Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 28 Jun 2023

Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé

Gabhaim buíochas leo siúd atá i láthair. Tá ceathrar comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh, agus cuirfimid tús leis an gcruinniú dá réir. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn go dtí seo. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chomhchoiste agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Fearaim fáilte roimh na finnéithe atá anseo linn ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar atá: Síle Maguire, ardstiúrthóir an rannáin acmhainní daonna agus ball de bhord bainistíochta na Roinne a bhfuil cúram na Gaeilge uirthi; Colm Ó Floinn, ardstiúrthóir, rannán sheirbhísí na saoránach; Caoimhín Ó Coigligh, leas-stiúrthóir i rannán sheirbhísí na saoránach; Deirdre Ní Fhallúin, stiúrthóir na pleanála géarchéime agus taistil idirnáisiúnta; agus Seán Ó Riain, oifigeach na Gaeilge agus an ilteangachais. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Is í an cheist atá le plé againn ná na teagmhálacha agus na hidirghníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar siúl idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus cainteoirí agus eagrais Gaeilge thar lear agus an tacaíocht a thugann an Roinn dóibh.

Sula cuirfidh mé tús leis an seisiún, caithfidh mé dul trí na treoracha a leanas. I dtús báire meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar d’fhéadfadh na gléasanna seo cur as do chóras chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí atá ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach níl aon fhinnéithe ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn a chinntiú chomh maith go mbeidh na micreafóin múchta, má tá lucht freastail ag teacht isteach go fíorúil, nuair nach mbeidh siad ag caint ag an gcomhchoiste.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfidh siad faoi bhráid an chomhchoiste inniu a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach d’aon duine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach.

Tá sé ríthábhachtach go ngéillfí leis an ordú sin láithreach, má eisítear é. Anois, tá na treoracha ar fad eisithe. Cuirim ar an taifead go bhfuil na Teachtaí McHugh agus Aindrias Moynihan linn ar líne. Bhí an Teachta O'Dowd ann freisin nuair a thosaigh mé ag tabhairt an ráitis sin. Déanfaimid tús a chur lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar oifigeach na Gaeilge agus an ilteangachais sa Roinn, an Dr. Seán Ó Riain, a ráiteas tosaigh a thabhairt thar ceann na Roinne. Tá brón orm. Tá Síle Maguire chun é a dhéanamh.

Ms Síle Maguire

Tá an-áthas orm a bheith i láthair ag an gcruinniú seo de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis chun obair na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar son na Gaeilge in Éirinn agus thar lear a chur os a chomhair. Táimse i gceannas ar an rannán acmhainní daonna agus is mise an ball de bhord bainistíochta na Roinne a bhfuil cúram na Gaeilge uirthi. In éineacht liom inniu tá mo chomhghleacaithe Colm Ó Floinn, atá i gceannas ar rannán sheirbhísí na saoránach agus atá ina bhall de bhord bainistíochta na Roinne freisin; Deirdre Ní Fhallúin, stiúrthóir na pleanála géarchéime agus taistil idirnáisiúnta i rannán sheirbhísí na saoránach; an Dr. Seán Ó Riain, oifigeach na Gaeilge agus an ilteangachais; agus Caoimhín Ó Coigligh, leas-stiúrthóir Oifig na bPasanna.

Ar dtús, gabhfaidh mé leithscéal mar tá roinnt meirge ar mo chuid Gaeilge. Nílim ach bliain ar ais ó bheith i m'ambasadóir sa Spáinn ar feadh ceithre bliana. Chaith mé tamaillín sa Nigéir freisin. Is mó den Spáinnis ná den Ghaeilge a bhí a labhairt agam ach tá mo chuid Gaeilge ag teacht ar ais ó d'fhill mé ar Éirinn.

Tá sí go maith.

Ms Síle Maguire

Iarrfaidh mé anois ar an Dr. Seán Ó Riain ár n-achoimre a léamh amach don choiste chun tús a chur leis an bplé. Ina dhiaidh sin, b'fhéidir gur féidir le Colm Ó Floinn, Deirdre Ní Fhallúin agus Caoimhín Ó Coigligh iad féin a chur in aithne don chomhchoiste agus insint dó cén obair atá ar bun acu.

Dr. Seán Ó Riain

Is mór an chúis áthais domsa labhairt leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí inniu faoi obair na Gaeilge sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tréaslaím leis an gcomhchoiste as an tsárobair atá ar siúl aige ar son na Gaeilge. Anois, léifidh mé an achoimre.

Glacann an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis, gan cheist, go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach cumarsáid a dhéanamh leis an Roinn i nGaeilge agus freagra a fháil i nGaeilge. Tá an Roinn tiomanta do bheartas an Rialtais an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun a stádas mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach a neartú. Luafaidh mé cuid de bhearta na Roinne chun na críche sin. Tá ceithre chuid san achoimre.

Baineann an chéad chuid le haonad na nÉireannach thar lear. Tá Éire Dhomhanda: Straitéis Diaspóra na hÉireann 2020–2025 mar bhunchloch chur chuige na hÉireann maidir le rannpháirtíocht diaspóra. Mar chuid di, tá an Rialtas tiomanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a theagasc thar lear, chun acmhainní agus ardáin dhigiteacha d’fhoghlaim na Gaeilge a chur ar fáil thar lear agus chun deiseanna a lorg chun cur le hionaid na Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal thar lear. In 2022, chuir an Rialtas €221,000 ar fáil ón gclár tacaíochta d’eisimircigh, CTE, chun tacú go díreach le tionscadail Ghaeilge ar fud an domhain. Tá sonraí an mhaoinithe seo leagtha amach in aguisín A leis an ráiteas iomlán.

Fairis sin, faigheann ionaid chultúrtha Éireannacha thar lear bunmhaoiniú ón CTE chun a gcláir chultúir agus oideachais a reáchtáil. Is minic go mbíonn ranganna Gaeilge ina measc, mar shampla, san London Irish Centre in Camden agus an Irish Cultural Centre in Hammersmith. I Vancouver, bíonn ciorcal comhrá, tob-Ghaeltachtaí agus ranganna míosúla sa Chlub Gaelach. Bíonn comhoibriú na Roinne leis an gCumann Lúthchleas Gael agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar mhaithe leis an nGaeilge. Cabhraíonn ceiliúradh fhéile Pádraig agus fhéile Bríde freisin le hobair na Gaeilge.

Cuirtear béim faoi leith ar thacú le múineadh na Gaeilge i gcoláistí tríú leibhéal ar fud an domhain. In 2022, maoiníodh 12 tionscnamh de chuid chlár an léinn Éireannaigh ar fud na cruinne ar luach iomlán €188,000.

Leanfaidh mé leis an dara cuid, a bhaineann le hábhar ó roinnt de na hambasáidí agus ardchonsalachtaí. Mar chuid lárnach dá gcuid oibre, tacaíonn ambasadóirí, ardchonsail agus a bhfoirne le cainteoirí agus eagraíochtaí Gaeilge ar bhealaí éagsúla i dtíortha éagsúla, go háirithe le linn na bhféilte Éireannacha agus Seachtain na Gaeilge. Cabhraíonn an nuatheicneolaíocht le teagmháil na dtaidhleoirí le pobal na Gaeilge ar fud an domhain trí úsáid na Gaeilge ar líne. Tá 21 sampla d’obair na misean taidhleoireachta ar son na Gaeilge san aitheasc iomlán. Luafaidh mé sampla amháin. I mBeirlín, tugadh tacaíocht airgeadais do Chonradh na Gaeilge Hamburg de €2,189 in 2022 do ranganna Gaeilge agus, in 2021, tugadh €1,120 d’Ollscoil Leipzig, ina bhfuil mic léinn ag foghlaim Gaeilge. Reáchtáladh mionchúrsa Gaeilge do pháistí mar chuid de Lá Eorpach na dTeangacha 2022, cuireadh postálacha ar na meáin shóisialta agus d'eagraíodh cainteanna poiblí i nGaeilge. Bhí caidreamh le TG4 chun clár faisnéise faoin gCumann Lúthchleas Gael sa Ghearmáin a léiriú. Foilsíodh leabhar dátheangach Gaeilge-Gearmáinise, VERSschmuggel-VÉARSaistear, arna bhunú ar fhéile liteartha a d’eagraigh an ambasáid ina raibh seisear file Gaeilge agus seisear file Gearmáinise. Foilsíodh mórfhoclóir Gaeilge-Gearmáinise, Wörterbuch Irisch-Deutsch, freisin.

Baineann an tríú cuid den achoimre le seirbhísí ón Roinn i mBaile Átha Cliath. Maidir leis an stiúrthóireacht chonsalach, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tiomanta do sheirbhís chomhairle taistil atá go hiomlán dátheangach a sholáthar do shaoránaigh. Tugtar comhairle taistil faoi 199 dtír i nGaeilge agus i mBéarla. Is i nGaeilge atá 20% d’fheachtas cumarsáide samhraidh na Roinne i mbliana faoi thaisteal sábháilte thar lear. Coimeádtar dlúthchaidreamh le hOifig an Choimisinéara Teanga chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Tá suíomh gréasáin na Roinne ar sheirbhísí consalacha go dátheangach.

Ó thaobh Oifig na bPasanna de, déanann seirbhís na bpasanna a dícheall a cuid seirbhísí go léir a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí. Áirítear leis seo foirm iarratais ar pháipéar i nGaeilge chomh maith leis an tseirbhís Pas Ar Líne. Le déanaí, tá feabhas breise déanta ag seirbhís na bpasanna ar an bpróiseas iarratais ar líne i nGaeilge lena chinntiú gur trí Ghaeilge a dhéantar gach cumarsáid leis an iarratasóir a chuireann isteach iarratas trí Ghaeilge. Bhí fógraí Gaeilge mar chuid lárnach dár bhfeachtas faisnéise don phobal i ngeimhreadh 2022 agus earrach 2023, le thart ar 20% den fhógraíocht i nGaeilge idir fógraíocht dhigiteach, chlóite, raidió agus phóstaeir. Ó thús 2023, tar éis tréimhse thar a bheith gnóthach iarphaindéime, tá iarracht déanta ag seirbhís na bpasanna a suíomh gréasáin a thabhairt cothrom le dáta agus an t-ábhar nuashonraithe a fhoilsiú i nGaeilge.

