Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 17 May 2023

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil)

Tá dhá sheisiún againn inniu. Leanfaidh an chéad cheann ar aghaidh go dtí 3.30 p.m., más gá. Tosóidh an dara ceann ag 4 p.m. agus leanfaidh sé sin ar aghaidh go dtí 5.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Ó Donnghaile.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon Chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú inniu, roimh na finnéithe a bheidh á labhairt linn i gceann tamall beag agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Aithním go bhfuil roinnt de na baill ag teacht isteach go fíorúil ar Microsoft Teams, is iad sin, an Teachta Pádraig O'Sullivan, an Teachta O'Dowd agus an Seanadóir Kyne. Nuair a thosaigh muid an cruinniú, bhí an Teachta Ó Murchú linn chomh maith. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula dtosaím an seisiún seo, caithfidh mé na rialacha seo a leanas a léamh. Meabhraím do chomhaltaí, mé féin san áireamh, na fóin a mhúchadh toisc go gcuireann siad as do na córais chraolacháin agus taifeadta anseo i dTithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí atá ag freastal óna n-oifigí ag iarraidh caint, caithfidh an físeán a bheith ar siúl. Ní ligfear comhaltaí isteach sa chruinniú chun caint muna bhfuil. Nuair nach bhfuil comhaltaí ag caint, caithfidh a micreafóin a bheith múchta chun déanamh cinnte de nach gcuireann siad as don chuid eile den chomhrá.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go gcuirfear na ráitis tosaigh a chuir siad ar fáil don chomhchoiste ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do aon duine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfí leis an ordú sin láithreach.

Déanfaimid tús a chur leis an díospóireacht ar an ábhar atá á phlé againn inniu, is é sin, grinnscrúdú réamhreachtach ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Os ár gcomhair inniu, tá Anna Ní Ghallachair, iarchathaoirleach bhord Údarás na Gaeltachta, agus Micheál Ó hÉanaigh, atá ina iarchathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta freisin. Iarraim ar Anna Ní Ghallachair tús a chur leis an seisiún inniu.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá mé anseo i dteannta iarphríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh agus tá mé iontach sásta an deis a bheith agam labhairt leis an gcoiste ar an ábhar iontach tábhachtach seo. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí as an gcuireadh teacht anseo le labhairt leo ar an gceist thábhachtach seo. Tá an méid atá le rá agam bunaithe ar mo thaithí mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta ar feadh deich mbliana ó 2012 go dtí 2023, mar thástálaí teanga le 20 bliain anuas agus mar bhall de bhord iontaobhaithe an Association of Language Testers in Europe, ALTE, a bhfuil mé ag feidhmiú air le naoi mbliana.

Maidir le cúrsaí ionadaíochta do na ceantair Ghaeltachta ar fad, ba mhaith liom a rá ar dtús báire go gcuirim fáilte roimh na hiarrachtaí atá sa Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 níos mó ionadaíochta a chothú idir bord an údaráis agus na pobail Ghaeltachta. Is maith liom, go háirithe, go mbeidh ionadaíocht sheasta ar an mbord ag na Gaeltachtaí go léir, rud nach raibh in Acht na Gaeltachta, 2012 agus a d’fhág nach raibh guth ag an tábla ag na Gaeltachtaí beaga i gcónaí, cé go ndearna Údarás na Gaeltachta a sheacht ndícheall a chinntiú go bhfuair siad cothrom na Féinne maidir le dáileadh acmhainní. Ar cheist thánaisteach, feictear dúinn gur chóir go mbeadh dhá comhalta ag Ciarraí agus triúr ag Dún na nGall a bhfuil ceantair Ghaeltachta scoite amach óna chéile iontu, go háirithe nuair a chuirtear na hoileáin san áireamh, i gcás Dhún na nGall, mar shampla.

Is maith an rud é go bhfuil sé i gceist na coistí réigiúnacha a thabhairt ar ais go foirmiúil agus go mbeidh teagmháil níos dírí acu agus ag na comhaltaí leis na pobail agus leis na grúpaí pleanála teanga ina gceantair féin. Tháinig fóraim réigiúnacha le chéile go rialta le deich mbliana anuas, ar iarratas ó chomhaltaí na mbord féin, ach rinneadh é seo gan beannacht an Achta dheiridh agus dá bhrí sin, baineadh ón stádas a bhí acu go dtí sin.

Maidir leis an gcumas teanga, is bunriachtanas é go mbeadh ar chumas chomhaltaí bhord an údaráis a gcuid gnó a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge. Aontaím gur fiú amharc ar na roghanna ar fad atá ann lena chinntiú go bhfuil an cumas nó inniúlacht teanga cuí ag na comhaltaí boird. Má fhágtar nach bhfuil aon chosaint reachtúil ann tá seans ann go dtoghfar comhaltaí ar bheagán Gaeilge nó gan an inniúlacht chuí sa teanga agus nach mbeidh ábalta a ndualgais mar ionadaithe agus mar chomhaltaí a chomhlíonadh mar ba chóir. Tá go leor scríofa faoi thábhacht na dteangacha sa daonlathas. Bhí mé ag freastal ar chomhdháil ar thástáil teanga coicís ó shin i Maidrid na Spáinne agus dúradh linn gurb é an téama a bheidh ag lárionad teangacha Chomhairle na hEorpa don tréimhse 2024 go dtí 2027 ná oideachas teanga i gceartlár an daonlathais. Mar sin de, is ábhar fíorthábhachtach é agus tá sé sin aitheanta ag Comhairle na hEorpa féin.

Maidir leis an leibhéal inniúlachta atá de dhíth ar chomhaltaí an bhoird, tá leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach, FTCE, á mholadh i gceannteidil an Bhille. Ní féidir tabhairt faoi obair an bhoird le leibhéal níos lú Gaeilge ná sin. Tá tuairimí á scaipeadh ar na meáin le cúpla seachtain anuas maidir leis an bhfráma tagartha atá míchruinn. Ní scrúduithe acadúla atá sna scrúduithe nó tástálacha, macasamhail teastas Eorpach na Gaeilge, atá bunaithe ar an bhfráma tagartha. Is scrúduithe nó tástálacha iad a thugann eolas i dtaca le cumas nó inniúlacht teanga an iarrthóra. Úsáidtear tástálacha mar seo i dtíortha ar fud na hEorpa, an tír seo ina measc, le dearbhú go bhfuil iarrthóirí ábalta feidhmiú go proifisiúnta sa teanga. Is fíor gurb é leibhéal B2 an bunleibhéal a iarrtar ar mhúinteoirí meánscoile atá cáilithe mar mhúinteoirí teangacha. Ach is cinnte fosta gur féidir le hiarrthóirí áirithe spriocanna leibhéal B2 agus os a chionn a bhaint amach san ardteistiméireacht, go háirithe daltaí a thógtar le Gaeilge taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht agus mic léinn as córas na nGaelcholáistí. Is dóigh go gcuireann sé mearbhall ar dhaoine sa tír seo ach is scéim é an FTCE a tugadh isteach in 2001 a bhunaigh Comhairle na hEorpa. Tosaíonn an bunleibhéal ag A1. Is é an leibhéal is bunúsaí ná A1. Téann sé ó A1, A2, B1, B2 agus C1, go dtí C2 agus is é an leibhéal C2 an leibhéal is airde cumais.

Is í fírinne an scéil é go bhfuil an chuid is mó de na cáipéisí a chuirtear faoi bhráid an bhoird ag leibhéal C1 nó C2 den fhráma tagartha, is é sin dhá leibhéal os cionn an B2 a mholtar. Fiú le leibhéal B2 ag tosú amach dóibh, beidh go leor oibre i gceist do na comhaltaí le teacht isteach ar an téarmaíocht a bhaineann leis an gcuntasaíocht agus leis an dlí. Tá taithí agam air sin. Tá a fhios agam nuair a thosaigh mé mar chathaoirleach in 2012 go raibh an foclóir in aice liom agus mé ag ullmhú an leabhair boird don chéad chúpla cruinniú. Bíonn idir 100 agus 300 leathanach sna leabhair boird. Bíonn go leor ábhar ansin agus go leor téarmaíochta a bhaineann le cúrsaí airgeadais, cuntasaíochta, dlí, pleanála teanga agus teangeolaíochta. I bhfianaise na bhfreagrachtaí atá ar chomhaltaí boird, tá sé ríthábhachtach go dtuigeann siad an t-eolas uilig a chuirtear faoina mbráid agus impleachtaí na gcinntí a dhéanann siad agus na bhfreagrachtaí atá orthu.

Más ceadmhach dom freagrachtaí an bhoird a mheabhrú, i dtaca le cúrsaí inniúlachta teanga agus rialachais bhoird Stáit, de réir mar atá siad beachtaithe ag an gcód cleachtais chun comhlachtaí Stáit a rialú ó 2016, seo hiad na freagrachtaí is mó:

Ba cheart don Bhord príomhfheidhmeanna a chomhlíonadh, an méid seo a leanas ina measc: treoir straitéiseach agus pleananna móra gníomhaíochta, beartais agus nósanna imeachta bainistíochta riosca, buiséid bhliantúla agus pleananna gnó a athbhreithniú agus a threorú, cuspóirí feidhmíochta a leagan amach, monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar fheidhmíocht chomhlacht Stáit, agus maoirseacht a dhéanamh ar chaiteachas caipitiúil agus cinntí infheistíochta.

Mura bhfuil leibhéal B2 ar a laghad ag na comhaltaí, beidh siad ag déanamh cinntí tábhachtacha gan an t-eolas cuí. Agus an méid sin ráite, níl gá leis na scileanna teanga uilig, is é sin, an chaint, an léitheoireacht, an chluastuiscint agus an scríobh, ag leibhéal B2. Is leor B2 sa léitheoireacht agus sa chaint, mar gurb iad seo na scileanna is mó a theastaíonn don obair. Ar ndóigh, bheadh eisceacht i gceist i dtaca leis an gcathaoirleach mar go mbíonn go leor scríbhneoireachta le déanamh ag an gcathaoirleach, ó mo thaithí. Maidir leis an moladh B2 “nó a chomhionann”, bheadh gá go mbeadh saineolas sa tástáil teanga ag an té a bheadh le breithiúnas a thabhairt ar an gcumas a bhí i gceist le comhionann B2.

I dtaca le cothromaíocht inscne agus leis an gcóras ceapacháin atá molta, ní fheicim cad é mar is féidir a chinntiú go mbeidh cothromaíocht inscne ar an mbord. Bheadh eagla orm go mbeadh barraíocht ag brath ar an seisear a bheadh le ceapadh faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí: cúrsaí inscne, scileanna cosúil leis an gcuntasaíocht agus araile. Chomh maith leis sin, cuireann an riail "duine amháin tuarastal amháin" dhá chasadh eile sa scéal. An féidir a bheith ag súil go mbeidh daoine ón tseirbhís phoiblí sásta seasamh don údarás; am, airgead agus dua a chaitheamh ar fheachtas toghchánaíochta agus gan iad a bheith i dteideal táille a fháil ar a gcuid oibre má thoghtar iad?

I mo thaithí fosta, is mná iad an chuid is mó de na hiarrthóirí as an tseirbhís phoiblí a chuireann isteach ar bhallraíocht ar bhoird Stáit. An bhfuil muid sásta dul sa seans, mar sin, gur trí chóras Public Appointments Service, PAS, a ainmneofar na mná, nó na fir, gur as an tseirbhís phoiblí a bheidh siad ag teacht agus nach mbeidh siad i dteideal táille ar bith a fháil as a gcuid oibre, cé gur minic go mbeidh an obair sin sa bhreis ar na cúraimí atá orthu ina bpoist buana? Mar chathaoirleach, tá sé fíordheacair bord bunaithe ar dhá chóras ceapacháin a láimhseáil mar go mbíonn an chuma air nach bhfuil sé cothrom. Ar ábhar gaolmhar, má tá muid tiomanta don iolrachas boird, go háirithe i dtaca le hinscne agus le haois, tá gá freastal ar na riachtanais a bhaineann le cúrsaí máithreachais. Faoi láthair, ní aithníonn an córas go bhfuil a leithéid de rud ann ar bhoird Stáit. Ba chóir é sin a chur ina cheart.

I dtaca le comhdhéanamh an bhoird - agus gabh mo leithscéal nach raibh seo san aitheasc a chuir mé isteach - tá sé tábhachtach go mbeadh leas-chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta mar tá gné poiblí measartha leathan ag cathaoirleach an bhoird, chomh maith leis an obair mar chathaoirleach, leis an obair riarachán agus leis na cruinnithe. Mar atá a fhios againn, tá na ceantair Ghaeltachta scaipthe ar fud na tíre, bíonn go leor taistil i gceist, bíonn go leor seoltaí i gceist agus bíonn go leor plé leis na pobail. Is pribhléid an obair sin ach glacann sé am agus dua agus is minic gur barraíocht é do dhuine amháin, go háirithe má tá an duine sin ag obair i bpost lánaimseartha in áit éigin eile.

Ó am go chéile, tagann deacracht aníos maidir le cúrsaí tinrimh. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh ceangal idir tinreamh agus rannpháirtíocht, agus cúrsaí íocaíochta. Tá modhanna difriúla ann le dul i ngleic leis an cheist seo. Faoi láthair is comhlacht Stáit atá in Údarás na Gaeltachta agus is bord Stáit atá sa bhord le buiséad bliantúil de €60 milliún á láimhseáil aige. Tá cuid mhór athruithe tarlaithe le deich mbliana anuas maidir leis an rialachas sna comhlachtaí Stáit. Tá an rialachas éirithe i bhfad Éireann níos déine, rud nach eol don phobal i gcoitinne, dar liom. Dá dtoghfaí tromlach na gcomhaltaí ar an bhord, rud a d’fhágfadh gur ionadaithe ar son a gceantair a bheadh iontu, d’athródh sé an eagraíocht ó bhonn. I ndáiríre, ba chosúla é le comhairle contae agus bheadh athruithe suntasacha le déanamh ar struchtúr na heagraíochta lena cur in oiriúint don leagan amach nua seo. Tá mé ag súil leis na ceisteanna seo a phlé leis an chomhchoiste. Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht liom.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá mé ag déanamh roinnt pointí anseo bunaithe ar mo thaithí mar phríomhfheidhmeannach agus ar mo thaithí, le os cionn 40 bliain anuas, ag obair in áiteanna éagsúla tríd an údarás sna réigiúin éagsúla agus i gcursaí forbairt pobail áitiúil tuaithe agus mar sin. Mar atá leagtha amach agam i mo ráiteas tosaigh, aithnímid gur áit ar leith atá sa Ghaeltacht. Aithnímid gur áit é a bhfuil fíorbhuntáistí ag baint leis ó thaobh na n-acmhainní, an acmhainn daonna agus an acmhainn nádúrtha san áireamh, le gnó a chur ann agus mar sin agus tá an cultúr agus an teanga mar rudaí ar leith ann. Aithnímid chomh maith go bhfuil roinnt mhaith dúshlán le sárú ag an nGaeltacht, cosúil le go leor ceantair tuaithe eile, ó thaobh easpa infheistíochta; imeallachais; áiteanna tearcfhorbartha éagsúla; brúnna ar theanga agus ar chultúr; bánú na tuaithe; easpa bunstruchtúir; easpa tithíochta; dífhostaíocht; agus an imirce.

Sa chomhthéacs seo tá buntáiste cruthaithe ann don Ghaeltacht go bhfuil agus go raibh eagrais mar Údarás na Gaeltachta freagrach aisti. Bhí eagrais ar leith ann, eagrais a bhí éagsúil ó aon eagras forbartha eile sa mhéid is go raibh níos mó ná cúraimí forbartha eacnamaíoch acu ach go raibh cúraimí forbartha sóisialta agus cultúrtha acu, leis an teanga lárnach. Ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980, tá cumas agus taithí aige. Tá go leor foghlama déanta ag an eagraíocht agus é anois mar eagraíocht atá réamhghníomhach, cruthaitheach agus nuálach, agus mar eagras a bhíonn ag comhoibriú agus ag dul i gcomhpháirtíocht le gach geallsealbhóir sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá aidhm ag an údarás an Ghaeltacht a fhorbairt agus a bhrandáil mar réigiún den chéad scoth. Táimid ag feidhmiú i ngeilleagar domhanda, ní hamháin ceann náisiúnta, agus tá an réigiún den scoth seo in ann dul i ngleic leis na dúshláin agus leas a bhaint as na hacmhainní uilig atá ann.

Tá straitéis leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta atá bunaithe ar an dá ghné mhór sin. Tá sé bunaithe ar an ngné fiontraíochta agus fostaíochta agus ar an ngné cultúir agus teanga. Sa straitéis seo, atá anois ag clúdach an tréimhse ó 2021 go dtí 2025, tá mórsprioc fiontraíochta go mbeadh 9,000 post ar an talamh sa Ghaeltacht ag deireadh 2025. Chomh maith, tá an mórsprioc cultúrtha go mbeidh 29 plean teanga faofa agus á gcur i bhfeidhm le linn an tréimhse sin. Mar a dúirt mé, tá an t-údarás nuálach agus ag breathnú chun cinn. Tá an straitéis atá ag an údarás bunaithe ar rudaí cosúil leis an eacnamaíocht ghlas; an eacnamaíocht ghorm; an eacnamaíocht chultúrtha agus cruthaitheach; an turasóireacht; agus an eacnamaíocht dhigiteach.

Chomh maith leis na mórspriocanna sin atá leagtha síos ag an údarás ó thaobh a bheith ag cabhrú le gnólachtaí agus le pobail agus mar sin, tá roinnt tosaíochtaí leagtha amach ag an eagras féin mar chuid den stratéis seo, rud atá fíorthábhachtach. Ceann acu sin ná forbairt ghréasán digiteach na Gaeltachta leis an nuálaíocht a chur chun cinn agus le leas a bhaint as cianobair i gceantair tuaithe. Tá 28 mol digiteach ar an talamh anois agus tá togra diaspóra ag aithint go bhfuil pobal na Gaeltachta níos mó ná na daoine atá díreach ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá daoine ar fud na tíre agus ar fud an domhain go bhfuil luí acu leis an nGaeltacht is atá mar acmhainn don Ghaeltacht.

Tá branda na Gaeltachta fíorthábhachtach. Tá sé tábhachtach go tuigfeadh agus go bhféachfadh daoine na rudaí speisialta atá ag teacht as an nGaeltacht. Tá páirc nuálach, Páirc na Mara, fíorthábhachtach ní hamháin do Chonamara agus don Ghaeltacht ach go náisiúnta mar gur togra é a d'fhéadfadh athruithe an-mhór tairbhiúil a dhéanamh ó thaobh acmhainn mara na tíre. Is féidir liom an Ghaeltacht ghlas agus tograí straitéiseacha turasóireachta a lua sa chomhthéacs seo freisin, mar aon leis an ngá atá ann an Ghaeltacht a bhuanú i measc óige na Gaeltachta. Tá cumasú agus oiliúint fíorthábhachtach chun cinntiú go bhfuil na scileanna ag muintir na Gaeltachta ní hamháin le haghaidh na jabanna atá ann anois ach le haghaidh na jabanna atá ag teacht thíos an bhóthair. Caithimid an fhiontraíocht a chur chun cinn agus gné thábhachtach de seo ná clár na gcomhlachtaí a bhíonn á reáchtáil i scoileanna na Gaeltachta chuile bhliain.

Tá stratéis na Gaeltachta ag teacht le agus ag cuidiú le straitéisí eile, réigiúnacha, naisiúnta agus Eorpacha agus tá sé ag cuidiú leis sin agus an comhoibriú sin ar siúl. Mar a dúirt mé, tá an Ghaeltacht éagsúil agus tá an t-údarás éagsúil mar go bhfuil forbairt pobail lárnach sa Ghaeltacht. Tá 33 eagras forbartha pobail atá ag fáil tacaíocht ón údarás agus atá mar phairtnéirí i gcur chun cinn forbairtí tríd an Ghaeltacht uilig, ó Dhún na nGall síos go Port Láirge. Tá scéimeanna fostaíochta pobail á reáchtáil a bhfuil os cionn 1 milliún duine agus 56 saoiste ag obair ag an údarás ar an talamh le coistí éagsúla.

Tá an cultúr agus teanga lárnach agus luaigh mé ansin go bhfuil 26 limistéar pleanála teanga ansin a bhfuil pleananna teanga ón mbun aníos forbartha acu is á gcur i bhfeidhm anois. Tá trí bhailte seirbhíse Gaeltachta, mar a chéile, a bhfuil pleananna curtha le chéile acu agus tá sin fíorthábhachtach. Is gné réasúnta nua é seo in obair an údaráis agus feicimid na hathruithe buntáistiúil dearfacha a thiocfaidh as an obair seo. Is cinnte go bhfuil ceannaithe isteach ag na pobail Ghaeltachta anseo, go bhfuil comhoibriú agus comhpháirtíocht ar siúl agus go bhfuil pleananna ansin gur féidir an-leas a bhaint astu. Sa ghné sin chomh maith tá fochomhlachtaí de chuid an údaráis, cosúil le Muintearas, Ealaín na Gaeltachta agus comhlacht atá i bpairtnéireacht, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, atá ag déanamh obair mhór ar son na teanga.

Is cuid thábhachtach de na struchtúir atá á gcur i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta iad seo. Ó thaobh fiontraíochta agus fostaíochta de, rudaí atá fíorthábhachtach, ní féidir le pobal inmharthana a labhraíonn Gaeilge a bheith ann mura bhfuil na daoine ann agus mura bhfuil na jabanna ann. I láthair na huaire, tá 8,235 post ar an talamh i ngnólachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Is poist lánaimseartha iad seo. Tá 400 post páirtaimseartha ann chomh maith. Nuair a bhíonn muid ag rá go dteastaíonn tacaíocht ó na ceantair Ghaeltachta imeallacha seo, is fíorthábhachtach é a chuimhneamh ní hamháin ar an aisíoc cultúrtha agus pobal agus ar an gcaipiteal cultúrtha agus sóisialta a bhfaigheann an Rialtas ar ais, ach ar an aisíoc eacnamaíochta fosta. Ag dul siar dhá bhliain ó shin, bhí díolacháin d'os cionn €1 billiún ag cuid de na comhlachtaí a fuair tacaíocht ón údarás. Bhí os cionn €600 milliún de sin easpórtáilte agus caitheadh €400 milliún de i ngeilleagar na hÉireann ar sheirbhísí agus ar amhábhair. Bhí €175 milliún i gcaiteachas pá i gceist agus fuarthas €150 milliún ar ais in íocaíochtaí cánach chuig an Státchiste. Caithfear cuimhneamh go bhfuil an trácht ag dul sa dá bhealach. Is áit í an Ghaeltacht ina bhfuil pobal inmharthana agus gnólachtaí inmharthana. Is ceart cuimhneamh air sin nuair atá muid ag rá go bhfuil tacaíocht ag teastáil.

Ó bunaíodh an t-údarás in 1980, bhí an gaol a bhí ag an mbord leis an bpobal thar a bheith tábhachtach. Bhí daoine tofa go díreach ag na pobail chuig an mbord i dtús báire. Le deich mbliana anuas, tá daoine ar an mbord tofa go hindíreach. Táthar anois ag caint ar dhul ar ais agus toghcháin dhíreacha a bheith ann. Is cinnte agus níl dabht faoi ach go bhfuil seirbhís an-mhaith tugtha ag na boird éagsúla idir na daoine a bhí tofa agus na baill a bhí ainmnithe a thug scileanna éagsúla leo. Bhí meascán maith ansin. Is cinnte go bhfuil fáilte le cur roimh aon rud a thabharfaidh an bord níos gaire don phobal. Maidir leis an údarás féin mar eagraíocht, chomh maith leis an mbord, buaileadh buille ar an eagraíocht tar éis an lagtráth ó thaobh na hacmhainne airgeadais agus na hacmhainne daonna, an fhoireann a bhí aige. Chuir sé sin as go mór do rudaí a chur chun cinn ach tá rudaí ag teacht ar ais go maith anois. Tá plean fórsa saothair nua ullmhaithe agus á chur i bhfeidhm i gcomhair le Roinn na Gaeltachta.

