinig an éisteacht sa cháinaisnéis. Caithfear níos mó raice a dhéanamh mar gheall air roimh an chéad cháinaisnéis eile. Go luath sa bhliain a dhéantar na cinntí sin. Más féidir linn in aon chor, aontóidh an coiste air sin.

Luadh go bhfuil 500 post mórthimpeall ar TG4 as an méid airgid atá sé ag déanamh a infheistiú sa léiriú closamhairc sna ceantair Ghaeltachta. Sin ráiteas mór agus ní díreach sna ceantair sin atá na poist ach tá roinnt de na poist sin ag braith ar leanúint leis an mborradh réigiúnach. Ba chóir sin a chraobhscaoileadh.

Luadh go bhfuilimid ar fad ag tnúth le go mbeadh "An Cailín Ciúin" san iomaíocht do ghradam Oscar agus a leithéid. Bhí animations ann roimhe seo a bhí ainmnithe ach ní bhfuair siad gradam Oscar. Cad is fiú don earnáil má tá an t-ainmniúcháin sin ann agus cad is fiú má éiríonn leis "An Cailín Ciúin" Oscar a bhaint amach? An gcuidíonn sé le hinfheistiú idirnáisiúnta a tharraingt isteach? An gcuidíonn sé leis na héilimh atá anseo ag an earnáil a chur faoi bhráid an Rialtais nó nach bhfuil ann ach duais agus aitheantas bhreise ar an jab?

Mr. Irial Mac Murchú

Tiocfaidh mé go dtí na buntáistí gnó i gceann soicind ach mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, go n-iarrtaí orainn mar pháistí i gcónaí "Cad é an Béarla ar d'ainm", samhlaigh dá mbuafadh scannán Gaelainne gradam den saghas seo ag na Oscars. Ó thaobh stádas agus áit na teanga sa saol chomhaimseartha agus i sochaí na hÉireann, ní fhéadfá luach a chur air sin. Éacht dochreidte a bheadh ann.

Conas a tháinig sé chomh fada seo? Cabhraíonn sé go mór linn go bhfuil an pobal féachana ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain imithe i dtaithí anois ar féachaint ar scannáin nach bhfuil déanta i mBéarla. Mar shampla, má théitear ar cheann de na comhlachtaí móra sruthú, ar nós Amazon Prime, Apple TV, Netflix nó aon cheann acu seo, tá na scannáin ó thíortha ar fud an domhain ann le fotheidil orthu. Go tobann, nuair a chuaigh daoine i dtaithí air sin ní raibh na scannáin Gaelainne amuigh sa bhfuacht a thuilleadh; thuig daoine ansin go bhféadfaidís féachaint ar agus taitneamh a bhaint as scannáin Gaelainne agus fós a bheith ábalta iad a leanúint. Tá sé sin tar éis an teanga a thabhairt thar n-ais i lár an aonaigh. Ní raibh aon easpa scannáin mhaithe riamh i nGaelainn, nó ní raibh aon easpa cruthaíochta nó scéalaíochta. Tugann sé seo isteach i lár an aonaigh na scannáin Ghaelainne.

Tugann sé sin mé go dtí an tríú ghné den cheist, is é sin an infheistíocht gnó. Ní bheadh scáthanna eagla ar éinne anois a thuilleadh dul isteach go dtí aon áis iontach maoinithe agus a rá go mbeidh a scannán as Gaelainn. Fadó, bheifeá ag cur amú do chuid ama ach anois táthar ar chomhchéim le haon teanga eile ag siúl isteach ag lorg conradh, coimisiún nó maoiniú i gcomhar chlár Gaelainne. Sin an difríocht is mó.

Bhí an Teachta McHugh ag iarraidh ceist a chur.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Comhrá suimiúil a bhí ann agus is léir go bhfuil tionchar mór imeartha istigh san earnáil, mar a rinneadh cur síos air. Tá suim agamsa sna scannáin atá ag teacht amach, ní hamháin i "An Cailín Ciúin" ach an rud is mó leis sin ná gurb é an scannán is mó ar son an teanga Ghaeilge sa Bhreatain agus in Éirinn é agus tá aitheantas ag dul chuig an stiúrthóir, Colm Bairéad. Chomh maith leis sin, thar na blianta bhí "Song of Granite", "Arracht" "Rocky Ros Muc" agus "Amhrán na Mara" ó 2015 ar aghaidh.