Anois, labhróidh mé faoin aonad cultúir. Cuireadh Gaeilge ar ár dtaispeántas camchuairte nua, Éire agus Breith na hEorpa, a sheol an Tánaiste i bhformáid dhátheangach i gCorcaigh i mí na Bealtaine. Beidh sé ar camchuairt timpeall na hÉireann i mbliana. Rinneamar coimisiúnú ar leagan amhránaíochta Gaeilge nua de "Óid don Aoibhneas" nó "Ode to Joy" mar chuid dár dtionscadal EU50 Ár nAmhrán-Our Anthem. Léiríodh an leagan Gaeilge go forleathan i mbeagnach 500 bunscoil agus iar-bhunscoil. Bíonn Gaeilge le feiceáil gach bliain inár ngearrscannán a choimisiúnaítear do Bloomsday nó Lá Bloom. Bhí saothar Gaeilge le feiceáil in All Strangers Here, díolaim 100 bliain de scríbhneoireacht phearsanta agus chruthaitheach le hoifigigh reatha agus iar-oifigigh na Roinne a foilsíodh in 2021. Chun 1,500 bliain Naomh Colm Cille a chomóradh in 2021, chuamar i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann chun sraith freagraí ealaíne comhaimseartha a choimisiúnú agus taispeánadh clár faisnéise 30 nóiméad fúthu ar TG4. Scannánaíodh Róisín Reimagined, inar sheinn Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann deich amhrán Gaeilge, agus craoladh é ar TG4. Bhain an líonra misean leas forleathan astu.

Bíonn léirithe i nGaeilge i gcónaí i roghchlár na dtaibhithe cultúrtha a úsáideann na misin ar fud an domhain do Lá Fhéile Pádraig. Roinntear iad seo ar na meáin shóisialta. In 2020, d’oibríomar le hAcadamh Ríoga na hÉireann chun taispeántas camchuairte a chur ar fáil chun na naisc idir focail sa tseanGhaeilge agus ár stór focal inniu a fhiosrú. Bhí na misin thaidhleoireachta gníomhach chun taispeántais dhomhanda de "An Cailín Ciúin" a eagrú.

Baineann an ceathrú cuid, an cuid dheireanach, le hobair oifigigh na Gaeilge. Tugann an t-oifigeach cabhair chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, mar a leasaíodh in 2021 é, a chur i bhfeidhm sa Roinn agus sna misin thaidhleoireachta uile ar fud an domhain. Bíonn Oifigeach na Gaeilge i dteagmháil rialta le hOifig an Choimisinéara Teanga chun a chinntiú go gcloíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha le forálacha uile an Achta de réir mar a thagann siad i bhfeidhm. Mar shampla, d’eagraigh sé gur ghlac an Roinn leis an uirlis "Fógraí" anuraidh chun a chinntiú go mbíonn 20% d’fhógraíocht na Roinne as Gaeilge agus gur sna meáin Ghaeilge a dhéantar 5% ar a laghad den fhógraíocht.

Bíonn grúpa comhrá Gaeilge ar líne gach mí. Bíonn comhghleacaithe ó ambasáidí ar fud an domhain agus ó oifigí na Roinne ar fud na hÉireann páirteach iontu. Tugann an t-oifigeach tacaíocht laethúil do chomhghleacaithe sa Roinn maidir le cearta Gaeilge a chinntiú agus le haistriúcháin go Gaeilge, mar shampla, an t-aistriúchán ar "Óid don Aoibhneas" chun Lá na hEorpa 2023 a cheiliúradh, téacs Gaeilge an chláir chun 25 bliana de Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh, agus téacs Gaeilge dhearbhú úsáid airm phléascacha i limistéir ina bhfuil daonra, EWIPA,18 Samhain 2022. Eisítear nuachtlitreacha míosúla faoi theangacha. Cuirtear ceann acu amach gach mí. Tá an 19ú ceann díreach ullamh againn anois. Díríonn dhá cheann acu go hiomlán ar an nGaeilge - tá siad le léamh san aitheasc iomlán - agus bíonn comparáidí leis an nGaeilge i ngach nuachtlitir.

Mr. Colm Ó Floinn

Is ardstiúrthóir rannán sheirbhísí na saoránach mé chomh maith le bheith i mo bhall den bhord bainistíochta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Go dtí mí na Samhna 2021, bhí mé mar ambasadóir na hÉireann chun na hIodáile. Roimhe sin, bhí mé mar ambasadóir na hÉireann chun na Fionlainne.

Ms Deirdre Ní Fhallúin

Mar atá ráite ag Síle Maguire, is stiúrthóir mé sa rannán consalach, rannán sheirbhísí na saoránach. Sa ról seo, táim freagrach as pleanáil géarchéime. Chabhraigh muid le níos mó ná 280 saoránach Éireannach éalú as an tSúdáin le déanaí. Táim freagrach freisin as cúrsaí taistil idirnáisiúnta agus go háirithe as seirbhís dhátheangach a sholáthar a thugann comhairle taistil do shaoránaigh faoi 199 tír. Cinntíonn muid go mbíonn siad in ann dul ar saoire agus slán sábháilte agus iad ag imeacht thar lear. Tá go leor oibre déanta le bliain anuas, go háirithe i ndiaidh na paindéime, chun a chinntiú go bhfuil an tseirbhís trí Ghaeilge uasdátaithe go tapa agus go cuí. Tá cúig phostú déanta agam féin thar lear, sa mBruiséil, i mBostún, i mBéising, ag Comhairle na Breataine-na hÉireann i nDún Éideann agus sa Chipir. Bhí neart deiseanna agam an Ghaeilge a chur chun cinn sna poist sin thar na blianta.

Mr. Caoimhín Ó Coigligh

Faoi láthair, táim ag obair mar leas-stiúrthóir in Oifig na bPasanna. Tá tréimhsí caite agam thar lear leis an Roinn freisin, san ambasáid sa Ghréig agus sa bhuanionadaíocht chun an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Tá tréimhsí ar iasacht caite agam leis an Roinn Airgeadais agus le Roinn an Taoisigh chomh maith. Mar aon le mo chomhghleacaithe go léir, nuair a bhí mé thar lear, bhí deis agam an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe sa Ghréig. I m'obair laethúil reatha, bím ag déileáil leis an réimse leathan seirbhísí a gcuireann Oifig na bPasanna ar fáil. San áireamh ansin tá an cuntar poiblí i Sráid an Mhóta, atá ina mol seirbhíse do chustaiméirí, agus an líne theileafóin do Bhaill den Oireachtas. Tá neart sonraí sa téacs atá ag na baill ach ba chóir dom rud amháin a lua mar gheall ar an suirbhé a foilsíodh inniu maidir leis an leabhar pas nua. Tá deis ag daoine aighneachtaí dátheangacha a dhéanamh ar na gnéithe timpeallachta agus dúlra na hÉireann á taispeánfar ar an bpas nua.

Tosóidh mé ar an tsraith cheisteanna. Glaoim ar an Seanadóir Ó Donnghaile.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá roinnt mhaith de na ceisteanna a bhí mé ag iarraidh iad a chur freagartha acu le linn an chuir i láthair. Tá sé sin i gcónaí ina bhuntáiste mhaith. Aontaím le Caoimhín Ó Coigligh i dtaca leis an méid a dúirt sé. Chonaic mé an fógra san Irish News inniu maidir leis an leabhar pas nua. Cé gur ábhar dearaidh atá i gceist, is dearadh iontach deas é dearadh an phas. Tá an Ghaeilge feiceálach agus chun tosaigh air agus tá súil agam go bhfanfaidh sé sin mar atá, cibé athruithe a dhéanfaidh an Roinn.

Le soiléiriú ar mhaithe liom féin a fháil, tá dhá cheist agam ag an bpointe seo. Le blianta anuas agus mé ag taistil ar son mo pháirtí féin i Meiriceá Thuaidh agus a leithéid, bhuail mé le grúpaí Éireannacha, mar atá déanta againn ar fad. Chítear pobal na Gaeilge sáite i lár an phobail sin i gcónaí. Tá siad thar a bheith díograiseach agus gníomhach thar sáile. Spreagann siad go mór muid leis an méid atá siad ag baint amach. An bhfuil straitéis ar leith ann don Ghaeilge nó an dtiteann sé faoi bhráid an straitéis don diaspóra? Muna bhfuil, an síleann na finnéithe gur ceart rud a chruthú ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe nuair atá an Ghaeilge ag athrú anseo in Éirinn, mar atá ráite ag an Dr. Ó Riain, i gcomhthéacs an domhan a bheith ag athrú agus cé chomh nasctha atáimid tríd na meáin agus tríd an teicneolaíocht nua?

Is í mo dhara ceist ná an bhfuil teagmháil ar bith déanta ag an Roinn le grúpaí Éireannacha thar lear, go háirithe i dtíortha ar nós na hAstráile, Cheanada agus na Stát Aontaithe, faoi Ghaelscoileanna a bhunú? Déarfainn go mbeadh spéis ag pobail mhóra Éireannacha thar sáile ina leithéid. Maidir le rud atá beartaithe ag an Roinn a dhéanamh, an bhfuil spéis ar bith ag teacht chuig na hambasáidí nó na consulates ón phobal thar lear?

Dr. Seán Ó Riain

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an dá cheist. Ar an chéad cheist, a bhain leis an straitéis, is mór an chabhair stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach leis an teanga. Thug sé ardú stádas di ní hamháin thar lear agus san Eoraip, ach sa bhaile in Éirinn chomh maith. Tá breis agus 200 aistritheoir Gaeilge ag obair anois sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Is mór an dul chun cinn é sin. Tá an ceart ag an Teachta. Cabhraíonn gach rud lena chéile. Cabhraíonn na hAchtanna Gaeilge agus an 20% den fhógraíocht ar an raidió go mór. Táim sa Roinn Gnóthaí Eachtracha le blianta fada agus tugaim faoi deara go scríobhann níos mó daoine óga sa Roinn chugam as Gaeilge le déanaí. Cuireann sé ionadh orm. Tá i bhfad níos mó Gaeilge in úsáid sa Roinn anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin. Is dul chun cinn é sin. Faoi láthair, is cuid den straitéis do na hÉireannaigh thar lear agus freagrachtaí aonad na nÉireannach thar lear í ach tá sí ag fás. Chuir sé ionadh orm an líon freagraí a fuaireamar ó na hambasáidí agus consalachtaí, 26 ceann. Tá siad go léir gníomhach. Tá rud éigin ar son na Gaeilge ar siúl acu go léir. Is maith an rud é sin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn mar thug sé seans dúinn teacht le chéile agus an obair go léir atá ar siúl a chur le chéile i gcáipéis bheag amháin. Cabhraíonn sé sin go mór linn. Tá sé i gceist é sin a chur amach go dtí na hambasáidí ar fad anois le go mbeidh a fhios ag gach ceann acu an obair go léir atá ar siúl ag na hambasáidí agus consalachtaí eile mar bíonn tú ag obair leat féin go minic agus ní bhíonn a fhios agat cad atá ar siúl ag na daoine sna hambasáidí eile. Is maith an rud é gach aon rud a thabhairt le chéile.

Ar an gceist faoi Ghaelscoileanna, chaith mé dhá bhliain san ambasáid i gCanberra agus bhí ionadh orm go raibh eachtra Ghaeilge i Melbourne le ceol Gaelach agus gach aon rud i nGaeilge uair sa bhliain, i Mí an Mhárta.

