Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 3 May 2023

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach

Tá ceithre comhalta i láthair, Teachta agus Seanadóir san áireamh, mar sin is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte agam ón Seanadóir Ronan Mullen.

Fearaim fáilte roimh na comhaltaí, roimh aon chomhalta eile atá nó a beidh ag freastal ar an gcruinniú seo, roimh na finnéithe atá le labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Tá na Teachtaí Pádraig Ó Suilleabháin, Aindrias Ó Muineacháin agus Fergus O'Dowd, agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, linn ar líne faoi láthair. Tá an chuid eile againn, na finnéithe san áireamh, anseo i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais.

Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar ábhair an lae inniu, grinnscrúdú réamhreachtach ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán agus iad ag labhairt. Baineann an choinníoll seo le finnéithe freisin má tá siad ag freastal ar an gcruinniú ar Microsoft Teams chomh maith. Ba chóir go mbeadh a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe, go mór mór iad siúd atá ag freastal ón taobh amuigh, a bheith cúramach agus an fhianaise seo á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an t-ordú sin láithreach má eisítear é.

Is iad sin na rialacha ar fad; mar sin, is féidir linn tús a chur lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Cuirim in iúl do dhaoine go bhfuil sraith de sé cruinniú go dtí seo i gceist le scrúdú a dhéanamh ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Dóibh siúd nach raibh páirteach ina leithéid cheana, an rud atá ann ná go bhfoilsíonn an tAire ceannteidil an Bhille, lorgaíonn sé nó sí tuairimí an phobail tríd an gcoiste seo, nó trí pé coiste atá i gceist, agus cuirtear na moltaí sin ar aghaidh.

Tá sé i gceist againn, más féidir linn in aon chor, a bheith críochnaithe leis an ábhar seo ag deireadh mhí na Bealtaine agus go mbeidh tuarascáil ag an Aire i mí an Mheithimh, ionas nach bhfuil aon mhoill ar an reachtaíocht seo a bheith foilsithe ina hiomláine. Is é seo an chéad stad. Foilseofar an reachtaíocht ina hiomláine agus déanfar an grinnscrúdú air nuair a théann sí trí Thithe an Oireachtais. Braitheann sé ar an Aire an dtéann sí go dtí an Seanad nó an Dáil ar dtús. Déanfar leasuithe a chur chun cinn. Ní gá don Aire glacadh leo. Is é sin an stad a bhfuil an chuid is mó daoine cleachta leis.

Professor Conchúr Ó Giollagáin

Cuirim mo bhuíochas in iúl do bhaill agus do Chathaoirleach an chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt leo inniu. Sa chaint seo, déanfaidh mé anailís chriticiúil ar chúinsí na Gaeltachta agus moltaí dearfacha ina dtaobh freisin.

Is é an ní is suntasaí faoi staid chomhaimseartha na Gaeltachta an leisce fhorleathan i measc an státchórais an fhírinne lom a admháil. Ní údar iontais é mar sin easpa éifeachta an chórais reatha in aghaidh chreimeadh deireadh ré na Gaeltachta. Ní fhéadfadh rath a bheith ar chóras nach bhfuil bunaithe ar dhiagnóis stuama ar an bhfadhb a bhfuiltear i ngleic léi. In ainneoin na dtacaíochtaí oifigiúla ar fad, tá an pobal agus a gcuid foras sáinnithe i bhfáinne fí an dul amú oifigiúil. Séantar an fhadhb agus cuirtear bac ar bheartas ciallmhar in aghaidh na faidhbe.

Sula ngabhfaimid níos doimhne i ndála na Gaeltachta comhaimseartha, ní mór a admháil go ndearna an Stát iarrachtaí fónta feabhas ar a chur ar chinniúint na nGael. I measc na n-éachtaí ba shuntasaí a raibh lámh ag na forais Stáit iontu, tá an tacaíocht leanúnach a tugadh do chothú líon mór cainteoirí dara teanga Gaeilge. Údar mórtais go deimhin, ach is é an bród oifigiúil céanna faoi rathúnas na bhfoghlaimeoirí dara teanga is cúis le cuid den mharbhsháinn reatha. Tá leas á bhaint as forás in earnálacha áirithe oifigiúla leis an bhfírinne a cheilt faoi chroí-réimse atá cinniúnach d’inmharthanacht mhionteanga, is é sin seasmhacht an phobail dúchais urlabhra. Go simplí, faoi réir cúinsí reatha sóisialta an status quo, níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana. Mar sin, de réir mar atá cúrsaí faoi láthair, is cosúil go bhfuil fócas pleanála teanga an státchórais teoranta do spéiseanna cainteoirí Béarla sa Ghaeilge dara teanga. Is é príomhsprioc an Stáit tosaíocht a thabhairt do na foghlaimeoirí Gaeilge; fágann sin go bhfuil straitéis fhaillíoch á feidhmiú i leith na Gaeltachta.

I bhfianaise neamhaird leanúnach an státchórais ar thátal agus ar mholtaí na dtuarascálacha taighde, is é dearcadh an chraicinn is a luach atá le sonrú ar chur chuige an státchórais sa Ghaeltacht. Ní fhéadfadh tacaíochtaí na bhforas Gaeltachta a bheith ábhartha do riachtanais reatha na Gaeltachta a fhad agus atá neamhaird á déanamh ar fhírinne shóisialta na nGael. Iarsma de Ghaeltacht in éagmais an phobail stairiúil Ghaelaigh an t-aon toradh a bheidh ar an díréir oifigiúil seo.

Sa treocht dhoshéanta chun na hiar-Ghaeltachta, maithfidh an comhchoiste dom é má chuirim meafar an Titanic ag obair sa díospóireacht faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta. Cén mhaith babhtáil thimpeall ar ionadaithe bhord an údaráis nuair atá an Ghaeltacht thrí chéile ag déanamh ar chnap mór leac oighir? Is é leasú ó bhonn ar chur chuige iomlán an Stáit sa Ghaeltacht a theastaítear seachas plé teoranta orthu siúd a dhéanfaidh ionadaíocht ar status quo beagfhiúntais.

Ós é go bhfuil pobal Gaelach na Gaeltachta teoranta anois do thart ar 20,000 míle duine, ní bhaineann ach an cúigiú cuid de dhaonra na Gaeltachta oifigiúla le ceantair a bhfuil bonn sóisialta le labhairt na Gaeilge iontu. Sa chás seo, beidh baill tofa bhord an údaráis ag déanamh ionadaíochta ar cheathrar as pobail Bhéarla na Gaeltachta in aghaidh duine amháin a bhaineann le ceantar Gaelach. Seo daonlathas lucht an Bhéarla san eagraíocht a cruthaíodh do na Gaeil. Cá bhfágfar daonlathas na nGael sa toradh seo? Ní fhéadfadh éifeacht dhearfach a bheith ag Gaeil ar a gcuid cúinsí deacra féin nuair atá tosaíocht mar seo á tabhairt do riachtanais chainteoirí Béarla ar fhéiniúlacht na Gaeltachta.

Mura mbeifear in ann dul i ngleic leis an bpríomhcheist – inmharanacht an phobail Ghaelaigh – is é cúram Potemkineach a bheidh roimh na forais Ghaeltachta chun ceilt a dhéanamh ar an scrios atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge dúchais. Go simplí, tá na tuiscintí is bonn do na leasuithe reachtúla rómhór as dáta ó thaobh chomhdhéanamh agus dhaonra na Gaeltachta de le leas a dhéanamh. Sa choibhneas cumhachta seo idir cainteoirí gníomhacha Béarla agus Gaeilge, ní bheidh san atheagar ar bhord an údaráis ach sampla eile de dhíchumhachtú na nGael ina limistéar féin, is é sin, an eagraíocht Ghaeltachta ag bainistiú teacht i dtreis an Bhéarla sna limistéir Ghaelacha.

Seo próiseas a thosaigh tamall ó shin. Áitím go bhfuair a raibh ann de chur chuige Gaelach an Stáit bás in 2010 nuair a feidhmíodh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ní hamháin gur léiríodh inti míléamh na Ranna ar riachtanais na Gaeltachta, ach réamhléiríodh gurbh é bonn tuisceana na bhfoghlaimeoirí Gaeilge seachas dúshláin an phobail dúchais Ghaeilge a mhúnlódh forálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Go hachomair, b’ionann seo agus aimhleas a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta le freastal a dhéanamh ar riachtanais cainteoirí eile Gaeilge. Choinneodh an straitéis dé i soláthar eagraíochtúil na Gaeilge in ainneoin imeacht as an phobail urlabhra. Sa mhéid sin, ba pholasaí árachais sochtheangeolaíochta a bhí sna leasuithe le cúiteamh a dhéanamh ar athrú urlabhra na Gaeltachta go Béarla trí thionscadail éagsúla dara teanga a threisiú.

Ó thaobh chur chuige reatha an státchórais sa nGaeltacht, tá fadhbanna polaitiúla agus míthuiscintí anailíse araon ag plúchadh acmhainn an phobail dul i ngleic lena ngátar. D’fhógair an t-iarAire, Pat Carey, blianta ó shin gur bhraith sé go raibh an straitéis chomh marbh le hArt; toradh ar mhífheidhmiúlacht iontógtha nó inbuilt obsolescence na straitéise, is dócha. Fágann sin go léir go bhfuil na forais Ghaeltachta ag féachaint le leas na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a dhéanamh seachas feidhmiú ar son leas na nGael dúchais. Ní raibh de thionchar ag an dua a caitheadh leis an straitéis agus leasú an Achta ach an pobal a threorú ar ais chun an status quo.

Géilleadh do cheannas sochaíoch an Bhéarla in Éirinn, faoi réir brúnna móra sóisialta agus polaitiúla. Is é seo is cionsiocair le mísheasmhacht na Gaeltachta. Is i mbeartais stuama shóisialta agus pholaitiúla, mar sin, a gheofar an t-aon dóchas a bheidh i ndán don phobal Gaelach. Siar sna 1980idí, chuir scoláire mór an mhionteangachais, Joshua Fishman, fainic ar lucht na Gaeilge agus ar mhionlaigh teanga eile gan ródhóchas a chur i mbeartais shiombalacha ardréime Stáit nó i mbeartais bheaga áitiúla. Is trua nár éisteadh lena chomhairle agus dlús ní b’fholláine ag an bpobal Gaelach ag an tráth úd. Go simplí, san aird oifigiúil seo ar bheartais ardréime, níl cúram á dhéanamh do na riachtanais struchtúrtha agus chórasacha a dhéanfadh leas na forbartha pobail i measc na nGael.

Níl an pobal Gaelach dall ar a gcás féin ná dúr faoi dhioscúrsaí fáin ardréime an státchórais agus i gcuid de na ranna ollscoile. In ainneoin iarrachtaí mórchroíocha na n-oifigeach pleanála teanga, tuigtear freisin nach bhfuil in ócáidí beaga áitiúla Gaeilge ach sop in áit na scuaibe nuair a theastaíonn athnuachan mhór struchtúrtha agus straitéise. Mura dtabharfar aghaidh ar riachtanais shóisialta agus pholaitiúla na nGael, ní bheidh i bpolasaithe reatha Gaeilge ach reitric fholamh gan bhrí in aghaidh Bhéarlú deiridh na Gaeltachta.

Seo siondróm falsa “dhul chun cinn na Gaeilge” ag an am céanna agus atá laghdú suntasach á dhéanamh ar chumas na nGael a bpobal urlabhra féin a chosaint.

Gan fianaise shóisialta na nGael a thabhairt san áireamh, ní fhágtar ach cur chuige neamheolaíoch ag an nGaeltacht. Mar bharr ar an donacht seo, is léir go bhfuil cultúr na cinsireachta á chothú ag na forais leis an mífheidhm a cheilt, mar a léiríodh i ndoicheall an státchórais leis an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch agus san imeaglú Stáit a d’fhulaing Guth na Gaeltachta. Is í an chinsireacht seo is cúis leis an gcaoi theoranta a phléitear cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn, leis an aird mhór ar uaillmhianta eagraíochtúla agus leis an ngannchuid spéise i riachtanais shóisialta an phobail. Cén chaoi a bhféadfadh plé poiblí folláin faoi cheisteanna casta a bheith ann mura mbeadh fáilte ar léargais agus barúlacha éagsúla? Ní mór an fhadhb chultúrtha seo a réiteach. Ní chuirfidh an pobal muinín cheart i mbeartais Ghaeltachta nach gcíortar go trédhearcach.

I gcomhthéacs rathúil polasaí Stáit, teastaíonn gnáthchur agus cúiteamh an daonlathais. Tá sin in easnamh i gcur chuige Gaeltachta an Stáit. Mar shampla, an iad oifigigh shinsearacha Stáit a thogair as a stuaim féin neamhaird a thabhairt ar fhianaise eolaíoch agus moltaí na dtograí taighde Gaeltachta, nó ar thug daoine seachtracha comhairle dóibh a leithéid a dhéanamh? In éagmais an eolais seo, is é an tátal lom a bhainfidh an pobal as go bhfuil lámh cheilte ag an stiúir, gné eile de chultúr mífholláin an státchórais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu, is baolach.

Molaim baill an chomhchoiste as aird a choinneáil ar na ceisteanna tábhachtacha seo. De bharr na faillí sa chur chuige reatha, tá ról sonrach ag polaiteoirí aird an phobail a dhíriú ar thosaíochtaí má táthar le teacht as an tsáinn reatha. Tá cúrsaí sa nGaeltacht chomh híogair faoi láthair, áfach, nach ndéanfadh atheagrú ar bhord stiúrtha an údaráis ann féin mórán leasa.

Déanfaidh mé seacht moladh. Mholfainn go saineodh na forais Stáit na ceantair úd sa nGaeltacht a bhfuil pobal beo cainteoirí Gaeilge iontu amhail catagóirí A agus cuid de chatagóirí B. Thabharfadh seo ceantair feidhme le haghaidh cur chuige ábhartha a d’fheilfeadh do phobal cainteoirí Gaeilge agus ceantair feidhme sa chuid eile den Ghaeltacht oifigiúil le haghaidh beartais shonraithe oideachais, siamsaíochta agus cultúrtha.

Mholfainn athmhúnlú a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhm Údarás na Gaeltachta le go mbeadh sé ina áisíneacht láidir forbartha pobail do Ghaeil na Gaeltachta agus le go gcaithfí na hacmhainní teoranta chun an leas is fearr a dhéanamh do na Gaeil.

Mholfainn grúpa oibre comhairleach a bhunú, comhdhéanta de dhaoine ag a bhfuil taithí éagsúil acu le haghaidh beachtú a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch agus ar dhearadh cur chuige córasach agus le haghaidh athmhúnlú a dhéanamh ar chúram feiliúnach státchórais do chúinsí reatha na Gaeltachta.

Mholfainn coiste gearrthréimhseach iniúchta Stáit a bhunú, comhdhéanta de pholaiteoirí agus sheirbhísigh shinsearacha phoiblí, le haghaidh teacht ar thuiscint shoiléir faoin drogall a bhí ar an státchóras dul i ngleic le dúshláin shóisialta, fhianaise-bhunaithe na Gaeltachta.

Mholfainn fóram comhréitigh a bhunú le haghaidh fadhb chultúrtha na cinsireachta a cheartú d’fhonn iarrachtaí stuama a chothú le go mbeidh plé oscailte, macánta ann agus le haghaidh comhthéacs folláin a chruthú le haghaidh an chomhoibrithe chiallmhair idir an pobal agus forais éagsúla tacaíochta.

Mholfainn ionad taighde sonrach ar chúinsí sóisialta na nGael a bhunú le haghaidh comhairle, fianaise shóisialta agus léargas a roinnt leo siúd ar mhian leo an Ghaeltacht a athnuachan agus le haghaidh tacaíocht taighde a thabhairt don athmhúnlú ar chur chuige an Stáit sa Ghaeltacht agus do chur i bhfeidhm cur chuige straitéiseach a fheileann do mhionlach teanga.

Mholfainn conradh taighde úr a thairiscint le go ndéanfaí uasdátú ar chroímhodúil an staidéir chuimsithigh theangeolaíoch agus staitisticí suas-chun-dáta faoi staid reatha na Gaeltachta a chur ar fáil.

In am an ghátair, ní mór athruithe radacacha a bheartú. Ba mhó an seans go spreagfaí misneach i measc an phobail dá bhfógródh an Stáit go bhfuil sé le hiarracht mhisniúil a dhéanamh cur chuige agus tacaíocht ábhartha a chur i bhfearas trí athdhearadh ó bhonn a dhéanamh ar chur chuige an Stáit sa Ghaeltacht.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as cuireadh a thabhairt dom teacht i láthair an chomhchoiste inniu. Glacaim leis gurb é is cuspóir ag an leasú seo cur le héifeachtacht Údarás na Gaeltachta i gcomhlíonadh a chuid dualgas agus cúram an bunphobal Gaeltachta a neartú agus a bhuanú. Baineann an leasú seo le gné amháin den mhórchuspóir seo, is é sin, gné an rialachais. Go sonrach, baineann an leasú leis an bpróiseas ceapacháin chuig an údarás agus le ballraíocht agus comhdhéanamh bhord an údaráis. Is gné thábhachtach, ach teoranta, í seo d’fheidhmiú an údaráis. Beidh a bhfuil le rá agam anseo dírithe, den chuid is mó, ar a bhfuil i gceist ag an leasú áirithe atá faoi chaibidil.

Ní féidir, áfach, leasú faoi leith ar reachtaíocht ar bith - an cuspóir atá aige; an tionchar agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith aige - a mheas in vacuo, gan comhthéacs tagartha agus tuisceana níos leithne a bheith á chur san áireamh againn. Sa chás áirithe seo atá faoi chaibidil, feidhmiú Údarás na Gaeltachta, díreoidh mé aird ar dhá phointe mar phríomh-eilimintí den chomhthéacs tuisceana agus tagartha seo, mar atá ráite ag an Ollamh Ó Giollagáin.

Is é an chéad phointe ná síorchreimeadh na Gaeltachta mar bhunphobal teanga thar thréimhse fhada. Tá an próiseas creimthe ag brostú go síoraí seasta le breis is 50 bliain anuas. Beidh eolas maith ag baill an chomhchoiste ar na cúiseanna iomadúla agus na cúinsí éagsúla leis an gcreimeadh seo - mar shampla, leathnú bruachbhailteach lárionaid uirbeacha isteach sna ceantair Ghaeltachta, tríd is tríd, gan beann ar iompar nó ar chleachtais teanga. B’fhéidir gurb é cathair na Gaillimhe an sampla is drámatúla de sin. Tá athraithe tagtha ar an bpatrún nó ar threochtaí lonnaíochta sa Ghaeltacht de bharr tithe saoire agus tithe samhraidh, agus athrú dá réir ag teacht ar iompar agus ar chleachtais teanga sna limistéir Ghaeltachta. Ba mhaith liom a lua freisin ollthionchar an Bhéarla trí na mórmheáin chumarsáide; cleachtais ghnó idir mhiondáil, mhórdháil agus eile; tionchar an mhaorlathais áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta; agus éifeacht pholasaithe Stáit, beartaithe nó neamhbheartaithe.

Is é an dara pointe ná cumhachtaí agus cúraim an údaráis. Ar leor iad nó an bhfuil siad lánoiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim phráinneach na Gaeltachta nó chun bunchuspóir an údaráis san fhadtéarma - is é sin, neartú agus buanú an bhunphobail teanga - a bhaint amach? Tá athraithe áirithe déanta a bhí rianaithe sa tuarascáil ag Coimisiún na Gaeltachta in 2002.

Is ceisteanna móra iad na ceisteanna seo, ceisteanna a théann i bhfad níos faide agus níos leithne amach ná téarmaí an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 atá á iniúchadh anseo inniu. Ach, ar bhealaí éagsúla, luíonn téarmaí an Bhille faoi scáth na mórcheisteanna úd. Mar shampla, is ceist íogair í cé aige a mbeidh vóta i dtoghcháin do bhallraíocht ar Údarás na Gaeltachta i limistéir atá go hoifigiúil sa Ghaeltacht, ach a bhfuil pobal láidir Béarlóirí, daoine nach bhfuil Gaeilge acu nó atá ar bheagán Gaeilge, tar éis lonnú iontu, ar nós bruachbhailte ar imeall chathair na Gaillimhe.

Is é sin le rá, is deacair breithiúnas cóir, meáite a thabhairt ar an gcóras agus ar an gcead vótála i dtoghchán don údarás gan teorainneacha na Gaeltachta, mar atá siad faoi láthair, a bheith dá scrúdú go dian. Is ceist í atá casta agus conspóideach.

Arís, agus baill boird a bheith á dtoghadh agus á n-ainmniú, má táthar ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh fáil ar an gcineál saineolais agus sainthaithí is fearr a oiriúnódh don údarás, is léir go mbeadh réimse cumhachtaí agus raon cúram an údaráis féin le cur san áireamh. Is é atá á rá agam, is dócha, ná, gur mithid don Oireachtas, don Aire, don Rialtas agus, de réir mar is cuí, don chomhchoiste seo, iniúchadh agus measúnú níos leithne agus níos cuimsithí a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta agus ar chumhachtaí agus chúraim an údaráis, má tá ról, feidhmiú agus tionchar Údarás na Gaeltachta le tabhairt chun lán-éifeachtachta. Arís molaim an struchtúr feidhmithe a bhí ag bord Choimisiún na Gaeltachta in 2002 agus b'fhiú go mór dul ar ais agus breathnú air sin maidir le feabhas a chur ar an struchtúr feidhmithe go ginearálta inar féidir ról Údarás na Gaeltachta a mheas agus a bheartú. Idir an dá linn, áfach, tá dréacht-Bhille ós ár gcomhair agus is chuige sin a fuaireamar cuireadh teacht i láthair agus labhairt leis an gcomhchoiste inniu.