Cosúil leis an rud a bhí á rá ag Anna Ní Ghallachair, is maith an rud é go mbeidh ionadaithe tofa ann ach caithfear cinntiú go mbeidh clúdach ceart ag na Gaeltachtaí beaga ansin. Tá tábla i m'aighneacht maidir le daonra na Gaeltachtaí éagsúla. Taispeánann sé go bhfuil roinnt mhaith daonra in áiteanna éagsúla, agus is maith é sin, ach tá áiteanna ann atá níos imeallaí agus tá siadsan fíorthábhachtach. Más rud é go gcuirtear roinnt ionadaíocht bhreise in áiteanna mar Thír Chonaill, mar Ghaillimh agus mar Chiarraí le cinntiú go bhfuil an ionadaíocht sin ann, bheadh luach breise an-mhaith le fáil as an ionadaíocht sin. Sílim go mbeadh sé sin tábhachtach.

Bhí tagairt do na struchtúir réigiúnacha. Má tá daoine ag caint ar struchtúir réigiúnacha, tá trí struchtúr réigiúnach ann cheana féin. Ba cheart go mbeadh aon rud a dhéantar i dtaobh struchtúr réigiúnacha amach anseo bunaithe ar na trí struchtúr atá ann. Arís, má bhreathnaítear ar an daonra, déanann sé níos mó céille. Déanann sé ciall sa mhéid go bhfuil trí bhainisteoir réigiúnacha agus trí fhoireann réigiúnacha ag an údarás i láthair na huaire a bheadh in ann freastal a dhéanamh mar is ceart ar trí struchtúr réigiúnacha, is iad sin, Mumhan, Connacht-Laighean agus Tír Chonaill. Ba chóir a bheith cinnte go mbeadh ról aon choiste réigiúnach a bhunófaí sonraithe agus go mbeadh téarmaí tagartha an-soiléir aige. Má bhíonn coiste réigiúnach á bhunú, ba cheart breathnú ar na róil a bhíodh ag na coistí ag dul siar roinnt blianta ó shin. Rinneadh tarmligean dóibh le hairgead suas go méid áirithe a cheadú go háitiúil. Ba rudaí iad a baineadh úsáid as eolas áitiúil, as scileanna áitiúla agus as an bhfoireann áitiúil agus a saoradh suas an lárbhord chun a bheith ag breathnú ar rudaí eile. Is cuma cé chomh beag is atá rud, tá sé le dul ag an mbord mór agus súnn sé sin suas go leor ama. D'fhéadfaí na struchtúir réigiúnacha an cúram sin a dhéanamh le tarmligean. Bheadh sé go maith ó thaobh prionsabal na coimhdeachta, the subsidiarity principle, de chomh maith é seo a dhéanamh.

Ag caint ar choistí réigiúnacha, aontaím go bhféadfaidís an-luach a thabhairt i leith rudaí cosúil le pleanáil teanga agus forbairt phobail. Ba cheart breathnú ar an bhféadfaí iad a leathnú amach i gcomhair gnéithe áirithe den chruinniú. B'fhéidir go mbeadh ionadaíocht sheasmhach nó ionadaíocht ad hoc a bheith i gceist, cé gur féidir le hionadaíocht sheasmhach a bheith níos fearr ó thaobh na héifeachtachta de. Bheadh ionadaíocht in ann teacht isteach ó na meithleacha pleanála teanga nó na heagrais forbartha phobail le bheith mar chuid den chruinniú. D'fhéadfaidis go leor luach a thabhairt don phróiseas. Ar aghaidh mar sin, b'fhéidir go bhféadfaí cuireadh isteach a thabhairt do na geallshealbhóirí tábhachtacha eile atá fíorthábhachtach i gcomhair forbairt na Gaeltachta, go mór mór ó thaobh na teanga agus saol an phobail de. Táim ag caint faoi na húdaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, na boird oiliúna agus oideachas agus mar sin de. D'fheadfaí iad sin a thabhairt isteach ar bhonn córasach le cinntiú go bhfuil gach duine ar an leathanach céanna agus go bhfuil cur chuige comhordaithe agus comhpháirtíochta ag tarlú.

Luaigh mé go raibh plean fórsa saothair réitithe ag an údarás. Tá sé fíorthábachtach go gcuirfí é sin in áit. Thit an fhoireann go tubaisteach tar éis an lagtrátha ach tá plean curtha le chéile anois atá an Roinn tar éis glacadh leis. Thar an 100 plean eile, ba cheart é sin a chur i bhfeidhm le cinntiú go bhfuil an acmhainn ag an údarás leis an misean agus an réimse leathan freagrachtaí atá aige a chur i bhfeidhm.

I dtaobh bhuiséad caipitil an údaráis, caithfear é a mhéadú. Teastaíonn airgead le hinfheistíocht a dhéanamh. Ba bhuntáiste an-mhór a bhí ag an údarás agus é ag iarraidh na Gaeltachtaí a bheith iomaíoch le réigiúin eile le blianta anuas ná go raibh stoc foirgneamh aige ó aimsir Ghaeltarra Éireann sna 1970idí agus ó thús aimsir an údaráis sna 1980idí. Nuair atá stoc foirgneamh mar sin agat, tá tú in ann a bheith i gcoimhlint iomaíoch le háiteanna atá níos lárnaí toisc go bhfuil na foirgnimh sin agat. D'éascaigh é sin forbairt an ghréasáin Gteic chomh maith ach anois tá an stoc sin ídithe. Gan an stoc sin, beidh an Ghaeltacht faoi mhíbhuntáiste. Caithfear breathnú ar infheistíocht ansin.

Ní údarás tithíochta atá san údarás ach tá an tithíocht ábhartha. Tá an ghéarchéim tithíochta ag cur as do chuile ghné d'fhorbairt na Gaeltachta agus d'inmharthanacht na Gaeltachta. Cuireann sé as do rudaí ó thaobh fostaíochta, ó thaobh pobal inmharthana agus ó thaobh an chultúir. Tá géarghá go mbeifí ag breathnú chun tosaigh go réamhghníomhach agus rud éigin a dhéanamh faoi sin. B'fhéidir gur chóir breathnú ar an stoc tithe tréigthe atá tríd na Gaeltachtaí agus ar bhealaí chun iad a thabhairt ar ais in úsáid. Nuair atá eagras ar nós an údaráis ann, tá bunstruchtúr riaracháin ann cheana féin. Tá an t-údarás ag cur go leor clár ar fáil do Roinn na Gaeltachta, don Roinn Cosanta, don Roinn Coimirce Sóisialaí agus don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Táim ag caint faoi chláir cosúil leis an gclár LEADER. Arís, chun an leas is fearr a bhaint as sin agus chun dul chun cinn a chinntiú, ba chóir gurb é an t-údarás an dream atá ag cur na rudaí sin i bhfeidhm agus ag cinntiú go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí trí mheán na Gaeilge. Freisin, ba chóir go mbeadh an t-údarás in ann a bheith ag breathnú ar fhoinsí eile airgeadais le cinntiú go bhfuil sé in ann an infheistíocht atá ag teastáil leis an nGaeltacht a thabhairt chun cinn a chur in áit. Táimid ag caint ar an gCiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn agus rudaí mar sin. Is nithe praiticiúla iad sin taobh istigh den na struchtúir a bheidh éigeantach má táimid leis an nGaeltacht a thabhairt chun cinn bunaithe ar fhorbairt inbhuanaithe agus le pobail inmharthana.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tuigim go bhfuil ceisteanna ag an Teachta Ó Cathasaigh.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcur i láthair agus as a taithí shaibhir a roinnt linn. Is iomaí taithí atá acu ar an ábhar seo. Tá na ceisteanna céanna ag teacht aníos seachtain i ndiaidh seachtaine. Tá inniúlacht sa Ghaelainn i gceartlár na ceiste. Chuir an tAire, an Teachta Harris, dúshlán roimh gach éinne san Oireachtas le déanaí. Táimid i mbliain Eorpach na scileanna. Is é an dúshlán a chuir sé roimh gach aon duine ná scil nua a fhoghlaim le linn na bliana seo. Tá mé féin chun é a chur romham an teastas sin a bhaint amach chun a fháil amach cá bhfuil mé, bíodh sé ar leibhéal B1, B2 nó áit eile, agus tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist sa scrúdú sin. I might have company on the road.

Tá ceist chasta le réiteach ó thaobh cé acu go mbeadh vóta acu. Tá a lán cainte faoi chathair na Gaillimhe. Ar chóir go mbeadh vóta ag an gcathair? Tá an cheist chéanna againn i bPort Láirge. Baineann sé le líon na ndaoine atá ina gcónaí laistigh de Ghaeltacht na nDéise. Níl Gaelainn ó dhúchas ag an tromlach dóibh. Ar chóir go mbeadh vóta ag daoine sin i dtoghchán an údaráis? B’fhéidir nach bhfuil Gaelainn ag na tuismitheoirí ach tá na gasúir ag dul go dtí na scoileanna agus go dtí an Cumann Lúthchleas Gael agus tá siad ag labhairt Gaelainne ansin. Ar chóir go mbeadh vóta ag na daoine sin? Ba chóir. Is é sin mo thuairim phearsanta

Is í an cheist eile atá casta – tá sé léirithe ag Anna Ní Ghallachair – ná go bhfuil teannas ann ó thaobh an dualgais go mbeadh ionadaíocht ó gach ceantar Gaeltachta ach leis sin, go mbeadh cothromaíocht ó thaobh inscne de. Níl sé soiléir domsa ar chor ar bith i gcinnteidil an Bhille seo conas go réiteoimid an teannas sin. B’fhéidir go bhfuil smaoineamh ag na finnéithe ar conas gur féidir linn é sin a réiteach.

Ms Anna Ní Ghallachair

Sílim dá mbeadh réiteach na faidhbe sin againn, go mb’fhéidir go mbeadh i bhfad níos mó ban sa Dáil ná mar atá sa lá atá inniu ann.

Is cinnte go mbeadh.

Ms Anna Ní Ghallachair

Is ceist fhíorchasta é cinnte. Is dócha gur féidir linn a bheith ag caint ar chuótaí agus a leithéid ach ar bhealach, ní bhraithim go bhfuil an saineolas agam breithiúnas a thabhairt ar an gceist sin.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá dea-thoil ann ach ag deireadh an lae, má tá daoine ag iarraidh iad féin a chur cinn i dtoghchán, tá sé an-deacair a rá leo nach féidir. Níl a fhios agam ar rud é sin a tharlaíonn taobh istigh do pháirtí go mbíonn na cuótaí acu. I dtaobh an phointe a rinne an Teachta faoi vóta a bheith ag daoine, sílim go mbeadh sé thar a bheith deacair vóta a choinneáil ó dhuine ar bith atá ina chónaí sa Ghaeltacht, mar shaoránach. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil fadhb mhór ansin. Ní hé go bhfuil suim ag daoine i gcathair na Gaillimhe in aon rud maidir leis seo, ach beidh sé thar a bheith deacair coinneáil leis sin. Táimid i lár phróiseas pleanála teanga. Tugadh cuireadh do chuile ceantar a bheith páirteach ansin agus le linn na tréimhse seacht mbliana sin, tá chuile cheantar Gaeltachta ansin, fiú an dá cheann i nGaillimh, tar éis plean a chur le chéile. Bheadh sé aisteach dá dtosóimis ag rá leo, ar bhealach amháin, a theacht ag an doras linn, ach ag iarraidh a bheith ag dúnadh an dorais ar bhealach eile.

Ms Anna Ní Ghallachair

Táimid inár gcónaí i dtír atá daonlathach agus ba chóir go mbeadh cead vótála ag achan duine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Is í sin mo thuairim phearsanta.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Bhí an-suim agam sa mhéid a bhí le rá acu. Tá go leor ceisteanna agam. Triailfidh mé le díriú isteach ar chúpla ábhar faoi leith. Luadh ar dtús an tslí go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí go léir sa Bhille seo. Aontaím go bhfuil sé sin an-tábhachtach, seachas an córas a bhí ann cheana féin. Tá mé ag smaoineamh ar Oileán Chléire atá scartha amach ó cheantar Mhúscraí agus na hoileánaigh eile atá scartha amach ón mórthír chomh maith. An dóigh leis na finnéithe go bhfuil slí ann chun ionadaíocht a chinntiú? Conas a dhéanfaí láimhseáil ar na hoileáin chun a chinntiú go bhfuil an ionadaíocht oiriúnach ar fáil dóibh? An féidir an líon daoine ar an mbord a mhéadú? Cé chomh mór nó beag agus ar chóir dó a bheith? Luaigh Anna Ní Ghallachair gur bhraith sí gur chóir go mbeadh beirt as Ciarraí. Tuigim é sin. Thug sí dea-shampla maidir le Dún na nGall chomh maith. Cé chomh mór nó beag agus a bhféadfaí dul leis an mbord chun gur féidir é a láimhseáil? An mbeadh an bord rómhór ar fad tar éis 20 nó 30 duine? Cén saghas teorainn a chuirfí ann? Conas a chinnteofaí go mbeadh na hoileánaigh agus na pobail uile compordach leis an ionadaíocht?

Tá daoine den tuairim go bhfuil whips agus vótáil agus a leithéid de rud bainteach le bord an údaráis. Chaith mé tréimhse bliana ar an mbord. Ní dóigh liom go raibh vóta caite riamh le linn na tréimhse sin. Ní ghlacaim leis an tuairim seo mar gheall ar na whips. An féidir a rá cé chomh minic agus a bheadh vóta á chaitheamh i gcruinnithe bhord an údaráis? An bhféadfaí tuairim a thabhairt air sin?

Go minic, nuair a bhíodh na hionadaithe tofa, bhí aiseolas nó níos mó plé idir pobal agus na hionadaithe agus ceangal níos láidre leis an mbord. Tuigim go mbíodh na meáin ann cheana. Tuigim go mbíonn eolas á phlé ag na cruinnithe - mar gheall ar chomhlachtaí éagsúla, mar shampla - agus go mbeadh deacrachtaí ann dá mba rud é go scaoilfí é. Conas a dhéanfaí láimhseáil air sin nó conas a mholfaí é a láimhseáil, agus muid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil a fhios ag pobal na háite cad atá ar siúl? Cé mhéad de na meáin a cheart dóibh bheith in ann freastal ar na cruinnithe agus mar sin de?

Aontaím go láidir leis an méid a bhí le rá ag Micheál Ó hÉanaigh faoi thithíocht. Tá sí fíorthábhachtach. Caithfidh tithíocht a bheith ann i gcomhair pobail na Gaeltachta. Ní bhaineann tithíocht leis an údarás. Ar chóir é sin a athrú agus a shíneadh amach ionas go mbeadh an t-údarás in ann páirt a ghlacadh ansin? Luaigh Micheál Ó hÉanaigh na tithe folmha. An bhfuil tuairim faoi leith aige mar gheall ar conas a dhéanfaí é sin a láimhseáil?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tógfaidh mé an ceann deireanach i dtosach. I dtaobh na tithíochta, ní údarás tithíochta atá san údarás agus ní gá gurb ea, ach is féidir leis tabhairt faoi ghníomh i gcomhpháirtíocht le húdarás áitiúil, comharchumann tithíochta, dreamanna éagsúla eile nó pobail áitiúla le athchóiriú a dhéanamh ar na tithe atá tréigthe agus a bheadh ar fáil.

D’fhéadfaí rudaí mar sin a dhéanamh le heagrais mar an t-údarás, mar eagras forbartha áitiúil, ag obair i gcomhar leis na húdaráis áitiúla. Tá gréasán iontach d’eagrais phobalbhunaithe ag an nGaeltacht nach bhfuil ag aon dream eile. Tá bealaí gur féidir tabhairt faoi sin agus tabhairt faoi scéimeanna agus tá dreamanna amuigh ansin atá in ann comhoibriú. Tá mé féin páirteach in eagraíocht, Co-operative Housing Ireland, a chuireann tithíocht shóisialta ar fáil agus mar sin de. Tá roinnt múnlaí mar sin go bhféadfaí breathnú orthu ach sílim gur féidir sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé, tá ceangal láidir ag Údarás na Gaeltachta leis an bpobal agus chabhródh sé sin go mór leis. Tá rudaí mar sin go bhféadfaí a dhéanamh gan a bheith mar údarás tithíochta ach go mbeadh aitheantas ag an údarás gur maith an rud go bhfuil an t-údarás á dhéanamh. Ní aon mhaith a bheith ag cruthú post in áit gan tithíocht. Tá an oiread samplaí feicthe agam de dhaoine ag fáil poist i gceantair Ghaeltachta ach nach bhfuil in ann cónaí sna ceantair faoi nach as an áit iad ó thús. Tá deacrachtaí mar sin ann ó thaobh cead pleanála.

Luaigh an Teachta na hoileáin. Tá buntáiste an-mhór ag na hoileáin mar go bhfuil eagras ansin, Comhar na nOileán, atá ag déanamh ionadaíochta do na hoileáin uilig, na hoileáin ghalltachta chomh maith leis na hoileáin Ghaeltachta. Is eagras fíormhaith é sin a dhéanann an-ionadaíocht. Ní gá ionadaíocht a lorg ó chuile oileán mar go bhfuil eagras ansin atá in ann labhairt thar ceann na n-oileán go léir. Is buntáiste é sin agus tá taithí cruthaithe acusan maidir leis na hoileáin a chur chun cinn agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na n-oileán.

Níl aon dabht maidir leis an aiseolas. Uaireanta bíonn muid sásta go ndéanann muid rud agus ansin téann muid ar aghaidh go dtí an chéad rud eile ach déantar dearmad go minic ar cén bealach an t-aiseolas sin a chur amach ag na pobail. Tá sé sin fíorthábhachtach. Aon bhealach gur féidir é sin a fheabhsú, ba cheart é sin a dhéanamh.

Ms Anna Ní Ghallachair

I dtaca leis an gceist dheireanach a chur an Teachta faoi chúrsaí tithíochta, d’aontóinn 100% leis an méid a deir Mícheál Ó hÉanaigh. Tá daoine ann nach acmhainn dóibh tithe a cheannach ina gceantair féin. Sa bhliain dheireanach a raibh mise ar an mbord fuair muid toscaireachtaí ó dhá cheantar Gaeltachta, ar a laghad, faoi chúrsaí tithíochta. I gceann amháin acu bhí tithe á ndíol mar thithe saoire agus tithe samhraidh ar airgead nach dtig le muintir an cheantair caitheamh ar theach, nach acmhainn do mhuintir na háite. Caithfidh dream éigin dul i ngleic leis an deacracht sin. Is cinnte go raibh tuiscint mhaith ag an údarás ar na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí ansin agus an tionchar a bhí acu sin ar ghnéithe eile den saol sa Ghaeltacht.

Maidir le chomh mór agus ba chóir an bord a bheith, dúirt go leor de na comhaltaí a bhí ar an seanbhord go raibh bord de 12 go maith, gur éirigh linn níos mó oibre a dhéanamh amanna agus go raibh muid níos éifeachtaí in amanna. Ar an lámh eile, ní raibh sé ionadaíoch go hiomlán maidir leis na Gaeltachtaí beaga. Domsa, an méid is fearr ná an bord is lú a thig leat a chur le chéile atá chomh hionadaíoch agus is féidir. Tá cothromaíocht le haimsiú idir an ionadaíocht agus an méid. Níl a fhios agam an bhfuil uimhir nó figiúir idéalaíoch ach luadh thart ar 12 sa mhéid atá léite agamsa.

Maidir leis na whips agus vótaí, ní cuimhin liomsa go raibh vóta againn riamh sna deich mbliana a chaith mise mar chathaoirleach ar bhord an údaráis. Caithfidh mé a rá fosta nár léir dom riamh gur tháinig polaitíocht i dtaca le páirtithe aníos agus muid ag plé ceisteanna. Bhí duine amháin a dúirt liom sula ndeachaigh mé ar an mbord, sular thosaigh an chéad chruinniú agam, gur mar sin a bheadh sé agus bhí an ceart aige. Seo duine a raibh taithí aige ar an mbord. Níor léir domsa cén comhalta a bhain le páirtí, caidé an páirtí nó ar bhain siad le páirtí ar bith ón bplé agus ón ionchur a bhí acu san obair.

Maidir le haiseolas, tá sé sin tábhachtach ach tagann sé ar ais ag an gceist a bhí agam: an é comhairle contae a bheidh san údarás nó bord Stáit? Tá go leor den phlé a bhaineann le cúrsaí tráchtála íogair agus faoi rún agus ní féidir é a roinnt leis an bpobal. Bíonn go leor figiúirí maidir le cuntais, comhlachtaí agus a leithéid i gceist. Tá an t-eolas sin le fáil againne agus le feiceáil againne ach is eolas é nach féidir a roinnt leis an bpobal i gcoitinne. Ar an dóigh sin, b’fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais ag ceist na gcomhairlí contae arís. B’fhéidir go bhféadfaí struchtúr difriúil a bheith ann, go mbeadh coiste eile taobh istigh den eagraíocht a phléadh cuid de na ceisteanna sin i dtaca le cúrsaí atá faoi rún nó cúrsaí atá íogair ó thaobh tráchtála de agus go mbeadh ról difriúil ag an mbord san eagraíocht úr sin. Tuigfidh an Teachta go bhfuil deacracht ansin.

An iad sin na coistí réigiúnacha?

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá mé ag caint ar choistí infheistíochta, mar shampla. Tá coiste infheistíochta san údarás cheana féin ach b’fhéidir go mbeadh níos mó cumhachta ag an gcoiste sin agus go mbeadh cúpla comhalta ón mbord ar an gcoiste sin agus duine nó beirt seachtracha ó na hearnálacha ábhartha nó rud éigin mar sin. Níl an oiread sin machnaimh déanta agam air mar ní bhaineann an cheist liom féin go sonrach a thuilleadh ach i mo thuairimse, mar atá ráite agam, bheadh athstruchtúrú le déanamh má tá muid ag iarraidh an gaol leis an bpobal a neartú, níos mó eolas a thabhairt don phobal agus dá mbeadh toghchán i gceist, níos cosúil leis an gcomhairle contae. Bheadh muid ag imeacht ón struchtúr a fheiceann muid in eagraíochtaí cosúil le Fiontar Éireann agus an IDA. Táimid níos cosúil leo sin faoi láthair.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá sé imithe go mór i bhfeidhm orm go bhfuil níos mó ná deich mbliana caite ag Anna Ní Ghallachair mar chathaoirleach. Is iarchathaoirleach í anois agus gabhaim buíochas léi as a cuid oibre. Tá Mícheál Ó hÉanaigh beagnach ar comhaois le hÚdarás na Gaeltachta. Chaith sé 40 bliain ann, de réir mar a thuigim, agus na blianta deireanacha mar phríomhfheidhmeannach. Go raibh míle maith agat. Tá réimse leathan tuairimí ag teacht os ár gcomhair le cúpla seachtain anois. Beidh sé deacair dúinn tuarascáil a chur le chéile ach tá sé an-suimiúil agus an-chabhrach.

Ó thaobh ionadaíocht do na ceantair, tá na finnéithe ag cur fáilte roimh an gcóras nua agus an ionadaíocht sheasta ag gach Gaeltacht. Tá sé sin soiléir. Tá siad ag rá go bhfuil gá le níos mó comhaltaí ó Chiarraí agus ó Thír Chonaill. Tá sé sin ráite go soiléir freisin.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí na coistí réigiúnacha. Tá gá le téarmaí tagartha atá soiléir. Tá sé sin á rá ag na finnéithe. Tá Mícheál Ó hÉanaigh ag rá gur mba chóir go mbeadh siad bunaithe ar an struchtúr atá ann faoi láthair, na trí choiste atá ag Údarás na Gaeltachta. An ea?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Is ea.

Okay. Bhí tuairimí éagsúla ó thaobh gá na gcoistí seo. An bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil gá tuilleadh cumhachtaí a thabhairt dóibh? Cuirfidh mé na ceisteanna agus is féidir leo teacht ar ais. An bhfuil gá le tuilleadh cumhachtaí nó an iad coistí comhairliúcháin atá i gceist nó cibé rud?

