Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 10 May 2023

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil)

Tá ceithre comhalta i láthair, Teachta agus Seanadóir san áireamh, mar sin is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Ní fheictear dom go sroichimid an t-am sin. Níl leithscéal ar bith faighte againn.

Fearaim fáilte roimh na comhaltaí, roimh aon chomhalta eile atá nó a beidh ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe atá le labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte ach go háirithe roimh Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá fáilte roimpi agus táim buíoch di as ucht a bheith anseo. Táim buíoch freisin de Thuismitheoirí na Gaeltachta as glacadh leis an gcuireadh chun cuidiú linn inár mbreathnú ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022.

Ba mhaith liom aithint go poiblí go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta tar éis a bheith an-chabhrach, le linn an ama atá mé mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo, leis an obair atá ar bun againn sa chomhchoiste. Gabhaim mo bhuíochas leo as sin.

Tá an Bille seo, nó na ceannteidil ar aon chaoi, an-tábhachtach ó thaobh todhchaí na Gaeltachta i mo thuairim féin agus, dar ndóigh, i dtuairim an Rialtais mar tá sé tar éis na ceannteidil a fhoilsiú. Caithfimid iarracht a dhéanamh nuair atáimid ag déanamh an ghrinnscrúdaithe seo ar na ceannteidil gach uile eagras is féidir linn a thabhairt os ár gcomhair chun cuidiú linn maidir lenár gcur i láthair agus maidir leis na moltaí a dhéanfaimid don Aire, sula bhfoilsíonn sí an Bille i gceart, faoi conas an Bille a thabhairt chun críche ar mhaithe le pobal na Gaeltachta. Go dtí seo, mór an trua, níl an oiread sin de na heagrais phobail tar éis cuireadh a ghlacadh teacht os ár gcomhair. Chomh maith le Tuismitheoirí na Gaeltachta, beidh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Forbairt na Dromoda Teoranta agus Comharchumann Chorca Dhuibhne os ár gcomhair. Níor ghlac na comharchumainn eile leis an gcuireadh go dtí seo.

Bhí dreamanna eile le teacht os ár gcomhair le cuidiú leis an iarratas a ndearna an tAire orainn díriú isteach ar conas ar féidir linn cothromas inscne a fháil in Údarás na Gaeltachta. Ní raibh See Her Elected nó Women in Politics in ann teacht os ár gcomhair go dtí seo agus níor chuir siad aon aighneacht faoinar bhráid. Má tá deis ag aon duine nó má tá cairde ag aon duine sna heagrais sin, iarraim orthu impí orthu cuidiú linn díriú isteach ar an gceist a chur an tAire orainn faoi conas ar féidir linn cothromas a chothú, nó a chruthú, tríd an gcóras toghchánaíochta atá leagtha amach againn.

An bhfuil faitíos orthu teacht os ár gcomhair mar nach bhfuil siad in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge? An bhféadfadh siad ráiteas a chur ar fáil agus b’fhéidir go mbeadh muid in ann é a aistriú?

Níl a fhios agam an fáth. Measaim go raibh breall orthu nach raibh ann ach bord Stáit seachas go raibh toghchán i gceist. Nuair a soiléiríodh sin dóibh, soiléiríodh dóibh chomh maith go bhféadfadh siad teacht isteach go fíorúil ar Microsoft Teams nó go bhféadfadh siad labhairt as Béarla agus go mbeadh córas aistriúcháin ann. Tá muidne sásta pé rud ar gá a dhéanamh chun cuidiú le haon cheann de na heagrais seo input a bheith acu san obair seo toisc go bhfuil sé chomh tábhachtach. Níl an mioneolas againn ó thaobh toghchánaíochta agus cad iad na bealaí difriúla chun cuidiú le hÚdarás na Gaeltachta mná a bheith tofa amach anseo. Ní raibh taifead maith ann thar na blianta. Bhí beirt tofa roimhe seo ar bhord an údaráis. Is jab mór é. B’fhéidir go dtarlóidh sé go huathoibríoch amach anseo. Sin dream amháin.

Ó thaobh na gcomharchumann, muna féidir leo teacht isteach, iarraim go gcuirfeadh siad cúpla nóta chugainn. Táimid sásta glacadh le haighneachtaí deireanacha nó síneadh ama a thabhairt. Tá aighneachtaí istigh ó eagrais agus daoine aonair difriúla. Go dtí go bhfuilimid críochnaithe ag deireadh na míosa seo, táimid sásta glacadh le haon aighneacht ó aon dream nó aon eagras maidir leis an méid atá os ár gcomhair. Más féidir le haon duine impí orthu fiú nóta a chur chugainn, chuideodh sé sin linn.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil an finné atá ag freastal ar an gcruinniú seo inniu i seomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Caithfidh mé dul trí na gnáthrialacha.

An t-ábhar a bheidh muid ag breathnú air inniu ná grinnscrúdú réamhreachtach ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh déanamh cinnte de go bhfuil a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán agus iad ag labhairt, agus déanamh cinnte de go bhfuil an micreafón múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird an fhinné inniu go bhfuil finnéithe, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint agus an fhianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim don fhinné a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt aici. Má ordaíonn an comhchoiste di éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear di gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir di a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a cuireadh faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ghéillfí leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Iarraim anois ar Shorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh teacht os a chomhair. Táim ag súil go mór leis an bplé, cé nach bhfuil ann ach mé féin inniu.

Gach aon mhaidin Déardaoin chím agus airím míorúilt bheag agus mé i mo shuí i m’oifig. Tá m’oifig suite i bpríomhoifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, i gcroílár na Gaeltachta, agus an seomra beag ina mbímse suite buailte ar an seomra teaghlaigh atá againn – seomra ina dtagann grúpaí le chéile, ina mbíonn ranganna, ceardlanna agus mar sin de ar bun. Tagann an grúpa “Gligíní” le chéile ann gach aon mhaidin Déardaoin. Seo grúpa spraoi do thuismitheoirí agus leanaí. Ardaíonn sé mo chroí leanaí óga, gan acu ach a gcéad chúpla focal ach go bhfuil na focail sin i nGaelainn, a fheiscint. Seo tuismitheoirí dícheallacha nach bhfuil uathu ach go mbeadh na leanaí sásta agus sláintiúil, agus go dtarlaíonn sé gur i nGaelainn atá a gclann á dtógáil acu.

Míorúilt í seo mar gur slabhra nó nasc é seo, gan bhriseadh, leis na mílte bliain. In ainneoin a bhfuil ag tarlú agus atá tarlaithe sa tír - coilíniú, gorta, imirce, cosc ar labhairt na teanga, brú ó mhór-theanga na cruinne – tá na teaghlaigh seo, go breá nádúrtha i bhformhór na gcásanna agus cinneadh déanta acu i gcásanna eile, ach iad ar fad ar a gcroí dhícheall, ag tógáil a gclann le Gaelainn. Tá teacht aniar ar bun sa Ghaeltacht. Chíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta é sin agus tá a fhios agam nach sinne amháin a chíonn é. B’fhéidir go raibh sé riamh ann ach tá sé soiléir agus follasach anois. Tá deireadh na Gaeltachta á thuar le tamall. Nílimid ag séanadh na fírinne, na staitisticí ná na fíricí ach ní féidir na míorúiltí beaga seo a shéanadh ach an oiread.

Chomh maith le Gligíní na Ceathrún Rua bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar ghrúpa Gligíní eile i mo cheantar dúchais féin i Rinn Ó gCuanach na Déise le déanaí agus grúpa eile tagtha le chéile ansin atá fuinniúil, díograiseach, dúchasach agus mórtasach. Tá grúpa eile againn i nGaoth Dobhair agus nuair a thug mé cuairt orthu sin le déanaí b’iad na seanmháithreacha nó na máithreacha móra is mó a bhí i láthair lena ngarchlann. Ní saibhreas teanga go dtí é. Tá a mhacasamhail á fheiscint againn in áiteanna eile. Tá an scéim “Cuideachta” ar bun againn in áiteanna eile éagsúla ar fud na Gaeltachta. Scéim í seo a thugann teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge le chéile ar bhonn limistéir pleanála teanga go háitiúil. Tá fíor-spéis curtha sa scéim seo. Táimid lán go béal i Ráth Chairn, i nGaoth Dobhair agus i gCeantar na nOileán.

Tá grúpaí bríomhaire chomh maith ar Oileán Thoraí, i nDúiche Sheoigeach, i dTuar Mhic Éadaigh, i gConamara Láir - an ceantar a shíneann ó Charna go Ros Muc agus Camus - agus i gCiarraí Theas nó Ceantar Uíbh Ráthaigh. Beidh grúpaí nua ann freisin, roinnt acu atá lán go béal cheana féin agus gan iad fógartha ach le cúpla lá. Beidh na grúpaí nua seo á gcur ar bun ar an gCeathrú Rua, i Maigh Eo Thuaidh nó ceantar Iorrais, agus i dTuaisceart Dhún na nGall go luath. Gheobhainn ceantair eile a lua: Oileán Árann, Cois Fharraige, Corca Dhuibhne, Oileán Chléire agus Múscraí. Teacht aniar. Is léas dóchais agus ábhar misnigh é seo.

Tá tábhacht faoi leith, mar sin, le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an mBille seo dá réir. Nó an bhfuil? Tá an méid atá le plé, ó thaobh an bhille féin agus anseo inniu, teoranta go maith más ea, ach tuigim gurb é seo gnó an chomhchoiste seo. Is iad feidhmeanna, cur chuige agus obair an údaráis féin is tábhachtaí dúinne áfach agus faoi mar a chuirfidh sé le caomhnú na míorúiltí beaga seo atá luaite agam; go mór mhór dualgas na pleanála teanga. Cuirfidh mé ceist ag an staid seo. Cén chumhacht atá ag baill bhord an údaráis mar atá, nó mar a bheidh? Cén tionchar atá acu ar obair, ar dhearcadh, agus ar chur chuige an údaráis? Conas a chinntíonn siad go bhfuil an t-údarás ag caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht? Cén uair dheireanach a d’airíomar ball de bhord an údaráis ag caint go poiblí, seachas an cathaoirleach agus b’fhéidir na baill atá tofa ó na comhairlí contae? Ní thugtar le fios don phobal go minic ach go bhfuil na daoine seo ag ceadú maoiniú agus deontais, agus an-áthas orthu i gcónaí a leithéid a dhéanamh ar ndóigh. Ní scaoiltear isteach na meáin go dtí na cruinnithe fiú. Conas mar a athróidh an Bille seo é sin? An cheist ná an athróidh sé in aon chor é.

Tá spéis faoi leith ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa phleanáil teanga. Ar ndóigh, is é tógaint clainne le Gaeilge bun agus barr na pleanála teanga. Is é seo a bhunús agus tá gach a bhfuil á dhéanamh ag tógaint air sin. Le do chlann a thógaint le Gaeilge sa Ghaeltacht áfach, caithfidh tú teach cónaithe a bheith agat. Seo chugat, más ea, cúrsaí tithíochta agus pleanála. Le do chlann a chothú, níor mhór duit jab a bheith agat, rud a chiallaíonn cúrsaí fiontraíochta, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí tionsclaíochta. Tá seirbhísí pobail an-thábhachtach agus infreastruchtúir cosúil le bóithre, banda leathan agus mar sin san áireamh. Ar ndóigh, tá tacaíochtaí pobail agus tacaíochtaí teanga ann. Áirítear a bhformhór sin in obair an údaráis. Ag dul thar n-ais go dtí an phleanáil teanga, cuirim spéis sa mhéid atá ráite faoi na coistí réigiúnacha sa Bhille seo, agus go bhfuil an chuma ar an scéal gur ag an leibhéal seo a bheifear ag plé leis na cúraimí pleanála teanga atá ar an údarás. Ba dheas é níos mó eolais a fháil faoi seo agus a chinntiú nach maithfear aon chúram pleanála teanga ar an mbord ina iomláine; nach ísliú céime ná stádais don dualgas pleanála teanga é; nach cleas é leis na dualgais atá orthu a chomhlíonadh agus lucht a gcáinte a shásamh agus gan aghaidh mar is ceart a thabhairt ar chúrsaí; nach deis é le cead cainte a thabhairt don phobal agus a gcantal a mhaolú dar leo, ionas ná beidh siad ina ndris chosáin ag an mbord mar is ceart; agus nach leithscéal agus córas é leis an hábhair tábhachtacha dar leo a fhágaint do chruinnithe an bhoird. Ní bheadh sé seo sásúil. Arís, níl mórán eolais tugtha. B'fhéidir gur ábhar é sin don chomhchoiste féin a bhfiosrú a thuilleadh.