Tá an Bille agus an leasú seo bunaithe, cuid mhaith, ar phrionsabal na h-ionadaíochta dírí. De réir an Bhille, tiocfaidh méadú ar bhallraíocht an údaráis ó 12 to 16, agus beidh móramh de bhord an údaráis, deichniúr den 16 bhall, tofa go díreach agus go daonlathach ag pobal na Gaeltachta, an seisear eile ainmnithe ag an Aire cuí. Is cóir a rá gur socraíodh an múnla ionadaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair faoi Acht 2012 agus an Stát i ngreim ag cúinsí eisceachtúla, faoi scáth na tubaiste móire airgeadais a chroith na margaí airgeadais domhanda sna blianta i ndiaidh 2008, agus a d’fhág an Rialtas in Éirinn, dála rialtais in go leor tíortha eile, ag déileáil le géarchéim airgeadais agus eacnamaíochta nach bhfacthas a leithéid le fada. Bhí caint ar feadh tamaill ar scata áisíneachtaí agus forais Stáit, an t-údarás ina measc, a bheith le scor ar fad. Níor tharla san, ach cuireadh trom-chiorruithe i bhfeidhm, athraíodh comhdhéanamh an údaráis agus cuireadh deireadh le toghcháin mar mhodh ceapacháin do bhaill an údaráis. Bhí díomá ar fhormhór na gceannairí pobail sa Ghaeltacht agus formhór na dtráchtairí a raibh cur amach acu ar chás agus ar riachtanais na Gaeltachta faoin gcinneadh seo deireadh a chur le toghcháin don údarás, bíodh is gur thuigeadar go maith priacal airgeadais an Stáit ag an am. Ba dhóigh le duine, mar sin, go gcuirfí fáilte go forleathan anois roimh fhilleadh na dtoghchán mar ghné de mhodh ceapacháin an údaráis.

Ag féachaint ar na sonraí atá sa leasú, maidir le toghcheantair, le méadú ar líon iomlán na mball ar an mbord ó 12 go 16 agus naonúr díobh a bheith tofa, fágann moltaí an leasaithe seo go mbeidh ionadaí tofa amháin ar a laghad ag gach ceantar Gaeltachta, na cinn bheaga san áireamh. Dul chun cinn áirithe é seo ar na socruithe a bhí i bhfeidhm roimhe seo le grúpáil agus babhtáil ionadaíochta i measc na nGaeltachtaí beaga. Arís, tá an coibhneas idir líon na mball tofa, deichniúr, agus líon na mball ainmnithe ag an Aire, seisear, sásúil.

Déanaim tagairt, áfach, don nóta mínithe. Níl tagairt ar bith sa dréacht faoi láthair do choibhneas nó chothroime inscne ach amháin gur fágadh é sin faoin gcomhchoiste teacht ar bhealaí. Is rud é sin nach mbeidh éasca mar, má chuirtear san áireamh dáilcheantar nó toghcheantar le hionadaí amháin, agus arís eile nach mbeidh páirtí ag ainmniú na n-iarrthóirí ach ceannairí pobail a bheidh á gcur féin chun cinn; beidh seift ag teastáil chun cothroime nó coibhneas sásúil inscne a bhaint amach mar a theastófaí. Ní bheidh sé éasca agus cead vótáil a bheith mar atá.

Maidir leis na toghcheantair nó na toghlaigh, tá ciall leis an moladh nach bhfágfaí na Gaeltachtaí beaga gan ionadaí tofa dá chuid féin a bheith ag gach ceann díobh. Ach, ar bhonn daonra, fairsinge agus tíreolaíochta an limistéir Ghaeltachta, an bhfuil beirt do Dhún na nGall réasúnta? Cuirim an cheist sin.

Maidir le cáilíochtaí iarrthóirí do bhallraíocht don údarás, pé acu trí thoghchán nó trí roghnúchán, tá an fhoráil go gcaithfidh siad íoschaighdeán Gaeilge a léiriú ciallmhar má tá gnóthaí an údaráis le reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge, mar ba chóir. Sonraítear, mar íoschaighdeán, B2 de réir Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha. Tá ceist agam. An gá an sonrú seo a bheith chomh beacht, nó, an bhféadfaí nath mar "nó a chomhionann" a chur leis an bhforáil? Nó, cuirim i gcás, an mbeidh teastas ag teastáil don léiriú cumais seo?

Maidir le hainmniú an chathaoirligh ag an Aire, b'fhéidir gur fiú machnamh arís ar a bhfuil i gceist sa dréacht-leasú, mar atá sé. An é atá i gceist gur féidir an cathaoirleach a ainmniú as measc baill uilig an bhoird, an 16, mar atá sa dréacht-Bhille (leasú) faoi láthair, nó as measc an tseisir ball a ainmneoidh an tAire? Dá mba ea gur comhairle contae a bhí i gceist, bheadh an cathaoirleach á thoghadh ag baill uilig na comhairle agus iad sin ar fad tofa. Ach ní mar sin le hÚdarás na Gaeltachta, mar go mbeidh an cathaoirleach á ainmniú nó á hainmniú ag an Aire. Más ball tofa de bhord an údaráis a bheadh á ainmniú nó á hainmniú mar chathaoirleach, is féidir, agus ní chuirfidh mé níos treise ná sin é, go gcruthódh a leithéid de cheapachán conspóid agus deacrachtaí nach gcuideodh le feidhmiú éifeachtach an údaráis. An féidir go mbeadh ciall lena shonrú go neamhbhalbh gur as measc na mball ainmnithe, an seisear a ainmneoidh an tAire, a roghnóidh an tAire an cathaoirleach?

Maidir le foráil 1(d), nach mbeidh "aon duine ar comhalta d’údarás áitiúil iad, comhalta de cheachtar Teach de chuid an Oireachtais, nó de Pharlaimint na hEorpa incháilithe chun suí ar bhord an Údaráis", tá ciall leis an bhforáil seo le nach mbeadh trasnú tosaíochtaí nó coinbhleacht cuspóra ag cur isteach ar obair an údaráis.

Maidir le foráil 1(e), go mbeidh comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad ar an mbord, tuigim cén fáth go gceapfaí gur rud sláintiúil é d’eagraíocht ar bith fuil agus fuinneamh úr, in éineacht le tuairimí, taithí agus léargais nua, a bheith ag teacht isteach inti ar bhonn leanúnach. Agus é sin ráite, níl cosc, ceangal ná coinníoll den chineál seo i bhfeidhm i gcás daoine atá á gcur féin chun cinn mar iarrthóirí i dtoghcháin do bhallraíocht sna húdaráis áitiúla, do Thithe an Oireachtais ná do Pharlaimint na hEorpa. An bhfuil cúis ar bith nó faoi leith go mbeadh ceangal speisialta ar iarrthóirí agus ar vótálaithe na bpobal Gaeltachta agus ionadaithe á dtoghadh d’Údarás na Gaeltachta?

Maidir le ceann 5, foráil 3, ag tagairt do na coistí réigiúnacha, péire atá molta sa dréacht-leasú. Ní léir cén bonn nó critéir ar a bhfuil an moladh áirithe seo bunaithe maidir le huimhir na gcoistí réigiúnacha ná an bealach ina rinneadh an comhiomlánú don dá choiste. Ní féidir gur ar bhonn daonra a socraíodh an ghrúpáil. An ar bhonn tíreolaíochta atá sé bunaithe - Leath Cuinn agus Leath Mogha, más ag dul i bhfad siar atáimid chun é sin a aimsiú? D’fhéadfaí a rá gur grúpa “nádúrtha” é grúpa de Ghaeltachtaí na Mumhan, cuirim i gcás. Ar an lámh eile, is iad Gaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Dhún na nGall an dá Ghaeltacht is mó sa Stát ó thaobh daonra agus limistéir de; agus tá oileáin mhara acu araon. Is fada an t-achar ó Thoraigh go Ráth Chairn.

Lena chois sin ar fad, i gcomhthéacs chúram an údaráis i réimse na pleanála teanga, tuigfidh baill an chomhchoiste seo ón bhfianaise atá curtha ar fáil le tamall ag saothar saineolaithe sa tsochtheangeolaíocht go bhfuil cúinsí logánta ag an micrealeibhéal, fiú amháin, cinniúnach le haghaidh cheapadh na mbeart a threiseoidh na bunphobail Ghaeilge sna ceantair éagsúla Ghaeltachta, idir bheag is mhór, lag agus láidir. Is féidir gur fearr a d’fheilfeadh struchtúr fo-choistí níos solúbtha chun dul i ngleic le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus chun cuspóirí an údaráis a bhaint amach. Is í an cheist, más ea, ná seo: an bhfuil an fhoráil seo faoi uimhir agus chomhdhéanamh na gcoistí réigiúnacha ró-righin? Fillim arís ar thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta nuair a bhí teacht ar rud a bhí bunaithe ar théamaí agus ar phríomh-eilimintí seachas ar an rud réigiúnach.

Arís eile, le cead an Chathaoirligh, is féidir linn smaoineamh ar chás na nUltach agus ar na ceangail idir Ghaeltacht Dhún na nGall agus na pobail atá ag fás sna Sé Chontae. B'fhéidir go mbeadh struchtúr solúbtha coistíochta níos fearr don dinimic fhorbartha ar mhaithe le daoine a fheiceáil. Bheadh rud le scríobh faoi seo ach, arís, an bhfuil an rud atá ann faoi láthair bunaithe ar an scéal mar a bhíodh ró-righin, is é sin díreach dhá choiste, agus iad deighilte de réir réigiún agus grúpála?

Ní theastaíonn uaim dul chun leadráin, a Chathaoirligh.

Tá an dornán ceisteanna atá ardaithe agam anseo dírithe – den chuid is mó go heisiach agus is cóir iad a bheith - ar a bhfuil sonraithe sa dréacht-Bhille seo. Faoi mar a dúirt mé ag tús an phíosa seo, tá gá le hathbhreithniú níos cuimsithí, níos radacaí agus níos dúshlánaí ar theorainneacha na Gaeltachta agus ar chur chuige straitéiseach an Stáit i leith neartú agus buanú an bhunphobail teanga sa Ghaeltacht. Bheinn ag teacht leis an gcainteoir a tháinig romham, an tOllamh Ó Giollagáin, maidir leis seo. É sin a bheith déanta, nó mar chuid d’athbhreithniú dá short, bheadh dealramh le grinn-iniúchadh ar ról, cumhachtaí agus cúraim Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na straitéise sin. Idir an dá linn, agus i dtreo is nach mbeadh aon rian den mhéarfhadachas i gceist, is céim chun cinn í an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 chun seasamh, dlisteanacht agus, i gciall bhunaidh an fhocail sin “údarás”, údarás an údaráis i súile an bhunphobail Gaeltachta a mhéadú agus chun a éifeachtacht a neartú.

Gabhaim buíochas leis an Ollamh Ó Tuathaigh. Díreach sula ghlaoim ar Dhonncha Ó hÉallaithe, ba mhaith liom a aithint ar an taifead go bhfuil an Teachta Ó Cuív agus an Seanadóir Ward linn anois ar Microsoft Teams. Glaoim anois ar Dhonncha Ó hÉallaithe labhairt, lena thoil.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh seo labhairt leis an gcomhchoiste maidir le ceannteidil an Bhille. Fáiltím an reachtaíocht seo ar chúis an-mhaith ar fad, is é sin go bhfuil daonlathas tábhachtach ó thaobh Údarás na Gaeltachta de. Chun an scéal seo a chur i gcomhthéacs stairiúil, cuireadh an t-údarás ar bun in 1980 tar éis feachtas a thosaigh Cearta Sibhialta na Gaeltachta le húdarás daonlathach a bhunú. Bhí sé seo le teacht i gcomharbas ar Ghaeltarra Éireann. Ní hea go raibh Gaeltarra Éireann chomh dona sin. Rinne an chuideachta sin an t-uafás oibre, obair an-mhaith ar fad, ach bhí gá le gné de Ghaeltarra Éireann a bhí easnamhach a leigheas. I dtosach báire, ní raibh an chuideachta daonlathach agus, mar sin, bhí bearna idir phobal na Gaeltachta agus na daoine a bhí ag déanamh na cinntí ar bhord Ghaeltarra Éireann. Cheap mé go mbeadh sé i bhfad níos fearr go mbeadh ionchur ag pobal na Gaeltachta i gceapadh an bhoird. Cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun ansin le gné dhaonlathach a bheith ann, sa mhéid is go raibh seachtar den 13 bhí ar bhord an údaráis an chéad lá tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta.

Bhí gné eile ag baint le Gaeltarra Éireann bhí easnamhach chomh maith. Is é sin nach raibh a dhóthain cumhachtaí nó feidhmeanna ag Gaeltarra Éireann le bheith in ann déileáil leis na fadhbanna an-mhóra infrastruchtúir bhí sa Ghaeltacht. Ag an am, bhí cúrsaí an-dona sa cheantar ina bhfuil cónaí orm féin. Ag an am sin ní raibh córas uisce reatha, mar shampla. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag obair le Gaeltarra Éireann ar feadh cúpla mí. Cuireadh isteach mé mar innealtóir agus is é ceann de na jabanna a tugadh dom ná uisce a chur ar fáil do mhonarcha éisc a bhí i Ros an Mhíl mar gheall nach raibh aon uisce reatha le fáil i Ros an Mhíl ag an am, ach bhí monarcha éisc ann. Is deacair monarcha éisc a rith gan córas uisce. Deirtear liom go bhfuil an córas uisce a chuireamar le chéile fós ag obair. Go bunúsach, insím an scéal mar gheall go mbíodh ar Ghaeltarra Éireann déileáil leis na fadhbanna bunúsacha sin, agus é ag iarraidh tionsclaíocht a mhealladh agus a chur ar bun sa Ghaeltacht, agus mar sin de. Tá cuid mhaith de na fadhbanna sin réitithe anois sa mhéid is go bhfuil bunstruchtúr réasúnta maith ó thaobh cúrsaí uisce, cumarsáide, agus mar sin de, inti agus, go bunúsach, tá cuid mhaith de na fadhbanna sin réitithe. Tá fadhbanna i gcónaí i gceantair agus is féidir a bheith cinnte faoi sin.

Faoi láthair, tá fadhb mhór againn maidir le tithíocht. Aisteach go leor, bhíodh Gaeltarra Éireann in ann déileáil leis seo ar bhealach. Thóg an chuideachta seo tithe chun déileáil leis na fadhbanna tithíochta a bhíodh ann mar gheall ar iarrachtaí na cuideachta bainisteoirí a mhealladh chun teacht isteach agus dul i gceannas ar mhonarcha, agus mar sin de, mar nach raibh aon tithíocht shásúil ar fáil i gcuid de na ceantair Ghaeltachta. Thóg Gaeltarra Éireann tithe agus chuir siad talamh ar fáil le go mbeadh daoine eile in ann tithe a thógáil dóibh féin, is iad sin daoine a bhí ag obair dó. Deirtear liom go bhfuil cuid de na tithe sin fós i seilbh Údarás na Gaeltachta mar chuid den oidhreacht, is dócha, a fuair sé ó Ghaeltarra Éireann. Is é an rud is aistí faoi ná nach bhfuil an chumhacht sin ag Údarás na Gaeltachta - níl cumhacht shoiléir ag Údarás na Gaeltachta le go bhféadfadh sé déileáil leis na fadhbanna móra tithíochta mar atá ar fud na tíre, agus sa Ghaeltacht freisin.

Is é an bealach a bhreathnaím ar an scéal seo, go han-fuarchúiseach, ná gurb é an chúis a bunaíodh Gaeltarra Éireann ná chun fostaíocht a chur ar fáil le daoine agus cainteoirí Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht. Ar an gcaoi sin, d'fhéadfaí inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú dá mbeadh cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht in ann fostaíocht a fháil sa bhaile. D'éirigh thar barr le Gaeltarra Éireann é sin a dhéanamh agus tá éirithe thar barr ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh fostaíocht de. Sa cheantar ina bhfuilim féin, is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil lánfhostaíocht ann. Is í an fhadhb atá ann ná nach féidir leis an chuid is mó de na cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht a fhaigheann fostaíocht anois, de bharr obair Údarás na Gaeltachta, cónaí sa Ghaeltacht. Tarlaíonn sé seo mar gheall ar an mbealach nach dtugann cuid de na rialacha pleanála san áireamh na riachtanais speisialta atá ann ó thaobh na Gaeltachta de. Níl bhíonn na comhairlí contae - cinnte i nGaillimh - ag tógáil tithe sa Ghaeltacht. Níl aon pleananna acu tithe a thógáil i gcuid de na ceantair is mó a bhíonn an t-údarás ag cur infheistíocht isteach ann.

Tá easpa mhór ar Údarás na Gaeltachta má tá sé le dul i ngleic leis an ngéarchéim, a raibh an bheirt chainteoirí romham ag caint faoi, sa Ghaeltacht. Tá easpa an-mhór ar a chuid cumhachtaí mura bhfuil sé in ann dul ag plé le cúrsaí tithíochta. Nílim ag rá gurb é an rud atá ag teastáil nó go mbeadh an t-údarás ag feidhmiú mar chonraitheoir tithíochta ach tá sé in ann talamh a cheannach chun monarchana a thógáil faoi láthair agus tá roinnt mhaith talaimh cheana féin i gcónaí ag an údarás de bharr an mhéid a ceannaíodh le linn thréimhse Ghaeltarra Éireann. Tá banc maith talún aige i gcuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta. Is cosúil go bhfuil fadhb ann ó thaobh an bhfuil sé ceadaithe, de réir na reachtaíochta mar a sheasann sé, d'Údarás na Gaeltachta a bheith ag cur talamh ar fáil le haghaidh tithíochta, fiú amháin an talamh atá aige faoi láthair. Tá sé thar a bheith tábhachtach, mar sin, go mbreathnófaí freisin ar an ngné sin den Bhille seo, agus a fhiafraí an bhfuil easpa ar na cumhachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta. Níl mé ach ag lua an ceann faoi thithíocht mar ceapaim gurb é sin an ceann is mó a sheasann amach domsa agus do na heagraíochtaí lena mbím ag plé.

Murar féidir na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a choinneáil sa Ghaeltacht, táthar ag cailleadh bunchloch na Gaeltachta. Ní hea nach féidir le daoine tithe a thógáil sa Ghaeltacht ach nuair atá deacrachtaí an-mhóra ann, go speisialta do dhaoine óga nach bhfuil mórán acmhainní acu cheana féin, bíonn sé an-deacair dóibh ceithre nó cúig bliana a chaitheamh ag fanacht ar an gcead pleanála. B'fhéidir go dtiocfaidh sé agus b'fhéidir nach dtiocfaidh sé. Tá cásanna ann ina bhfuil daoine diúltaithe trí, ceithre agus cúig uair ó thaobh cead pleanála de. Ag pointe áirithe, caithfidh siad dul ar aghaidh leis an saol agus cinneadh a dhéanamh go mbogfaidh siad isteach go cathair na Gaillimhe nó go háit éigin inar féidir leo teach a cheannach ar phraghas a bheadh siad in ann morgáiste a fháil ina aghaidh. Táimid ag cailleadh go leor de na daoine - cainteoirí Gaeilge a thógfadh a gclann le Gaeilge - a chuirfeadh le inmharthanacht na Gaeltachta mar gheall ar an easpa seo.

Go bunúsach, maidir leis an reachtaíocht atá ar bun anseo agus atá os ár gcomhair, fáiltím roimh an comhdhéanamh atá molta ó thaobh dheichniúr a bheith tofa agus seisear a bheith ceaptha. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine ceaptha mar gheall go mbeadh scileanna áirithe ar bhord Stáit ar bith a theastófaí, agus go mb'fhéidir nach mbeadh na scileanna sin ag daoine a thoghfaí.

Tá sé sin tábhachtach. An t-aon locht amháin a bheadh agam ar an rud atá molta ná nach dtugann sé aitheantas do na hoileáin. Is maith an rud é go bhfuil aitheantas tugtha do na Gaeltachtaí beaga i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge. Is maith go bhfuil an t-aitheantas sin tugtha seachas go mbeifí ag malartú ionadaíocht. Faraor, ceapaim gur cheart breathnú an cheart ionadaíocht a bheidh ag na hoileáin Ghaeltachta freisin mar tá a gcuid fadhbanna féin ag na hoileáin nach bhfuil ag na ceantair eile. Go bhfios dom, níl ach cúig oileán i gceist a bhfuil buanchónaithe orthu. Is fiú don chomhchoiste breathnú ar an gceist sin agus ar cén chaoi a bhféadfaí ionadaíocht a thabhairt do na hoileáin.

Maidir le hainmniúchán na ndaoine, is fiú dúinn breathnú ar cén cineál bord a theastaíonn uainn. An bord is mó a d’fheidhmeodh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus ar mhaithe leis an údarás a bheith ag feidhmiú mar eagraíocht forbairt pobail ná bord ina mbeadh na baill ag teacht ó earnáil an fhorbairt pobal. Chuige sin, feictear domsa gur mhaith an rud é go mbeadh ról lárnach ag na heagraíochtaí forbartha pobal atá gníomhach sa Ghaeltacht in ainmniúchán na ndaoine a bheadh ag seasamh. An cineál moladh a bheadh agam féin ná go mbeadh clár eagraíochtaí mar sin ag Údarás na Gaeltachta agus le seasamh sa toghchán, go gcaithfeadh tú a bheith ainmnithe ag dó nó trí cinn de na heagraíochtaí pobal sin. Is fearr an chaoi é sin le daoine a fháil ainmnithe seachas a bheith ag braith ar na páirtithe polaitíochta mar a bhí Údarás na Gaeltachta cheana. Ní hé go bhfuil aon locht agam ar na páirtithe polaitíochta. Ar ndóigh, ní hé nár cheart go mbeadh cead ag daoine ó pháirtithe polaitíochta bheith ag seasamh. Le bheith ainmnithe, áfach, is ceart go n-ainmneofaí daoine, ní mar gheall gur ainmníodh iad ag coinbhinsiún de chuid Sinn Féin, Fianna Fáil, nó Fine Gael nó aon pháirtí eile, ach mar gheall go raibh siad in ann trí nó ceithre eagraíocht pobal a fháil a bhí sásta iad a chur chun cinn mar iarrthóirí.