Tá an tionchar ann agus tá sé iontach suntasach an dul chun cinn atá déanta, ní hamháin sna scannáin, sna drámaí, i gcláracha TG4 agus BBC agus sna cláracha atá déanta leis na daoine san earnáil príobháideach. An rud is mó is é an bealach ábhartha na daoine óige go háirithe atá lonnaithe sna mbunscoileanna agus sna meánscoileanna. An bhfuil bealach nó leanúnachas ann fá choinne na daoine óige atá ag smaoineamh faoi ról nó obair i gcláracha, i scannáin, i ndrámaí nó in aon rud teicneolaíoch? Bhí an Cathaoirleach ag caint faoi na bealaí sin sna hollscoileanna. An cheist atá agamsa ná cad faoin leanúnachas. Cén spreagadh atá ann fá choinne na daoine óige dul i dtreo na cúrsaí sin? Ar an bhealach eile, comhthreomhar leis sin, tá an dul chun cinn atá déanta sna cúrsaí dráma, scannáin agus rudaí mar sin sa Bhruiséil agus i Strasbourg faoi láthair. Tá na rudaí ábhartha clúdaithe maidir leis na daoine ag déanamh, mar shampla, bheith mar aistritheoir sa Bhruiséil inniu. Tá sin iontach tábhachtach fá choinne na tuismitheoirí atá ag smaoineamh agus fá choinne na daoine óige atá ag déanamh na hardteistiméireachta agus atá ag déanamh cén bhealach atá ann fá choinne deis ar phoist sa Bhruiséil nó san Aontas Eorpach go ginearálta.

Chomh maith leis sin, tá ceist agam maidir leis an spreagadh. Tá níos mó rudaí amaitéaracha á ndéanamh, mar shampla, tríd an ndráma amaitéarach agus tá daoine ag déanamh rudaí ar an talamh, cúrsaí deonach san áireamh. An bhfuil nasc ann leis an obair atá á déanamh ar an talamh? Mar shampla, i mo pharóiste féin tá mé ag smaoineamh ar Francie Cullen agus an sárobair agus díograis atá déanta aige i gcúrsaí dráma amaitéarach. An bhfuil an tacaíocht ann? An bhfuil cuidiú iomlán ann ar son na hoibre atá ag bogadh ar aghaidh? Mar shampla, luaim obair Francie i gCéim Aniar nó i gConamara nó i gCorca Dhuibhne agus an sárobair atá ag bogadh ar aghaidh. An bhfuil dóthain infheistíochta ann fá choinne na ngrúpaí sin fá choinne an chéad chéim eile fá choinne an leanúnachais go dtí cúrsaí gairmiúla i ndiaidh?

Sin é uaim. Táim fíorbhuíoch as an tseans labhairt faoin ábhar seo. Tugaim aitheantas arís chuig achan duine, ní hamháin sa Deisceart ach sa Tuaisceart fosta, atá ag obair ar son an teanga, ar son ár gcultúr agus ar son ár n-oidhreacht. Go háirithe, tugaim aitheantas dóibh siúd atá ag coimeád an teanga beo.

Tá an todhchaí dearfach. Tá an dearcadh dearfach agus táim dóchasach go mbeidh níos mó dul chun cinn agus níos mó oibre déanta amach anseo.

Ms Susan Kirby

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist agus as an tacaíocht. Is féidir liomsa labhairt faoi ar leibhéal polasaí agus ansin ó thaobh na hearnála. Tá a lán rudaí ag tarlú san earnáil i mBéarla agus is féidir na rudaí céanna a dhéanamh don Ghaeilge. Mar shampla, tá national talent academies againn agus táimid ag spreagadh an talent i stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí trí mheán an Bhéarla ach táimid ag lorg daoine ó áiteanna éagsúla ar fud an oileáin. Tá Fís Éireann ag stiúradh na forbartha sin. Tá plean forbartha ann. Tá rudaí mar sin ar siúl agus tá an-obair á déanamh ann. Cén fáth nach bhfuil an rud céanna ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh oibriú trí mheán na Gaeilge? Sin rud amháin gur féidir linn a dhéanamh, trí benchmarking a dhéanamh faoi na rudaí atá ag oibriú don earnáil i mBéarla agus conas iad a thabhairt isteach sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go bhfuil suíochán ag an earnáil chun labhairt leis na daoine atá ag cruthú polasaithe faoi cad atá ag oibriú, cad atá ag teastáil agus cad iad na rudaí atá deacair dóibh. An rud a chloisim i gcónaí ná go bhfuil gach aon duine ag obair ar son na cúise. Tá sé sin go hiontach ach táimid ag iarraidh fás anois. Táimid ag iarraidh dul i ngleic leis an léiriúchán i mBéarla agus gach teanga eile sa domhan. Táimid ag iarraidh a bheith mar léiriúchán agus earnáil idirnáisiúnta. Tá rudaí ag tarlú ag leibhéal polasaí agus ceapaim gur chóir go mbeadh an polasaí céanna ar fáil don Ghaeilge i gcónaí.