Ó thaobh ionadaíocht na mban de, agus táim coinsiasach gur eagraíocht sinn féin a bhfuil tromlach dár bhfostaithe agus tromlach dár gcuid ball ina mná, ba dheas linn ar fad dá mbeadh ionadaíocht chothrom ann, idir fhir agus mhná. Ní tharlaíonn sé sin go nádúrtha, gan tacaíocht, faraor. Níl aon ghanntanas mná misniúla, cumasacha sa Ghaeltacht agus ba mhaith an moladh é fóram faoi leith a bhunú a thabharfadh ugach agus tacaíocht do mhná agus a thabharfadh deis faoi leith dóibh a gcuid ainmneacha a chur chun cinn mar iarrthóirí nó mar chuid de phróiseas ainmniúcháin faoi leith do mhná. Gheofaí tarraingt as an bhfóram seo chomh maith sa chás is nach dtoghfaí an coibhneas ceart idir mná agus fir mar shampla. Ar ndóigh, ní thaitneodh sé leis an uile dhuine seasamh i gcomhair toghchán, fiú agus spéis acu sa jab. Samhlaím go mbíonn níos mó drogall ar mhná seasamh i dtoghchán, mar shampla, mar gheall ar an gcultúr a bhaineann leis i measc rudaí eile. Ní i dtoghchán an údaráis amháin a tharlaíonn nó a tharlóidh sé seo. Rud amháin atá le seachaint más féidir in aon chor é ná jab a thabhairt do bhean mar gheall gur bean í. Ba cheart go mbeadh an ról tuillte aici agus an cumas inti, rud a bhíonn fíor i gcónaí ar ndóigh. Tá sé tarlaithe dúinn ar fad áfach go dtugtar an "token woman" orainn leis an mbonn a bhaint dínn agus le sinn a chiúnú, go háirithe mná atá sásta an fód a sheasamh agus labhairt amach. Ar ndóigh, ní bhíonn aon trácht ar na "token men". Caithfidh mé sin a rá. Deirim libh go bhfuil go leor acu sin thart.

Ar deireadh, luaim an cheist seo faoi Ghaeilge bheith ag na hiarrthóirí. Ceist í seo nár cheart a bheith á plé i ndáiríre. Tuigim gur tharla sé san am atá caite nach raibh comhaltaí boird inniúil sa teanga. Ar shlí, nach ar an gcóras polaitíochta a d’ainmnigh iad ar an gcéad dul síos agus a thacaigh leo, a bhí an locht an uair sin. Tá an chuma ar an scéal go bhfuiltear ag iarraidh cúrsaí polaitíochta a sheachaint an uair seo - agus is maith an rud é sin sa chás seo - agus go bhfuiltear ag iarraidh gníomhaithe pobail a ghríosadh le páirt a ghlacadh sa chóras. Is ag dul i dtreo na háiféise a bheadh sé áfach, iarraidh ar ghníomhaí pobail Gaeltachta scrúdú sa teanga a dhéanamh; go deimhin is masla a bheadh ann i gcásanna áirithe. Tá an Ghaeilge is fearr sa tír, ar domhan, ag roinnt de na gníomhaithe pobail sa Ghaeltacht. Ní mba gá dóibh ach a mbéil a oscailt agus thuigfeadh na bodhair é sin. Is daoine iad nár bhris an nasc nó an slabhra seo ar thagair mé dó i dtús mo chuid cainte agus a sheas lena ndúchas riamh anall. Más ag cuimhneamh ar dhaoine a bheadh ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as an gcóras atáthar, níor cheart go mbeadh na daoine cearta thíos leis dá bharr. Chomh maith leis sin, cén chúis go mbeadh coinníollacha á leagan síos ag an gcóras maorlathais, coinníollacha nach féidir leo féin a chomhlíonadh. Ní raibh mé féin in ann leagan Gaeilge de ceannlínte an Bhille seo a fháil ar líne i ndiaidh dúinn cuireadh chun cainte a fháil anseo inniu. Bhí an leagan Béarla le fáil breá éasca. Bhí orm an leagan Gaeilge a lorg ó dhuine de chléirigh an chomhchoiste seo. Thug mé faoi ndeara gur ina dhiaidh sin a fhoilsíodh i nGaeilge iad in aice leis na ceannlínte Béarla ar shuíomh an Rialtais. Chomh maith leis sin, tuigtear dom gur i mBéarla a deineadh teagmháil le daoine a chuir a gcuid ainmneacha chun cinn do bhord an údaráis le déanaí. Níl sa mhéid seo ach mo chuid fiosruithe féin. Fágfaidh mé faoi baill an chomhchoiste iad a dheimhniú nó a bhréagnú. B’fhéidir go mbeifí ag rá go bhfuil an méid seo géar go maith. Cuirim an cheist seo áfach. Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do mhuintir na Gaeltachta? Domsa, an rud atá á rá linn ná: "seo leat, déan scrúdú Gaeilge do bhord an údaráis le taispeáint dúinne go bhfuil Gaeilge agat, ach féach, pléifimid leat i mBéarla."

Ag teacht thar n-ais go dtí na míorúiltí beaga mar sin féin agus na "Gligíní" a choimeádann slán mé ó bhuaireamh an tsaoil; na teaghlaigh misniúla na scéime "Cuideachta"; agus an mórtas, an dúchas agus an spraoi. Is orthu seo gur cheart córas uile na Gaeltachta a bhunú agus a dhíriú. Ba cheart go mbeadh a leas agus a mianta a bheith i gcroílár gach aon chinneadh a dhéantar, gach aon chomhrá, gach aon cheist, gach aon phost, gach aon phlean, gach aon Bhille, gach aon iarrthóir, gach aon toghchán, agus gach aon chruinniú. Is iad siúd a sheas leis an teanga riamh anall agus is iad siúd atá ag cothú an tslabhra leis na mílte bliain. Más fúinn an Ghaeltacht a thabhairt slán, is iad na míorúiltí beaga seo slánú na Gaeltachta. Go raibh maith agaibh.

Glaofaidh mé ar an Teachta Connolly ar dtús báire. Sula dhéanaim sin, aithním go bhfuil na Teachtaí Ó Cathasaigh agus Ó Muineacháin, agus an Seanadóir Clifford-Lee, linn ar líne ar Microsoft Teams.

Gabhaim buíochas le Sorcha Ní Chéilleachair. Thug sí ar thuras an dóchais muid ó na "Gligíní" sa Ceathrú Rua agus nochtaigh sí ansin an fimíneacht atá i gceist ó thaobh an chórais Stáit. Tá sé sin curtha os ár gcomhair go soiléir. Ní raibh sí in ann teacht ar chóip i nGaeilge de cheannteidil an Bhille agus ag an am céanna, táimid ag rá le hiarrathóirí gur gá go mbeadh Gaeilge acu. Ba chóir go mbeadh Gaeilge acu. Is dócha go bhfuil an cheist sin ardaithe ag an dream a bhí os comhair an choiste an tseachtain seo caite nuair a cheistíodh an raibh bealach éigin eile ann taobh amuigh den B2. Is cinnte nár mhór dúinn breathnú ar sin. Tá sé ardaithe ag Sorcha Ní Chéilleachairi mbealach atá thar a bheith greannmhar agus pointeáilte agus gabhaim buíochas léi.

Is iontach na comharthaí dóchais a fheiceáil agus an méid atá á dhéanamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar an talamh. Ó thaobh an Bhille seo de, táimíd ag díriú air sin an uair seo agus ar feadh míosa. Tháinig mé anseo gan mo chuid spéaclaí. Tá an ráiteas léite agam agus bhí mé ag éisteacht go géar arís le Sorcha Ní Chéilleachair.

Bhí roinnt ceisteanna agam maidir le cúrsaí inscine. Buíochas le Dia go ndearna sí tagairt don "token man" freisin. Cheap mé go raibh sí ag caitheamh anuas ar na mná ar dtús. Más rud é go bhfuil "token men" ann, ba chóir go mbeadh "token women" ann freisin ach is scéal eile é sin.

Beidh sé deacair, nach mbeidh? Níl an méid sin suime ag mná, ar chúiseanna éagsúla. Tuigim na cúiseanna agus cé chomh deacair is atá sé. An bhfuil aon smaointe ag an bhfinné faoi sin? Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm. B’fhéidir go bhféadfadh muid breathnú ar liosta ainmniúcháin. B’fhéidir go mbeadh sí in ann níos mó a rá faoi sin.

Maidir le cumhachtaí an údaráis, cad atá á rá ag Sorcha Ní Chéilleachair i ndáiríre faoin údarás, faoi láthair agus tar éis don Bhille seo a bheith achtaithe? Cad atá á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta? Dúirt sí go mbíonn daoine sásta dul ar an raidió agus teilifís agus rudaí dearfacha a rá ach cad eile atá ag teastáil? Ó thaobh cumhachta, nach mbeidh guthanna acu ar an mbord? Nach orthu a bheidh an dualgas labhairt amach má ghlacann siad leis an ról a bheith mar ghuth don Ghaeltacht, cibé Gaeltacht í?

Ardaíodh ceist faoi chúrsaí inscne. Faoi láthair ní ligeann an córas na meáin chumarsáide isteach. Rinne mé dearmad nach bhfuil siad istigh ann. Cén fáth? Cé a rinne an cinneadh sin? Ba chóir go mbeadh na meáin chumarsáide ann.

Tuigeann muid go léir cé chomh tábhachtach is atá an próiseas pleanála teanga. Tá sé i mbun oibre faoi láthair agus ag dul ar aghaidh. Aontaím go bhfuil sé fite fuaite le cúrsaí tithíochta. Ní fiú tráithnín a bheith ag caint faoi phleanáil teanga gan tithíocht freisin i mbealach atá inmharthana. Táimid fós ag fanacht leis na treoirlínte. De réir mar a chuala mé níos luaithe inniu, beidh na treoirlínte ó thaobh na Gaeltachta de agus ó thaobh cúrsaí pleanála ag teacht ach táimid fós ag fanacht. Tá na báid ag teacht freisin. Gabhaim buíochas le Sorcha Ní Chéilleachair as a cuid oibre agus a spiorad.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ní hé go bhfuil aon mhór-obair ná aon mhór-mhachnamh déanta againn ar chúrsaí inscne ach an rud a bhí mé ag moladh ná go mbunófaí fóram na mban sa Ghaeltacht. Bheadh cuireadh oscailte ann do mhná nó b’fhéidir go n-ainmneofaí iad nó go mbeadh struchtúr éigin ann a thabharfadh deis do mhná iad féin a chur in iúl agus tacaíocht a fháil óna chéile. Tá an-chuid mná ag obair sa chóras poiblí sa Ghaeltacht. B’fhéidir nach bhfuil siad ag leibhéal ard bainistíochta ach tá go leor mná ann. B’fhéidir gur deis é sin go bhfaighidís roinnt tacaíochta agus cúnaimh agus mar sin de ag an bhfóram seo. D’fhéadfaí gur slí nó bealach é sin le hainmniúchán a fháil nó ugach a thabhairt dóibh seasamh i dtoghchán. Sin a bhí i gceist agam, fiú dá mbeadh cúpla suíochán ar bhord an údaráis leagtha amach d’fhóram na mban. Bealach é sin le cinntiú gur mná cumasacha iad chomh maith. Níl mé ag rá nach bhfuil aon bhean chumasach ag obair sna róil sin. Bíonn i gcónaí.

Ó thaobh na gcumhachtaí is dóigh go raibh mé ag iarraidh a rá, mar nach bhfuil aon eilimint den daonlathas, nó mórán daonlathais, ar bhord an údaráis faoi láthair nach bhfuil na guthanna sin á gcloisint againn. Níl siad ar na meáin. Níl a fhios agam cén uair dheireanach a chualamar aon bhall de bhord Údarás na Gaeltachta ag labhairt sna meáin ach amháin an cathaoirleach nó b’fhéidir na comhaltaí tofa ó na comhairlí contae mar gheall gur comhairleoirí contae iad féin iad. Ba cheart go mbeadh guth mhuintir na Gaeltachta ar bhord an údaráis agus go gcinnteodh an daonlathas é sin. Sin a bhí mé ag iarraidh a rá - go n-athródh an eilimint dhaonlathach sin é seo agus go mbeidís ag cur ghuth na Gaeltachta in iúl chomh maith ar bhord an údaráis. Níl mé ag rá nach bhfuil sé sin ar bun faoi láthair ach níl sé soiléir.