Is ceist achrannach í an cheist cé aige ar cheart cead vótála a bheith acu. Luaigh an tOllamh Ó Thuathaigh romham an cheist seo faoi chathair na Gaillimhe. Ní féidir linn bheith ag fanacht ar athtarraingt ar theorainneacha na Gaeltachta mar caithfidh an Bille seo a bheith rite réasúnta luath. Cé go dteastaíonn sé go gearr go ndéanfaí na teorainneacha a shocrú ar bhonn teangeolaíoch seachas ar bhonn tíreolaíoch, ní próiseas éasca a bheadh ann. Idir an dá linn, d’fhéadfaí breathnú ar an gcás agus an cheist a chur, ar cheart go mbeadh vótaí taobh istigh de chathair na Gaillimhe le daoine a roghnú ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ní bhíonn Údarás na Gaeltachta ag plé le chathair na Gaillimhe. Fuair mé deimhniú ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon cliantchomhlacht ag an údarás taobh istigh de bhardas chathair na Gaillimhe. Ní bhíodh ag Gaeltarra Éireann ach oiread. Go bunúsach, socraíodh gur faoin Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, IDA, agus Enterprise Ireland a bhí sé deontais a bhronnadh le fostaíocht a chur ar fáil taobh istigh de chathair na Gaillimhe. Tá roinnt de na heastáit tionsclaíochta móra i gcathair na Gaillimhe taobh istigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta ach ní bhíonn Údarás na Gaeltachta ag plé leo sin. Tá ceist ann ar cheart go mbeadh vótaí taobh istigh de chathair na Gaillimhe i dtoghchán an údaráis. Molaim go mbeadh sé mar chuid den Bhile go ndéarfaí nach mbeadh vótaí taobh istigh de chathair na Gaillimhe mar chuid de toghchán an údaráis. Dá mbeadh, agus dá mbeadh toghchán an údaráis á rith ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla, agus is cosúil gurb é an aidhm atá ag an Aire ná go mbeadh an dá rud ar siúl ar an lá céanna in 2024, bheadh 10,000 vóta i gcathair na Gaillimhe. Sin níos mó vótaí ná mar a bheadh i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile. Sin níos mó vótaí ná sa cheantar is láidre agus is mó Gaeltachta atá ann, sé sin, ó Bhearna go Cárna. Bheadh níos mó vótaí i gcathair na Gaillimhe ná mar a bheadh ag an gceantar Gaeltachta is láidre a shíneann ó Bhearna siar chomh fada le Cárna. Ní féidir linn ligint do rud mar sin dul ar aghaidh. Tá deis ag baill an choiste a cinntiú sa reachtaíocht nach dtarlóidh sé ar an gcaoi sin.

Luaigh mé an easpa cumhachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair maidir le cúrsaí tithíochta. B’fhéidir go bhfuil rudaí eile freisin a bhféadfaí breathnú orthu ó thaobh na feidhmeanna eile a bhféadfadh a bheith ag an údarás. Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó á dhéanamh agus i bhfad níos mó aird dírithe ag Údarás na Gaeltachta ar chúrsaí cultúrtha agus ar chúrsaí teanga ná mar a bhíodh ag Gaeltarra Éireann. Fáiltím roimhe sin. Is faoi Údarás na Gaeltachta atá sé a bheith ag déileáil leis an bpleanáil teanga taobh istigh de na ceantair Ghaeltachta. Ar an gcaoi sin, caithfear breathnú ar an bpleanáil teanga mar fhórsa a fhéadfaí a úsáid ar mhaithe leis an nGaeilge a láidriú taobh istigh de na ceantair Ghaeltachta. An bhfuil an éifeacht is mó á bhaint as an bpleanáil teanga? Tá sé luath fós. Feictear domsa go bhféadfadh i bhfad níos mó éifeachta agus tionchair a bheith ag an bpleanáil teanga ar nósmhaireacht na Gaeilge agus nósmhaireacht na teanga sna ceantair Ghaeltachta éagsúla. Is deacair é sin a shainmhíniú taobh istigh de Bhille Rialtais.

D’fhéadfaí a rá go bhfuilimid 100 bliain ó bhunaíodh an Stát. Ní raibh an Stát i bhfad bunaithe nuair a bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta in 1925 agus nuair a cuireadh an tuairisc le chéile in 1926. Is ansin a sainíodh, don chéad uair riamh, cá raibh an Ghaeltacht. An uair sin, bhí dhá Ghaeltacht láidre - mura raibh trí cinn - i gContae an Chláir. Bhí ceantair Gaeltachta thart ar Carraig an Chabhaltaigh i ndeisceart an chontae; thart ar Dúlainn in iarthar an chontae; agus thart ar Baile Uí Bheacháin i dtuaisceart an chontae. Níl aon Ghaeltacht anois i gContae an Chláir. Tá go leor caillte againn le 100 bliain anuas ó thaobh na Gaeltachta de. Tá figiúirí luaite ag an Ollamh Ó Giollagáin romham agus bheinn ag teacht leo sin. Ceann do na hataí a bhíonn á chaitheamh agam ná mar thaighdeoir a bhíonn ag coinneáil súil ar fhigiúirí daonáirimh agus mar sin de, agus ar céard atá ag tarlú ó thaobh úsáid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Tá na figiúirí atá againn faoi láthair beagáinín as dáta. Beidh figiúirí nua ag teacht chugainn ag deireadh na bliana seo ón daonáireamh a tógadh in 2022. Seans maith go léireoidh na figiúirí sin freisin go bhfuil creimeadh eile tarlaithe don Ghaeltacht. Caithfimid deireadh a chur leis an gcreimeadh seo mar táimid, mar a dúirt an tOllamh Ó Giollagáin, ag caint ar thart ar 20,000 duine ar a mhéid atá ina gcónaí i gceantair ina bhféadfaí a rá go bhfuil an Ghaeilge go nádúrtha, go horgánach, á úsáid.

Is féidir linn géilleadh don éadóchas agus gan tada a rá. Tá seans maith go bhfuil go leor daoine ag géilleadh don éadóchas ach níl an rogha sin againn. Ar bhealach, tá sé beagáinín cosúil le téamh an domhain agus an ghéarchéim aeráide agus mar sin de. Ní féidir linn géilleadh. Níl aon rogha againn. Ní féidir linn géilleadh don éadóchas. Sa chás seo freisin, ní féidir linn géilleadh don éadóchas. Tá mé ag ceapadh gurb é an rud a chaithimid a dhéanamh ná breathnú go fuarchúiseach ar an straitéis atá againn faoi láthair agus é a athrú le go mbeidh sé níos éifeachtaí agus go mbeidh an t-údarás níos éifeachtaí. Níl aon dabht ormsa ach gurb é Údarás na Gaeltachta an foras is tábhachtaí ó thaobh na Gaeltachta de. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de, ach tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh an chultúir agus mar sin de. D’fhéadfainnse go leor lochtanna a fháil ar Údarás na Gaeltachta ach ag deireadh thiar thall, táimid ag braith air, thar aon dream eile, leis an nGaeltacht a choinneáil beo mar theanga orgánach sna ceantair ina bhfuil sí fós á húsáid. Níl mé gan dóchas ó thaobh an méid a fheicimse. Mar a dúirt mé, ceann de na hataí a bhíonn orm ná mar thaighdeoir a bhíonn ag breathnú ar fhigiúirí agus mar sin. Ceann de na cúiseanna a bheinn dóchasach ná an t-athrú atá tarlaithe mar shampla thíos i Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge. Is é an t-aon Ghaeltacht a thaispeáin go raibh méadú sa líon cainteoirí Gaeilge laethúla taobh amuigh den chóras oideachais idir an dá daonáireamh a rinneadh in 2011 agus in 2016.

Bhí titim mór ann chuile áit eile. Bhí titim an-mhór ar fad i nDún na Gall, áit ina raibh titim de 1,000 duine sa líon cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais. Bhí 1,000 duine níos lú, tar éis don daonra ardú i nGaeltacht Dhún na nGall, a dúirt sa daonáireamh in 2016 go raibh siad ag úsáid na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais ná mar a bhí in 2011. Mura bhfuil sé sin mar chomhartha dúinn go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb, níl aon chomhartha eile ann.

Iarraim ar an gcomhchoiste na moltaí éagsúla atá tagtha ó na daoine éagsúla a chur aighneachtaí chuige a thabhairt ar bord. Fáiltím roimh an mBille seo agus iarraim ar an gcomhchoiste é a fheabhsú le go mbeidh Údarás na Gaeltachta ina fhoras níos éifeachtaí, níos fearr, agus níos dírithe ar an bhfadhb atá ann, is é sin, an ghéarchéim teanga atá sna ceantair Ghaeltachta, agus nach mbeidh sé ina áisíneacht le poist a chruthú amháin ach go mbeidh sé ina áisíneacht le forbairt pobal a dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta, go speisialta sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid mar theanga i measc sciar áirithe den phobal.

Ms Róisín Ní Chinnéide

Gabhaimid buíochas le baill an choiste as an gcuireadh teacht os bhur gcomhair inniu chun Bille um Údarás na Gaeltachta a phlé. Sula gabhaim ar aghaidh, teastaíonn uaim leithscéal a ghabháil thar cheann Mhairéad Ní Fhatharta, cathaoirleach ar mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, a bhí le bheith linn inniu chomh maith.

Tá tábhacht nach beag ag an údarás do phobal na Gaeltachta, agus caithfear a chinntiú go bhfuil sainscileanna, taithí agus tuiscint ag na comhaltaí le hionadaíocht chuí a dhéanamh ar an bpobal sin. Is céim dhearfach chun tosaigh í go bhfuil na toghcháin don bhord le tabhairt thar n-ais, ach tugann an athmhunlú seo deis do bhaill an choiste freagrachtaí agus cumhachtaí an údaráis a mheas chomh maith agus an dréacht-Bhille os a gcomhair.

Tá na hiarratais phleanála sa Ghaeltacht ag méadú i gcónaí agus le bliain anuas tá fás ollmhór tagtha ar líon na n-iarratas ar mhór-fhorbairtí go háirithe. Tá ceisteanna ag teacht chun cinn maidir le mór-fhorbairtí a thógaint ar mhaithe le tithe sóisialta a sholáthar, agus is gá a bheith ullmhaithe le tabhairt faoi na ceisteanna seo i mbealach a rachaidh chun leasa phobal na Gaeltachta. Tuigeann an choiste go maith an ról lárnach atá ag an bpleanáil tithíochta do chomhdhéanamh sochtheangeolaíochta na Gaeltachta, agus níl an córas reatha ag feidhmiú mar is ceart. Tá difríochtaí suntasacha i bpolasaithe idir na húdaráis áitiúla, mar atá léirithe sna pleananna forbartha éagsúla agus sna hiarratais phleanála atá á gceadú acu. Faoi láthair, tá an phleanáil tithíochta ag teacht salach ar an bpleanáil teanga ach ba cheart go mbeadh an dá chóras i gcomhréir lena chéile. Dá dtabharfaí cumhachtaí agus freagrachtaí tithíochta chuig Údarás na Gaeltachta, thabharfaí cinnteacht, leanúnachas agus soiléireacht do mhuintir na Gaeltachta, agus thabharfaí tacaíocht don phróiseas pleanála teanga. Molaimid go sonrach nach dtabharfaí na cumhachtaí seo do Údarás na Gaeltachta áfach, go dtí go mbeidh daoine atá oilte sa phleanáil teanga agus sa phleanáil fhisiciúil araon réidh le dul i mbun an chúraim. Idir an dá linn, molaimid go bpléifeadh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go réamhghníomhach le gach iarratas pleanála sa Ghaeltacht agus iad ag tacú le hiarrthóirí le Gaeilge.

Ar ábhar gaolmhar, agus mar atá molta ag Donncha Ó hÉallaithe romham, molaimid go mbeadh cead ag an údarás scaoileadh le talamh atá ina seilbh acu ach nach bhfuil in úsáid acu chun tithíocht shóisialta nó tithíocht inacmhainne a chur ar fáil. Faoi láthair, níl sé ceadmhach don údarás a bheith ag plé le cúrsaí tithíochta agus is srian é seo atá ag cur bac ar iarrachtaí reatha chun tithe sóisialta a sholáthar i nGaeltacht na nDéise, mar shampla. Is féidir féachaint ar thithe incheannaithe do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a thógáil ar thalamh Údarás na Gaeltachta i bhfianaise Airteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a phléann leis an gcosc ginearálta ar chabhair stáit agus na h-eisceachtaí ón gcosc sin. Molaimid go láidir go ndéantar machnamh ar na ceisteanna tithíochta seo agus an Bille á bhreithniú ag an gcoiste.

I dtaobh chomhaltaí an bhoird de, agus an méid sa dréacht-Bhille mar atá faoi láthair, tá cúpla ní an-tábhachtach gur gá a chur san áireamh le cinntiú go bhfuil guth phobal na Gaeltachta le brath ar an mbord, agus go ndéanfar ionadaíocht cheart orthu; ionadaíocht a chuimsíonn gach réimse den tsochaí sna ceantair Ghaeltachta. Fáiltímid roimh an ionadaíocht bhuan atá le bheith ag gach contae Gaeltachta, ach molaimid go mbeidh ionadaíocht bhuan ag na hoileáin Ghaeltachta chomh maith. Maidir leis na toghcháin, molaimid nach mbeadh cead vótála ach amháin ag na daoine a bhfuil cónaí orthu sna ceantair a bhfuil an t-údarás ag feidhmiú iontu maidir le raon iomlán a chuid feidhmeanna, cúrsaí tionscail san áireamh. Ó thaobh na n-iarrthóirí de, cuireann an riachtanas gur gá d’iarrthóir a thaispeáint go bhfuil cónaí buan orthu sa dtoghcheantar sin teorainn daingean ar an líon daoine gur féidir seasamh sa toghchán. Tá go leor daoine de bhunús na nGaeltachtaí, is é sin daoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht áirithe san, a chónaíonn gar don nGaeltacht cé nach bhfuil siad laistigh di, nó atá ag obair sa Ghaeltacht gan a bheith ina gcónaí inti. Leis an gcóras atá molta, bheadh a leithéidí dícháilithe le suí ar bhord an údaráis. Ba cheart meicníocht a chur i bhfeidhm chun deis a thabhairt do na daoine sin a bheith incháilithe má sásaíonn siad na riachtanais seo a leanas: gurb as an nGaeltacht dóibh, go bhfuil cónaí orthu sa dtoghcheantar nó gar do, agus go bhfuil taithí acu a bheith ag obair sa Ghaeltacht. Freisin, má tá iarrthóirí á gcur chun cinn ag na páirtithe polaitiúla sna toghcháin i dhá thoghcheantar nó níos mó, molaimid gur mná iad ar a laghad 40% de na hiarrthóirí a chuirfidh an páirtí chun cinn ar an iomlán.

Maidir leis na comhaltaí ceaptha, má tá siad le bheith ann, molaimid go mbeadh ainmniúchán ón earnáil phleanála teanga, ó Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe; ó Chonradh na Gaeilge; agus ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann. Molaimid go mbeadh ar na hionadaithe ó na grúpaí seo riachtanais áirithe a chomhlíonadh agus go mbeadh cónaí orthu sa Ghaeltacht nó gar di; go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge acu atá comhionann ar a laghad le leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach; agus go mbeadh taithí agus tuiscint sodhearfa acu ar cheann amháin de na gnéithe seo a leanas ar a laghad: an phleanáil teanga, cur chun cinn na Gaeilge, fiontraíocht agus cruthú fostaíochta, forbairt phobail, cur chun cinn na n-ealaíon, agus an earnáil teaghlaigh. Má iarrfar ar eagraíochtaí daoine a mholadh nó a ainmniú don phróiseas ceapacháin, ba chóir go mbeadh orthu beirt ionadaithe a mholadh i gcónaí; bean amháin agus fear amháin. I dtaobh dhualgais agus fhreagrachtaí bhord Údarás na Gaeltachta, tá sé ríthábhachtach go mbeadh dualgas reachtúil orthu a bheith réamhghníomhach maidir leis an bpleanáil teanga agus le cur chun cinn na Gaeilge. Gabhaim buíochas le baill an choiste arís as an gcuireadh a thabhairt dúinn teacht os bhur gcomhair inniu, agus bheimis buíoch dóibh ár moltaí a mheas go cúramach agus iad i mbun oibre ar an mBille seo.

Tabharfaimid deis anois don lucht féachana agus do na comhaltaí. Tá an Teachta Ó Cuív le dul ar dtús. Dúirt an Teachta Connolly go mbeadh sí ar ais agus tá Seanadóir Kyne tar éis teacht ar ais mar a dúirt sé.

Go minic, tá sé deacair cumhachtaí a bhaint den státchóras. Cuirfidh an dream a bhfuil na feidhmeanna acu i láthair na huaire ina aghaidh go dóite. Ar an mbunús sin, bíonn ort tosaíochtaí a shocrú agus a rá cén chuid is tábhachtaí. An chéad cheist atá agam ná dá mbeadh ar na finnéithe dhá chumhacht bhreise a roghnú, cén péire a roghnódh siad? An roghnódh siad pleanáil tithíochta nó rudaí eile ar fad cosúil le infreastruchtúr? Céard iad an dá cheann a roghnódh siad?

Bhí moladh amháin ann go dtoghfaí duine ó na hoileáin. Má dhéantar sin, is duine as na hOileáin Árann a thoghfar chuile uair. Cé acu ab fhearr: go mbeadh duine tofa ó na hoileáin nó go mbeadh dualgas ar an Aire duine a bhfuil buanchónaí orthu ar oileán a ainmniú ar an mbord? B’fhéidir go bhféadfadh na finnéithe an cheist sin a rangú.

D'ardaigh an tOllamh Ó Thuathaigh ceist a bhí thar a bheith tábhachtach. Tá mé idir dhá chomhairle faoi fhreagra na ceiste.

Is é an fáth go raibh B2 á lua agam – phléigh mé é seo leis an Aire – ná go gcaithfear a chinntiú go bhfuil daoine a bhfuil Gaeilge chumasach acu ar bhord an údaráis ach ag an am céanna, is cineál cáilíochta acadúla é B2. Bheadh faitíos orm nach mbeadh go leor cainteoirí dúchasacha agus gníomhaithe pobail lan-Ghaelach in ann B2 a bhaint amach agus b’fhéidir nach mbeadh sé bainte amach in am acu.

Sílim gur luaigh an tOllamh Ó Thuathaigh “a chomhionann”. Cén bealach a chuirfí srian le céard é atá sa chomhionann agus leis an sleamhnú a dhéantar i gcás cáilíochtaí Gaeilge i gcónaí? An bhfuil machnamh déanta air sin? B’fhéidir gur cheist mífhéaráilte í. Dá mbeadh machnamh déanta nó mura bhfuil sé déanta inniu, b'fhéidir go mbeadh moltaí aige ar an gcaoi lena bhféadfadh duine, dá dtiocfá ar an dara bealach - feicim go bhfuil sé tarraingteach – nach dtarlódh an rud an rud a tharla cheana: “Ah sure, beidh seiceáil ar ball".

Má tá cáilíocht Ghaeilge le bheith ann, an bhfuil gach uile dhuine ar an tuairim gur cheart go mbeadh coinneáil go mbeadh cónaí ar an duine sa Ghaeltacht le seasamh i dtoghchán an údaráis? Bheadh sé an-neamhghnách. Ní gá cónaí i nDáilcheantar le seasamh i dtoghchán Dála. Ní dóigh liom go gcaitear a bheith i gcónaí sa cheantar in aon toghcháin eile. Go hiondúil, tá sé an-deacair é a dhéanamh taobh amuigh den cheantar ach is féidir é a dhéanamh. Sa chás seo, áfach, ní bheidh an fhadhb a bhí ann cheana go raibh daoine a raibh beagáin Gaeilge a dtofa. Ag glacadh leis go mbeidh cáilíocht Ghaeilge acu, ní bheidh an rogha sin ann. Bheadh sé spéisiúil tuairim a fháil. Seo iad na rudaí praiticiúil a théann isteach i mBille.

Tá ceist spéisiúil eile maidir le páirtithe. Ní raibh aon pháirtí riamh go hoifigiúil i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. Má bhreathnaítear ar an bpáipéar ballóide, ní raibh aon pháirtí riamh luaite. Go neamhoifigiúil, bhíodh cruinnithe ag páirtithe agus chuirfidís daoine chun cinn ach níl aon soláthar dó sin sa reachtaíocht. Sheas siad mar Neamhspleáigh. Ar lámh amháin, má deirtear go gcaithfidh na páirtithe 40% de mhná na Gaeilge a chur suas le cothromaíocht inscne a choinneáil agus ar an taobh eile den scéal, má thugtar páirtithe isteach ann, beidh na páirtithe ag déanamh amach gurbh fhearr dóibh iad ar fad a rith mar Neamhspleáigh, scun scan ar an gcoinníoll sin. Baineann an rud i dtoghchán Dála le hairgead ó na páirtithe sa Dáil. Is é sin an chaoi go chuirtear iallach ar dhaoine iad ar fad a chur ar aghaidh agus go gcuirtear an soláthar sin i bhfeidhm. Tá go leor rudaí beaga casta anseo.

