Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 15 Feb 2023

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Tá ceithre comhalta i láthair, Teachta agus Seanadóir san áireamh. Mar sin, is féidir linn an cruinniú a thosnú.

An t-ábhar atá á phlé inniu ná riachtanais bailithe agus cóireála fuíolluisce atá ag sráidbhailte agus lonnaíochtaí sa Ghaeltacht nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí fuíolluisce poiblí le gairid. Beidh sé á phlé le hionadaithe thar cheann Forbairt Chonamara Láir Teoranta. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ó Chathaoirleach an choiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh. Cuirim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt ós ár gcomhair inniu, agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Mar ionadaithe thar cheann Forbairt Chonamara Láir Teoranta, cuirim fáilte roimh an t-oifigeach forbartha, Máirín Ní Choisdealbha-Seoige; comhalta den choiste bainistíochta, Tómas Ó hAllmhuráin; agus saoiste scéim sóisialta tuaithe, Julie Uí Chualáin.

Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar ábhar na cruinnithe inniu, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagann faoi bhráid na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'finnéithe agus bhaill foirne a cinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú seo go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal ar an gcruinniú, meabhraím dóibh gur chóir go mbeadh an físeán ar siúl an t-am ar fad agus gur féidir iad a fheiceáil ar an scáthlán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ní mór a chinntiú de go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir dúinn cloí leis na moltaí maidir le níochán láimhe, fanacht ar shuíochán amháin agus chomh fada is gur féidir, an t-achar sóisialta cuí a choinneáil eadrainn.

Cuirim ina luí ar na finnéithe go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Níl finnéithe in ann braith ar an gcosaint sin má tá siad á tabhairt ó thaobh amuigh. Molaim d’fhinnéithe, go mór mhór iad siúd atá ag freastal ar an gcruinniú lasmuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh finnéithe leis an ordú sin láithreach.

Anois déanfaimid breathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim anois ar an oifigeach forbartha, Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Ba mhaith le Forbairt Chonamara Láir Teoranta buíochas a ghabháil ar dtús leis an gcoiste as an deis an ngéarchéim sa chóras séarachais poiblí a fhorbairt i sráidbhailte Gaeltachta tuaithe, ní hamháin i gConamara láir ach i nGaeltachtaí ar fud na tire as Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, an Mhí, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus ar na hoileáin, a chur i láthair.

Tá coiste pobail Charna, Chill Chiaráin, Ros Muc, Chamuis, An Chaisil, Pobal Mhám Éan, Fóram lorras Aithneach, agus go leor eile, i mbun feachtais le blianta mar gheall ar an easpa maoinithe agus dea-thola chun infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr bunúsach sa cheantair. D'fhoghlaim Forbairt Chonamara Láir Teoranta go tapa mar cheanneagraíocht pleanála teanga tríd an bpróiseas pleanála teanga an gá atá le hinfheistíocht ollmhór in infreastruchtúr bunúsach an cheantair má táimid dáiríre faoi dhul i ngleic le bánú na tuaithe sa Ghaeltacht. Gan daonra agus an t-infreastruchtúr cuí, ní bheidh aon phobal againn agus, mar thoradh air sin, beidh ár dteanga caillte go deo.

Le blianta beaga anuas, trí imní agus bród na n-oibrithe deonacha sa phobal, maoiníodh plean gnímh a chur le chéile le haird a tharraingt ar an anailís ar riachtanais le todhchaí limistéar Chonamara láir a chinntiú, ag díriú ar fhostaíocht agus ar fhorbairt fiontraíochta i gConamara láir, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá gach iarracht agus gach forbairt atá beartaithe ag brath ar an infreastruchtúr bunúsach seo sa cheantar. Chuir Forbairt Chonamara Láir Teoranta, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, tús leis an bhfeachtas Filleadh Abhaile ar na meáin shóisialta a bhí agus atá dírithe ar an diaspóra chun imircigh a mhealladh abhaile agus chun daoine a mhealladh le hathlonnú go Conamara láir. Tá ag éirí leis an bhfeachtas seo agus feicfimid daoine ag athlonnú go dtí an ceantar.

Gabhaimid buíochas leis an Rialtas as an scéim Croí Cónaithe. Faraor, is céim bheag amháin é seo chun dul i ngleic leis na ceisteanna tithíochta. Tá sráidbhailte i dtuath na Gaeltachta gan córas cóireála séarachais poiblí ag snámh in aghaidh easa chun ár ndaonra a chothú agus a mhéadú. Ar ndóigh, tá dochar breise ag baint leis seo ar fad sa phobail, go háirithe ar shaol na scoileanna Gaeltachta. Tá cúig scoil náisiúnta dúnta i gConamara láir le 30 bliain anuas agus faraor tá roinnt scoileanna eile i mbaol. Nuair a dhúnann scoil, ní féidir an mhuinín a bheith againn go n-osclóidh an scoil sin arís mura féidir linn méadú seasta a dhéanamh ar dhaonra an phobail tri infheistíocht a dhéanamh ar ár n-infreastruchtúr bunúsach.

Tá mé anseo inniu, mar oifigeach forbartha ar chomharchumann neamhbhrabúis forbairt pobail Gaeltachta, agus mar bhall de Chomhlachas na gComharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe, CCPB, ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht ollmhór leanúnach chun freastal ar riachtanais infreastruchtúr shráidbhailte tuaithe na Gaeltachta, chun ár bpobal a chothabháil agus a dheimhniú ar feadh na nglúine atá le teacht. Is rud é sin atá riachtanach má tá muid chun an Ghaeilge a shábháil agus a shealbhú mar phríomhtheanga náisiúnta s'againne. Iarraim go dtabharfar isteach an scéim caipitil agus infreastruchtúir na Gaeltachta arís agus go gceadófar clár maoinithe thar-rollta chun cabhrú linn dul i ngleic leis na dúshláin ollmhóra chun an Ghaeltacht a thabhairt slán. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste.

Iarraim anois ar Thomás Ó hAllmhuráin a ráiteas tosaigh a dhéanamh

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá srianta pleanála agus costais ardaithe, easpa tithíochta shóisialta agus tithíocht inacmhainne, affordable housing, i gConamara láir, agus i gceantair tuaithe Ghaeltachta eile, ag cur stop le daoine óga oilte fanacht ina gceantar dúchais féin agus ár muintir atá ar imirce filleadh nó athlonnú ar ais ina gceantar. Go deimhin, tá na srianta atá luaite ag brú daoine amach as a gceantair Ghaeltachta, rud a dhearbhaíonn go bhfuilimid ar ár nglúine ag iarraidh dul i ngleic leis seo Iá i ndiaidh lae, agus beidh sna blianta amach romhainn. Tá práinn le leasú ar an bhfadhb seo Iáithreach. Gan dídean, ní bheidh pobal agus ní bheidh teanga againn.

Tá gach coiste pobail i gConamara láir a tháinig le chéile le blianta beaga anuas ag iarraidh tuilleadh scéimeanna tithíochta a fháil in lorras Aithneach. Tá bac orainn mar nach bhfuil aon chóras cóireála séarachais poiblí ag ár sráidbhailte i gCarna, Cill Chiaráin, lorras Aithneach, Ros Muc agus sa tSraith Salach. I gCarna, theip ar dhuine príobháideach trí huaire iarratas a dhéanamh ar scéim tithíochta lán-déanta, turnkey, toisc nach bhfuil aon chóras cóireála séarachais poiblí ann. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag fiosrú uasghrádú na gcóras cóireála príobháideacha atá ann cheana ar an eastát tithíochta sóisialta i gCarna chun na féidearthachtaí a bhaineann le dhá nó trí aonad tithíochta eile a thógáil i gCarna. Cé go gcuirimid fáilte roimhe seo, nil sé seo chun an cheist maidir le titim an daonra a leigheas. Tá an scoil náisiúnta agus an meánscoil i gCarna, na scoileanna is mó a bhfuil borradh fúthu, ag súil lena gcuid scoileanna a fhorbairt agus, ar ndóigh, cuireann an córas cóireála séarachais poiblí deacracht ina choinne seo.

D’fhoghlaim Forbairt Chonamara Láir Teoranta, chomh maith leis na coistí agus eagraíochtaí deonacha uile i gConamara Iáir, go tapa trí rannpháirtfocht leanúnach sa phobal, taighde leanúnach agus mar gheall ar thacaíocht Údarás na Gaeltachta, chun an todhchaí a chinntiú i gConamara láir, agus nach mór am agus acmhainní infreastruchtúir maidir le fostaíocht, deiseanna fiontraíochta agus roghanna gairme a chur sa cheantar. Tá sé seo dúshlánach mar gheall ar shrianta pleanála agus ar easpa infreastruchtúr cuí, bunúsach an cheantair. Tá an easpa córas cóireála séarachais poiblí tábhachtach in ár sráidbhailte ag méadú na mbac mór i gceantair thuaithe Ghaeltachta mar gheall air seo. Td gá le ciste infreastruchtúir Gaeltachta chun todhchaí ár nGaeltachtaí agus ár ndeiseanna cruthaithe fostaíochta i gConamara láir agus i gceantair Gaeltachta eile a chinntiú amach anseo. Tá dhá mhórthogra i gConamara láir i mbaol mar gheall ar an easpa infreastruchtúir agus ar na bunriachtanais bhunúsacha atá anseo. Is iad sin Páirc na Mara agus Drioglann Chnoc Buí. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Gabhaim buíochas lena ár n-aíonna as na ráitis sin.

Fearaim fáilte roimh ár n-aíonna agus gabhaim buíochas leo as a gcur i láthair. Tá an fhadhb chéanna againne i gceantar Gaeltachta Mhúscraí chomh maith. Tá easpa córais séarachais i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus tá sé sin ag cur isteach ar thithíocht mar nach bhfuil deis ag daoine a bheith ina gcónaí sa cheantar, agus mar sin de. Beidh éifeacht aige sin, ar ndóigh, ar chúrsaí Gaeltachta. Tá sé soiléir go bhfuil Uisce Éireann ag teip glan freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta. Ní chuireann siad an Ghaeltacht san áireamh in aon chor. Bhí deis agam é sin a phlé leo arís le déanaí. Tá an comhlacht dírithe ar thruailliú, a deir sé, agus ar phointí eile ach nach mbeadh an Ghaeltacht san áireamh acu.

