Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 22 Nov 2023

Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge: An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge

Tá ceithre comhalta i láthair, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Tá an Teachta Aindrias Ó Muineacháin agus an Teachta Joe McHugh ar líne agus tá an Seanadóir Seán Kyne anseo linn sa seomra. Níl aon leithscéal faighte againn. Ar dtús báire, fearaim fáilte roimh na finnéithe atá os ár gcomhair. Cuirim fáilte roimh an stiúirtheoir Gaeilge agus cathaoirleach an choiste chomhairleach um sheirbhísí Gaeilge, an Dr. Aodhán Mac Cormaic; príomhoifigeach in aonad na dteangacha oifigiúla agus tacaíochtaí seirbhísí poiblí, Sadhbh Ó Cinnseala; agus ardoifigeach feidhmiúcháin in aonad tacaíochta na seirbhísí poiblí, Emily Maloney, atá ag freastal ar an gcruinniú mar ionadaí thar cheann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá an Teachta Marc Ó Cathasaigh tar éis teacht isteach sa chruinniú chomh maith.

Dul chun cinn ar obair reatha an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge chun soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú i leith chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 atá faoi chaibidil againn inniu. Ar dtús, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na comhaltaí, na baill foirne, agus na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na glaonna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais.

Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann na coinníollacha seo le finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil, rud nach bhfuil i gceist inniu. Ba chóir dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go mbeadh na micreafóin múchta acu nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhínneithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba cheart go ndéanfar sin láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear daoibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as a ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.

Anois déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim ar chathaoirleach an choiste comhairligh um sheirbhísí Gaeilge, an Dr. Aodhán Mac Cormaic, tús a chur lena ráiteas tosaigh.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an choiste as cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo os a gcomhair inniu chun labhairt faoi obair an choiste comhairligh um sheirbhísí Gaeilge go nuige seo. In éineacht liom inniu, mar a dúirt an Cathaoirleach, tá Sadhbh Ó Cinnseala, príomhoifigeach an aonaid sa Roinn atá ag stiúradh chur i bhfeidhm fhorálacha an Achta, agus Emily Maloney, rúnaí an choiste chomhairligh.

Is treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal má chuirtear i bhfeidhm i gceart é. Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030; go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Gaeilge; go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; go ndéanfar plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a fhorbairt; agus go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga in áit córas na scéimeanna teanga mar atá ann ó 2003.

Ag croílár fhormhór na n-iarrachtaí seo, beidh obair an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge. Is ar ullmhú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a bheidh obair an choiste dírithe go príomhúil don chéad dá bhliain chun a chinntiú go ndéanfar é seo a chur i gcrích roimh an spriocdháta den 19 Meitheamh 2024. Tá réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí ag leibhéal sinsearach atá roghnaithe le bheith ar an gcoiste, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina measc.

I gcomhréir le feidhmeanna an choiste faoin Acht, thóg an coiste an cinneadh ag a chéad chruinniú anuraidh, taighde a choimisiúnú i leith ullmhú an phlean náisiúnta, agus aontaíodh conradh taighde le hOllscoil na Gaillimhe ag deireadh na bliana seo caite. Leis an taighde agus leis an bplean seo, beifear ag tabhairt aird shonrach ar sprioc earcaíochta uaillmhianach an Achta, atá mar chroí-chuspóir ag an gcoiste, mar aon le breathnú ar na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge, mar atá faoi láthair, a aithint agus straitéisí a mholadh chun dul i ngleic leis sin chun críche iad a áireamh mar chuid de chaighdeáin teanga. Breathnófar chomh maith ar na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i agus do limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, LPT, a aithint agus straitéisí a mholadh chun a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe sna limistéir Ghaeltachta agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge. Breathnófar freisin ar an staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge na hearnála poiblí a aithint, agus déanfar moltaí ó thaobh earcú daoine le Gaeilge don earnáil phoiblí.

Mar thaca don obair seo, tá gealltanas Rialtais maidir leis an bplean a chur i bhfeidhm san áireamh i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030. Tar éis an plean sin a fhoilsiú, beidh dualgas ar an Aire dátaí a leagan síos faoina gcuirfear na seirbhísí poiblí ar fad sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge agus faoina mbeidh gach oifigeach poiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Is fiú a lua chomh maith, go mbeidh feidhm ar leith ag an gcoiste faoin Acht sa mhéid seo ó thaobh comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an leibhéal inniúlachta a theastaíonn ó dhaoine chun seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a sholáthar. I gcomhréir le forálacha an Achta, úsáidfear an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha chun inniúlacht a thomhas.

Sa chomhthéacs seo, mar thoradh ar an gcomhoibriú leanúnach idir an Roinn seo agus an Roinn caiteachais phoiblí ar fheidhmiú an Achta, tá Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, ag déanamh deimhnithe anois ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do státseirbhísigh thar ceann OneLearning, an t-aonad foghlama agus forbartha don státseirbhís. Agus Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha luaite go sonrach san Acht, ar a bhfuil an córas TEG bunaithe, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith.

Is fiú a lua chomh maith gur cuireadh tús le líne bhuiséid nua in 2023, le maoiniú reatha de €1 milliún chun tacú le hiarrachtaí fhorálacha an Achta teanga nua a neadú trasna na hearnála poiblí. Tá allúntas breise de leath mhilliún euro curtha ar fáil faoi cháinaisnéis 2024 freisin chun tionscnaimh nua a mhaoiniú, mar aon le bearta atá idir lámha cheana féin a leathnú amach, lena n-áirítear líonra Gaeilge a bhunú chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre; réimse leathan bearta tacaíochta a fhorbairt do chomhlachtaí poiblí i dtaca le cur i bhfeidhm an Achta; agus feasacht a chothú faoin Acht go ginearálta i measc an phobail agus na gcomhlachtaí poiblí.