Bhí mé ag éisteacht go réasúnta cruinn agus is dóigh liom gur luadh rudaí maidir le creimeadh. Tá dhá chúis le creimeadh teanga ó mo thaithí sa Ghaeltacht. Is é an chéad cheann na daoine le Gaeilge a roghnaíonn chun Béarla a labhairt lena ngasúir agus níl dada is féidir le haon duine a dhéanamh faoi sin ach iarracht a dhéanamh dul i gcion ar dhaoine go bhfuil siad ag goid rud éigin ó na gasúir, is é sin, saibhreas teanga. Déanann go leor Gaeilgeoirí atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht an rud ceannann céanna. Bíonn sé deacair uaireanta.

Tá an dara rud atá ina thionchar ollmhór ar láidreacht na Gaeltachta ar rud eile a bhfuil sé an-deacair aon rud a dhéanamh faoi. Chonaic mé daoine ag sárú na fadhbanna seo ach tá sé deacair. Is é an rud ná an méid daoine a bhogann isteach san áit mar pháirtnéirí. Cibé cén rud faoi phleanáil agus na rudaí sin ar fad - is féidir iad sin a smachtú - tá sé an-deacair an dara ceann a smachtú. Níor cheart é a chur faoi smacht. Tá an ceart ag daoine a rogha páirtnéara a bheith acu. Mar dhuine atá ina chónaí sa Ghaeltacht - áirím féin mar dhuine Gaeltachta faoin am seo, cosúil Donncha Ó hÉallaithe - ag breathnú thart orm féin, feicim dúshlán ollmhór. Feicim daoine óga ag teacht isteach sa chlinic agus beirt acu ann agus deireann duine amháin, “Labhróidh mé Béarla mar níl aon Ghaeilge ag mo pháirtnéir”. Is ceann de dhúshláin na Gaeltachta é sin agus dúshláin pleanála teanga. Bheadh spéis agam a fháil amach cé chomh mór agus a cheapann na finnéithe go bhfuil sé sin mar dhúshlán. Maidir leis an teip atá ann go dtí seo, in áiteanna, a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil Gaeilge acu; an saibhreas sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile agus grá don teanga a thabhairt ar aghaidh, cé chomh mór agus atá sé sin ina dhúshlán, sa bhreis ar na dúshláin eile atá luaite agus atá soiléir?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Déanfaidh mé iarracht cuid de na ceisteanna a fhreagairt. Níl a fhios agam an mbeidh mé in ann gach uile cheann a fhreagairt. Maidir leis na cumhachtaí, bhí an Teachta ag iarraidh dhá cheann, ach i ndáiríre is í an chumhacht tithíochta an ceann is tábhachtaí. Tá sé an-bhunúsach. Má tá trí rud ag teastáil ó dhuine le fanacht sa Ghaeltacht, is dócha gur féidir a rá gurb é tithíocht ceann acu, fostaíocht an ceann eile agus caitheamh aimsire an tríú ceann. Tá na trí cinn sin an-tábhachtach. Níl duine chun fanacht in áit nach bhfuil caitheamh aimsire ann. Ní féidir fanacht in áit nach bhfuil tithíocht ar fáil agus is cinnte go gcabhraíonn sé go mór fanacht in áit má tá fostaíocht ag duine. Tá an t-údarás an-mhaith ag cruthú na fostaíochta agus réasúnta maith ag tacú leis an gcaitheamh aimsire, in éindí le tacú le roinnt eagraíochtaí agus mar sin de. Is é an tithíocht é i ndáiríre. Tá sé ag goilleadh go mór ar dhaoine.

An mbaineann sé sin leis an bpleanáil?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ní bheinn ar son chumhachtaí pleanála a bheith ag an údarás, ar chúis simplí: dá mbeadh cumhachtaí tithíochta ag an údarás, bheadh an t-údarás ag cuardach ceada pleanála. Tá sé tábhachtach nach mbeadh an t-údarás ag cuardach ceada pleanála uaidh féin. Bheadh an rud róchasta. Bheadh sé dúshlánach go maith cumhachtaí tithíochta a bheith ag an údarás. Is éard a shamhlaím ó thaobh an chumhacht sin ná go bhféadfaí an talamh atá ag an údarás faoi láthair a úsáid. Tá comhartha ceiste faoi sin, ó cheistigh an tArd-Aighne ag an am, an Seanadóir reatha Michael McDowell – níl a fhios agam cén tréimhse ach tá mé ag ceapadh gur thart ar 2000 – an bhféadfaí talamh an údaráis a úsáid le haghaidh tithíochta. Ó shin i leith, níl an t-údarás in ann an talamh atá aige a úsáid le haghaidh tithíochta. Tá sé riachtanach sa reachtaíocht seo go ndéanfaí an bac atá ar an údarás ó thaobh na reachtaíochta de a chur ina cheart.

Shamhlóinn nach mbeadh an t-údarás ag tógáil na dtithe iad féin ach go mbeidís ag ceannach píosa talún; ag fáil ceada pleanála; ag cur seirbhísí ar fáil agus ag cur suímh a bheadh seirbhís ar fáil iontu le cead pleanála ar fáil do lánúin. Is é sin an bac is mó atá ar dhaoine; a bheith ag iarraidh suíomh a fháil agus ag fanacht ar chead pleanála. Tá a fhios ag an Teachta Ó Cuív agus ag an Seanadóir Kyne agus ag aon chomhairleoir contae Gaeltachta cé chomh deacair agus atá sé do dhaoine. In amanna, tá rialacha an chomhairle chontae an-mhíshoiléir. Chomh maith leis sin – tá mé ag ceapadh gur luaigh Róisín Ní Chinnéide é seo – ní thógann na pleananna forbartha atá ag na comhairlí contae san áireamh an riachtanas tithíochta atá sna ceantair Gaeltachta ina bhfuil daonra an-mhór, mar gheall go bhfuil an bhéim ann i gcónaí ar dhaoine a lonnú sna ceantair uirbeacha nó sna sráidbhailte agus níl mórán sráidbhailte sna ceantair Gaeltachta. Is é sin mar atá. Is é sin an chumhacht is mó.

Glacaim le pointe an Teachta maidir le hionadaíocht an oileáin ach is fearr go mbeadh sé soiléir go mbeadh ionadaíocht tofa nó ceaptha ó na hoileáin. Maidir le bheith tofa, d’fhéadfaí é a dhéanamh sa chaoi go mbeadh sé ag malartú. Gach seans go mbeadh an ionadaíocht ag teacht ó Árainn nó na hOileáin Árann ar aon chaoi, ach d’fhéadfaí a rá go gcaithfeadh sí teacht ó cheann eile de na hoileáin, abair, an leath eile den tréimhse. D’fhéadfaí rud mar sin a thabhairt isteach.

Glacaim le pointe an Teachta maidir le B2. Tá mé ag smaoineamh air mar tharla sé go bhfuair mé glaoch ó fhear inniu atá ag iarraidh BER rating a thabhairt isteach don teach mar gheall go bhfuilimid ag cur isteach ar dheontas le haghaidh phainéal gréine.

Dúirt mé liom féin, “Má chaithfidh tú BER rating a fháil do do theach le haghaidh painéil gréine a chur isteach, cén locht a bheadh ann ar B2 rating a fháil, má tá tú ag iarraidh a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta?”. Ní fadhb an-mhór í sin, a fhad agus go socrófaí bealach éigin le go bhféadfaí an cháilíocht sin a bhaint amach, nó a mhacasamhail, mar a bhí luaite ag an Ollamh Ó Tuathaigh.

Tuigim an ceann eile maidir leis na lánúineacha measctha. Bhí baint agam leis an bplean teanga i gCois Fharraige a chur le chéile. Rinneamar suirbhé ar na teaghlaigh le gasúir scoile iontu. Fuaireamar amach gur lánúin measctha a bhí i 60% de na teaghlaigh le gasúir scoile acu sa cheantar ó na Forbacha siar chomh fada le Ros an Mhíl. Ach ag an am céanna, tá bealaí ann le daoine atá tagtha isteach sa Ghaeltacht a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Is é ceann de na rudaí is mó atáimid ag úsáid le haghaidh iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge ná scéim nua labhairt na Gaeilge a thabhairt isteach. Tá caint air sin agus fáiltím roimhe sin agus roimh an scéim sin a bheith dírithe ar pháistí ón uair a thagann siad ar an saol, seachas a bheith dírithe ar pháistí nuair a théann siad ar scoil. D’fhéadfadh sé sin cabhrú go mór leis. Is beag an rud a mheallfadh lánúin i dtreo na Gaeilge ach scéim éigin a bheith ann faoi. Níl a fhios agam ar fhreagair sé sin ceisteanna an Teachta.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Cuirfidh mé aguisín beag leis sin. Go síceolaíoch, chomh maith le gach rud eile, bheadh beagáin mhearbhaill orm faoi rud chomh beacht le B2 a bheith luaite go sonrach agus gan aon rud curtha leis. Is féidir go gcuirfidh sé daoine fiúntacha ó dhoras dá mbeadh rud éigin acadúil i gceist. Fiú amháin i gcás daoine nach mbeadh aon deacracht acu an cháilíocht a bhaint amach, agus a bheadh éifeachtach mar cheannairí pobail nó go maith ag déanamh ionadaíochta, is féidir go dtabharfaidís droim láimhe don rud. Tuigim go maith má chuirtear rud éigin lag isteach, in áit rud atá beacht, go bhfuil contúirt ann go mbeidh sleamhnú siar ann. Uaireanta, nuair atá poist á ndéanamh, luaitear cáilíocht, nuachomhionann, cleachtadh agus taithí oibre. Nílim cinnte ar fad maidir leis an bhfoclaíocht. Níor mhaith liom go gcuirfí ar an spota mé le foclaíocht a sholáthar díreach anois, ach bheinn i bhfabhar nuachomhionann a bheith ann fós, fiú agus an chontúirt ann atá luaite ag an Teachta Ó Cuív, in áit daoine a chur ó dhoras le rud atá ró-righin agus atá iata ar fad mar cháilíocht acadúil.

Níl mé ag rá go bhfuil mó chéad agus mo dara phriaracht leagtha amach agam. Is cinnte go bhfuil tithíocht lárnach don rud, ach is é an rud a dhéarfainn mar phrionsabal ginearálta ná an rud is mó a dhéanfadh difríocht nó a gcuirfeadh casadh éigin agus a stopfadh an creimeadh ná an beart is mó a mbeadh torthaí acu ar theanga chlós na scoile ag an mbunscoil; an caidreamh idir na gasúir. Is é sin le rá, tá múinteoirí maithe ann agus tá na scoileanna Gaeltachta ag déanamh sároibre ach cad iad na bearta? Má tá an tacaíocht réamhscolaíochta ann, bíodh na páirtithe measctha nó nach mbíodh, bheinn ag iarraidh go mbeadh béim ollmhór ar naíonáin a thógáil i dtreo agus go mbeadh an chéad sóisialú a dhéanfaidh gasúir óga eatarthu i nGaeilge. Pé rud atá ag titim amach sna mhonarchana nó i gcúrsaí oibre - rachaidh siad ó theanga go teanga - ba cheart go mbeadh an bunshóisialú idir na gasúir déanta i gceart, go láidir agus sách luath. Is féidir le Raidió na Gaeltachta agus TG4 an tsáinn teanga a shaibhriú de réir a chéile má tá an bunshóisialú ann ón chliabhán. Dá luaithe agus a dhéantar sin, is ea is fearr. Bheinn i bhfabhar bearta tacaíochta ollmhóra a chaitheamh leis an mbunshóisialú seo ag gasúir sula dtagann siad ar an scoil.

Bheadh na bealaí is éifeachtaí le sonrú. Ní gá, b’fhéidir, gur chumhachtaí breise a bheadh ag teastáil fiú amháin dó sin ach béim agus fócas ollmhór agus neart a bheith taobh thiar de le lánúin óga, le daoine ag teacht isteach agus le muintir na Gaeltachta féin, nach mbeidís ar shlí réchúiseach faoin rud, go dtuigfidís an tábhacht a bhaineann le tumoideachas ach tumshóisialú teanga a thúisce agus is féidir. Gan sin, beidh an t-uisce reatha níos tábhachtaí an t-uisce beatha, de réir a chéile.

Professor Conchúr Ó Giollagáin

D’fhreagróinn ceist an Teachta le ceist eile: cén chaoi a maireann pobal teanga? Is iad na pobail teanga a n-éiríonn leo dlús na gcainteoirí cumasacha a choinneáil i gceantar ar leith na pobail a mhaireann. Ba cheart gach beartas Stáit a bheith dírithe air sin. San áit ina bhfuil dlús cainteoirí cumasacha Gaeilge, ba cheart iad sin a chosaint agus sna háiteanna eile nach bhfuil dlús mór go leor acu, ba cheart cúnamh a thabhairt don phobal an dlús sin a thógáil arís. Thug an Teachta faoi deara sa chaint a rinne mé gurb é an faitíos atá orm ná go bhfuil na moltaí atá sa dréacht seo róchosúil leis an gcur chuige inar dtáinig an fhadhb chun tosaigh ann. Mar sin, in am an ghátair, an bhfuil na beartais atá á moladh anois radacach go leor? Is iad na baill na polaiteoirí. Is iad atá i gceannas ar an Stát. Cén toil atá ag seirbhísí poiblí agus státseirbhísigh le moltaí cuimsitheacha? Níl aon mhaith a bheith ag caint ar bheartais anseo agus ansiúd. Ní thiocfadh pobal teanga atá faoin léigear slán mura mbeidh an Stát sin ag tabhairt cúnaimh agus tacaíochta soiléire dhíreach dó.

Mr. Julian de Spáinn

Tá cúpla freagra agam. Tá an méid atá le rá agam ag teacht le cuid de na rudaí atá ráite cheana féin. Is é an chéad rud ná an chumhacht tithíochta. Caithfear dul i ngleic leis sin. Tá roinnt luaite cheana féin faoi sin, go háirithe ó thaobh na rudaí go bhféadfaidís a dhéanamh faoi láthair. An féidir faoi láthair an talamh a chur ar leataobh? Bheimis den tuairim gur féidir. Ag cur leis sin, táimid den tuairim go bhfuil gá le plean tithíochta agus daonra i ngach ceann de 26 limistéar phleanáil teanga Ghaeltachta le fáil amach céard é an riachtanas atá ann agus cé mhéad teach atá ann cheana féin agus conas go bhféadfaí plean a chur le chéile chun sin a fhorbairt agus a thabhairt ar aghaidh.

B’fhéidir go bhfuil a mhalairt de dhearcadh againn nuair a thagann sé go dtí cumhachtaí an údaráis a bhaineann leis an gcóras pleanála. Ar chóir go mbeadh an t-údarás i gceannas air sin? Ba chóir go mbeadh. Tá sé fágtha leis na húdaráis áitiúla nach bhfuil tar éis freastal ar na Gaeltachtaí i gceart go dtí seo agus nach bhfuil á dhéanamh. Ní fheictear dúinn go bhfuil sin chun athrú. Má bhreathnaítear ar an gcomhthéacs eile, nuair atá údarás áitiúil a bhfuil an Ghaeltacht mar chuid bheag den limistéar iomlán atá aige, is deacair a fheiceáil go gcuirfeadh sé chun tosaigh í mar thosaíocht. Feictear é sin dúinn i gcúrsaí oideachais. Táimid den tuairim gur chóir go mbeadh an scoil i gcónaí ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus ní mar aonad laistigh de scoil. Nuair a thagann an cheist chun tosaigh faoi acmhainní agus eile, tugtar an tosaíocht i gcónaí go dtí an mhóraimh agus beimid i gcónaí thíos leis. Is é sin ceann de na fáthanna gur chóir go mbeadh na cumhachtaí sin tarmligthe go dtí Údarás na Gaeltachta, rud gur féidir a dhéanamh faoin Acht atá ann faoi láthair. Níor chóir é sin a dhéanamh go dtí go bhfuil na daoine saineolach. Tá pointe an-mhaith déanta ag Donncha Ó hÉallaithe maidir lena bhfuil an cumas air nó an fhéidearthacht ann go bhféadfadh an t-údarás dul i mbun na gcumhachtaí seo amach anseo. Caithfear dul i ngleic leis sin sula mbeadh aon chaint faoi thithe a thógáil, ach idir an dá linn, tá rudaí áirithe gur féidir a dhéanamh.

Maidir leis maidir le comhionannas agus B2, is trua nach bhfuil córas eile amuigh ansin. Nuair a deirtear comhionannas agus conas a dhéantar measúnú air sin – bhí sé mar chuid dár gcaint le Róisín Ní Chinnéide – táimid ag rá go n-aithnítear go bhfuil an cumas ag an gcainteoir dúchais cheana féin. Is ceist i ndáiríre gur féidir dul i ngleic leis ach má táimid ag dul síos an bóthar le B2 dó seo agus tá súil agam go mbeidh sé i gceist don earnáil phoiblí amach seo, táimid ag iarraidh go n-athrófar an córas oideachais agus go mbeidh an fráma Eorpach in úsáid mar bhunús an chórais oideachais amach anseo agus go mbeidh an B2 ag teacht leis sin.

Tá roinnt rudaí atá ag teacht le chéile mar chóras chun cinn chun a chinntiú go bhfuil caighdeán ann ó thaobh na Gaeilge de sa chóras trí chéile. D'fhéadfadh sé sin teacht leis sin agus is fiú é sin a dhéanamh.

Nuair a thagann sé go dtí an cheist maidir leis an saibhreas teanga a chailltear, aontaím le Donncha Ó hÉallaithe maidir le scéim labhairt na Gaeilge. Tá pointe amháin le déanamh agam air sin. Is gá a bheith uaillmhianach faoi scéim labhairt na Gaeilge ón phointe seo ar aghaidh. De réir na tuairisce a cuireadh le chéile, moladh €5,000 mar mhéid a bheadh curtha ar fáil don teaghlach. Ba chóir dúinn a bheith ag breathnú ar ardfhigiúirí cosúil leis sin. Níor chóir dúinn a bheith ag breathnú ar fhigiúirí nach mbeidh spreagúil nó nach mbeidh ag comhlíonadh na riachtanas a bhaineann leis an scéim. Caithfidh sé a bheith tarraingteach chun daoine a spreagadh. Caithfear an dua breise a bhaineann le cúrsaí a aithint. Níor chóir dúinn a bheith ag teacht le figiúr atá i bhfad ró-íseal, agus nach mbeidh an éifeacht agus ar chóir go mbeadh ann, nuair a thabharfar ar ais scéim labhairt na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair. Bhí deis agam éisteacht le roinnt mhaith dóibh ón oifig. Tá roinnt de na hábhair a raibh mé chun ceist a chur mar gheall orthu pléite cheana féin. Luaigh an tOllamh Ó Tuathaigh cumhachtaí agus feidhmeanna an údaráis. Rinne Donncha Ó hÉallaithe tagairt dó chomh maith, mar gheall ar cad a bheadh ar siúl ag an údarás. D’fhéadfaí cur leis nó treo difriúil a thógáil. Cad iad na cumhachtaí agus na feidhmeanna éagsúla go mbraitheann na finnéithe gur chóir go mbeidís ag an údarás?

Bhí tagairt do thithíocht chomh maith. Rinneadh pointe suimiúil maidir leis an gcéad pleanála. Tá deis ag an Office of Public Works, OPW, cead pleanála a fháil trí mhír 9 den Acht. Tá channel difriúil ag an OPW agus b’fhéidir go mbeadh a leithéid ar fáil i gcomhair an údaráis dá mba rud é go raibh sé ag láimhseáil pleanála nó bainteach le tithíocht. An bhféadfaí tuairim a thabhairt ar an treo a mbraitheann na finnéithe gur chóir dúinn dul? Cad iad na feidhmeanna?

Rinneadh tagairt do chosc ar dhaoine a bheith páirteach. Tá cosc ar bhaill de Pharlaimint na hEorpa agus ar Bhaill na Dála agus an tSeanaid, ach tá cosc ar bhaill den chomhairle contae chomh maith. Cén fáth go mbraithfí go mbeadh cosc ar mhuintir na comhairle contae? Cad go díreach iad na coimhlintí go bhfeicfí leis na comhairleoirí contae ach go háirithe? Níl na feidhmeanna céanna ag an gcomhairle agus atá ag an údarás. Bheinn buíoch as soiléiriú air sin. Tá mé go láidir den tuairim go bhfuil nasc ag an gcomhairle chontae ach go háirithe i measc an phobail nach mbeadh ag go leor eile. D'fhéadfaidís a bheith mar cheannaire áitiúil agus bhainfeadh an t-údarás an-tairbhe as an gcomhairleoir contae. Bheadh suim agam cloisteáil ó na finnéithe faoi sin.

Is dóigh liom gur luaigh Róisín Ní Chinnéide daoine a bheadh ábalta seasamh don toghchán agus go raibh deis síneadh lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. An bhféadfainn soiléiriú a fháil air sin, mura bhfuil muintir na háite amháin in aigne ag na finnéithe?

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Maidir le comhaltaí an údaráis, thagair mé díreach do na moltaí a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta in 2002 sular tháinig cúrsaí pleanála teanga chun cinn go mór. Tá athruithe áirithe déanta agus cúraimí breise tugtha don údarás idir an dá linn. Rinneadh an coimisiún rangú ar an réimse cumhachta ar chóir go mbeadh ag an údarás, mar a bhí, ina measc cultúr, oideachas, teanga, infreastruchtúr, eacnamaíocht, cúrsaí forbartha pobail agus an eacnamaíocht shóisialta. Cuirim i gcás freisincúrsaí pleanála teanga, na réimsí a bhaineann le comhchoiste oideachais Ghaeltachta agus a leithéid. Tagann na rudaí ar fad atá ag teastáil chun an bunphobal teanga a neartú agus a bhuanú faoi na cinn sin. Is é sin an fáth a luaigh mé iad nuair a bhí mé ag caint ar struchtúr níos solúbtha agus níos deise a bheith ag na fochoistí, seachas ar bhonn réigiúnach amháin.