Ó thaobh na meáin, bíonn na meáin ceadaithe isteach ó am go chéile ach is go heisceachtúil a tharlaíonn sé anois. Bhíodh cead acu dul isteach go minic. Is bealach eile é sin an pobal a choimeád ar an eolas faoi rudaí agus tugann sé údarás agus poiblíocht do chúrsaí.

Tá muidne mar chuid den chóras pleanála teanga. Táimid ag obair go dlúth leis na hoifigigh phleanála teanga agus tá an obair ar bun ag leibhéal pobail. B’fhéidir nach bhfuil sí ach ina tús ach tá sí ar bun. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn sé sin na ceisteanna.

Ó thaobh an fhóraim de, an bhfuil ár n-aoi ag rá go mba chóir an fóram sin a bhunú roimh aon thoghchán don údarás, an córas sin a chur i bhfeidhm ar dtús agus tacaíocht a thabhairt do na mná teacht os comhair an fhóraim?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

B’fhéidir. Ní hé go bhfuil aon mhór-fhorbairt déanta againn ar an smaoineamh sin ach shíl mé gur maith an bealach é le mná a chinntiú. Tá na mná cumasacha ann. Níl ann ach nach dtéann siad an chéim bhreise sin ar chúis amháin nó ar chúis eile agus gur bealach é na mná seo a chruinniú le chéile, roinnt misneach a thabhairt dóibh agus léiriú dóibh go bhfuil tacaíocht ann. Is féidir plé le cúrsaí oiliúna nó mar sin freisin. Is smaoineamh maith é a chur ar bun i dtús ama le go mbeidís réitithe nuair a thiocfadh an toghchán. Ní hé go bhfuil mórán machnaimh déanta againn air. B’fhéidir gur rud é go mbeadh an coiste in ann a fhorbairt.

Cuirim fáilte roimh Shorcha Ní Chéilleachair. Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta an-láidir ar son oideachais trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá súil agam go n-aontóidh siad leis an gceannteideal ar leathanach 5 go mbeadh dualgas ar aon iarrthóir do thoghchán an údaráis caighdeán B2 sa Ghaeilge a bhaint amach i gcomhar leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach do theangacha. An aontódh Tuismitheoirí na Gaeltachta gur cheart go mbeadh vóta ag chuile dhuine sa Ghaeltacht, is cuma muna bhfuil Gaeilge acu nó má tá Gaeilge acu ach nach bhfuil siad á húsáid? An bhfuil aon smaointe ag an bhfinné faoi sin?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Is ceantar tíreolaíoch í an Ghaeltacht agus ní ceantar síceolaíoch ná teangeolaíoch. An dtuigeann an Seanadóir cad atá i gceist agam? Tuigim cad atá sé ag rá – go bhféadfaí feachtas a rith agus daoine faoi leith a thoghadh nach mbeadh ag teacht as na ceantair láidre Ghaeltachta, nach mbeadh ar son na Gaeltachta nó nach mbeadh tuiscint acu. Léigh mé na moltaí ó Shinn Féin ar maidin. B’fhéidir go bhféadfaí é sin a sheachaint trí cheantair bhardasacha a chur ar bun, mar atá ar bun in áiteanna eile, nó na bardaí a dhéanamh amach agus cúpla limistéar pleanála teanga a chur le chéile. D’fhéadfaí na limistéir pleanála teanga láidre a chur le chéile agus b’fhéidir go mbeadh ionadaíocht níos mó ó na ceantair sin le hais na gceantar eile ar imeall na Gaillimhe nó mar sin. Níl an cuma ar an scéal go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta athraithe idir seo agus an toghchán. B’fhéidir go gcuirfear barda eile ansin agus go mbeadh ionadaíocht níos mó ann ach ní fheadar. Níl a fhios agam cad é an réiteach ar an gceist sin mar níl Gaelainn ach gach aon duine sa Ghaeltacht agus tá leibhéil dhifriúla Ghaelainne ag daoine sa Ghaeltacht. Is cinnte gur mba cheart tús áite a thabhairt do na daoine a bhfuil spéis acu sa teanga agus na daoine a bhfuil an teanga acu. Ó thaobh daoine nach bhfuil, agus táim ag glacadh leis go bhfuil an Seanadóir ag caint faoi dhaoine ar imeall na Gaeltachta agus imeall chathair na Gaillimhe, b’fhéidir go mbeadh bealach againn é sin a chur i bhfeidhm dá mbeadh na bardaí sin ann.

Cé atá níos tábhachtaí – ball den bhord nó feidhmeannaigh an údaráis? An mbíonn aon deacracht ag Tuismitheoirí na Gaeltachta teagmháil nó caidreamh a dhéanamh le feidhmeannaigh an údaráis, nó feidhmeannaigh na Roinne, maidir lena gcuid oibre agus na rudaí a theastaíonn?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ní bhíonn muidne ag plé go díreach leis an údarás. Tá muidne faoi Roinn na Gaeltachta so is le Roinn na Gaeltachta a bhíonn muid ag plé. Caithfidh mé a rá go bhfuil caidreamh an-mhaith againn le Roinn na Gaeltachta. Nuair atá sí le cáineadh agus nuair nach bhfuilimid sásta le rud, níl aon deacracht againn é sin a rá ach tá an-chaidreamh againn leis an Roinn. Ó thaobh an údaráis de, ní bhíonn an oiread sin teagmháil againn leis an údarás. Bíonn níos mó teagmhála againn leis na hoifigigh pleanála teanga.

Tá an-chaidreamh againn leis na pleanálaithe teanga, go háirithe na hoifigigh forbartha.

Tá siadsan ag feidhmiú tríd an údarás.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Tá agus níl. Tá siad fostaithe ag an údarás sna coistí pleanála teanga ach tá ról ag an údarás ann. Níl mé féin róchinnte conas mar a n-oibríonn sé ach bíonn an t-údarás á dtabhairt le chéile agus ag cur oiliúna orthu agus rudaí mar sin. Tá ról éigin ag an údarás ann. De réir mar a thuigim, níl siad fostaithe ag an údarás. Aon teagmháil a bhíonn againn leis an údarás, bíonn sé dearfach.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair nach scaoiltear isteach na meáin go dtí na cruinnithe fiú. Sílim go ndearnadh uair amháin. B’fhéidir go mbeadh a fhios ag an Teachta Ó Cuív. Is í an fhadhb atá agamsa leis an rud seo ná go bhfuilimid ag déileáil le bord Stáit ach, ag an am céanna, táimid ag caint faoi dhaoine a bheidh tofa. In aon bhord Stáit eile, ní bhíonn baill den bhord ag labhairt leis na meáin faoi na rudaí a bhíonn ar siúl ag na cruinnithe. Ní bhíonn baill ón Industrial Development Authority, IDA, hiontraíocht Éireann, Úisce Éireann ná Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag labhairt leis na meáin. Bíonn córas ann ó thaobh an phríomhfheidhmeannaigh agus chathaoirleach an bhoird. Is í sin an chaoi a bhfeidhmíonn sé sin. Bíonn aon bhord ag déileáil le rudaí atá faoi rún, rudaí atá sé ag obair orthu ó thaobh infheistíocht agus deacrachtaí maidir le comhlachtaí agus eile. An bhfuil sé ceart go mbeadh daoine ag fágáil an bhoird agus ag dul amach ag lorg Chóilín Ó Neachtain?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Beidh sé an-sásta gur luaigh an Seanadóir é. Tá mé ag ceapadh gur saghas ainmhí faoi leith é bord an údaráis. Tuigim cad atá i gceist ag an údarás ach tá an eilimint sin agus beidh ann arís gur bord daonlathach é, atá tofa chomh maith. Ba cheart cás eile a dhéanamh de bhord an údaráis mar níl sé cosúil leis na boird Stáit eile go bhfuil an toghchán sin ann agus gur cheart é sin a aithint. Is é an rud a bhí ag tarlú, ó mo chúlra féin i gcúrsaí iriseoireachta, ná go mbíodh roinnt de faoi rún agus go scaoilfí isteach na meáin go dtí an chuid eile. Bhíodh díospóireachtaí maithe ar bun agus bhíodh scéalta a bhí mé in ann a chur in iúl don phobal. Sa chaoi sin, bhí an pobal in ann féachaint a fháil ar an méid a bhí na daoine a bhí tofa ag déanamh ar a son ar bhord an údaráis. Is cuid den dá rud é an bord. Is leath-chomhairle contae agus leath-bhord Stáit é.

Aontaím leis sin. Is leath agus leath atá i gceist anseo. Cruthaíonn sé sin deacrachtaí ach cruthaíonn sé deiseanna freisin ó thaobh go mbeadh an pobal ar an eolas faoi na rudaí atá ag dul ar aghaidh.

Maidir leis na rudaí ar cheart don údarás a bheith ag déileáil leo agus na cumhachtaí ar cheart dóibh a bheith aige, céard iad na cumhachtaí? Tá na rudaí a bheadh an t-údarás ag déileáil leis leagtha síos ó thaobh reachtaíocht ón Rialtas seachas a bheith ag teacht ón mbord. Tá aon bhord tofa, mar atá faoi láthair, in ann a chuid tuairimí a chur chuig an Rialtas, an Aire agus an Roinn ag lorg níos mó cumhachtaí. Luaigh Sorcha Ní Chéilleachair cúrsaí pleanála. Ar cheart go mbeadh údarás pleanála san údarás?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ba dheas dá mbeadh ról chomhairle contae ag an údarás agus go mbeidís ag feidhmiú mar chomhairle contae don Ghaeltacht. Sin í an bhrionglóid; go mbeadh daoine ann a thuigfidís daoine Gaeltachta agus an Ghaeltacht agus aon chinneadh a bheadh le déanamh, go mbeadh sé ar son na Gaeltachta agus ar son na teanga. Ní sin mar atá. Tá teacht agus imeacht agus cumhachtaí tábhachtacha nach bhfuil ag an údarás.

Ba dheas liomsa dá mbeadh cúrsaí pleanála faoi chúram an údaráis ach tá ceisteanna eile ansin mar gheall ar an údarás a bheith páirteach i dtógáil agus rudaí mar sin. B’fhéidir go mbeadh sé ag ceadú rudaí a bheadh á lorg aige féin agus mar sin, ach ba mhaith é dá mbeadh cúraimí pleanála ar an údarás. Tuigim an méid oibre a chaithfear a dhéanamh le sin a chinntiú ach ní hé sin le rá nach mbeadh sé mar sprioc amach anseo agus nach mbeadh sé mar sprioc go mbeadh cumhachtaí iomlán chomhairle contae agus údarás oideachais chomh maith. Ba cheart go mbeadh aon rud a bheadh ag baint leis an nGaeltacht ann.

Bheadh sé ina chomhairle contae agus ina chomhairle cathrach i gcás Gaeltacht na Gaillimhe.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Sin í an cheist. B’fhéidir go gcaithfimis mionreifreann a bheith againn sna cásanna sin chomh maith. Cén fáth nach bhfuil na ceantair sin ar imeall na cathrach – b’fhéidir go bhfuil an freagra seo ag an gcoiste – faoi chúram an údaráis? Cén fáth go bhfuil siad faoi chúram an IDA? An bhfuil níos mó leasa le baint as an IDA? Is ceist thromchúiseach í sin ar shlí, más rud é go bhfuil.

Tá fáilte roimh Shorcha Ní Chéilleachair. Tá sé go hiontach í a fheiceáil ar ais arís agus Gaelainn deas na nDéise a chloisteáil arís sa seomra coiste. Casfaidh mé ar ais ar chúrsaí inscne. Gabhaim buíochas léi as na moltaí atá aici. Tá sé ar eolas againn go mbíonn fadhbanna faoi leith ag mná lasmuigh de na cathracha maidir le cúrsaí toghcháin. Bunaíodh an eagraíocht See Her Elected chun díriú isteach ar na ceantair tuaithe agus níos mó ban a mhealladh isteach sa chóras agus seasamh le haghaidh toghcháin éagsúla timpeall na tíre. Tá an fhadhb sin ag baint leis na toghcháin sin freisin. Mar is eol dúinn go léir is ceantair iargúlta iad den chuid is mó agus beidh fadhbanna faoi leith ag na mná.