Mar chuid den réimse leathan bearta tacaíochta atá á bhforbairt, tá gealltanas tugtha i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí, 2022-2025, a d’fhógair an Roinn breisoideachais agus ardoideachais sa samhradh, go ndéanfar clár printíseachta do speisialtóirí Gaeilge ginearálaithe ag grád oifigigh feidhmiúcháin le hinniúlacht Ghaeilge, agus go ndéanfar é sin a fhorbairt faoin tríú ráithe de 2025.

Taobh istigh dár Roinn féin, beidh próiseas tairisceana le fógairt sa thréimhse ghearr amach romhainn maidir leis an athbhreithniú agus leathnú amach atá i gceist a dhéanamh ar an tionscnamh ardscileanna Gaeilge chun díriú níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn. Meastar ag an bpointe seo go mbeidh forbairt an chláir printíseachta do speisialtóirí Gaeilge ag teacht leis na feidhmeanna leathnaithe seo den tionscnamh agus iad cinntithe.

Tá aitheanta chomh maith go mbeidh réimse na cumarsáide lárnach do go leor de na hiarrachtaí seo, go háirithe i gcomhthéacs na forálacha fógraíochta a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, mar aon leis na dualgais bhreise a bheidh ar chomhlachtaí poiblí go luath postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad. Chuige sin, trí obair an choiste, táthar ag breathnú ar roinnt bealaí éagsúla le daoine a mhealladh chuig na róil cumarsáide tábhachtacha seo san earnáil phoiblí, na féidearthachtaí a bhaineann le sruth Gaeilge a reáchtáil mar chuid de chomórtais earcaíochta sa réimse seo, agus tréimhsí taithí oibre agus intéirneachta ina measc. Tá na comhráite cuí ina leith sin ar siúl faoi láthair.

Ó thaobh cúrsaí feasachta, is fiú a lua go ndearnadh deontas méadaithe a cheadú do Ghluaiseacht, seó bóthar Chonradh na Gaeilge, níos luaithe i mbliana chomh maith, suas 85% ar dheontas 2021-22, chun a chumasú dó dul i bhfeidhm ar bhreis is 28,000 duine óg in aghaidh na bliana agus an teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh faoi na deiseanna suntasacha fostaíochta a bheidh ann san earnáil phoiblí dóibh siúd le hinniúlacht sa Ghaeilge de thoradh an Achta. Tá i gceist ag an Roinn feachtas mór feasachta náisiúnta a reáchtáil ar an ábhar chomh maith go luath sa bhliain nua.

Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom féin agus do mo chomhghleacaithe cuntas a thabhairt ar obair an choiste chomhairligh anseo inniu. Tá súil agam go dtabharfaidh sé léargas ar an obair thábhachtach straitéiseach agus chomhordaithe atá ar bun sa chúlra ag gach páirtí atá bainteach leis an bpróiseas. Fáiltím roimh cheisteanna ó bhaill an choiste anois.

Ba é an chéad duine a bhí a lámh in airde aige ná an Seanadóir Kyne.

Fáiltím roimh an Dr. Mac Cormaic, Emily Maloney agus Sadhbh Ó Cinnseala go dtí an coiste. Cuirim fáilte freisin roimh an gcur i láthair atá déanta ag an Dr. Mac Cormaic, inar dúirt sé go bhfuil tús curtha leis an obair thábhachtach atá ar siúl acu le deich gcruinniú ag an gcoiste suas go dtí seo agus ceann amháin eile ar an gclár don tseachtain seo.

Go díreach, agus ag labhairt faoin obair atá ar bun acu faoi láthair agus an plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge, céard go díreach a bheidh leagtha amach sa phlean sin agus cén chaoi a chabhraíonn sé leis an obair atá le cur i bhfeidhm ag an Roinn?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is ionann an chéad rud a bheidh le rá agam faoi sin ná go gcaithfear don phlean a bheith fíorthábhachtach mar gheall ar an áit ina bhfuilimid faoi láthair. Tabharfaidh sé bunlíne dúinn faoin saghas agus leibhéal earcaíochta ar an gcéad dul síos a gcaithfimid dul i ngleic leis. Níl na figiúirí sin maidir leis an leibhéal earcaíochta ar fáil in aon áit amháin faoi láthair. Tabharfaidh sé sin bunlíne dúinn faoin dúshlán is mó atá le baint amach, atá ann amach romhainn agus atá le sárú roimh 2030.

Chomh maith leis sin beidh sé ag aithint na háiteanna ina bhfuil oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht agus na folúntais a bheidh ann amach anseo le líonadh, agus straitéisí a leagan amach le haghaidh iad sin a líonadh. Caithfimid breathnú as an nua ar an rud seo agus breathnú go nuálach ar bhealaí le haghaidh daoine leis an teanga a earcú. Go dtí seo agus faoi láthair, feictear go bhfuil na huimhreacha maidir le líon na ndaoine atá ag cur isteach ar fholúntais le Gaeilge an-bheag. Caithfimid an fheasacht sin ar an méid post a bheidh ann a ardú.