Cá bhraitheann ár n-aíonna féin maidir le réiteach na faidhbe seo? Luaigh Máirín Ní Choisdealbha-Seoige go bhféadfaí go mbeadh ciste Gaeltachta ann. An é sin go mbeadh a leithéid d’Uisce Éireann in ann teacht air, nó an é go mbeadh grúpscéimeanna áitiúla ann ionas go mbeadh na córais á bhforbairt ag forbróirí, ar nós an developer-provided infrastructure, DPI, a bhíodh ag na córais tithíochta? An braitheann ár n-aíonna go bhfuil an réiteach ansin nó an bhfuil tuairimí faoi leith acu mar gheall air sin? Bheadh suim agam é sin a chloisteáil uathu.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Bhí scéim caipitil d'infreastruchtúr na Gaeltachta blianta ó shin. Cuimhním féin air. Thug sé sin deis do phobail bheaga cosúil le Carna agus Cill Chiaráin cur isteach ar mhaoiniú. Is í an chomhairle contae a dhéanfadh an obair ag deireadh an lae ach bhí próiseas ann agus, ag brath ar chonstaicí difriúla, d'fhéadfadh pobal cosúil le Carna éileamh a dhéanamh ar an gciste seo agus uasghrádú a dhéanamh. Mar a tharla sé, bhí córas chun a bheith curtha i gCill Chiaráin agus i gCarna. Níl a fhios agam cén bhliain go díreach a bhí i gceist. Ghearradh an ciste sin amach agus, dá bhrí sin, níor éirigh leis na tograí sin dul ar aghaidh. Níl mé cinnte faoin mbliain a bhí i gceist ach ba chiste an-tábhachtach é ó thaobh córas séarachais, córas uisce, bóithre agus céibheanna. Bhí sé dírithe. Bhí an t-airgead ring-fenced le haghaidh na Gaeltachta. Ag an uair sin, fuair na tograí tosaíocht. Ba é an chomhairle contae a bhíodh ag láimhseáil na tograí. Mar chomharchumann - agus ní muidne an t-aon chomharchumann amháin - ba mhaith linn go mbeadh an ciste sin ar ais chun gur féidir linn éilimh a dhéanamh. Go minic, titeann muid idir dá stól ó thaobh maoiniú a théann díreach go dtí an chomhairle contae mar gheall ar an leibhéal daonra nó a leithéid. Ag deireadh an lae, ní bheidh daonra ann mura bhfuil na seirbhísí cearta agus an t-infreastruchtúr ceart ann. Is argóint é sin atá ag dul ar aghaidh le blianta beaga anuas. Tagann airgead isteach sa gcontae ach níl aon sciar curtha ar leataobh don Ghaeltacht. Táimid i gcomórtas leis na bailte móra agus, faraor, tá sé ag cruthú bánú tuaithe.

Aithním an ciste atá Máirín Ní Choisdealbha-Seoige ag caint faoi. Bhíomar féin á úsáid i gcomhair scéim na bóithre áise, do chórais uisce agus do shéarachas. Ag an am sin, mar a luadh, bhí baint ag an gcomhairle contae leis an gciste toisc go raibh sí ag déanamh na hoibre go minic. An mbeadh Uisce Éireann ábalta éileamh a dhéanamh faoina leithéid de chiste, dá mba rud é go raibh sé ann, chun tabhairt faoi scéimeanna sna dúichí? Táim ag filleadh ar ais ar an DPI. Má tá daoine toilteanach roinnt tithe a thógáil agus ag iarraidh córas séarachais sealadach a chur ar fáil, an mbeadh deis acu éileamh ar an gciste céanna chun go mbeidís ábalta freastal ar na tithe atá á dtógáil acu agus píosa a dhéanamh don sráidbhaile mórthimpeall? An bhfuil aon tuairimí ag Máirín Ní Choisdealbha-Seoige air sin? An mbeadh daoine ábalta éileamh ar an gciste seo chun córas séarachais a chur isteach i gcomhair chúpla teach iad féin?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tógfaimid Carna mar shampla mar gheall go bhfuil scéim tithíochta againn ansin agus go bhfuil deis ann roinnt leathnú a dhéanamh air sin. Tá tograí eile a mbeidh ag dul ar aghaidh i gCarna le cúnamh Dé. Mar oifigeach forbartha áitiúla, dhéanfadh sé ciall dom córas poiblí a bheith i gCarna chun freastal ar na daoine sin ar fad. Táimid ag breathnú ar scoileanna a fhorbairt toisc go bhfuil borradh ann. Tá cúpla gnólacht agus ionad cúraim leanaí ann freisin. Tá go leor seirbhísí sa sráidbhaile ach faoi láthair níl aon deis againn forbairt a dhéanamh air ó thaobh tithíochta. Tá an chomhairle contae ag breathnú ar uasghrádú beag a dhéanamh ar an gcóras atá acu faoi láthair, ag deireadh an lae, más é Uisce Éireann atá ceaptha chun a bheith ag breathnú i ndiaidh na córais sin, b'fhéidir gur ceart dó an ciste sin a láimhseáil ó thaobh na bailte beaga. Níl muid ag fáil aon deis, mar phobail bheaga, an fhorbairt sin a dhéanamh ar an talamh. Mar a dúirt mé níos túisce, táimid ag titim idir dá stól maidir le haon chiste atá ann.

Ar an gcéad dul síos, tá ceist amháin shimplí agam. Roimhe seo, bhí freagracht as an nGaeltacht agus as forbairt tuaithe ag an Roinn chéanna. Bhí ciste infreastruchtúr ag an dá rannóg agus iad i Roinn amháin a bhí curtha in áit, mar shampla, an scéim ceantair laga ard-riachtanais, CLÁR, a bhí ann do cheantair ina raibh daonra íseal. Bhí Conamara láir sa scéim sin. Bhí ciste ann do cheantair Ghaeltachta freisin mar, go traidisiúnta, bhí an t-infreastruchtúr neamhfhorbartha i go leor ceantair Ghaeltachta, go mór mór sna Gaeltachtaí is láidre. An gceapann Máirín Ní Choisdealbha-Seoige gur socrú níos fearr a bhí ansin ná an socrú atá ann anois agus an dá rannóg scartha óna chéile agus ag imirt ping-pong le fadhbanna den chineál seo ó thaobh na nGaeltachtaí de, is é sin, go bhfuil rannóg forbartha in áit amháin agus rannóg Ghaeltachta in áit eile? An mbeadh sé níos fearr an dá chúram a bheith nasctha in aon Roinn amháin?

Tá ciste curtha ar bun ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haghaidh bailte nach bhfuil córais séarachais iontu. An bhfuil an ceart agam gurb é an chontúirt atá ansin ná go mbeidh na bailte móra a luadh, Droichead an Chláirín, Creachmhaoil agus mar sin de, ag barr an liosta agus go mbeidh Carna píosa fada síos an liosta? Táimid ag iarraidh gach rud a dhéanamh droim ar ais, ag tosú sna háiteanna beaga atá in ann daoine breise a láimhseáil ach nach bhfuil ag dul ag fáil séarachais go luath. B'fhéidir go bhféadfaí ceist eile a fhreagairt ar an mbealach seo. Dá mba rud é go bhfuair Carna scéim shéarachais, ó thaobh na scoileanna de, an mbeadh siad in ann na scoláirí a láimhseáil? Ó thaobh an ionad sláinte de, an mbeadh sé in ann na hothair a láimhseáil? Ó thaobh na háiseanna spóirt, an mbeadh siad in ann déanamh le cúpla imreoir breise? An bhfuil na seirbhísí ar fáil do dhaonra níos mó? Is í an fhadhb is measa atá againn san áit ina bhfuilim féin i mo chónaí ná easpa daonra leis na seirbhísí seo a dhéanamh láidir agus le déanamh cinnte go bhfanfaidh na scoileanna ar oscailt seachas, mar atá in áiteanna eile, go bhfuil dlús daonra rómhór ag fás rósciobtha agus nach féidir scoileanna, cúram leanaí nó rud ar bith eile a fháil. Dá mba rud é go raibh breis daoine ann, an bhféadfadh an áit na daoine sin a láimhseáil? An cúnamh agus láidriú an phobail a bheadh i gceist?

Ag éirí as seo, ceapaim gur idea maith a bheadh ann go n-iarrfadh muid ar an ionad taighde atá againn féin anailís a dhéanamh. Istigh sa daonáireamh, tá liosta de chuid an Central Statistics Office, CSO, de bhailte agus lonnaíochtaí. Tá sainmhíniú ar an oifig air sin. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach cé mhéad de na lonnaíochtaí oifigiúla atá ag an CSO sa Ghaeltacht - bheadh Carna, Cill Chiaráin, Corr na Móna agus mar sin de ann - nach bhfuil scéim shéarachais ar bith iontu.

Tá ceist amháin deiridh agam. An bhfuil an ceart agam go bhfuil pobal na bhfinnéithe agus go leor pobal Gaeltachta eile sáinnithe idir gan a bheith in ann cead pleanála a fháil do thithe tuaithe, go minic de bharr go bhfuiltear ag rá nach féidir córas uisce a chur ann, agus gan a bheith ábalta bogadh isteach sa mbaile beag in aice leo toisc nach bhfuil aon séarachais ansin ach oiread? An fadhb mhór é sin atá ag coinneáil na ceantair sin siar?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Cinnte. Tá sé feicthe againn le blianta. Gabhfaidh mé siar go dtí roimh na paindéime Covid. Thosaigh feachtas le haghaidh níos mó tithíochta a chur ar fáil mar tugadh faoi deara an-sciobtha go raibh go leor daoine a rinne éileamh ar thithe sóisialta ag bogadh amach as an gceantar. Is é sin teaghlaigh ag bogadh amach as an gceantar agus daonra ag titim inár scoileanna Gaeltachta. B'fhéidir go gcuimhníonn na baill ar an bhfeachtas a bhí againn chun Scoil Cholmáin i Muigh Inis a shábháil. Tá sí fós i mbaol. Is é sin an fáth gur dhírigh an comharchumann ar an bhfeachtas Filleadh Abhaile. Tháinig roinnt daoine abhaile ach níl siad ag teacht abhaile sách tréan de bhrí nach bhfuil tithe ar fáil sa gceantar. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tithe sóisialta ar fáil sa phobal ach ní féidir iad a chur ar fáil gan an gcóras séarachais agus infreastruchtúr bunúsach. Tá an rud céanna fíor maidir le tithíocht inacmhainne. Rinne mé roinnt cainte faoin scéim Croí Cónaithe, rud a chuirim fáilte roimhe.