Má thógaimid na rannóga sin, áfach, ní bheinn ag cur aon cheann acu san áireamh. Níl mé in aon chor ag rá nár chóir go mbeadh an t-údarás ag iarraidh fostaíocht a chruthú ach ar ndóigh, tá comhthéacs na fostaíochta féin athraithe chomh mór sin ó bhí caint ar fhostaíocht i monarchana agus a leithéid. Tá cúrsaí teicneolaíochta, eacnamaíochta, sóisialta agus na meáin agus mar sin de bainteach freisin. Tá sé éagothrom trí na Gaeltachtaí ach ní ceist cumhachtaí é. Is ceist eagair é agus fócais maidir leis an struchtúr feidhmithe.

Chuir mé ceist faoi na comhairleoirí contae sa dréacht-Bhille. Is é ceann de na fáthanna a dúirt mé ná go raibh sé ciallmhar. Tá údar leis sin. Ní hé nach mbeidh seasamh agus taoiseachas áirithe áitiúil ag teastáil i ngach comhluadar ach i ngach comhairle contae. Tá an comhairleoir contae ionadaíoch ar phobal agus ar cheantar gan beann ar chúrsaí teanga sa deireadh. Nuair a deirim coinbhleacht tosaíochtaí, tarlaíonn sé ó am go chéile go mbíonn Údarás na Gaeltachta ag brú pobal atá an-bheag, mar atá i Múscraí mar is eol go maith don Teachta, agus na teorannacha idir an bunphobal teanga agus comharsana atá thar an chlaí nó trasna an bhóthair atá sa chás céanna maidir leis seo agus siúd, ach nach mar a chéile an brú chun rudaí a chur ar fáil agus a leithéid.

Chuirfeadh sé comhairleoir contae i sáinn minic go leor le coinbhleacht leasa dá mbeadh rud á bhrú chun cinn ag an micrea-leibheál ó thaobh bunú agus neartú an bhunphobail teanga ag Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh comhairleoirí contae, agus iad ag feidhmiú go héifeachtach agus go hionraic, ag iarraidh rud a dhéanamh do phobal níos leithne. Tuigim an pointe atá ag an Teachta maidir le hábhar ceannaireachta agus a leithéid, ach déanaim amach sa deireadh thiar thall gur ciallmhar é go mbeadh an ionadaíocht, i gcás daoine atá tofa ag Údarás na Gaeltachta, go heisíoch don bhunphobal teanga.

Cad iad na coimhlintí go bhfeicfeadh an tOllamh Ó Tuathaigh ann? Tá an chumhacht maidir leis an gcóras uisce nó córas séarachais imithe ón chomhairle. Is é Uisce Éireann atá i bhfeidhm orthu. Tá oideachas imithe le roinnt mhaith blianta ó na comhairleoirí contae. Tá tagairt do thithíocht. Tá mé ag iarraidh é a thuiscint mé féin. Ní fheicim go mbeadh coimhlint ann. Teastaíonn uaim dearcadh eile, má tá coimhlint ann. Cad iad na coimhlintí? Conas a bheadh an comhairleoir contae ag teacht salach ar ghnó an údaráis? Beidh an comhairleoir contae ag freastal ar an bpobal céanna, cé acu go mbeidh siad laistigh den Ghaeltacht nó lasmuigh di i gcónaí.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

I gcásanna áirithe, ní bheidh an comhairleoir contae ag freastal ar an bpobal céanna - beidh sé nó sí ag freastal ar bhunphobal teanga a bhfuil sainriachtanais aige. Luaigh an Teachta cúrsaí oideachais. Ní bhaineann sé seo leis an gcomhairle chontae ach baineann sé le habhchóidíocht agus leis an gcultúr polaitíochta ina ndéantar cinntí. Má tá eisceacht le déanamh de scoil maidir leis an méid oidí atá ag teastáil, nó má tá rialacha le cur i bhfeidhm ionas nach mbeidh scoil á chónascadh ar bhonn teanga cé go mbeadh ciall leis seo ar chúinsí eile amhail cúrsaí taistil agus mar sin de - tá cúram abhchóidíochta ar an ionadaí poiblí.

Ní mar a chéile gach cás d'abhcóideacht eisiach ar son bhunphobal teanga. Déanaim amach sa deireadh thiar thall gur fearr an dá chúram sin a bheith neamhspleách ar a chéile. Ní le haon dímheas a deirim sin ar an méid a rinne an comhairleoir contae nó ní aon dímheas in aon chor ar cé chomh coinsiasach agus a bheadh comhairleoir contae. An rud atá á rá agam ná gur sainchúram é neartú agus buanú bunphobail teanga atá chomh leochaileach is atá na bunphobail theanga faoi láthair agus gur fearr go mbeadh an abhcóideacht, chomh maith le húsáid cumhachtaí, ceapadh scéimeanna agus mar sin de, go heisiach ag ionadaithe atá tofa ag an mbunphobal sin. Dála an scéil, sa chás áirithe sin bheadh amhras orm ar chóir go mbeadh vóta ag daoine nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht i dtoghchán d’Údarás na Gaeltachta - fiú muintir na Gaeltachta atá ar deoraíocht nó thar an teorainn nó sa bhaile mór nó a leithéid. Is rud ar leith é Údarás na Gaeltachta. Má tá ionadaíocht le bheith ag bunphobal Gaeltachta is é bunphobal na Gaeltachta atá i gceist. Sin an tuairim a bheadh agam féin go pearsanta. Feicim go soiléir, agus géillim go hiomlán don rud atá ardaithe ag an Teachta, gur ceist bhreithiúnais é sa deireadh. Is dóigh liom féin gur go heisiach gur chóir don ionadaíocht seo a bheith.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Tuigim an cheist. Leis an fhírinne a insint, ní mar gheall ar aon choimhlintí leasa a bheinnse ar son an ruda atá molta, sé sin, nach mbeadh cead ag daoine a bheith ar chomhairle contae nó ar údarás áitiúil ná sa Dáil, sa Seanad ná i bParlaimint na hEorpa agus ar Údarás na Gaeltachta ag an am céanna. An chúis leis sin ná an méid a chonaiceamar ag tarlú nuair a bhí go leor comhairleoirí contae ar an údarás cheana, nuair a bhí an t-údarás tofa. I ndáiríre, bhí sé polaitiúil i mbealach nach raibh sé ceaptha bheith polaitiúil. Tar éis a bunaíodh Údarás na Gaeltachta, ní raibh sé i gceist aige a bheith polaitiúil ach mar gheall ar an mbealach gur toghadh go leor comhairleoirí contae ar an údarás, agus togha dhaoine a bhí iontu, fuair an t-údarás an-pholaitiúil ar feadh píosa agus is beag nár scrios sé an t-údarás. Mar shampla, bhí whip á chur i bhfeidhm ag na páirtithe móra polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, istigh ar bhord an údaráis. Ní dóigh liomsa gur rud sláintiúil é sin. Is deacair é sin a stopadh. Lena chinntiú-----

Bhíos féin mar bhall den údarás agus tá a fhios agam nach raibh whip orainn riamh.

Bhí i gConamara ar aon nós.

Sin Fianna Fáil.

Ní raibh riamh whip orainn.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

B’fhéidir gur tharla sé roimh an Teachta nó ina dhiaidh ach cinnte bhí whip á chur i bhfeidhm mar chualamar ó bhaill nach bhféadfaidís vótáil ar leithéid de rud mar gheall go raibh whip i bhfeidhm ann. Ní dóigh liom gur rud maith é sin. Ceapaimse gur fearr go mbeadh ionadaithe gan aird dírithe acu ach ar a mballraíocht d’Údarás na Gaeltachta, seachas a bheith idir cúpla eagraíocht. I dtosach báire, bheadh a ndóthain le déanamh acu a bheith ar cheann amháin gan a bheith ar an iomarca. Glacaim leis go bhféadfadh togha daoine a bheith ina gcomhairleoirí contae agus go ndéanfadh sé an-leas dóibh a bheith ar Údarás na Gaeltachta freisin ach leis an mórphictiúr, feictear domsa go mbeadh sé i bhfad níos fearr go mbeadh daoine tofa mar go bhfuil siad ag iarraidh bheith ar Údarás na Gaeltachta agus gan é sin a fheiceáil mar chéim pholaitiúil in aon bhealach, le nach mbeadh an t-údarás chomh polaitiúil is a bhí an seanúdarás. Sin an fáth go mbeinnse i bhfabhar gan cead a bheith ag comhairleoirí contae a bheith ar bhord an údaráis.

Professor Conchúr Ó Giollagáin

Sin ceist mhaith ag an Teachta. Táim ag ceapadh go dtagann ceist eile roimhe sin, sé sin, ceist na gcumhachtaí. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar na pointí ar fad a léiríodh sna tuarascálacha taighde ar fad. An chontúirt mhór atá ann don phobal ná ceist na hábharthachta, nó relevance - an bhfuil an t-údarás mar atá sé ábhartha don bhrú atá ar an bpobal? Is dóigh go léiríonn cuid den fhianaise atá ann nach bhfuil. Mar sin, an cheist atá ann ná cén chaoi athmhúnlú a dhéanamh ar an údarás? Is é Údarás na Gaeltachta an foras is láidre Stáit atá ag na Gaeil sa Ghaeltacht. Is mar gheall air sin a mhol mé grúpa sainchomhairliúcháin le comhoibriú leis an údarás agus leis an Stát le hathmhúnlú a dhéanamh ar na forais a bhfuil cúram na Gaeltachta orthu, le teacht i gcabhair ar phobail atá i mbaol a mbáite sa mhórphobal teanga sa Stát seo. Freagróidh mé an cheist le ceist eile. An bhféadfadh an t-údarás maireachtáil níos faide ná an pobal teanga, an pobal Gaelach? Sin an chontúirt. Níl aon mhaith a bheith ag caint ar chumhachtaí gan a bheith ag caint ar an gcomhthéacs sóisialta a bhfuil an pobal sin ann.

Ms Róisín Ní Chinnéide

Freagróidh mé an cheist mar gheall ar na hiarrthóirí agus na daoine a bheadh nó nach mbeadh cead acu rith sna toghcháin. Tháinig an moladh seo ón meitheal Gaeltachta atá ag an gconradh. Tá baill againn i ngach ceantar Gaeltachta sa tír agus tháinig an moladh áirithe seo ó bhall i nGaeltacht na nDéise. Bhain an bhuairt a bhí aici leis an rud atá molta sa Bhille mar atá faoi láthair. Beidh ar na hiarrthóirí a thaispeáint go bhfuil buanchónaí orthu sa toghcheantar sin ach an bhuairt a bhí orainn agus ar an meitheal ná, agus tá sé seo nasctha leis an bhfadhb thithíochta chomh maith, go bhfuil an-chuid daoine, go háirithe sna Gaeltachtaí beaga, gur rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht iad ach níl siad ag cur fúthu laistigh den teorainn sin a thuilleadh. B’fhéidir nach féidir leo teacht ar theach nó a leithéid. Tá daoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht agus go bhfuil cónaí orthu díreach lasmuigh den teorainn nó an-ghar don Ghaeltacht. Seans go bhfuil siad fiú ag obair sa Ghaeltacht fós ach toisc nach bhfuil siad ina gcónaí sa toghcheantar, bheadh a leithéid dícháilithe ó shuí ar an mbord. Sin an chúis go raibh an moladh sin againn. Más féidir le daoine a thaispeáint go sásaíonn siad na riachtanais sin, gurb as an Ghaeltacht dóibh nó go bhfuil cónaí fada orthu sa Ghaeltacht nó gar di, agus taithí acu a bheith ag obair sa Ghaeltacht, ba chóir go mbeadh cead ag na daoine sin rith sna toghcháin.

Tá ceist amháin thapa agam. Tá an-chuid plé ar neartú na Gaeltachta, cé chomh láidir is atá sí in áiteanna agus an fheidhm a bheadh ag an údarás. Conas a thomhaisfí cé chomh láidir is atá an Ghaeltacht nó an pobal Gaeltachta? Bhí scéim labhairt na Gaelainne ann agus tá an chatagóir A, B, C ann faoi láthair. Ní aontaím leis an A, B, C toisc go leanann sé na district electoral divisions, DEDs, agus nach léiríonn sé pobal in aon chor. Is amhlaidh go scoilteann sé pobal, mar shampla i gCúil Aodha. Conas a thomhaisfí an bhfuil pobal láidir? Cad é an tslat tomhais a bheadh in úsáid?

Professor Conchúr Ó Giollagáin

An sainmhíniú atá ann ar phobal teanga ná áit agus pobal ina bhfuil trí ghlúin de chainteoirí cumasacha iontu. Sin an tosaíocht gur cheart a bheith ag an Stát má táimid ag iarraidh go mbeidh pobal Gaeltachta ann.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Níl ach slat tomhais amháin againn agus sin cainteoirí laethúla na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais mar a thugtar iad sa daonáireamh. Mar a thuigeann an Teachta, is féinmheasúnú é sin. Bhí an dara scéim labhairt na Gaeilge ann, mar a luaigh an Teachta agus bheadh súil againn go mbeadh scéim nua labhairt na Gaeilge ann réasúnta luath. Is cosúil go bhfuil obair á déanamh air seo taobh istigh de Roinn na Gaeltachta faoi láthair. I ndáiríre, faoi láthair níl againn ach na cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní bhaineann sé seo leis an mBille seo ach nuair a thagainn na figiúirí amach, b’fhiú do dhream éigin taighde a dhéanamh agus calibration a dhéanamh air sin.

Mar gur féinmheastóireacht é, ba chóir suirbhé a dhéanamh a bheadh in ann déanamh amach céard a chiallaíonn sé. Má deir 20% de cheantar go bhfuil siad ag labhairt Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais, mar shampla, ina measc siúd, cé mhéad ar cainteoirí laethúla iad gur í an Ghaeilge an ghnáth-theanga acu? Tá gá le calibration ann, le go bhféadfaí a rá go gciallaíonn 20% é seo, go gciallaíonn 70% é seo agus go gciallaíonn 10% é seo. Níl sé sin againn agus sin píosa taighde ar fiú a dhéanamh.

Maidir leis an gcatagóiriú A, B, C, níl aon aitheantas aige sin. Is rud é sin a moladh sa tuarascáil chuimsitheach theangeolaíoch. Faraor, tar éis gur caitheadh beagnach €1 milliún ar an tuarascáil a chur le chéile agus tar éis gur iarraidh orthu go sonrach teacht aníos le critéir Ghaeltachta, níor thug an córas Stáit aon aitheantas riamh dó sin, de réir mar a thuigim. Níor mhiste breathnú arís air sin. Níl mé ag rá gur mba cheart dul le catagóirí A, B, C mar a leagadh síos iad ach theastódh go mbeadh muid in ann idirdhealú a dhéanamh le go mbeadh pleanáil teanga éifeachtach ann agus le hidirdhealú a dhéanamh idir na ceantair Ghaeltachta. Tá an chontúirt ann go gcríochnóimid tar éis tamaill agus go mbeadh chuile cheantar Gaeltachta mar a chéile agus níor mhaith liom go dtarlódh sé sin.

Professor Conchúr Ó Giollagáin

Ba mhaith liom pointe amháin eile a dhéanamh faoi na catagóirí. Is catagóirí sochtheangeolaíochta atá iontu. An bhrí a baineadh astu sin sna limistéir phleanála teanga faoi láthair, níl sé sin ag teacht leis an leagan amach a bhí ag na taighdeoirí sa staidéar cuimsitheach. Is míbhrí a baineadh as an gcatagóiriú a rinne an fhoireann taighde sin sa staidéar cuimsitheach. Ní maith liom Donncha Ó hÉalaithe a cheartú ach is €500,000 a caitheadh ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch.

Mr. Julian de Spáinn

Déanfaidh mé pointe an-tapa air sin agus an méid a bhí á rá ag Donncha Ó hÉallaithe ansin maidir leis an daonáireamh. Cuireadh moladh chun cinn do dhaonáireamh 2022 go mbeadh ceist ann faoin teanga atá in úsáid sa teaghlach chomh maith ach dhiúltaigh siad é a chur san áireamh. Cé go raibh sé mar thriail roimh ré, dhiúltaigh siad é a chur san áireamh sa leagan deireanach den daonáireamh. Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta go háirithe tar éis moladh eile a chur ar aghaidh don chéad daonáireamh eile. Aon rud go bhféadfadh an coiste seo déanamh chun cabhrú leis an moladh sin a chur chun cinn leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, bheadh sé cabhrach. Chuirfeadh sé sin leis an eolas a thagann ón daonáireamh, cé go bhfuil sé deonach nuair a bhíonn daoine á chomhlíonadh. Thabharfadh sé breis eolais dúinn.

Tá siad imithe ar aghaidh chuig an chéad daonáireamh eile so níl a fhios agam an nglacfaidh siad leis.

Mr. Julian de Spáinn

Is fiú labhairt leo ag pointe éigin, más féidir.

Beidh siad ag teacht os comhair coiste éigin sa Dáil amach anseo.

Tá fáilte roimh chuile dhuine anseo. Tá a fhios agam go bhfuil croí Dhonncha Ó hÉallaithe san áit cheart ó thaobh an ábhair seo ach sílim go bhfuil sé ag lorg rud éigin nach féidir a fháil, sé sin, go mbeidh bord ann ar son mhuintir na háite, muintir na Gaeltachta, atá neamhspleách ó pholaitíocht agus ón gcóras polaitíochta. An chaoi a bhfuil rudaí faoi láthair, ní fhéadfá é sin a fháil. Luaigh an Teachta Ó Cuív ansin nach bhfuil lógónna na bpáirtithe ar an bpáipéar vótála. Tá sé sin ceart ach is cur i gcéill a rá go bhfuil siad neamhspleách. Beidh comhdháil ag Fianna Fáil, ag Fine Gael nó ag Sinn Féin. Níl a fhios agam an mbeidh comhdháil ag an Teachta Connolly nó a grúpa féin ach beidh comhdháil ag na páirtithe chun daoine a ainmniú agus a chur os comhair mhuintir na háite. Aontaím le Donncha Ó hÉallaithe. B’fhearr liomsa dá mbeadh chuile rud neamhspleách ó thaobh an bhoird mar is bord Stáit é. Ní comhairle contae é ach bord Stáit cosúil le Fiontar Éireann agus an IDA agus ba cheart go mbeadh níos mó cumhachtaí ag an údarás le rudaí a athrú. Mar atá faoi láthair, tá sé cosúil le comhairle contae nó comhairle cathrach. Beidh na páirtithe ag ainmniú daoine agus beidh cinntí á ndéanamh. Bheadh sé níos fearr na lógónna a chur ar an bpáipéar vótála, seachas leanúint ar aghaidh leis an gcur i gcéill. É sin ráite, tá an bord tábhachtach agus tá an t-údarás tábhachtach. Tá an t-ádh orainn sa Ghaeltacht go bhfuil an t-údarás againn mar dá mbeadh muid ag fanacht ar Fhiontar Éireann nó grúpaí mar sin chun obair a dhéanamh ar son na gceantar beag, bheadh muid ag fanacht i bhfad. Aontaím go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil an bord ag obair ar ár son.

Tá ceist agam faoi na teorainneacha. An gceapann na finnéithe go bhfuil sé in am teorainneacha na Gaeltachta a athrú? Cén sórt próiseas nó staidéar a bheadh i gceist chun é sin a dhéanamh? Tá daoine agus áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht atá láidir ar son na Gaeilge. Tá Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath sórt láidir agus tá daoine trasna na tíre ag obair tríd an gcóras Gaeltachta ach níl vóta acu don eagraíocht thábhachtach seo don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Ag an am céanna, tá áiteanna taobh istigh den Ghaeltacht nach bhfuil láidir. I mo cheantar féin tá Bearna agus áiteanna eile ar imeall na cathrach ach tá daoine fós atá líofa sa Ghaeilge ann, daoine atá ag obair ar son na Gaeilge. Tá daoine i mo cheantar féin atá ag obair ar son Chonradh na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go bhfuil vótaí ag na daoine sin. Dúirt an tOllamh Ó Tuathaigh go bhfuil sé sórt casta agus conspóideach. Tá an ceart aige. Ní fhéadfá aon chóras a chur i bhfeidhm go mbeadh chuile dhuine sásta leis ó thaobh an ábhair seo.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Maidir leis na teorainneacha, tá na teorainneacha chomh mór as riocht anois go bhfuil ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil níos mó Gaeilge á úsáid go laethúil ná mar atá i gceantair taobh istigh den Ghaeltacht. Luafaidh mé áit amháin – Uachtar Ard. Tá níos mó Gaeilge á húsáid in Uachtar Ard ná mar atá i mBaile Chláir na Gaillimhe, de réir an daonáirimh. Níl Uachtar Ard sa Ghaeltacht. Tá an rud céanna fíor faoi Órán Mór agus níl Órán Mór sa Ghaeltacht. Tá ceantair i gcathair na Gaillimhe ina bhfuil níos mó Gaeilge á húsáid taobh amuigh den Ghaeltacht ná mar atá sna ceantair i gcathair na Gaillimhe atá taobh istigh den Ghaeltacht. Sin a léiríonn an daonáireamh ar aon chaoi. Tá an rud imithe as riocht uilig.