Tá sé suntasach go bhfuil leathanach go leith in aighneacht Anna Ní Ghallachair faoi chumas teanga. Is iontach an rud é. Bhí duine os ár gcomhair a bhí den tuairim gur masla é tástáil teanga. Tá leathanach go leith anseo ag cur in iúl chomh tábhachtach atá cumas sa Ghaeilge.

Agus mé féin ag streachailt leis an nGaeilge le fada, tuigim an deacracht atá againn go léir na cáipéisí a léamh trí Ghaeilge. Ní mór dom a rá go bhfuil sé deacair iad a fháil i nGaeilge i dtús báire ach, nuair atá siad os ár gcomhair, bíonn sé deacair iad a léamh. Tá cumas faoi leith ag teastáil. Tá sé sin ráite go neamhbhalbh agus fáiltím roimhe sin toisc go gceapaim gur chur i gcéill a bheadh ann gan é sin a rá, bunaithe ar mo thaithí féin ar choistí éagsúla, an coiste seo san áireamh. B'fhéidir go bhfuil bealach eile seachas tástáil B2 ann chun a chinntiú go bhfuil cumas Gaeilge ag daoine. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais go dtí an pointe sin. An bhfuil bealach eile chun é sin a chinntiú, taobh amuigh de thástáil B2?

Labhróidh mé ar chothromaíocht inscne. Tá sé deacair i gcónaí. Is dóigh go bhfuil na mná róchiallmhar chun a bheith bainteach le haon rud ó thaobh cúrsaí polaitíochta nó coistí. Níl an chiall chéanna agam. Rinne mé dearmad ar an riail "duine amháin, tuarastal amháin". An bhfuil na finnéithe ag rá gur constaic é sin nó gur féidir constaic a bheadh ann? Is bealach eile iad cuótaí ó thaobh toghchán. Beidh dhá phróiseas i gceist, na ceapacháin agus na toghcháin. B'fhéidir go bhfuil na finnéithe ag rá go mbeidh an dualgas ar an gcóras ceapacháin cothromaíocht inscne a chinntiú.

Tá ceist ó thaobh Údarás na Gaeltachta agam do Mhicheál Ó hÉanaigh. Luaigh sé stoc foirgneamh. Ní raibh mé chun é seo a ardú because beidh sé á ardú agam sa Dáil amárach. Luaigh sé gur buntáiste mór a bhí ann stoc foirgneamh a bheith ag an údarás agus aontaím leis. Is dócha go bhfuil an t-údarás i mbun oibre faoi láthair chun caoi a chur ar na foirgnimh atá fágtha. Is fadhb amháin í sin. Is í an fhadhb eile ná foirgnimh bhreise a fháil. Tá sé ráite ag Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil réimse leathan cúraimí ag Údarás na Gaeltachta i gcodarsnacht le heagraíochtaí eile. Dúirt Anna Ní Ghallachair go bhfuil an t-údarás ag feidhmiú cosúil leis an IDA nó Enterprise Ireland. B'fhéidir go raibh míthuiscint ar mo thaobh.

Ms Anna Ní Ghallachair

Gabh mo leithscéal. Ba cheart dom a rá inniu gur gné amháin den obair é sin. Ar ndóigh, tá an t-údarás ag plé le pleanáil teanga agus le 20,000 rud eile, ach is gné amháin den obair é sin. Is gné thábhachtach é ach tá an chuid eile chomh tábhachtach céanna.

Tuigim ach tuigim freisin go bhfuil níos mó dualgas ar an údarás gan an acmhainn cheart a bheith aige. Níl na dualgais chéanna ar an dá eagraíocht eile. Tá siad in ann díriú isteach ar chúrsaí fostaíochta. Tá an t-údarás in áit na leathphingine i ndáiríre toisc go bhfuil tríonóid na ndualgas air. Ní saineolaí mé ach, i mo thuairim, tá sé dírithe isteach ar chúrsaí fostaíochta. Tuigim é sin toisc nach mbeidh aon teanga ann gan fhostaíocht ach, ag an am céanna, ní bheidh aon teanga ann má leanaimid ar aghaidh gan coinníollacha ó thaobh cúrsaí teanga sna monarchana agus sna hionaid oibre.

Mar a dúirt an Teachta Moynihan, tá téama na tithíochta tagtha suas go mion minic anseo. Níl mé den tuairim go mba chóir go mbeadh dualgais phleanála ar Údarás na Gaeltachta. Ar aon nós, ní tharlóidh sé thar oíche. Táimid ag caint anseo faoi Bhille srianta gearr chun toghcháin a thabhairt ar ais ach, sa chomhthéacs sin ó thaobh cúrsaí tithíochta, tá ról ag an údarás faoi láthair cur in iúl do na húdaráis áitiúla cé chomh deacair is atá sé tithe a thógáil nó tithe a fháil. Óna thaithí féin, an féidir le Micheál Ó hÉanaigh soiléiriú a thabhairt ar cé chomh minic is a bhain an t-údarás úsáid as an ról sin? An bhfuil aon cháipéisí le feiceáil? An bhfuil aon rud le feiceáil thar na blianta ina gcuireann an t-údarás in iúl don dá údarás áitiúil go bhfuil sé beagnach dodhéanta lonnaíocht a chothú sna Gaeltachtaí uilig? Ba mhaith liom é sin a chloisteáil.

Tá dhá rud dheireanach agam. Luaigh Anna Ní Ghallachair Maidrid ó thaobh cúrsaí daonlathais agus teangacha. An dtiocfaidh sí ar ais go dtí sin? Bhí suim agam ann. Rinne mé dearmad ar rud eile freisin. Tá coinníollacha teanga ann ó thaobh cúrsaí tithíochta sna Gaeltachtaí ach, i mo thaithí, nuair atá forbairt mhór i gceist, níl béim ar bith ar chúrsaí teanga. Ní féidir teach a thógáil gan na coinníollacha a chomhlíonadh ach is féidir teach a cheannach gan aon choinníollacha teanga. Tá rud amháin ag teacht salach ar an rud eile. An bhfuil sé sin fíor?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

I dtaobh ról an údaráis i gcúrsaí tithíochta, má tá forbairt ann ina bhfuil níos mó ná cúpla teach i gceist, iarrtar ar thuairimí an údaráis agus tugaimid na tuairimí sin. Cuirimid ina luí ar na húdaráis áitiúla go gcaithfidh plean teanga a bheith i bhfeidhm agus cúinsí teanga a thógáil san áireamh. Is é sin an ról atá againn. Táimid mar shaghas named-----

An mbíonn aighneacht scríofa i gceist i gcónaí?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bíonn aighneachtaí scríofa ann.

Cad mar gheall ar mhonatóireacht?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl ról againn sa mhonatóireacht. Is é an ról atá againn ná aighneacht a dhéanamh agus ár dtuairimí a chur in iúl. Go mór mór le gairid, luíonn na tuairimí sin isteach leis an bplean teanga atá sa gceantar. Is é sin an ról atá againn. Comhlíonann an t-údarás an ról sin. Ansin, cuireann an t-údarás áitiúil aon choinníollacha teanga bunaithe air sin i bhfeidhm.

Luaigh an Teachta an phleanáil chomh maith. Níor chóir údarás pleanála a dhéanamh den údarás. Ba choiscéim an-mhór é sin. Bheadh go leor impleachtaí ag baint leis sin agus bheadh go leor acmhainní ag teastáil. Sílim go mba cheart go mbeadh níos mó suntais tugtha, ar bhealach córasach éigin, ag na húdaráis áitiúla d'aidhmeanna an údaráis. Má tá lánúin a bhfuil Gaeilge ag an mbeirt acu agus atá ag obair sa Ghaeltacht ach nach bhfuil as an mbaile fearainn iad, chuirfeadh siad go mór leis an mbaile fearainn ó thaobh teanga, inmharthanacht an bhaile agus mar sin de. Caithfear rudaí mar sin a thógáil san áireamh agus gan breathnú ar an mbaint atá nó nach bhfuil acu leis an áit ag dul siar cúpla glúin. Is deacracht an-mhór é sin sa Ghaeltacht.

Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn an t-údarás ag iarraidh tograí straitéiseacha a chur chun cinn, bíonn an-deacracht ansin. Tá a fhios againn samplaí de sin. Bíonn muid ag caint ar fhorbairt inbhuanaithe agus sustainability principles ach is é an taithí atá againn ná nach dtógtar ach ceann amháin de na gnéithe a bhaineann le hinbhuanaitheacht, an timpeallacht, san áireamh nuair atáthar ag caint air sin. Fágtar amuigh daoine agus fiontar. Tá siadsan chomh mór mar dhea-phrionsabail inbhuanaitheachta is atá aon rud eile. Má tá plean ar mhaithe leis na Gaeltachtaí curtha le chéile ag an údarás, caithfidh níos mó comhoibriú agus bealach córasach a bheith ann chun go nglacann na húdaráis áitiúla leis go bhfuil sé ar mhaithe leis an bpobal agus go gcaithfear feidhmiú dá réir. Is deacracht an-mhór é sin. Cuireann sé go leor moille ar rudaí agus coinníonn sé forbairtí siar. Nuair atá forbairtí á gcoinneáil siar, tá glúnta á gcailleadh agus á ndul ar imirce. Is gné den phleanáil, rud a luaigh an Teachta, é sin.

Ms Anna Ní Ghallachair

Bheadh níos mó eolais faoi na fóraim réigiúnda ar Mhicheál Ó hÉanaigh ná mar a bheadh agamsa má tá sé ag iarraidh an cheist sin a fhreagairt.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Sílim go bhfuil an-deis sna fóraim réigiúnda. Tá acmhainn ansin. Tá trí struchtúr réigiúnach ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire agus tá bainisteoirí agus foireann acu. Bhí na struchtúir sin ag breathnú i ndiaidh tograí áitiúla suas go dtí 11 bliain ó shin. Tá an-deis tarmligean a dhéanamh leis na coistí sin agus an fhoireann áitiúil a úsáid le meastóireacht a dhéanamh agus an t-eolas áitiúil i dtaobh an déanamh suas a bheidh ar an gcoiste réigiúnach a úsáid ó thaobh bhaill an údaráis.

Tríd sin, d’fhéadfaí deontais suas go leibhéal áirithe a cheadú agus rud a bheadh éifeachtach agus a chuirfeadh le héifeacht na mbord chomh maith. Luamar ansin an méid cúramaí atá ar an mbord agus an méid tograí móra a bhíonn os comhair an bhoird iomláine. Bhainfeadh sé seo go leor den bhrú. Bheadh sé go maith ó thaobh coimhdeachta de go mbeadh an subsidiarity sin á thabhairt do na ceantair agus go dtabharfadh sé níos mó fairsinge don phríomhbhord a bheith ag déileáil ar an méid mór gnó atá le déanamh aige sin. Tá an-deis ansin. D’oibrigh sé go maith cheana. Níl aon fháth nach n-oibreodh sé go maith arís. Sílim go gcuirfí fáilte roimhe sna réigiúin chomh maith.

Luaigh mé gné eile den choiste réigiúnach, is é sin an ghné leathnaithe. Tá sé sin bunaithe ar mhúnla, rud a bhí san Acht Rialtais Áitiúla ag dul siar b’fhéidir 20 bliain ó shin, is é sin, expanded electoral area committees a bhí ansin. Thabharfaí daoine isteach leis na baill tofa le rudaí a bhain le pobal agus rudaí áitiúla a phlé le go bhféadfaí níos mó luacha a chur leis. Dar ndóigh, bheadh sé sin i gceist anseo agus an ghné teanga. Dá mbeadh an ghné sin den choiste réigiúnach leathnaithe, d’fhéadfadh sé níos mó eolais, taithí agus scileanna áitiúla a thabhairt isteach sa phróiseas agus go leor luacha a thabhairt aige.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá mé ag teacht leis na smaointe atá ag an iar-phríomhfheidhmeannach ar an gceist seo, ach tiocfaidh mé ar ais ag na pointí uile a luaigh an Teachta maidir le cumas teanga. Is dócha gurb é ceann de na róil is mó atá ag bord ar bith agus tá go leor acu ann, ná in amanna na páipéir agus na cáipéisí uilig a bhíonn le síniú againn. Dá smaoineofaí tamall fada ar na freagrachtaí atá ar bhaill agus iad ag síniú cáipéisí áirithe, ní bhfaighfí codladh na hoíche ar an mbord ar chor ar bith. Ag tabhairt le fios gur féidir le duine éigin an obair sin a dhéanamh agus gan chumas sa teanga acu, níl a fhios agam cá as a bhfuil sé sin ag teacht. Is dócha gur féidir a rá go bhfuil B1 agam san Iodáilis nó rud beag níos mó ná sin in amanna, ach níor mhaith liom a bheith ag iarraidh conradh a shíniú leis an Iodáilis atá agam agus a bheith freagrach as na himpleachtaí agus an tionchar a bheadh ag an conradh sin, mura mbeadh an leibhéal sin sa teanga sin.

Tá achan comhalta boird comhfhreagrach as na cinntí a dhéantar. Tá an t-ábhar a bhíonn sna cáipéisí seo go minic caolchúiseach. Tá an tábhacht a bhaineann leis an rialachas méadaithe as cuimse le deich mbliana. Tá GDPR tagtha isteach thart ar an tréimhse sin chomh maith. Má tá an comhalta ag iarraidh a bheith freagrach as a chuid nó a cuid dualgais a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach, níl bealach ar bith gur féidir leis nó léi é sin a dhéanamh agus gan tuiscint cheart ar an teanga ina bhfuil na cáipéisí atá sé nó sí ag léamh scríofa. Sin é bun agus barr an scéil.

Maidir leis an bhfoinse a luaigh an Teachta faoi bhealach eile, is i 2001 a tugadh isteach an FTCE. Is é Comhairle na hEorpa a thug isteach é agus tamall ina dhiaidh sin, ghlac Coimisiún na hEorpa freagracht as agus chuir sé tuilleadh airgid isteach ina fhorbairt. Tá sé leibhéal cumais ann agus tá i bhfeidhm ar fud na hEorpa anois agus tá tíortha eile á dtabhairt isteach nó á n-úsáid, mar atá an tSile, Ceanada agus tíortha eile. Tá córas rud beag cosúil leis ag na Meiriceánaigh, a dtugtar ACTFL air.

Ní raibh a leithéid ann go dtí sin. Bhíodh daoine ag caint ar bhunleibhéal, ar mheánleibhéal agus ar ardleibhéal agus ní raibh ciall ar bith leis. Bhí ciall le bunleibhéal ach ní raibh ciall ar bith leis an dá rud eile. Dá ndéanfadh duine amháin cúrsa teanga in áit amháin agus go ndúirt sé nó sí go raibh meánleibhéal aige nó aici agus dá rachadh sé nó sí le cúrsa teanga a dhéanamh in áit eile, bhí seans ann go minic nach raibh comparáid ar bith idir an dá leibhéal.

Go bhfios domsa, níl córas eile ar bith ann seachas an FTCE. Is féidir scrúduithe difriúla a dhéanamh atá ceangailte leis an FTCE, ach ní teanga acadúil atá ann agus ní cúrsa acadúil atá i gceist leis na sonraíochtaí nó na siollabais a bhaineann leis na teangacha sin. Is cumas teanga atá ann.

Tá a leithéid ann, mar shampla, sa choiste a bhfuilimid air le chéile agus a d’fhreastail mé air i Madrid. Tá Cambridge Shasana air agus tá scrúdú aige, is é sin, International English Language Testing System, IELTS. Dochtúir ar bith a thagann ag an tír seo as tír nach bhfuil an Béarla a labhairt ann, caithfidh sé nó sí scrúdú a dhéanamh agus 7.5 a fháil ar scrúdú IELTS le cleachtadh mar dhochtúir sa tír seo. Tá daoine den tuairim nach féidir le dochtúirí a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh i gceart mura bhfuil an teanga acu. Mura bhfuil dochtúir ábalta é sin a dhéanamh, ní fheicim cén fáth go bhféadtar a rá go mbeadh sé inghlactha go mbeadh comhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta agus gan cumas teanga aige ná aici agus iad freagrach as na cinntí a dhéanamh agus as buiséad suas le €60 milliún.

Maidir le duine amháin, tuarastal amháin, is é an rud a déarfainn faoi sin ná dá mbeadh na comhaltaí go léir ar an mbord agus gan tuarastal ar bith acu, bheadh níos fusa é a láimhseáil ná bord a bheith ann agus cuid acu ag fáil tuarastail agus cuid eile nach bhfuil. Tabharfaidh mé sampla amháin de cheisteanna inscne. Rinne mé dhá thréimhse chúig bliana mar chathaoirleach. Ag tús an dara tréimhse, ceapadh cúigear ban agus seachtar fear. Bhí an seachtar fear ag fáil táille agus ní raibh duine ar bith de na mná ag fáil táille, mar gur tharla sé go raibh na mná go léir ag teacht as an earnáil phoiblí agus ba as an earnáil phríobháideach nó rud éigin cosúil leis sin a bhí na fir uilig ag teacht.

Ní raibh sé féaráilte agus ní raibh mé féin ag fáil táille ach oiread, caithfidh mé a rá. Ní raibh sé ceart ná cothrom go rabhthas ag iarraidh ar dhaoine nach raibh ag fáil táille ar bith agus a bhí ag déanamh post lánaimseartha san earnáil phoiblí gan díolúine de chineál ar bith a fháil ó thaobh na hoibre de agus a bhí ag déanamh na hoibre seo sa mhéid ar an jab a bhí acu. Tá sé iontach deacair iarraidh ar na daoine sin dul ar fhochoistí agus a leithéid. Bhí siad sásta é sin a dhéanamh agus rinne cuid acu an t-uafás oibre, caithfidh mé a rá.

Níl mé ag rá gur shuigh státseirbhísigh síos agus gur shocraigh siad le cúigear ban a fháil isteach ionas nach gcosnódh sé pingin orthu. Ní mar sin a tharlaíonn ach tá éagothroma taobh thiar den rud go léir ar bhealach anseo, áfach. Ní hé sin a bhí i gceist an chéad lá riamh nuair a tugadh isteach an córas sin ach níl an dóigh a gcuirtear i bhfeidhm é faoi láthair ceart. Is é sin an méid atá le rá agam faoi sin.

Maidir le cúrsaí daonlathais agus teanga, tá an European Centre for Modern Languages, ECML, atá lonnaithe i Graz na hOstaire agus is é an chuid de Chomhairle na hEorpa a bhaineann le cúrsaí teanga. Bíonn scéimeanna acu do dheontais taighde gach trí bliana. Is é an chéad scéim eile atá aige ná an t-oideachas teanga i gceartlár an daonlathais agus is é an rud atá ann ná tábhacht na dteangacha sa chóras daonlathach. Má táimid ag iarraidh a bheith go hiomlán páirteach agus freagrach agus ábalta ár gcuid oibre a dhéanamh, caithfimid a bheith inniúil ar na teangacha sin.

Táimid ag caint ar an daonlathas cuid mhór. Ní gá a rá le duine ar bith thart air go dtagann freagrachtaí agus díograis leis sin. Ní féidir le duine a bheith chomh díograiseach nó freagracht chéanna mura dtuigeann an duine go hiomlán cad é atá ag tarlú thart air nó uirthi.

Sin lón machnaimh ó thaobh a lán rudaí agus go háirithe ó thaobh cothromaíochta agus míchothromaíochta agus cúrsaí inscne.

Maidir leis na foirgnimh agus le tithe a cheannach gan coinníoll teanga, an bhfuil mé ceart nó mícheart gur féidir teach a cheannach sa Ghaeltacht gan aon choinníollacha i gceist ach ní féidir teach a thógáil?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Braitheann sé. Má thógtar teach ar an mbunús-----

Go ginearálta, tá coinníollacha ag baint le tógáil ach níl aon choinníollacha ag baint le ceannach.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl coinníollacha ag baint le seantithe a cheannach sa Ghaeltacht ach má thógtar teach faoi section 47 tá srian seacht mbliana ar a dhíol.

Is féidir liomsa, dá mba rud é go raibh an t-airgead agam, teach a cheannach gan aon choinníollacha teanga i gcroílár na Gaeltachta.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl aon choinníollacha teanga ann. Luaigh an Teachta foirgnimh an údaráis. Chuirfinn an-bhéim air sin. Bhí an t-ádh ar an údarás le roinnt blianta anuas gur cuireadh an bunstruchtúr sin isteach sna 1970idí agus 1980idí. Thóg sé airgead mór athchóiriú a dhéanamh ach bhí siad ann le hathchóiriú a dhéanamh orthu. Tá go leor fostaíochta ar an talamh san údarás sa lá atá inniu ann agus go leor de sin mar gheall ar na foirgnimh sin. Níor mhaith liom go gcaillfeadh an t-údarás an buntáiste comparáideach sin a bhí acu go dtí seo.

Ag caint ar an gcineál fostaíochta, tá go leor den fhostaíocht atá leagtha amach i straitéis an údaráis anois bunaithe ar acmhainní nádúrtha na Gaeltachta mar an fharraige, an eacnamaíocht ghlas, an cultúr agus mar sin. Níltear ag brath go huile agus go hiomlán air sin ach is cuid thábhachtach atá ann.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabh mo leithscéal go raibh mé deireanach; bhí mé sa Seanad. Léigh mé na ráitis ar maidin. Bhí ceist ag an Teachta Connolly maidir le tithe a cheannach. Tá cearta ón mBunreacht i gceist ansin mar go bhfuil ceart ag daoine a dtalamh nó a dteach a dhíol gan aon choinníollacha. Sin rud eile.

Tá ráitis Anna Ní Ghallachair an-suimiúil, go mór mór an píosa deireanach. Sin, i mo thuairim, an crux den ábhar - an bhfuil muid ag caint faoi bhord Stáit nó comhairle contae don Ghaeltacht? Tá na deacrachtaí curtha in iúl go maith ansin. Mar iarchathaoirleach, an bhfuil a fhios aici ar labhair comhaltaí eile den bhord leis na meáin faoi rudaí a bhí ag dul ar aghaidh ag cruinnithe?

Ms Anna Ní Ghallachair

Ag an tús, bhí deacracht ag na comhaltaí, go háirithe comhaltaí ar iarionadaithe a toghadh a bhí iontu, an cheist sin a thuiscint. Thuig muid é sin sa mhéid is go bhfuil sé iontach deacair, má tá deich mbliana nó 20 bliain caite ag duine mar ionadaí pobail atá cleachtadh acu a bheith ag tabhairt aiseolas don phobal, é sin a bheith athraithe go tobann agus nach féidir an t-aiseolas sin a thabhairt. B’fhéidir gur sceitheadh corr rud anseo agus ansiúd, agus níl a fhios agamsa cé a sceith na hábhair sin, ach ní rudaí móra a bhí iontu ar chor ar bith. Amanna b’fhéidir go mbeadh daoine ag caint ar bhealach ghinearálta agus go mbeadh tuiscint dhifriúil idir an méid a bhí ráite acu agus an rud a bhí i gceist acu féin. Ar an iomlán, tá mé sásta nach raibh na comhaltaí ag labhairt leis na meáin. Thuig siad go maith agus tugadh le fios dóibh nach sin an ról a bhí acu a thuilleadh. Mar a deirim, bhí seanchleachtadh acu ar chóras eile so thuig muid go raibh sé deacair ach bhí siad sásta glacadh leis an bpointe.

Má tá na baill sin tofa go daonlathach, an gceapann na finnéithe go mbeidh siad sásta leis sin?

Ms Anna Ní Ghallachair

Cuid de na daoine a chloiseann muid sna meáin, b’fhéidir go bhfuil siad ag dul siar mar a bhí rudaí 15 bliain ó shin. B’fhéidir go mbeadh siad den tuairim gur féidir an t-eolas a fháil go díreach ó na comhaltaí agus na hionadaithe maidir le hobair na Gaeltachta agus caidé atá á phlé agus a leithéid. De bharr go bhfuil GDPR agus 20 rud eile againn i dtaca le cúrsaí rialachais anois, sílim go bhfuil an lá sin thart. B’fhéidir go bhfuil dul amú ar chuid den phobal i dtaca leis an méid eolais gur féidir a roinnt leo ag an bpointe seo san áit a bhfuilimid sa lá atá inniu ann.