Ní Lá Fhéile Pádraig a bhí againn in Melbourne san Astráil ach mí fhéile Pádraig. Bhí rudaí Éireannacha ar siúl gach lá ar feadh míosa agus go leor Gaeilge ann. Cuid de na hÉireannaigh a bhí líofa i nGaeilge, bhíodar 30 bliain san Astráil ach bhí an teanga fós acu. Measaim gur an-smaoineamh é sin. Ba cheart a bheith ag smaoineamh ar Ghaelscoileanna mar tá daoine óga ann anois agus tá a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge.

Tá beirt iníon agam féin agus bhí siadsan sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil agus bhí seans acu Gaeilge a dhéanamh ar scoil. Is maith an rud é sin mar ní raibh aon íosmhéad i gceist. A lán de na teangacha bhí ort cúigear páistí ar a laghad a bheith ann chun cúrsa a chur ar siúl ach bhí stádas ar leith ag an nGaeilge agus an Mháltais. Mura bhfuil ach páiste amháin ag iarraidh Gaeilge nó Máltais a dhéanamh, cuirfidh an Scoil Eorpach rang ar siúl don pháiste sin. Bhí m’iníon Aisling léi féin ar feadh dhá bhliain agus bhí múinteoir aici di féin, toisc go bhfuil stádas saghas cosanta don Ghaeilge agus don Mháltais agus meastar go bhfuil brú faoi leith ar na mionteangacha mar sin. Is rud thar a bheith dearfach é sin agus is smaoineamh maith é a bheith ag smaoineamh ar chabhrú le heagraíocht Gaelscoileanna. Tá ar a laghad Gaelscoil amháin i ngach contae in Éirinn anois, Thuaidh agus Theas, agus is maith an rud é sin. Tá gá le níos mó le Gaelcholáistí ag an dara leibhéal chomh maith mar tá an-dul chun cinn ag an mbunleibhéal ach tá gá le dul chun cinn níos mó ag an dara leibhéal chomh maith. Mar a luaigh an Seanadóir, leis an nuatheicneolaíocht is féidir linn a bheith i dteagmháil lena chéile anois ar an scáileán. Is cuma cén áit sa domhan a bhfuil muid, is féidir Gaeilge a labhairt le daoine. Gach mí, déanaim Gaeilge a labhairt le daoine in San Francisco, in Vín na hOstaire agus i mBeirlín. Is féidir leis an nuatheicneolaíocht cabhrú go mór leis an nGaeilge. Tá brón orm má labhair mé an iomarca. Gabhaim buíochas as na ceisteanna.

An bhfuil Síle Maguire ag iarraidh teacht isteach air sin?

Ms Síle Maguire

Tá mé chun é seo a rá i bhfoirm nach bhfuil chomh líofa. Maidir leis an straitéis, tá Gaeilge mar cheann de na priorities sa straitéis leis an obair atá á déanamh ag an ionad do na hÉireannaigh thar lear ag tabhairt tacaíocht d’eagraíochtaí éagsúla thar lear. Tá sé luaite sa straitéis go bhfuil an obair agus an tacaíocht sin mar cheann de na dualgais don ionad.

Sin ag tacú leis na heagraíochtaí atá ann cheana féin agus comhairle, cuidiú nó cibé tacaíocht a thabhairt. I dtaithí na bhfinnéithe, maidir leis na hambasáidí agus a leithéid, don chuid is mó an bhfuil siad ag cruthú spás fá choinne Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in imeachtaí trí mheán na Gaeilge? An bhfuil siad ag cruthú spás d’Éireannaigh, nó saoránaigh eile thar lear, an Ghaeilge a fhoghlaim? An meascán den dá rud é?

Ms Síle Maguire

Is meascán atá ann. Sa téacs níos faide a chuir muid ag an gcoiste, tá 26 sampla den saghas oibre atá á déanamh ag ambasáidí agus árais chonsalach. Tá sé an-suimiúil feiceáil cé chomh leathan is atá an obair atá á déanamh agus na difríochtaí ó thír go tír. Tá gach saghas obair Ghaeilge ann. Luaigh an Seanadóir cuairt ar Mheiriceá Thuaidh. Tá ciorcail chomhrá ansin agus ionaid chultúrtha atá ag cur classes ar fáil. Tá samplaí freisin ar fud na hEorpa. Mar shampla i mBúdaipeist na hUngáire tá classes ansin agus is daoine na háite atá mar dhaltaí ar na cúrsaí ansin. Tá siad ag déanamh gach saghas oibre.

Tá pointe gasta agam. Maidir leis an rud a luaigh mé faoin nGaeloideachas, sílim go mbeadh a lán spéis ag daoine ar fud an domhain agus i measc an phobail Éireannaigh. Mar atá a fhios ag gach aon duine sa seomra seo, tá a lán taithí acu siúd a bhíonn ag cur tús le Gaelscoileanna a bheith cineál up against it, mar a deirtear i mBéarla. Tuigeann siad go bhfuil deacrachtaí ann. An rud is tábhachtaí nuair atá tú ag cur tús le Gaelscoil ná go mbeadh an bonneagar ann agus go mbeadh an ráchairt ann. Nuair a amharcann muid ar an dóigh ina bhfuil an pobal Éireannach thar lear eagraithe, tá sé thart ar an gCumann Lúthchleas Gael nó a leithéid agus daoine óga ag dul isteach sna cluichí Gaelacha. Sílim gur cheart dúinn smaoineamh cén dóigh go dtig linn idirghníomhú a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus an Roinn s’againn féin maidir leis sin a spreagadh i measc an diaspóra ar fud an domhain.

Dr. Seán Ó Riain

Tá pointe beag amháin agam, más ceadmhach. Sa Bhruiséil le dhá bhliain anuas tá Éigse na Bruiséile ar siúl toisc go bhfuil timpeall ar 200 aistritheoir Gaeilge ann anois. Tá páistí óga ag a lán acu agus tagann siad le chéile sa Bhruiséil ag Éigse na Bruiséile agus bíonn ceol agus caint ann. Seoladh leabhar anuraidh mar gheall ar an nGaeilge leis an Dr. Pádraig Ó Laighin. Tá sé ag obair ar leagan Béarla den leabhar faoi láthair ach seoladh an leagan Gaeilge anuraidh sa Bhruiséil.

Thug mé cuairt cúpla uair ar an scoil Éireannach in Ollscoil Concordia in Montréal agus bhí a lán Gaeilgeoirí agus a lán daoine ó thíortha agus cúlraí eile ann, ó ar fud an domhain, agus spéis acu sa Ghaeilge. Tchíonn tú go minic é. Sin rud a thréaslaím leis.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Is fada an lá ó bhí cúigear anseo agus Gaeilge uilig acu so gabhaim buíochas as sin. Níl aon chluaisín le feiceáil nó aon rud.

Tá sé i bhfad níos éasca cumarsáid a dhéanamh. Gabhaim buíochas as na cáipéisí. Tá siad léite agam agus bíonn siad thar a bheith cabhrach i gcónaí, domsa ar aon nós. Bhí an cúlra suimiúil go háirid. Bhí a fhios agam faoi ach tá sé suimiúil nuair a fheiceann tú chomh fada siar is a théann an traidisiún liteartha, ag dul siar go Colmcille, agus muid i bhfad chun tosaigh ar ár gcomharsana béal dorais i Sasana agus sa Ghearmáin. Bíonn sé sin go maith i gcónaí.

Idir dháiríre agus súgradh, an bhfuil sé ina bhuntáiste an t-iarratas ar phas a dhéanamh chuig Seirbhís na bPasanna i nGaeilge? An ndéanann sé difríocht mhór?

Mr. Caoimhín Ó Coigligh

Ó thaobh ama de, an ea?

Mr. Caoimhín Ó Coigligh

Difríocht ar bith.

Faraor. B’fhéidir go mba chóir breathnú air sin chun daoine a spreagadh-----

Dá mbeadh sé níos tapúla.

-----chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn, go píolótach b’fhéidir.

Mr. Caoimhín Ó Coigligh

Ceapaim go mbeadh fadhbanna ann ó thaobh an lámh in uachtar a thabhairt do theanga amháin. Bheadh sé deacair-----

Tuigim. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil difríocht á déanamh ag an Acht teangacha nua, ar a laghad ó thaobh comharthaí nó fógraíocht ar an teilifís. Cad iad na buntáistí eile a fheiceann na finnéithe, mar Roinn agus mar fhoireann, ó thaobh an Achta sin?

Dr. Seán Ó Riain

Is í an fhógraíocht an buntáiste is mó a fheicimse mar tá Gaeilge le cloisteáil ar an raidió. Anois ar raidió as Béarla bíonn fógraí Gaeilge le cloisteáil go minic. Rud a bhaineann le fógraí ná go mbíonn athrá iontu agus cloiseann tú an rud céanna arís agus arís eile. Mar sin do dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu, nuair a chloiseann siad an fógra céanna 20 uair nó 30 uair, bíonn siad ag foghlaim Gaeilge i ngan fhios dóibh féin.

Chomh maith leis sin, tá an sprioc leagtha síos anois go mbeadh Gaeilge mhaith ag 20% de na daoine nua a thagann isteach sa státseirbhís idir seo agus 2030. Tá na Ranna Stáit dírithe i bhfad níos mó ar an nGaeilge anois ná mar a bhíodh. Tá mise 40 bliain sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus is mó i bhfad an méid Gaeilge atá in úsáid anois ná mar a bhí 40 bliain ó shin. Cabhraíonn an dá Acht Gaeilge go han-mhór. Glacann Ranna Stáit go dáiríre le rud éigin nuair atá dlí ann. D’fhéadfá bheith ag tarraingt agus ag spreagadh agus mar sin go deo na ndeor, go dtí go dtagann na ba abhaile, ach nuair atá dlí ann sin an dlí.

Más féidir a rá le duine éigin mura gcuireann siad leagan Gaeilge ar fáil, tá sé in aghaidh an dlí, smaoiníonn siad ar sin. Níl aon duine sa státseirbhís ag iarraidh rud éigin in aghaidh an dlí a dhéanamh.

Bhí dlí ann cheana ó 2003.

Dr. Seán Ó Riain

Sea, 2003 a bhí an chéad dlí teanga agus 2021 an dara ceann. Tá neartú maith ar an gceann nua.

Ó thaobh foirne agus cumas Gaeilge de, an bhfuil figiúirí ag na finnéithe don Roinn agus an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge de?

Ms Síle Maguire

Ní dóigh liom go bhfuil figiúirí againn-----

Fós, b’fhéidir.

Ms Síle Maguire

Ní dóigh liom go bhfuil.

An bhfuil na finnéithe in ann a rá, as an fhoireann uilig, cé mhéad duine atá cumas Gaeilge acu?

Ms Síle Maguire

Sa Roinn, an ea?

Ms Síle Maguire

Tá daoine san fhoireann atá Gaeilge acu agus b’fhéidir nach bhfuil a fhios againn agus daoine eile lena n-ainm i nGaeilge agus cheapfá go mbeadh Gaeilge acu ach níl an méid sin acu.