Feiceann muid muintireacha atá tar éis athlonnú go dtí an ceantar ag baint buntáiste as sin. Creideann muid go bhfuil ceithre iarratas beo leis an gcomhairle contae faoi láthair. Is deis iontach é sin d'aon duine atá ag iarraidh bogadh abhaile nó ag iarraidh cur fúthu sa mbaile teach a cheannach agus é a dhéanamh suas. Fáiltím roimhe sin ach níl sé sin chun chuile scoil ón gCaiseal siar go Camas a choinneáil oscailte. Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, tá cúig scoil dúnta cheana féin. Níl mise ag iarraidh ceann eile a fheiceáil dúnta ach tá feachtas ann go mbeidh péire ar a laghad nó trí cinn dúnta as sin go cúig bliana mura féidir linn bealaí a fháil chun an daonra atá againn a choinneáil sa cheantar agus daoine a mhealladh ar ais. Tá roinnt infheistíochta déanta maidir le moil Gteic ar fud na nGaeltachtaí ó Dhún na nGall go Corcaigh agus Ciarraí. Feiceann muid na deiseanna atá ann do dhaoine athlonnú sa cheantar lena gcuid post féin. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, Tomás Ó hAllmhuráin, tá go leor iarrachtaí déanta maidir le poist a fhorbairt. Tá sé sin ar fad ag brath ar chead pleanála. Feicimid romhainn ach caithfidh an t-infreastruchtúr agus an córas séarachais a bheith ann chun na tithe seo a chur ar fáil sna mbailte. Tá baic ar dhaoine aonaracha cead pleanála a fháil ar shuíomhanna leo féin. Go leor den am, is féidir déileáil leis na fadhbanna sin ach níl an oiread sin talamh le fáil níos mó so táimid ag brath ar rogha a bheith ag daoine bogadh isteach go dtí na mbailte.

Tagraím don chéad phíosa de ráiteas an Teachta Ó Cuív. Ba mhaith liom go pearsanta go mbeadh an ciste infreastruchtúir Ghaeltachta maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus go mbeadh smacht againn ar philéir éagsúla an chiste ó thaobh infheistíocht sa bpobal. Táimid ag caint faoin séarachas faoi láthair ach tá na céibheanna agus gach rud eile sa gceantar nach bhfuilim in ann cuimhneamh air chomh tábhachtach céanna.

Ó thaobh sráidbhailte Charna, Cill Chiaráin agus Ros Muc, tá an t-ádh dearg linn go bhfuil ionad sláinte againn. Tá seirbhís iontach sláinte agus scoileanna den scoth againn. Tríd obair chrua na n-oibrithe deonacha agus na gcoistí deonacha, tá airgead á thabhairt isteach sa phobal againn agus táimid féin ag déanamh forbairt ar áiseanna pobail. Is é an rud faoi sin ná go gcaithfidh sciar pobail a bheith ann. Tá sé sin uafásach deacair dúinn. Mar shampla, tá sé halla pobail sa gceantar agus táimid ag breathnú ar uasghrádú a dhéanamh orthu sin chun ráta BER níos fearr a bhaint amach agus costais fhuinnimh a laghdú sa téarma fada ach tá sé iarratas agus sé sciar pobail ag baint leis sin. Is dúshlán an-mhór é sin do phobal ina bhfuil níos lú ná 3,000 duine ina gcónaí i láthair na huaire.

Tá tábla againn anseo. An léiríonn sé sin líon na ndaoine atá ar liosta tithíochta na comhairle contae i gceantar Iorras Aithneach?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Is é an tuiscint atá agam ar an gcaoi ina leagtar amach é nach go bhfuil muid istigh le muintir na Ceathrún Rua agus an limistéar idir an Cheathrú Rua agus Cloch na Rún anois.

Is é sin An Cheathrú Rua agus na hoileáin?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Yes, na hoileáin. Téann sé suas chomh fada le Cloch na Rón ó Chasla aníos. Is rud é sin atá an-deacair a choinneáil-----

Tuigim é sin. Mar sin, táimid ag caint ar 83 teach breise ag teastáil láithreach i gceantair fhíor-Ghaeltachta Chonamara siar ó Chasla. Caithfimid na tithe a fháil agus córas séarachais a chur ar fáil dóibh. Tá an chontúirt ann go gcuirfí iad ar fáil ar An gCeathrú Rua. Ní bheidh éinne thiar sna hoileáin nó thiar ó Chamas i nGlinsce nó Sraith Salach.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Is é sin go díreach cad atáim ag rá. Tá sé tarlaithe. Déanfaidh mé tagairt do rud éigin ach níl na huimhreacha agam. Ó thaobh Shraith Salach, tá sé feicthe againn go bhfuil daoine, lánúin agus teaghlaigh an-óg tar éis bogadh amach as an gceantar agus tithe a fháil sa gClochán, in Uachtar Aird nó i Maigh Cuilinn. Níl aon rud agam i gcoinne na mbailte sin ach, ag an am céanna, tá bánú á dhéanamh ar Shraith Salach. Tuigim go maith gur category C de limistéar pleanála teanga é ach is pobal agus daonra é. Bhí fás ag teacht ar uimhreacha. Tá faitíos orm go bhfuil an saol ag casadh mar gheall ar bhrú tithíochta agus easpa seirbhísí ag brú daoine amach as na bailte. Creidim go bhfuil sé iarratas ar chead pleanála diúltaithe i Sraith Salach.

Tá ceist an-sciobtha deiridh agam. Nuair atá beagán borradh faoi phobal, tagann tuilleadh borradh, ach nuair a thosaíonn pobal ag dul síos, tagann pointe áirithe, mar a tharla sna hoileáin fadó nuair a bhánaíodh ar fad iad, nuair a thosaíonn daoine ag éirí amach as an gceantar. Tá sé sin leochaileach go leor. Tá an borradh fíorthábhachtach. Molaim rud amháin faoi na finnéithe ar fad. Tá mise i gcónaí ag cur comhairle ar phobail tuaithe caint faoi na buntáistí faoin gceantar. Ba chóir na fadhbanna a lua cinnte ach ba chóir a rá go mba áit iontach le cónaí ann dá bhfaighfí cúpla rud áirithe. Caithfear a bheith dearfach faoin bpobal ina bhfuil tú ag cónaí. Is é an mothú atá mise ag fáil ó na finnéithe ná go bhfuil siad ag rá go bhfuil borradh iontach ina gceantar, go bhfuil fonn ar dhaoine cur faoi ann agus go bhfuil deiseanna acu. Tá siad ag rá go bhfuil siad ag cruthú fostaíochta, go bhféadfaí tuilleadh a chruthú ach na daoine a fháil agus go gcaithfidh siad an bunstruchtúr a fháil chun na daoine a fháil. Tá siad ag rá gur áit iontach a bheadh ann le cónaí dá mbeadh na rudaí sin ann. An bhfuil an tuiscint cheart faighte agam?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Is áit iontach é le cónaí ann. Chruthaigh muid é sin maidir leis an bhfeachtas Filleadh Abhaile. Táimid bródúil as an bhfeachtas sin, a bhfuair muid gradam as. Cuireadh Conamara láir ar an mapa. Is é an faitíos atá orainn anois ná nach bhfuil muid in ann an daonra atá againn a choinneáil seachas tuilleadh a thabhairt isteach. Tá próifíl dhifriúla ag na daoine agus na teaghlaigh. Ba mhaith le dream amháin teach nua a thógáil agus ba mhaith le dream eile teach, agus b'fhéidir teach inacmhainne, a cheannach. Caithfidh na roghanna sin a bheith ar fáil do na pobail sa gcaoi go bhfuil muid in ann déileáil leis an mborradh atáimid á lorg don cheantar. Faoi láthair, tá cúpla togra idir lámha ag an gcomharchumann. Mar shampla, rinneadh forbairt ar Chlub Mara Chonamara Láir anuraidh. Tá ag éirí thar cionn leis. Táimid ag obair chun daoine a choinneáil sa cheantar ach tá teaghlaigh á mbrú amach as an gceantar. Is é sin an dochar atá á dhéanamh. Ní hé sin an teachtaireacht atáimid ag iarraidh cur amach as Conamara láir. Táimid ag iarraidh na geataí a choinneáil oscailte.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn tráthnóna agus cuirim fáilte rompu. Is í seo an fhadhb atá ag áiteanna eile sa Ghaeltacht agus, mar gheall air sin, an fhadhb atá ag an nGaeilge. Sna háiteanna ina bhfuil an teanga is láidre, tá cuid de na scoileanna i mbaol. Is fadhb mhór í sin. Luadh go bhfuil 51 muintir as an Úcráin sa phobal i gCarna. An bhfuil na páistí atá ina measc ag freastal ar scoileanna sa cheantar nó ag dul go dtí an Clochán? B'fhéidir go bhfuil meascán idir na daltaí meánscoile agus na daltaí bunscoile, an bhfuil?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tagann na huimhreacha atá againn ón daonáireamh.

Tháinig na muintireacha sin ina dhiaidh sin.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tháinig an chéad dream le bogadh isteach sa cheantar roimhe sin. Tá forbairt tagtha ar an uimhir sin anois. Tá níos mó curtha fúthu. Tá na gasúir óga ag freastal ar an ionad cúraim leanaí agus ar na scoileanna i Muigh Inis agus Carna. Mar gheall ar an leibhéal oideachais a bhí ag na déagóirí, rinneadh socrú córas iompair go dtí an Clochán a chur ar fáil dóibh mar gheall go raibh an iomarca bac ann ó thaobh na teanga de agus don scoil féin. Ní hé sin le rá nach bhfuil siad lánpháirteach. Tá siad rannpháirteach in imeachtaí an phobail ach tá siad ag fáil a gcuid oideachais ar an gClochán. Is iad sin na déagóirí is sine. Maidir leis na páistí níos óige, tá duine sa naíonra, beirt sa naíolann, duine sa scoil i gCarna agus cúigear sa scoil i Muigh Inis. Tá na figiúirí sin ó bharr mo chinn agus muid ag caint.

An bhfuil siad ag déanamh go maith?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tá. Tá siad ag tosú ag foghlaim Gaeilge.

Is iontach é sin. Luaigh Máirín Ní Choisdealbha-Seoige an scéim Croí Cónaithe. D'athraigh muid coinníollacha na scéime sin chun go mbeadh sí feiliúnach do scéimeanna faoin tuath. Is rud tábhachtach é sin agus is deas é a chloisteáil go bhfuil sé ag feidhmiú go maith. Tá fadhbanna in áiteanna eile cosúil le Cloch na Rón. Tá daoine le hairgead ag piocadh suas tithe san áit mar thithe saoire. Is fadhb eile í sin. Bhí muid ag cruinnithe i gCloch na Rón agus an Mám le déanaí agus d'fhiafraigh mé de phríomhfheidhmeannach agus foireann bainistíochta na comhairle contae cén fhís atá acu do cheantair cosúil le Cloch na Rón agus an Mám. Cuirfidh mé an cheist chéanna faoi cheantar na bhfinnéithe. Cén fhís atá ag an gcomhairle contae, ag an údarás agus ag polaiteoirí?

Tá mé ag caint dom féin ach sílim go mbeadh an freagra céanna ag chuile dhuine. Teastaítear go mbeidh ceantair láidir againn atá beo le daoine, go mór mór daoine óga, agus go mbeidh na huimhreacha láidir sna scoileanna agus rudaí mar sin. Tá na seirbhísí seo tábhachtach. Bhí scéim séarachais luaite 20 bliain ó shin do cheantar Charna-Chill Chiaráin. Sílim go raibh sé mar phlean ag an am ceann amháin a thógáil idir an dá bhaile, ach nílim cinnte faoi sin. B'fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos simplí ceann a thógáil i gCarna agus ceann eile a thógáil i gCill Chiaráin. Níl mé cinnte ach níl mé cáilithe é sin a fhreagairt.