I dtús báire, caithfimid a leagan amach an áit ina bhfuil na poist, na hoifigí istigh sa Ghaeltacht a mbeidh na poist sin le líonadh iontu, agus ansin go mbeidh moltaí déanta maidir le dátaí chun go mbeidh na hoifigí sin ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Níl sé sin teoranta, ach an oiread, do na hoifigí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Táimid ag caint faoi sheirbhísí a chuirtear ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht trí línte cabhracha a chuirtear ar fáil istigh sa Ghaeltacht do phobal na Gaeltachta. Beimid ag iarraidh a fháil amach faoi na seirbhísí sin a chuirtear ar fáil ón taobh amuigh do phobal na Gaeltachta agus na beartais earcaíochta a chaithfear a chur i bhfeidhm le haghaidh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil mar chuid de na seirbhísí sin.

Chun achoimre a dhéanamh ar an rud, b'fhéidir go bhfuil duine de mo chomhghleacaithe ag iarraidh teacht isteach agus labhairt.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tiocfaidh mé isteach go sciobtha. Is gné eile atá tábhachtach ná go mbeifear ag breathnú ar bhunlíne a sheasfadh amach maidir leis an leibhéal inniúlachta reatha atá san earnáil phoiblí mar is gné thábhachtach a bheidh ann maidir leis an 20%, an earcaíocht agus fáil ar na ndaoine atá istigh sa chóras cheana féin. An bhfuiltear ag baint an úsáid is fearr as na daoine sin? An bhfuil siad lonnaithe san áit is fearr? An bhfuil siad sna róil is fearr a bheith ann? Tá sé de dhualgas ar an gcoiste suirbhé a dhéanamh ar inniúlacht san earnáil phoiblí gach cúig bliana ach táimid ag iarraidh teacht ar na torthaí roimhe sin leis an taighde. Beidh sé sin mar chuid den taighde seo chomh maith agus beifear ag breathnú ar céard is féidir a dhéanamh le daoine atá istigh sa chóras, b'fhéidir, a bhfuil ag leibhéal ar leith acu agus nach bhfuil sa ról is fearr, nó a bhfuil báúil tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge, agus mar sin de. Beidh orainn breathnú freisin ar an gcaoi inar féidir linn a chumasú dóibh dul i dtreo agus a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge chomh maith.

Gabhaim buíochas as sin. Tá sé tábhachtach go mbeimid ar an eolas faoin mbunlíne agus tá sé sin fíor chun an sprioc de 20% a bhaint amach. An bhfuil ár bhfinnéithe ag rá go mbeimid ag tosú ar an turas sin an bhliain seo chugainn nó an bhfuil an turas sin tosaithe, ina dtuairim?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Táimid tosaithe cheana féin. Caithfear struchtúr nua a chur i bhfeidhm le tabhairt faoin bpróiseas seo. Tá obair ar bun ag an aonad leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta maidir le scéim printíseachta. Tá lead-in time ansin le scéim printíseachta idir 18 mí agus dhá bhliain le haon cheo, is cuma trí Ghaeilge nó aon saghas printíseachta atá á fhorbairt faoi láthair. Táimid tosaithe ar an aistear sin cheana féin ag iarraidh go mbeimid réidh in 2025 le haghaidh scéim printíseachta a chur ar bun trasna an chórais Stáit. Tá oifigeach sinsearach ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe ar an gcoiste comhairleach agus tá an Roinn sin ar an eolas faoin obair atá ar bun. Tá Emily Maloney agus Sadhbh Ó Cinnseala ag labhairt, ar ndóigh, leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun stiúradh a fháil tríd an bpróiseas sin. Tá obair chasta ar bun faoi láthair chun an rud sin a réiteach agus beidh go leor imreoirí sa ghort ansin, de réir mar a théimid tríd an bpróiseas.

Is sampla amháin é sin de na rudaí atá ar bun cheana féin. Táimid tosaithe cheana féin ag breathnú air agus ag plé leis an Government Information Service, GIS, maidir le scéim a thabhairt isteach chun daoine a fháil isteach sna rannóga cumarsáide, is iad sin na rannóga preasa istigh sna Ranna éagsúla, le freastal a dhéanamh ar an éileamh sin. Is é sin chun daoine a fháil a fhreastalóidh ar ábhair a thagann isteach ar na meáin shóisialta. Beidh an dualgas nua sin le teacht i bhfeidhm anois.

Tá stuif ansin ar féidir linn a dhéanamh. Nílimid mar sclábhaithe don straitéis nó don phleanáil. Má tá aon rud ann gur féidir linn a dhéanamh anois, táimid ag tabhairt faoi sin. Is éard a fheicimid san obair seo na chuile doras a osclaímid, táimid ag dul i ngleic leis le foireann nua. Tá 11 duine ag obair nó a bheidh ag obair san aonad nuair a bheidh an fhoireann uilig fostaithe. Táimid i lár próisis agus tá tuilleadh daoine á gcur ag obair air seo.