Tá an-suim agam san fhóram sin agus caithfimid, mar choiste, díriú isteach ar an moladh sin agus níos mó a chur leis. Bíonn na cúig C i gceist mar a dtugtar orthu i mBéarla, is iad sin, airgead, cúram leanaí, féinmhuinín, cultúr agus roghnú iarrthóirí. Mhol Conradh na Gaeilge cuóta a chur i bhfeidhm cosúil leis an cuóta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis na toghcháin Dála. An aontaíonn Sorcha Ní Chéilleachair leis an moladh sin?

Maidir le hairgead, is í an fhadhb a bhíonn ag mná maidir le cúrsaí airgid agus maoinithe ná go bhfuil bearna phá inscne ann. Bímid go léir ag déileáil leis na fadhbanna a bhaineann leis sin. Cad a cheapann Sorcha Ní Chéilleachair faoi mhaoiniú ó Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil do mhná, go díreach chuig na mná iad féin atá sásta seasamh don toghchán, nó an bhfuil maoiniú indíreach i gceist aici?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Braithim nach mbeadh na ceisteanna seo á gcur orm dá mba fhear mé ach mar gheall gur bean mé anseo inniu is dócha go bhfuil na ceisteanna seo á gcur orm. Tá mé lánsásta plé leo, caithfidh mé a rá. Maidir leis an moladh go mbeadh cuóta ann, luaigh mé an token woman. Tá mé ag ceapadh gur as sin a tháinig an rud seo faoin token woman agus is rud é go bhfuil gráin agam air, mar tugann sé le fios go bhfuil spás ann agus go mbeadh fear cumasach sa phost mura mbeadh an cuóta ann. Tuigim cad atá i gceist ag an Seanadóir.

Is é cuóta ó thaobh an toghcháin atá i gceist agam seachas cuóta don bhord.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ba bhreá linn ar fad dá mbeadh sé 50:50 ach ní tharlaíonn sé sin.

Níl a fhios agam ach tá mé ag ceapadh go mbeadh na mná níos compordaí dá mbeadh fóram éigin acu agus dá mbeidís in ann a rá go bhfuil siad mar chuid den fhóram agus go bhfuil a n-áiteanna tuillte acu - ní mar gheall gur mná iad ach mar gheall go bhfuil siad ag iarraidh a bheith páirteach sa rud seo. Ansin, roghnófaí nó bheadh toghcháin idir mná an fhóraim féin nó rud éigin mar sin seachas an cuóta seo, lena mbeadh daoine ag lorg bean chun áit a líonadh. Tá gach aon seans ann gur duine cumasach amach is amach a bheadh sa bhean sin - tarlaíonn sé sin - ach bheadh sí brandáilte i gcónaí mar token. Caithfear é seo a sheachaint. Is rud maith iad na cuótaí ach, ar an taobh eile de, bíonn sé sin le rá. Uaireanta, úsáidtear é seo leis an mbean a chur síos, leis an mbonn a bhaint aisti agus chun í a chiúnú. Ní maith liom é sin ach an oiread.

Cad faoi mhaoiniú, díreach nó indíreach?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Bheadh sé sin go hálainn ach níl a fhios agam an mbeadh sé féaráilte. Is cinnte gur ugach a bheadh ann. B'fhéidir go gcuirfí níos mó ná maoiniú ar fáil, mar shampla, cúram leanaí nó rud éigin mar sin. Is é sin an rud is mó a thagann suas do roinnt ban, mé féin san áireamh. Tá mo leanaí féin ag an aois anois gur féidir leo aire a thabhairt dóibh féin agus is é an rud is mó a bhíonn ag cur as do mhná ná cúram leanaí. Buíochas le Dia, táimse i bpost inar féidir liom mo leanaí a thabhairt liom uaireanta agus ina gcuirtear fáilte roimhe sin. Ba cheart go mbeadh sé sin ann chomh maith. Ba cheart glacadh leis gur máithreacha iad mná chomh maith agus go bhfuil na cúraimí atá orthu ón taobh sin díreach chomh tábhachtach le cúrsaí fostaíochta. Ba cheart meas agus ómós a léiriú dó sin.

Tá an chéad duine eile ar líne. Aithním go bhfuil an Seanadóir Ward agus an Teachta McHugh ar líne chomh maith. Tá lámh an Teachta Ó Muimhneacháin in airde. An bhfuil sé réidh? Muna bhfuil, tiocfaimid ar ais chuige.

An féidir mé a chloisteáil?

Is féidir anois.

Gabhaim buíochas le Sorcha Ní Chéilleachair as an gcur i láthair. Bhí an-suim agam sa phlé ansin. Tá cúpla ábhar faoi leith gur mhaith liom díriú isteach orthu. Baineann siad leis na meáin agus leis an teagmháil a bhíonn ag an údarás leis an bpobal agus an easpa eolais ina thaobh sin. Tá rud eile le hardú agam maidir le hionadaithe pobail, cé a bheadh ag seasamh, na srianta agus mar sin de.

Díreoidh mé ar dtús ar an easpa eolais a bhíonn ann maidir le cad go díreach a tharlaíonn i gcruinnithe bhord an údaráis. Is minic a bhíonn na meáin ag cruinnithe de na comhairlí contae, cé go mbíonn roinnt mhaith cruinnithe comhairle contae ann nach nglacann siad páirt iontu. Bíonn sruth maith eolais ag teacht tríd na meáin agus tríd na hionadaithe pobail éagsúla. Ní bhíonn na meáin ag cruinnithe den údarás. Cad go díreach a bhféadfadh Sorcha Ní Chéilleachair a bheith ag súil leis ón eolas sin? Cad atá á lorg ann aici? Ba mhaith liom tuairim a fháil air sin mar, go minic, bíonn ábhair á bplé ag an údarás a bhaineann le heolas confidential mar gheall ar chomhlachtaí éagsúla. Tuigim nach mbeadh sé sin á scaipeadh. Is dócha go bhfuil an-chuid eolais eile go bhféadfaí é a sheoladh amach. Cad go díreach go bhféadfadh sí ag súil leis ansin? An mbeadh daoine ó na meáin ag suí isteach ar na cruinnithe? Cén saghas eolais a bhféadfaidís a bheith ag súil le cloisteáil? Faoi láthair, cloiseann tú ó ionadaithe poiblí, daoine atá tofa mar chomhairleoirí contae, toisc go bhfuil siad mar chomhairleoirí contae. Ní dóigh liom go gcloiseann tú aon rud ó aon duine eile, seachas an cathaoirleach, b'fhéidir. Is dóigh go gcloistear an t-eolas sin purely toisc go bhfuil na daoine sin mar ionadaithe tofa. An bhféadfaí soiléiriú a thabhairt ar cad go díreach a bhféadfaí a bheith ag súil leis agus cén saghas sruth eolais a bheadh á lorg ansin?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Bhíodh cead ag na meáin isteach go dtí cruinnithe den údarás. Bhí sé sin ann suas go dtí 2012, cinnte. B'fhéidir go raibh sé ann beagáinín ina dhiaidh sin ach nach raibh an oiread béime air mar nach raibh daoine tofa. Tagraím arís don ainmhí faoi leith atá i gceist le bord an údaráis. Is leath agus leath é. Tá leath a bhaineann le cúraimí chomhairle contae agus díospóireachtaí a bheith ar bun faoi cheisteanna a bhaineann leis an bpobal agus atá in ann tuairisciú a dhéanamh ar na ceisteanna agus díospóireachtaí sin. Bhíodh díospóireachtaí iontacha agus cainteoirí iontacha ag bord an údaráis. Tugadh é sin le fios ar na meáin. Tá na meáin éagsúla anois ann. Tá an raidió, an teilifís, na meáin clóite agus an tIdirlíon ann. Mar sin, bíonn ceisteanna agus ábhair idir lámha ag an údarás a bhaineann leis an bpobal, ceisteanna pleanála teanga, ceisteanna fostaíochta agus ceisteanna fiontraíochta ina measc. Tá guth an phobail ag teastáil agus tá an díospóireacht ag teastáil. Is slí é chomh maith le daoine sa phobal a ghríosú chun díospóireachta agus chun spéis a chur i gceisteanna mar sin. Is é sin an rud is mó a bheinn ag súil leis. Táim ag súil go mbeadh sé mar a bhíodh nuair a bhíodh na meáin ann. Ar ndóigh, tuigim go mbíonn cúrsaí inmheánacha agus rudaí nach féidir iad a phlé sna meáin á bplé chomh maith ach bhíodh sé sin i gceist. Bhíodh leath agus leath ann. Bhíodh seisiúin rúnda faoi leith ann agus bhíodh seisiúin phoiblí ann. Is leis sin a bheinn ag súil.

Aontaím go láidir gur chóir go mbeadh sé trédhearcach agus go mbeadh aiseolas ann. Is cinnte go bhfuil bearna ann faoi mar atá sé. Mar a dúirt an finné, go háirithe nuair atá na hionadaithe roghnaithe ag an bpobal féin, ba chóir go mbeadh an trédhearcacht sin ann.

Maidir leis na daoine a bheadh ann ag déanamh ionadaíochta ar an bpobal, luaigh Sorcha Ní Chéilleachair daoine a mbíonn bainteach le coistí agus eagrais. Ní fheadar cad é an focal a bhí aici.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Gníomhaithe pobail.

Táimid ag caint faoi dhaoine a bhíonn gníomhach sa dhúthaigh. Go minic, is pobail bheaga iad na Gaeltachtaí. Má tá rudaí i gConamara cosúil leis an méid atá againn sa bhaile, is minic gurb iad na daoine céanna atá bainteach le scata coistí. An ndéanann sé aon difríocht má tá duine bainteach le cúpla coiste nó fostaithe ag an údarás? Bhí plé cheana féin faoi dhaoine agus na coimhlintí gur féidir a bheith ann ar chúiseanna éagsúla. Ní aontaím leis ach an dóigh leis an bhfinné go mbeadh coimhlintí ann dá mba rud é go raibh duine fostaithe leis an údarás nó ar choiste a fhaigheann maoiniú ón údarás? Cad é a tuairim air sin?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Is dócha gur deacair é teacht ar dhuine sa Ghaeltacht nach bhfuil coimhlint aige nó aici le rud éigin. Bíonn na daoine céanna bainteach le an-chuid rudaí. Bíonn córais ann le tabhairt faoi na coimhlintí sin ag gach aon eagraíocht. Mar sin, ní bheinn an oiread imní orm faoin gcoimhlint ón taobh sin de. Is dócha go bhfuil an Teachta ag caint faoin gcoimhlint a bheadh ag duine éigin atá tofa cheana féin mar chomhairleoir contae nó a leithéid. Táimse ag ceapadh gur maith an rud é go bhfuiltear ag iarraidh cúrsaí polaitíochta a sheachaint. Níl a fhios agam conas a n-éireofar na cúrsaí sin a sheachaint go hiomlán nó an féidir é sin a dhéanamh.

Tá a fhios agam gur deineadh iarrachtaí san am atá caite agus nár dhein sé mórán difríochta i ndáiríre. Is dócha go bhfuil agus go raibh toghcháin an údaráis ar chomhchéim nó cosúil le toghcháin chomhairle contae. Ba iad na daoine céanna a bhí ag dul sa dá thoghchán an-chuid den am. Is rud difriúil é. Ó thaobh cúrsaí polaitíochta, comhairlí contae agus rudaí mar sin de, táim ag ceapadh nach dtagann an dá rud le chéile. Dá mbeadh duine maith ag rith i dtoghchán bhord an údaráis, ní ceart go mbeadh sé sin ina chéad chéim eile le bheith ina Theachta nó ina Sheanadóir. Níor cheart go gcuirfeadh sé le slí bheatha mar pholaiteoir.