Mar shampla eile, tá an content levy ag teacht isteach. Tá a fhios agam go raibh an coiste á phlé sin. Beidh 25% den content levy ringfenced do chruthúcháin i nGaeilge. Tá sé sin go hiontach. Bhí sé sin mar chuid dár bpolasaí chomh maith. Tá sé ag teastáil uainn go mbeadh sé embedded i ngach polasaí don earnáil. Níl aon rud speisialta ag teastáil ach a bheith i lár gach rud agus i lár na bpolasaithe atá á gcruthú. Ar son na hearnála, an bhfuil rudaí gur féidir linn a dhéanamh chun an tallann a chruthú?

Mr. Irial Mac Murchú

Nuair atáimid ag caint ar scéimeanna nó imeachtaí amaitéaracha, is é nádúr rud amaitéarach ná go dtagann sé ó oibrithe deonacha ina gceantair féin. Babhtaí tarlaíonn sé sin go nádúrtha agus bíonn daoine láidre deonacha ann a chuireann cumainn drámaíochta agus a leithéid ar bun. In áiteanna eile, mar shampla, tá rudaí déanta againn féin. Thug muid tacaíocht i gcónaí, roimh Covid, do Mheánscoil San Nioclás sa Rinn. Thug muid tacaíocht le scéimeanna don idirbhliain gach bliain agus rudaí eile mar sin sa phobal, ag cur tacaíochta ar fáil. Ar an mbealach sin, tá saghas intervention ag teastáil babhtaí chun a chinntiú go dtagann rudaí chun cinn i gceantair áirithe. Níl mé 100% cinnte cad é go díreach an tslí chun é sin a dhéanamh. Is cinnte go bhfuil pointe an-mhaith déanta ag an Teachta. Tógfaimid ar bord é agus b’fhéidir go bhféadfaimid teacht ar ais uair éigin faoi sin.

Bhí mé ag smaoineamh ansin, má tá tú ag triail tallann a mhealladh, go minic is gá díriú ar na meánscoileanna nó na bunscoileanna chun an smaoineamh a chur i gcloigne na ndtaltaí. Ceann de na buntáistí le scannáin agus a leithéid ná go bhfuil an smaoineamh ann cheana féin, it is just é a mhealladh amach. Tá siad ag féachaint ar na rudaí seo. Do á lán páistí, is laochra iad siúd atá ar an scáileán, scáileán beag nó scáileán mór - pé bealach. Táimid tar éis roinnt de na scannáin den scoth atá tar éis teacht amach le dhá bhliain anuas a lua. Níl a fhios agam an ndearnadh camchuairt ar roinnt de na meánscoileanna leis an scannán agus roinnt de na haisteoirí. B’fhéidir gur chóir rud mar sin a dhéanamh, seachas é a dhéanamh in áiteanna eile, agus dul isteach sna meánscoileanna. B’fhéidir go gcuideodh sé sin. Bhí scoileanna mar GMIT ag caint faoi thallann ach ní raibh siad ag caint faoin nGaeilge. Bhí siad díreach ag caint faoin tallann a bhunú nó a tharraingt isteach ina dtreo le cúrsaí difriúla amach anseo. Tá jab le déanamh chun ní hamháin an tallann a chothú ach an tallann as Gaeilge a chothú chomh maith céanna.

Tá ceist agam agus ansin cuirfimid críoch leis an gcruinniú. Táimid le bualadh le cathaoirleach nua TG4 agus leis an bpríomhfheidhmeannach san athbhliain, i mí Feabhra is dócha. Beidh muid in ann cur leis an gcomhrá seo ansin. Nuair a bhuail muid leo thiar i gConamara, rinneamar comparáid le S4C agus le Tír na mBascach. An bhfuil an cur chuige sna tíortha sin maidir leis an earnáil níos fearr nó níos measa ná mar atá anseo? Tá a fhios agam go bhfuil níos mó airgid á fháil ag na stáisiúin Bhascacha nó Bhreatnaise ach ó thaobh na hearnála i gcoitinne, conas mar atá cúrsaí?