De réir mar a osclaímid doras amháin nó nuair a théimid síos bóthar amháin, tugaimid faoi deara go bhfuil deiseanna eile ansin. Thugamar é sin faoi deara agus muid ag plé le OneLearning, mar shampla, i dtaobh TEG a thabhairt isteach go córas na státseirbhíse. Tá cinneadh déanta anois go mbeidh OneLearning ag dul faoin Institute of Public Administration, IPA, agus ag plé, b'fhéidir, le deiseanna poiblí níos leithne. B'fhéidir go bhfuil deis ansin againne TEG a chur i bhfeidhm trasna na seirbhíse phoiblí láithreach bonn. Táimid ag oscailt doirse agus ag feiceáil doirse eile amach romhainn. Táimid cinnte go bhfeicfimid fás ag teacht ar an obair seo sa chúpla bliain amach romhainn. An bhfuil Sadhbh Ó Cinnseala ag iarraidh teacht isteach anseo?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Ba mhaith liom díreach a lua chomh maith gur gné shuntasach den rud seo uilig ná feasacht a chothú agus go bhfuilimid ag imeacht ó na poist a bheith sáinnithe agus is é sin a bhíodh ann. Bhí traidisiún agus gnáthról ag Gaeilge aitheanta agus mar sin de. Tá go leor feasachta agus seimineár faisnéise á reáchtáil againne leis na comhlachtaí poiblí. Ghlacamar páirt i gcur i láthair le líonra na n-earcaithe tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag iarraidh a chur ina luí nach bhfuilimid ag caint ar róil sáinnithe le Gaeilge a thuilleadh ach go bhfuilimid ag caint go mbeadh na daoine seo ag teacht isteach ar róil na gcomhlachtaí poiblí. Tá roinnt oibre feasachta le déanamh againn i measc na gcomhlachtaí poiblí, nó bhí, leis an athrú meoin sin agus an struchtúr féin a athrú.

Dúirt an Dr. Mac Cormaic go bhfuil sé ag bualadh ar na doirse agus ag oscailt na doirse. An bhfuil sé éasca na doirse sin a oscailt? An bhfuil bac á chur air?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Feictear domsa go bhfuil athrú meoin trasna an córais Stáit. Bhí mé ag plé leis an gcineál oibre seo ar feadh achar an-ghairid thart ar dheich mbliana nó níos mó ó shin agus is cuimhin liom bualadh ar chuid de na doirse céanna agus nach raibh mé ag fáil freagra. Dá bhfaighinn freagra, chaithfí amach mé tar éis a chloisteáil faoin ábhar a bhí ann. Táimid agus bhíomar ag reáchtáil seimineáir go rialta d'fhostaithe an Stáit chun iad a chur ar an eolas faoin obair atá ar bun. Fuaireamar 1,000 duine ó cheann de na seimineáir agus fuaireamar 600 ó cheann eile. Go ginearálta, feictear dúinn go bhfuil athrú meoin ansin. Beidh eisceachtaí ann ach, go ginearálta, tá daoine ag aithint go bhfuil fadhb ann agus go bhfuilimid ag iarraidh teacht ar réiteach na faidhbe sin, nó réitigh na faidhbe sin, agus go bhfuil na daoine seo ag iarraidh tacú linn ar an aistear sin.

Luafaidh mé freisin obair an choiste agus go bhfuil ceann amháin de na fochoistí bunaithe againne idir an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus é sin curtha ar bun cheana féin againn. Táimid ag bunú ceann teicniúil anois agus beidh cruinniú againn ag deireadh na seachtaine.

Táimid ag dréachtú téarmaí tagartha d’fhochoiste teicniúil chun breathnú ar an dúshlán mór atá ann leis na sínte fada agus na hainmneacha i nGaeilge agus na rudaí uilig sin atá leagtha amach sna forálacha atá ag le teacht isteach anois roimh dheireadh na bliana. Caithfear féachaint freisin ar na córais teicneolaíochta faisnéise atá ag an Stát agus go mbeidh go leor acu le hathnuachan le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá an foghrúpa seo chun breathnú ar an gceist ar leith seo agus, cheana féin, táimid tar éis cuid de na comhlachtaí móra atá timpeall ón bhoird againn ar an gcoiste comhairleach, ar nós na Roinne Coimirce Sóisialaí agus An Gharda Síochána, a chuir faoi chineál test case. Chuireamar teimpléad chucu agus bhí siad toilteanach breathnú ar a gcuid córas féin, féachaint cad iad na dúshláin atá bainteach leis na córais atá acu mar réamhobair sula dtéimid amach go dtí an córas Stáit uilig. Tugann sé deis dúinne breathnú ar na dúshláin atá ag na comhlachtaí Stáit is mó atá ann agus ansin beimid in ann, b'fhéidir, breathnú ar leasuithe a dhéanamh ar an teimpléad sula dtéann sé amach go ginearálta.

Táimid ag fáil an-tacaíocht, caithfidh mé a rá, timpeall an bhoird ag an gcoiste comhairleach, ach, go ginearálta, trasna an chórais Stáit. Tugann sé dóchas domsa anyway.

Tá ceist dheireanach agamsa ar an ábhar sin. An bhfuil an Roinn muiníneach nó dóchasach go mbeidh sí in ann an céatadán 20% a bhaint amach roimh 2030?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ba mhaith liom an bhunlíne a fheiceáil ar dtús. Is é sin an líon daoine atáimid ag caint faoi. Ná déanaimis dearmad freisin go bhfuilimid ag caint faoi dhaoine atá taobh istigh. Is é sin an bhrí a bhain Oifig an Choimisinéara Teanga as an Acht, is é sin go bhfuilimid ag caint faoi dhaoine atá taobh istigh den chóras freisin. Dá réir, má fhaigheann duine ardú céime atá ag obair sa chóras Stáit cheana ar an mbunús go bhfuil an teanga acu agus go gcomhlíonann siad na critéir atá leagtha síos, gurb ionann go mbeidh daoine mar sin mar chuid den chéatadán freisin. Nílimid ag caint mar sin faoi earcaithe nua amháin anseo; táimid ag caint faoi dhaoine atá istigh sa chóras freisin.