An raibh na meáin i bhfeidhm in aon pháirt de na cruinnithe?

Ms Anna Ní Ghallachair

Bhí uair nó dhó, nuair a bhí muid ag an Oireachtas nó deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta. Bhíodh siad ann ag an tús, do phointe amháin nó rud éigin mar sin nach raibh rúnda.

An gceapann na finnéithe gur cheart go mbeadh na meáin fágtha taobh amuigh, nó gur cheart gan iad a ligean isteach san fhoirgneamh?

Ms Anna Ní Ghallachair

Braitheann sé ar an ábhar. Níor chóir go mbeadh siad ann go seasta mar tá ceisteanna a bhíonn íogair agus tagann cásanna crua aníos áit a gcaithfimid a bheith cinnte go mbeidh rúndacht i bhfeidhm. Níl mise ag tabhairt amach faoi na meáin – níl mé ag tabhairt amach faoi rud ar bith – ach tá mé ag rá go bhfuil eolas gur féidir a scaipeadh agus eolas eile nach féidir a scaipeadh agus gur sin mar atá.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Baineann an chuid is mó de na rudaí ar chlár bhord an údaráis le gnóthaí príobháideacha agus tá an méid atá ann commercially sensitive. Táimid ag brath go huile agus go hiomlán go mbeadh muinín ag na príomhaithe in Údarás na Gaeltachta sna feidhmeannaigh agus sa bhord agus mar sin caithfidh sé a bheith rúnda. An rud atá i gceist agamsa ná gur féidir dul amach ag an am cuí agus insint do dhaoine go bhfuil dea-scéal ann, go bhfuil an infheistíocht seo á déanamh, an méid atá á infheistiú agus mar sin de. Bíonn sé sin poiblí luath go leor agus coinnítear daoine ar an eolas faoi. Is maith an rud dea-scéal a chur amach. Cinnte níl bealach ar bith go n-oibreodh sé i láthair na huaire daoine ó na meáin a bheith istigh ag mórchuid de chruinnithe an údaráis. Ní oibreodh sé.

Gabhaim buíochas as sin. Bhí Anna Ní Ghalachair ina cathaoirleach ar feadh deich mbliana, nó thart air sin. Ní raibh sí ann nuair a bhí 22 nó 23 ar an mbord.

Ms Anna Ní Ghallachair

Ní raibh. Bhí 12 ann, mé féin san áireamh.

B’fhéidir go raibh níos mó polaitíochta i gceist ag an am sin.

Ms Anna Ní Ghallachair

Dúradh liomsa nach raibh ach níl a fhios agam.

Tá i bhfad níos mó eolais ag Micheál Ó hÉanaigh air sin.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ní raibh mise ann ag an am sin ach an oiread. D’oibrigh mé ag bord sular tháinig mé ar ais ag an údarás a raibh 37 duine air, i gComhairle Contae Dhún na nGall. Níl 20 nó 22 chomh mór sin.

Maidir leis an leibhéal B2 den fhráma tagartha comónta Eorpach, i dtaithí na bhfinnéithe, an raibh daoine ar an mbord nach raibh inniúil ag an leibhéal sin?

Ms Anna Ní Ghallachair

B’fhearr liom gan an cheist sin a fhreagairt.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

B’fhearr liomsa gan an cheist sin a fhreagairt ach an oiread. Tríd agus tríd, bhí an cumas ag an gcuid is mó den bhord pé scéal é. Níor mhaith liom aon tagairt a dhéanamh.

An aontaíonn na finnéithe gur cheart go mbeadh daoine, amach anseo, ag an leibhéal sin, thart air sin nó níos airde?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Mar a bhí Anna Ní Ghallachair ag rá, ní féidir feidhmiú gan Ghaeilge. Tagann go leor doiciméad agus rudaí os comhair bhaill an bhoird agus tá siad ar fad i nGaeilge.

Déantar obair an údaráis uilig trí mheán na Gaeilge agus bheadh sé míchothrom ar na daoine seo mura bhfuil siad in ann feidhmiú leis an teanga. Tá sé an-deacair agus níor mhór duit a bheith in ann dul i ngleic leis na doiciméid seo má tá tú ag déanamh do jab i gceart.

Le bhur dtaithí, an raibh dóthain daoine ar an mbord ar nós dlíodóirí, daoine a bhfuil taithí acu le hairgeadas agus rudaí mar sin? An raibh dóthain scileanna ann?

Ms Anna Ní Ghallachair

Measaim go raibh. Bíonn sé seo amhlaidh i gcás boird ar bith agus in amanna ba chóir go mbeadh a fhios ag bord agus ag cathaoirleach gur féidir i gcónaí scileanna breise a tharraingt isteach má tá comhairle de dhíth i dtaca le gné ar bith agus rinneadh é sin in amanna má mheas mise nó má mheas an bord go raibh gá leis. Is iad daoine a bheadh linn le cur i láthair a dhéanamh dúinn ar ábhar áirithe nó cibé agus bhí an saineolas cuid mhór fosta ar fáil san údarás féin. Níor bhraith mise nó níor bhraith an bord riamh nach raibh na scileanna againn le cinneadh ceart freagrach a dhéanamh i dtaca le hábhar ar bith a tháinig aníos sna deich mbliana go raibh mise ansin.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ghabhfainnse go hiomlán leis sin. Bhí meascán an-mhaith ar an mbord ó thaobh na daoine a tháinig ón gcomhairle chontae agus ó thaobh daoine a tháinig ó chúlra cultúrtha, ó chúlra gnó agus ó chúlra teanga. Bhí an saineolas timpeall ar an mbord ansin nuair a bheadh rudaí ag teacht ag an mbord go raibh muid in ann aisghairm an-úsáideach a fháil agus go raibh daoine ag cur na ceisteanna cearta i dtaobh na rudaí a bhí idir chaibidil. Bhí meascán maith ann ó thaobh na scileanna éagsúla agus ó thaobh taithí éagsúil.

An bhfuil na finnéithe ar an intinn céanna go mbeadh sé níos éifeachtaí dul le trí choiste seachas an dá cheann ó thaobh na coistí réigiúnacha? Tá sé luaite ag Micheál Ó hÉanaigh go mbeadh Connacht, Laighin, Mumhan agus Tír Chonaill ann.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá sé sin go nádúrtha anois agus tá sé in DNA na heagraíochta agus tá na struchtúir ann le tacú leis na struchtúir sin. Ag dul le péire, bheadh sé an-mí-stuama ach cinnte dul le trí cinn.

Ó am go ham bíonn folúntais ar an mbord. Má tharlaíonn sin do na comhaltaí a bheas tofa ar an mbord, cén chaoi go mba cheart na folúntais sin a líonadh? Mar shampla, d'fhéadfadh duine a bheith ainmnithe ag an Aire ón gcóras PAS faighte suas don bhord iad féin, faighte do na páirtithe, ainmniú na daoine ar dtús nó an duine deireanach a bhí ag seasamh ag deireadh an toghcháin. An bhfuil tuairimí air sin?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

An tuairim a bheadh agamsa ná, má tá sé inghlactha, an duine a bhí sa chéad áit eile sa toghchán a roghnú, ó thaobh an daonlathais a choinneáil láidir ann. Má tháinig duine éicint tríd an gcóras PAS, b'fhéidir an chéad duine eile a bhí ar an bpainéil, d'fhéadfaí an duine sin a roghnú. B'shin an dá bhealach a bheadh cothrom. Tá córas PAS ann agus bíonn sé ag breathnú ar roinnt mhaith daoine agus téann méid áirithe chun cinn. Tá mé cinnte go bhfuil daoine feiliúnacha ann, agus mar a deirim, má tá painéil ann is féidir leis an Aire tarraingt ar an gcéad duine eile atá feiliúnach. I dtaobh na toghcháin, an rud is éasca ná an duine a tháinig sa chéad áit eile a phiocadh. Dá mbeadh socrú ann, má tharlaíonn rud ar bith agus má tá an duine sin sásta, ba cheart dóibh teacht ar aghaidh. Choinneodh sé sin an gné daonlathach.

Ms Anna Ní Ghallachair

Aontaím leis sin. Ní raibh cuid ar bith de na ceisteanna seo pléite againn roimh ré agus tá mé féin agus Micheál Ó hÉanaigh ar aon tuairim faoi go leor rudaí. Luaim rud nach bhfuil pléite againn, is é sin cúrsaí saoire mháithreachais. D'fhéadfaí an cur chuige céanna a úsáid sa chás sin. Mar shampla, dá mbeadh toghchán agus an duine sa chéad áit eile a thabhairt isteach mar ionadaí, mar shampla sa chás go raibh duine tinn ar thinneas fadtéarmach - agus tá súil agam nach dtarlódh sé sin - nó mar shampla, duine amuigh ar shaoire mháithreachais, go mbeadh ionadaí acu don tréimhse sin. Bhí mná a raibh páistí acu i rith an ama nuair a bhí an dá bhord ann agus ní raibh siad i dteideal saoire ar bith a bheith acu. Ní raibh sé sin ceart agus bhí cuid acu nach raibh ag fáil táille agus a bhí ag teacht lena gcuid páistí agus le cúramóir leis an leanbh agus araile chuig na cruinnithe. Ní raibh sé sin ceart agus caithfimid dul i ngleic leis seo.

Tá sé seo thar a bheith spéisiúil ar fad agus gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an dá chur i láthair.

An bord is mó agus is tábhachtaí sa tír seo, níl aon saineolaí ann a théann air. Tá duine amháin a shuíonn isteach ag an gcruinniú le saineolas, is é sin an tArd-Aighne ach chuile dhuine eile timpeall ag an mbord tá siad tofa ag an bpobal. Tá chuile dhuine ann toisc go dtoghfar ag an bpobal iad nó b'fhéidir go mbeadh ionadaí, go neamhghnách. Níor tharla sin ach dhá uair. Cé acu is tábhachtaí ná daoine le saineolas ar an saol nó daoine le saineolas cúng ar ghné áirithe den saol a bheith ar bhord ó tharla go bhfuil siad ag déanamh meastóireacht leathan ar rudaí? An taithí atá agam ná gur féidir leat saineolas a fháil, agus b'fhéidir go mbeadh an saineolas loighciúil, ach tá ceist eile nuair atá tú ag déanamh cinntí ag bord Stáit ar bith nó ag an Rialtas. Is é sin an bhfuil sé inghlactha don phobal? Chonaic mise agus chonaic an Seanadóir Kyne é i rith a ama ag bord an Rialtais, cinntí go bhféadfá a chosaint ar loighic ach a theip go tobann agus go tromchúiseach orthu mar nach raibh siad inghlactha ag an bpobal. B'fhéidir go dtabharfaidh na finnéithe léargas dom, óna dtaithí ar an mbord, an raibh aon difríocht idir an t-ionchur ó thaobh saineolais de a bhí ag na daoine nó an mba é an taithí saoil agus an dearcadh leathan a thug siad ag an mbord a bhí tábhachtach ó tharla go bhfuil saineolaithe ar fáil i ngach réimse den tsaol má tá ceist shainiúil ann? Téann sé seo go croí na ceiste ar chomhdhéanamh an boird. Sin an chéad cheist.

Tá mise chomh dána agus a rá gur hibrid a bhí i gceist nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta an chéad uair. Is é sin nach mbeadh sé ina chomhairle chontae agus nach mbeadh sé ar nós gnáthbhoird Stáit mar gur údarás speisialta don Ghaeltacht a bhí ann mar gur áit an-speisialta í an Ghaeltacht ach fágfaidh mé é sin mar atá sé.

D'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag Anna Ní Ghallachair agus tá sí tar éis cur go mór leis an ndíospóireacht maidir le TEG B2. Ní dhearna mé riamh é so níl a fhios agam an bpasálfainn é nó nach bpasálfainn é ach sin scéal eile. Tá rud eile i gceist. Tá roinnt cainteoirí Gaeilge a bhfuil bua iontach cainte acu, atá in ann iad féin a chur in iúl i nGaeilge an phobail. Sa mBéarla chomh mór leis an nGaeilge, bímse i gcónaí ag tabhairt amach faoin eurospeak i mBéarla agus an bealach go ndéantar rudaí chomh casta is nach dtuigeann an ghnáthphobal é. Tá móid ann le cumarsáid a dhéanamh ag chuile dhuine. Is cuma cén jab ina bhfuilimid, tá cumarsáid á déanamh againn leis an bpobal. Is cuimhneach liomsa a bheith ag fáil doiciméid agus d'athraigh mé cuid acu ar ais go Gaeilge nuair a bhí mise coinsiasach nuair a bhí mé ag caint anseo sa Dáil go raibh lucht féachana amuigh ansin, gnáthdhaoine, agus go mba ceart go mbeadh tuiscint á cur ar an méid a bhí mé ag rá.

Bhí béarlagair in úsáid agus dar liomsa ní raibh aon ghá leis. An rud a chuireann sé seo i gcuimhne dom ná an méid seo a leanas, a bhfuil taithí ag na finnéithe air nuair a fhaigheann siad polasaí árachais. Go minic faightear geallúint go bhfuil sé in plain English agus go bhfuil dream éigin tar éis an béarlagair ar fad a scriosadh amach as, agus seasann an rud seo ó thaobh dlí de mar bí cinnte dearfach go seasann polasaí árachais.

Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh Gaeilge iontach maith ag duine atá ar bhord an údaráis. Caithimid dul i dtreo eile freisin, i mBéarla agus i nGaeilge. An rud is measa a gheobhaidh tú riamh ná droch-Bhéarla aistrithe go droch-Ghaeilge agus duine éigin le ríomhaire ag aistriú droch-Bhéarla focal ar fhocal. Má tá sé dothuigthe i mBéarla tá sé seacht n-oiread níos dothuigthe i nGaeilge, seachas an brí a thabhairt leis agus í a chur i gcaint an phobail. Is saineolaithe teanga iad na finnéithe agus tá an méid seo ar eolas acu, ach tá struchtúr na Gaeilge bunaithe go hiomlán difriúil ná struchtúr an Bhéarla. Go minic sa Ghaeilge ní úsáidimid focal amháin. Má bhreathnaíonn tú ar na foclóirí, agus má théim ag lorg an Ghaeilge ar fhocal éicint, faighim amach go raibh an rud a bhí i mo chloigeann, is é sin go ndeireann tú abairtín beag seachas focal, ceart. Tá sampla an-simplí faoi sin. Tá a fhios agam go bhfuil focail nua sa Ghaeilge, "cóineartú" ach an rud a bhí ann go traidisiúnta ná dul faoi lámh easpaig agus bhí míniú ar céard a bhí i gceist. Scataí ní bhíonn easpaig ann níos mó ach sin scéal eile.

Caithimid go leor plé a dhéanamh ar an gceist seo. Tá mé 100% cinnte go gcaithfidh caighdeán éigin a bheith ann ach níor mhaith liom daoine go bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu á nglasadh amach as an gcóras seo mar nach bhfuil béarlagair acu, atá sách deacair ag amanna. Níl a fhios agam an bhfuair an Seanadóir Kyne deacair é nuair a bhíodh rudaí oifigiúla le léamh amach anseo agus tú ag rá leat féin nár thuig an pobal éisteachta tú. B'shin an rud a bhí ag cur as domsa. D'fhéadfainn an rud a léamh amach agus d'fhéadfadh an Seanadóir Kyne é a léamh amach ach an raibh muid cinnte gur thuig an pobal muid? Thuig muid féin é ach ar thuig an pobal muid? Is daoine muid atá ann le cumarsáid a dhéanamh; sin an gnó atá againn. B'fhéidir go bhfuil jab agus plé le déanamh ar an gcineál teanga a úsáidimid i gcáipéisí oifigiúla. Creidim go bhfuil, agus mar a deirim, ní bhaineann sé seo le Gaeilge amháin ach baineann sé le Béarla freisin.

An bhfuil a chomhionann de scrúdú in, mar shampla, áiteanna ina bhfuil siad an-dian agus an-díograiseach faoin teanga, cur i gcás i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag? Céard a úsáideann siad? Ba bhreá liomsa breathnú air sin. An úsáideann siad é le haghaidh boird stáit agus cáilíochtaí den chineál sin? Tá a fhios agam faoi Cheanada mar insíodh dom faoi, go raibh caighdeán éagsúla acu le haghaidh poist éagsúla agus i bpost ina mbeifeá ag plé leis an bpobal go gcaithfeadh cainteoir dúchasach a bheith ionat. Cén cineál scrúdú atá acu siúd? Bheadh a fhios ag Anna sin.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá a fhios agam mar tá comhalta ar an bhord a luaigh mé - níl a fhios agam cé mhéad againn uilig go léir atá ann, b'fhéidir deich gcloigne - agus an t-iarchathaoirleach ar an choiste sin is Emyr Davies as an Bhreatain Bheag atá ann. Tá scrúduithe ag an Bhreatain Bheag atá díreach ag teacht go hiomlán leis na leibhéil agus thug siad comhairle dúinn nuair a thosaigh muid amach ag obair ar TEG nuair a bhí mise in Ollscoil Mhá Nuad. Tá scrúduithe acu ag leibhéil A1, A2, B1 agus B2 agus téann sé síos go dtí C1 ach níl mé cinnte faoi sin. Tá sé ag na Bascaigh, na Catalónaigh, na Francaigh, na hAlbanaigh, na Danmhargaigh, na hIoruaigh, na Sualannaigh, na Fionlannaigh agus araile.

Céard faoi Cheanada?

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá sé i gCeanada fosta ach de réir mo chuimhne tá Ceanada ag plé leis an fhráma tagartha comónta Eorpach fosta ach b'fhéidir go bhfuil córas eile acu ansin. Níl mé cinnte; ní bhímid ag plé le Ceanada mórán ach dúradh liom go raibh Ceanada agus an tSile ag úsáid an fhráma tagartha comónta Eorpach anois. Is é ACTFL an córas atá acu i Meiriceá.

Tá taithí againn anseo ar chruinnithe oscailte agus ar chruinnithe príobháideacha ag chuile choiste ar fad, fiú an coiste seo. Pléitear rudaí áirithe ag cruinnithe príobháideacha. Dá mbeadh litir curtha isteach ag duine go príobháideach phléifí ansin é. Ní fhéadfadh muid é sin a scaoileadh. Céard é barúil na finnéithe faoi phlé oscailte a dhéanamh ar chúrsaí polasaí agus ar fhorbairt pholasaí agus tograí agus rudaí den chineál sin agus rudaí gnóthaí a phlé go príobháideach agus bídís príobháideach? Nó an bhfuil na finnéithe in aghaidh cruinnithe a bheith oscailte ar chor ar bith?

Gabhfaidh mé ar aghaidh agus cuirfidh mé na ceisteanna ar fad mar tá go leor ceisteanna agam. Tagraím do bhallraíocht. Luadh Tír Chonaill agus Ciarraí. Céard faoi Mhaigh Eo? Níl aon cheangal idir Iorras agus Acaill agus Acaill agus deisceart Mhaigh Eo. B'fhéidir go bhféadfaí deisceart Mhaigh Eo a cheangail le Gaillimh ach cruthaíonn tú fadhb ansin mar tá dúiche Sheoigheach agus deisceart Mhaigh Eo scoilte amach ón gcuid eile de Chonamara. Má bhíonn toghchán, fiú nuair a bhí beirt tofa as Chontae Mhaigh Eo bhí an beirt acu in Iorras. Tá níos mó daonra in Iorras ná mar atá i dTuar Mhic Éadaigh.

Céard a dhéanfaí in Acaill? Tá daonra an-bheag in Uíbh Ráthach, mar shampla, le daonra an-bheag ar fad gur cainteoirí laethúla Gaeilge iad. Tuigim an argóint atá in aghaidh sin; is é sin Contae na Mí agus mar sin de agus fiú taobh istigh de Chontae na Mí tá fadhb ann idir Bhaile Ghib agus Ráth Chairn mar tá daonra Bhaile Ghib, ar pháipéar, níos mó ná daonra Ráth Chairn. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil an riachtanas Gaeilge thar a bheith tábhachtach. Ó tharla go bhfuil na finnéithe ag moladh rud sonrach, ba mhaith liom an ceann sin a chaitheamh acu. Céard a dhéanfar maidir le Maigh Eo, go mór mór?

Leis an ndioscúrsa ginearálta a bhíonn ann i láthair na huaire shílfeá nach raibh aon mhaith le polaiteoirí ach níl náire ar bith orm a rá go bhfuil an-mheas agamsa ar pholaiteoirí. Déanann polaiteoirí an-leas agus tugann siad cothromas agus tuairim ón ngnáthphobal, b'fhéidir nach n-aithníonn an saineolas scataí, ag an mbord. É sin ráite, ní raibh páirtithe luaite ariamh in aon Acht údaráis go dtí seo. Ní fhéadfá seasamh do pháirtí i dtoghchán an údaráis. Má chuaigh daoine le chéile i ngrúpaí taobh istigh den údarás, b'shin a ngnó féin agus d'fhéadfadh siad é a dhéanamh, má raibh siad ainmnithe nó tofa. Áfach is é a mhalairt an taithí atá agamsa anseo. Mar shampla, ar na coistí Oireachtais ní bhrisimid síos mar pháirtithe riamh. Tá chuile dhuine as chuile dhearcadh agus bheadh iontas ag an dream taobh amuigh go bhfuil comhréiteach chomh mór sin. An gceapann na finnéithe go bhfuil fadhb le polaiteoirí nó le daoine tofa más polaiteoir atá in duine tofa?

Tá an cheist seo a leanas do Mhicheál. I ndréachtreachtaíocht a thug mé féin isteach, bhí moladh ann agus buaileadh ag bord Rialtais é. Ní raibh ionam ag an am ach Aire Stáit agus nuair a d'fhág mé an seomra rinneadh cinneadh gan dul leis an rud a bhí molta. Ag an am bhí mise den dearcadh nach raibh an t-údarás mar údarás forbartha tionscail ag obair nó ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe. Is beag feidhm a bhí aige sa chathair. Ar an mbunús sin, mhaígh mé go mba cheart go mbeadh ceantar feidhme ag an údaráis. Ní ghá go mbeadh ceantar feidhme ag an údarás a bheadh comhthreomhar leis an nGaeltacht. Níl aon rud a deir go gcaithfidh tú. Mháigh mé go mba cheart go mbeadh ceantar feidhme ag an údarás mar b'shin an rud de facto, de jure agus b'shin an Ghaeltacht seachas ceantar uirbeach na Gaillimhe. Cén tuairim a bheadh ag na finnéithe faoi sin?

Tagaim go hiomlán leis an gceist seo ar íocaíocht. Droch-chinneadh amach is amach a bhí ann nuair a rinneadh cinneadh daoine áirithe a chur ar bhoird Stáit is daoine eile gan iad a chur orthu. Má dhéanann tú an saothrú ba cheart go bhfaighfeá luach saothair. Droch-chinneadh a bhí ansin agus tagaim go hiomlán le hAnna Ní Ghallachair go gcaithfear déileáil leis an gceist sin. Aontaím léi maidir le saoire mháithreachais freisin. Caithfear socrú a dhéanamh le go mbeadh ionadaí ann.

Níl mé an-chompordach le hionadaithe sealadacha nuair a thoghtar daoine. Ní maith liom go mbeadh ballraíocht róscaoilte ann ach tuigim go bhfuil fadhb ann agus go gcaithfimid déileáil leis. Tá ceist amháin gur mhaith liom a chur ar na finnéithe. Déarfaidh mé go hoscailte nach bhfuilim i bhfabhar an leagan amach seo faoina mbeidh PAS ag cur na liostaí ar aghaidh. Tugann sé seo an-bhuntáiste dóibh siúd atá ag obair sa Státchóras agus níl sé cothrom mar chóras. Chuir mé ceisteanna Dála síos faoin méid iarArd-Rúnaithe Roinne agus mar sin de a bhí ceaptha ar bhoird ar mholtaí Aire ar mholtaí PAS. Tá an figiúr seo ag méadú mar tuigeann siad an córas. Tá taithí acu ar an top level appointments committee, TLAC, agus ar na córais seo. D'fhéadfadh duine a bheith an-mhaith ag déanamh agallamh agus is féidir le daoine eile a bheith go hiontach ar bhoird ach measartha maith nó gan a bheith go maith ag agallaimh den chineál áirithe sin, atá an-speisialta, cé go mbeadh siad thar cionn mar go bhfuil rud acu atá thar a bheith neamhchoitianta i saol na laethanta seo, common sense. An bhfuil na finnéithe go mór i bhfabhar an córas PAS nó an gceapann siad go bhfuil bealach níos fearr ann le daoine a roghnú seachas é?