Ní hé an chomhairle contae a bhfuilim ag díriú isteach ar in aon chor ach, mar shampla, duine d'fhoireann an údaráis nó duine atá bainteach le coiste éigin a bhfuil dlúthcheangal leis, is é sin, comharchumann nó rud mar sin. Tá córas ann chun plé le coimhlintí ach an dóigh le Sorcha Ní Chéilleachair go mbeadh cosc ar dhaoine seasamh dá mba rud é go raibh siad mar chuid den fhoireann? An chóir go mbeadh cosc ar éinne seasamh nó an chóir go mbeadh an rogha iomlán ag an bpobal? Cén saghas srianta gur chóir a bheith ann? Fág ar leataobh an chomhairle contae toisc gur díospóireacht eile é sin agus b'fhéidir nár aontóimis air. An ndíreoidh an finné isteach ar cheist na srianta agus foireann an údaráis, comharchumainn agus mar sin de? Go minic, is iad sin na daoine a bhíonn an-ghníomhach sa phobal. Is minic go mbíonn na daoine céanna bainteach le cúpla coiste.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Bhíodh ionadaithe ag foireann an údaráis ar an mbord cheana agus is dócha go mbeadh cosc orthu seasamh do thoghcháin. Ní dóigh liom go n-oibreodh sé sin mar bheadh sé deacair teacht ar aon duine atá gníomhach i gcúrsaí pobail sa Ghaeltacht nach bhfuil baint éigin acu leis an údarás. Mar sin, ní dóigh liom go mbeadh sé réalaíoch.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ní cóir go bhféadfaí ag féachaint air mar shaghas slí bheatha i gcúrsaí polaitíochta, áfach. Is é sin an bealach a chuirfinn é. Táim an-conscious go bhfuil mé i measc polaiteoirí anseo.

Is beag tuarastal atá ann. Ní dócha go mbeadh éinne atá mar ionadaí ar bhord an údaráis ag maireachtáil air. Is pointe suimiúil é. Fiú mura bhfuil daoine mar dhuine den fhoireann nó bainteach le comharchumann nó eagraíocht eile mar sin, tá gach cosúlacht ann go mbeadh post eile acu. B'fhéidir go mbeadh siad ina mbainisteoir ar chomhlacht thíos ansin nó ag obair i gcomhlacht a bhfuil an t-údarás ag tabhairt tacaíochta dó nó i gcomhlacht nach bhfuil ag fáil tacaíochta uaidh. Ní bheidh éinne lánaimseartha ar an mbord. Beidh coimhlintí ann. Cén saghas srianta gur chóir a bheith ann? Ar chóir go mbeadh aon srianta ann?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Tá muinín agam sa chóras. Is rud eile é sin a bhaineann leis an trédhearcacht. Ba chóir go mbeadh sé trédhearcach agus go mbeadh cead ag na meáin teacht isteach ionas go mbeadh sé níos deacra fós na coimhlintí sin a chur i bhfeidhm. Cosúil le boird Stáit eile, caithfidh muinín a bheith agat sa gcóras é sin a láimhseáil. Táim ag déanamh amach gurb é sin an t-aon-----

Nach mbeadh an mhuinín chéanna sa chomhairleoir contae?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Cad atá i gceist ag an Teachta? Bheadh coimhlintí ag comhairleoirí contae.

Cad ina thaobh go mbeadh srian mar sin ar chomhairleoir contae má tá muinín sa chóras?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Bhuel tá scéal sna meáin faoi láthair a thaispeánann gur féidir coimhlintí a bheith ag comhairleoirí contae ó thaobh na comhairle contae chomh maith. Tá coimhlintí i ngach aon áit. Is é an rud atá an Teachta a rá ná go mbeadh coimhlint idir a bheith i do bhall de bhord an údaráis agus a bheith i do chomhairleoir contae, an ea?

I ndáiríre, táim dírithe ar éinne atá gníomhach sa phobal agus a bheith ag seasamh i gcomhair an údaráis. Toisc gur pobail bheaga atá ann, tá gach cosúlacht ann go mbeadh coimhlintí ann ar aon nós, is cuma an mbeadh na hiarrthóirí ina mbainisteoir comharchumainn, duine den fhoireann, bainisteoir comhlacht a fhaigheann deontais ón údarás nó iomaitheoir an chomhlachta sin. Pé slí go gcasfaí é, is pobail bheaga iad agus ní bheidh éinne lánaimseartha ar bhord an údaráis. Tá gach cosúlacht ann go mbeidh sé dúshlánach. An chóir go mbeadh aon saghas srianta i gceist nó ar chóir aon srianta?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ní dóigh liom gur chóir. Cad iad na srianta a bheadh le cur i bhfeidhm? Mar a deirim, bheadh sé deacair éinne a fháil sa Ghaeltacht nach bhfuil aon bhaint aige nó aici leis an údarás. Ba chóir go mbeadh córas ann chun coimhlintí a sheachaint agus a láimhseáil, áfach.

Tá an plé seo thar a bheith spéisiúil. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Tá dúshlán sa nGaeltacht. Bhí dúshlán ann ó 1890. Bhí an Ghaeltacht ag fáil bháis ag an am sin. Ag breathnú ar na figiúirí go lom, is é an t-iontas gur mhair sé ar chor ar bith. I nGaeltacht Shorcha Ní Chéilleachair féin thíos i bPort Láirge, An Rinn, ní raibh ach dornán beag clanna á dtógáil le Gaeilge, 26 nó mar sin, sna 1950idí. Ba chóir breathnú ar an obair iontach atá déanta ansin. Is dóigh liom nach fiú tabhairt faoi obair mura bhfuil dóchas agat. Caithfidh tú na dúshláin a aireachtáil.

Tá rud éigin eile a cheap mise i gcónaí agus ba mhaith liom tuairim an fhinné faoi. Ar nós aon teanga eile, is é an chaoi chun an teanga a sheachadadh nó ó na tuismitheoirí go dtí na gasúir. Sa saol atá inniu, tá Béarla ag chuile dhuine sa Ghaeltacht. Níl éinne ann nach bhfuil Béarla aige nó aici. Nuair a tháinig mise go Gaeltacht Chonamara, bhí roinnt daoine nach raibh Béarla ar bith acu. Mar sin, is rogha a chaithfidh tuismitheoirí a dhéanamh. An bhféadfadh muid teacht thar an bpointe ar a raibh daoine díreach ag labhairt teanga mar ba í sin an teanga a bhí acu go dtí pointe ar a raibh formhór ag roghnú na Gaeilge mar theanga le tabhairt do na gasúir toisc go dtuigeann siad go mbeadh Béarla acu ar aon chaoi agus gur bronntanas mór millteach í le tabhairt, gur céim iontach chun tosaigh í agus go mbeadh buaine i gceist léi? Bheadh baint ollmhór aige sin le cothú jabanna tarraingteacha teangalárnacha sa nGaeltacht. Tá seans i bhfad níos mó ann go labhródh daoine Gaeilge lena gclann má tá poist acu féin atá bainteach leis an nGaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Cad iad tuairimí an fhinné air sin? Ag deireadh an lae, is faoin teanga é seo ar fad. Ní bheadh an t-údarás ann murach é sin.

Ag éirí as sin, tá ceist na gcumhachtaí. D'fhéadfadh mé féin agus an finné aontú anseo. Dá mbeadh muide mar dheachtóirí ar an tír, bheadh míle agus céad cumhacht ag an údarás ach, ag deireadh an lae agus taobh istigh den chóras ina bhfuil muid ag feidhmiú, níl sé chomh simplí leis sin. Is dóigh liom gur féidir teacht chuig an bpointe ar a mbeidh níos mó seans againn má iarraimid ar bheagán agus éileamh láidir a dhéanamh ná má iarraimid ar an domhan agus a mháthair agus gan tada a fháil.

An dtuigeann mé ón bhfinné go bhfuil cúrsaí pleanála ard ar an liosta? An aontódh sí liom go bhfuil cumhacht ag an gcomhairle contae rudaí a fhorbairt? Mar shampla, tá cead ag an gcomhairle contae cead pleanála a thabhairt do thithíocht fiú gurb í a dhéanann an plean contae. Is forbróirí iad na comhairlí contae agus b'fhorbróirí i bhfad níos mó iad san am atá caite. An aontódh Sorcha Ní Chéilleachair liom ná gurb é an leagan amach atá ar a leithéidí sin gurb é bord an údaráis a dhéanann an plean contae nó an plean Gaeltachta agus a leagan amach ach nach mbeadh feidhm ag an mbord i gcinntí pleanála sonracha ar an gcaoi chéanna nach bhfuil feidhm ag comhairleoirí contae i gcinntí pleanála aonaracha - is ag na feidhmeannaigh amháin an fheidhm sin – agus go mbeadh an rannóg phleanála scoilte amach ón gcuid eile den údarás?

Tá sé seo luaite cúpla uair agus sin mar a fheidhmíonn an chomhairle chontae cheana féin. Luadh tithíocht anseo; dá mbeadh an dara rogha agat ar chumhachtaí, agus tiocfaidh mé ar cheist ghasúir i gceann soicind, cén chumhacht a theastódh ar thithíocht nó ar céard eile? B'fhéidir go ndéarfaidh Sorcha rud éigin eile ar fad. Ba mhaith liom a dhá rogha de chumhachtaí a fháil.

Tagraím do rudaí a stiúriú ionas go mbeadh an t-údarás mar ghníomhaire Gaeltachta. Ní hé go mbeadh sé i mbun caighdeáin a leagan amach is mar sin de ach go mbeadh sé i mbun ghníomhaireachta Gaeltachta. An gceapann Sorcha go mbeadh cumhacht, feidhmiú nó an gnó gníomhaireachta ar naíolanna agus ar naíonraí lárnach sa rud a theastaíonn? Is é sin nach féidir le aon duine a theacht isteach sa Ghaeltacht agus naíolann nó naíonra a chur ar bun ach an t-údarás agus ar ndóigh go ndéanfaí trí Ghaeilge ar fad é.

Tagraím do cheist an chothromais. Is cás casta é seo ó thaobh an toghcháin. Aontaím le Sorcha ó thaobh na traenála ach tá rud eile tarlaithe agus b'fhéidir nach mbeidh an fhadhb chomh mór. Tá molta sa mBille seo nach féidir a bheith ar an gcomhairle contae nó bheith i do Theachta Dála nó bheith i do Sheanadóir agus bheith ar bhord an údaráis. Bheadh an ról teoranta sa mhéid sin ó thaobh ní fhéadfá a bheith ag déanamh double is triple jobbing. Déanfaidh sé sin difríocht agus ba mhaith liom barúil Shorcha air sin.

Ag breathnú thart sa Ghaeltacht, má bhreathnaím ar TG4 agus an fhoireann atá aige, agus má bhreathnaím ar Raidió na Gaeltachta, is cuimhneach liom go raibh plé mó ag RTÉ faoin easpa mná sna poist móra ag láithriú cláracha. Ag an am bhí "Adhmhaidin" curtha i láthair ag bean, bhí mná mar thráchtairí spóirt agus mar cheannasaí spóirt. Go leor den dream a bhí ag cur clárachaí i láthair i rith an lae is mná a bhí ann. Mar sin, bhí Raidió na Gaeltachta i bhfad ar aghaidh ar RTÉ i dtaobh na ceiste sin. Má bhreathnaítear thart ar an nGaeltacht, ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta, tá mná i gceannas ar go leor de na heagraíochtaí pobalbhunaithe, pleanálaithe teanga agus an post atá ag Sorcha san áireamh. An bhfuil seans ar bith ann go bhfuil muid imníoch faoi rud nach gá a bheith imníoch faoi mar go bhfuil mná tar éis teacht chun cinn go mór agus mar gheall go bhfuil obair fíor-throm déanta agus go bhfuil mná sna heocharphoist cheana féin? B'fhéidir go gciallóidh sé sin go dtiocfaidh mná ar aghaidh go nádúrtha le bheith ar bhord an údaráis, go mór mór má tá sé teoranta, mar a dúirt mé.