Tuigim an pointe maidir leis na daoine a bhfuil Gaeilge acu taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta ach ceapaim go gcaithfimid beagán machnamh a dhéanamh ar céard is brí le Gaeltacht. Sa Ghaeltacht, labhraíonn daoine an Ghaeilge ní mar gheall go bhfuil siad níos náisiúnta ná aon duine eile nó mar gheall ar ghrá don teanga. An phríomhchúis le Gaeilge a labhairt taobh istigh den Ghaeltacht ná gur teanga éifeachtach chumarsáide í agus tá sí tagtha anuas ó ghlúin go glúin leis na céadta nó na mílte bliain. Tarlaíonn sé gur an teanga orgánach í taobh istigh de na ceantair sin. Is dóigh go bhfuil cás speisialta i Ráth Chairn, áit a ndeachaigh daoine ón nGaeltacht leis an áit a choilíniú. D’éirigh leis an teanga teacht slán ansin agus tá sí láidir go leor ann i gcónaí. Taobh amuigh de sin, tá gréasán Gaeilge an-láidir i roinnt áiteanna. Luaigh an Seanadóir Cluain Dolcáin agus tá cúpla baile eile mar sin, ar nós Inis, Maigh Nuad agus ceantair mar sin, de réir an daonáirimh. Ní mar a chéile é sin agus ceantar Gaeltachta ina bhfuil daoine ag labhairt Gaeilge. Ní labhraíonn daoine í mar gheall go bhfuil siad díograiseach ar son na Gaeilge; díreach tarlaíonn sé gur í an teanga phobail. I ndáiríre, sa Ghaeltacht is teanga phobail í thar aon rud eile. Is teanga phobail nádúrtha í. San áit ina bhfuil cónaí ormsa i gCois Fharraige tá daoine Gaeilgeoireacha ar cuma sa diabhal leo faoin nGaeilge nó faoi athbheochan na Gaeilge. Ní dhéanann sé aon imní dóibh. Ní dhéanann cás na Gaeilge imní dóibh ó thús an lae go deireadh an lae agus b’fhéidir nach labhraíonn siad aon teanga eile ach í, mar gheall gur í an teanga nádúrtha chumarsáide atá acu agus an teanga is éifeachtaí. Ag an am céanna, caithfimid smaoineamh go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil an Ghaeilge ag dul chun cinn, go speisialta sna bailte ina bhfuil Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna.

Is cabhair mhór é sin don Ghaeltacht ach ná bíodh muid ag tabhairt Gaeltachtaí ar na ceantair sin. Má dhéanfaimid é sin, táimid ag déanamh beag is fiú de céard is brí le Gaeltacht agus cuireann sé sin lagmhisneach ar dhaoine taobh istigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh an Ghaeltacht a choinneáil beo mar phobal teanga orgánach.

Ní hionann sin is a rá go bhfuiltear ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh de na háiteanna sin, áiteanna ina bhfuil an-dul chun cinn déanta. Tá áiteanna i dTuaisceart Éireann ina bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta. Bhí mé thuas i gCárn Tóchair, ceantar tuaithe ina raibh beagán Gaeilge ann 100 bliain ó shin agus tá dul chun cinn déanta sa cheantar sin ag pobal atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú. D'fhéadfadh sé tarlú, i gceann 20 bliain eile, go bhféadfaí Gaeltacht a ghlaoch air sin mar gheall go bhfuil an síol curtha acu ach tá sé an-tábhachtach nach ndéanfadh muid meascán idir ghréasán cainteoirí Gaeilge i gCluain Dolcáin nó in aon áit eile ina bhfuil Gaelcholáistí, Gaelscoileanna agus roinnt infreastruchtúr Gaeilge agus ceantair Ghaeltachta.

Níl sin le haon chaitheamh anuas a dhéanamh ar na ceantair sin ach má táimid chun déileáil leis seo i mbealach eolaíoch ó thaobh na sochtheangeolaíochta, caithimid idirdhealú a dhéanamh idir na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobal go horgánach ag teacht anuas, á sheachadadh ó ghlúin go glúin agus á labhairt go nádúrtha ag daoine mar gheall gur teanga cumarsáide éifeachtach taobh istigh den phobal sin atá ann agus ceantair eile ina bhfuil gréasán daoine atá díograiseach faoin nGaeilge agus ag úsáid an oiread Gaeilge agus is féidir leo agus ag fáil oideachais trí Ghaeilge agus mar sin de. Tá an dá cheann ag tacú le chéile ach ní mar a chéile iad.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Is mó léamh atá ar an stair ag Donncha Ó hÉallaithe agus b'fhéidir an bealach atá ann le pobal a shainiú mar a dúradh. Luaigh an tOllamh Ó Giollagáin ansin gur trí ghlúin atá i gceist agus tá tábhacht ag baint leis an méid sin maidir le seachadadh na teanga agus sin é an fáth b'fhéidir gur luaigh mé clós na scoile. Táimid ag caint le pobal ilchineálach agus tá an coiste seo agus na polaiteoirí seo páirteach ansin.

Tabharfaidh mé freagra ar an gceist a chuir an Teachta Aindrias Moynihan, agus is fearr a thuigfidh sé féin é seo. Is féidir le lucht acadúil agus le daoine a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí sochtheangeolaíochta, gan dabht ar bith, na laigí agus na heasnaimh atá ag an gcóras staitisticí a aimsiú go héasca maidir le féinthuairisciú agus a leithéid. Ceist a bheadh ag gnáthdhuine le haigne oscailte don cheist a chuir an Teachta ná conas is féidir a rá gur pobal Gaeltachta é seo agus mar sin de. Ní thosnódh sé leis an daonáireamh. Dá thosnódh sé nó sí ag dul isteach i gcomhluadar agus ag seasamh tamaillín ag éisteacht leis an teanga atá i gclós na scoile, ag féachaint cén teanga atá lasmuigh de dhoras an tseipéil san áit a bhfuil pobal creidimh fós daingean sa phobal sin, ag éisteacht leis an teanga atá idir na himreoirí ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus ag éisteacht leis an teanga atá san ollmhargadh, ag an duine atá taobh thiar den dheasc agus ag na daoine atá ag siúl síos ag líonadh na gciseán, bheadh tuairim ag an duine sin - neamheolaíoch - cuibheasach tapa faoi cad é nádúr an phobail seo.

Níl mé ag rá nach bhfaighfeá amach sa daonáireamh go bhfuil cumas sa teanga ag 60%, 70% nó 80% de phobal an cheantair sin. Tá leabhar scríofa le déanaí, bunaithe ar nótaí a tógadh i lár na 1960idí ag antraipeolaí a tháinig ar chuairt ar cheann de Ghaeltachtaí na hÉireann. Ní luafaidh mé an ceann mar ní bhaineann sé leis an ábhar seo, ach an tuairim agus an breithiúnas a bhí aici - b'fhéidir go raibh sé géar - ná gur thuig sí tar éis tamaillín go raibh Gaeilge mhaith agus Gaeilge ón mbaile ag an-chuid den bpobal, ach dúirt sí, in aon áit phoiblí a ndeachaigh sí isteach iontu, ní raibh an teanga le chlos, ach ag an bhfíorbheagán, má bhí sí le clos ar chor ar bith.

An rud seo faoi féinthuairisciú ar chumas, cleachtas laethúil agus a leithéid, níor mhór an obair sa ghort, mar a dhéanfadh antraipeolaí, le do chluas agus le haigne oscailte ag dul isteach i bpobal. Sa chás go bhfuil pobal an-bheag ann is ceist íogair í ar dhaoine atá ar an imeall agus ar daoine atá anseo agus ansiúd. Straitéis teanga atá i gceist ag an Seanadóir Kyne agus táim an-thuisceanach ar an rud atá aige. Tá rangú le déanamh ar na pobail éagsúla chun iad a neartú. "Gréasán" an focal a bhí ag Donncha Ó hÉallaithe agus is amhlaidh atá i gceantair uirbeacha don chuid is mó ach má thosnaíonn pobal ag seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin agus má tá bonneagar sóisialta agus caidrimh an phobail sin go hiomlán nó go príomha trí Ghaeilge i gcúrsaí gnó, i gcúrsaí siamsaíochta, i gcúrsaí peile, i gcúrsaí spóirt nó eile, cén fhad a thugann sé tairseach áirithe a shroicheadh ionas gur féidir pobal teanga a thabhairt ar phobal dá shórt?

Tá an rud a luaigh an tOllamh Ó Giollagáin faoi ó ghlúin go glúin cinniúnach anseo ach mar dhuine nach saineolaí sochtheangeolaíochta mé, an cheist a chuirfinn ná má théann tú isteach i bpobal daoine, cé a déarfaidh nach pobal Gaeltachta é seo? Déanann an gnáthphobal a fheiceann comhartha ar thaobh an bhóthair "An Ghaeltacht" agus a stopann an carr agus a théann isteach ag lorg cupán caifé, nuair a thosnaítear ag caint le daoine nó ag imirt cluiche peile, suas a n-aigne an-tapa. Bíonn breithiúnas cuibheasach cóir acu ar cé acu an bhfuilid i bpobal teanga nó nach bhfuil.

Professor Conchúr Ó Giollagáin

Ba mhaith liom filleadh ar an gceist mhaith atá ag an Seanadóir Kyne faoi na teorainneacha. Tá teorainneacha tábhachtach mar leagann siad síos ceantair feidhme do chórais Stáit, seo do bheartais, agus an chaoi a bhfuil an Ghaeltacht faoi láthair, ní féidir an cheist seo a sheachaint. Tá an modh oibre atá ag an Stát faoi láthair bunaithe ar aon mhodh oibre amháin, is cuma cén cineál pobal teanga atá sa cheantar sin. Tá an modh oibre céanna pleanála teanga ann. I ndáiríre níl pleanáil teanga á chur i bhfeidhm sa nGaeltacht, is eagrú ócáidí é go bunúsach. Tá míthuiscint á baint as an gcoincheap sa gcineál polasaí teanga atá sa nGaeltacht faoi láthair. Mar shampla, tá an modh oibre agus an cur chuige céanna i mBaile Ghib i gContae na Mí agus atá i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí agus ní hionann an dá phobal sin ó thaobh na Gaeilge ná an Béarla ar aon bhealach. Mar sin, mura mbeidh sé de chumhacht - ar ais ag an gceist a bhí ag an Teachta Aindrias Moynihan - ag an Stát idirdhealú a dhéanamh ó phobal go pobal agus ó chomhthéacs go comhthéacs, ní féidir straitéis bharántúil a chur i bhfeidhm in aon áit. An rud atáimid ag fulaingt leis faoi láthair sa Ghaeltacht ná "one size fits all"; mar sin, nílimid ach ag fáil fabht amháin as an gcur chuige sin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht na freagraí sin. Dúirt Donncha Ó hÉallaithe rud suimiúil ó thaobh na méide daoine atá ina gcónaí in Uachtar Ard. B'fhéidir gur tháinig an chuid is mó acu ó Ros Muc agus ó Charna agus tá siad ina gcónaí gar lena chéile. Tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge ann agus bhí díospóireacht agam ar TG4 le duine óg ó Uachtar Ard mar gheall sé go raibh an Ghaeilge ag a mháthair agus ó cheantar Ros Muc í ó dhúchas. Ag an am céanna, tá daoine nach bhfuil Gaeilge acu ar chor ar bith ina gcónaí sa Ghaeltacht a bheidh vótaí acu i dtoghchán. Is iad na daoine eile sin nach mbeidh vótaí acu. An méadú is mó ó thaobh líon na gcainteoirí atá ag tarlú taobh amuigh den Ghaeltacht, tá sé, mar shampla, i gCnoc na Cathrach. Cé go bhfuil sé gar d'imeall na Gaeltachta, tá an-dul chun cinn ansin sa cheantar ó thaobh Ghaelscoil Mhic Amhlaigh agus Coláiste na Coiribe. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag méadú ach ní bheidh vótaí ag na daoine sin má fhanann siad sa cheantar, cé go bhfuil siad gar dó.

Mar a dúradh, tá daoine ina gcónaí in áiteanna eile a bhfuil an-suim acu sa Ghaeltacht, a bhfuil líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil b'fhéidir ag múineadh i nGaelscoil nó ag labhairt Gaeilge lena gcuid páistí agus iad á dtógaint suas trí mheán na Gaeilge.

An gceapann na finnéithe go mba cheart, cosúil leis an toghchán don Seanad, go mbeadh cead ag daoine clárú má tá siad líofa sa Ghaeilge, chun vótáil? An ndéanfadh sé sin ciall?

Mr. Julian de Spáinn

Tá ceist an tSeanadóra an-spéisiúil. An cineál freagra a thabharfainn air ná go bhfuil sé bainteach leis an bplean infheistíochta nua a chuireamar le chéile le déanaí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus tá ceist mhór ann faoi cad a tharlaíonn lasmuigh den Ghaeltacht. Tá cuid de sin bainteach leis an rud, mar atá an Seanadóir ag rá, nach bhfuil aon daonlathas nó nach bhfuil siad in aon chor mar an gcéanna leis an infreastruchtúr atá á cur ar bun sa Ghaeltacht ó thaobh na Gaeilge de. Le Foras na Gaeilge, mar shampla, tá ag teipeadh air ó thaobh struchtúir tras-Teorann. Tá bac tar éis a bheith curtha ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar gheall nach bhfuil údarás ann, nach bhfuil maoinithe i gceart agus nach mbeidh maoinithe i gceart. Ní fheicimse aon réiteach ar an scéal ach tá molta istigh ann, mar a bhí molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, má ghearrann tú an píosa faoi Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur le chéile, an bhfuil argóint ann d'údarás na Gaeilge a bheith bunaithe lasmuigh den Ghaeltacht agus go bhféadfaí teacht ar chóras éigin go bhféadfadh, mar a deir an Seanadóir, daoine clárú agus eile chun dul i ngleic leis na ceisteanna sin a bheadh ann do chúrsaí lasmuigh den Ghaeltacht? Is ábhar an-spéisiúil é ach ba bhreá liom é a phlé lá eile b'fhéidir mar is ceist go gcaithfear dul i ngleic leis. Mar a dheirim, tá teipthe ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr leis an mbealach gur chuir sé ar bun é faoi láthair.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leis an Ollamh Ó Giollagáin, leis an Ollamh Ó Tuathaigh, le Donncha Ó hÉallaithe, le Julian de Spáinn agus le Róisín Ní Chinnéide. Gabh mo leithscéal go raibh orm imeacht; bhí mé sa Chathaoir sa Dáil ach tá na ráitis tosaigh go léir léite agam agus d'éist mé go cúramach. Ní lón machnaimh atá i gceist anseo ach dinnéar machnaimh. Bhí mé ag éisteacht leis an Ollamh Ó Tuathaigh cúpla nóiméad ó shin agus é ag caint faoi cad a chloistear. Cuireann sé scéal ó Joe Steve Ó Neachtain i gcuimhne dom. "Baile an Droichid" an t-ainm a bhí ar an gclár ar an raidió agus bhí scéal aige taobh thiar den chaoi a fuair an clár sin bronntanas. Chuaigh an duine a bhí bainteach le céim na nduaiseanna amach go dtí An Spidéal ag iarraidh rud a cheannach sa siopa. Níor éirigh leis nó léi mar bhí gach duine ag éisteacht leis an raidió agus an clár ar siúl. Ní raibh focal Gaeilge ag an mbean nó ag an bhfear sin - tá dearmad déanta agam cé a bhí ann - ach bhí siad chomh tógtha sin leis an rud a bhí ag tarlú leis an gclár raidió. Sin an rud atá á rá ag an Ollamh Ó Tuathaigh, bhí sé soiléir do chách, agus go háirithe don duine seo, go raibh Gaeilge i mbarr a réime ag an am sin. Bhí mé san áit céanna le déanaí agus ní raibh sé chomh soiléir sin.

Ní saineolaí mé ach táimid anseo le cúpla bliain anois ag éisteacht le dreamanna éagsúla ag teacht os ár gcomhair. Tosóidh mé leis an Ollamh Ó Giollagáin agus faoi dheireadh tá a chuid leabhar léite agam. Bhí sé ródheacair dom ar dtús ach tá sé léite agam anois. Tá sé ráite go neamhbhalbh sa leabhar nach bhfuil an Ghaeltacht, mar atá sí, inmharthana. Leanann an Ollamh Ó Giollagáin ar aghaidh agus tugann sé a lán cúiseanna cén fáth agus tá na figiúirí ann. Tá an rud ceannann céanna á rá ag an Ollamh Ó Tuathaigh sa mhéid is go bhfuil sé ag rá nach féidir leis an mBille seo - agus déarfaidh mé cúpla focal faoin mBille i gceann nóiméad - a phlé gan chomhthéacs tuisceana agus gan chomhthéacs tagartha.

Is é croí na ceiste ná nach féidir leanúint ar aghaidh le díospóireacht nó cainte gan an folús a lua agus gan an creimeadh leanúnach atá sna Gaeltachtaí a lua. Tá sé sin á rá agam i gcomhthéacs nach saineolaí mé. Bheinn dóchasach agus éadóchasach ag dul ó sheachtain go seachtain. An tuar dóchais ná b'fhéidir gur seo tús le díospóireacht oscailte macánta. Bheinn sásta leis sin don lá inniu más tús díospóireacht mar sin é, mar aontaím go bhfuil cur i gcéill i gceist. Bímid agus bíonn na dreamanna a dtagann os ár gcomhair ar ár ndícheall rudaí dearfacha a rá agus rudaí dearfacha a tharraingt amach ach ag an am céanna tá na Gaeltachtaí ag creimeadh. Táimid ag díriú isteach ar theorainneacha agus ar rudaí mar sin gan díospóireacht oscailte ionraic a bheith againn ar cad atá ag tarlú ó thaobh polasaí de. Ní raibh mé anseo nuair a bhí an Teachta Ó Cuív anseo ach chuaigh an plé ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge go mór i bhfeidhm orm. An bhliain sin, ba é deireadh na cuir i gcéill. As sin amach bhíomar ag díriú go cinnte ar fhoghlaimeoirí, cosúil liomsa, atá i gcónaí ag foghlaim.

Tagraím don Bhille. Gabhaim buíochas le Donncha Ó hÉallaithe agus leis na finnéithe go léir as ucht na moltaí atá anseo. Tá na finnéithe ar fad aontaithe, b'fhéidir taobh amuigh den Ollamh Ó Giollagáin agus caithfear an comhthéacs a lua go bhfuil an tOllamh Ó Giollagáin dearfach ó thaobh an Bhille gur rud maith é. Tá toghchán ar ais arís, beidh deichniúr tofa arís agus tá ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga anois. Aontaím leis an Ollamh Ó Giollagáin ó thaobh na n-oileán de; tá siadsan ag feidhmiú i bhfolús le fada an lá agus táimid fós ag fanacht le polasaí do na hoileáin. Anois tá siad fágtha amach ó thaobh an Bhille freisin. Aontaím leis an Ollamh Ó Giollagáin mar gheall air sin.

Tá rudaí eile gur mhaith liom díriú isteach orthu as seo amach nuair a bheidh dreamanna eile os ár gcomhair. Níl mé go huile is hiomlán taobh thiar de Dhonncha Ó hÉallaithe faoi na hainmniúcháin agus go dtiocfaidh siad as na heagraíochtaí ar an talamh. Níl mé róchinnte faoi sin. Cén chaoi is féidir na heagraíochtaí sin a phiocadh? Tá díospóireacht eile ag tacú leis seo. Luaigh an Seanadóir Kyne cúrsaí polaitíochta agus tá an baol ceannann céanna ann ó thaobh na n-eagraíochtaí ar an talamh ach gan an teideal a bheas orthu.

Rinne an tOllamh Ó Tuathaigh pointe ó thaobh ceist an chathaoirligh. B'fhéidir go dtiocfaidh sé ar ais maidir leis sin mar níl a fhios agam-----

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Is ceist an-shimplí é agus tabharfaidh mé freagra don Teachta. Is é an rud a bhí á rá agam ná sa dréacht atá anseo tá an cathaoirleach le hainmniú as measc an 16 duine. An rud a bhíos ag rá ná ar shlí nuair atá toghcháin bíonn vótaí á gcomhaireamh. Tá dhá thoghlach ansin ina bhfuil níos mó duine amháin le toghadh agus dá réir sin beidh vótaí ann, beidh duine amháin le vóta níos airde ná an duine eile agus mar sin de. Táim ag caint ar conas mar a fheidhmíonn an t-údarás. Tá cathaoirleach ann agus tá na baill ann agus mar sin de. D'fhéadfadh sé a bheith níos fearr sa deireadh thiar thall. Nílim 100% ag moladh rud éigin anseo ach ba chóir machnamh a dhéanamh an mbeadh sé níos fearr a rá go neamhbhalbh go dtiocfaidh an cathaoirleach ón seisear. Ós rud é gurb é an tAire a ainmneoidh an cathaoirleach, in áit an tAire a bheith ag ainmniú cathaoirligh as measc na ndaoine atá tofa-----

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

-----gan bheann ar vótaí ná aon ní den sórt sin, molaim go mbeadh sé níos fearr a rá go dtiocfaidh an cathaoirleach ón seisear a ainmneoidh an tAire ón tús. Dá réir sin, bheadh an duine seo le dul isteach sa chathaoir - is cuma cén cúlra atá aige ach tá súil agam go mbeadh cúlra sásúil aige - ar a laghad gan a bheith tar éis a bheith ag canbhasáil agus in iomaíocht le daoine eile atá ag suí timpeall. Dhéanfadh sé an rud níos éasca agus níos inlámhseáilte. Sin é an coincheap.