An bhfuil an Teachta Ó Cuív críochnaithe?

Táim beagnach críochnaithe. Tá an ceart agam-----

Caithfidh na finnéithe freagra a thabhairt roimh 3.30 p.m. chomh maith.

Okay. An mbeadh na finnéithe i bhfabhar go mbeadh foráil san Acht a thabharfadh cumhachtaí pleanála agus tithíochta do bhord an údaráis? Mar is eol dóibh, tugadh freagracht maidir le riar scéimeanna ar nós an rural social scheme, RSS, agus Tús d'Údarás na Gaeltachta. I gcontaetha eile, tugadh an fhreagracht sin do chomhlachtaí páirtnéireachta. An gceapann na finnéithe gur chéim mhór chun cinn a bheadh ann dá ndéanfaí na freagrachtaí maidir le riar naíolanna, réamhscolaíochta agus luathoideachais sa nGaeltacht a tharmligean don údarás, ag glacadh leis gur trí Ghaeilge amháin a riarfaí na háiteanna seo ó tharla go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach breith ar leanaí ó thaobh cúrsaí teanga chomh luath is a chaitear ar an sop iad?

Tá dhá cheist beaga eile agam. Le haghaidh na dtograí ollmhóra, ba é an leagan amach a bhí ar an mbord suas go 2012 ná go raibh coiste meastóireachta ann. Bhí an IDA, Enterprise Ireland, cathaoirleach an bhoird, príomhfheidhmeannach an údaráis agus duine amháin eile gur ball den bhord é nó í ar an gcoiste. Bhí cothromas ann so bhraith cúrsaí ar an mbealach a chuaigh an cathaoirleach ag deireadh an lae má bhí coimhlint ann. Dhein an coiste seo meastóireacht ar thograí eile má bhí saineolas ag teastáil. An gceapann na finnéithe go mba cheart a leithéid a thabhairt ar ais arís? Dúradh liom gur oibrigh sé thar cionn nuair a bhí sé ann. Níl a fhios agam cén fáth ar cuireadh deireadh leis ach cuireadh. Bhí a leithéid ann suas go 2012. Ní raibh sé ann i rith am na bhfinnéithe.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá sé ann go fóill.

An bhfuil sé ann go fóill?

Ms Anna Ní Ghallachair

Braitheann sé ar na suimeanna atá i gceist.

Okay. Shíl mise gur cuireadh deireadh leis. An ceart é a choinneáil?

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá sé coinnithe.

An ceart é a choinneáil san Acht nua áfach?

Ms Anna Ní Ghallachair

Yes.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Cinnte.

Níor pléadh an Bille in 2012 riamh sa Dáil. Tugadh dhá uair a chloig leis an mBille ar fad a phlé ar Chéim an Choiste. An cuimhin leis an gCathaoirleach é sin?

Tógadh Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála le chéile. Ní fhéadfaí é a phlé laistigh de dhá uair a chloig. Cuirfidh mé mo cheist dheiridh. Tá an fharraige agus chuile shórt ann ach an aontódh na finnéithe, ag deireadh an lae, gurb í an teanga an acmhainn nádúrtha is saibhre agus is luachmhaire atá ag an nGaeltacht, go mór mór toisc gur tharla nach bhfuil an teanga in aon áit eile ar domhan? Tá an fharraige i go leor áiteanna. Tá go leor rudaí i go leor áiteanna ach níl an Ghaeilge mar theanga phobail iontu. An aontóidís go mba cheart céatadán den airgead a chur ar leataobh an t-am ar fad le haghaidh tionscadal teangalárnaithe? Tá go leor de sin déanta ag an údarás. Tá tionscal mór closamhairc bunaithe aige agus mar sin de. Bhí leagan amach ann faoina mbeadh minimum de 30% den airgead le caitheamh ar thograí teangalárnaithe. Ní fhéadfá éalú as seo trí bheith ag caint faoi chultúr go ginearálta. Tá mise amhrasach faoin bhfocal "cultúr" mar bhí rud curtha in Acht pleanála faoi dhaoine a raibh cultúr nó teanga faoi leith acu ach d'fhéadfá a rá go bhfuil sé sin ag muintir Chill Chainnigh. Nach bhfuil cultúr faoi leith acu san iománaíocht? An ceart go mbeadh minimum d'airgead curtha ar fáil le haghaidh tograí teangalárnaithe? Is é sin an méid.

B'fhéidir gur féidir smaointe éigin a fháil ach níl a fhios agam conas gur féidir linn iad ar fad a fháil. Má smaoiníonn na finnéithe ar aon rud ina dhiaidh sin, tá sé ceadmhach freagraí a chur isteach chugainn. Tá sé sin fíor don phobal atá ag féachaint isteach orainn chomh maith, má tá tuairimí acu faoin méid atá ráite. Ligfidh mé do na finnéithe tabhairt faoi seo. Níor shroich mé mo cheisteanna féin ar fad. Féachfaimid orthu lá éigin eile.

Nach féidir síneadh a chur leis an gcruinniú?

Tá cruinniú eile againn ar 4 p.m. agus tá na dreamanna eile tagtha isteach.

Ba mhaith liom ceisteanna an Chathaoirligh a chloisteáil.

Caithfimid spás a thabhairt do na finnéithe eile.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ní thugaim aon aird ar fhadhb le polaiteoirí. Sílim gurb é an mhalairt atá ann, is é sin, go dtugann siad go leor luacha agus gurb iad na hionadaithe pobail is mó atá ann. Fáilteofar roimh aon rud a láidreodh a bpáirtíocht in aon struchtúr.

Is féidir cathair na Gaillimhe a ghlacadh mar eisceacht. Faraor, tá go leor ceantair Ghaeltachta atá tarchurtha orthu mar a bheith imeallach agus nach bhfuil an Ghaeilge láidir iontu ach ní bheifeá ag iarraidh iad sin a ghearradh amach.

Feidhmíonn an t-údarás mar údarás tionsclaíochta ansin. Ní fheidhmíonn sé mar sin istigh i gcathair na Gaillimhe. Is í sin an difríocht.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ní fheidhmíonn. De facto, níl agus ní raibh muid ag feidhmiú ansin.

Tá sé sin i gceist mar gheall nach bhfuil an t-údarás ag feidhmiú ann.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl. Creid nó ná creid, tá tionscadal de chuid an údaráis lonnaithe ar Parkmore a d'athraigh as Gaoth Dobhair blianta ó shin ach is eisceacht ar fad é sin. Ag dul ar ais ag an toghchán agus ag an gceist i dtaobh Acla agus Thuar Mhic Éadaigh agus mar sin, tá sé deacair ach sílim go bhfuil sé fíorthábhachtach a chinntiú, in aon bhealach gur féidir, go bhfuil níos mó gutha ag na ceantair bheaga. Bheadh níos mó luacha i ndul chun cinn an údaráis dá bharr sin. Bheadh an luach le fáil as ceantair cosúil le hUíbh Ráthach, iardheisceart Dhún na nGall nó Gaeltacht an Láir a thabhairt isteach. I dtaobh an choiste meastóireachta, mar a bhí Anna Ní Ghallachair ag rá, tá sé ann i gcónaí. Ní chasann sé le chéile go rialta mar caithfidh tograí dul os cionn suim áirithe airgid sula dtagann sé le chéile. Níor tugadh le chéile é le mo linn, mar a tharlaíonn sé.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tharla sé uair amháin le mo linn.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ó thaobh na daoine a bheadh roghnaithe, ní déarfainn go bhfuil saineolas agus taithí ag dul in aghaidh a chéile. Ó mo thaithí féin agus ón méid atá feicthe agamsa, tugann an dá ghné luach do bhord an údaráis.

Ms Anna Ní Ghallachair

Aontaím leis sin. Luíonn sé le réasún. Má amharcann muid ar chomhlachtaí a bhí ar fud na tíre, ní déarfaidís gur leor toghcháin a reáchtáil le daoine a chur ar na boird acu. Tá saineolas agus taithí ag teastáil. I mo thaithí féin, is é an rud is fearr ná meascán den dá rud. Maidir leis na páirtithe, aontaím le Micheál Ó hÉanaigh. Níl deacracht ar bith agam leo. Tá daoine fíormhaithe ag na páirtithe go léir, mar aon le daoine nach bhfuil chomh maith céanna, mar atá sa saol i gcoitinne. Arís, táim ag gabháil ar an aithne atá agam ar chuid de na polaiteoirí ar chas mé leo.

Níl a fhios agam. Ní dhéanfainn féin an jab sin ar ór na cruinne mar ní dóigh liom go bhfuil mórán jabanna atá níos deacra. Is i méid a chuaigh mo mheas ar pholaiteoirí ó thosaigh mé ag plé leis an údarás, as na páirtithe uilig.

Chuir an Teachta ceist maidir leis na tograí teanga-bhunaithe. I mo thaithí, fuair na tograí teanga-bhunaithe tús áite i gcónaí nuair a tháinig siad chun tosaigh, dá mba rud é go raibh siad i dteideal maoiniú a fháil. Tá rialacha measartha dian ann ó thaobh cé atá i dteideal airgead a fháil agus cé nach bhfuil agus ní bhaineann siad sin leis an údarás amháin. Tagann siad ó rialacha na hEorpa i dtús áite agus, ina dhiaidh sin, rialacha na tíre seo. I gcónaí fuair na tograí sin tús áite agus rinneadh gach aon iarracht freastal orthu agus a bheith cinnte go dtiocfadh siad chun cinn.

Maidir le cúrsaí luathoideachais, níor mhaith liom a bheith i mo shuí anseo agus ag fógairt go bhfuil an t-údarás ag plé le cúrsaí luathoideachais anois. Is ceist í sin don bhord reatha. I bprionsabal, is féidir go leor a dhéanamh má tá an maoiniú agus na hacmhainní ann. Níl a fhios agam cén freagra a bheadh ag an mbord reatha ach ní dóigh liom gur fúmsa atá sé an cheist sin a phlé ag an bpointe seo.

Maidir le PAS, cuireadh ceist an bhfuil bealach níos fearr ann daoine a roghnú. B’fhéidir go bhfuil. Bhí an Teachta ag caint ar chúrsaí agallaimh. Ní dóigh liom go mbíonn agallamh i gceist do na róil mar chomhaltaí i gcónaí. B’fhéidir go mbíonn agallamh i gceist don chathaoirleach ach ní bhíonn do na gnáthchomhaltaí.

Tá freagra tugtha ag Micheál Ó hÉanaigh maidir le pleanáil agus tithíocht. Ní cúrsaí tithíochta amháin ach cúrsaí pleanála atá i gceist agus tá siad tagtha chun cinn cuid mhór, mar a chloiseann muid sna nuachtáin agus sa nuacht gach aon lá. Ceann de na deacrachtaí is mó ag na comhlachtaí a bhí ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht ná an éiginnteacht a bhain le cúrsaí pleanála. Mar atá a fhios againn uilig, an rud is mó a chuireann isteach ar chomhlachtaí móra, nó comhlachtaí de chineál ar bith, ná an éiginnteacht. Is minic a dúirt siad dá mbeadh a fhios acu go raibh ceithre bliana le fanacht, mar shampla, go dtig leo cur suas leis sin ach an deacracht ná nach bhfuil a fhios acu. Sna blianta a chur mise isteach, sin ceann de na poirt ba mhó a chuala muid ó na comhlachtaí a bhí ag iarraidh a theacht isteach agus lonnú sa Ghaeltacht.

Maidir le ceist na teanga, tuigim go maith an méid atá á rá ag an Teachta. Tá societies for plain English i ngach aon tír agus tá an deacracht sin le fáil gach aon áit, nó ar fud na hEorpa ar a laghad. Rinne muid iarracht i gcónaí san údarás go mbeadh blas na Gaeltachta le fáil ar an nGaeilge a bhí againn oiread agus is féidir. Ar ndóigh, tá téarmaíocht nach féidir a chumadh agus tá téarmaíocht ann go gcaithfimid glacadh léi, agus sin mar a bhí, ach tá achan duine ábalta an téarmaíocht sin a thabhairt leo, le beagán iarrachta, go háirithe má tá dúshraith mhaith acu sa teanga cheana féin.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

D’fhiafraigh an Teachta an mbeifí in aghaidh na meáin freastal ar aon chuid de chruinniú an bhoird. Ní cheapfainn go mbeadh ach sílim go gcaithfí a bheith an-soiléir faoin mhéid agus faoi na hábhair a bheadh faoi chaibidil in aon chruinniú oscailte. Is rud é sin go bhféadfaí a bhainistiú. Rud ar bith a thabharfaidh an t-údarás níos gaire don phobal, tá sé le moladh. Pé chomh gar agus pé méid úinéireachta gur féidir le pobal na Gaeltachta a bheith acu ar an údarás, tá sé níos fearr don údarás agus tá sé níos fearr don Ghaeltacht. Is rud é sin go bhféadfaí a dhéanamh ach go gcaithfí é a bhainistiú agus go gcaithfí a bheith an-soiléir faoi na gnéithe den chruinniú a bheadh oscailte.

Ms Anna Ní Ghallachair

Le cur leis sin go gasta, tá ceisteanna acmhainní ann le cuid mhór de seo fosta nuair atáimid ag plé le cúrsaí cumarsáide agus a bheith gar don phobal. Nuair a bhí muid ag tosú ar an bpleanáil teanga, is iomaí uair a chuaigh na feidhmeannaigh thart ag labhairt le grúpaí i bparóistí beaga ar fud na tíre faoi chúrsaí pleanála teanga. D’fhéadfaí níos mó ná sin a dhéanamh dá mbeadh na hacmhainní againn, dá mbeadh an fhoireann ag an údarás. Ní hé go bhfuil easpa foinn orthu é sin a dhéanamh ach nach mbíonn na hacmhainní ann i gcónaí é sin a dhéanamh.

Meabhróidh muid don Aire Stáit nuair atá sé os ár gcomhair go bhfuil easpa maoinithe nó easpa acmhainní ann. Feicfimid cad a thiocfaidh as sin. Tá mo cheisteanna féin agam ach níl mé chun iad a chur ag an staid seo. Cuirfidh mé ar an Aire Stáit iad. Gabhaim mo bhuíochas leis an mbeirt fhinnéithe as an gcuidiú atá siad tar éis tabhairt dúinn agus an soiléiriú ar roinnt de na pointí a tháinig chun cinn go dtí seo.

B’fhéidir go gcuirfidh mé ceist amháin an-ghairid. An bhfuil físeán ann de TEG nó léiriú ar cad go díreach atá ann?

Ms Anna Ní Ghallachair

Is dóigh go bhfuil. Tá mise imithe as Maigh Nuad le cúpla bliain ag an bpointe seo. Is cinnte go bhfuil suíomh Idirlín ann, teg.ie.

Déanfaimid é sin a fhiosrú. Tá daoine ag ceapadh gur scrúdú scríofa agus a leithéid é.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá scrúdú scríofa, scrúdú éisteachta, scrúdú léitheoireachta agus scrúdú cainte ann. Is féidir iad sin a dhéanamh scartha óna chéile.

Cé mhéad uair sa bhliain a dhéantar an scrúdú?

Ms Anna Ní Ghallachair

Cúpla uair sa bhliain. Tá siad ar siúl faoi láthair.

Cuirfimid ceist ar lucht Mhá Nuad. Beidh siad ag teacht os ár gcomhair.

Ms Anna Ní Ghallachair

Bíonn na dátaí ar an suíomh Idirlín.

Bhí siad os ár gcomhair cúpla bliain ó shin. Iarraimid orthu míniú a thabhairt dúinn. Gabhaim mo bhuíochas leis an mbeirt fhinnéithe as an gcuidiú a thug siad dúinn. Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an díospóireacht seo.

Cuireadh an comhchoiste ar fionraí ar 3.37 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 4.02 p.m.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh Chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú. Aithním go bhfuil an Teachta Ó Cuív ag freastal ar Microsoft Teams. Is iad na finnéithe atá againn inniu ná Páidí Ó Sé, bainisteoir, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, atá ag freastal ar Microsoft Teams. Chomh maith leis sin, tá Áine Uí Bheoláin, bainisteoir; Edel Ní Bhraonáin, gníomhaí teanga agus pobail; Fíona de Buis, gníomhaí pobail agus ball de thascfhórsa Uíbh Ráthaigh; Norma Moriarty, comhairleoir contae agus ball de thasfhórsa Uíbh Ráthaigh; Victor Bayda, pleanálaí teanga Uíbh Ráthaigh, Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus Eimear Ní Mhurchú, bainisteoir, Forbairt na Dromoda. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula dtosaím ar ár mbreithniú ar an ábhar grinnscrúdaithe réamhreachtaigh ar cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022, caithfidh mé na rialacha seo a leanas a léamh. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí atá ag freastal óna n-oifigí ag iarraidh caint, caithfidh an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir. Ní ligfear comhaltaí isteach sa chruinniú chun caint mura bhfuil. Nuair nach bhfuil comhaltaí ag caint, caithfidh a micreafóin a bheith múchta chun déanamh cinnte de nach gcuireann siad as don chuid eile den chomhrá.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fad agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu, ach is fíric é nach bhfuil finnéithe in ann braith ar an gcosaint sin má tá siad á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Meabhraím d’fhinnéithe a bheith cúramach as an bhfianaise atá á dtabhairt acu. Má ordaítear éirí as an bhfianaise a thabhairt, is fiú é sin a dhéanamh láithreach. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á phlé ag an gcomhchoiste. Déanfar na ráitis tosaigh a chur ar fáil agus a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an chomhchoiste tar éis na cruinnithe.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Iarraim ar Pháidí Ó Sé cur i láthair a dhéanamh.

Mr. Páidí Ó Sé

Gabhaim mo leithscéal nach féidir liom a bheith i dteannta an chomhchoiste ach tá cruinniú cinn bliana againn anocht. Ní dóigh liom, leis an méid atá sa Bhille, go bhfuil puinn le rá agam ach is dócha gur rud a dúirt mé, an lá a chuala mé go raibh an briseadh síos leagtha síos ó thaobh cé mhéad a bheadh i ngach aon Ghaeltacht, ná go raibh ardú tagtha ar an méid daoine a bheadh ar an mbord ach go raibh ísliú tagtha ar an méid a bheadh thíos i gCiarraí, is é sin, uainne agus ó Chiarraí theas. Bhíomar beirt tógtha ó bhun go raibh a leithéid de rud tarlaithe agus ní thuigimid é ó thaobh na nGaeltachtaí atá láidir agus beo - níl mé ag cáineadh aon Ghaeltacht eile - ach tá an Ghaeltacht beo agus láidir fós i gCorca Dhuibhne. Chuir mé é faoi bhráid ár gcoiste. Bhí iarratas faighte againn ó Chiarraí theas a dtabharfaimis tacaíocht dó duine a bheith tofa i gCiarraí theas agus d'aontaíomar go ndéanfaimis é sin. Sin é mar a dúirt ár gcoiste. Is é an dara rud a tháinig amach mar rún i gcoiste an chomharchumainn agus is dócha go mbraitheann an pobal é, ná go mbeadh beirt eile i gCiarraí thiar. B'in é bun agus barr ár dtuairimí ar phéire na ndaoine a bheith tofa sna ceantair.

Ó thaobh eolais ar na comhairleoirí contae a bheith istigh, nó ceadaithe a bheith i mbun feachtais agus tofa ann, ach nach féidir leo a bheith ina gcomhairle contae ag an am céanna, fuair mé comhairle ón chomhairle contae áitiúil. Gan dabht, dúirt sí gur cheart do na comhairleoirí a bheith ar an dá bhord agus is é ceann de na tuairimí a bhí acu ná nach bhfuil na hoifigí fiontair áitiúil ag oibriú sna Gaeltachtaí agus aon obair a bheadh ar siúl, go háirithe i gCiarraí pé scéal é agus b'fhéidir go bhfuil an rud céanna sna contaetha eile, go mbíonn an chomhairle contae agus na comhairleoirí ceangailte leis.

Nuair a bhídís ar bhord Údarás na Gaeltachta, bhí an t-eolas acu ar aon obair a bhí ar siúl istigh i gCiarraí agus istigh sna Gaeltachtaí. Dá mba rud é go mbeidís ar an dá bhord, d’fhéadfaidís rudaí a bhaint amach le chéile. Nuair nach bhfuil an ceangal sin ann, b’fhéidir go gcaithfí féachaint ar conas an ceangal a dhéanamh nó ar cheart é a fhágáil mar a bhíodh agus na comhairleoirí a bhí tofa ar na boird cheana a bheith fós ann. Sin iad na tuairimí atá againn.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Fáiltíonn pobal Uíbh Ráthaigh roimh an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 atá á ghrinnscrúdú faoi láthair ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus táimid buíoch den chomhchoiste as cuireadh a thabhairt don dá eagras pobal, is iad sin, Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus Forbairt na Dromoda teacht ina láthair chun dearcadh an phobail bhig seo a roinnt ina thaobh.

Fáiltímid ach go háirithe leis go mbeidh guth láidir ag pobal na Gaeltachta uile i roghnú ionadaithe Gaeltachta ar bhord Údarás na Gaeltachta arís agus toghchán le bheith lárnach i roghnú an bhoird feasta. Is céim thábhachtach í go mbeidh deis úr ag na ceantair Ghaeltachta beaga i gcontaetha Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí a nguthanna daonlathacha a chur i láthair agus suíochán amháin in aghaidh an cheantair geallta dóibh sa struchtúr nua, ach is ábhar díomá dúinn nár tugadh aitheantas ceart do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh sa reachtaíocht molta.

Is é éileamh an phobail in Uíbh Ráthach ná go mbeadh an deis dhaonlathach céanna tugtha do phobal Uíbh Rathaigh agus a bheidh ag Gaeltachtaí eile agus go ndéanfaí imfhálú ar shuíochán amháin d’Uíbh Ráthach sa struchtúr úr ó 2024 ar aghaidh, is é sin, go mbeidh deis ag pobal Uíbh Ráthaigh ball ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh a thoghadh ar bhord an údaráis.

Tuigimid go bhfuil sé i gceist ag an Aire boird réigiúnacha a cheapadh agus bheimis breá sásta ionadaí ó Uíbh Ráthach a bheith páirteach ann ach, chun aitheantas cuí a thabhairt do phobal Gaeltachta Uíbh Ráthaigh, ní foláir deis dhaonlathach a chruthú chun ionadaí a thoghadh ar an mbord.

Níl aon amhras ach go bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh lag agus leochaileach le daonra íseal de 1,773 duine. Mar atá léirithe againn inár n-aighneacht, áfach, tá dul chun cinn suntasach déanta sa cheantar ó bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Forbairt na Dromoda, tascfhórsa Uíbh Ráthaigh agus ó tosaíodh ar an bpleanáil teanga sa cheantar.

Táimid i gCiarraí Theas ag plé le a lán dúshlán ón uair a leagadh amach na teorainneacha Gaeltachta. Is iad na teorainneacha sin a chruthaigh scoilt in Uíbh Ráthach, a chiallaigh nach raibh aon bhaile sa Ghaeltacht againn. Is é an leagan amach gioblach seo a chruthaigh mórán fadhbanna do Ghealtacht Uíbh Ráthaigh agus do sheirbhísí cuimsitheacha a bheith ann d’ár bpobal Gaeltachta in Uíbh Ráthach. Dá mba rud é go raibh tuiscint níos fearr ar an gceantar ag an am, ní bheadh na teorainneacha leagtha amach mar a bhí.