An bhfuil plean ag an Roinn, faoin Acht, ó thaobh na Gaeilge de agus cumas na Gaeilge? Tá deireadh leis na seanscéimeanna teanga agus beidh córas nua ag teacht.

Dr. Seán Ó Riain

Tá plean againn chun an teanga a chur chun cinn go ginearálta. Bhíos ag obair thar lear le deichniúr ambasadóirí agus Gaeilge ar fad a labhras le ceathrar as an deichniúr sin. Sin 40%. Sin figiúir amháin. Ar feadh i bhfad, bhraith sé ar an duine aonar ach aontaím go bhfuil gá le plean. Caithfimid suí síos agus a bheith níos córasaí agus plean a bheith againn. Ag díriú ar an mbliain 2030, níl ach seacht mbliana fágtha.

Cén uair a bheidh an Roinn ag tosú ar an obair sin, nó cén uair a bheidh plean nó spriocanna á leagan síos?

Ms Síle Maguire

Tá mé chun iarraidh ar Deirdre Ní Fhallúin teacht isteach ar an bpointe seo. Tá dualgais againn seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge agus tá deacrachtaí againn leis an recruitment de dhaoine le Gaeilge sa taisteal idirnáisiúnta. Tá muid buartha ach tá muid tiomanta dul ar aghaidh agus an obair a chur chun cinn.

B’fhéidir go mbeidh muid in ann beagáinín de léargas a fháil ar na fadhbanna ó thaobh daoine a fháil nó a choinneáil.

Ms Deirdre Ní Fhallúin

Cinnte. Tá an rud a bhí i gceist agamsa a rá nasctha leis an gceist a bhí ag an Teachta maidir leis na buntáistí a bhaineann leis na hAchtanna. Sa rannóg chonsalach tá tacaíocht agus comhairle faighte againn ó Oifig an Choimisinéara Teanga. Ar bhealach, thosaigh sé sin mar go ndearnadh gearán maidir leis an tseirbhís chomhairle taistil, mar nach raibh sí go hiomlán dátheangach. Tá idirghabháil dhlúth déanta againn idir an dá linn, le bliain anuas, le hoifig an choimisinéara chun feabhas a chur ar an tseirbhís agus cinntiú go bhfuil sí ar ardchaighdeán agus go hiomlán cothrom leis an tseirbhís i mBéarla. Tá na struchtúir sin an-úsáideach.

Mar a dúirt Síle, tá sé deacair baill foirne a fháil nuair atá Gaeilge de dhíth don ról faoi leith. Bhí muid ag brath le blianta fada go dtarlódh sé go raibh duine sa ról le Gaeilge acu. Dar ndóigh, tá an Dr. Ó Riain i gcónaí ar fáil agus sárthacaíocht tugtha dúinn ar fad thar na blianta le rudaí a aistriú agus araile. Bíonn orainn an t-aistriúchán ar an gcomhairle taistil a chur amach ag comhlacht agus déanann siad an t-aistriúchán. B’fhearr linn é sin a bheith laistigh den Roinn agus sin atá i gceist againn a dhéanamh ach tá sé ag tógáil ama ó thaobh recruitment agus teacht ar dhaoine. Caithfidh an Public Appointments Service, PAS, painéal a chur ar fáil agus rudaí den chineál sin. Tá go leor dul chun cinn á dhéanamh air sin le déanaí.

Ní raibh a fhios agam faoin réimse leathan oibre atá ar siúl ag an Roinn. Tá béim ar chur chun cinn na Gaeilge san aighneacht agus tá na tíortha agus cathracha luaite. Tá straitéis ann suas go dtí 2025 an straitéis dhomhanda don diaspóra. An bhfuil plean gnímh faoin straitéis sin? Tá mise ag díriú isteach ar an nGaeilge ina leith sin. Tá na tograí uilig atá ar siúl iontach ach tá mise beagán measctha suas ó thaobh na n-ollscoileanna de. Ní chuireann an Roinn ranganna ar fáil ach tugann sí airgead d’eagraíochtaí ar an talamh cosúil le Conradh na Gaeilge nó cibé eagraíocht eile. Luaigh na finnéithe na hollscoileanna ach níl an Roinn bainteach leis na hollscoileanna go díreach, an bhfuil? Cén sórt teagmháil nó cumarsáid atá acu le Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais ó thaobh na n-ollscoileanna thar lear? Tá mé ag smaoineamh ar Louvain. Níl an Roinn bainteach leis sin, an bhfuil? Baineann sé sin le Roinn eile. Níl a fhios agam. Tá mé measctha. Ba mhaith liom soiléiriú ó thaobh na ceiste sin.

Dr. Seán Ó Riain

Luaigh an Teachta Louvain. Bhíos féin i láthair ann cúpla seachtain ó shin. Bhí comhdháil mhór de lucht dlí na hÉireann agus é ar fad i nGaeilge ar feadh dhá lá. Bhí ochtar breitheamh ann agus dlíodóirí ó gach áit - ó Bhéal Feirste, ón Tuaisceart, ón Deisceart, ó gach áit. Bhí an chomhdháil go léir i nGaeilge. Ní raibh rud ar bith as Béarla. Bhí sí sin i gColáiste na nGael in Louvain. An taithí atá agamsa-----

An dtagann an coláiste sin faoi chúram na Roinne?

Dr. Seán Ó Riain

Ní thagann go díreach.

Tagann sé faoi Roinn eile, an ea? Cibé Roinn a thugann an t-airgead.

Dr. Seán Ó Riain

Is dóigh liom gur an Roinn Airgeadais atá ann.

Ní dóigh liom é. Tiocfaidh muid ar ais aige sin.

Dr. Seán Ó Riain

Maidir leis an teagmháil le hollscoileanna, nuair a bhí mise san Astráil bhí taithí againn le hOllscoil Sydney. Bhí ollamh ansin, Aedeen Cremin, a chuirfeadh cúrsaí faoin nGaeilge, stair na hÉireann agus stair na Gaeilge ar fáil.

San ollscoil, an ea?

Dr. Seán Ó Riain

Sea, in Ollscoil Sydney. Chomh maith leis sin, nuair a bhí mise i mBeirlín bhí léann Ceilteach in Ollscoil Humboldt agus bhí airgeadas ag teacht ó Éirinn, thart ar €100,000 ag an am sin. Sin 2001 nó 2002 agus bhí €100,000 sa bhliain nó mar sin ag teacht ó Éirinn agus €100,000 ó Albain chun Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban a chur chun cinn san ollscoil. Bhí Breatnais ann chomh maith. Tá áit in aice le Bonn, saghas lárionad na dteangacha Ceilteacha, agus múintear an Ghaeilge, an Bhreatnais agus Gaeilge na hAlban ann. Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha airgead ar fáil go díreach dóibhsean agus d’Ollscoil Leipzig faoi láthair agus do Chonradh na Gaeilge in Hamburg. Uaireanta cuireann muid airgead ar fáil go díreach chuig ollscoil chun Gaeilge a mhúineadh agus uaireanta chuig Conradh na Gaeilge nó eagraíocht eile Ghaeilge. Bíonn an dá rud i gceist.

Ó thaobh luach an airgid agus ó thaobh cúrsaí rialachais, cén sórt monatóireacht atá á déanamh? Cad é an t-aisfhreagra ó na tograí uilig seo? Braitheann siad go hiontach ar pháipéar, agus tá siad iontach, ach cén sórt monatóireachta nó aisfhreagra nó anailíse atá á ndéanamh ó thaobh luach an airgid agus torthaí an airgid? De réir mar a fheicim níl mórán airgid i gceist i gcomhthéacs bhuiséad an Rialtais.

Ms Síle Maguire

Bhí mise mar bhall den ionad d’Éireannaigh thar lear nuair a thosaigh sé agus feicim go bhfuil siad ag dul chun cinn go han-mhaith anois. Tá foireann ag déanamh na monatóireachta gach bliain. Nuair a dhéanann eagraíocht application bíonn próiseas ann chun anailís a dhéanamh air agus iarrtar, mar shampla, do audited accounts agus bíonn siad ag déanamh an saghas oibre sin. Iarrann siad freisin ar léargas gach bliain ar an obair a rinneadh agus bíonn indicators ansin freisin. B’fhéidir go mbeadh sé suimiúil don Teachta agus do bhaill an choiste má iarraimid léargas ón ionad d’Éireannaigh thar lear.

Chuir an Teachta ceist, mar shampla, faoin mbaint dhíreach atá againn le hollscoileanna. Feicim sa léargas go bhfuil clár deontais i léann na hÉireann bunaithe le déanaí laistigh d'aonad na hÉireann thar lear. Mar sin, tá siad ag cur scéim difriúil i bhfeidhm. Bhíodh sé trí na Ranna Gaeltachta agus bheadh na Ranna sin ag tabhairt cabhair don chlár idirnáisiúnta i dteagasc na Gaeilge agus sílim gurbh fhearr an cheist sin a chur ar an Roinn agus ar an aonad chun léargas beag a chur ar fáil dúinn agus is féidir linn é sin a sheoladh go dtí an comhchoiste.

Bheadh sé sin cabhrach. Gabhaim buíochas.

Glaoim ar an Teachta Ó Cuív.

Gabhaim buíochas agus tá fáilte roimh na finnéithe anseo. Tá an méid a bhí le rá acu maidir leis an tairbhe atá le baint as stádas na Gaeilge san Eoraip spéisiúil. Tá scéilín beag taobh thiar de sin sa mhéid is nuair a bhíomar ag iarraidh é sin a chur chun cinn bhí cruinniú agam leis an gCoimisinéir Neil Kinnock a bhí ann ag an am agus is cainteoir Breatnaise ó dhúchas a bhean chéile. Ní raibh an Coimisiún ró-thógtha leis an smaoineamh seo. Dúirt sé liom má fhaigheann an Ghaeilge stádas oifigiúil don Ghaeilge is é an chéad rud eile ná go mbeadh éileamh ón mBreatain Bheag go mbeadh an stádas céanna aici siúd. Bhreathnaigh mé air idir an dá shúil agus dúirt mé nár thuig mé go raibh an Bhreatnais ina teanga oifigiúil sa Ríocht Aontaithe, mar is é sin an t-aonad ag an Ríocht Aontaithe san AE ag an am, ach tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil againne. Bhí an argóint ar fad bunaithe mar go ndúradh go mbeadh fadhb leis an gCatalóinis agus le go leor teangacha eile murach gur Stát ceannasach muid Éire atá ina bhall den AE agus go raibh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil againne. Ceanglaíonn an rud amháin leis an rud eile. Níl aon cheann de na rudaí seo a sheasann neamhspleách ar a chéile agus rinne sé seo an argóint i bhfad níos éasca dúinn. Ní raibh sé éasca agus rinne an Taoiseach ag an am, Bertie Ahern, an-obair air seo mar bhí na Spáinnigh ag cur ina aghaidh go dtí an deireadh agus bhí hOstaraigh freisin, rud nach raibh mé ag súil leis, ag deanamh amhlaidh. D'éirigh leis a chur ina luí orthu nach raibh aon impleachtaí dóibh siúd ann.