Tá cúpla pota i gceist anseo idir Uisce Éireann, Údarás na Gaeltachta, an chomhairle contae agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin in ann oibriú lena chéile agus plean a chur le chéile chun na scéimeanna sin a thógáil, go mór mór i gCarna agus i gCill Chiaráin. B'fhéidir go mbeimid mar pholaiteoirí áitiúla in ann na heagraíochtaí sin a thabhairt le chéile agus na ceisteanna sin a phlé leo. Tá sé éasca don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail €200,000 a thabhairt do thogra amháin agus €200,000 do thogra in áit éigin eile, srl., agus i gceann tamaill, beidh €1 milliún curtha ar fáil. Is é sin a rud a theastaíonn chun infreastruchtúr tábhachtach a thógáil san áit seo i gConamara. Tá a lán déanta le tamall anuas. Tá siad ag déanamh na hoibre thart ar Loch Coirib agus in áiteanna ina bhfuil an fuíolluisce ag dul amach san fharraige. Tá pleananna ann do Chloch na Rón agus don Cheathrú Rua ach teastaíonn an comhoibriú sin idir na heagraíochtaí Stáit go léir atá ag feidhmiú i gConamara láir. An aontaíonn na finnéithe leis sin? An mbeidís sásta tacú leis an moladh sin?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Is cinnte go gcaithfear comhoibriú a bheith ann idir na rannóga éagsúla agus na Ranna éagsúla maidir leis an bhfís ó thaobh ceantair thuaithe agus go háirithe ceantair Ghaeltachta. Tá muidne faoi láthair sa phróiseas plean gnímh a chur le chéile le haghaidh Conamara láir. Tá sé seo mar pháirt de dheontas reachtúla Údarás na Gaeltachta. Tá an t-aiseolas atáimid ag fáil an-spéisiúil mar gheall, ag deireadh an lae, go dtagann cead pleanála, tithíocht agus scoileanna ar ais san aiseolas. D'eagraigh Gaeloideachas ceardlann eolais le gairid i measc na ngasúr óg i gceantar Chonamara láir - na gasúir sa pharóiste atá i rang a cúig agus rang a sé agus sa chéad bhliain. Tá tuairimí acu maidir le cead pleanála, tithíocht, iascaireacht, feirmeoireacht agus scoileanna. Tá siad sin bródúil as an áit. Ag deireadh an lae, creidim agus creideann an comharchumann go bhfuilimid ag titim dhá stól ó thaobh maoinithe agus go gcaithfear ciste a bhunú don Ghaeltacht le díriú leis na bailte seo a shábháil - Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Corr na Móna agus na bailte thuas i nDún na nGall. Ní muid amháin atá buailte. Tá go leor ceantair Ghaeltachta, bailte beaga Gaeltachta, buailte. Tá brú orthu ó thaobh daoine atá ag iarraidh bogadh isteach. Tá siad bogtha isteach go dtí An Cheathrú Rua, An Clochán agus Maigh Cuilinn. Táimid ar aon rún ag iarraidh na scoileanna a choinneáil oscailte ach níl na daoine ann. Ag an am céanna, tá sé idir rannóga difriúla. Tá mise ag bualadh ar chuile dhoras mar oifigeach forbartha. Dá mbeadh ciste lárnach ann don Ghaeltacht, dhéanfadh sé rudaí i bhfad níos éasca agus bheadh sé níos éasca an fhís sin a chur le chéile le haghaidh na Gaeltachta.

Déanann sé sin ciall, más féidir an ciste sin a fháil. Is í sin an cheist. An bhfuil díomá ar na finnéithe faoi na fadhbanna ó thaobh chead pleanála i dtograí cosúil le Páirc na Mara?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá. Bhíomar ag breathnú air sin. Beidh an tithíocht ann. Beidh na córais phoiblí ann le haghaidh séarachais agus chuile shórt ach, ag an am céanna, caithfidh tú an fhostaíocht a thabhairt isteach freisin. Caithfear an dá rud sin a dhéanamh. Tá sé fíorshimplí. Má tá tú ag iarraidh áit nó rud ar bith a choinneáil beo, má tá obair ann, tiocfaidh sé ann. B'fhéidir go bhfuil an daonra rúinín beag lag anois ach seo mar atá sa film sin a bhí ag Robert Redford, "build it and they will come". Má tá an rud againn, táimid in ann an dream atá ann a choinneáil agus tuilleadh a tharraingt isteach ann.

Tá an Seanadóir ag caint faoin airgead. Is cuma cé chomh mór agus atá an pota, ba cheart go mbeadh duine nó dream amháin á roinnt amach. Má tá dream amháin anseo agus dream eile ansiúd, tá chuile dhuine ag tarraingt an tseirbhís as a chéile. Teastaíonn duine amháin a bheith i gceannas ar an rud sin. Tá go leor airgid caite ar an nGaeilge - ar an bpleanáil agus ar na straitéisí. Caithfear aire a thabhairt don Ghaeltacht agus na tuaithe uile ar fud fad chósta iarthar na hÉireann. Beidh sé bánaithe uile ar ball agus beidh chuile dhuine i mullach a chéile istigh sna bailte móra. Beidh ganntanas tithe sna bailte móra agus beidh siad dúnta amuigh faoin tuath. Tá sé an-simplí. Má tá obair agus infreastruchtúr ann, mairfidh chuile duine amuigh ann. I rith aimsir an Covid, bhíodh chuile dhuine ag dul amach faoin tuath. Bhí siad ag iarraidh dul amach ann mar go raibh a fhios acu go raibh áit dheas ann le maireachtáil ach anois tá Covid imithe agus táimid ag titim siar arís. Caithfimid dúisigh suas nó caithfimid réabhlóid mhór a bheith sa tír - ceann éigin den phéire.

All right. Fágfaimid ansin é.

Gabhaim leithscéal as bheith déanach. Bhí mé sa Chathaoir sa Dáil. Cuirim fáilte chroíúil roimh na finnéithe. Tá an ráiteas tosaigh léite agam. Tá sé leagtha amach go neamhbhalbh i ndáiríre, is é sin, go bhfuil easpa infreastruchtúir ann. De bharr na heaspa sin, ní féidir tuilleadh forbartha a mhealladh. Tá sé soiléir. Níl a fhios agam cad iad na ceisteanna atá agam. De ghnáth, bíonn neart ceisteanna agam. Tá sé leagtha amach anseo, ach cén fáth nach bhfuil sé tarlaithe i ndáiríre? Is í sin an cheist. Tá obair na gcapall déanta ag an gcoiste sa cheantar tuaithe faoina gcúram.

Bhíomar ag cruinniú Dé hAoine seo caite i dTír an Fhia i gCeantar na nOileán ó thaobh easpa uisce le n-ól. Tá séarachas amh ag dul isteach san fharraige. Tá na finnéithe ag streachailt le hinfreastruchtúr nach bhfuil caoi don fheidhm. Cad is féidir a rá, i ndáiríre, seachas buíochas a ghabháil leis na finnéithe? Tá sé soiléir go bhfuil an fhreagracht orainne. Beidh orainn an brú a choinneáil. Tá na finnéithe ag rá go soiléir go bhfuil ciste faoi leith ag teastáil. Is é sin an moladh is láidre atá ag teacht amach. An féidir soiléiriú a thabhairt faoi sin? Tá Údarás na Gaeltachta ann. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ann. Tá an Industrial Development Authority, IDA, agus Enterprise Ireland, EI, taobh amuigh ach, anois is arís, bíonn ról acu freisin. Cad atá tarlaithe anseo?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tríd an phlé agus an próiseas chruinnithe poiblí agus comhairleoireacht, tháinig sé ar aghaidh an-soiléir. Níl an bun-infreastruchtúr ceart sa cheantar. Níl sé suas go caighdeán. Chun aon rud a dhéanamh, caithfimid déanamh cinnte an maoiniú caoi a fháil isteach sa cheantar mar chomharchumann. Ag deireadh an lae, téimid ó dhoras go doras ag cuardach maoinithe. Bhí uair ann go raibh ciste Gaeltachta ann agus bhí an t-airgead le haghaidh na Gaeltachta. Bhí sé ar fáil do na ceantair Ghaeltacht ó Dhún na nGall go Corcaigh nó Ciarraí. Ar a laghad, bhí fís ann le haghaidh infreastruchtúr a thabhairt suas go dáta nó go caighdeán agus breathnú ar phleananna áitiúla forbartha ó thaobh cén chaoi cur leis sin agus méadú caoi a dhéanamh chun déanamh cinnte go mbeimis in ann an daonra a choinneáil sa cheantar.

Feictear pobal agus teaghlaigh ag fágáil mar gheall ar easpa tithe sóisialta. Tá a fhios agam cén uair go díreach a d'fhág an teaghlach as Muigh Inis le haghaidh teach sóisialta áit éigin eile. Sin é nuair a thosaigh ár dtrioblóidí i Muigh Inis. Tá Scoil Cholmáin i Muigh Inisi mbaol mar níl aon ghasúr i gceantar Mhuigh Inis.

Caithfimid smaoineamh go bhfuil an rud céanna ag tarlú i Ros Muc. Go dtí go bhfaighimid ciste maoinithe leis na seirbhísí atá againn a thabhairt suas go dtí grád nó a mhéadú, sa chaoi go bhfuilimid in ann an fhorbairt chuí a dhéanamh agus an daonra a chothú, táimid ag dul timpeall i gciorcail. Tá an t-údarás ag déanamh a mhíle dícheall ach níl aon chiste maoinithe don Ghaeltacht le haghaidh infreastruchtúir. Tá sé don chontae ar fad. Táimid i gcomórtas leis na bailte eile, ina measc bailte atá níos mó. Níl mé ag caitheamh anuas ar aon bhaile.

Níl an Ghaeltacht i gcomórtas leis na bailte eile maidir le hÚdarás na Gaeltachta.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Níl.

Tá Údarás na Gaeltachta dírithe go sonrach ar an gceantar Gaeltachta. Tá ról faoi leith aige.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tá, ach níl aon chiste aige le haghaidh rudaí cosúil le córais séarachais agus infreastruchtúir bhunúsaigh an cheantair. Is ciste caipitil a theastaítear, mar a bhí ann, faoi scairt na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus na scéime CLÁR. Bhí scéimeanna áiseanna agus céanna ann. Bhí an t-airgead sin ring-fenced don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus is é an chomhairle contae i ngach uile chontae Ghaeltachta a dhéanfadh an obair nó a gcuirfeadh an obair seo amach ar chonradh.