Ms Susan Kirby

Ceapaim go bhfuil a lán le foghlaim ó na háiteanna sin. Tá TG4 ag déanamh an-jab ach deir siad féin go bhfuil a lán rudaí ag tarlú in áiteanna eile, cosúil leis an mBreatain Bheag, agus go bhfuil a lán le foghlaim againn. Tá an teanga i lár pholasaí an Rialtais ann i ngach rud. Sin an rud atá muidne ag labhairt faoi inniu. Tá a lán le foghlaim ansin. Labhair mé faoi benchmarking a dhéanamh. Sin dhá áit ina bhfuil a lán rudaí iontacha ag tarlú agus tá a lán uaillmhéine acu don tionscal agus don earnáil. Tá a lán le foghlaim uathu.

Mr. Irial Mac Murchú

Táimid cinnte ag dul sa treo ceart air seo. Níl a fhios agam an bhfuil an rud atá ar siúl sa tír seo inchurtha leis an gCatalóinis nó leis an mBreatnais. B’fhéidir nach bhfuil go fóill. Bíodh go bhfuil ardú tagtha ar mhaoiniú TG4. Tá breis cothromaíochta le teacht. Níl an leithdheighilt airgeadais ar an mBéarla agus ar an nGaeilge cothrom ar aon bhealach go fóill. Tháinig gach rud atá ar bun faoi láthair go díreach nó go hindíreach, nach mór, ó bhunú TG4. Is bunchloch na hearnála é. Bíodh go bhfuil daoine ag obair sa Ghaeltacht nach n-oibríonn do TG4 agus atá ag obair as Gaelainn nó i dteangacha eile, ach d’fhormhór na ndaoine agus na 500 post a luadh níos luaithe, is é TG4 an bhunchloch as ar thóg daoine gnó anuas air nó atá siad ag obair go díreach lá i ndiaidh lae do TG4. Ba chóir go leanfaidh an t-aitheantas agus an tuiscint den tábhacht atá ag TG4 anois i saol na hÉireann agus i gcur chun cinn feiceálacht na Gaelainne agus an tslí ina bhfuil an Ghaelainn infheicthe nó sofheicthe anois sa saol. Is cuimhin liomsa nuair a thosaímid ar dtús, bhíodh daoine ag tabhairt amach an t-am go léir agus ag fiafraí cén fáth an raibh cluiche rugbaí nó cluiche CLG ar an teilifís as Gaelainn ar an teilifís. An fhírinne ná ná mbeadh sé ar an teilifís in aon chor murach go raibh sé ann as Gaelainn. Tá an ghlúin sin éirithe tuirseach de sin anois agus ní fheadar aon duine sa tír seo faoi 35 bliain d’aois a mhalairt.

Tá an ghlúin iomlán daoine ann anois atá tar éis fás aníos agus ní fheadar siad a mhalairt ach amháin craoltóireacht teilifíse agus na meáin as Gaeilge i lár an aonaigh. Is pointe an-tábhachtach é sin in aibíocht na hearnála atá sroichte anois againn. Tiocfaidh agus, le cúnamh Dé, beidh níos mó cothromaíochta ann sa mhaoiniú amach anseo agus beidh deiseanna eile againn é sin a chur i gcomparáid le tíortha eile. Má leanann rudaí sa treo ina bhfuil siad beidh sé inchurtha leis na samplaí idirnáisiúnta is fearr atá ann agus tá súil agam nach fada go mbeidh sé mar sin.

Mr. Gavin Halpin

Chomh maith le sin, tá na hacmhainní ag spreagadh gach rud chomh maith. Luaigh an Cathaoirleach an scannán “Poitín” ansin. Nuair a tháinig mise go Baile Átha Cliath ag déanamh staidéir ar chúrsaí scannánaíochta agus na Gaeilge, bhí rogha agam cén teanga ar mhaith liom a úsáid, an Fhraincis nó an Ghaeilge, agus chuaigh mé leis an nGaeilge. Samhlaigh na ranganna sin ag tríú leibhéal sna hollscoileanna agus iad ag amharc ar na Blascaodaí, “Budawanny”, agus “Poitín”, agus a leithéid. Chomh maith leis sin tá “An Cailín Ciúin” agus “Róise & Frank”. Má tá an duine in ann na bright lights a fheiceáil, spreagann sé sin daoine chomh maith. Táimid ag dul sa treo ceart, mar a dúirt Irial Mac Murchú ansin.

Arís, gabhaim mo bhuíochas leis na daoine uilig atá ann inniu. Tá sé iontach suimiúil. Tagraím don phointe a luaigh Susan Kirby faoin mbeartas. Aontaím léi faoin mbeartas agus dá mbeadh sé ann do achan teanga. Ní bheadh an gá ann polasaí difriúil a dhéanamh más rud é go raibh beartas iomlán fá choinne achan rud. Bheadh an Ghaeilge clúdaithe ina dhiaidh sin. Táim dearfach faoin scéal agus mura bhfuil an teanga ábhartha sna meánscoileanna agus sna bunscoileanna, beidh fadhb ann. B'fhéidir go bhfuil athrú ag teacht mar tá spreagadh ag tarlú ar an talamh fosta, ní amháin sna ranganna scoile, ach taobh amuigh díobh fosta. Tá scéal dearfach ann agus fair play do na finnéithe fá choinne na díograise ar son na teanga agus an chultúir. Gabhaim buíochas leo.