Tá sé spéisiúil an oiread tionchair a bhí ag seasamh bunreachtúil na Gaeilge mar scaití bíonn daoine á rá go bhfuil sé sa Bhunreacht mar chéad teanga agus mar phríomhtheanga oifigiúil ach cén mhaith é sin? Ach is sampla é sin cé chomh lárnach bhí an seasamh bunreachtúil sin.

Is é an dara rud ná go gcreidim féin maidir leis an bplé atá le déanamh ar an bpas, mar atá ráite cheana, agus go mbeadh sé fíorthábhachtach go mbeadh an seasamh céanna ag an nGaeilge leis an bpas nua is atá go traidisiúnta i bpas na hÉireann. Bheadh sé sin lárnach agus is ceist fhéiniúlachta í, fiú do dhaoine nach bhfuil dhá fhocal Gaeilge acu. Is ceist fhéiniúlachta don tír é agus taispeánann sé gur tír faoi leith muidne. Tá cúpla moladh ann faoi cé na hainmhithe agus na bláthanna agus rudaí mar sin atá i gceist ann agus ceapaim go mba cheart go mbeadh bó air. Chuirfí an cheist cén fáth bó agus daoine ag iarraidh fáil réidh leis na ba? Ach tá an Táin Bó Cuailnge ann agus bhí an bhó lárnach i litríocht na hÉireann ag dul i bhfad siar go dtí an chianaimsir. Ba iad an t-airgead a bhí ann ag an am ná na beithígh.

Is é an dara ainmhí ná an giorria. Bhí an giorria thar a bheith lárnach freisin sa seanstair agus sna seanscéalta agus go raibh daoine in ann a thiontú ina ngiorriacha agus vice versa.

Maidir le bláthanna, plandaí agus rudaí den chineál sin, bheadh sé fíor-úsáideach breathnú ar logainmneacha agus ar chuileann, mar shampla, a thagann aníos arís is arís eile, agus ar dair freisin. Tá siad sin chuile áit sa tír. D'fhéadfaimis an rud seo atá luaite mar fauna agus flora, mar a thugann siad i mBéarla orthu, a cheangal leis an dúchas agus go mbeadh scéalta taobh thiar dóibh agus loighic stairiúil seanchais ag baint leis.

Bogfaidh mé ar aghaidh. De réir mar a thuigim, cuirtear ranganna i bPolainnis agus i stair na Polainne ar fáil do na Polannaigh agus do na gasúir atá ina gcónaí anseo in Éirinn ag Rialtas na Polainne. Níl aon ghasúr as an bPolainn dall ar a dhúchas féin má tá aon spéis ag na tuismitheoirí go mbeadh an dúchas sin acu. B'fhéidir gur fiú dúinn breathnú ar a leithéid de chlár a chur ar bun áit ar bith a bhfuil Éireannaigh, go mór mór má tá gasúir óga ann le go mbeadh fáil acu ar a leithéid. Níl mé ag caint amháin faoi dhaoine atá fostaithe ag an Stát ach ag caint faoi dhuine ar bith atáim, mar tá sé seo oscailte do Pholannach ar bith sa tír seo. Bítear ag súil go mbeidh siad ag freastal air. Ar ndóigh, nuair a thagann gasúr abhaile ansin ní bheadh aon mhíbhuntáiste ar an duine sin cionn is nach mbeadh aon Ghaeilge acu ná aon tuiscint acu ar an tír seo.

Is é an cheathrú rud eile ná go bhfuil clár réasúnta cuimsitheach ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán ach tabharfaimid Roinn na Gaeltachta air anseo, mar go bhfuil an t-ainm sin ró-fhada a rá faoi dhó. Bíonn an Roinn sin ag maoiniú ollscoileanna ar fud na cruinne. Níl a fhios agam cé na hollscoileanna atá i gceist ach bhíodh Tóiceo na Seapáine agus Uppsala i gceist agus go leor ollscoileanna eile. Tá cuid mhaith díobh i Meiriceá agus bhí siad ceangailte le clár Fulbright ann. Bhí sé ceangailte freisin lena mhacasamhail de chlár Fulbright i gCeanada.

Is cinnte go raibh an Roinn ag íoc nuair a thosaíonn rud mar seo agus cuirtear an cheist cé mhéad atá sí ag íoc in aghaidh na bliana air sin anois. Thosaigh an tionscnamh seo le híocaíocht €30,000 ag an Roinn agus €30,000 ón ollscoil agus bhí duine fostaithe ann. Ba dhaoine as Éirinn a bhíodh ag dul anonn ag teagasc na Gaeilge agus is é sin a bhí i gceist. Bhí a leithéid d’Ollscoil Notre Dame go láidir sa rud seo mar is iontach an crowd iad siúd. Bhí buntáistí móra ag na scoláirí óga a bhí ag gabháil anonn mar go raibh siad in ann cúrsaí a dhéanamh sna hollscoileanna iomráiteacha seo. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, bhí an Ghaeilge á múineadh sna hollscoileanna. Tá a fhios agam agus tuigim ar bhonn áitiúil go bhfuil teagmháil ag an Roinn leis na daoine atá ag múineadh sna hollscoileanna, ach an bhfuil aon teagmháil oifigiúil ag an Roinn leis na daoine seo agus leis an gclár seo? Má tá, an gcreideann an Roinn go n-éiríonn leis an gclár sin, chomh maith leis an nGaeilge a mhúineadh, ach daoine ó Éirinn a lonnú isteach freisin sna hionaid seo agus teagmhálacha nua a chothú don tír, de bhreis ar an nGaeilge, ach, ar ndóigh, lárnaithe ar an nGaeilge sa chéad áit?

Tá rogha ag ár n-aíonna cé a fhreagróidh na ceisteanna seo.

Ms Síle Maguire

Tá ceithre rud ann, is dóigh liom.

Dr. Seán Ó Riain

Is ea. Freagróidh mé i dtaobh pointe beag amháin, ach i dtosach báire go raibh míle maith ag an Teachta Ó Cuív as na ceisteanna sin. Maidir leis an taithí atá agamsa go pearsanta, tarlaíonn an bhaint atá againn le léachtóir ollscoile go neamhfhoirmeálta agus tugtar cuirí dóibh do na hambasáidí de ghnáth. Bíonn teacht le chéile ar Lá Fhéile Pádraig agus bíonn a lán rudaí ar siúl ag gach ambasáid.

Tugtar cuirí i gcónaí do na daoine atá ag múineadh na Gaeilge sna hollscoileanna. Bíonn sé neamhfhoirmiúil mar sin ach tá an ceart ag an Teachta mar go mb'fhéidir go mba cheart na teagmhálacha sin a bhunú go foirmiúil. Aontaím go hiomlán leis an bpointe a rinne sé maidir le stádas bunreachtúil na Gaeilge. Murach an stádas bunreachtúil a bhí ag an nGaeilge, ní raibh aon seans go mbeadh an stádas sin san Aontas Eorpach againne. Bhí ceann amháin ag brath ar an gceann eile. Is cuimhin liom go maith an Ostair, toisc go raibh baint agam féin leis an Ostair. Bhí an Ostair ar an tír dheiridh agus bhí ar an Taoiseach, Bertie Ahern a bhí ann ag an am, glaoch go díreach ar Phríomh-Aire na hOstaire chun tacaíocht na hOstaire a fháil mar bhí oifigigh de chuid na hOstaire go hiomlán i gcoinne na Gaeilge. Bhí cuid acu ag meas gur saghas pleidhcíochta a bhí ar siúl ag na hÉireannaigh, nach raibh mórán daoine ag labhairt na Gaeilge ar chor ar bith, nach raibh aon ghá leis sin agus gur cur amú airgid a bheadh ann agus mar is eol dúinn ní maith leis na hOstaraigh an iomad airgid a chaitheamh. D'éirigh leis an Taoiseach, áfach, a chur ina luí agus dul i bhfeidhm ar Phríomh-Aire na hOstaire agus thacaigh an Ostair ansin leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. D'éirigh leis agus is mór é an stádas sin. Bunaíodh é go léir i mBunreacht na hÉireann ar dtús, thug sé sin an stádas Eorpach dúinn agus tá an stádas Eorpach sin ag cabhrú chun stádas níos fearr a thabhairt don teanga ar ais in Éirinn. Is saghas ciorcal atá ann agus tá colún amháin ag cabhrú leis an gcolún eile, agus iad go léir ag cabhrú lena chéile.

Is an-smaoineamh é sin mar gheall ar na Polannaigh agus go mba cheart go smaoineoimis ar ranganna Dé Sathairn a eagrú do na hÉireannaigh thar lear, agus ranganna Gaeilge ina measc. Measaim féin go mbeadh an-spéis ag daoine iontu siúd agus, mar a deir an Teachta, ní hamháin do na státseirbhísigh nó do na hoifigigh amháin ach do gach Éireannach a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu. Cad ina thaobh go gcuirfimis teorainn leis? Déanann na Polannaigh é sin agus léigh mé tamall ó shin go bhfuil 130,000 duine in Éirinn a labhraíonn an Pholainnis sa bhaile agus is mór an méid é sin. B'fhéidir go bhfuil cuid acu ag filleadh ar an bPolainn anois ach tugann na Polannaigh sampla dúinn. Tá siad an-dílis dá dteanga féin mar nach raibh aon tír acu sa Pholainn ar feadh 123 bliana; ní raibh aon Pholainn ann. Bhí siad dílis faoin eaglais ansin agus bhí an tsochaí dílis don teanga. Is féidir linn cuid mhaith a fhoghlaim ó na Polannaigh.

Ms Síle Maguire

Tá Colm Ó Floinn agus Deirdre Ní Fhallúin ag iarraidh teacht isteach ar na rudaí an-suimiúla ansin.

Roimhe sin, luaigh an Teachta Ó Cuív Uppsala agus tá an ambasáid i Stócólm ag obair go dlúth le clár na léann Cheilteach in Ollscoil Uppsala a chuireann trí chúrsa Ghaeilge ar fáil ar an gcampas gach bliain, mar aon le cúrsaí ar líne freisin. Tá teagmháil againn freisin le Conradh na Gaeilge maidir leis an tionscal atá acu chun an Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí an diaspóra, mar shampla. Tá foireann taidhleoirí thar lear ag obair leo. Iarraim ar Cholm Ó Floinn anois agus ar Dheirdre Ní Fhallúin labhairt ansin.