Bunaíodh an coiste seo in 2016 nó 2017. Tá sé ann mar bhunchoiste anois. Bíonn na téamaí ceannann céanna ag teacht anuas arís agus arís eile i ngach Gaeltacht. Ba é an rud ba mhó a chuir tuismitheoirí na Gaeltachta agus dreamanna eile os ár gcomhair ná an gá práinneach le treoracha ó thaobh tithíochta agus forbartha de. Níl siad againn fós, faraor. Díreach agus mé ar mo bhealach anseo, dúirt an tAire Stáit liom go mbeidh na treoracha ann i gceann cúpla mí. Bhí preasócáid nó rud mar sin ar siúl agus dúirt sé go mbeidís ann. Is easpa mhór é nach bhfuil na treoracha againn. Tá easpa tithíochta ann. Tá tithe ann atá tréigthe. Bhí na figiúirí againn do Cheantar na nOileán. Ní a fhios agam faoi na finnéithe. An bhfuil siad ag na finnéithe?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá.

An bhfuil siad chomh dona leis na figiúirí a bhí againn do Cheantar na nOileán?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá mise in ann insint don Teachta, go hionraic, i dtréimhse trí mhíle go bhfuil 30 teach dúnta ann. Tá sé sin as Doire Iorrais go Cill Chiaráin. Níl ann ach 3 mhíle bealach agus 30 teach ansin atá dúnta. Tá cúpla ceann atá díolta le gairid. Díoladh cuid acu. Ní ag caitheamh anuas ar bith é ach daoine ab ea iad a bhí ar an bpinsean agus a raibh airgead mór acu. Bhí siad in ann na tithe seo a cheannach leis iad a dhéanamh suas, ach níl an obair ná an t-airgead ag na gnáthdhaltaí a bhíonn ag teacht amach ón choláiste nó ag tosú le haghaidh airgead a fháil leis na tithe sin a cheannach. Céard atá siad sin ag déanamh? Tá siad ag dul ag fáil ticéad. Tá siad ag tosú ag dul go dtí an Astráil arís nó ar ais go Meiriceá. Is é sin an áit a bhfuil an rud ann.

Bhí an Teachta ag caint ar Údarás na Gaeltachta. Bhí mé ag troid leis agus tabhairt amach faoi, ach nuair a thriaileann sé rud a dhéanamh, tá baic curtha air i dtaobh pleanála agus rudaí eile. Caithfear rud éigin a thabhairt isteach, nuair atá rudaí ag dul chun cinn, nach mbeidh baic á gcur air i dtaobh pleanála. Má tá an obair ann agus rudaí á gcur chun cinn, fásfaidh sé as a chéile. Tá chuile rud de na rudaí seo ceangailte le chéile.

Aontaím leis na finnéithe ach, ag an am céanna, tá a gceantair ag bánú. Tá bánú ann. Tá siad bánaithe; bhuel, tá sé sin beagáinín romhainn. Tá fadhb mhór ann.

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá.

Go teoiriciúil, tá Údarás na Gaeltachta ann le fada an lá. Tá sé go hiontach agus tríonóid na freagrachtaí air, is iad sin, pobal, teanga agus fostaíocht. Tá na trí rud fite fuaite le chéile. Tá an t-údarás ag streachailt le fada, áfach, de bharr easpa acmhainní iad féin. Tá sé beagán feabhsaithe anois ach ag streachailt go fóill atá sé. Tá ról faoi leith aige maidir le haighneachtaí a chur isteach ó thaobh chúrsaí tithíochta agus pleanála. Tá ardmholadh tuilte ag Údarás na Gaeltachta. Níl mé anseo chun an t-údarás a cháineadh, go háirithe an tseachtain seo, agus an fógra maidir leis an ionad nua óige agus oideachais eisithe. Is iontach an rud é ach is dócha go bhfuil easpa acmhainní ann.

Dhírigh Údarás na Gaeltachta isteach ar fhostaíocht i gcuid de na ceantair ach rinne sé neamhaird, i ndáiríre, ar chúrsaí tithíochta. Níl sé d’acmhainn aige é a dhéanamh ach ba chóir dó é a ardú agus é a chur os comhair na comhairle contae go mbeidh an Ghaeltacht bánaithe má leanann an chomhairle ar aghaidh leis na pleananna atá aici. Is dócha nár bhain an t-údarás úsáid as an mbealach sin chun a rá go bhfuil gá le tithe. Ba cheart ár ndualgas faoin athrú aeráide a thabhairt isteach chomh maith. Tá gá le lonnaíocht sa cheantar, sna Gaeltachtaí ar fad, agus go háirithe i gceantar na bhfinnéithe. Tá gá le lonnaíocht agus tithe mar ní féidir an teanga a shábháil mura bhfuil daoine ag maireachtáil ann.

Tá mé anseo ó 2016 ag éisteacht leis an rud ceannann céanna. Cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú? Cad atá ag teastáil anois? Is dócha go bhfuil ionracas ag teastáil, i dtús báire, go bhfuil géarchéim ann. Ní féidir leanúint ar aghaidh gan treoracha maidir le cúrsaí tithíochta agus pleanála. Is easpa ollmhór é sin. Cad é an réiteach? An é an réiteach an rud atá á lorg ag na finnéithe, is é sin, ciste caipitil agus infreastruchtúir faoi leith? An é sin an réiteach a fheiceann na finnéithe?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Is é. Is é an chéad rud a gcaithfidh a bheith ann ná an t-airgead agus ansin, caithfear Comhairle Chontae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a cheangail isteach agus duine cinnte a bheith ina mbun sin a bhfuil freagrach. Ag deireadh an lae, níl aon ghanntanas airgid sa tír seo.

Níl, faoi láthair. Tá sé ráite go mion minic linn.

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Caithfear freagracht a bheith ann maidir leis an mbealach a bhfuil an t-airgead á chaitheamh. Mura bhfuil an t-airgead caite i gceart, is é sin an áit a bhfuil an rud is mó ann. Tabharfaidh mé fíorshampla don Teachta. Tabharfar ciste airgid don chomhairle contae ag tús na bliana le haghaidh an oireadh seo obair a dhéanamh, ach nuair a bheidh an lá fada agus an aimsir bhreá, níl mórán á dhéanamh. Ag teacht gar go deireadh na bliana, beidh rás mór ag iarraidh an t-airgead a chaitheamh ionas nach rachaidh sé ar ais ag an Rialtas arís. B'fhéidir nuair a chuirfear amach arís é an bhliain dár gcionn nach bhfuil an t-airgead ag teacht ar ais san áit seo. Sin í an fhreagracht. Má tá mo leithéid in ann é sin a fheiceáil, ba cheart go mbeadh an dream atá i gceannas in ann é a fheiceáil.

Chun bheith féaráilte chun an gcomhairle contae, tá sé curtha os ár gcomhair leis na blianta anois nach bhfuil a ndóthain airgid acu agus go bhfuil siad thíos ó thaobh acmhainní, in ainneoin go bhfuair siad cúpla milliún. Tá siad thíos. Is dóigh go bhfuil easpa físe agus easpa aitheantais go bhfuil an Ghaeltacht i dtrioblóid mura ndéanaimid rud go sciobtha ó thaobh cúrsaí tithíochta, lonnaíochta agus infreastruchtúir ar an talamh. Aontaím leis na finnéithe. Cloisim an méid atá ráite acu ó thaobh ciste faoi leith. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca agus go bhfuil neart oibre taobh thiar den chur i láthair seo agus teacht os ár gcomhair. Tá mé buíoch.

Bheadh anailís beagáinín dhifriúil agam ón anailís atá ag an Teachta Connolly.

An raibh anailís agam? Cheap mé go raibh ceisteanna agam.

Ba chineál anailíse a bhí sna ceisteanna.

Tá sé soiléir go mbíonn na Ranna cearta ag plé leis seo. Is í an fhadhb atá leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ná go bhfuil freagracht aici as an tír ar fad. Lena cheart a thabhairt don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chuir sé ciste ar leith ar fáil do bhailte nach bhfuil séarachas iontu. Is í an fhadhb a bhaineann leis sin, áfach, ó mo thaithí réasúnta fada ag plé i mbun forbartha Gaeltachta i dtosach agus ansin mar pholaiteoir, ná go mbeidh an Stát don chéad uair le fada, le deich mbliana, ag cur séarachais isteach in áiteanna nach bhfuil séarachas iontu, ach tosóidh gach comhairle contae san áit is mó sa chontae.

Is í an fhadhb atá againn sa Ghaeltacht agus sna ceantair CLÁR ná gurb iad na háiteanna is lú sna contaetha a bhíonn i gceist.

Nach sin í an fhadhb? Feictear domsa go bhfuil dhá bhealach aniar aduaidh ar an bhfadhb sin. An chéad cheann ná trí CLÁR mar baineann CLÁR le ceantair a chaill níos mó ná 40% dá ndaonra ó 1926. Sílim gur laghdaíodh é sin go 30% ach baineann sé le ceantair a chaill daonra ó 1926 agus a chaill go trom é. Mar sin, is ceantair ar nós iarthar Chonamara atá i gceist. Tá dhá bhealach ag CLÁR feidhmiú. Bhí scéim séarachais ag CLÁR agus ní raibh aon airgead ag teacht ón Rialtas ach bhí scéimeanna uisce ann agus bhí muid ag meaitseáil airgid ón Rialtas. Dá mbunófaí scéim CLÁR amárach agus dá ndéarfadh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail “do chuile phunt den chiste a fhaigheann sibhse as Baile Átha Cliath le haghaidh bailte gan séarachas, cuirfidh muid euro isteach chomh fada is go ndéanann sibh i gceantar CLÁR é”. An gcuideodh sé sin? Go tobann, ní chosnódh sé ach leath an airgid é a dhéanamh i gCarna le hais é a dhéanamh i gCreachmhaoil nó i nDroichead an Chláirín nó aon bhaile nach raibh sna ceantair CLÁR ar fud na tíre.