Sin cheist phraiticiúil ó thaobh rangú.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Is ea, agus-----

Ceist phraiticiúil atá ann ó thaobh na coistí réigiúnacha de freisin.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

An rud a bhí á rá agam faoi na coistí réigiúnacha ná go bhfuil siad déanta ar bhonn tíreolaíoch agus go bhfuil siad ag dul siar go dtí an déanamh a bhíodh ar an údarás i bhfad siar. Is é an rud atáim á rá ná in áit a bheith ag lorg rudaí atá coiteann le grúpaí atá chomh fada agus chomh héagsúil sin, na Gaeltachtaí beaga agus an micrealeibhéal agus mar sin de, de bhrí go bhfuil rudaí áirithe comónta anois, ar nós pleanáil teanga agus a leithéid, beidh an t-údarás, má tá an t-údarás ag feidhmiú le haon éifeacht feasta, má tá an jab le bheith déanta mar ba chóir le béim ar rudaí áirithe, an tógáil pobail seo a bhí i gceist ag Donncha Ó hÉallaithe-----

Sin iad na ceisteanna praiticiúla.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Sin iad ach níos mó ná ceisteanna praiticiúla, tá gréasán teagmhála ag lucht Dún na nGall, mar shampla, le Gaeilgeoirí sna Sé Chontae atá ag iarraidh lonnaíochtaí a bhuanú ó ghlúin go glúin.

B'fhéidir nach n-éireoidh leo. Níl a fhios agam ach is é an rud atáim á rá ná, maidir leis an gcineál tacaíochta agus na cleamhnais a dhéanfaí le pobail thiar agus istigh, bheadh sé níos fearr solúbthacht bunaithe ar riachtanais áirithe a fhágáil ann. Is cinnte go mbaineann Ráth Chairn le Gaillimh ag dul siar, cé go bhfuil daoine ó chúlraí eile ann, ach tá an rud atá ann beagáinín dian. Is throwback do struchtúr a bhíodh ann atá ann. Is fearr liom go mbeadh rud éigin níos solúbtha ann maidir le fochoistí. Is é sin an méid.

B'fhéidir go mbeidh an tOllamh Ó Tuathaigh in ann teacht ar ais maidir leis an gcoimisiún 2002 a luaigh sé. Tá ceist maidir le hÚdarás na Gaeltachta agam le haghaidh Donncha Ó hÉallaithe. Beidh mé i dtrioblóid faoi seo ach ceapaim go bhfuil an t-údarás mar chid den fhadhb i ndáiríre in ainneoin an méid oibre atá déanta aige. Bhíomar i dTír Chonaill nó Dún na nGall, ag brath ar an duine atá ag éisteacht liom, le déanaí. Táim ag dul timpeall chun rud a rá. Tá béim ollmhór á cur ag Údarás na Gaeltachta ar chúrsaí fostaíochta. Tá sé sin ceart go leor ach tá dualgais air freisin nach bhfuil ag an dá eagraíocht eile. Níl an méid céanna freagrachta orthu. Níl sé ag díriú isteach ar impleachtaí an fhócais sin ó thaobh na teanga de. Tuigim go bhfuil rud dearfach i gceist faoi láthair agus go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar an tionchar atá ag an bpolasaí atá aige fostaíocht a mhealladh isteach gan aon choinníollacha nó monatóireacht ó thaobh na teanga de. Tá ardmheas agam ag an údarás ach, sa mhéid sin, is cuid den fhadhb é. Tá gá práinneach le hathbhreithniú ar a ról agus ar na cumhachtaí atá aige faoi láthair gan tuilleadh cumhachtaí a thabhairt dó ag an bpointe seo. Tá m'aigne oscailte do thuilleadh cumhachtaí ach, maidir leis na cumhachtaí atá aige, bhí mé ag breathnú ar an reachtaíocht sular tháinig mé isteach. Ní raibh mórán ama agam. Tá cumhacht agus freagrachtaí ag an údarás. Tá ceisteanna le freagairt. Cén chaoi is éifeachtaí an ról sin a iompar nó a chur chun cinn?

Ag dul ar ais go dtí inné, níl mé chun an monarcha a lua ach bhíomar thuas ann agus tá an-dul chun cinn déanta ó thaobh comharthaíocht dhátheangach agus mar sin de. Rith rud éigin liom. Is comhlacht mór sa Ghaeltacht atá i gceist. Táim ag baint úsáide as an sampla seo ó thaobh monarchana atá níos measa. Cad é polasaí na Gaeilge ó thaobh bainistíochta? Luaigh bainisteoirí an urraíocht a bhí á cur ar fáil do na grúpaí ar an talamh agus urraíocht do gach saghas eile ach ní raibh siad ná an t-údarás in ann aon sonraí a thabhairt dom ó thaobh polasaí teanga agus an chaoi ina bhfuil siad in ann torthaí a thomhas nó measúnú a dhéanamh. Tá mé buartha faoi sin agus tá neart ceisteanna curtha agam faoi.

Stopfaidh mé ansin ach tá rud amháin le rá agam leis an Ollamh Ó Giollagáin. Ceapaim go bhfuil seacht moladh aige. Tá ceann nó dhó thar a bheith tábhachtach ó thaobh saineolais de. Ní dóigh liom gur féidir na seacht moladh a chur chun cinn i ndáiríre. Tá sé ag rá gur chóir don Stát breathnú sa scáthán, a bheith ionraic agus a rá linn cén fáth go bhfuil neamhaird déanta aige air sin. Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin ach is féidir fóram a chur ar siúl chun plé oscailte a bheith ann agus an saineolas atá ag teastáil go géar uainn a fháil maidir le creimeadh na Gaeltachta agus an daonra ag titim an t-am uililg ó thaobh na Gaeilge.

Professor Conchúr Ó Giollagáin

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Músclaíonn sí cheist fhíorbhunúsach ar fad. An bhféadfadh polasaí stuama macánta Gaeilge agus Gaeltachta a bheith ag an státchóras mura mbeadh an státchóras céanna sásta an éigeandáil atá ann a admháil go soiléir? Tosaíonn gach rud leis sin. Is rud é nach raibh an státchóras in ann a dhéanamh ó aimsir an dara Coimisiún na Gaeltachta in 2002. Tá sé anois 20 bliain ag seachaint na faidhbe atá againn. Gabhaim buíochas leis an Teachta as achoimre an-ghéar ar an gcaint atá agam a dhéanamh. Is í an cheist bhunúsach atá agam ná cén mhaith leasuithe a bhaineann le toghcháin an údaráis a thabhairt isteach nuair atá leasuithe bunúsacha le déanamh ar an údarás féin agus ar an gcúram atá aige sa Ghaeltacht sa gcaoi a bhfuil an Ghaeltacht ann faoi láthair.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá roinnt rudaí ardaithe aici. Díreoidh mé ar an gcéad cheann, is é sin, an smaoineamh go mbeadh eagraíochtaí pobail páirteach sna hainmniúcháin. Is féidir é sin a bheith casta nó is féidir é a bheith simplí. Cheana féin, tá go leor eagraíochtaí pobail ag fáil deontas díreach ó Údarás na Gaeltachta, mar shampla, na comharchumainn agus na heagraíochtaí atá ag plé leis an bpleanáil teanga. Tá go leor eagraíochtaí pobail eile atá deonach go hiomlán agus nach bhfuil ag brath ar dheontais ach atá gníomhach. Feictear dom go mba cheart go mbeadh clár ann, rud nach bhfuil ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair, aisteach go leor. Maidir leis an dream lena mbímse ag plé, Cumann Forbartha Chois Fharraige, ní aithníonn Údarás na Gaeltachta muid ó thaobh forbartha pobal de. Ní aithníonn an t-údarás ach amháin na heagraíochtaí a fhaigheann deontais uaidh. Nuair a bhíonn rudaí á n-eagrú - cúrsaí oiliúna, cruinnithe agus mar sin de - ní fhaigheann muid aon scéal uaidh. Faigheann muid amach ina ndiaidh. Chabhródh sé go mór dá mba rud é go raibh clár ag Údarás na Gaeltachta, register de na heagraíochtaí pobail atá gníomhach ar eagraíochtaí forbartha pobail iad. Theastódh go mbeadh siad in ann cúpla rud a chruthú i dtosach báire, mar shampla, go bhfuil cuntas bainc acu, go bhfuil cuntais suas chun dáta acu, go mbíonn cruinniú cinn bliana acu, go bhfuil miontuairiscí ó chruinnithe ar fáil agus go bhfeidhmíonn siad trí Ghaeilge. B'fhéidir an córas ainmniúchán a bhunú ar chlár eagraíochtaí den chineál sin. B'fhéidir nach mbeadh am a leithéid de rud a dhéanamh sula mbeidh na toghcháin ann ach is é sin an cineál coincheapa atá agam.

Maidir leis na coistí réigiúnacha, tá amhras orm an dteastaíonn siad ar chor ar bith. Tá an leagan amach atá ann thar a bheith místuama sa mbealach go bhfuil Dún na nGall, Conamara, Maigh Eo agus Ráth Chairn curtha le chéile ach bheadh amhras orm an dteastaíonn siad ar chor ar bith.

Maidir leis na tionscail, bímse féin buartha faoi cheist na tionsclaíochta. Tá an iomarca béime ar fhostaíocht san údarás ach, ag an am céanna, tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá éirithe le Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta deireadh a chur le himirce amach as an nGaeltacht. Tá imirce amach as an nGaeltacht i gcónaí ach-----

Aontaím go huile agus go hiomlán leis sin.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ba sin an príomhrud a bhí le déanamh nuair a bunaíodh Gaeltarra Éireann. Ba í an cheist ná cén chaoi a bhféadfaí stop a chur leis an mbánú a bhí á dhéanamh. Tá sé dochreidte go bhfuil os cionn 8,000 duine ag obair i gcliaintchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta anois. Maidir le ceist na teanga, is rud é seo atá tar éis sleamhnú ón uair a raibh Gaeltarra Éireann ann. Rinne mé beagán staidéir ar Ghaeltarra Éireann agus ar an mbealach inar éirigh sé ag an tús nuair a bunaíodh i dtosach báire é. Bhíodh air tuarascáil bhliantúil a chur le chéile a chuir in iúl cé mhéad duine a bhí fostaithe agus cé mhéad duine le Béarla nach raibh Gaeilge acu a bhí fostaithe ina measc. Bhí air é sin a thuairisciú don Rialtas. Nuair a chuirtear an cheist sin ar Údarás na Gaeltachta, ní bhfaightear aon fhreagra uirthi. Má chuireann tú an cheist, cé mhéad den 8,900 atá fostaithe i gcliaintchomhlachtaí atá ina gcainteoirí Gaeilge, ní bhfaighidh tú freagra. Is rud bunúsach é ó thaobh fhorbairt pobail, ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh pleanála teanga go mbeadh muid, ar a laghad, ag tomhas an scéil. Is taobh amháin den scéal é sin. Is é an taobh eile ná go bhfuil creimeadh áirithe tagtha ar an nGaeilge sna háiteanna is mó ina gcuirtear fostaíocht tionsclaíochta ar bun, is é sin, i gCois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair.

Fós féin, is cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre atá ann iad. Ar thaobh amháin, níl aon dabht faoi ach go bhfuil tionchar diúltach ag an bhfostaíocht atá cruthaithe ó thaobh na teanga de ach tá tionchar dearfach aici ó thaobh an bealach inar éirigh leis na pobail seo iad féin a mhúnlú mar phobail ina bhfuil fostaíocht le fáil ag daoine óga as an gceantar chun nach mbeadh siad ag iarraidh an áit a fhágáil. Tá cothromaíocht éigin ag teastáil. Níl a fhios agam conas a aimseofar an chothromaíocht sin ach theastódh go mbeadh an t-údarás i bhfad níos cúramaí faoi sin. Ní ceart go mbeadh aon deontas á thabhairt amach le fostaíocht a chur isteach in áit ina bhfuil lánfhostaíocht cheana agus tá sé sin ag tarlú. Nuair a chuirtear monarcha nua ar bun in áit ina bhfuil beagnach lánfhostaíocht, mar shampla, Cois Fharraige, tá seans maith ann gur daoine ón taobh amuigh a bheidh ag glacadh na poist sin. D'fhéadfadh drochthionchar a bheith aige sin. Tá seans ann nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre in aon mhonarcha de chuid an údaráis. B'fhéidir go bhfuil sí ina teanga oibre i roinnt comhlachtaí beaga atá ag fáil tacaíocht cosúil le Clódóirí Lurgan in iarthar Chasla agus cúpla comhlacht eile a d'fhás aníos as na comharchumainn. B'fhéidir go bhfuil a leithéid fós ann ach ní déarfainn go bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre in aon cheann de na monarchana móra. Ar bhealach, is cuma faoi sin fad is atá an Ghaeilge mar theanga shóisialta i measc sciar mór de na daoine agus go bhfuil sí freisin ina theanga theaghlaigh, ina theanga spraoi agus ina theanga shiamsaíochta. Is é sin a choinneoidh an Ghaeilge beo. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeidh an Béarla ann taobh istigh den mhonarcha agus go mbeidh an Ghaeilge ann taobh amuigh. Glacaim leis sin anois. Ní bheadh mé ag glacadh leis 20 bliain ó shin ach, ó bheith ag breathnú ar an rud atá tarlaithe, ceapaim gur mar sin a bhféadfadh cúrsaí a bheith.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

Mar fhocal scoir ar an bpointe sin, ar eagla na míthuisceana, is féidir liom a dhearbhú go raibh plean teanga le haontú roimh ré in aon chomhlacht a fuair maoiniú ón údarás i lár agus deireadh na 1990idí. Bhí spriocanna cinnte leagtha amach. Uaireanta, bhain siad le gnéithe siombalacha nach raibh chomh daingean seo, mar shampla, comharthaíocht, cúrsaí cumarsáide, stáiseanóireacht, comhfhreagras leis an údarás féin agus a leithéid. Tá fadhb agus dilemma ann agus tá Donncha Ó hÉallaithe tar éis a mhéar a leagan uirthi. Tuigfidh an Teachta Connolly é seo. Fiú má tá spriocanna áirithe leagtha síos ó thaobh iompar teanga, tá sóisialú déanta roimh ré ag na hoibrithe agus mar sin de agus beidh an teanga in úsáid nó ní bheidh. Braitheann sé ar na bainisteoirí, cad atá ar siúl ar an urlár agus cén cineál tionscail atá ann. Anuas air sin, tugtar an maoiniú ina ghálaí. Dá dteastódh uait sciar a choimeád siar mar sanction nó a leithéid, ní fhéadfadh é sin a oibriú. Is ceann de na dilemmas a bhí ann é sin. Nuair a bhí rud bunaithe, fostaíocht curtha ar fáil agus an pobal taobh thiar dó, i sochaí atá oscailte agus daonlathach, is dána ar fad don bhainisteoir a rá nach bhfuil rud éigin comhlíonta, nach bhfuil an comhlacht ag fáil an chuid eile den deontas agus gur chóir dó bailigh leis go dtí áit éigin eile istigh i lár tíre. Bhí níos mó meallta agus gríosaithe ná bagairt le déanamh má bhí spriocanna nár comhlíonadh ach bhí sé tuigthe go raibh plean teanga mar chuid den phlean airgid agus den phlean eile. Bhí plean teanga mar chuid lárnach de. Bhí aonad teanga san údarás féin. For my sins, chaith mé seal mar chathaoirleach ar an údarás agus táim ag rá go raibh plean teanga le haontú agus go raibh monatóireacht déanta air chomh fada gur féidir rudaí a mheas ach, nuair a tháinig sé go dtí cnámh na huillinne, ba dheacair aon bhagairt a dhéanamh. Nuair a bhí an comhlacht bunaithe, fáilte curtha roimh an bhfostaíocht agus pobal bunaithe ann, bhí sé an-deacair a rá nach bhfaigheadh sé cuid eile den mhaoiniú, go mbeadh muid ag coimeád siar é nó go chaithfeadh bainisteoir le Gaeilge a bheith ar inneall éigin. Tá contrárthachtaí i gceist ach níor mhaith liom go gceapfadh daoine gur fál go haer iad chun fostaíocht a chur ar fáil nó pobal bisiúil teanga a bheith ann má tá an ghné shóisialta agus an ghné chaidrimh slán, go speisialta i measc an phobail féin. Ní theastaím dul níos faide ná sin.

Mr. Julian de Spáinn

Tá pointe an-bheag agam. Mothaímid gur chóir go mbeadh níos mó acmhainní ag an údarás. De réir an taighde atá déanta againn, is pinginí atá caite ag an Stát ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht i ndáiríre. Thar na blianta, ní raibh an uaillmhian ann gur chóir go mbeadh ann. Má táthar i ndáiríre ag iarraidh tacú, is gá an t-airgead breise a chur ar fáil. Ba chóir go mbeadh sé ag dul isteach san fhiontraíocht shóisialta agus san fhostaíocht teanga-lárnach. Ní gá a bheith i gcónaí ag breathnú ar chomhlachtaí móra a mhealladh isteach. Rachaidh an teanga i bhfeidhm de réir is atá an fhiontraíocht sna comhlachtaí beaga ag dul chun cinn freisin. Tá níos mó béime air sin ag teastáil. Tá ceangal idir sin agus an phleanáil teanga. Cén fáth nach mbeadh an fhiontraíocht lárnach mar chuid den phleanáil teanga? Mar sin, d'fheicfeadh daoine go bhfuil buntáiste faoi leith ag baint le húsáid na Gaeilge chomh maith leis an nGaeilge a bheith in úsáid san obair nó fiontraíocht atá siad ag cur ar bun. Tá an-deis an stíl nó an modh lena bhfeidhmíonn an t-údarás a athrú amach anseo ach acmhainní a bheith curtha ar fáil mar tá i bhfad Éireann níos mó le cur ar fáil ní hamháin don fhiontraíocht shóisialta agus don fhiontraíocht teanga-lárnach, ach don phleanáil teanga féin. Rinne an tOllamh Ó Giollagáin tagairt d'fhadhb mhór i leith cumas agus an méid a bhí á dhéanamh go dtí seo, is é sin, nach raibh an t-airgead lorgtha ón gcéad lá riamh chun na pleananna a chur i bhfeidhm. Sa todhchaí, caithfidh breis airgid, breis maoinithe agus breis acmhainní a chur ar fáil.

Táimid faoi bhrú.

Professor Gearóid Ó Tuathaigh

An bhfuil cead agam an cruinniú a fhágáil?

Tá. Bhí mé chun a rá go bhfuil brú ama ar Ghearóid Ó Tuathaigh. Is féidir leis an gcuid eile dúinn leanúint ar aghaidh, más gá.

Ceapaim go bhfuil Údarás na Gaeltachta agus an coincheap atá taobh thiar de iontach. Ní mór dom breathnú ar na cumhachtaí breise atá luaite ag Donncha Ó hÉallaithe sa ráiteas tosaigh lá éigin eile. Tá an Bille seo thar a bheith srianta. Má táthar ag iarraidh go mbeidh sé curtha tríd an Dáil, tá práinn leis. B'fhéidir gur tús le rud eile an cruinniú inniu. Ní dóigh liom go bhfuil ionracas i gceist, beag nó mór, ar leibhéal an Stáit. Aontaím le Conchúr Ó Giollagáin. Tá mé ann ó 2016 ag breathnú ar an rud. Tá deathoil iontach ag gach duine sna Tithe seo ach níl mé ag admháil chomh goilliúnach is atá stádas na Gaeilge agus na nGaeltachtaí. Bhí easpa airgid agus easpa acmhainní i gceist gan dabht ó thaobh Údarás na Gaeltachta de. Chonaic mé féin é ach ní mór dúinn breathnú ar na cumhachtaí atá aige agus ar na freagrachtaí atá air agus ar cad atá ag teastáil uaidh chun iad sin a chomhlíonadh ar trí leibhéal seachas ar leibhéal amháin. Mar a dúirt mé, bhíomar i monarcha agus dúirt an bainisteoir go neamhbhalbh liom nach mbeidh aon teanga gan fhostaíocht. Aontaím leis sin ach, más rud é go bhfuil muid ionraic, beidh muid gafa níos faide siar an bóthar. Cad atá ag teastáil go géar leis an bhfostaíocht? Níl sé sách maith níos mó a rá go bhfuil an fhostaíocht againn agus go chaithfimid a bheith cúramach ó thaobh na teanga because is féidir linn an obair a chailleadh. Ba chóir an meon sin a fhágáil ar leataobh agus an cheist a chur, cad iad na céimeanna dearfacha atá ag teastáil go géar? Tá an dá rud, pobal teanga agus fostaíocht, fite fuaite le chéile.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Teachta go bhfuil an cheist seo á seachaint le fada an lá ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. I ndáiríre, caithfear breathnú go cúramach ar an gceist; an bhfuil dochar a dhéanamh d'inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil fostaíocht á cruthú mar gheall ar an gcineál fostaíochta atá á chruthú nó an easpa tuisceana atá ag cuid de na tionsclaithe agus bainisteoirí seo ar cheist na teanga?

Tá mé ag ceapadh go bhfuil géarghá leis sin. Go ginearálta, tá comhrá náisiúnta ag teastáil uainn sa tír seo ionas go mbeadh díospóireacht ionraic oscailte againn, ní díreach faoi cheisteanna Gaeilge nó ceisteanna Gaeltachta, ach ar cheist na Gaeilge go huile is go hiomlán. Céard a theastaíonn uainn 100 bliain tar éis bunú an Stát agus é mar uaillmhian ionraic ag an Stát an Ghaeilge a athbheochan ar fud na tíre? I ndáiríre, tá comhrá náisiúnta ag teastáil faoi cén fáth nár éirigh leis agus céard atáimid ag iarraidh a bhaint amach anois ag an bpointe ag a bhfuilimid. Caithfimid tosnú as an áit ina bhfuilimid. Ní hé go bhfuilimid ag tosnú as droch-áit. Tá i bhfad níos mó daoine a dheireann go bhfuil cumas sa Ghaeilge acu sa tír ná mar a bhí, abair in 1926. An fhadhb atá ann ná in 1926 bhí beagnach 250,000 duine gur chainteoirí dúchais iad agus anois táimid ag b’fhéidir 20,000, 30,000 nó b’fhéidir 40,000 duine sna ceantair Ghaeltachta a bhféadfaí a rá gur cainteoirí dúchais iad. Tá 40,000 duine ann ar a mhéid agus is ag déanamh áibhéil a bheadh an figiúir sin fiú amháin.