Tá ceist phraiticiúil agam. Ceann de na fadhbanna atá againne mar ionadaithe poiblí ná méid an cheantair a bhfuiltear ionadaíoch ar a shon. Ní bheadh mórán faidhbe i gContae na Mí, bheadh fadhb níos lú i bPort Láirge agus ní bheadh sé ródheacair i gCorcaigh seachas go mbeadh ar an duine dul amach go hOileán Chléire anois is arís. Bheadh sé beagáinín níos gafa thíos i gCiarraí ach dhá mhórcheantar a bheith ann. An rud céanna atá i Maigh Eo agus tá roinnt ceisteanna faoi. Nuair a thagtar go Conamara agus go deisceart Mhaigh Eo, is é sin Tuar Mhic Éadaigh, agus go Dún na nGall, tá dhá bhealach go bhféadfaí é a dhéanamh. D'fhéadfadh toghchán a bheith ann do Chonamara ar fad agus do dheisceart Mhaigh Eo mar is dlúth an cheangail atá ansin ná le Béal an Mhuirthead. Nó d'fhéadfadh trí cheantair a dhéanamh le haon suíochán. An buntáiste a bhaineann leis sin ná gur ceantair níos lú a bheadh faoi chúram duine agus go mbeadh siad mar a chéile leis na ceantair eile; is é sin gur toghchán aon suíochán amháin a bheadh ann do chuile dhuine. B'fhéidir gur cheist gur mhaith le Sorcha machnamh a dhéanamh air ach cé acu ab fhearr agus cé acu ab fhearr len é a dhéanamh éasca go mbeadh cothromas ann agus go dtarraingeodh muid níos mó daoine isteach sa gcúram mar nach mbeadh an oiread sin taisteal i gceist le fáil thart ar do cheantar féin? Tá tionchar mór aige sin. Má tá duine ina cónaí, abair, i gCois Fharraige agus má chaitear freastail ar cheantar chomh fada ó thuaidh le Tuar Mhic Éadaigh táthar ag caint faoi phíosa maith de bhóthar ar jab, mar a deirim, nach jab lán-aimseartha é. Ba mhaith liom barúil Shorcha air sin mar is rud beag praiticiúil é a d'fhéadfadh muid a dhéanamh.

Abair gur toghadh seisear fear agus ceathrar bean nó vice versa, an nglacann Sorcha leis go mba cheart go mbeadh sé leagtha síos go gcaithfidh cothroime a fháil, chomh fada agus is féidir a dhéanamh, sna hainmniúcháin? Bhíodh mo mháthair i gcónaí ag rá nach ionann gnéas agus inscne ach gur téarma gramadach é inscne agus go bhfuil "cailín" firinscneach agus taispeánann sin go bhfuil an Ghaeilge i bhfad roimh a ham. Sa mhéid is go bhfios go mbeadh an toghchán i bhfábhar gnéis amháin nó gnéas eile nó inscne amháin nó inscne eile, le déanamh cinnte go mbeadh cothromas ann, chomh fada agus is féidir, an chaithfeadh an córas ainmniúcháin an cothromas a chinntiú má tá éagothromaíocht ann? Aontaím le Sorcha; más féidir linn cúrsaí a chur ar bun agus mar sin le daoine a mhealladh, go mba cheart é sin a dhéanamh.

Ní oibreoidh ceist chuóta mar ní raibh polaitíocht, go hoifigiúil, i dtoghcháin an údaráis ariamh. Ní raibh na páirtithe polaitiúla, go hoifigiúil, mar chuid de thoghcháin an údaráis agus ní cheart iad a thabhairt isteach ann. Mura bhfuil páirtithe ann ní féidir cuótaí a leagan amach mar sin caithimid é sin a chur as an áireamh mura bhfuil i gceist na páirtithe a thabhairt isteach, agus bheadh daoine in aghaidh sin. Is é mo thaithí mar ionadaí poiblí ná nuair a thoghtar daoine go n-oibríonn siad le chéile.

Tagraím do cheist na gcáilíochtaí Gaeilge. Tuigim an méid a tá Sorcha ag rá ach ag an am céanna tá a fhios ag polaiteoirí, más féidir é a dhéanamh déanfar é. Ní bheidh am ann teorainneacha na Gaeltachta a athrú ar mhórscála roimh an toghchán mar sin próiseas fada. Bhí sé i gceist tosú air sin deich mbliana ó shin agus bhí na céad céimeanna á nglacadh agus bhí plean ann cén chaoi a ndéanfaí déileáil leis na háiteanna thar a bheith lag. Is é sin go mbreathnófaí amach ar na Gaeilgeoirí ann ach nach bhfanfadh siad taobh istigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta agus go ndéanfadh gréasáin Ghaeltachta astu, mar atá i gCluain Dolcáin nó sna háiteanna seo i mBaile Átha Cliath. Níor tharla sé sin, áfach, agus mar a deirim, caithfear é a dhéanamh i bpróiseas. Ag glacadh leis mar theorainneacha na Gaeltachta, le nó gan an chathair, agus sin scéal eile, an nglacann Sorcha leis go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh daoine gan Ghaeilge nó gan chumas a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge curtha ar bhord an údaráis? Má tharlaíonn sé sin, an iontóidh daoine ar an mBéarla, go mór mór taobh amuigh de chruinnithe?

Ar an taobh eile den scéal, tá Sorcha ag fiafraí cén fáth go gcaithfeadh mise, ise nó éinne eile dul agus scrúdú Gaeilge a dhéanamh chun bonn Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, B2 a bhaint amach? Phasálfadh Sorcha é ach níl a fhios agam fúmsa. Tuigim é sin ach caithfidh mé dúshlán chuig Sorcha. Mura bhfuil dream neamhspleách taobh amuigh ag déanamh na seiceála seo, cibé cén bealach a dhéantar é, tá taithí againn sa státchóras le 100 bliain anuas ar chur i gcéill. Ba mhaith liom tuairim Shorcha air sin. Tuigim an t-amhras atá ar Shorcha. Ar an taobh eile den scéal tá súil agam go dtuigeann sí an tuairimíocht atá taobh thiar den rud seo. Táimid ag iarraidh an tríú bhealach a aimsiú ach go ndéanfaí cinnte gur Ghaeilgeoirí a bhéas i mbun an jab mar ní cheapfaí duine i mbun jab innealtóireachta, is cuma cé chomh maith is a bheadh siad, gan cáilíocht innealtóireacht a bheith acu. Ní cheapfaí duine ag tiomáint leoraí gan cheadúnas acu. Sin an cheist faoi sin.

Baineann sé seo leis an dream nach spéis leo an Ghaeilge. Más fíor, a Chathaoirligh, go ndearna an Public Appointments Service, PAS, an earcaíocht trí Bhéarla, ba cheart dúinn é sin a h-ardú le PAS.

Is náire shaolta gur tharla sé sin. Ní raibh a fhios agamsa gur tharla sé sin.

Ní raibh a fhios agam ach oiread.

B’fhéidir gur féidir linn cruinniú príobháideach a shocrú go ndéanfar-----

Déanfaimid é sin a fhiosrú. Bhí na ceannteidil as Béarla freisin. Lorg mé féin iad as Gaeilge agus lorg an cléireach iad chomh maith.

Nár fhoilsigh Roinn na Gaeilge iad?

Ní raibh siad ar fáil ar líne i nGaeilge.

An taithí a bhí ann ná go réiteofaí i nGaeilge iad agus go n-aistreofaí go Béarla.

Níl siad ann. Ní raibh siad ar fáil.

Bhí baint agam le roinnt reachtaíochta cheana agus sin mar a rinneamar agus ansin aistríodh í. Ní a mhalairt de bhealach é. Bhí an leagan Gaeilge i bhfad níos fearr dá bharr.

Ag an gcomhairle contae, pléitear rudaí go hoscailte. Ag bord an údaráis faoi láthair, táthar thar a bheith rúnda. Níl a fhios agam an bhfeiceann Sorcha Ní Chéilleachair fadhb leis seo ach ba mhaith liom a barúil. Bhí jab eile aicise mar iriseoir agus bhíodh sí ag freastal ar na cruinnithe seo. D’fhéadfaí na tograí sonracha a chuirtear ar aghaidh a phlé go príobháideach ach ní fheicimse fadhb ar bith maidir leis an bpolasaí mar is Údarás na Gaeltachta a bhí ann. Sin a troideadh ar a shon - gur údarás in úinéireacht phobal na Gaeltachta a bheadh ann, seachas bord Stáit sa ghnáthchiall, agus go bpléifí ceisteanna polasaithe go neamhbhalbh agus go hoscailte amach go poiblí. Cá bhfuil ár dtreo? Cuirfidh duine éigin ceist céard í an difríocht nó cé acu is mó a bhfuil cumhacht acu, na feidhmeannaigh nó an bord. Dar liomsa, tá cumhacht iomlán ag an mbord taobh istigh den dlí an polasaí a leagan amach agus caithfear glacadh le comhairle. Feidhmíonn an feidhmeannas. Tagann an focal “feidhmeannas” as dream a chuireann rud i bhfeidhm. Tá dualgas ar an eagraíocht sin na rudaí a chur i bhfeidhm. Braithim, mar dhuine atá ag cónaí sa Ghaeltacht agus baint agam le cúrsaí Gaeltachta, gur lú an bhaint atá ag an údarás le pobal Gaeltachta agus is lú úinéireachta atá ag an bpobal ar an údarás le hais mar a bhí ó d’imigh an bord tofa. Bhíodh na raiceanna go breá agus bhíodh corr argóint ann ach ní raibh dochar ar bith ansin mar le rud atá beo beidh an cineál sin coimhlint ann. Ba mhaith liom barúil an fhinné air sin. Táimid le seans amháin a fháil air seo agus caithfimid éisteacht go géar leis an méid atá á rá. B’fhéidir gur mhaith leis an bhfinné machnamh a dhéanamh ar chuid de na ceisteanna agus, le cead an Chathaoirligh, go bhféadfadh sí aighneacht nó freagra scríofa a chur ar ais maidir leo.

Dúirt mé é seo ag tús an chruinnithe. Má tá aon duine go bhfuil tuairimí acu, tá síneadh ama tugtha againn ó thaobh aighneachtaí de agus tá an coiste sásta glacadh le haon aighneacht nó aon teachtaireacht eile.

Fiú dá mbeadh siad ag cur aighneachtaí nó cur i láthair isteach, d’fhéadfadh siad teacht ar ais le freagraí forlíonta tar éis machnamh a dhéanamh. Tá go leor ceisteanna ann.

Tá go leor ceisteanna ansin, a Shorcha.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Tá. Déanfaidh mé iarracht agus b’fhéidir go meabhróidh an Teachta roinnt de na ceisteanna dom má théann siad ó mheabhair orm féin.

Bhain an chéad cheist ag an Teachta le tógáil páistí agus mar sin. Nílim róchinnte cad a bhí i gceist aige. Tá mise ag déanamh amach go bhfuil sé fós ag tarlú go nádúrtha, go bhfuil daoine ann agus nuair a bhíonn páistí acu tarlaíonn sé go hiomlán nádúrtha sa tigh go dtógtar an páiste le Gaelainn mar gur í sin an teanga atá ag na tuismitheoirí nó na seantuismitheoirí nó pé duine atá sa tigh. Tá mise ag déanamh amach go bhfuil sé sin ag tarlú fós, go háirithe i gConamara agus sna ceantair láidre. B’fhéidir sna ceantair eile má tá daoine ann, mar a deir an Teachta, atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus mar sin go bhfuil roinnt machnaimh déanta acu ar an gceist agus go bhfuil a fhios acu roimh ré gur seo a dhéanfaidh siad. Mar sin, tá an dá rud ann fós. Sin mo thuiscint ar an gceist, go bhfuil an Teachta ag rá go bhfuil cinneadh á dhéanamh ag daoine anois. An ea?