É sin ráite, is cuimhin liom nuair a bhíomar ag plé leis an iar-Thaoiseach, Enda Kenny, ag an am, tráth a bhí an Teachta McHugh thart, nó b'fhéidir, an Seanadóir Kyne féin, bhí daoine an-éadóchasach faoin straitéis agus faoi na spriocanna a bhí leagtha amach chun deireadh a chur leis an maolú earcaíochta san Eoraip, ar scála i bhfad níos lú ach le daoine a bhí thar a bheith oilte. Bhí dúshlán difriúil ann ach bhaineamar amach é trí bhreathnú go nuálach ar na bealaí agus bhí orainn go leor oibre a dhéanamh leis na hinstitiúidí Eorpacha. Cuireadh coistí agus foghrúpaí ar bun. Maidir le go leor de na rudaí seo, d'athraigh EPSO an córas a bhí acu le daoine a earcú agus d'athraigh, fiú amháin, na hinstitiúidí féin chun go n-earcódh siad daoine sealadacha. Cuireadh go leor córas nua agus nuálach i bhfeidhm an t-am sin. Is éard a bhíonn á rá agamsa leis an gcoiste comhairleach i gcónaí, agus deirimse leis an gcoiste seo inniu freisin, go gcaithfimid tabhairt faoin dúshlán seo ar an mbealach céanna, ag breathnú go nuálach. Má táimid chun na seanchórais atá ann a úsáid, teipfear orainn. Caithfimid breathnú ar bhealaí nua agus is é sin an rud atá á dhéanamh againn le printíseachtaí, le hintéirneachtaí, le scoláireachtaí and all that kind of thing. Táimid dóchasach go maith ach ba mhaith liom an bhunlíne a fheiceáil ar dtús.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Mac Cormaic.

Glaoim ar an Teachta McHugh.

Tá mo cheist ar shiúl cheana féin, an ceann a bhí mé ag smaoineamh faoi. Bhí an Dr. Mac Cormaic ag labhairt faoi cúpla bomaite a chuaigh thart. Fearaim fáilte roimh na finnéithe. Gabhaim buíochas leo as achan rud agus as a gcuid díograise agus a n-iarrachta ar son na teanga agus na tíre fosta faoi sin.

B'fhéidir go bhfuil an cheist chéanna agam. Táim ag smaoineamh faoin gcomórtas idir an Eoraip, Strasbourg, an Bhruiséil agus na múinteoirí scoile, cibé meánscoileanna nó bunscoileanna iad, maidir leis na fadhbanna agus na deacrachtaí earcaíochta atá i gceist. An bhfuil an soláthar ann maidir leis na daoine sin a fháil? An bhfuil an caighdeán san áit chéanna ina raibh sé cúpla bliain ó shin nó an bhfuil athrú ann maidir leis an gcaighdeán? Bhí comhrá mór agus cuimsitheach ann ag an am faoi sin cúpla bliain ó shin. An bhfuil aon athrú á bhaint á bhaint amach maidir leis an leibhéal sin?

Chomh maith leis sin, caithfear a rá go bhfuil áit dhifriúil ann sa tír. Tá fuinneamh dearfa ann in achan páirt den tír, agus sa Tuaisceart fosta, faoin teanga agus tá sé sin difriúil ná mar a bhí sé. B'fhéidir go mbeidh sé níos dearfa amach anseo. Tá an tríú ceist atá agamsa faoin gcaighdeán atá ag teacht amach as na meánscoileanna. An bhfuil na finnéithe sáste leis sin?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Cuirfidh mé tús le mo fhreagra faoin gcaighdeán Gaeilge i ngasúr atá ag teacht amach as na meánscoileanna. Aithníonn an Roinn Oideachais é sin agus mar fhreagra ar an Teachta tá sé tá ráite ag an iarchigire, an Dr. Harold Hislop, ina thuarascáil cúpla uair go raibh fadhb ann maidir le caighdeán na teanga a bhí ag na gasúir istigh sna scoileanna. Táimid ag déanamh iarracht dul i ngleic leis sin le céimeanna beaga ar dtús. Táimid ag breathnú anois ar scéim a thabhairt isteach agus fuaireamar €1 milliún breise sa bhuiséad don bhliain seo chugainn. Beidh scéim nua á tabhairt isteach agus beidh deis á tabhairt do mhúinteoirí nach bhfuil ar a gcompord i múineadh na Gaeilge teacht chugainn agus a bheith tástáilte ar an gcóras Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, agus ansin go mbeadh straitéis leagtha amach dóibh le dul suas leibhéal ar an gcóras TEG sin, agus go bhfaighidís deontas ansin ag deireadh an lae má éiríonn leo dul tríd agus pas a fháil sna scrúduithe.

Is é sin ceann de na rudaí atáimid ag déanamh. Sa chéad bhliain eile beidh thart ar 200 iarratasóir ann agus beimid ag díriú isteach ar 150 múinteoir agus ar 50 duine atá ag obair in earnáil an luathoideachais. Chinntíomar go mbeadh an 150 múinteoir roinnte idir scoileanna náisiúnta agus meánscoileanna. Is scéim phíolótach é seo ach, ag deireadh an lae, beimid in ann a léiriú i gceann dhá nó trí bliana go n-oibríonn an córas seo, agus go bhfuil sé soiléir ansin ar an córas TEG faoin áit a sheasann na múinteoirí agus an dul chun cinn atá déanta acu.