Ag an am céanna, tá difríocht an-mhór idir na cainteoirí dúchais Gaeilge atá sa Ghaeltacht anois ná mar a bhí 100 bliain ó shin. I tosach báire, ní raibh Béarla ar bith ag cuid mhaith de na daoine arbh chainteoirí dúchais iad 100 bliain ó shin, nó ní raibh mórán Béarla acu. Is é sin ceann de na rudaí is mó a bhrúigh an Ghaeilge amach as an nGaeltacht. Theastaigh Béarla le maireachtáil sa tír fiú amháin 100 bliain ó shin agus teastaíonn Béarla i gcónaí. Ar a laghad anois, níl mórán daoine sa Ghaeltacht faoi 60 bliain d’aois nach bhfuil cumas maith Béarla acu. Is cuma cé chomh maith is atá an Ghaeilge acu, tá cumas maith Béarla acu. Feicfimid mo chuid gasúir féin, atá anois sna 20í, lena gcuid cairde. Níl aon bagáiste acu mar a bhí ag daoine 50 bliain ó shin faoin nGaeilge. Níl inti ach teanga cumarsáide nach bhfuil siad ag úsáid an t-am uilig ach tá á húsáid acu nuair atá an comhthéacs ceart. Ní bhíonn aon fhadhb acu bheith ag iompú ó theanga amháin go teanga eile. Is mar cheantair dhátheangacha a fheicimse an Ghaeltacht ag dul chun cinn. Is ceart dúinn béim a chur air sin agus go mbeadh daoine feidhmeach go dhátheangach agus ábalta sa dá theanga. Cibé teanga a fheileann don chomhthéacs nó don ócáid, ba cheart go mbeadh daoine in ann é nó í a úsáid - bíodh sé sa siopa, ag cruinniú, nó ar an bpáirc imeartha agus mar sin de. Más féidir linn daoine sa Ghaeltacht a chumasú le go bhfeicfidís gur buntáiste an-mhór dóibh é go bhfuil siad dhátheangach agus Béarla agus Gaeilge acu, rud an-tábhachtach a bheadh ann. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh muid bheith ag neartú an muinín atá ag daoine astu féin mar dhaoine dhátheangacha. B’fhearr liom go mbeadh muid dírithe air ar an gcaoi sin.

Ní bheidh ceantair Gaeltachta ann a thuilleadh mar áirteanna nach bhfuil ach teanga amháin á úsáid - is é sin an Ghaeilge á úsáid – mar a bhí i gCois Fharraige nuair a tháinig mé ann. Tá mé 50 bliain anois i mo chónaí i Ceantar an Chnoic i gCois Fharraige. Nuair a tháinig mé ann 50 bliain ó shin le droch-Ghaeilge, d’fhéadfaí rá gur ceantar aonteangach a bhí ann. Is fíorbheagán Béarla a bhí le cloisteáil. Ní hé nár tógadh daoine le Béarla ach Gaeilge an teanga a bhí á labhairt taobh amuigh an t-am uilig. Bhí fíorbheagán Béarla á labhairt. D’fhéadfainn líon na ndaoine a chomhaireamh ar mo dhá lámh nach raibh Gaeilge acu nó nach raibh á húsáid sa cheantar agus is daoine ón taobh amuigh a bhí iontu. Tá sé sin athruithe. Bhí go leor daoine nuair a tháinig mise chun cónaí ann a raibh an-ghráin acu ar an nGaeilge mar gheall nach raibh aon rud eile acu ach Gaeilge. Bhraith siad gur saoránaigh den dara ghrád sa tír seo iad dá bharr. Tá an meon sin imithe agus is rud dearfach é sin. Caithfimid a bheith ag tógáil ar na rudaí dearfacha atá sa Ghaeltacht agus tá go leor rudaí dearfacha ann. Tá daoine oilte anois; tá oideachas ar dhaoine; tá siad ábalta; agus tá siad muiníneach astu féin. Caithfimid a bheith ag tógáil air sin má táimid le dul chun cinn a dhéanamh.

Bhí sé sin an-suimiúil. Sílim go raibh ról freisin ag an imirce ó thaobh laghdú na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair Gaeltachta. Toisc gur limistéir iargúlta a bhí iontu ní raibh mórán deiseanna agus bhí ar dhaoine imeacht ón tír. Tá sé sin an-suimiúil.

Luaigh an tOllamh Ó Tuathaigh na coistí réigiúnacha agus luaigh an Teachta Connolly iad freisin. B’fhéidir go mbeimid in ann a fháil amach ón t-údarás nó ón Roinn cé acu go díreach atá ag feidhmiú faoi láthair. Sílim go bhfuil na coistí ag feidhmiú faoi láthair, ach b'fhéidir go bhféadfaimid a fháil amach céard go díreach a dhéanann siad agus cé chomh minic a chasann siad le chéile go praiticiúil. Sílim gur rud praiticiúil atá i gceist anseo seachas go mbeadh na réigiúin nó na Gaeltachtaí seo mar a chéile. Go praiticiúil, sin é an chaoi a fheidhmíonn rudaí.

Tá roinnt ceisteanna agam agus roinnt acu atá praiticiúil. Bhí an díospóireacht inniu an-spéisiúil. D’ardaigh an Teachta Moynihan ceist níos luaithe a bhí dírithe ar na comhairleoirí contae agus a leithéid agus nár chóir go mbeadh siad san iomaíocht nó nach féidir leo an dá thrá a fhreastal. Cén stádas a shíleann na finnéithe ar chóir a mbeadh ag baill an bhoird? Is bord Stáit é faoi láthair ach i slí amháin is cineál boird iomlán difriúil é. Má táthar ag caint faoi chumhachtaí breise agus cur chuige breise, glacaim leis go bhfuil na finnéithe ag iarraidh go mbeadh baill an bhoird níos gníomhaí ná gnáthbhaill ar bhoird Stáit. An é go bhfuilimid ag smaoineamh ar dhaoine a bheith ar chomhchéim ó thaobh íocaíochtaí nó a leithéid? Tá an méid sin i gceist ag an Rialtas faoi láthair sa dréacht-Bhille. Má táimid ag tabhairt ualach breise do chomhaltaí boird atá tofa nó roghnaithe ag an Aire áfach, is cóir go mbeadh liúntais bhreise ann agus go mbeifí ag tnúth lena bhfad Éireann níos mó oibre uatha. Bíonn daoine ar bhoird Stáit uaireanta nach bhfuil ann ar son na cúise fiú.

An dara rud ná ceist inscne. Bhí seisiún le bheith againn an tseachtain seo caite agus lorg muid ionadaithe ó Women in Politics agus See Her Elected chun comhairle éigin a thabhairt dúinn faoi conas is féidir teacht ar an gcothromas sin. D’fhág an tAire leis an gcoiste é mar nach raibh an Rialtas in ann réiteach na faidhbe sin a fháil. Is trua nach raibh ionadaithe ó cheachtar den dá ghrúpa os comhair an choiste. Tharraing siad siar agus ní bhfuaireamar aon rud uathu go fóill. Ó thaobh ceist na hinscne de, an réiteach na faidhbe é go mbeadh níos mó baill tofa ar an mbord? Réiteodh sé sin an fhadhb maidir le duine a bheith tofa do na hoileáin chomh maith. An bhfuil gá go mbeadh an tAire ag ainmniú aon duine in aon chor? An meon atá sa Roinn ná go gcuirtear an cheist cén fáth go mbeadh air na mná ar fad a roghnú toisc nach dtoghfar iad sa toghchán. Is é sin an sean ról a bhí ag Údarás na Gaeltachta. D’éirigh le beirt bhan sna toghcháin ar fad thar na blianta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is é sin cé chomh tubaisteach is a bhí sé roimhe sin. Tá an domhain athraithe go hiomlán le tamall de bhlianta anuas ach is sin an sórt ualach a shíl an tAire nó an Roinn a bhí orthu; bearna a líonadh seachas díriú isteach ar dhaoine le scileanna áirithe.

Ó thaobh an choiste réigiúnach de, tá mé den tuairim céanna leis na finnéithe nár chóir go mbeadh sé ann. Ba chóir go mbeadh an chumhacht ag bord an údaráis pé coistí gur mhian leo a chur sa tsiúil chun díriú ar na príomhcheisteanna. B’fhéidir gur féidir linn é sin a lua.

Maidir leis an gceist a ardaíodh faoi na chumhachtaí agus mar sin de, an ról atá ag an ngrinnstaidéar anseo ná na moltaí a chur chun cinn.

B’fhéidir nach bhfuil siad iomlán nó nach mbeidh siad iomlán ach ceann de na rudaí gur féidir linn a lua agus muid ag dul ar ais chuig an Aire ná gur chóir díriú ar chumhachtaí breise a thabhairt don údarás, an tithíocht san áireamh.

Ceist eile atá ann ná ceist an fhuinnimh. Bhí daoine ag caint faoin tionchar a bhíonn ag gnólachtaí a thagann isteach sa Ghaeltacht. Ceann de na comhlachtaí móra atáthar ag tuar atá ag teacht chuig ceantair Gaeltachta san iarthar ná na muilinn gaoithe móra millteacha seo. Tá siad ag teacht ó thar lear. Ní gá go mbeadh Gaeilgeoirí ina measc. B’fhéidir go bhfuil deis againn na scileanna sin a thabhairt do dhaoine atá ag teacht ó cheantair Ghaeltachta. Más fíor an méid atá tuartha go dtí seo, beidh a lán deiseanna fostaíochta ag teacht agus na muilinn gaoithe seo á thógaint agus á gcaomhnú amach anseo. Ba chóir go mbeadh siad lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta ach go dtiocfadh na scileanna ó Ghaeilgeoirí sa cheantar.

Fágfaidh mé mar sin é mar níl ach cúpla nóiméid fágtha againn san amchlár inniu. An bhfuil éinne ag iarraidh freagra a thabhairt dom?

Mr. Julian de Spáinn

Tá an cheist sin faoi cén stádas nó cén ról a bhéas ag na daoine atá tofa an-spéisiúil. Sílim go mbaineann sé leis an rud a luadh sa cheist maidir le freagrachtaí an údaráis agus cé mhéid oibre atá i gceist. Inár dtuairim, agus mar a luamar níos luaithe, ba chóir go mbeadh níos mó freagrachtaí ar an údarás. Tagann sé sin lámh le lámh le pointe 3 a luadh, sé sin, gur chóir go mbeadh an Bille seo ag plé le freagrachtaí freisin agus na dualgais atá ar Údarás na Gaeltachta. Ní fheicimid aon fáth nach féidir é seo a dhéanamh. Ar nós nuair a bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé, faoin am gur chríochnaigh sé, bhí i bhfad Éireann níos mó sa Bhille. Tuigim go bhfuil práinn faoi leith ann an obair seo a dhéanamh ach má tá cuid mhaith na ndaoine ag aontú ar roinnt de na freagrachtaí nó cúraimí ar aon nós, nach bhféadfaí iad sin a chur san áireamh? Nach bhféadfaidís a bheith mar chuid den Bhille féin nuair a thagann sé ós comhair Thithe an Oireachtais?

Maidir leis an gceist faoi inscne, tá moladh amháin déanta againn. Tagann sé seo ar ais go dtí an rud a luaigh an Seanadóir Kyne níos luaithe. Is cur i gcéill é a rá nach mbeidh na páirtithe páirteach sa phróiseas seo. Tá siad chun a bheith páirteach sa phróiseas. An gá go mbeadh siad ag clárú le léiriú go bhfuil siad páirteach sa phróiseas? Cén córas a chuirfear ar bun chun go dtarlóidh sé sin? Ansin d’fhéadfaí rud éigin a chur isteach a bhaineann leis an gcéatadán de na daoine atá tofa. Dá mbeadh ar gach duine ar an mbord a bheith tofa agus mura raibh éinne le ceapadh, d’fhéadfaí críochnú suas le bord d’fhir nó mná amháin. Tá an baol sin ann freisin. Is bealach amháin é an moladh a bhí againn le tabhairt faoi ach tá rudaí eile a théann le sin. Aithnímid sin.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Tá sé tábhachtach go mbeadh an saineolas ag an mbord freisin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh sé ag an mbord. Glacaim leis go mbeadh an saineolas sin ag an bhfeidhmeannas.

Maidir le cúrsaí inscne, feictear domsa gur cheann de na rudaí a fhéadfaí a dhéanamh faoi sin ná a chinntiú aon áit a bhfuil beirt nó níos mó le toghadh, go gcaithfeadh ar a laghad fear amháin agus bean amháin a bheidh tofa i measc na ndaoine sin. Mar shampla, tá triúr ceaptha a bheith tofa le haghaidh Contae na Gaillimhe agus beirt i nDún na Gall. Feictear domsa go mba cheart a rá ar a laghad go mbeadh bean amháin agus fear amháin i measc na ndaoine a mbeadh tofa ón dá cheantar sin.

Aontaím leis an méid a bhí á rá ag an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh maidir leis na coistí réigiúnacha. Is fearr i bhfad go mbeadh fochoistí ar théamaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh fochoiste pleanáil teanga a bheith ann, agus fochoiste ar chúrsaí forbartha pobal nó ar fhorbairt infreastruchtúr agus mar sin de. D’fhéadfaidís a bheith ag teacht ó na ceantair ar fad seachas coiste réigiúnach a bheith ann. Tá an rud atá leagtha amach sna ceannteidil maidir le coistí réigiúnacha místuama agus níl a fhios agam an n-oibreodh sé ró-mhaith. Bheadh sé i bhfad níos fearr go mbeadh an tsolúbthacht sin ann le go bhféadfadh an bord fochoistí éagsúla a bhunú.

Maidir leis na cumhachtaí, tá sé an-tábhachtach an deis a thapú agus an Bille seo ag dul tríd an Dáil le cinntiú go mbeidh a dhóthain cumhachtaí ag Údarás na Gaeltachta le feidhmiú agus déileáil leis an ngéarchéim teanga atá sna Gaeltachtaí, agus sna Gaeltachtaí láidre go speisialta. Ceann de na rudaí a theastaíonn ná tithíocht. Tá sé sin luaite ag go leor againn. Dá mba rud é go raibh mé chun ceann eile a roghnú, déarfainn cúrsaí oiliúna. Ar bhealach tá a lán oiliúna ar bun ag Údarás na Gaeltachta cheana féin agus is maith an rud é go bhfuil. Feictear domsa áfach nach bhfuil dochar ar bith ann go luafar go sonrach sa Bhille go mbeadh cumhachtaí maidir le cúrsaí oiliúna ag an údarás. Mar shampla, dhéanfadh sé difríocht ó thaobh cibé teanga a bheadh á úsáid i gcuid de na réimsí oibre a bheadh á bhunú dá bhféadfaí daoine a oiliúint chun poist a thógáil sna tionscail sin agus an oiliúint sin a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Is iad sin an péire is mó a chuirfinn béim orthu.

Tá an Teachta Ó Murchú ar bís rud éigin a rá. Tá dhá nóiméid aige.

Tá cuid mhór pléite cheana féin. An cheist a bhí agam ná an leor 16 baill. Ar chóir go mbeadh na hionadaithe uilig tofa ag an bpobal? Tá sé sin pléite. Tá níos mó cumhachta á lorg don údarás. Bhí ceist agam chomh maith maidir leis na ceantair Ghaeltachta nach mbeidh ionadaithe acu. Shíl mé go raibh daoine ag lorg níos mó ball. Cuirfidh mé an cheist chuig na finnéithe arís agus chífimid.

Mr. Julian de Spáinn

An t-aon rud sa bhreis a dhéarfainn faoin fáth nach mbeadh dhá phost ag duine ó thaobh bheith mar ionadaí ná go bhfuil dóthain daoine amuigh ansin chun teacht ar na daoine a bheadh in ann seasamh do bhord an údaráis. Ag amanna den bhliain, is cuma cén dea-thoil atá ann do dhuine, tharlódh sé go mbeadh rudaí ag teacht chun cinn sa chomhairle agus san údarás ag an am céanna. Ag braith ar cén saghas oibre nó cén saghas ruda a bhí ag dul ar aghaidh, nó fiú rud éigin ina saol pearsanta a chiallódh nach bhféadfaidís an t-am a chur ar leataobh don rud eile, bheadh orthu tosaíocht a roghnú idir an dá rud. Dhéanfadh sé ciall, níos mó ná aon rud eile, go mbeadh an duine ag díriú ar rud amháin mar go bhfuil dóthain daoine ann. Is rud é sin b’fhéidir nár luadh níos luaithe.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

An bhfuil an Teachta ag iarraidh orm déileáil le rud áirithe?

Dúirt tú cheana féin gur leor 16 ionadaí.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ceapaim gur leor é. Da mba rud é gur méadaíodh é go dtí 18, ní dóigh liom go mbeadh aon fhadhb agam le sin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh líon na ndaoine ar an mbord go maith chun go n-oibreodh an bord mar bhord agus go mbeadh deis ag daoine iad féin a chur in iúl agus mar sin de. Tuigeann baill an choiste iad féin é - má bhíonn bord ró-mhór, amantaí bíonn sé an-deacair air obair go héifeachtach. Níl aon saineolas agamsa ó thaobh cúrsaí bainistíochta agus mar sin de ach tá an taighde déanta ar an bhfigiúir is fearr le go mbeadh grúpa ag obair go héifeachtach le chéile.

Caidé faoin sé ionadaí a bheidh le ceapadh ag an Aire?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Níl aon fhadhb agam go mbeadh ionadaithe ceaptha ag an Aire, mar a dúirt mé. Tá sé riachtanach go mbeadh saineolas áirithe ann ach níor mhaith liom go mbeadh an tAire ag ceapadh daoine, abair, ar theip orthu sa toghchán. B'fhéidir go mba cheart é sin a chur reachtaíocht.

Caithfear iad a ainmniú roimh an toghchán.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Bheadh sé sin ag tarlú.

Caithfidh mé clabhsúr a chur lenár díospóireacht mar go bhfuil an t-am istigh.

An bhfuil deis agam ceist a chur?

Níl, mar tá sé díreach 4.30 p.m. Tá brón orm.

Beidh mé an-tapa. Is léir nach mbeidh lánaimsearthacht i gceist leis an ionadaíocht seo, agus mar sin caithfidh slí bheatha lasmuigh den údarás a bheith ag pé duine a bheidh ann. Conas a dhéanfaí láimhseáil ar aon choimhlint a bheadh ansin? Níl aon duine atá go hiomlán neamhspleách. Má tá duine bainteach le gnó áitiúil, b'fhéidir go mbeadh an comhlacht ag baint tairbhe as sin nó ag fáil deontais. B'fhéidir go mbeadh duine mar chuid d'fhoireann an údaráis. Ní bheidh éinne-----

Tá rialacha ann.

----- go hiomlán neamhspleách mar ní bheidh siad ag feidhmiú go lánaimseartha sa ról seo. Má tá seift ag an údarás chun plé leis sin, bheadh suim agam é a chloisteáil, mar ní féidir a chinntiú go mbeidh daoine go hiomlán lasmuigh d'fheidhmiú an údaráis. Tá sé seo i mbun plé mar gheall ar na comhairleoirí. Tá an cheist ceannann céanna ann mar gheall ar dhuine atá bainteach le foireann an údaráis nó le gnó sa dhúthaigh. Bheadh an-chuid le tabhairt acu go dtí an plé seo go léir.

Déanfaidh mé nótáil air sin. Beidh daoine eile ag teacht os ár gcomhair a bhí ar an mbord roimhe seo. B'fhéidir go mbeidh siadsan in ann a rá linn go díreach faoin méid a rinne siad an tráth sin. Tá rialacha ann nuair atá coimhlintí mar sin ann. Uaireanta is gá don duine seasamh amach ón seomra fad is atá rudaí mar sin á bplé. Tarlaíonn sé sin i bhForas na Gaeilge. B'fhéidir nach é sin an bealach is fearr chun é a dhéanamh ach d'fhéadfaimis an cheist a chur nuair a bheidh iarchomhaltaí an bhoird os ár gcomhair amach anseo.

Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe ar fad as cuidiú linn díriú isteach ar an gceist seo. Tá súil agam gur thugamar éisteacht cheart dóibh. Tá súil agam go leagfaidh an tuarascáil síos roinnt de na tuairimí atá acu. Beidh na doiciméid ar fad a thug ár bhfinnéithe don chomhchoiste, is é sin na ráiteas tosaigh, curtha sa tuarascáil sin chomh maith céanna.

Beidh an chéad chruinniú poiblí eile den chomhchoiste seo ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, an 10 Bealtaine, ar 1.30 p.m. nuair a phléifear an t-ábhar ceann céanna a phléamar inniu - an scrúdú réamhreachtach ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Beidh ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta agus Comhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe linn ar an lá sin. Níos déanaí an tráthnóna sin ar 4 p.m., beidh an dara seisiún againn le hionadaithe ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann agus ó Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhil san Eachléim i gContae Mhaigh Eo. Beidh dhá seisiún againn mar sin an tseachtain seo chugainn. Mar a dúirt mé roimhe seo, beidh cinn eile amach romhainn go dtí deireadh na míosa seo. Gabhaim buíochas arís le gach duine.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.35 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 10 Bealtaine 2023.
Barr
Roinn