Tá ceist ghasta agam arís. Táimid ag caint faoi straitéis tallainne agus scileanna. Cá bhfuil an ghéarchéim nó an easpa faoi láthair agus cá háit ba chóir dúinn daoine a dhíriú? An aisteoirí, léiritheoirí, fir nó mná fuaime, daoine ceamara atá i gceist, nó an bhfuil siad ag teastáil i ngach uile ghné den earnáil?

Mr. Irial Mac Murchú

Iadsan go léir atá luaite ag an gCathaoirleach. Is é an rud a tharlaíonn ná go bhfuil ag éirí go ro-mhaith leis an earnáil Ghaeilge agus tagann daoine chun cinn sa Ghaeltacht, éiríonn go han-mhaith leo pé acu an bhfuil siad ag obair sna ceirdeanna nó ag obair os comhair an scáileáin. Tarlaíonn sé seo chomh luath agus a éiríonn go maith leo, agus tá samplaí feicthe againn de léitheoirí nuachta ar TG4 a chríochnaigh suas le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus a bhíonn os comhair an scáileáin ar chroí-am ar chainéil nach bhfuil ag craoladh as Gaeilge sa tír.

De réir mar a thagann na daoine iontacha sin go léir chun cinn, tá Baile Átha Cliath cosúil le maighnéad mór a tharraingíonn daoine isteach le deiseanna níos mó agus níos fearr, agus le hairgead i bhfad níos fearr, mar níl an chothromaíocht airgeadais ar an dtalamh ach chomh beag is a bheadh ag na craoltóirí iad féin sna teangacha éagsúla. Tá straitéis leanúnach de dhíth chun go mbeadh daoine ag teacht isteach, léiritheoirí, stiúrthóirí, eagarthóirí, aisteoirí, láithreoirí, agus mar sin de, agus go mbeadh na daoine sin ag teacht chun cinn go leanúnach. Níl aon rud faoin spéir a d'fhéadfaimis a dhéanamh faoi mar go mbeidh an tarraingt seo ann agus go mbeidh daoine á mealladh go Baile Átha Cliath go deo. Tá trian de dhaonra na tíre agus trian de gheilleagar na tíre, nó níos mó, lonnaithe anseo i mBaile Átha Cliath. Beidh an tarraingt sin i gcónaí ann agus caithfidh sruth a bheith i gcónaí ann ag teacht leis na daoine agus leis na scileanna sin a luaigh mé ansin. Sin an saol ina mairimid. Bheadh sé i bhfad níos measa mura raibh aon éileamh ar na daoine iontacha seo ag teacht tríd mar cad a déarfadh sé sin faoin tionscal? Caithfimid brú ar aghaidh leis agus cosúil leis an chircín rua, déanfaidh mé féin é.

Gabhaim buíochas le Susan Kirby, Gavin Halpin agus Irial Mac Murchú as a bheith linn chun cuidiú linn sa phlé seo. Tá súil agam go n-éireoidh leo amach anseo. Mar a luaigh mé, táim ag súil go mbeidh cathaoirleach nua TG4 agus an príomhfheidhmeannach os ár gcomhair am éigin an bhliain seo chugainn agus go gcuirfidh muid ansin leis an bplé seo. É sin ráite agam, cuirfimid clabhsúr leis an díospóireacht.

Ní bheidh cruinniú eile againn roimh an Nollaig agus, dá réir, tapóidh mé an deis Nollaig faoi shona agus athbhliain faoi mhaise a fhearadh roimh gach uile chomhalta den chomhchoiste, roimh fhoireann na rúnaíochta agus chomh maith céanna roimh an lucht fuaime, taifeadta agus roimh na finnéithe ar fad a bhí againn i rith na bliana agus, dár ndóigh, roimh ár lucht féachana a bhí istigh linn anseo i seomra an choiste agus rompu siúd a bhí ag féachaint ar Oireachtas TV. Gabhaim buíochas as a gcuid oibre ar fad i rith na bliana agus tiocfaimid le chéile san athbhliain. Tá an cruinniú curtha ar athló sine die.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 1.46 p.m. sine die.
Barr
Roinn