Chun achoimre a dhéanamh air seo, tá fadhb ann sa chóras oideachais agus tá sé sin aitheanta ag an Roinn Oideachais agus táimid ag iarraidh céim bheag a dhéanamh le dul i ngleic leis sin. Is é an rud tarraingteach faoi sin ná a luaithe is atá sé cruthaithe againne go n-oibríonn an córas seo, go mbeimid in ann é a dhéanamh ansin ar scála i bhfad níos airde. In áit 200 múinteoir a thabhairt isteach, b'fhéidir go mbeimid in ann 1,000 múinteoir a fháil isteach chun dul ar an gcóras. Is é sin an deis a bheidh ann amach anseo má oibríonn sé seo.

Maidir leis an gceist faoin soláthar daoine atá le hearcú nó an bhfuil siad ann, ní léir domsa go bhfuil siad ann faoi láthair. Tá cuid rudaí á ndéanamh againn le soláthar a chruthú. Sa Ghaeltacht go háirithe, tá daoine áirithe, b'fhéidir, nach bhfeiceann nó nach dtuigeann an luach atá leis an teanga atá acu, agus go mbeidh tóir orthu sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí le coinníollacha pá agus pinsin maithe. Is é sin na rudaí sin uile a bheadh duine éigin ag cuardach agus iad ag dul amach sa saol oibre.

Mar chóras Stáit, nílimid ag díol na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair sa státseirbhís, go háirithe. Sa stát chóras go ginearálta, ní dhíolaimid i gceart é. Creidim go bhfuil jab oibre le déanamh againn ansin agus is é sin ceann de na rudaí a bheimid á dhéanamh leis an bhfeachtas feasachta a bheidh ar siúl againn sa bhliain nua. Ní hamháin go mbeimid ag déanamh é sin in 2024 ach tá an buiséad anois againn feachtas nó dhó a reáchtáil chuile bhliain ar na meáin shóisialta agus ar na meáin traidisiúnta. Tá jab mór oibre le déanamh againne.

Rinne Behaviour and Attitudes taighde dúinn maidir leis an mbunlíne agus bhí thart ar 27% de dhaoine óga ar an eolas faoi na poist agus na deiseanna seo faoi láthair. Tá obair déanta ag Conradh na Gaeilge agus táimid tar éis é a mhaoiniú le cúpla bliain anuas. Tá obair na gcapall déanta ag an gconradh agus daoine ag dul thart ar na scoileanna, na coláistí samhraidh agus na hollscoileanna chun daoine a chur ar an eolas faoi na deiseanna seo. Nílimid ach ag bualadh the tip of the iceberg. Tá jab níos leithne le déanamh anois le feachtas feasachta mór ar na meáin shóisialta agus na meáin traidisiúnta. Cruthóidh sé sin feasacht i measc daoine agus ansin cuirfidh siad iad féin in oiriúint do na poist seo.

Bhí an tríú ceist ag an Teachta ach tá sé freagartha agam. Ar fhág mé aon rud ar lár ansin?

Bhí ceist ann maidir le caighdeán na ndaoine atá ag dul isteach sa tseirbhís phoiblí.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Bhí go leor díospóireachta maidir leis seo ag Céim an Choiste nuair a bhí an tAcht ag dul tríd. Is éard a deir na saineolaithe ó Ollscoil Mhá Nuad faoin gceist ná gurb é leibhéal B2 an leibhéal cuí do dhaoine ag dul isteach i jab ginearálta chun gur féidir leo comhrá a dhéanamh le daoine. Inár jabanna féin, bímid ag plé leis an nGaeilge agus leis an earnáil chuile lá agus bheadh leibhéal C1 ag teastáil. Braitheann sé ar an bpost. Bheadh leibhéil éagsúla taobh istigh den B2. Mar shampla, b'fhéidir nach mbeadh ag teastáil ó thiománaí bus atá ag dul siar go Conamara ach leibhéal B2 sa chaint seachas B2 i nGaeilge scríofa. Caithfimid breathnú ar na poist éagsúla agus na riachtanais a bhaineann leo a aithint. Beidh cuid den obair sin á déanamh mar chuid den phlean náisiúnta.

Beidh áthas ar na finnéithe a chloisteáil nach mbeidh mise i bhfad. Caithfidh mé a bheith in áit éigin eile faoi cheann cúig nóiméad. Tá an dúshlán thar a bheith soiléir. Rinneadh soiléir é nuair a fógraíodh post an Ard-Rúnaí i Roinn na bhfinnéithe féin. Ní raibh sé riachtanach go mbeidh TEG B2 ag an Ard-Rúnaí agus í ag fáil an phoist. Cé nach bhfuil aon leithscéal ann don rud atá déanta, glacaim leis gurb é an leithscéal a thabharfar ná nach bhféadfaí oiread is Ard-Rúnaí amháin a fháil a bheadh cumasach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá dúshlán ollmhór ann. Tá a fhios againn é sin ón daonáireamh mar níl ach 70,000 duine ann a úsáideann an Ghaeilge chuile lá. Mura bhfuil tú ag úsáid na Gaeilge chuile lá, is beag seans go mbeifeá in ann dul isteach agus jab a dhéanamh. Is cuma liom cé mhéad suirbhé a dhéantar sa tseirbhís phoiblí, tiocfaidh an freagra céanna aníos, is é sin, go bhfuil fíorbheagán daoine sa tseirbhís phoiblí atá cumasach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá a fhios againn é sin ó bhlianta fada ag plé leis an tseirbhís phoiblí. Labhróidh daoine atá cumasach agus toilteanach Gaeilge a labhairt í leat go deonach ach tá fíorbheagán acu ann.