Is dúshlán eile é atá os ár gcomhair amach ná an titim sa daonra atá ag tarlú i gceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh. Tá laghdú daonra tubaisteach de 41% tarlaithe inár gceantar ó 1956 agus ciallaíonn sé sin go bhfuil baol ann do thodhchaí phobal Uíbh Ráthaigh murar féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair shuntasach atá á déanamh againn agus leis an tacaíocht agus ionadaíocht chuí a bheith againn. Má tá 30% d’ár mbailte fearainn bánaithe ag an bpointe seo, beidh gach tacaíocht uainn chun an rud seo a stopadh nó chun é a aisiompú.

Is rud iontach é dúinn go bhfuil an polasaí don oideachas Gaeltachta i bhfeidhm sna trí bhunscoil Gaeltachta agus táimid in ann torthaí an pholasaí seo a fheiceáil go laethúil inár bpobal. Is cúis mhór díomá é nach bhfuil aon mheánscoil Ghaeltachta againn, áfach, ionas go bhféadfadh ár bpáistí leanúint ar aghaidh lena gcuid Gaelscolaíochta ag an meánleibhéal, mar atá mar cheart acu. Má tá an cinneadh sin uathu leanúint ar aghaidh leis an nGaelscolaíocht, caithfidh siad imeacht go scoil chónaithe agus ciallaíonn sé sin go mbeidh níos mó dár n-óige ach go háirithe ag fágáil ár gceantar, ach amháin níos luaithe.

Nuair a fhéachtar ar na staitisticí atá ag baint lenár gceantar, thuigfeá na deacrachtaí i gceart. Tá formhór d’ár gceantar aitheanta mar cheantar faoi mhíbhuntáiste faoin innéacs díothachta 2016. Táimid ag plé lá i ndiaidh lae le fadhb na tithíochta inár gceantar. Tá easpa tithíochta ar phraghas réasúnta le ceannach nó ar cíos ann agus nuair a théann tigh nó suíomh ar an margadh, is minic go mbíonn praghas seafóideach ag baint leis mar go bhfuil sé in áit oiriúnach chun a bheith mar thithe saoire do dhaoine nach bhfuil fonn orthu maireachtáil sa cheantar in aon chor. Idir sin agus na fadhbanna a bhí ag daoine leis an gcóras pleanála, níl Uíbh Ráthach mar rogha shimplí do dhaoine atá ag iarraidh teacht abhaile. I láthair na huaire, tá 150 fiosrúchán faighte ag tascfhórsa Uíbh Ráthaigh, ach níl ach 16 athlonnaithe mar nach bhfuil tithe ar fáil dóibh.

Rud amháin eile atá ag cur isteach orainn ná seirbhísí leighis, idir seirbhísí meabhair shláinte agus dochtúirí teaghlaigh. Níl ach trí dhochtúir teaghlaigh in Uíbh Ráthach do dhaonra 8,500 agus deichniúr i gCorca Dhuibhne do dhaonra de 10,000. Gan amhras, tá easpa fostaíochta buaine ag cur isteach go mór ar an gceantar chomh maith. Gan tithíocht, fostaíocht agus bunseirbhísí, cá mbeimid mura bhfuil ionadaíocht in Uíbh Ráthach againn, is é sin, duine a thuigeann go díreach na constaicí atá romhainn? Sin blaiseadh d’ár gcás in Uíbh Ráthach.

Ms Áine Uí Bheoláin

Labhróidh mé faoin ábhar dóchais. In ainneoin na ndúshlán ar fad, tá comharthaí dóchais le breathnú sa cheantar mar atá. Mar a dúirt Eimear Ní Mhurchú, tá 16 teaghlach tar éis teacht chun maireachtáil in Uíbh Ráthach trí obair an tascfhórsa. Tá daonra Bhaile an Sceilg méadaithe 7% ó thús na paindéime. Tháinig daoine go dtí an ceantar a raibh tithe saoire acu agus d’fhan siad ann.

Tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí in dhá cheann de na bunscoileanna agus tá méid suntasach daoine páirteach in imeachtaí eagraithe ag Brí Uíbh Ráthaigh faoin bplean teanga. Tá ardú ar líon na ndaoine sa cheantar ag labhairt Gaeilge ó thosaigh an phleanáil teanga, de réir suirbhé déanta ag Brí Uíbh Ráthaigh le déanaí.

Tá nascadh Uíbh Ráthaigh ann anois, atá ag ullmhú plean teanga do na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht le maoiniú ó Roinn na Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar le forbairt chomhtháite na tuaithe, IRD, an Choireáin. Tá obair thábhachtach shóisialta ar bun ag na heagraíochtaí Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus Forbairt na Dromoda.

Tá scéim ealaíona, Áiteanna Ildánacha, ar bun sa cheantar atá maoinithe ag An Chomhairle Ealaíona agus tá an-chuid oibre ar bun ó thaobh an togra sin. Tá oifigeach oideachais againn, a bhfuil 50% dá obair maoinithe tríd an bplean teanga agus an 50% eile di maoinithe trí bhord oideachais agus oiliúna Chiarraí. Tá an t-oifigeach ag obair idir na scoileanna náisiúnta. Rinne an Dr. Pádraig Ó Céilleachair athbhreithniú ar an obair a bhí idir lámha ag an oifigeach oideachais le déanaí. Thug sé tuairisc thar barr ar an obair a bhí ar bun ag Mícheál Ó Sé.

Tá oifigeach turasóireachta pobail againn atá maoinithe tríd an scéim oifigí turasóireachta le hÚdarás na Gaeltachta. Thosaigh an t-oifigeach ag obair sa cheantar i mí Feabhra agus tá an-chuid oibre ag déanamh aici.

Tá scéimeanna ceoil do dhaoine óga ar bun, atá maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta.

Tráthnóna inné, bhí ceolchoirm bheag ag na daltaí atá ag tús an turais ceoil agus bhí sé thar barr. Tá taisce ceoil dhúchasaigh á bailiú ag togra Binneas. Táimid thar a bheith bródúil as an togra seo. Tá sé maoinithe ag an gComhairle Ealaíon chun na leabhair a fhoilsiú agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta. Tá coistí pobail láidre ag feidhmiú sa cheantar.

Tá ábhar misnigh agus dóchais sna sonraí seo a léiríonn an borradh atá sa phobal Gaeltachta in Uíbh Ráthach in ainneoin na ndúshlán atá romhainn. Is sa chomhthéacs sin atáimid ag éileamh aitheantas mar phobal agus ceart daonlathach chun ball a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta ó 2024 ar aghaidh.

Ms Fíona de Buis

Thuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Aire Stáit in 2017 an cás a bhí á dhéanamh ag an am sin faoi na rudaí ar fad atá luaite ag Eimear Ní Mhurchú, is iad sin, na deacrachtaí atá sa cheantar. Is í an t-aon Ghaeltacht amháin sa tír go bhfuil an daonra ag titim ann. Thuig siad é sin agus mar thoradh air sin, bunaíodh tascfhórsa Uíbh Ráthaigh. Tá sé ag feidhmiú leis, ag obair go dícheallach agus dea-thorthaí ag baint leis, mar an gcéanna leis an bplean teanga. Níl aon chiall in aon chor gan an t-aitheantas céanna a thabhairt don cheantar agus an tseans a thabhairt don cheantar.

Cé go bhfuil an t-ísliú daonra atá ann tubaisteach, san am céanna, tá borradh ann. Tá daoine ag teacht. B’fhéidir go mbeidh seans againn cúrsaí tithíochta a phlé ar ball. Is í sin an deacracht is mó atá ann. Léirigh 150 duine spéis i dteacht go dtí Uíbh Ráthach chun cónaí go buan ann ach níor éirigh ach le 16 teach. Cabhraíonn an 16 sin go han-mhór fiú. Tháinig daoine i rith na paindéime, d’fhan siad agus tá siad fós ag fanacht i mBaile an Sceilg, mar shampla. Tá méadú 17% tagtha ar an daonra ansin.

Tá na síolta curtha. Tá an-chuid oibre déanta ag Victor Bayda leis an bpleanáil teanga. Nuair a chuaigh mé chun cónaí in Uíbh Ráthach 50 bliain ó shin, níor thuig mé féin agus mo theaghlach gur Ghaeltacht a bhí ann, ach ní tharlódh sé sin anois. Ní tharlódh sé mar go bhfuil an borradh sin ann agus go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag Gaeilgeoireacht timpeall. Táimid ag iarraidh aitheantais ar na hábhair sin ar fad. Má tá an Roinn, an t-údarás agus an Aire tar éis an aitheantais agus an uchtaigh sin a thabhairt don cheantar, is comhair don údarás é amhlaidh a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh ball dár gcuid féin le toghadh ar an údarás.

Mr. Victor Bayda

Tugaim tacaíocht dó seo. Tá sé fíorthábhachtach ó thaobh chúrsaí phleanáil teanga. Má táimid dáiríre faoi phleanáil teanga in Uíbh Ráthach, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh daoine ar an mbord.

Luafaidh mé roinnt fíricí ón suirbhé a rinneamar. Rinne 118 duine an tsuirbhé seo agus dúradh i gcás 75% de na daoine a d’fhreagair na ceisteanna, ó thús feidhmeanna an phlean teanga le ceithre bliana anuas, go bhfuil níos mó daoine timpeall orthu in Uíbh Ráthach a labhraíonn Gaelainn leo. Is í an cheist a bhí ansin ná cé mhéad níos mó daoine a bhfuil siad ag labhairt Gaelainne leo. Dúirt 31% go 50% go raibh sé imithe ó thriúr go dtí cúigear. Dúirt 32.8% go raibh sé imithe ó sheisear go dtí deichniúir agus dúirt beagnach 17% go raibh níos mó ná 15 duine ag labhairt Gaelainne leo le ceithre bliana anuas. Is toradh an-mhaith é sin ar phleanáil teanga in Uíbh Ráthach. Is comhartha fíorthábhachtach aitheantais é sin go mbeadh duine ar an mbord.

Tá sé tábhachtach a lua go bhfuil athrú tagtha ar an údarás ó thaobh na freagrachtaí atá aige. Ní raibh cúrsaí pleanála teanga mar fhreagracht ag an údarás roimh 2012 agus tá siad aige anois. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an taobh sin d’obair an údaráis léirithe ann agus go mbeadh aitheantas tugtha don cheantar agus do dhaoine atá ag tabhairt go leor fuinnimh. Cuireann siad go leor fuinnimh isteach san obair. Is gnáthdhaoine iad atá sásta teacht go dtí na hócáidí a dhéanaimid agus leanaí a thógáil le Gaelainn. Tá sé fíordheacair é a dhéanamh i gceantar cosúil le hUíbh Ráthach. Tá tacaíocht sa bhreis ag teastáil don phróiseas sin mar tá sé fíorthábhachtach. Ní féidir a shamhlú cé chomh deacair agus atá sé leanaí a thógáil. Tá siad á dhéanamh agus ag tabhairt faoi. Bheadh sé an-mhíchothrom gan aitheantas a thabhairt dó sin.

Ms Edel Ní Bhraonáin

Tá sé léirithe go bhfuil sé tábhachtach go gcreidimid go mbeidh guth againn ar an mbord i gcónaí. Táimid níos lú ná áiteanna eile ach tá ann dúinn. Táimid scaipthe, mar a luaigh Eimear Ní Mhurchú, ach táimid fós ag troid agus ag baint rudaí amach. Tá beocht iontach agus dóchas san áit, ach tacaíocht sa bhreis de dhíth uirthi.

Bhí mé ar an gcomhchoiste ar feadh dhá bhliain nó mar sin. Bhíomar i mBéal Feirste agus sa Tuaisceart. Táimid in ann a fheiceáil go bhfuil an Ghaelainn beo ar fud na tíre, go mór mór leis na Gaelcholáistí. I dTrá Lí Chiarraí, tá Gaelcholáiste nua tar éis oscailt. Is lá an-tábhachtach é don Ghaelainn, ach tá géarchéim i ngach ceann de na Gaeltachtaí maidir le laghdú ar na daoine atá ag caint. Ba chóir go mbeadh gach aon chabhrú tugtha do na ceantair sin chun an Ghaelainn a chaomhnú in Uíbh Ráthach agus i gCiarraí agus i gCorca Dhuibhne chomh maith. Is é an plean atá ag an Rialtas ná na suíocháin a bhí againn i gCiarraí a laghdú. Is céim chun cúl é sin. Tá plean mar gheall ar cheapacháin an Aire a dhúbailt. Tá 10% de dhaonra na Gaeltachta i gContae Chiarraí ach ní bheidh ach 6% de na suíocháin againn. Níl sé sin daonlathach. Tá an éagóir soiléir do gach éinne in Uíbh Ráthach. Gabhaim mo bhuíochas le Victor Bayda agus gach éinne a bhí ag obair leis an bplean teanga. Ba chóir go mbeadh trí shuíochán i gCiarraí, is é sin, dhá shuíochán i gCorca Dhuibhne agus ceann eile in Uíbh Ráthach chun cabhrú leo san obair atá á déanamh acu. Táimid ag iarraidh gach aon tacaíocht a thabhairt dóibh.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair éagsúla.

Tuigim an tslí a mbraitheadh pobal nuair nach bhfuil ionadaíocht acu. Táim á rá sin mar dhuine ó cheantar Mhúscraí, áit nach raibh agus nach bhfuil ionadaíocht againn faoi láthair faoin gcóras reatha. Fiú leis an seanchóras a bhí ann, nuair a bhí ceantar Chúige Mumhan mar thoghcheantar bhí sé an-deacair ar phobal aon duine a thoghadh ón Rinn, ó cheantar Mhúscraí, Cléire agus go leor leor eile. Tá sé soiléir go mbraitheadh pobal an t-easnamh sin gan ionadaíocht. Is dul chun cinn go mbeidh deis anois daoine a roghnú go háitiúil. Luaigh na finnéithe figiúir thart ar 1,700 duine mar dhaonra. Dá mba rud é go rabhamar ag glacadh leis sin mar thairseach agus go mbeadh ar a laghad duine ag gach pobal leis an méid sin daonra acu, cén éifeacht a bheadh aige sin ar phobail níos mó? An mbeadh seisear, seachtar nó ochtar d’ionadaithe ar an mbord ó Chúige Chonnacht, Cúige Uladh agus mar sin de? Nílim cinnte an bhfuil na finnéithe tar éis féachaint ar na figiúirí sin.

Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid dul chun cinn á dhéanamh ag an bhfoireann agus ag an tascfhórsa chun daoine a mhealladh agus a ghríosú chun Gaelainn a thabhairt chun cinn. Tá an tascfhórsa seo neamhspleách ar an bplean teanga. An bhfuilid ag obair as lámha a chéile? Cén tacaíocht bhreise a d’fhéadfadh an t-údarás tabhairt ansin?

Rinneadh tagairt do thithíocht. Tá sé seo pléite againn le han-chuid de na finnéithe a tháinig os ár gcomhair agus dúradh gur chóir go mbeadh leathnú ar chumhachtaí an údaráis. Conas ar chóir don údarás tithíocht a láimhseáil i gceantair na bhfinnéithe chun tacaíocht a thabhairt dóibh?

Ms Fíona de Buis

Dá mbeadh freagracht ag an údarás ag baint le cúrsaí tithíochta, chabhródh sé an-chuid. Ní fheadar an bhfuil cur amach ag an gcoiste ar Chomhairle nan Eilean Siar in Albain. Tá Comhairle nan Eilean Siar mar a bheadh an t-údarás anseo agus tá an-bhaint acu siúd le cúrsaí tithíochta. Tá siad chomh páirteach le dreamanna pobail agus le hiontaobhais tithíochta. Mar shampla, tá áit ó thuaidh ar an Eilean Sgitheanach, the Isle of Skye, a bhfuil daonra an-íseal ann. Is áit í a bhfuil tithe saoire ann, mar atá sna Gaeltachtaí ar fad anseo. Is áit í go bhfuil daoine ag imeacht aisti agus nach bhfuil fostaíocht ann, mar atá anseo agus mar atá in Uíbh Ráthach. An rud a rinneadh ansin ná, i gcomhar le Comhairle nan Eilean Siar, leis na húdaráis eile áitiúla, leis an gcomhairle contae áitiúil agus le dream pobail sa cheantar, thógadar tithe. Thógadar tithe go bhféadfadh daoine ceannach ar phraghas réasúnta. An eochair don rud ar fad ná go raibh an talamh ann. Dá mbeadh an chumhacht ag an údarás talamh a cheannach agus a chur ar fáil chun tithe ar phraghas réasúnta a thógáil, chabhródh sé sin an-mhór, ní hamháin dúinne ach do na Gaeltachtaí ar fad. Tá méid áirid tithe tógtha ar an Eilean Sgitheanach. Tá ionad leighis tógtha don NHS agus tá ionad beag tógtha le haghaidh dream atá ag plé le cúrsaí iascaireachta. Tá siad ag cruthú fostaíochta ach níos mó ná aon rud eile, tá siad ag tabhairt deis do dhaoine cónaí ina n-áit féin. Sin an sórt rud atá uainn agus is dóigh liom gur fiú féachaint air sin mar eiseamláir.

Mr. Páidí Ó Sé

Má thógann tú go bhfuil timpeall ar 72,000 duine sna Gaeltachtaí ó cheann ceann na tíre agus má roinneann tú é sin ar 16, bheadh 4,500 mar dhaonra do dhuine amháin tofa. I ndáiríre, ba cheart beirt a bheith i gCiarraí dá mbeifeá á roinnt amach. Tá a fhios agam go bhfuil seisear nó an méid sin luaite ag an Aire. Cothromaíocht san áit sin an rud is mó, pé scéal é.

Ó thaobh cheist an údaráis, bheadh sé níos fearr dá mbeadh an dualgas mar atá ag an gcomhairle contae ach go mbeadh dualgas ó thaobh na Gaelainne acu. Ní hé nach féidir leis an údarás é seo a dhéanamh ach bíonn sé an-deacair. An tslí go bhfuil an dlí agus na comhairlí contae leagtha amach-----

(Interruptions).

Mr. Páidí Ó Sé

-----éirithe as. Ba cheart go mbeadh níos mó tuiscint ag an gcomhairle contae ó thaobh na Gaelainne agus tús áite a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus na daoine go bhfuil Gaelainn acu. Ní fheadar an bhfuilim briste suas ansin.

Chuala muid an chuid is mó den mhéid a bhí le rá ag an bhfinné ach chaill muid píosa sa lár. B’fhéidir gur mhaith leis iarracht a dhéanamh arís an dá abairt dheireanacha a rá.

Mr. Páidí Ó Sé

An pointe go bhfuilim ag déanamh ná seo: an tslí go bhfuil an dlí agus dualgais na gcomhairlí contae leagtha amach, dá n-athrófaí é sin anois agus rudaí a chur faoi bhráid an údaráis bheadh muid ar fad ag éirí as mar gheall ar an bhfad a thógfadh sé. Cuimhnigh an fad a thóg sé Acht na Gaelainne a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh níos mó brú ó thaobh an plean áitiúil, plean an chontae, go mbeadh an chomhairle contae ag tabhairt tús áite an-soiléir do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine le Gaelainn sna ceantair seo. Tá muidne, le cúnamh Dé, chun cúpla tigh a thógáil sa cheantar seo. Bhí plé agam seacht mbliana ó shin leis an gcomhairle contae faoin talamh atá acu chun go bhféadfaimis seilbh a fháil air, comhoibriú agus tithe a thógáil. An t-aon rud a dúradar ná go raibh an liosta bunaithe ar na daoine go raibh éileamh acu agus a bhí istigh cheana féin. Níl aon bhaint ag an nGaelainn leis sin, is cuma cad as dóibh.

Tá na treoirlínte le teacht. B’fhéidir gur chuala an Teachta Ó Muimhneacháin ón Aire Stáit fúthu.

Tá an-suim agam ansin. Níl aon rud cloiste ó shin ach tuigim go bhfuil siad ag teacht. An príomhphointe ansin ó Pháidí Ó Sé, más ceart mo thuiscint, ná go bhfuil na huirlisí ag an gcomhairle contae agus in ionad cumhachtaí breise a thabhairt don údarás, ba chóir dúinn na comhairlí a spreagadh chun brú ar aghaidh leis na huirlisí atá acu. An ea?

Mr. Páidí Ó Sé

Níl aon fhadhb le cumhachtaí breise. Is muintir phobal na hÉireann iad an mhuintir atá ag obair sa chomhairle contae ach is dóigh liom go ndéanann siad dearmad go bhfuil an Ghaeltacht ann agus ní thugann siad deis do mhuintir na Gaeltachta. Tá a fhios ag an Teachta féin faoi seo. Má theastaíonn uait tigh a thógáil i gCorca Dhuibhne, in Uíbh Ráthach nó in aon áit mar sin, tá costas ar an talamh. Tá costas ar na tithe. Ní féidir dul in iomaíocht leis na daoine a thagann isteach chun tithe a thógáil. Caithfear tús áite a thabhairt do dhaoine chun cead pleanála a fháil. Tá duine ag obair againn anseo agus is dócha gur thóg sé suas le sé nó seacht de bhlianta don tigh cead pleanála a fháil ar a talamh féin ina ceantar féin. Tá sí chomh Gaelach mar dhuine agus an oiread dua uirthi ó thaobh cead pleanála.

Tá deacracht uaireanta ag an gcomhairle contae muintir na háite, nó muintir na Gaeltachta pé scéal é, a thuiscint. Ba cheart rud éigin a chur chun cinn chun go mbeadh tús áite acu.

Mr. Victor Bayda

Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don mhéid a dúirt Páidí Ó Sé ansin mar gheall ar an gcomhairle contae agus an tuiscint, nó an easpa tuisceana b’fhéidir, a bhíonn ag bainistíocht na comhairle contae uaireanta. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh sé sin ann.

Tá dhá rud le rá agam le freagra a thabhairt don Teachta mar gheall ar an mata a bhaineann leis na figiúirí. Ar an gcéad dul síos, tá sé luaite ann cheana féin ach má fhéachann tú ar an léarscáil, tá cúpla ceann de na Gaeltachtaí is lú in Uíbh Ráthach. Tá ceann ciliméadar faoi chiliméadar ann, Baile Uí Chearnacháin, nó ceann i gCathair Dónaill cosúil leis sin, An Gleann Beag. Na daoine a ghearr an Ghaeltacht mar seo, ní raibh tuiscint acu mar gheall ar chúrsaí pleanála teanga a bheadh ann anois. Bhí cuspóirí eile acu an uair sin nuair a leagadh síos iad in 1965 agus 1966. Anois tá sé difriúil. Is rud go hiomlán difriúil deontais a thabhairt do na daoine atá ina gcónaí i mbailte fearainn áirithe. Nuair a bhíonn tú ar an bpríomhbhóthar, Mórchuaird Chiarraí, tagann tú isteach agus amach as Gaeltacht Uíbh Ráthaigh cúig huaire. Sin cúig huaire isteach agus cúig huaire amach. Sin an cruth atá ar an nGaeltacht ansin. Bíonn deacrachtaí agamsa ag plé le daoine mar tagann siad ón taobh mícheart den bhóthar uaireanta agus deirim leo nach féidir liom faic a dhéanamh. Caithfear aitheantas a thabhairt do na daoine a tháinig le chéile ar an gcoiste sin, an coiste nua Nascadh Uíbh Ráthaigh. Tá siad tar éis tacaíocht a fháil ón Roinn agus tá plean teanga curtha le chéile acu don cheantar ar fad, seachas an Ghaeltacht amháin. Beidh an ceantar ar fad anois - 7,000 duine - faoi phleanáil teanga. Táimid ag lorg líon níos airde daoine agus go mbeadh Cathair Saidhbhín mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. I gcomparáid le go leor Gaeltachtaí eile, tá Cathair Saidhbhín lasmuigh den Ghaeltacht ach teastaíonn sé seo mar gheall ar an meánscoil atá istigh ann, mar gheall ar na daoine atá ina gcónaí ansin agus na múinteoirí atá ag obair sa Ghaeltacht ach ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht. Taispeánann sé nach bhfuil na teorainneacha ag oibriú in Uíbh Ráthach mar atá siad anois. Ar shlí, tá an Ghaeltacht ag feidhmiú agus an plean teanga do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag oibriú ar nós sórt lárionad na Gaeilge do phobal Uíbh Ráthaigh ar fad mar ní féidir na teorainneacha sin a úsáid. Gearrann siad suas an pobal ag an bpointe seo mar tá daoine ag taisteal. Níl aon chosc ar an taisteal. Tá saghas iomlánú á dhéanamh ar phleanáil teanga sa cheantar ar fad anois. Táimid ag caint ar an nGaeltacht ach i ndáiríre, bíonn muidne ag obair don cheantar ar fad.