An rud atá i gceist agam ná seo: bhí riar maith daoine ag labhairt Gaeilge ar an gcaoi atá Sorcha Ní Chéilleachair ag rá. Bhí riar eile ann, agus mhair sé seo ar feadh i bhfad, a labhair Béarla mar go raibh orthu féin nó a muintir dul ar imirce gan mórán Béarla acu agus chreid siad go raibh siad ag ceilt rud éigin gan Béarla a labhairt. Thóg sé píosa fada fáil réidh leis sin. Bhí cinneadh á dhéanamh. Go mór mór sa saol atá inniu ann déanann tuismitheoirí cinntí ar rudaí mar seo, b’fhéidir níos mó ná mar a rinne siad cheana, mar go bhfuil siad ag iarraidh an rud is fearr do na gasúir agus déanann siad cinntí ar an mbonn sin. Sa chás s’againn féin is Gaeilge a labhair muid eadrainn féin ach bhí muid an-dírithe go dtógfaí na páistí le Gaeilge. Is cinneadh a bhí ann. Ní cinneadh ollmhór a bhí ann mar is í a bhí muid ag labhairt ar aon chaoi ach nuair atá sé sin láidir sa phobal, ní díreach sa teaghlach aonair, bíonn buanadas ag baint leis an teanga mar go bhfuil luach leis an rud.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Aontaím leis an Teachta. Labhair mé ar an teacht aniar seo atá sa Ghaeltacht. Tá baint éigin aige sin leis an nglúin óg tuismitheoirí. An ghlúin is óige de na tuismitheoirí atá ann anois, sin na tuismitheoirí a d’fhás aníos le TG4, mar shampla, agus leis na cartúin ina dteanga féin. B’fhéidir go raibh níos mó cainte faoi chúrsaí oideachais agus an Ghaelainn i gcúrsaí oideachais agus mar sin. Fiú mura bhfuil an cinneadh déanta acu go comhfhiosach go ndéanfaidh siad é seo, sin an t-eolas a bhí acu agus iad ag fás aníos i gceantar Gaeltachta. Bhí sé sin sa phobal agus i bhfeidhm orthu. Ní hé gur cinneadh é ach gur rud é a bheidís ag déanamh. Tá mise ag ceapadh go bhfuil baint aige sin leis an nglúin is óige de thuismitheoirí atá sa Ghaeltacht faoi láthair.

Tá scéal barrúil agam. Bliain amháin bhí mé féin agus Síle de Valera istigh ag cuardach airgead ó Charlie McCreevy agus bhí sé ag diúltú chuile shórt - mo chol ceathrair bocht. Thosaigh muid ag caint ar TG4 agus dúirt mise leis ansin go raibh muid ag cothú meánaicme labhartha Gaeilge sa Ghaeltacht. Feictear go ginearálta i gcúrsaí socheolaíochta chomh tábhachtach is atá sé sin. Thuig sé ar an bpointe, lena cheart a thabhairt dó, agus thug sé an t-airgead. Sin atá i gceist agam. Nuair atá an rud tarraingteach, feiceann daoine an luach. Leathchéad bliain ó shin, chonaic siad gur uallach trom a bhí ann ar dhaoine dul ar imirce gan Béarla. Tá an tiontú sin ag tarlú.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Tá sé tábhachtach mar sin féin gan aon bhreithiúnas a thabhairt ar aon tigh nó aon-----

Níl mise ag-----

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Tá a fhios agam ach sa chaint atá ar bun againn, bheadh an tuairimíocht sin ann. Tá a gcúiseanna féin ag gach aon duine agus déanann gach aon duine an cinneadh atá ceart dóibh féin.

Maidir leis an gcumhacht a bhaineann le cúrsaí pleanála agus mar sin, aontaím leis an Teachta. Sin an chúis gur luaigh mé go mbeadh Údarás na Gaeltachta mar shaghas comhairle contae ar an nGaeltacht ach rachainn níos faide ná sin. D’fhiafraigh an Teachta faoin mianliosta a bheadh agam ó thaobh cumhachta de. Luaigh sé cúram leanaí agus luaigh mé féin cúrsaí oideachais agus mar atá sé i dtíortha eile. Ba chóir go mbeadh an t-oideachas sin rialaithe go háitiúil agus go mbeadh coiste nó údarás oideachais againn agus go mbeadh sé sin ar fad fite fuaite lena chéile. Tá sé an-deacair ár gcearta a bhaint amach. Fiú laistigh den chóras Gaeilge tá sé deacair ár gcearta a bhaint amach ó thaobh cúrsaí Gaeltachta de. Mar sin, bheadh gach aon rud i gceist ansin: an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Oideachais agus mar sin de. Tá a fhios agam gur mianliosta an-fairsing agus an-toirtiúil é sin ach sin mar a cheart dó a bheith agus sin mar a theastaíonn uaidh a bheith. Bheadh sé sin ar fad laistigh de chomhairle Gaeltachta, b’fhéidir.

D’fhiafraigh an Teachta faoi chothromas agus cúrsaí ban agus mar sin de.

B’fhéidir nach raibh an Teachta istigh nuair a luaigh mé na bardaí agus an córas sin. Is maith liom an córas limistéar pleanála teanga. Tá sé i bhfad níos fearr ná na district electoral divisions, DEDs, agus mar sin. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil siad laistigh den Ghaeltacht. Dhéanfaí córas bardasach nó córas bardaí nó pé teidil atá air agus cuirfí cúpla limistéar pleanála teanga le chéile. Bheadh daoine tofa do na limistéir phleanála teanga sin agus bheadh níos mó airde nó ionadaíochta ag na bardais nó limistéir phleanála teanga sin a bhfuil líon ard cainteoirí laethúla Gaeilge iontu. Chinnteodh sé sin go mbeadh ionadaíocht chothrom i gceist sna limistéir sin, i gcomparáid le limistéir eile a bhfuil ráta an-íseal ann ach go mb’fhéidir go mbeadh cúinsí polaitíochta agus go bhfaighidís níos mó vótaí cosúil le himeall chathair na Gaillimhe, atá luaite ag an Teachta cheana, agus mar sin.

Tá a fhios agam go bhfuil sé seo molta chomh maith ar maidin ag Sinn Féin go mbeadh líon na gcomhaltaí le méadú sa chás sin. B’fhéidir nach drochrud é sin ach ba cheart nach mbeadh sé ró-ard.

Bhí 20 ann cheana agus 17 tofa.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Is ea, ach bhí ionadaíocht mhaith ann. Bhí an tuairimíocht ann go raibh ionadaíocht mhaith ann an uair dheireanach. Bhíomar an-bhuíoch den mhéadú sin thíos sa Rinn, mar shampla, mar gur chinntigh sé go raibh ionadaíocht bhuan ag An Rinn ar bhord an údaráis. Tá ceantair ann faoi láthair amhail na hoileáin, Uíbh Ráthach, Oileán Chléire agus na ceantair sin ar fad, agus níl sé cinnte go mbeidh aon ionadaíocht acu sin ríomh ar an údarás. Ní mór féachaint air sin chomh maith.

Tuigim cad atá i gceist ag an Teachta maidir leis na cáilíochtaí ach is é an rud a bheinn ag rá - tagraíonn sé seo leis an méid a raibh le rá ag an Ollamh Conchúr Ó Giollagáin an tseachtain seo caite - ná go bhfuilimid i gcónaí ag díriú ar an bhfoghlaimeoir. Táimid ag díriú sa chás seo ar an duine atá ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as an gcóras. Más rud é go bhfuilimid i gcónaí ag díriú ar an bhfoghlaimeoir – caithfimid díriú orthu – agus ar na daoine seo atá ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as an gcóras, beidh na daoine cearta thíos leis dá bharr. Sin í an imní agus sin é an t-amhras a bheadh ormsa. Níl saol na Gaelainne nó na Gaeltachta chomh mór sin nach mbeadh aithne agat ar dhuine nó nach mbeadh a fhios agat go bhfuil a dhóthain Gaelainne aige nó aici lena chuid cúraimí a dhéanamh trí Ghaelainn nó suíochán a fháil ar bhord an údaráis.

Má chuireann dream i mBearna nó ar Chnoc na Cathrach Béarlóir suas, tá na vótaí acu leis nó léi a thoghadh.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

D’fhéadfadh córas eile a bheith ann seachas an scrúdú seo.

Aontaím leis an bhfinné ach fós tá an fhadhb ann. Ní cheart go mbeadh ort glas a chur ar an gcarr leis an gcarr a fhágáil ar thaobh na sráide ach bíonn ort é a dhéanamh mar tá gadaithe ann. Is í an taithí atá againn ná go mbaintear mí-úsáid as rud más féidir agus beidh an dream macánta cneasta cumasach thíos leis. Glacaim leis go mbeadh fadhb ag riar mhaith cainteoirí dúchasacha le TEG B2. Níl mórán eolais agam ar an scrúdú céanna ach de réir mar a thuigim, tá sé sáchdian agus sach-acadúil, ach chaithfeadh duine a bheith in ann an obair a dhéanamh trí Ghaeilge ar a chompord nó ar a compord. Is í an cheist atá ann agus is dóigh liomsa an cheist go gcaithfimid a fhreagairt ná cén chaoi is féidir linn a chinntiú gur daoine atá in ann an obair a dhéanamh trí Ghaeilge go compordach a thoghfar ar bhord an údaráis, más toghchán é.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Níl freagra na ceiste sin agam ach ní gá ach labhairt leis an duine le fáil amach an bhfuil sé nó sí in ann a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh i nGaelainn.

Cé a labhróidh leo agus cén tslat tomhais a bheidh ann? Ag pointe áirithe, caithfidh duine éigin amach go bhfuil an duine isteach nó amach.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Bheadh ceann comhairimh nó cláraitheoir ann nó duine éigin leis an gcúram sin.

Is é an fáth gur tháinig TEG B2 ar aghaidh – tá an Cathaoirleach eolasach air seo freisin – ná go raibh droch-stair ag scrúduithe Gaeilge an Stáit ag dul i bhfad siar. Mar shampla, bhain foghlaimeoirí nach raibh ach trí fhocal Gaeilge acu na scrúduithe seo amach cé nach raibh siad in ann feidhmiú sa Ghaeilge. Bhíomar thíos leis nuair a bhíomar ag iarraidh seirbhíse trí Ghaeilge. Is de bharr sin gur tháinig an rud seo ar fad faoi chaighdeán TEG B2 le haghaidh fostaithe Stáit. Is é an fáth go bhfuil sé tarraingteach ná gur caighdeán Eorpach atá ann agus mar sin, tá sé cineál neamhspleách ar cur isteach áitiúil.

Luaigh mé leis an gCathaoirleach go mb’fhéidir gur cheart dúinn labhairt le muintir na Breataine Bige agus muintir Cheanada maidir leis an gcaoi a láimhseálann siadsan a gcuid caighdeán teanga. Tá a fhios agam go bhfuil trí chaighdeán leagtha síos i gCeanada agus bíonn an Státchóras leagtha síos air. Cén chaoi a ndéanfar é? Tuigim an rud atá ag rá ag Sorcha Ní Chéilleachair ar lámh amháin, ach ar an lámh eile tá faitíos orm mar gheall ar an rud a tharla.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Is ar an gcóras polaitíochta a bhí an locht an uair dheireanach. Ainmníodh na daoine seo laistigh den chóras polaitíochta agus-----

No, tá mise ag rá-----

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

-----sheas páirtí an Teachta ina measc leis na daoine sin.

Ach i bhfad siar i stair an Stáit sular rugadh mise - sin píosa ó shin - bhí cur i gcéill ó thaobh daoine a ceapadh i bpoist. Dúradh go raibh Gaeilge acu agus ní raibh Gaeilge fheidhmiúil acu agus bhí siad i ngach uile ghné den tseirbhís poiblí. D’admhóinn é sin.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

An rachaimid ar aghaidh-----

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

-----go dtí an chéad cheist eile, maidir le rúndacht? Aontaím leis an Teachta; tá difríocht idir na tograí agus na polasaithe. Is dócha gurb í an difríocht a bheadh ann ná go mbeadh na tograí agus na díospóireachtaí laistigh den chóras príobháideach nó den chóras rúnda. Is chun leasa an phobail a bheadh sé. Luaigh duine éigin an focal "trédhearcacht" – ní maith liom na focail mhóra fhada seo – sé sin, go mbeadh a fhios ag an bpobal ach bheadh an pobal in ann na daoine seo a bhreathnú. Chuirfidís spéis ann agus bheadh eolas ar fáil dóibh chomh maith ar an méid a bheadh ar bun.

Ní bhfuair an Teachta na freagraí ar fad, mar níl siad ar fad ar fáil.

Fuair mé go leor freagraí. Tá mé an-sásta leis an bhfreagairt.

Tá an ceart ag an Teachta agus ag Sorcha Ní Chéilleachair go bhfuil plé níos mó le déanamh ar roinnt de na hábhair sin.

Cuirim fáilte roimh an bhfinné. Tá brón orm go mbeidh orm rith tríd seo. An bhfuil mórán cainte faoin údarás agus toghcháin i measc an ghnáthphobail? Cad iad na cumhachtaí uile breise a bhfuiltear ag lorg faoi choinne an údaráis? Tá sé ráite go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach, ach tá jabanna agus tithe de dhíth. Is dócha go bhfuilimid ag caint ar chumhachtaí mar gheall ar na hábhair sin. Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair go bhfuiltear ag lorg níos mó ionadaithe. Cén saghas gender quotas no a leithéid a bhfuil sí ag caint faoi? An bhfuil sí buartha faoin uimhir? An bhfuil sé thart ar sheachtar a bheadh ceaptha ag an Rialtas?