Mr. Colm Ó Floinn

Ba mhaith liom a rá go bhfuil sé mar dhualgas ag na hambasáidí agus ag na hardchonsalachtaí a bheith i dteagmháil leis na daoine atá ag múineadh na Gaeilge sna hollscoileanna agus sna scoileanna go ginearálta thar lear. Tá an dualgas sin ann. Nuair a bhí mé féin ag obair mar ambasadóir thar lear, agus roimhe sin mar chéad-rúnaí nó tríú-rúnaí, bhíomar i dteagmháil i gcónaí leis na daoine seo a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. In aonad na Éireann atá thar lear sa Roinn, tá siad ag obair i gcónaí leis an gCumann Lúthchleas Gael, an GAA, chun na cluichí a spreagadh thar lear. I ndáiríre, agus muidne ag dul ar aghaidh, níl fadhb ar bith againn go mbeadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair leis an Roinn Oideachais, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, nó leis an eagraíocht atá i bhfeighil na nGaelscoileanna anseo - ní cuimhin liom an t-ainm-----

Is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Mr. Colm Ó Floinn

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Chuaigh mo pháistí go léir go Gaelscoileanna. Maidir leis an eagraíocht sin, bheimis in ann rudaí a aimsiú thar lear freisin maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna. Bhí an Seanadóir Ó Donnghaile ag caint faoi Ghaelscoileanna thar lear ach b'fhéidir, mar thús, go bhféadfaí an eagraíocht sin a bheith ag obair leis an Roinn chun smaointe a ghlacadh maidir le múineadh na Gaeilge thar lear.

Más féidir liom a rá, a Chathaoirligh, chomh maith leis an tacaíocht nithiúil a thugaimid do ghrúpaí agus d’imeachtaí Gaeilge thar lear sa Roinn, tá sé tábhachtach freisin na buntáistí a bhaineann le húsáid chuí na Gaeilge san obair taidhleoireachta i gcoitinne thar sáile a mheabhrú dúinn trí aird a tharraingt ar an bhfíric go bhfuil Gaeilge againn sa tír seo, chomh maith lenár gceannas ar an bpríomhtheanga domhanda, gan amhras, an Béarla. Is féidir linn idirdhealú úsáideach a dhéanamh thar lear agus luaigh roinnt daoine cheana féin an t-ábhar sin.

Mar shampla, nuair a bhí mé féin ag obair san Iodáil mar ambasadóir, agus roimhe sin san Fhionlainn, d'úsáid mé roinnt Ghaeilge go ginearálta ag imeachtaí éagsúla agus bhí freagairt fhabhrach i gcónaí leis an úsáid sin. Cuimhním gur labhair mé dhá bhliain ó shin leis na coistí um ghnóthaí eachtracha agus an Aontais Eorpaigh le chéile, sa Camera dei Deputati, is é sin Seomra Dála na hIodáile, le linn dom a bheith ag labhairt faoi Brexit, agus d'oscail mé mo chuid ráitis le níos mó ná cúpla focal i nGaeilge. Ansin, díreach, mhínigh mé céard a bhí á rá agam san Iodáilis ag tabhairt faoi deara, gan amhras, gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh an Ghaeilge, chomh maith lena bheith mar chéad teanga na hÉireann.

Sampla beag eile ná nuair a bhí mé i Heilsincí, d'iarr bunscoil a bhí in aice leis an ambasáid orm dul chun cainte le daltaí de chuid na scoile sin agus thug mé go leor cártaí gnó liom agus thug mé iad do gach páiste sa rang i dtosach báire. Cad ina thaobh sin? D'fhéadfaí a rá go raibh sé sin beagáinín aisteach é sin a dhéanamh le páistí deich mbliana d'aois ach bhí mo chárta gnó i gceithre theanga: An Ghaeilge, an Béarla, an Fhionlainnis agus an tSualainnis agus bhí siad go hiontach mar bhealach chun labhairt leis na daltaí óga seo faoin dátheangachas atá araon in Éirinn agus san Fhionlainn, áit a bhfuil, ar ndóigh, mar is eol, stádas oifigiúil ag an bhFionlainnis agus ag an tSualainnis ansin, is é sin Swedish agus Finnish. Labhair mé leis na daltaí óga, gan amhras, faoin tslí a bhaineann an dá thír, Éire ar agus an Fhionlainn, leas éifeachtach as an mBéarla mar theanga domhanda.

Ms Deirdre Ní Fhallúin

Tabharfaidh mé sampla amháin sciobtha eile ó mo chuid oibre féin nuair a bhí mise i mBéising. Bhí Seán Ó Riain ag labhairt faoin gcineál idirghabháil neamhfhoirmiúil ach tá cúrsa staidéir na léann Éireannach ag Beijing Foreign Studies University agus déanann iarchéimithe ansin staidéar ar chúrsaí Éireannacha ar feadh dhá bhliain, agus le linn bliana amháin de sin múintear an Ghaeilge dóibh. Bhí sé iontach mar acmhainn againn san ambasáid go raibh múinteoir Gaeilge i mBéising. Bhí sé in ann ciorcal comhrá a chur ar bun agus an Ghaeilge a mhúineadh do mo leanaí féin. Ar bhealach, mar a dúirt Seán Ó Riain, fiú nuair is neamhfhoirmiúil atá sé, is mór an acmhainn é agus bímid i gcónaí ag plé agus i dteagmháil go dlúth le chéile.

Tá ceistín amháin agam.

Ligfidh mé don Teachta mar go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag rá an méid sin dom.

Ba é mo thaithí, agus an bhfuil sé seo coitianta go ginearálta, mar nuair a rachainn thar sáile ag imeachtaí oifigiúla, agus fiú amháin ag imeachtaí de chuid Enterprise Ireland agus mar sin de, gur úsáid siad an cultúr, an ceol agus an teanga a bhaineann le hÉirinn chun cur lena míniú cé a bhí i gceist, cén tír agus cultúr a bhí i gceist agus nach í an Bhreatain a bhí ann?

An mbeadh sé sin fíor go ginearálta? Bíonn daoine ag rá cén mhaith í an Ghaeilge, cén mhaith iad cúrsaí cultúrtha agus mar sin de. An rud a chonaic mise áfach, agus b’fhéidir gur eisceacht é a tharla domsa chuile uair, ach an taithí a bhí agamsa ná go n-úsáidtí rudaí cultúrtha le muid féin a chur in iúl ag na hócáidí agus ansin rinneadh an gnó. An mbeadh an cheart agam go bhfuil sé lárnach don obair atá ar bun ag an Roinn thar sáile go mbíonn an cultúr ann agus go n-osclaíonn sé doirse gnó agus doirse taidhleoireachta chomh maith le chuile shórt eile?

Dr. Seán Ó Riain

Cinnte, aontaím go hiomlán leis an Teachta go bhfuil sé lárnach. An taithí a bhí agamsa go minic, cur i gcás nuair a bhíos i Vienna i mo chéad phost thar lear, labhair duine éigin Béarla liom sa bhfoirgneamh ina raibh cónaí orm agus dúirt sé gur chuala siad go raibh mé ag obair le hAmbasáid na Breataine. Dúirt an duine é seo liom i mBéarla. An rud a dheineas ná freagra a thabhairt ar an nGaeilge agus dúirt mé go raibh mé ag obair le hAmbasáid na hÉireann. Dúras sin i nGaeilge. D’fhéach sé orm agus ansin thosaigh sí ag labhairt Gearmáinise liom. Bhí alltacht uirthi mar bhí sí ag súil le Béarla. Labhair sí Béarla liom gan cheist a chur orm an raibh Béarla agam agus bhí alltacht uirthi nuair a fuair sí freagra i nGaeilge go hiomlán. Ní dúras féin aon rud in aghaidh an Bhéarla ach díreach gur thugas freagra di i nGaeilge agus i nGaeilge amháin. As sin amach, thuig sí gur rud éigin a bhí ionainn agus nach iar-Shasanaigh de shaghas éigin a bhí ionainn. Measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach ar fad an teanga a úsáid agus go gcruthaíonn sé gur pobal ar leith muidne agus gur náisiún ar leith atá ionainn seachas iar-Shasanaigh nó Sasanaigh caillte de shaghas éigin atá ionainn. Déanfaidh mé pointe beag amháin. Luaigh Colm Ó Floinn ansin na cártaí cuairte. Bíonn siad san in úsáid againn – bíonn ceann sa phóca i gcónaí agam - ach tá dualgas anois ar na hoifigigh sa Roinn Gnóthaí Eachtracha Gaeilge a bheith ar an gcárta acu; go háirithe na daoine atá lonnaithe in Éirinn. Bhí sé i gcónaí ag cuid againn ach tá dualgas ann anois gur cheart an Ghaeilge a bheith in úsáid. Is é sin ceann de na dea-thorthaí a tháinig ó Achtanna na dteangacha chomh maith, go bhfuil stádas na Gaeilge ag fás agus ag éirí níos láidre an t-am ar fad.

Is breá an rud é gur Gaeilge ar fad atá á labhairt anseo inniu. Tagann Ranna eile isteach agus aisteach go leor is Béarla a bhíonn ar bun acu an t-am ar fad. Molaim na finnéithe.

Ms Síle Maguire

Bhí mé díreach chun a rá, maidir leis an gcultúr, an Ghaeilge agus an spórt, tá gach rud saghas ceangailte.

Mar a shílfeá.

Ms Síle Maguire

Nuair a théimid mar thaidhleoirí thar lear, bímid bródúil as a bheith in ann páirt a ghlacadh le himeachtaí a chuireann gach gné d’Éirinn chun cinn agus go háirithe imeachtaí a thaispeánann Gaeilge do lucht éisteachta níos leithne. Nuair a bhí an Teachta ag caint faoin gcultúr, bhí mé ag smaoineamh ar uair i Madrid nuair a bhí an seans agam bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le Cormac Breatnach agus Theo Dorgan agus daoine eile agus iad ag forbairt a taispeántas iontach “Loco Por Lorca”. Don léiriú sin, d’eagraigh Cormac aistriúcháin go Gaeilge agus go Béarla ar dhánta Federico García Lorca agus bhí ceol mar chuid den léiriú, cuid mhaith de a chum sé féin agus cuid eile a tháinig ón traidisiún Spáinneach agus an traidisiún Gaelach. Léiríodh an taispeántas i Madrid, i Granada agus in áiteanna éagsúla in Éirinn. Bhí an-áthas orm tacú leis an taispeántas sin agus b’aoibhinn liom focail áille Lorca a chloisteáil i mo theanga féin. Braithimid an teagmháil idir an gcultúr, an spórt agus an teanga gach lá ina bhfuilimid i mbun seirbhís ar son Éireann thar lear.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Fáiltím roimh gach rud atá ar siúl acu. Tá i bhfad níos mó ar siúl ná mar a bhí eolas agam air. Tá áthas orm é a chloisteáil.