An dara rud, má thuigim i gceart é, ná gur an phríomhchúis a bhí le pleanáil teanga an chéad lá ná seilbh; go nglacfadh na pobail féin seilbh ar an teanga agus ar cad atá i ndán don teanga. Tá an pobal anois ag déanamh an-obair. Tá siad ag cur isteach an oiread sin fuinnimh. Tá siad ag teacht le chéile agus ag tógáil clainne le Gaelainn. Tá siad ag déanamh gach aon saghas rud gur féidir leo a dhéanamh, faoi chúinsí an-deacair ar fad, ach tá siad á ndéanamh. Anois tá seilbh á glacadh acu ar an teanga de réir a chéile. Má thógtar an chéim sa bhreis anois beidh bord ann agus an ionadaíocht cheart ar na hiarrachtaí nó ar an bpobal. Mura mbeidh duine ann chun an tseilbh sin a thaispeáint, má bhíonn na daoine sin ag déanamh a n-iarrachtaí ach ní thugtar an deis dóibh seilbh cheart a ghlacadh ar an teanga, bheadh sé sin míchothrom ar fad. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh ionadaíocht ann chun bunús a chur faoin bpróiseas seo, chun go mbeadh pobal in Uíbh Ráthach a ghlacfaidh seilbh ar an teanga, más sin cuspóir an phleanáil teanga.

Ms Fíona de Buis

Ceann de na staitisticí a sheasann amach ó thaobh tithíochta, agus seans go bhfuil sé seo amhlaidh i gCorca Dhuibhne chomh maith, ná go bhfuil 1,773 duine ina gcónaí i gceantar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus tá 1,818 tigh folamh ann. Sin tithe saoire agus tithe atá díreach folamh, ach is tithe iad go bhféadfadh daoine a bheith ina gcónaí iontu. Cuireann sé sin croit ar an áit. Is dúshlán an-mhór é sin agus mar a deirim, dá mbeadh freagracht ag an údarás ó thaobh cúrsaí tithíochta de, mholfainn go mór go mbeadh sé istigh ansin mar atá sa cheantar Gaeltachta in Albain, mar shampla. Is dóigh liom go mbeadh sé ina chabhair an-mhór.

Faoi láthair tá coistí pobail i mBaile an Sceilg, i gCathair Dónaill, sa Ghleann agus sa Choireán. Tá siad timpeall ar fad agus tá a fhios acu an éigeandáil atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta. Tuigeann siad go maith cad í an éigeandáil agus cad iad na deacrachtaí agus na constaicí ach níl faic gur féidir a dhéanamh muna bhfuil talamh ar fáil. Sin ceann de na deacrachtaí is mó. Dá mbeadh an chumhacht sin ag an údarás, chabhródh sé an-mhaith le teacht i gcion ar an saghas éigeandála atá sa cheantar againn.

Maidir leis an éileamh do thithíocht áitiúil, seachas daoine atá tar éis teacht isteach, glacaim go bhfuil éileamh ó lánúin agus a leithéid.

Ms Fíona de Buis

Tá.

An bhfuil tuairim ag na finnéithe cé chomh mór is atá an t-éileamh sin?

Ms Fíona de Buis

Níl a fhios agam. Tá a fhios agam ó bheith ag labhairt le daoine go bhfuil sé fíor nach bhfuil daoine in ann tithe a thógáil. Tá ceangal againne le diaspóra an cheantair agus léiríonn an-chuid acu siúd gur mhaith leo filleadh ar an áit ach níl seans faoin spéir acu tigh a cheannach ar na praghsanna atá ann faoi láthair. Sin ceann de na míbhuntáistí de bheith i do chónaí in áit atá an-deas agus an-tarraingteach, go bhfuil an t-éileamh sin ann ar thithe saoire agus ardaíonn sé sin na praghsanna ar leibhéal áiféiseach ar fad.

Ms Edel Ní Bhraonáin

An uimhir a luadh níos luaithe, sin daoine atá tar éis suim a léiriú le déanaí. Tá os cionn 150 duine, lánúin nó teaghlach atá ag iarraidh bogadh abhaile nó chun na háite. Tá na daoine atá bogtha cheana féin tar éis cur go mór leis an bpobal agus leis na scoileanna beaga tuaithe atá againne. Ba dheas dá mbeadh muid in ann an deis a thapú an spás a bheith againn agus seilbh a ghlacadh ar na tithe folmha.

Ligfidh mé don Teachta Ó Cuív teacht isteach agus cuirfidh mé ceisteanna arís. Bhí iarphríomhfheidhmeannach agus iarchathaoirleach an údaráis istigh roimhe seo agus bhí roinnt de na ceisteanna seo á bplé againn chomh maith. Tá sé tráthúil.

Ar an gcéad dul síos, molaim na hiarrachtaí atá ar bun. Aontaím le Victor Bayda. Tá teorainn na Gaeltachta thar a bheith giobalach i ndeisceart Chiarraí. Tá sí giobalach in áiteanna eile freisin. I mo Dháilcheantar féin, mar shampla, má théim ar an mbóthar siar as Gaillimh tá mé sa Ghaeltacht go dtiocfaidh mé go pointe áirid agus ansin tá mé sa ghalltacht, ansin sa Ghaeltacht, sa ghalltacht agus sa Ghaeltacht arís, agus mar sin de siar i dtreo an Chlocháin. Tá an fhadhb sin ann. Is cuimhin liomsa dul go hUíbh Ráthach agus dul go hOileán Dairbhre. Bhí mé ag cuardach rud éigin agus sheas mé ar thaobh an bhóthair. Tháinig an fear seo ag an gcarr agus Gaeilge líofa aige. Bhí mise ar an taobh seo den charr agus ag caint leis an tiománaí trasna agus tar éis thart ar nóiméad thuig mé cé a bhí ann, Mick O’Connell, agus Gaeilge iontach aige. É sin ráite, ní bheidh teorainn na Gaeltachta athraithe. Tiocfaidh mé ar ais aige sin.

Maidir le ceisteanna pleanála agus tithíochta agus mar sin de, tá treoirlínte pleanála le teacht amach. Tá treoirlínte pleanála ann don Ghaeltacht cheana féin ach tá cuid nua le teacht amach. Tá go leor oibre déanta orthu sin. Tá rud againne i gConamara agus b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach thíos i gCiarraí. Tá soláthar sa phlean contae ar a dtugtar polasaí neartú Gaeltachta. Glacaim leis go bhfuil gá le riachtanas tithíochta le teach nua a thógáil in Uíbh Ráthach, sé sin, go gcaithfí gur as an áit tú nó go mbaineann tú leis an áit. Ní hé go gcaithfidh do shinsir a bheith ann ach go gcaithfí gur chaith tú cuid mhaith de do shaol ann. Tá aicme eile againne.

Má thagann teaghlach a labhraíonn Gaeilge chun na Gaeltachta, tá riachtanas tithíochta acu ipso facto. Aithnítear iad sin agus go dtreiseodh siad leis an teanga. Sa gcás nach bhfaigheadh strainséirí gan Ghaeilge cead pleanála toisc nach bhfuil aon bhaint acu leis an áit, d’fhaigheadh Gaeilgeoirí é más féidir leo a chruthú do shástacht na comhairle contae gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Tá sé sin ann leis an nGaeilge a láidriú. Tá go leor daoine ina gcónaí i gConamara nach ó bhunadh Chonamara iad. Tá cuid acu thar a bheith aitheanta. D’fheicfeá iad ar TG4 agus d’fheicfeá go bhfuil Gaeilge na Mumhan nó Gaeilge Thír Chonaill acu ach tá tithe acu i gConamara bunaithe ar an bpolasaí seo. Tá sé indéanta ag aon chomhairle contae an polasaí sin a chur i bhfeidhm. Is féidir le haon chomhairle contae a rá go bhfuil cead ag daoine as an áit tithe a thógáil, is cuma an í an Ghaeilge nó an Béarla a dteanga theaghlaigh, agus go bhfuil cead ag teaghlaigh Ghaeilge teach a thógáil má tá riachtanas tithíochta acu ach nach bhfuil cead ag daoine eile atá ag teacht isteach ó thaobh amuigh den áit. Chaithfidís dul go dtí an tsráidbhaile. Teastaíonn rialacha pleanála i bhfad níos daingne ón lár agus caithfimid déanamh cinnte go gcloíonn na comhairlí contae leo ó thaobh a bpolasaí teanga. Scaití, bíonn tú in ann rialacha a dhéanamh ón lár ach, by deaid, bíonn sé deacair cur ina luí ar an gcomhairle contae iad a chur i bhfeidhm mar a leagtar síos iad, ach is scéal eile é sin.

Táimse i bhfabhar cumhacht a thabhairt don údarás talamh a cheannach agus tithe a thógáil agus a ligean. Ba thithe inacmhainne a bheadh i gceist chomh maith le tithe sóisialta. Ag dul ar ais arís chuig an bplean contae atá againn, má thógann an chomhairle contae tithe, mar shampla, i gCois Fharraige nó i gCeantar na nOileán, is é sin le rá, sna ceantair láidre Ghaeltachta, caithfidh 80% acu siúd a bheith coinnithe do chainteoirí líofa Gaeilge. Ní féidir le slám daoine teacht isteach ón taobh amuigh. Is dóigh go bhfuil tábhacht leis sin agus go mba cheart dúinn plé níos mó a dhéanamh ar na ceisteanna seo mar, chuile áit atáim ag dul amuigh faoin tuath, is iad ceisteanna pleanála agus ceisteanna tithíochta an dá fhadhb is mó. Fadó, b’fhostaíocht an fhadhb ach anois is í an phleanáil an fhadhb. Tá gníomh ansin agus tá an-áthas orm go bhfuil na heagraíochtaí ag tógáil na ceiste sin. Is dóigh go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh uirthi. Mar pháirtí, d’fhoilsigh muid polasaí tithíochta tuaithe. Bhí caibidil ann faoin nGaeltacht a thug aghaidh ar na ceisteanna crua seo.

An bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cumhacht agus airgead ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag an údarás le naíolanna, crèches Gaeilge, a thosú sa nGaeltacht? Nuair atá gasúir bliain, dhá bhliain nó trí bliana d’aois, is é sin an t-am is mó a shealbhaíonn siad teanga gan stró.

Ms Fíona de Buis

Tá ceann ann sa Dromaid. Tá baint ag Eimear Ní Mhurchú leis.

Ach níl aon pholasaí ann. Thosaigh eagraíocht na bhfinnéithe féin é.

Ms Fíona de Buis

Thosaigh an pobal é.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Pobal na Dromada.

Ms Fíona de Buis

Tá éileamh air agus tá ag éirí go maith leis.

An raibh aon fhadhb le maoiniú a fháil?

Ms Fíona de Buis

Ní dóigh liom é.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Ní raibh. Tá an rud fite fuaite le Cumann Tithíochta na Dromoda. Tá tithe sóisialta do na seanóirí againn chomh maith ar an taobh eile. Táimid ag déanamh soláthar de sheirbhísí ó na daoine is óige sa cheantar go dtí na daoine is sine. Is é sin an rud atá uainn. Tá naíonra ann.

Naíonra nó naíolann?

Ms Eimear Ní Mhurchú

Naíolann agus naíonra.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Bhí an méid sin éilimh ar an naíonra go raibh orainn bogadh go foirgneamh eile. Bhí trian fiontraíochta ann agus tá an naíonra anois lonnaithe istigh in aonad amháin mar go raibh an méid sin éilimh ar an naíolann agus ar an naíonra. Bhíomar in ann na seirbhísí a bhí againn sa naíolann a leathnú amach sa seomra eile a bhí á úsáid ag an naíonra tráth a raibh sé ann. Anois, tá an naíonra istigh sa bhfoirgneamh eile. Tá ag éirí go hiontach leo. Is é an rud is fearr faoi ná go bhfuil leanúnachas ann ón naíolann go dtí an naíonra. Ansin, bogann siad ar aghaidh go Scoil Náisiúnta Cillín Liath. Tá caifé beag againn ansin in Ionad na Dromoda. Tagann na páistí isteach le haghaidh rince, amhránaíochta nó rudaí deasa cultúrtha eile i ndiaidh scoile. Is rud álainn é iad a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge go nádúrtha. Tá fiúntas ag baint leis an méid oibre atá á dhéanamh ag na daoine atá ag plé leo i nGaeilge ón uair atá siad ag dul go dtí an------

Ón gcliabhán aníos.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Ón gcliabhán ach ón uair a thosaíonn siad ann freisin. Is féidir go bhfuil Gaelainn ag an mbeirt tuismitheoir nó nach bhfuil sí ach ag tuismitheoir amháin agus go bhfuil an duine eile ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tugann sé an-spreagadh dúinn é sin a fheiceáil. Tá sé sin an-tábhachtach. Má táimid ag caint faoin nGaeltacht agus más Gaeltacht atá uainn, agus tá cinnte, caithfimid féachaint ar an bpobal sin. Aontaím leis an rud a dúirt Páidí Ó Sé. Ó thaobh cúrsaí pleanála, tithíochta agus rudaí mar sin de, bhí mé ag caint le duine inné atá ag iarraidh bogadh amach óna teach féin toisc nach bhfuil ach beirt fágtha ar an mbóthar sin. Ó thús an bhóthair sin, is turas 7 nó 8 míle go dtí an deireadh é agus níl ach beirt fágtha air, áit a raibh 20 teaghlach i lár na 1980idí. Is toradh é sin den bhánú atáimid ag féachaint air. Ní féidir le han-chuid de na daoine sin a dtithe a thabhairt do dhaoine eile. Mar shampla, tá tig an duine a bhí mé ag caint léi inné suite i lár feirme. Ní bheadh sé oiriúnach di go mbeadh daoine eile mórthimpeall ar an bhfeirm atá lonnaithe amach in áit éigin eile agus ag teacht agus imeacht. Ní theastaíonn ó dhaoine na tithe sin a thabhairt do dhaoine eile fad is atá siad lonnaithe i lár an aonaigh. Is é sin an áit ina bhfuil an fhadhb. Tá tithe ann atá ábhairín oiriúnach ach nílimid in ann daoine a chur iontu. Caithfimid féachaint air sin. Caithfimid féachaint ar staid na tithíochta ionas go mbeidh níos mó ag teacht chuig an naíolann, an naíonra agus ár scoil Ghaeltachta.

Ms Edel Ní Bhraonáin

Bhí naíonraí eile ann. Cailleadh maoiniú do cheann amháin nuair a bhí an cúlú eacnamaíochta deiridh ann. Bhí naíonraí eile sa cheantar.

Bhí polasaí ann ag pointe amháin i gceantair thuaithe agus ar oileáin. Is cuma cé chomh beag is a bheadh naíonra, bheadh maoiniú bunúsach ar fáil dó. Tá an daonra pobail leochaileach ar nós an ceann atá ag na finnéithe. Téann sé suas agus síos agus caithfidh tú a bheith réidh leis an teacht aníos. Má dhúntar an rud, tá sé an-deacair. Cé a rinne maoiniú ar na foirgnimh?

Ms Eimear Ní Mhurchú

An bhfuil an Teachta ag caint faoi na foirgnimh ina bhfuil siad lonnaithe? Tá baint ag Forbairt na Dromoda leis an deontas a reáchtáil. Chuir sé an taobh eile de, an charthanacht, ar bun 20 bliain nó mar sin ó shin. Ag an am, fuair sé cabhair ón Roinn leanaí. Cuireadh é sin ar fáil. Tá an naíonra á stiúradh ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta.

Is é an cheist atá agam ar Fhorbairt na Dromoda ná an mbeadh sé ag breathnú ar an mórphictiúr ón nGaeltacht? Dá mbeadh sé ag iarraidh é sin a dhéanamh inniu, ní bheadh an cúnamh sin ar fáil. An ceart go mbeadh cumhacht ag an údarás - mar is faoin údarás atáimid ag caint - talamh a cheannach nó cuid dá thalamh féin a úsáid chun na foirgnimh riachtanacha pobail seo a thógáil?

Ms Eimear Ní Mhurchú

Cinnte. Ba chóir go gcuirfí traenáil ar fáil do dhaoine chun a bheith ag plé leis trí mheán na Gaelainne chomh maith.

Mr. Páidí Ó Sé

Tabharfaidh mé cúpla freagra ar cheisteanna an Teachta Ó Cuív. Is minic gurb iad an pobal agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thugann tacaíocht do na hionaid seo ach bíonn an t-údarás i gcónaí ceangailte leis. Caithfear é seo a rá. B'fhéidir nach bhfuil sé ráite againn in aon chor i dtosach nó fiú amháin nuair a bhíomar ag caint. Déanann an t-údarás obair iontach. Is é an bua atá aige ná go bhfuil cuid mhór dá fhoireann lonnaithe sa Ghaeltacht. Tuigeann siad muintir na Gaeltachta agus tá an Ghaelainn acu. Is í an deacracht atá againn leis an gcomhairle contae - i gCiarraí, pé scéal é - ná, dá rachfá isteach uirthi ag caint Gaelainne, tá sé chomh maith agat a bheith ag caint leis an mballa.

Níl a dhóthain tuisceana ag foireann na comhairle. Níl an Ghaelainn acu. Ní locht orthu féin é sin ach locht ar an mbainistíocht. Is easpa tuisceana an deacracht atá ann. Nuair a rachfá isteach le bualadh leis na daoine atá bainteach le pleanáil tithe, ní hiad na céad fhocail a thagann amach as a mbéal ná "Cad as tú?" nó "An bhfuil Gaelainn agat?" Ní hiad na ceisteanna a dtagann uathu. Is é an t-aon bhua a bheadh ann ná go mbeadh an t-údarás ceangailte ar shlí éigin leis na cinntí a dhéantar agus go mbeadh sé páirteach iontu.

Ó thaobh an 80%, an 60% agus uaireanta an 40% sna ceantair, bheadh an scéal cloiste ag na baill faoin gceist "Do you speak Irish?" a bheith curtha mar cheann de na ceisteanna. Is rud atá cloiste againn ó thaobh na Gaelainne de. Níl an teist cheart curtha ar dhaoine chun a chinntiú go bhfuil pobal Gaeltachta á bhogadh isteach ó thaobh an 60% nó an 80% atá luaite. Tá easpa tuisceana ar conas a mheas go bhfuil na daoine seo ag labhairt na Gaelainne go laethúil, go bhfuil tuiscint acu uirthi agus gur mhaith leo í a labhairt. Ní i gcónaí a bhfuil sé sin ceangailte leis an 80% agus an teist a chuirtear orthu.

Bogfaidh mé go dtí ceist chasta ionadaíocht ar bhord an údaráis. Bhí daoine ag cáineadh iarbhord an údaráis nuair a bhí 17 tofa agus triúr ainmnithe. D'ainmnigh mé duine ó na hoileáin i gcónaí so, i ndáiríre, bhí beirt ainmnithe, an cathaoirleach agus duine amháin eile. Cheap mise go raibh sé ag feidhmiú okay. Ní fheicim fós cén locht a bhí air. Tá an-spéis agam sa rud atá á rá ag na finnéithe, is é sin go bunúsach nach leor 16 nó deichniúr tofa. Agus é sin ráite, nuair a scrúdaigh mé an cheist seo, d'éirigh an scéal beagáinín níos casta ná mar atá leagtha amach ag na finnéithe.

Ba é an rud a bhí i mo chloigeann ná duine amháin ar a laghad ó chuile chontae a bhfuil Gaeltacht ann. Ba sin Contae na Mí socraithe. Bhí fadhb i gContae na Mí mar tá níos mó daoine i mBaile Ghib ná mar atá i Ráth Chairn tar éis go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge i Ráth Chairn ná mar atá i mBaile Ghib. Is dóigh liom gur réiteach ar chuid de na fadhbanna sin an coinníoll Gaeilge ar bhaill bhoird. Is mar sin a bhí sé i bPort Láirge agus i gCorcaigh. Tá fadhb áirithe i gCléire ach bhí an t-ionadaí oileánda acu sin. Maidir le Corca Dhuibhne, má thógann tú beart é a fhágáil ag an bpobal, roghnóidís beirt as Corca Dhuibhne. Ní thoghfar duine as Uíbh Ráthach. Tá spéis agam sa bplé inmheánach atá ar bun i gCiarraí air seo. Is é an rud a cheap mise ná go mbeadh míle murdar ann. De réir an daonáirimh dheireanach, tá 1,928 cainteoir laethúil Gaeilge i gCorca Dhuibhne as 6,708 duine. I gCiarraí theas, níl ach 121 cainteoir laethúil Gaeilge agus 1,753 duine. Cibé réasúnaíocht a bhí agamsa ag an am, cheap mé go ndéarfadh mé go gcaithfidh duine acu a bheith as Ciarraí theas. Cheap mé go mbeadh míle murdar ag muintir Chorca Dhuibhne ach, má tá sé sásta é sin a ghéilleadh, níl aon fhadhb agamsa leis sin.

Tá fadhb eile ann áfach. Nuair a théitear go Maigh Eo, d'fhéadfaí deisceart Mhaigh Eo a cheangal le Gaillimh. Táim ag cónaí sa gceantar sin agus is é an t-aon áit sa tír ina dtéann teorainn chontae trasna trí Ghaeltacht amháin. Tá Tuar Mhic Éadaigh níos ceangailte le Gaillimh ná mar atá sé le hIorras ná le hAcaill. Is dóigh gur cheart dúinn breathnú air é a cheangal le Gaillimh. Tá thart ar an méid céanna daoine i Maigh Eo thuaidh, 6,900, ach níl an oiread céanna cainteoirí laethúla Gaeilge ann, 563. Admhaím é sin. Má théim go hAcaill, tá níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge agus daonra níos mó ann ná mar atá in Uíbh Ráthach. Chiallódh sé sin go dtiocfadh éileamh láithreach ar dhuine in Iorras agus duine in Acaill. Tharlaigh an rud céanna i Maigh Eo. Bhí beirt i Maigh Eo ach toghadh beirt as Iorras. Ba bhreá liom dá bhféadfaimis réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. Níl mé ach ag míniú nach bhfuair mé an toradh air seo, fiú le 20 duine.

Shíl mise gurb éard a dhéanfadh muintir Chiarraí mar rinne muid é. Táim ag cónaí i gceantar le 2,000 daoine. Tá 15,000 nó 20,000 i nGaeltacht Chonamara. Tá sé thar a bheith líonmhar ach fós féin d'éirigh linn duine a thoghadh. Is é an rud a rinne muid ná go bhfuair muid duine sa gceantar a bhí ag cónaí i ndeisceart Chonamara. Fuair sé vótaí ó dheas agus vótaí ó thuaidh agus d'éirigh linn é a thoghadh. Tá fadhb ollmhór anseo. Ba mhaith liom barúil na bhfinnéithe ar cén chaoi a bhféadfadh muid é seo a réiteach gan dul go 20. Níl aon fhadhb agamsa dul go 20 ach is cosúil go bhfuil daoine amuigh ansin ag ceapadh go bhfuil 20 rómhór.

Ms Fíona de Buis

B'fhéidir nár mhiste leo dul go dtí 20 ach, ónár dtaobh, mar a deir an Teachta, tá an daonra íseal agus tá méid na gcainteoirí laethúla íseal, ach creidimid go bhfuil an dá rud ag dul i méid agus go bhfuil níos mó daoine ag teacht isteach. Tógfaidh mé mar shampla áit an-bheag ar fad. Ní fiú ar éigean go bhfuil sráidbhaile ann ach tá baile fearainn ann, Baile an Sceilg. Tá 400 duine lonnaithe ansin. Mar a deir muid san aighneacht, i rith na bpaindéime, tháinig níos mó ná 30 duine ar ais. Is daoine iad a raibh tithe saoire acu agus tá siad anois lonnaithe ann. Tá sé i gceist mol Gteic a thógáil ansin. Chabhródh sé sin go mór. Tuigimid go bhfuil cúrsaí lag agus leochaileach. Caithfear aitheantas a thabhairt dó sin ach, ag an am céanna, caithfear glacadh leis an saghas muiníne, díograise agus chur chuige atá sa cheantar agus seans a thabhairt dó.