An dara bealach a bhí ann i mo thréimhse ná go raibh ciste maith infreastruchtúr ag Roinn na Gaeltachta, ní ag an údarás. Bhí sé i bhfad níos fearr é a choinneáil sa Roinn mar bhí i bhfad níos mó go bhféadfá déanamh leis. Ní dhearna muid séarachas mar go raibh CLÁR á dhéanamh ag an am. Rinneadh, mar shampla, an Éill agus an Chrois in aice liom féin. Bhí Comhairle Contae na Gaillimhe an-mhall ag forbairt scéimeanna ach bhí sé mar a bhí sé. Sa chás nach raibh an scéim CLÁR á dhéanamh sin, bheadh sé déanta agam faoi Roinn na Gaeltachta. Rinne mé uisce faoi Roinn na Gaeltachta. Is rud mar sin atá na finnéithe ag caint air. Sílim go dtugann an t-údarás ceantair thearcfhorbartha ar na ceantair seo. Teastaíonn rud a bheadh dírithe. An fhadhb atá ann ná cost-benefit analysis. Má úsáidtear cost-benefit beidh an áit le daonra i gcónaí ar aghaidh ar an áit gan daonra. An rud a rinne CLÁR ná an cost-benefit a chur bunoscionn mar thug sé 50% den mhaoiniú agus bhí sé dírithe ar cheantair gan daonra. Rinne sé sin an rud níos saoire don mháthair-Roinn agus go tobann tiontaíodh an cost-benefit ar a chloigeann. An é sin an cineál rud atá i gceist?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Is é, go cinnte. Bhí Cill Chiaráin agus Carna oilte don scéim sin, is dóigh 20 bliain ó shin-----

Is 15 bliain ó shin a bhí sé.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

An ea? Thit siad idir dhá stól ó thaobh na scéimeanna agus ní dheachthas ar aghaidh leo. Ag deireadh an lae, dá rachadh siad ar aghaidh an t-am sin, bhí obair iontach déanta ag na coistí áitiúla maidir leis na suíomhanna seo a fhorbairt. Sin na suíomhanna céanna atáimid ag breathnú ar fhorbairt inniu.

Ó thaobh tithíochta de, is iad na ceisteanna céanna atá ann. Ní raibh mise i mo phost ag an am. Is timpeall an ama sin a bhog mé go Conamara láir. Bhí mise ar dhuine de na daoine a bhog go dtí an ceantar. Ag an am, bhí cúpla lánúin ag bogadh ar ais chuig an mbóthar ag an am céanna. Is muidne a choinnigh scoil Charna ag imeacht ag an am. Bhí orainn troid - b’fhéidir go gcuimhneoidh cúpla duine air seo - agus bus scoile a fháil mar go raibh scoil Mhaírois, an scoil is gaire dúinn, dúnta. Chaithfeadh ár ngasúir dul ag an scoil i gCarna agus bhí an oiread sa cheantar ag freastal ar scoil Charna go raibh muid oilte le bus scoile, rud a bhí iontach. Tá na gasúir sin fásta suas anois agus is déagóirí iad. Chun an borradh sin agus na lánúineacha óga sin a fháil ar ais sa cheantar, caithfimid deiseanna a thabhairt dóibh le haghaidh tithe inacmhainne nó tithe sóisialta do na daoine atá á gcuardach. Caithfimid teacht suas le réiteach an-sciobtha mar táimid ag cailleadh an chatha. Tá na scoileanna i dtrioblóid. An nóiméad gur thosaigh teaghlaigh ag bogadh as an gceantar mar gheall ar thithe sóisialta, sin an uair a bhí an trioblóid ann, mar ní raibh aon tithe sóisialta le fáil agus ní raibh aon spás leis an bhforbairt sin a dhéanamh.

Creidim féin gur fiú dúinn iarraidh ar an ionad taighde san Oireachtas an taighde beag sin a dhéanamh. Sé sin, ba chóir dúinn iarraidh air na lonnaíochtaí oifigiúla atá ag an CSO, an Phríomh-Oifig Staidrimh, nach bhfuil scéim séarachais ann a liostáil ó Oileán Thoraí síos go hOileán Chléire agus soir siar. Is dóigh liomsa go mbeadh an t-eolas sin úsáideach dúinn.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Bheadh, cinnte.

An é liosta atá i gceist?

Tá liosta de bhailte sa daonáireamh. Tá sainmhíniú ag an CSO ar céard atá i mbaile, lonnaíocht nó baile beag. Tá mé ag ceapadh go mbeadh a fhios acu siúd cé acu dóibh sin nach bhfuil aon scéim séarachais ann. Dá mbeadh sé sin againn, bheadh a fhios againn cé chomh fairsing is atá sé seo mar fhadhb sna ceantair Ghaeltachta, na hoileáin san áireamh.

Is féidir linn an taighde sin a dhéanamh.

Labhróidh mé leis an Leas-Chathaoirleach faoi arís.

Tá nóta againn. Gabhaim buíochas leis an Teachta as sin. An bhfuil aon cheisteanna eile ag comhaltaí?

Tá na finnéithe in bhur gcónaí sa cheantar. Cad atá ag teastáil i ndáiríre? Tá a fhios agam go bhfuil sé seo pléite. Tá mise ag cailleadh mo mhisnigh, agus níl mise i mo chónaí ann, ag éisteacht le dream i ndiaidh dreama ag teacht os ár gcomhair. Go bunúsach, cad atá ag tarlú anseo?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá an freagra fíorshimplí. Is gearr go mbeidh mise 60 bliain d’aois. Tá mé 22 bliain tagtha ar ais ó Shasana. Thug mé féin agus mo bhean cúigear gasúir anall as Sasana agus rugadh duine eile anseo dúinn. Nuair a bhí mise ag dul ar an scoil, i naoi dteach bhí 49 gasúr. As na 49 gasúr sin níl ann anois ag cúigear agus tháinig triúir acu ar ais. As 49 gasúr, níor fhan san áit ach beirt. An chlann a thug mise ar ais táimid uilig san áit chéanna arís agus an triúir eile a bhí ann. Tá bunscoil, meánscoil agus ollscoil déanta acu. Tá muidne ag cur oideachas orthu sin le hiad a réiteach ach céard a choinneoidh iad sin istigh i bpobal Iorras Aithneach?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tithe agus obair. Tá mé á rá sin ó tháinig mé abhaile in 2000. Má tá obair ann agus na tithe ann, beidh na daoine ann agus forbrófar an áit. Leis an airgead atá caite againn ar an nGaeilge agus ar chuile rud anuas trí na blianta, tá mé ag éisteacht le straitéis na Gaeilge agus straitéis 20 bliain agus chuile shórt eile. Tá an t-airgead caite ach níl aon ghnó ann. Sin an áit a bhfuil an fhreagracht. Má tá obair agus na bunstruchtúir ann, mairfidh chuile shórt agus na tithe a bheith in éineacht leis sin. Ceanglóidh chuile cheann acu isteach le chéile. Tá sé chomh simplí leis sin. Is mó oibre a bhí thiar ansin sna 1980idí ná atá ann anois. Tá muidne ag cur oideachas ar ár gclann agus ag caitheamh airgead mór orthu le hiad a chur ar leas go háit éigin eile.

Tá sé soiléir an rud atá ag teastáil. Is dócha gur mo cheist ná cén fáth nach bhfuil sé tarlaithe. Tá an Teachta Ó Cuív ag spochadh asam anseo. Cén fáth nach bhfuil sé tarlaithe, i ndáiríre?

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Nach bhfuil mé tar éis é a rá leis an Teachta? Maoiniú. Níor caitheadh an t-airgead ann leis na monarchana nó na rudaí seo a dhéanamh. Tóg Parkmore istigh i nGaillimh. Níl a fhios cé mhéad duine as an bpobal s’againne atá lonnaithe i nGaillimh nó atá ag taisteal isteach go Gaillimh le bheith ag obair i bParkmore. Tóg Boston Scientific, mar shampla. Tá siadsan ag déanamh stuif san áit sin. Dá mbeadh bunchomhlacht acu amuigh i bPáirc na Mara, mar shampla-----

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

-----agus cuid den stuif atá siad ag déanamh i bParkmore á dhéanamh ansin, d’fhéadfadh an dream atá ag taisteal a bheith amuigh ansin.

Táimid ag teacht timpeall anois ar na cúiseanna. Ag dul siar, chuir siad gach rud isteach sa Pháirc Mhór i nGaillimh in ainneoin an tranglam tráchta agus gach rud, agus níor chuir siad a dhóthain ar an taobh eile den-----

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Ar an taobh eile den rud.

Tá fadhbanna bunúsacha ag dul siar de bharr polasaithe éagsúla.

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Ansin nuair atá na táirgí sin déanta-----

Lig mé do na finnéithe caint. Bhí mé díreach ag iarraidh é a oibriú amach.

Níl mé ag easaontú leis na finnéithe. Cé mhéad uair ar féidir linn suí anseo ag éisteacht le dreamanna ag rá linn go bhfuil fadhbanna ann? Ní mór dúinn teacht timpeall agus a rá “Jesus, cad atá ag tarlú anseo?”

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Mar a dúirt mé faoi Boston Scientific, mar shampla, dá mbeadh an stuif sin agus na páirteanna sin déanta i bPáirc na Mara, bheadh an dream atá ag taisteal ar an mbóthar go Gaillimh coinnithe san áit sin. Thógfadh sé an trácht den bhóthar. Tá chuile dhuine ag caint ar an aeráid. I leaba 20 carr a bheith ag dul isteach ní bheadh ag dul isteach ach carr amháin nó veain leis an stuif atá déanta a thabhairt isteach.

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Tá an rud uilig coinnithe istigh agus béim curtha ar na bailte móra. Chaithfeadh sé go bhfuil sé sin ag teacht ón Rialtas.

Sin cuid den fhadhb.

Tá na figiúirí a thug na finnéithe spéisiúil. I gCeantar na nOileán, bhí méadú 3.3% sa daonra agus méadú 3.5% i gConamara láir. I nDúiche Sheoigheach, atá chomh fada ó bhaile, bhí 6.4%. Sin dhá oiread. Tá míniú an-simplí air sin - obair.

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Sin é.

Obair agus séarachas, agus ceadanna pleanála. Dá mbeadh trí rud agamsa, déarfainn ceadanna pleanála mar an rud is mó. Tá scrios á dhéanamh ar cheantair thuaithe agus sin an fáth go bhfuil moill ar na treoirlínte tuaithe, mar tá cuid againne ag rá nach bhfuilimid le glacadh leo mura mbeidh siad ceart. Teastaíonn tithe tuaithe, breis tógála sna bailte beaga, le cothromas idir an dá rud, agus obair. Buntáiste atá ag Dúiche Sheoigheach thar cheantar na bhfinnéithe ná go bhfuil suas le 200 jab ann agus go leor jabanna an-ghar thoir uaidh, mar shampla i gConga. Tá sé le feiceáil sna figiúirí. Léimeann sé amach. Má dhéanann tú economic analysis, feicfidh tú an toradh céanna ar na mapaí agus deprivation maps. Tá na fadhbanna atá ann soiléir le feiceáil. Dúirt Tomás Ó hAllmhuráin an-cheart iad: obair agus tithíocht. Is éard atá ag coinneáil na tithe siar ná go bhfuil siad á ndiúltú mar thithe tuaithe agus gan deis a thabhairt dul sna bailte ach an oiread. Táimid sáinnithe ar an dá thaobh.