Táim chun díriú ar dhá ábhar. Bhí plé cheana féin ar na pasanna agus fillfidh mé air sin i gceann nóiméid. Ar dtús, nuair a bhíonn toscaireacht ó Roinn éigin ag gabháil thar lear, b’fhéidir ar Lá le Pádraig nó pé am, an mbíonn teagmháil ag na finnéithe leo mar gheall ar conas an tairbhe is fearr a bhaint as an turas sin, nó cur i láthair an Ghaeilge etc? An dtugann siad treoir do bhaill na dtoscaireachtaí nó an mbíonn aon teagmháil acu leo mar gheall air sin chun an deis a thapaigh an Ghaeilge a chur chun cinn? Bíonn siad ag labhairt thar cheann na tíre, ní hamháin leis na daoine sa tír ina bhfuileadar ach le muintir na hÉireann sa tír sin chomh maith. N’fheadar an mbíonn aon teagmháil ag na finnéithe leis na hoifigigh a bheadh ag gabháil thar lear, leis an Aire nó pé duine, chun iad a mhealladh níos mó Gaolainne a úsáid. An bhféadfaí é sin a shoiléiriú?

Ms Síle Maguire

Bíonn dlúth-theagmháil againn le hAirí agus iad ag tabhairt cuairt ar na tíortha éagsúla. Is dóigh go mbraitheann sé beagáinín ar an tír ar a bhfuil siad ag tabhairt cuairt. Braitheann sé beagáinín freisin ar phróifíl na ndaoine lena mbeidh siad ag buaileadh. De gnáth, bímid réidh chun an Ghaeilge a chur chun cinn tríd na cuairteanna sin.

An bhféadfaí míniú conas a mbraithfeadh sé ar phróifíl na ndaoine lena bhfuil siad ag plé? Is ar ár son atá na hAirí ag labhairt. Is ár aitheantas agus ár dteanga atá á gcur chun cinn.

Ms Síle Maguire

B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr a rá go mbraitheann sé ar an méid a labhraíonn na hAirí. Is rud amháin é má tá siad ag tabhairt cuairt ar áit ina bhfuil na hÉireannaigh scoite, mar shampla i Meiriceá Thuaidh nó áiteanna mar sin, nó má tá siad ag buaileadh le hÉireannaigh ó ghlúin níos faide siar sa stair, agus rud eile más cuairt atá ann ar thíortha nach mbeadh an méid sin awareness don Ghaeilge ann.

Thuigfinn an cás maidir leis na Stáit Aontaithe. Tá an Béarla ann agus tá sé anseo chomh maith. Ach má théann tú chuig áit éigin cosúil le Taiwan, Hong Kong, nó an Mol Theas - is cuma cén áit - nach gá go mbeadh an Béarla chomh láidir ann, ní bheidís sin ag súil le caint in aon teanga faoi leith. Cén fáth ansin nach mbeadh an Gaolainn le cloisteáil? Bheadh córas aistriúchán in úsáid ar aon nós agus dá dtiocfadh cuairteoirí chuig na tíortha sin chun labhairt leo, ní bheidís ag súil an cainteoir a thuiscint gan aistritheoirí.

Mr. Colm Ó Floinn

Mar a deir Síle Maguire, tá sé tábhachtach idirdhealú cuí a dhéanamh idir margadh amháin agus margadh eile agus tír amháin agus tír eile. Sula dtéann Aire agus na hoifigigh leis nó léi thar lear, mar shampla ar Lá Fhéile Phádraig, bíonn pleanáil i gceist i gcónaí. B’fhéidir go mbeadh sé níos éasca dom sampla faoi leith a thógaint, is é sin an Róimh san Iodáil. Bhí mise ann le déanaí. Roimh Lá Fhéile Phádraig, bhíomar ag caint le Enterprise Ireland, Tourism Ireland, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, IDA, agus na daoine sna heagraíochtaí sin i Milan faoi conas dul ar aghaidh leis an gcuairt. Tá an-mheas agus spéis ag na hIodálaigh i gceol traidisiúnta na hÉireann. Tá nasc láidir idir an gceol agus an teanga. Ag an reception mór san ambasáid, mar shampla, bheadh suas le 600 nó 700 duine i láthair, daoine ón Iodáil agus ár muintir féin sa Róimh.

Labhraíodh mise, agus an tAire freisin, i nGaeilge i gcónaí i dtosach, agus ansin b’fhéidir labhraíodh muid faoin gceoil. Is rud cuí é sin a dhéanamh san Iodáil toisc go bhfuil dhá ghrúpa i gceist sna daoine a thagann ón Iodáil go dtí an tír seo. Tá na daltaí a thagann anseo chun an Béarla a fhoghlaim, 400,000 dóibh gach bliain, agus an grúpa eile ná turasóirí go ginearálta a bhfuil spéis acu sa chultúr. Ní thagann daoine go hÉireann don ghrian. Tagann siad anseo do chultúr na hÉireann agus don cheol. Téann siad go Baile Átha Cliath agus ansin go dtí an Clár, Dún na nGall, nó Gaillimh agus caitheann siad níos mó airgid toisc go mbíonn siad ag fanacht ar feadh seachtaine nó ar feadh coicíse. Tá nasc láidir idir an tairbhe sin d’eacnamaíocht na tíre agus an spéis atá ag na hIodálaigh sa cheol Éireannach. Is air sin a chuirtear béim nuair atá cuairt mhór leis an Taoiseach nó leis an Aire i gceist. An pointe atá tábhachtach, agus an rud a bhí á rá ag Síle Maguire, ná nach féidir an rud céanna a dhéanamh sa tSín, san Iodáil, nó sa Sile; caithfear judgment a dhéanamh roimh ré agus leanúint ar aghaidh mar sin.

Tuigim agus glacaim leis.

Mr. Colm Ó Floinn

Tá súil agam go dtuigeann an Teachta cad a bhí á rá agam.

Dr. Seán Ó Riain

Tá pointe beag le déanamh agam más ceadmhach dom. Rud spéisiúil amháin. Nuair a tháinig stádas na Gaeilge isteach sa bhliain 2007 bhíos sa Bhruiséil an t-am sin. Bhí Aire Éireannach ann an t-am sin, an tAire Stáit le freagracht do chúrsaí Eorpacha ag an am, Nollaig Ó Treasaigh. Bhí iarrtha air óráid a thabhairt sa Bhruiséil agus d’ullmhaigh an Roinn óráid dó ach bhí an chuid is mó de i mBéarla. Bhí b’fhéidir alt amháin de i nGaeilge agus beagán Gaeilge ag an tús ach bhí an chuid is mó i mBéarla. Shocraigh sé féin ó tharla go raibh stádas oifigiúil ag an nGaeilge faoin am sin gur cheart dó níos mó Gaeilge a labhairt. An rud a dhein sé ná labhair sé as a sheasamh. Labhair sé i nGaeilge as a sheasamh, gan aon nótaí, agus i nGaeilge líofa ar feadh i bhfad. Ansin léigh sé amach an chuid Béarla a d’ullmhaigh an Roinn dó. Bhí Fionlannach ina sheasamh in aice liomsa agus dúirt sé “Thuigfeá gurb í an Ghaeilge a theanga dhúchais mar labhair sé Gaeilge go hiomlán líofa as a sheasamh agus ansin bhí air an Béarla a léamh amach.”

An-deas. Gabhaim buíochas le Seán Ó Riain as sin.

Fillfidh mé ar na pasanna. Is ráiteas an-láidir i gcónaí é an pas don aitheantas ní hamháin sa tír seo ach thar lear. Tá cuma gleoite air nuair a bhíonn tú ag flicking tríd. Tá sé go iontach go bhfuil an Ghaolainn ann; tá sé sin fíor-thábhachtach. Tuigim go bhfuil an t-athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn anois agus go bhfuil béim ar dhúlra. Cén fáth go bhfuil béim faoi leith ar an dúlra? An bhfuil slí ann gur féidir béim a chur ar an teanga mar chuid den athbhreithniú sin agus é a chur os comhar pobal níos leithne ar fud na cruinne?

Mr. Caoimhín Ó Coigligh

Ní dóigh liom go bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh easpa Gaeilge nó easnamh béime ar an nGaeilge sa phas nua. An rud atá á dhéanamh ag an suirbhé seo ná féachaint ar an dúlra éagsúil atá againne chun a chinntiú go bhfuil na rudaí sin ann. Tá mé beagnach cinnte - bheadh orm é a chinntiú – ach níl aon cheist ann go bhfuil daoine ag iarraidh an Ghaeilge a laghdú nó-----

Aontaím le Caoimhín Ó Coigligh faoi sin agus táim lán-chinnte go mbeidh gach rud atá riachtanach ann. An rud atá mé ag rá ná go bhfuil deis rud éigin breise a dhéanamh agus tá an bhéim ar an dúlra. Tá sé sin go deas ach an féidir an Ghaolainn a chur ann chomh mar chuid de sin? Ní hé gur cheart go mbeadh ceann amháin nó an ceann eile ann. Tá deis iontach ann an teanga a chur chun cinn ansin chomh maith i slí éigin.

Mr. Colm Ó Floinn

Táimid ag labhairt faoin bpointe sin cheana féin le seirbhís na bpasanna. Mar shampla, má táimid ag labhairt faoin dúlra nó flora and fauna, tá na focail Ghaeilge ar na crainn agus na hainmhithe an-spéisiúil. Tá siad níos expressive - níl an focail agam.

Dr. Seán Ó Riain

Sorithimeach.

Mr. Colm Ó Floinn

Mar a dúirt Seán.

Mar sin b’fhéidir go bhfuil seans ansin na focail Ghaeilge a úsáid sa phas nó na pictiúir ina bhfuil na focail Ghaeilge iontu freisin. Thosaigh an tsuirbhé seo inniu agus táimid ag tnúth lena lán aighneachtaí ar gach gné den phas nua. Níl aon rud socraithe fós; tá sé sin tábhachtach. Níl aon cheist ann ach go mbeadh an Ghaeilge ann leis an stádas céanna i ngach gné den phas.

Ainmneacha crainnte a bhí mar bhunús leis an aibítear oghaim. Is ainmneacha crainnte nádúrtha dúchasacha Éireannacha a bhí i gceist. Tá an oiread rudaí a bhféadfaí a dhéanamh le dul leis an dúlra ach dul leis an teanga ag an am céanna.

Tá deis ann freisin, mar a luadh, maidir leis na logainmneacha mar tá míniú ag a lán acu a mbaineann siad leis an dúlra chomh maith. Molaim Oifig na bPasanna agus an tseirbhís atá á cur ar fáil chomh maith agus is deis é seo do bhreis Gaolainne a úsáid.

Tá cúpla ceist agam agus tosóidh mé san áit a chríochnaigh an Teachta Moynihan ansin.