Glacaim leis sin ach nach gcaithfear an seans céanna a thabhairt do chuile cheantar gur féidir leo an rud céanna a rá, mar shampla, Maigh Eo thiar nó tuaisceart na Gaillimhe? Is ceann de na fadhbanna atá ann é seo. Nuair atá tú ag leagan síos reachtaíocht, caithfidh tú é a bhunú ar fhigiúirí seachas ar mhothú.

Ms Fíona de Buis

Tuigim ach, i dtaca le boird Stáit, ní méid ollmhór é 20 duine.

Fiú le 20, an bhfuil muintir Chorca Dhuibhne, an gnáthphobal, chun a bheith sásta? Is í sin an cheist. Níl ann ach ceist. Tá fadhbanna amuigh sa bpolaitíocht, mar a fuair mise amach thíos i gCiarraí cheana. Bhí dream amháin ar tuairim amháin agus dream eile ar tuairim eile agus bhí mise sáinnithe ina lár.

Tá tuairim ag Páidí Ó Sé chomh maith. Ligfidh mé dó teacht isteach.

Mr. Páidí Ó Sé

An féidir liom ceist a chur ar an Teachta? Conas a leagfar amach é? An mbeidh sé bunaithe ar an daonra nó ar líon na gcainteoirí laethúla?

Níl mise ach ag míniú na fadhbanna a bhí agam féin leis seo. Táim ag iarraidh a bheith cothrom. Dá ndéanfadh mé é bunaithe ar dhaonra, bheadh buntáiste mór ag Gaillimh mar tá daonra ann timpeall chathair na Gaillimhe. Thosaigh mise ag breathnú ar an dá rud, an daonra agus cainteoirí laethúla. B'fhearr an teist é líon na gcainteoirí laethúla. Is cuma. Ní dhéanann sé aon difríocht. Tá na figiúirí ar fáil. Má-----

Mr. Páidí Ó Sé

Chun an cheist a fhreagairt faoi mar a bhaineann an fhadhb le Ciarraí thiar, mar a dúirt mé i dtosach - b'fhéidir nár tháinig sé soiléir go dtí an coiste - thabharfaimis tacaíocht do Chiarraí theas ar an gcoinníoll go dtabharfadh muintir Chiarraí theas tacaíocht dúinn agus go mbeadh beirt tofa i gCiarraí thiar.

Beirt i gCiarraí thiar ach duine amháin i gCiarraí theas.

Mr. Páidí Ó Sé

Ní ceart idirdhealú a dhéanamh i ndáiríre. Is é an rud atá tábhachtach ná go mbraitheann Ciarraí go bhfuil siad buailte. B'fhéidir go bhfuilimid rófhada ón nGaillimh nach bhfaighimid na deiseanna. Is cuma cén reachtaíocht atá ann, bíonn sé drochbhéasach do mhuintir Chiarraí go gcaithfimid troid do rudaí gur cheart a bheith againn mar Ghaeltacht láidir. Tá sé beagáinín deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil sé seo ag teacht go nádúrtha. Níl mé ag caint faoi Chiarraí theas nó faoi Chiarraí thiar ach ní ceart go mbeimis ag troid do rud éigin gur cheart a bheith againn agus a bhí againn.

An bhfuil Páidí Ó Sé ag caint ar triúr nó ar beirt i gCiarraí ar fad?

Mr. Victor Bayda

Triúr a dúirt sé. Beirt i gCiarraí thiar agus duine amháin i gCiarraí theas.

Is dócha go gcaithimid dul timpeall ar an gceist seo. Má deirim é sin, i gCiarraí thiar tá-----

Ms Fíona de Buis

Tá 7,103-----

I gCiarraí thiar, tá 1,928 cainteoir laethúil Gaeilge agus tá 6,700 duine. I gConamara tá 10,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil. Tá an coibhneas ag dul i bhfearr leis na ceantair bheaga ar aon bhealach ach tá teorainn áirithe leis an easpa coibhnis gur féidir a bheith ann agus sin é an dúshlán. Chaith mé go leor oícheanta ag iarraidh an fhadhb seo a mhúscailt.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Ach má bheadh muid-----

Cheap mise go raibh an seanréiteach níos fearr, go raibh beirt ann, ná an réiteach a bhí ann roimhe sin de bharr chomh héagsúil is atá an Ghaeltacht. Tá leath de na cainteoirí laethúla Gaeilge i gConamara.

Ms Eimear Ní Mhurchú

Ach má fhéachaimid air sa tslí sin ní bheidh aon todhchaí ag an nGaeltacht. Má fhéachaimid ar na figiúirí átá á lua ag an Teachta ó thaobh na gcainteoir laethúla, beidh sé soiléir dúinn go bhfuil fianaise ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn ann. Má táimid ag féachaint air sa tslí sin, ó thaobh rudaí praiticiúla de, déanann sé ciall i slí amháin. Táimid ag iarraidh pobal Gaeltachta a chruthú le níos mó cainteoirí laethúla Gaeltachta, Gaeilge agus daoine Gaeltachta a bheith againn in Uíbh Ráthach. Sin an rud atá uainn.

Tuigim é sin ach déarfaidh muintir Fhánada an rud céanna. Déarfaidh chuile Ghaeltacht, muintir Acla agus muintir Cheathrú Thaidhg, é sin. Mar sin, caithfidh muidne, mar pholaiteoirí, a bheith réidh mar nuair atá sibhse imithe beidh dream eile ag teacht isteach againn. Níl mé ag iarraidh a bheith ag argóint faoi seo ach is fearr go mbeadh plé macánta faoi mar caithimid a bheith réalaíoch. Ní déarfaidh mé níos mó inniu.

B'fhéidir go gceapann na finnéithe go bhfuil mé thar a bheith diúltach ach níl mé. Caitear cuimhneamh gur mhéadaigh mé an bord. Bhí seachtar tofa agus bhí seisear ainmnithe ar an gcéad bhord - is é sin 13 duine - ach mhéadaigh mise go 20 é. Bhí go leor daoine maithe ann mar gur theastaigh uaim ionadaíocht níos leithne a thabhairt do phobal na Gaeltachta. Bhí fadhbanna leis sin ach ar an taobh eile den scéal bhí teorainn, go praiticiúil agus go polaitiúil, le cé chomh fada is a bhféadfaí dul le méid an bhoird. Bhí daoine ag rá fiú go raibh 20 ró-mhór. Níor cheap mise go raibh; cheap mise go raibh an bord ag feidhmiú níos fearr ná an bord le deich mbliana anuas. B'shin é mo thuairim pearsanta ach dúirt go leor go raibh mise as mo chiall agus as mo mheabhair ar fad leis sin. Níl mé ag iarraidh na finnéithe a chur ag argóint liom le go bhfaighimid réiteach na faidhbe seo mar níl sé éasca é a réitigh.

Ms Fíona de Buis

B'fhéidir go bhfuil dearcadh eile ann gur chóir a bheith san áireamh ó thaobh an údaráis de, go bhfuil dualgas air freagracht a bheith aige as neartú na Gaeltachtaí atá láidir, ach a bhfuil freagrach chomh maith as seans a thabhairt do na Gaeltachtaí atá lag. Má chuireann sé sin figiúirí as riocht, b'fhéidir gur fiú é ag deireadh an lae.

Tuigim é sin ach tá mé féin ag cónaí i nGaeltacht atá lag i nDúiche Sheoigheach. Níl mé ag cónaí i ndeisceart Chonamara ach i nDúiche Sheoigheach. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag na finnéithe cá bhfuil Dúiche Sheoigheach.

Ms Fíona de Buis

Tá a fhios.

Tá an Ghaeltacht sin lag agus tá Béarla ar thaobh amháin agus Béarla ar an taobh eile. Tá an-iarracht déanta againn agus tá éirithe cuid mhaith linn an Ghaeilge a thabhairt slán. An cheist atá agam ná caitear a bheith cothrom leo sin freisin. Seo í an choimhlint atá ar m'intinn faoi seo. Bhí an díospóireacht seo úsáideach agus níor theastaigh uaim dul chun leadráin leis. Beidh mise ag smaoineamh go pearsanta agus glacaim leis go mbeidh an coiste ag smaoineamh cén chaoi chun tabhairt faoi seo mar beidh orainn moltaí a chur ar aghaidh. Caithimid glacadh leis freisin, mar chóras ní mar an coiste seo, go bhfuil cur in aghaidh láidir maidir le bord a bheith rómhór. Ní aontaím leis ach tá sé ann. Ní thuigim cén fáth nach féidir leis a bheith chomh mór le bord chomhairle chontae.

Mr. Victor Bayda

Is é an bunlíne atá ann ná go gcaithfidh an bord a bheith daonlathach agus ionadaíoch. An cheist atá agamsa ná cén moladh atá ag an gcoiste conas ionadaíocht Uíbh Ráthaigh ar bhord an údaráis a chinntiú? Ceapaim go raibh an córas a bhí ann i bhfad níos fearr nuair a bhí 20 ann agus nuair nach raibh ach triúr ainmnithe. Bhí sé i bhfad níos féaráilte ná mar atá anois. Ní féidir le deichniúr tofa a bheith ionadaíoch. Gan dabht, is mór an míchothromaíocht atá ann nuair nach bhfuil ach triúr ó Chonamara agus beirt ó Dhún na nGall agus ansin duine amháin ó Chontae na Mí. An bhfuil daoine ag teacht ó Chonamara ag rá go bhfuil sé sin mícheart cé go bhfuil difríocht ollmhór idir Chonamara nó Gaillimh agus Contae na Mí?

An cheist atá agamsa leis an gcás seo ná, mar a dúirt mé, ná gurb é an bunlíne ná go mbeadh sé daonlathach agus go mbeadh ionadaíocht do gach pobal ann. Is dhá cheantar iomlán difriúil iad Uíbh Ráthach agus Corca Dhuibhne, Nuair a bhí beirt ar bhord an údaráis ní raibh sé cothrom d'Uíbh Ráthach ach an oiread. Ní raibh daoine ó Uíbh Ráthach tofa ar an mbord agus daoine ó Chiarraí thiar, den chuid is mó, a bhí ann. Conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil na hiarrachtaí ar fad atá á ndéanamh ag pobal Uíbh Ráthaigh caomhnaithe? Fiú agus é an-lag, tá an-teacht aniar ann agus is féidir liom na figiúirí ar fad a chur ar fáil don choiste chun é sin a léiriú. Conas is féidir linn ionadaíocht phobal Uíbh Ráthaigh a chinntiú ar bhord Údarás na Gaeltachta?

Aontaím leis an bhfinné.

Ba mhaith liom go mbeadh Páidí Ó Sé in ann teacht isteach chomh maith.

Mr. Páidí Ó Sé

An bhfuilimid imithe rófhada chun cinn chun aon athrú a dhéanamh?

Níl. An fáth go bhfuil an plé seo ar siúl ná go bhfuil ceannteidil tugtha dúinn agus de réir an chórais, nuair atá muidne críochnaithe leis an bplé seo ag deireadh na míosa, cuireann muid tuarascáil ar aghaidh chuig an Aire. Is féidir léi neamhaird a dhéanamh de ach de ghnáth déantar aird éigin a thabhairt do na moltaí a chuireann muidne chun cinn. Déantar an reachtaíocht a bhunú bunaithe air sin agus ansin bíonn díospóireacht eile againn sa Dáil. Níl aon reachtaíocht leagtha síos ach ceannteidil.

Mr. Páidí Ó Sé

Ba mhaith liom freagra ar mo cheist féin. Ní raibh mé ar bhord riamh go raibh 20 duine ann agus go raibh tú ábalta a bheith gníomhach i gceart agus spriocanna a bhaint amach. Tá sé beagáinín deacair agus bíonn sé ar nós rud polaitíochta seachas rud éigin atá gníomhach. Féach, mar shampla, ar IDA Ireland, agus déanann sé sórt leath an jab a dhéanann an t-údarás mar tá dhá tasc aige. Féach cé mhéad duine atá tofa air sin agus cífear nach bhfuil éinne. B'fhéidir gur cheart dúinn féachaint ar struchtúr réigiúnach seachas a bheith ag troid faoi chóras le daoine tofa agus rudaí mar sin. B'shin é an tslí is fearr chun teacht ar an réiteach seo; an deacracht a bhraitheann daoine nach bhfuil dóthain i gCorca Dhuibhne, nach bhfuil éinne faoi láthair i gCiarraí theas agus go bhfuil na Gaeltachtaí eile fágtha i leataobh. D'fhéadfaí na tuairimí a thabhairt go bord réigiúnach agus go mbeadh ionadaíocht ón mbord sin a rachadh chun cinn go dtí an príomhbhord. Ar shlí, táimid ag troid anois faoi cé mhéad duine a bheas ann agus faoi cé mhéad a labhraíonn Gaelainne sa cheantar. Ní bheidh sé fuirist é sin a rá le 20 duine, agus b'fhéidir nach 20 a chríochnóidh sé leis ach le 22. Ní feidhmeodh an bord go maith agus bheadh an iomarca polaitíochta istigh ann. Mo leithscéal as sin a rá le polaiteoirí.

B'fhéidir go bhfuil réiteach na faidhbe sa mhéid a dúirt Páidí mar is iad ceantair phleanála teanga an rud nach raibh ann. D'fhéadfaí bord réigiúnach a bhunú ar an gcoinníoll go bhfuil na daoine tofa ar an bpríomhbhord agus ansin go mbeadh bord réigiúnach le duine amháin ó chuile cheantar pleanála teanga. Glacaim leis go bhfuil ceantar pleanála teanga in Uíbh Ráthach.

Ms Edel Ní Bhraonáin

Tá.

Leis an moladh sin áfach, tá an baol ann go mbeadh ionadaíocht ar an bpríomhbhord ag na ceantair is mó agus is láidre agus go mbeadh na ceantair eile fágtha ar lár.

Tá contúirtí de chuile shórt sa saol. Is cuimhin liom, nuair a toghadh mé mar Aire na Gaeltachta, gur tugadh na hoileáin Ghaeltachta agus na hoileáin ghalltachta isteach in aon áit amháin don chéad uair. Bhí faitíos ar na daoine ó na hoileáin gan Ghaeilge go bhfágfaí ar an méar fhada iad, go mór mór nuair a bhí na trí oileán is mó sa tír i mo Dháilcheantar féin, ach déarfainn go ndéarfaidís nach raibh rudaí riamh chomh maith is a bhí nuair a bhí mé i réim, fiú thíos i mBaile Chaisleáin Bhéarra agus an tOileán Mór, mar go raibh sé mar pholasaí agam go raibh chuile cheann de na hoileáin tábhachtach, fiú oileán le deichniúr. Thriail mé an rud céanna a dhéanamh ó thaobh na Gaeltachta agus deontais Ghaeltachta. Bhí na deontais spóirt agus chuile shórt eile le fáil sna ceantair Ghaeltachta. Bhí top-ups le fáil faoin scéim ceantair laga ardriachtanais, CLÁR, do cheantair ina raibh an daonra an-lag agus mar sin de. Braitheann sé ar na pearsana. Ní bhraitheann sé ar cá bhfuil siad. Is é sin a chreidimse. Ní féidir reachtaíocht a dhéanamh a chlúdódh chuile fhéidearthacht, ach má tá bord láidir réigiúnach ann b'fhéidir go mbeadh bunús le ceantair phleanála teanga a úsáid leis sin. Caithfimid coinneáil ag smaoineamh, ag argóint agus ag plé go dtí go dtiocfaimid ar réiteach mar tá fadhb ann nach bhfuil éasca le réiteach. Tuigim an rud atá i gceist ag na finnéithe. Is an-lá a théim go hUíbh Ráthach. Tá aithne agam ar dhaoine ó Uíbh Ráthach.

Tá brón orm. Bhí orm dul amach go dtí an Dáil Chamber. Bhí duine éigin agus an Teachta Ó Cuív ag caint mar gheall ar na pleananna contae. B'fhéidir go mbeadh Norma Moriarty in ann an cheist seo a fhreagairt. Níor mhaith liom í a chur ar an spota. Bhí pods nó suímh le seirbhísí i gceist. Bhí caint ar chinn i Séipéal na Carraige, i bhFionntrá agus in Uíbh Ráthach. An raibh aon dul chun cinn leis na suímh sin? An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe? Bhí dream ó Shleacht Néill istigh ag cruinniú den chomhchoiste ag caint faoi Ghaeltacht a chruthú agus faoin GAA. Bhí suíomh ag an dream sin thuas i Sleacht Néill agus bhí sé ag tabhairt tacaíochta do chruthú Gaeltachta thuas ansin.

An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe mar gheall ar na hiarrthóirí don údarás? An gá dóibh a bheith ina gcónaí nó ag obair i gceantair Ghaeltachta? B'fhéidir gur chuir duine eile an cheist seo nuair a bhí mé amuigh ach an bhfuil tuairimí ag na finnéithe mar gheall ar an gcomhionannas idir fir agus mná ar bhord an údaráis? An bhfuil aon chumhachtaí breise ag teastáil ón údarás nuair a bheidh an bord nua bunaithe? Bhí an Teachta Ó Cuív ag caint mar gheall air sin.

Níl ach roinnt nóiméad fágtha. Cuireadh ceist ar Norma Moriarty. Tabharfaimid isteach í sula ligfidh mé d'aon duine eile teacht isteach.

Táim i dtrioblóid anois.

Ms Fíona de Buis

Bíonn sí i gcónaí ciúin.

Ms Norma Moriarty

Níl mo Ghaeilge láidir in aon chor. Maidir leis an pods nó nodes, tá ceithre cinn againn agus táimid ag obair mar choiste tithíochta leis an tascfhórsa agus na comhairleoirí. Táimid ag déanamh progress ina leith sin. Táimid ag lorg dhá cheann. Táimid an-dóchasach go mbeimid ábalta rud deas a dhéanamh. Tá fadhbanna againn le wastewater treatment i mBaile an Sceilg. Caithfimid integrated constructed wetland, ICW, a fhorbairt san áit sin chun cúpla áit eile a chur chun cinn.

Tá forbairt éigin ag tarlú. Níl a fhios agam cé atá ag iarraidh na ceisteanna eile a fhreagairt. Bhí ceist faoi choinníollacha ar iarrthóirí. Bhí muid ag caint níos luaithe, sa chéad chuid den chruinniú, faoi leibhéal B2 a bheith acu siúd a bheadh ar an mbord. Tugadh míniú dúinn. An bhfuil aon choinníollacha eile i gceist?

Ms Fíona de Buis

Glacaim leis go mbraitheann daoine go bhfuil sé sin saghas maslach ach is é an tuairim atá againn, ní ar an mbonn seo ach ar an gceist a chuir an Teachta Daly i dtaobh ionadaithe a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht, gur chóir go mbeadh sé sin ann. Ní bheadh aon chiall lena mhalairt.

Cad fúthu siúd ón gceantar nach féidir leo cónaí sa cheantar toisc nach bhfuil aon teach ar fáil dóibh?

Ms Fíona de Buis

B'fhéidir gur fhéadfaimis teacht timpeall air sin.

Is é sin an sórt plé-----

Ms Fíona de Buis

Tuigim. Tá deacracht ansin.

Caithfidh cinnteacht a bheith ann sa stuif a chuireann muidne chun cinn. Má chuireann muid coinníoll ann, caithfimid smaoineamh ar an drochthionchar a bhféadfaí a bheith aige. Ar an taobh eile, bheadh drochthionchar ag ainmniú daoine nach bhfuil baint acu leis an nGaeltacht. Bhí muid ag lorg tuairimí daoine faoi sin. Cén cheist eile a bhí ann?

Ms Fíona de Buis

Bhain sé le coinníollacha inscne, nár bhain?

An comhionannas. D'fhiafraigh an tAire dínn an bhfuil aon tuairimí againn faoi conas is féidir a chinntiú go mbeidh comhionannas ann.

Ms Fíona de Buis

Ní dóigh liom go bhfuil freagra na ceiste seo againn.

Tá Páidí Ó Sé ag iarraidh teacht isteach. Tá na freagraí ar fad aige.

Mr. Páidí Ó Sé

Ní chuirfinn aon choinníollacha ar iarrthóirí seachas b'fhéidir go mbeidís sa Ghaeltacht. Tá tuiscint níos fearr ar an nGaeltacht ag daoine atá ag maireachtáil ann. Tá sé tábhachtach a bheith ann chun an tuiscint sin a fháil. Ó thaobh coinníollacha faoi aon rud, i ndáiríre, is é an duine is fearr chun an post a dhéanamh atá ag teastáil. Ba chóir go mbeadh taithí aige nó aici ar an sórt forbairtí atá sna ceantair dhifriúla. Ó thaobh inscne, nach ceart é go mbeadh ar a laghad 40% nó 50% i gceist?

Is í an fhadhb atá ann ó thaobh an 50% ná, go dtí seo, ní raibh ach beirt bean tofa don údarás. B'fhéidir nach raibh siad san iomaíocht. Tá jab le déanamh chun a dhéanamh cinnte go bhfuil mná san iomaíocht. Muna bhfuil ach duine amháin chun a bheith tofa as ceantar, bheadh sé deacair comhionannas a fháil. Conas is féidir déileáil leis sin? Ansin bheadh an t-ualach ar fad ar an Aire. Muna bhfuil mná tofa, bheadh air nó uirthi seisear ban a roghnú. Ní rud dona é sin ach ní cóir go mbeadh sé ar fad ag brath ar na hainmniúcháin. Ba chóir go mbeadh daoine tofa. Is ag lorg tuairimí ó dhaoine atáimid. Níl muid ag súil go mbeadh réiteach na faidhbe ag na finnéithe.

Ms Fíona de Buis

D'ardaíodh ceist faoi na coistí réigiúnacha. Mar a deir muidne san aighneacht atá againn, is cinnte go n-aontaímid gur chóir go mbeadh coistí réigiúnacha ann agus go mbeadh ceann ann don Mhumhain. Is dóigh linn gur chóir go mbeadh daoine páirteach ann ach ní shin le rá nach mbeadh daoine tofa go daonlathach chomh maith.

An bhfuil ceist eile? Tá an t-am istigh. Cuirfidh mé críoch leis an gcruinniú muna bhfuil aon fhocal eile ó aon duine. Tá gach duine sásta. Déanfaidh mé anois an cruinniú seo a chríochnú agus clabhsúr a chur ar an díospóireacht ar an ábhar seo inniu. Gabhaim buíochas leis na heagrais ar fad, leis na finnéithe atá anseo agus le Páidí Ó Sé, atá sa scamall áit éigin. Tá sé thíos i gCorca Dhuibhne agus ag teacht isteach ar Microsoft Teams.

Is é sin deireadh leis an gcruinniú seo. Beidh an chéad chruinniú poiblí eile ag déileáil leis an ábhar seo arís. Tá sé i gceist go mbeidh sé ar siúl ar 1.30 p.m. an tseachtain seo chugainn i seomra coiste 4 agus go mbeidh an tAire Stáit linn. Chomh maith leis sin, tá cruinniú príobháideach againn amárach ag 2 p.m. chun déileáil le roinnt ábhar coiste. Tá an cruinniú seo curtha ar athló go dtí an cruinniú príobháideach amárach.

Gabhaim buíochas le gach duine a bhí anseo linn inniu: Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne; Eimear Ní Mhurchú, bainisteoir Fhorbairt na Dromoda; Victor Bayda, pleanálaí teanga Uíbh Ráthaigh; Norma Moriarty, comhairleoir contae agus ball de thascfhórsa Uíbh Ráthaigh; Fíona de Buis, gníomhaí pobail agus ball de thascfhórsa Uíbh Ráthaigh; Edel Ní Bhraonáin, gníomhaí teanga; agus Áine Uí Bheoláin, bainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 5.30 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 24 Bealtaine 2023.
Barr
Roinn