Maidir leis na tithe atá tréigthe, an bhfuil an ceantar ag baint úsáid as na scéimeanna ón Rialtas?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tá agus fáiltím roimhe sin. Bhí sé sin i mo ráiteas tosaigh. Mar thoradh ar an bhfeachtas Filleadh Abhaile, tá daoine a tháinig abhaile nó atá tar éis athlonnú sa cheantar tar éis tithe a cheannach nó tá siad sa phróiseas agus ag baint úsáid as na deontais sin. Tá a fhios agam go pearsanta faoi cheithre iarratas atá á mheas faoi láthair. Sin rud mór i gceantar tuaithe. Táimid bródúil as agus fáiltíonn muid roimh an gcinneadh an scéim sin a leathnú amach go ceantair thuaithe. Cuireann sé bród orainn go mbeidh na tithe seo ar ais in úsáid sa phobal, rud atá fíorthábhachtach, agus go leor acu ag coinneáil le traidisiún ó thaobh dearadh de agus rudaí mar sin.

Tá sé sin ag tarlú.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tá. Luadh bród sa cheantar. Ní as Conamara láir mé ó dhúchas ach is as Conamara mé. Is as Cois Fharraige mé. Ní fhaca mise pobal riamh atá chomh bródúil agus a throideann le chéile ar son an cheantair, ach ag deireadh an lae tá an ceantar bánaithe. Mar a dúirt Tomás Ó hAllmhuráin, is iad na poist agus tithíocht an dá bhac is mó ar dhaoine. Tá a fhios agam féin dhá lánúin i láthair na huaire ar an mbaile céanna liomsa atá ag iarraidh socrú síos, atá ag iarraidh tithíocht a fháil nó atá ag breathnú ar chúrsaí pleanála agus tá an croí briste cheana féin. Bheadh sé chomh héasca acu sin casadh thart agus imeacht ach fós tá an ceangal agus an bród sin acu ann. Tá na baic sin orthu agus iad ag iarraidh socrú síos. Níl sé sin féaráilte ar aon lánúin óg, is cuma cé hiad féin, atá ag iarraidh tosú amach sa saol. Tá an t-ádh leis an dá lánúin a bhfuil mé ag tagairt dóibh go bhfuil poist acu. Tá poist ag lánúin amháin go háitiúil. Níl ag an lánúin eile ach tá cinneadh déanta acu go bhfuil siad sásta bheith ag taisteal. D’fhéadfadh siad fáil tuirseach den taisteal maidin amárach agus imeacht, agus caillteanas mór a bheadh ann do bhaile beag amháin i gConamara láir. Ó thaobh cead pleanála agus tithíocht, teastaíonn infreastruchtúr bunúsach i sráidbhaile sa chaoi gur féidir forbairt a dhéanamh ar scéimeanna tithíochta agus jabanna a chruthú.

Is deacair aon rud a rá. Tá na fadhbanna seo in áiteanna i gConamara agus tá Conamara difríocht. Tá rudaí an-difríocht i mo cheantar féin. Tá easpa tithe ann freisin ach sin scéal eile ó thaobh airgid agus costais. Is maith an rud go bhfuil daoine ag iarraidh fanacht agus go bhfuil suim acu fanacht sa cheantar, go bhfuil suim ag daoine teacht ar ais agus bogadh abhaile. Tá sé sin go maith ach teastaíonn níos mó ag leibhéal an Rialtais, ag leibhéal an Stáit, ag leibhéal na n-eagraíochtaí Stáit agus ag leibhéal na comhairle contae chun cabhrú ó thaobh na rudaí a theastaíonn. Cé go bhfuil níos mó infreastruchtúir ann anois ó thaobh séarachais, mar shampla, in áiteanna i gConamara, níl sé i gceantar na bhfinnéithe agus teastaíonn sé. Caithfimid níos mó a dhéanamh. Tá sé ceart go leor a bheith ag caint faoin nGaeilge, agus táimid ag caint faoin nGaeilge, ach ní bheidh Gaeilge ann gan daoine, daoine óga, scoileanna agus múinteoirí, go mór mór sna ceantair láidre sa Ghaeltacht. Sin an fhadhb. Caithfimid níos mó a dhéanamh mar Rialtas agus mar choiste chun torthaí a fháil. Tá sé ceart go leor a bheith ag caint faoi na rudaí seo ach is gá torthaí a fháil maidir leis na fadhbanna atá luaite ag na finnéithe.

Mr. Tómas Ó hAllmhuráin

Bhí mé ag ceapadh nuair a chuaigh an Seanadóir Kyne amach go dtiocfadh sé isteach agus mála mór airgid faighte in áit éigin aige.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

An fáth go bhfuilimid ag cur béim ar chiste infreastruchtúir na Gaeltachta ná go bhfuil sé le feiceáil againne go minic go gcailleann muid amach ar mhaoiniú mar gheall ar bhailte níos mó. Mar a dúirt mé, níl aon rud agamsa i gcoinne bailte níos mó ach tá an ciste atá ag an gcomhairle contae teoranta. Braitheann sé cá bhfuil an t-éileamh is mó agus bíonn cothromaíocht le déanamh. Le cúpla lá anuas, táimid tar éis rud éigin a fhoghlaim. I gConamara láir bhain muidne buntáiste iontach, trí chomhoibriú leis an gcomhairle contae, as an active travel fund. An tuiscint atá agam ná i mbliana, tá togra amháin nua ceadaithe le haghaidh Conamara agus ceithre thogra leanúnacha. Bhí 12 togra ceadaithe anuraidh faoin gciste céanna. Sin an áit a fheicimse nach bhfuil cothromaíocht agus sin an fáth go gceapann muidne ar an talamh dá mbeadh ciste ann don Ghaeltacht go mbeadh cothromaíocht ann an uair sin don Ghaeltacht. Bheadh muid ag fáil píosa den cháca, den chiste agus den mhaoiniú ón mbuiséad chun tograí a bhogadh ar aghaidh. Ag brath ar threoirlínte na scéime CLÁR a bheidh á fhógairt in Aibreán, beidh muidne ag déanamh iarratas ar na tograí a cheap muid a bheadh ceadaithe faoin active travel fund. An difríocht atá ansin ná go gcaithfidh muidne 10% de sciar pobail a bheith againn le chuile thogra atáimid ag iarraidh a bhrú ar aghaidh. Tá sé sin deacair ar phobal chomh beag, le níos lú na 3,000 duine. De bhrí go bhfuil an bród sin againn, go bhfuilimid gníomhach ar an talamh agus go bhfuilimid ag iarraidh ár scoileanna a choinneáil oscailte, caithfimid déanamh cinnte go bhfuil na háiseanna ar fad suas go grád agus tarraingteach do chuile dhuine beo le cónaí sa cheantar.

Roghnaíodh Craughwell agus Clarinbridge i mbliana do scéimeanna séarachais na comhairle contae. Tá súil agam go mbeidh áit éigin i gConamara ainmnithe don chéad scéim eile. Caithfidh na finnéithe, muid féin agus na comhairleoirí contae an brú a choimeád suas chun go roghnófar áit sa Ghaeltacht, áit cosúil le Carna nó Cill Chiaráin nó fiú an dá áit. Tá fadhbanna ar na hOileáin Árann freisin agus tá áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht ina dteastaíonn seirbhísí, cosúil le Cleggan agus áiteanna mar sin.

Ba cheart go n-ainmneodh agus go roghnódh an chomhairle contae agus an Roinn na ceantair Ghaeltachta ar dtús. Ba cheart go mbeadh an réamhobair sin á dhéanamh ag leibhéil na gcomhairlí contae. Caithfimid an brú a choimeád air sin.

An bhfuil aon cheist ag an Teachta Joe McHugh?

Táim ceart go leor faoi láthair. Mo leithscéal as ucht a bheith mall. Bhí cruinniú eile ar siúl.

Bhí mé istigh ar feadh tamaillín ach bhí orm dul ar ais chuig mo choiste féin agus cúpla ceist a chur agus ansin lean sé ar aghaidh ós cionn leathuair a chloig. Go raibh míle maith agaibh. Léigh mé an méid a bhí le rá ag na finnéithe agus chuala mé píosa den chaint. B’fhéidir go n-ardóidh mé rudaí a ardaíodh cheana mar gheall nach raibh mé anseo.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá leis na finnéithe go raibh an feachtas Filleadh Abhaile iontach. Chuir sé Conamara i lár an mhapa agus thuig daoine an áit a bhí i gceist agus chuile shórt mar sin. Is iontach an rud é feachtas chomh dearfach a bheith ann freisin. Nuair atá daoine ag smaoineamh ar an áit ina bhfuil siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí agus gur mhaith leo a gcuid teaghlaigh a thógáil ann, smaoiníonn an chuid is mó againn ar an áit arb as muid. Níl an deis seo ag daoine mar gheall ar chogaidh in áiteanna éagsúla ach ar ndóigh anseo, tá sé uafásach nach bhfuil sé mar dheis ag daoine toisc go bhfuil fadhbanna infreastruchtúir ann; go háirithe nuair atáimid ag breathnú ar an ngéarchéim tithíochta atá againn agus an brú ollmhór atá ar sheirbhísí i gceantair uirbeacha, mar shampla, mar gheall air sin.

Tá sé dochreidte i ndáiríre go bhfuil ceantair againn ina bhfuil daonra ag teastáil do na scoileanna. Luadh an cúig scoil a bhí ar tí dúnadh agus go bhfuil scoileanna eile i mbaol. Níl plean fadtéarmach ann le rá "tá na ceantair seo ann, tá pobal iontu agus is áiteanna áille iad le bheith ina cónaí ann". Níl an plean sin ann.

Sílim ón méid a chuala mé gur lua chuile dhuine na fadhbanna maidir le córas séarachais. Tá sé dochreidte nach bhfuil sé sin mar phlean ag an gcomhairle chontae ach an oiread. Is dócha gur rud é sin go gcaithfimid ar fad, mar ionadaithe sa cheantar, a ardú go leanúnach. Ón méid a luaigh na finnéithe níos luaithe, is léir go bhfuil fadhbanna leis an gcóras séarachais. Cloisimid sin ar Raidió na Gaeltachta an t-am ar fad. Mar sin, tuigimid é sin. Ar an gcéad dul síos, an bhfuil na finnéithe ag rá go gcaithfeadh go mbeadh sé mar priority ag an gcomhairle contae déileáil le sin? B’shin an chéad rud.

Sílim gur léigh mé píosa sa ráitis tosaigh go gceapann na finnéithe go bhfuil ciste nua ag teastáil. Chuala mé, agus tá na finnéithe tar éis é a rá, go bhfuil gá le tithe sóisialta agus ansin tithe ar phraghas réasúnta freisin chun daoine a mhealladh ar ais.