Ó thaobh na bpasanna de, tá go leor nithe, ainmhithe nó a leithéid, atá ar an ngannchuid anois gur féidir linn féachaint air. Nuair atáimid ag caint faoi phas, is clisteacht ó thaobh dearadh agus sin atá ag teastáil. B’fhéidir gur féidir féachaint ar Leabhar Cheanannais áit atá a lán ainmhithe beaga agus a leithéid caite isteach. Cosúil le gach saoránach eile, tapóidh mé an deis agus cuirfidh mé roinnt smaointe ar aghaidh chuig an Roinn seachas an t-ábhar a chíoradh go hiomlán anseo. Planda a dhéanann daoine dearmad air go minic ná ceann a chuidigh lena lán daoine thar na bliana, is í sin an neantóg. Bhíodh na neantóga chomh maith céanna le cabáiste agus fiú níos fearr. Bhíodh siad againn nuair a bhíomar óg. Ní bhaineann siad geit asat tar éis iad a bheiriú. Bá chóir go mbeadh sé sin ar eolas ag an gcoiste. Caithfidh na neantóga a bheith óg; níl siad chomh deas nuair atá siad dorcha. There you are. Is i gCiarraí a d’fhoghlaim muidne é sin thar na blianta.

Tá cúpla mionrud eile. Tréaslaím an obair atá á dhéanamh ag na finnéithe agus as teacht os ár gcomhair le foireann iomlán le Gaeilge. B’fhéidir go gceapann siad gur ghnáth rud é sin ach gach uile Roinn eile a thagann os ár gcomhair bíonn Béarlóirí agus Gaeilge ina measc. Uaireanta, ní bhíonn ach Béarlóirí ann. Is comhartha maith don choiste é agus comhartha maith den Roinn an obair atá á dhéanamh ann. Tréaslaímid leis na finnéithe as an obair sin.

Ó thaobh an liosta de, thug na finnéithe liosta cuíosach fairsing dúinn de na heagrais a fhaigheann roinnt maoiniú. An dtagann sé sin ón Roinn nó ó Culture Ireland nó an bhfuil aon nasc ansin? Cén saghas oibre a bhíonn ar siúl ag Culture Ireland? Tugann sé roinnt deontais do cheoltóirí le Gaeilge a bhíonn ag taisteal thar lear agus bíonn sórt smacht ag an gcoimisiún áitiúil air sin.

Tá ceist eile agam. Measaim gur Síle Maguire a luaigh Madrid.

Bhí mé ag féachaint coicís ó shin ar an bhféile Chumann Lúthchleas Gael idirnáisiúnta. Is i Maidrid a bhí sé, bhí sé ar TG4 agus bhí sé go hiontach an dream sin ar fad a fhéachaint, agus Gaeilgeoirí ina measc, ag teacht le chéile in Maidrid agus ag imirt peile den scoth. Bhí sé spreagúil go raibh sé sin agus go bhfuil sé sin ag tarlú agus go raibh sé ag tarlú le Gaeilge ina measc. Sin an ceangal agus gur féidir cuidiú leis na comhluadair bheaga timpeall an domhain, agus Béarla acu go minic ach is minic atá níos mó measa ag Éireannaigh thar lear ar an nGaeilge mar go bhfuil siad ag triail an féiniúlacht sin a léiriú agus is féidir linn cuidiú leo.

Ardaíodh ceist ar Raidió na Life aréir faoi Ghaelscoil a bhunú i Melbourne. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag na finnéithe faoin bhfeachtas sin. Tá feachtas éigin ann. Bhí mé ag déileáil le dreamanna eile faoi. Ní Ghaelscoil sa ghnáthbhealach a bheadh ann, a bheadh in iomaíocht leis an gcóras oideachais, ach go mbeadh an Ghaeilge ar fáil ag na leibhéil ar fad do chlainne ar an Satharn. B'fhéidir gur sin atá i gceist nó b'fheidir gur Ghaelscoil iomlán é. Níl a fhios agam ach b'fhéidir go bhfuil tuairim ag na finnéithe faoi sin.

Luaim Cantainise. Bhí mé ag ócáid le déanaí do dhaoine a bhíonn ag labhairt Cantainise in Éirinn agus bhí 30 duine ann atá ag foghlaim Gaeilge anseo. Bhí sé go hiontach mar bhí siadsan ag caint faoi na clainne atá acu sa mbaile i gceantair difriúla, gaolta ó na Phillipines, gaolta ón tSín, gaolta ó cheantair eile sa dúiche sin, agus go raibh siad ar fad ag teacht le chéile ag foghlaim Gaeilge agus Conradh na Gaeilge a bhí ag cuidiú leo. Bhí siad ag caint faoi na clainne sa bhaile agus go raibh gliondar orthu go raibh siad in Éirinn ag foghlaim an teanga dúchasach anseo, nach raibh a fhios acu a bheith ann roimhe sin. Bhí níos mó spéise acu ansin.

Luaim ócáidí. Thug na finnéithe an liosta dom ach measaim nach bhfuil gach rud ar an liosta a tugadh mar déanann na missions nó na hambasáid ar fad timpeall an domhain i bhfad Éireann níos mó ná mar a thugaimid sonra de go minic. Bíonn siad ag tacú le hócáidí agus gach uile ócáid a bhí mise aige, in ambasáid nó tithe an ambasadóra, bhí Gaeilge ann agus bhí dreamanna Gaeilge ann agus ní raibh costas i gceist ach bhí siad ann agus measaim gur chóir é sin a cheiliúradh. Tá a fhios agam go raibh, thar na blianta, leabhair i nGaeilge agus tá daoine tar éis a lán díospóireachta a dhéanamh sa choiste seo faoi foilsitheoireacht ach bhí leabhair i Sínis, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá a fhios agam go raibh ceann foilsithe ag m'athar ach tá cinn ag comhlachtaí eile foilsitheoireachta gur aistriúcháin iad agus bhí scéim ag Foras na Gaeilge ag cuidiú le haistriúchán. Uaireanta foilsítear in Éirinn amháin iad but bheadh sé tábhachtach, má tá leabhair foilsithe i Spáinnis agus i nGaeilge nó i gCatalóinis, go mbeadh sé foilsithe, ní hamháin in Éirinn, ach sa tír as a thagann an teanga chomh maith. Níl a fhios agam an féidir leis an Roinn díriú air sin agus bíonn ceol agus gach rud eile ceangailte leis, mar a luadh. Tá mé ag caint faoi níos mó ócáidí a bheith ann do na hambasadóirí agus don fhoireann sult a bhaint as an gcomhluadar nó as an gcultúr Gaelach.

Bhí rud nár thuig mé san iomlán sa chur i láthair faoi uirlis darbh ainm "fógraí". Deir an ráiteas tosaigh: "Mar shampla, d’eagraigh sé gur ghlac an Roinn leis an uirlis "Fógraí" anuraidh". An rud é sin chun fógraí a chur ar fáil? Bhí sé sin ag deireadh an chuir i láthair.

Dr. Seán Ó Riain

Toisc go raibh baint agamsa leis sin is féidir liom freagra a thabhairt air. Is uirlis é agus déanann sé comhaireamh ar an méid fógraíochta a dhéanann an Roinn agus mar sin is féidir a sheiceáil ó lá go lá cén céatadán Gaeilge a bhí againn an tseachtain seo caite, mar shampla. Is uirlis é a cheannaigh an Roinn agus tugann sé an deis dúinn dul isteach ar an Idirlíon agus féachaint an bhfuil an 20% sroichte againn nó an ghá dúinn níos mó a dhéanamh chun a bheith os cionn an 20% agus an 5% sna meáin Ghaeilge chomh maith.

Luaigh an Cathaoirleach Melbourne agus bhí mé féin san ambasáid in Canberra ar feadh dhá bhliain. Bhíodh Aifreann in Melbourne go hiomlán i nGaeilge gach bliain le ceol i nGaeilge, cláirseacha á seinm, iomainn i nGaeilge agus gach rud go huile is go hiomlán as Gaeilge. Tá traidisiún láidir ann agus tá a lán Éireannach ann le traidisiún láidir acu. Tacaíonn na hambasáidí leis an teanga. Bíonn a lán ócáidí againn agus bíonn na comhghleacaithe chomh fabhrach don Ghaeilge, bídís líofa go hiomlán nó gan a bheith chomh líofa. Bíonn a gcroíthe san áit ceart acu agus bíonn siad ag cabhrú leis an nGaeilge gach áit is féidir leo ar aon nós.

Ms Síle Maguire

Tagraím don airgead atá luaite sa faisnéis a chuireamar ar fáil. Is airgead de chuid na Ranna Gnóthaí Eachtracha é ach bíonn na misin taidhleoireachta ag obair freisin le Culture Ireland agus faighimid, mar shampla, roimh chruinnithe, faisnéis faoi na deontais atá ar an mbord agus tá seans againn tuairimí a chur chucu. Is sampla eile é den chomhpháirtíocht a dhéanaimid mar nuair a táimid thar lear bíonn an béim ar an Stáit Éireannach, agus i ngach aspect an t-airgead atá luaite anseo is airgead de chuid na Ranna Gnóthaí Eachtracha amháin é.

Tá an Spáinnis ag tosú ag scaoileadh orm anois so tá mé chun stopadh anois.

Luadh an obair ar fad a dhéanann an Roinn chun cuidiú leis an taispeántas a dhéanamh ar "An Cailín Ciúin". Ar ardaigh sé sin spéis sna ceantair sin faoin Ghaeilge toisc go raibh ardú idirnáisiúnta do scannáin na hÉireann?

Dr. Seán Ó Riain

D'ardaigh sé spéis go mór. Bhí mé ag caint le cúpla cara le déanaí san Eilvéis, agus is Eilvéisigh iad. Chonaic siad an scannán sin agus thaitin sé go mór leo. Bhíomar ag caint mar gheall air agus dúirt siad gur ceann de na scannáin is fearr dá bhfaca siad riamh é. Mar a deirim, ní Éireannaigh iad ach Éilvéisigh a bhí mar cairde liom san Eilvéis. Tá an scannán sin ag dul i bhfeidhm ar fud an domhain agus tá an-obair ar fad déanta acu.

Tréaslóimid leosan chomh maith.

Sin deireadh lenár gcur chuige maidir leis an ábhar seo. Sin ráite, tá an deis agam clabhsúr a chur leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas le Síle Maguire, ard stiúrthóir na rannáin acmhainní daonna agus ball de bhord bainistíochta na Roinne; le Colm Ó Floinn, ardstiúrthóir rannáin sheirbhísí na saoránach; le Caoimhín Ó Coigligh, leas-stiúrthóir rannáin sheirbhísí na saoránach; Deirdre Ní Fhallúin, stiúrthóir na pleanála géarchéime agus taistil idirnáisiúnta; agus an Dr. Seán Ó Riain, oifigeach na Gaeilge agus an ilteangachais, as an cúnamh a thug siad dúinn inniu comhrá agus díospóireacht spéisiúil a bheith againn. Ní an gnáthrud a bhíonn i Tithe an Pharlaimint é. Bhí an cur chuige go maith agus mar a dúirt mé níos luaithe, tréaslaím leis na finnéithe.

Cuireadh an comhchoiste ar fionraí ar 3.10 p.m., chuaigh an coiste isteach i seisiún príobháideach ar 3.18 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 4.02 p.m. go dtí 1.30 p.m. ar an gCéadaoin, an 5 Iúil 2023.
Barr
Roinn