Tá dara rud ann gur mhaith liom a rá. Is dóigh liom gur dearmad é a bheith ag ceapadh go mbeidh fiú 20% nó 10% de na daoine atá cumasach Gaeilge a labhairt, abraimis i bpobal na hollscoile, ag cur isteach ar jabanna sa státseirbhís. Mar sin, caithfear an t-uafás daoine a chur ar fáil a bheadh in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le go mbeidh an tseirbhís in ann an líon atá á lorg a earcú amach anseo. Tá fíor-dhíomá orm go dtí seo. Tá méid áirithe déanta leis an bprintíseacht agus leis an scéim sna bunscoileanna. Tá go leor ceisteanna curtha ar an Aire ard-oideachais agam. Cé mhéad duine atá ag fáil oiliúint tríú leibhéal – aon chuid de chúrsa – trí Ghaeilge? Cé mhéad airgead atá á chur ar fáil ag an Roinn ardoideachais i leith cúrsaí trí Ghaeilge? Tá an cheist seo curtha míle uair. Ba cheart go ndéarfaí leis an HEA go bhfuil an oiread seo milliún – milliún - ar fáil anois do chúrsaí trí Ghaeilge amháin agus nach féidir é a chaitheamh ar chúrsaí trí Bhéarla. An bhfuilimid ag dul ag déanamh na mbeart sin? Níl na daoine ann i láthair na huaire. Is cuma cé mhéad staidéar a dhéantar, is éasca a oibriú amach nach bhfuil na daoine ann i láthair na huaire.

Ní chreidim go n-iompófar daoine nach bhfuil Gaeilge acu atá istigh sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí ar aon scála mór. Is é an t-aon dóchas atá ann ná na daoine atá ag teacht aníos ó na scoileanna. Faraor géar, tá i bhfad níos lú ag teacht ó na scoileanna Béarla a bhfuil fíorchumas Gaeilge acu agus, mar sin, táthar ag brath cuid mhaith ar na scoileanna lán-Ghaelach. Tá riar maith sa mbunscoil, tá riar níos lú sa meánscoil agus, ag an tríú agus an ceathrú leibhéal, is fíorbheagán atá ag déanamh cúrsaí trí Ghaeilge.

Tá ceist amháin theicniúil agam. Tá an Dr. Mac Cormaic ag rá go bhfuil ionadaithe ar an gcoiste ón Roinn Oideachais, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón nGarda Síochána, ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus ó Fhoras na Gaeilge. An gcuirfidh sé eolas ar fáil don choiste ar leibhéal na ndaoine seo ina gcuid eagraíochtaí féin? An bhfuil siad ina bpríomhfheidhmeannaigh? An Ard-Runaithe Roinne iad? Cén leibhéal ar a bhfuil na daoine a cuireadh ar an gcoiste? Bheadh tionchar mór aige sin ar éifeacht an choiste mar, taobh istigh den tseirbhís phoiblí, mura bhfuil tú an-ard sa gcóras, níl mórán tionchar agat.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ar an gceist deiridh, d'iarr muid príomhoifigigh chúnta ar a laghad. Tá cuid acu ag leibhéal níos airde. Tá stiúrthóir, PO agus duine atá ard go maith sa Gharda Síochána ann.

An gcuirfidh an Roinn an t-eolas sainiúil ar fáil dúinn?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Cuirfimid eolas ar na leibhéil ar fáil. Bhí sé sin leagtha amach sa litir iarratais a chuir muid amach.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá siad thar a bheith tacúil agus táimid ag déanamh dul chun cinn. Ar an rud eile a luaigh an Teachta faoi na poist eile, tá go leor post seachas poist generalist, mar a dtugann muid orthu sa státseirbhís, ann. Tá dochtúirí, altraí and all of that. Is iomaí duine atá ag teacht amach as scoileanna lán-Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, a dhéanann leigheas nó a théann go dtí an ollscoil chun staidéar a dhéanamh le bheith ina n-altraí, ina n-oibrithe sóisialta nó mar sin. Táimid ag iarraidh dul i ngleic leis na daoine sin agus iad a chur ar an eolas go bhfuil an teanga atá acu ina háis fhíorluachmhar chun iad a spreagadh gan í a chailleadh. Táimid ag cur deiseanna ar fáil dóibh, a fad is atá siad ag dul tríd an ollscoil ag déanamh na cúrsaí, an Ghaeilge a choinneáil suas. Beimid ag caint leis na hollscoileanna faoi sin mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh maidir leis an tionscnamh ardscileanna Gaeilge.

Tá seacht mbliana againn. Nach mbeadh sé i bhfad níos éasca go ndéarfadh an Rialtas - ní féidir na finnéithe é a rá - go gcaithfidh méid áirithe airgead a chaitheamh chun cúrsaí a chur ar fáil le daoine a oiliúint chun a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge? Glacaim leis nach mbeidh cúrsaí iomlána leighis ann ach is féidir modúl a chur ar fáil do dhochtúirí agus d'altraí. D'fhéadfadh modúl comónta a bheith ann; is cuma cén chaoi a gcuirfear ar fáil é. Tá go leor daoine a fhágann meánscoileanna lán-Ghaeilge ach, faoin am go bhfuil ceithre bliana caite san ollscoil acu, níl siad in ann feidhmiú trí Ghaeilge ar chor ar bith. Tá na figiúirí ag taispeáint é seo an t-am ar fad. Bíodh an taighde ar bun ach tá a fhios agam agus ag an Dr. Mac Cormaic cén toradh a bheadh ann. Níl leath-dhóthain daoine sa tír seo.