Cad é tuairim ár n-aoi faoi sin? Tá go leor ceisteanna ann.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ó thaobh caint faoin údarás sa ghnáthphobal, is dócha go bhfuil an Teachta ag caint faoin toghchán agus faoin mBille seo. Tá caint ann. Bhí comhráite móra fada agamsa le daoine faoi seo. Cuireann sé ionadh orm a laghad aighneachtaí a cuireadh isteach sa phróiseas comhairliúcháin a bhí ar bun faoin mBille seo, b’fhéidir an t-am seo an bhliain seo caite. Tá mé ag ceapadh go raibh 27 ann nó rud éigin. Shíl mé go mbeadh i bhfad níos mó ná sin. Chuir sé sin an-ionadh orm. B’fhéidir gur cheart ceisteanna a chur maidir leis an bhfáth a bhí leis sin.

Cuireann sé ionadh orm chomh maith faoin méid a dúradh ag tús an chruinnithe go bhfuil drogall ar dhaoine teacht anseo os comhair an chomhchoiste seo. Ní fheadar faoin líon aighneachtaí a fuair an comhchoiste. Cuireann sé iontas orm mar tá caint i measc an phobail. Bhí an-chuid cainte san am atá caite faoi chúrsaí toghcháin. Chuir sé spleodar sa phobal agus chuir sé daoine ag caint faoi chúraimí an údaráis agus faoin údarás féin. Cuireann sé ionadh orm nach bhfuil níos mó daoine ag teacht chun cinn go dtí an leibhéal seo. B’fhéidir go bhfuil rud breise ansin agus gur bhain sé leis an gcaint a rinne duine an tseachtain seo caite chomh maith.

An bhfuil scáth ar dhaoine b'fhéidir labhairt faoi mar go bhfuil siad faoi chúram an chórais agus go gceapann siad nár cheart labhairt amach faoi na rudaí seo? Ní fheadar mé.

Maidir leis na cumhachtaí breise, tá sé sin luaite agam cheana ó thaobh comhairle contae faoi leith a bheith i gceist maidir le hÚdarás na Gaeltachta. B’fhéidir nach é an t-údarás a bheadh i gceist ach go mbeadh údarás éigin oideachais sa Ghaeltacht chomh maith.

Luaigh an Teachta Ó Cuív cúrsaí cúraim leanaí, cúrsaí pobail agus na deontais a fhaightear maidir le cúrsaí cúraim leanaí agus nach bhfuil aon choinníoll teanga leo siúd, mar shampla, faoi láthair agus go mbeadh na héilimh mar sin faoi chúraim údarás Gaeltachta ionas go mbeadh ár gcearta bainte amach againn.

Ní hé go bhfuilimid ar son a thuilleadh ionadaithe ach go ndúirt mé go mb'fhéidir go mbeadh sé sin i gceist dá mbeimis ag iarraidh go mbeadh ionadaíocht chothrom ag na háiteanna is mó ina labhraítear Gaeilge.

Maidir leis na daoine a bheidh ceaptha ag an Aire, ba cheart dó sin a bheith trédhearcach chomh maith. B'fhéidir go bhfuil an baol ann gur ceapacháin pholaitíochta a bheadh i gceist agus ba cheart é sin a sheachaint.

Gabhaim buíochas le Sorcha Ní Chéilleachair.

Tá cúpla ceist eile agam mar bhí ár n-aoí in ann tabhairt faoi na cinn a bhí agamsa cheana féin. Tagaim ar ais go dtí an cháilíocht seo. Bhí bealach eile ann nuair a bhí scéim labhairt na Gaeilge ann. Níl sé ann anois. An bhfuil daoine ag lorg go dtiocfaidh sé sin ar ais le go mbeadh siad in ann é a úsáid amach anseo chun cuidiú le coinníoll a bheith ann maidir le vóta a bheith ag daoine i dtoghchán an údaráis amach anseo? Is ceist mhór í an coinníoll agus seachas ag dul siar ar an stuif ag B2, bhí ceisteanna ann maidir leis na hiarrthóirí chomh maith agus ar gá dóibh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht, ceangailte leis an nGaeltacht, nó ag obair ann. Is é ceann de na fáthanna a ardaím an cheist sin ná go measaim gur ardaíodh an cheist seo an tseachtain seo caite nuair a bhíomar ag plé leis seo mar go bhfuil daoine ann atá ag obair sa Ghaeltacht, is as an nGaeltacht dóibh, ach toisc na srianta ó thaobh tithíochta de, nach féidir leo a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht ó thaobh a gclann de, ach go mbeadh siad go maith ina dtaobh sin de seachas sin. Tuigim an fáth go bhfuil daoine ag iarraidh go mbeadh lucht na Gaeltachta ag déanamh bainistiú orthu féin tríd an údarás agus tríd an mbord ach caithfimid a bheith cúramach nuair atáimid ag caint faoi sin.

Tá an finné tar éis labhairt arís ansin maidir leis na naíonraí nó an luathoideachas agus an córas sin agus nach bhfuil coinníollacha teanga ann agus ar chóir go mbeadh siad ann. Níl a fhios agam faoi sin, ach is dóigh liom go raibh Gearóid ó Tuathaigh ag labhairt faoi cé chomh tábhachtach is atá na luathbhlianta sin. Luaigh Sorcha Ní Chéilleachair féin é seo freisin. An bhfuil gá go mbeadh cuidiú ann agus go mbeadh an t-údarás ag díriú isteach ar an gceist seo, ar a laghad nuair a bheadh na cumhachtaí breise aige, agus go mbeadh deontais bhreise ar fáil anuas ar na gnáthdheontais a fhaigheann naíonraí, nó an grúpa Gligíní tá á eagrú ag an bhfinné, de bharr cé chomh tábhachtach is atá sé sin i súile na dteangeolaithe ar fad? Ar chóir go gcuirfimid an t-airgead, an maoiniú nó na háiseanna ar fáil go háirithe ag an aois sin agus é a tharraingt ó Ranna eile, mar go bhfuil sé sin beagnach níos tábhachtaí ná aon rud eile ó thaobh tharrtháil na teanga atá againn?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Maidir le scéim labhairt na Gaeilge, tá sé ráite againn agus tá sé ar an taifead míle uair agam go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta lán i bhfabhar scéim labhairt na Gaeilge nó a chomhionann. Tá a fhios againn go raibh lochtanna ar scéim labhairt na Gaeilge agus nach dócha go gcuirfí i bhfeidhm arís í. Bheadh imní orm mar tá a fhios agam céard atá á rá ag an gCathaoirleach, agus tá daoine éigin nach mbeadh aon pháistí acu. Ní hé sin an freagra ar an rud ach tuigim an méid atá i gceist ag an Teachta.

Maidir le daoine a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht, tá sé sin an-spéisiúil mar tá a fhios agam faoi mo cheantar féin gur ceantar an-bheag í An Rinn. Arís, baineann sé seo le teorannacha na Gaeltachta mar go mbeadh daoine ina gcónaí ar imeall na Gaeltachta, b'fhéidir, nó go mbeadh a dtithe sa Ghaeltacht, agus ní bheadh an chéad theaghlach eile sa Ghaeltacht ach ní bheadh aon difríocht idir an dá theaghlach. Is ceist í sin nach mór a plé. Tá a fhios agam go bhfuil an-deacrachtaí in Uíbh Ráthach, mar shampla, mar is geall le fáinne fí na ceantair Ghaeltachta atá sa Ghaeltacht agus nach bhfuil sa Ghaeltacht. Bímid ag plé leis sin ó lá go lá agus tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ann.

Maidir leis an dream sin ar imeall na Gaeltachta a mbeadh a dhóthain spéis acu seasamh don údarás, is dócha gur cheart deis a thabhairt do na daoine seo cás a dhéanamh. Ba cheart dóibh cúpla critéar difriúil a chomhlíonadh más rud é go bhfuil siad le seasamh mura bhfuil siad ina gcónaí sa Ghaeltacht mar níor cheart iad a chur as an áireamh mar gheall air sin, más rud é go bhfuil deacrachtaí acu, faoi mar atá ráite ag an Teachta, an deis a bheith acu a gclanna a thógail sa Ghaeltacht nó má tá siad ar imeall na Gaeltachta ach go bhfuil siad mar chuid de phobal Gaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach agus tá sé sin i gceist in an-chuid ceantar. Mar sin, ba cheart go mbeadh foráil éigin go bhféadfaí cás a dhéanamh i gcásanna eisceachtúla nach bhfuil siad ina gcónaí go díreach sa Ghaeltacht.

Ó thaobh na naíonraí agus lucht luathoideachais de, mar a deir siad, tá an chéad dá bhliain aitheanta ó thaobh na teangeolaíochta de go bhfuil sé fíorthábhachtach don pháiste agus go bhfuil tábhacht leis an oiread teanga agus is féidir a fhoghlaim ag an aois sin le bunús a thabhairt dóibh. Tá an chéad chúig bliana aitheanta go hidirnáisiúnta mar an bunús saoil don leanbh. Tá sé sin tábhachtach sa Ghaeltacht suas go dtí seacht mbliana mar táthar ag tabhairt aitheantas don dá bhliain tumoideachais atá ina chuid den pholasaí oideachais Gaeltachta. Mar sin, téann sé sin ní hamháin ó bhreith agus an tús sin, ach suas go dtí seacht mbliana. Ar ndóigh, tá sé sin tábhachtach go dtí go mbeadh na páistí 18 mbliana déag d'aois chomh maith agus gach aon teaghlach chomh tábhachtach lena chéile. Tuigim an méid atá i gceist ag an Teachta leis an tús maith sin agus, cinnte, ba cheart díriú air sin le go mbeadh na coinníollacha teanga ag gabháil leis na deontais agus an maoiniú sin chomh maith.

Bhí an finné ag trácht ar na cumhachtaí breise a bheadh ag an údarás maidir le polasaí oideachais Gaeilge. An cineál oversight nó ar cheart go mbeadh an cumhacht iomlán ag an údarás faoi sin?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Tá a fhios agam.

Faoi láthair, is ag an Roinn Oideachais atá an chumhacht sin. Ó Thuaidh, tá ról áirithe ag na comhairlí contae maidir leis an oideachas ach ní hé sin an cás atá anseo.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Mar shampla, bhíomar in Albain le déanaí agus chonaiceamar é sin ar oileáin na hAlban chomh maith. Is é go bhfuil an chumhacht sin acu go háitiúil ansin. Nílim róchinnte conas mar a chuirfí i bhfeidhm é ach go mbeadh údarás oideachais Gaeltachta ann agus go bhfaighfí laistigh de sin féin an polasaí oideachas Gaeltachta a chuirfí i bhfeidhm agus go mbeadh a chuid maoinithe agus cumhachtaí féin aige laistigh den chóras.

Sin é, mar níl aon duine eile ar líne ag iarraidh teacht isteach. Gabhaim buíochas le Sorcha Ní Chéilleachair as a cur chuige, as na ceisteanna a ghlacadh agus na cinn ar fad a cuireadh a fhreagairt. Bhain siad ar fad leis an ábhar ach is trua gur léi féin a bhí Sorcha Ní Chéilleachair. Bhíomar cosúil leis na gardaí ag cur ceisteanna uirthi.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Comhlíonaim an cuóta.

An-mhaith. Is é sin deireadh leis an bplé. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Sorcha Ní Chéilleachair arís go hoifigiúil as an gcabhair a thug sí don chomhchoiste.

Beidh an chéad chruinniú phoiblí eile den chomhchoiste ar siúl ar 1.30 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn i seomra coiste 4, áit a phléifimid an t-ábhar seo arís; is é sin an scrúdú réamhreachtach ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Sa chéad seisiún, beidh cathaoirleach TG4, Anna Ní Ghallachair, agus chomh maith leis sin beidh an comhairleoir forbartha Mícheál Ó hÉanaigh linn. Sa dara seisiún beidh an plé ar an ábhar céanna agus beimid ag déileáil le Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Forbairt Na Dromada Teoranta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.30 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 17 Bealtaine 2023.
Barr
Roinn