Fad is atáimid ag caint ar sin agus ar dhaoine a mhealladh ar ais nó ar an bhfeachtas Filleadh Abhaile, cén dearcadh nó cén cineál brú atá ar dhaoine nuair atá siad ag smaoineamh ar teacht abhaile? B’fhéidir go raibh daoine i Meiriceá nó i Sasana agus go raibh orthu dul ann don obair agus mar sin de, nó go raibh siad ag iarraidh dul ann ar feadh tamaillín; ní fios. Nuair a thagann siad abhaile, an bhfuil deacrachtaí le fostaíocht freisin nó cén brú atá ar dhaoine ó thaobh cúrsaí fostaíochta de? Tá na deacrachtaí maidir leis an gcóras iompair phoiblí go maith ar eolas againn. Más rud é go gcaithfidh tú dul sa charr agus taisteal do dtí an chathair nó fiú go dtí eastát tionscail na Páirce Móire, tá tú ag caint ar roinnt uaireanta a chloig. An gcuireann sé sin as do dhaoine agus iad ag smaoineamh ar bhogadh ar ais nó filleadh abhaile? Tá cúpla ceist ansin.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Maidir leis bhfeachtas Filleadh Abhaile, thug sé sin go leor rudaí chun solais dúinn. Tá go leor daoine tar éis bogadh abhaile nó athlonnú sa cheantar ach - cén chaoi a ndéarfaidh mé seo? - táimid ag déileáil leis na daoine atá tar éis bogadh isteach duine ar dhuine. Tá cásanna difriúla i gceist agus tá éilimh difriúla acu. Ó thaobh fostaíochta de, go dtí seo tháinig siad le jabanna mar gheall go raibh Gteic ansin, an infheistíocht déanta ag Údarás na Gaeltachta ann, agus an leathanbhanda sa cheantar. Thug sé cineál spás dóibh socrú síos. Tá tithe ceannaithe ag formhór na ndaoine sin agus déanta suas acu sular tháinig an scéim Croí Cónaithe. Tá daoine eile atá tar éis bogadh agus tá a ngnólachtaí féin tosaithe acu. Arís, thosaigh clár oideachais an údaráis agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, ATU, ansin le gairid a bhí dírithe ar mhná i mbun ghnó. Tá triúr as ceantar Chonamara lár ar an gcúrsa sin agus is 15 duine ar fad atá ar an gcúrsa. Táimid ag obair le gach duine nó gach lánúin de réir na héilimh atá acu. An rud is mó a scanraigh muid ná go raibh daoine as an áit brúite amach as an gceantar mar gheall ar easpa tithe sóisialta agus is sin é an áit a tháinig an tábhacht a bhaineann leis na sráidbhaile chun solais, chomh maith le hinfreastruchtúr bunúsach sa sráidbhaile féin.

Ó thaobh ciste infreastruchtúir Gaeltachta, bhí a leithéid ann cheana agus d’oibrigh sé go maith mar bhí an t-airgead dírithe le bheith caite sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin ar thograí caipitil. Is dóigh nach rabhaimid i gcomórtas le cistí eile. Níl a fhios agam an breis chiste a bhí ann don chomhairle contae sna contaetha difriúla a bhfuil Gaeltachtaí iontu sa chaoi go mbeadh siad in ann an infreastruchtúr a choinneáil suas go caighdeán agus a bheith ag breathnú amach ar an todhchaí freisin ó taobh forbairtí de. Is é sin an tábhacht a bhaineann leis na sráidbhailte. Tá éilimh á dhéanamh ar thithe sóisialta ag daoine atá brúite amach as a gceantair agus tá sé sin ag bánú an cheantair freisin.

Luaigh Máirín Ní Choisdealbha-Seoige gur theip trí huaire ar iarratas i gcomhair scéim tithíochta. I mbealach, tá sé sin cineál dochreidte ag an bpointe seo. Tuigimid ar ndóigh go bhfuil fadhb ann muna bhfuil an t-infreastruchtúr ann ach dá mbeadh sé sin i bhfeidhm, ba chóir go mbeadh sé éasca tithe sóisialta agus tithe ar phraghas réasúnta a chur ar fáil don cheantar.

Maidir leis na scoileanna, luadh go bhfuil roinnt scoileanna i mbaol dúnadh arís. An bhfuil figiúr ag an bhfinné nó an bhfearr léi gan an fhigiúr sin a rá go poiblí mar go m’fhéidir go mbeadh sé ansin mar headline----

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Caithfidh mé a rá go bhfuil an t-uafás oibre á dhéanamh ar an talamh, a bhuíochas do Gaeloideachas freisin agus don deis a fuair muid nuair a bhí na doirse dul a dhúnadh i Muigh Inis bliain go leith ó sin. Tá scoileanna Iorras Aithneach ach go háirithe tagtha le chéile agus tá siad ag obair as lámha a chéile chun plean nó tuairisc a chur le chéile. Tá súil againn an tuairisc sin a bheidh againn roimh dheireadh mhí Feabhra, le cúnamh Dé. Is aiseolas é sin ar phlé a rinneadh le tuismitheoirí, múinteoirí agus le páistí an cheantair. Níl na huimhreacha againn fós le chuile scoil a choinneáil ar oscailt. Tá siad ann i láthair na huaire ach d'fhéadfadh sé sin athrú thar oíche. Cuireadh fáilte mar is cuí roimh mhuintir na hÚcráine go dtí an ceantar agus i ndáiríre, tá siad ag coinneáil roinnt do na scoileanna oscailte ansin. Fáiltímid rompu, ach ag an am céanna, céard é an plean fadtéarmach? Caithfear plean a bheith ann chun daonra an cheantair a choinneáil, daoine a mhealladh ar ais, agus go mbeadh an deis sin ann do dhaoine ar mhaith leo athlonnú sa cheantar agus na seantithe atá folamh a dhéanamh suas tríd an scéim Croí Cónaithe; rud atá mar bhuntáiste iontach do cheantair tuaithe.

Maidir leis na tithe folmha sin atá sa cheantar, an bhfuil a fhios ag daoine cé leis iad? An bhfuil an t-eolas sin sa cheantar nó an é uaireanta gur bhog teaghlach ón gceantar agus gur fágadh an teach ó pháiste go páiste agus nach bhfuil an t-eolas sin ann?

Arís leis na scoileanna, tuigim go bhfuil fadhb an daonra ann, ach an bhfuil aon rud gur féidir leis an Rialtas a dhéanamh go gearrthéarmach? An bhfuil aon rud eile gur féidir leis an Rialtas a dhéanamh chun cabhrú leis na finnéithe na scoileanna sin a choinneáil ar oscailt?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Níl mé ag iarraidh an iomarca a rá faoi láthair de bhrí go bhfuil an taighde seo fós ag dul ar aghaidh agus go bhfuilim ag súil leis an tuairisc ag deireadh mhí Feabhra. Cé go raibh mé páirteach sa phróiseas, níl ionam ach páirtí leasmhara amháin sa chomhrá mór.

Tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an Teachta go raibh ceardlann againn leis na páistí óga sna scoileanna i rang a cúig, i rang a sé agus sa chéad bhliain. Ag an am céanna, bhí an INTO ann, bhí an eagraíocht ar fáil lárnach sa cheardlann agus bhí sé lán le fuinneamh. Le cúnamh Dé, b'fhéidir go mbeadh beartas iontach ann ag teacht as sin agus mura bhfuil, caithfear breathnú air, agus ar rudaí eile, agus tá smaointe eile sa phobal. Beidh plean gnímh ag comharchumann Fhorbairt Chonamara Láir Teoranta críochnaithe roimh dheireadh mhí Feabhra freisin agus beidh beartas leagtha síos ansin.

Rinneamar sé chruinniú chomhairliúcháin phoiblí roimh an Nollaig. Bhí suirbhé poiblí againne agus faoi láthair tá an comhairleoir atá fostaithe againn ag caint le páirtithe leasmhara go príobháideach ar Zoom agus beidh plean gnímh don cheantar. Níl a fhios agam an dtiocfaidh aon rud mór amach as ach bheinn ag súil le smaointe agus le cur chuige maith. Arís, beidh tacaíocht mhór ag teastáil uainn chun na beartais sin a chur i bhfeidhm. Tá roinnt acu ag cúl mo intinn ach níl mé sásta iad a phlé gan iad a bheith seolta go hoifigiúil.

Tuigim. Is é an rud a rinne mise agus mé óg nuair a bhí mé ar an mbunscoil ná go mbéinn ag dul amach go Cill Chiaráin. Bhí mé ar scoil ansin chuile shamhradh ar feadh coicíse nó rud éigin mar sin. Mhothaigh sé domsa ar nós go raibh mé ag caitheamh míonna ann. Nuair atá tú óg, chíonn tú é mar sin cé nach bhfuil ann ach cúpla lá. Beidh mé ag súil go mór leis sin ar aon chuma. Tá orm dul go dtí cruinniú eile anois ach gabhaim míle buíochas lenár n-aíonna.

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Gabhaim buíochas leis an Teachta féin.

An bhfuil aon cheisteanna eile ag aon duine nó aon rud le rá acu?

Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige

Tá mé fíorbhuíoch, i ndáiríre, thar ceann chomharchumann Fhorbairt Chonamara Láir Teoranta, ach go háirithe thar ceann phobal Conamara láir. Is iomaí comhrá, plé agus cruinnithe poiblí a bhíonn againne ach tá áthas orainn go bhfuaireamar an cuireadh agus an deis an t-ábhar seo a chur i láthair thar ceann an phobail. Ní hamháin gur chuireamar an t-ábhar i láthair thar ár gceann féin ach go ndearnamar é thar ceann Ghaeltachtaí agus bhailte beaga taobh istigh de Ghaeltachtaí eile. Tá go leor againne ar ár múineadh, táimid bródúil as an teanga agus ag iarraidh an Ghaeltacht a shábháil ag deireadh an lae. Táimid ag iarraidh cúnamh an choiste i gcomhair an fhís seo atá againn agus a theastaíonn uainn ó thaobh buiséid a dhearadh agus a chruthú don Ghaeltacht, lena dhéanamh cinnte de go mbeidh an infreastruchtúr ceart againn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna. Is léir go bhfuil obair na gcapall á déanamh ag an gcomharchumann agus molaim go hard é as an obair sin. Chaith mé coicís iontach thíos i gCill Chiaráin an samhradh seo caite le mo fhear céile agus le mo pháistí agus le cúnamh Dé, beimid ar ais an samhradh seo chugainn. Leis sin cuirfidh mé clabhsúr leis an díospóireacht ar an ábhar seo. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe arís as a gcabhair linn inniu.

Beidh cruinniú príobháideach againn amárach, an 16 Feabhra 2023, ar 2 p.m. Tá sé i gceist go mbeidh an chéad chruinniú eile phoiblí den chomhchoiste ar an 22 Feabhra 2023 nuair a phléifear cumas agus toilteanas Fhondúireacht Eolaíochta Éireann seirbhísí poiblí dátheangacha iomlána a chur ar fáil go réamhghníomhach dá gcustaiméirí.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.03 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 1 Márta 2023.
Barr
Roinn