Dá mba rud é go raibh 500,000 ag labhairt Gaeilge go laethúil sa tír seo i measc an phobail, ní bheadh an fhadhb seo ann. Níl ach 80,000, áfach, agus má thógtar seandaoine agus gasúir as, tá an pota ró-bheag. Caithfimid an pota sin a mhéadú go praiticiúil, go mór mór iad siúd atá óg agus a bheidh, as seo go ceann seacht mbliana, ag tóraíocht postanna éagsúla sa tseirbhís phoiblí. Ina measc, táimid ag labhairt faoi mhúinteoirí, altraí, dochtúirí, státseirbhísigh agus mar sin de, ina mbeidh tóir orthu.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Seans maith go bhfuil an ceart ag an Teachta ach tá a fhios aige féin níos fearr ná mise go gcaithfidh an píosa taighde agus an staidéar a bheith déanta le cruthú gur-----

Muna bhfuil a fhios acu é tá tú i dtrioblóid. Ag caitheamh blianta-----

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is é an rud-----

-----ag breathnú ar rudaí atá os comhair ár súile amach. Is é an leithscéal is mó atá ag an gcóras gan tada a dhéanamh ná staidéar a dhéanamh ar rud a thuigeann chuile dhuine.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Murach go bhfuil an fhianaise ag duine-----

Tá an fhianaise againn.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

-----ní shroichfear áit ar bith.

Níl a fhios agam. Faighimse an daonáireamh agus tá an fhianaise ann. Nuair a bhainim na daoine atá os cionn 80 agus 70 bliain d'aois amach, agus mar sin de, feicfear go bhfuil fíorbheagán díobh ann.

Tá an taighde críochnaithe. Tá an ceart ag an Teachta. Glaoim ar an Teachta Ó Cathasaigh labhairt anois mura bhfuil aon freagra eile.

Aontaím go pointe leis an Teachta Ó Cuív. Tá sé cosúil leis an taighde a fhiafraíonn de an bhfuil sé ag cur báistí agus tá sé fliuch báite cheana féin. Is cinnte go bhfuil sé ag cur báistí.

Tá cúpla ceist agam. Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe as teacht isteach agus as an méid atá ráite acu. Tá sprioc uaillmhianach anseo, an 20%, agus má táimid chun an sprioc sin a bhaint amach, caithfimid díriú isteach ar na daoine atá ag teacht isteach ar an gcóras agus na daoine atá laistigh den chóras cheana féin. Ar an gcéad dul síos, agus muid i lár na Bliana Eorpaigh um Scileanna 2023, luaigh an Dr. Mac Cormaic go bhfuilimid ag déanamh infheistíocht in oideachas leanúnach le múinteoirí. An bhfuil gá an sórt infheistíochta céanna a dhéanamh le daoine atá laistigh den státseirbhís agus a rá leo is gurb é seo córas TEG, agus is féidir leo na cáilíochtaí sin a bhaint amach ionas gur féidir leo dul chun cinn ina bpoist féin? Is é sin an chéad rud ar thaobh amháin den scéal.

Is rud eile é seo, agus luaigh an Coimisinéir Teanga é freisin, go bhfuil gá ann cúrsaí áirithe a dhéanamh, cúrsaí céime nó pé rud mar sin, a sholáthar i seirbhísí poiblí agus an cúrsa sin a chur ar bun trí mheán na Gaeilge? Tá deiseanna iontacha ann. Féach ar South East Technological University, SETU, i mo Dháilcheantar féin. Tá Gaeltacht agus ollscoil againn i bPort Láirge. Nach féidir linn an dá rud a chur le chéile agus an sórt seo cúrsa a sholáthar ionas go mbeidh na daoine seo ready-made agus iad ag teacht amach ón ollscoil?

Fite fuaite leis an gceist seo, agus muid ag iarraidh daoine nua a tharraingt isteach, tá sé ráite go bhfuil fadhb againn laistigh den chóras oideachais mar nach bhfuil na daltaí nó na mic léinn atá ag teacht amach ar an leibhéal gur gá dóibh a bheith. Is gealltanas atá laistigh den chlár Rialtais go gcuirfimid chun cinn polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón luathoideachas go dtí an tríú leibhéal, nó an ceathrú leibhéal má táimid ag caint faoi mhúinteoirí. Tuigim nach mbaineann an cheist seo le Roinn ár bhfinnéithe ach an gcuirfidh an plean náisiúnta san áireamh an gá atá ann maidir leis an bpolasaí cuimsitheach seo don Ghaeilge? De réir na n-eagraíochtaí Gaeilge agus an t-oideachas taobh thiar den pholasaí seo, bheadh an polasaí seo bunaithe ar chur chuige nua ar gach leibhéal den chóras oideachais, agus iad nasctha le chéile chun leas agus úsáid a bhaint as an gcóras TEG, ionas go mbeadh slat tomhais againn ag deireadh na hardteistiméireachta, nó pé rud mar sin.

Dá mbeadh leibhéal B2, B1 nó A bainte amach ag dalta, ar shlí bheadh cosán soiléir don mhac léinn sin ar an bhféidearthacht atá ann dóibh teacht isteach don státseirbhís tríd an nGaeilge a bheith ina páirt den sprioc an 20% sin a bhaint amach.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Maidir le TEG sa chóras Stáit, táimid tosaithe air sin cheana féin agus tar éis plé a dhéanamh faoi le OneLearning, an córas atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe, agus atá leis an Institute of Public Administration, IPA, anois. Tá siadsan tar éis TEG thabhairt isteach mar chuid den chóras atá acu. Is é sin an scrúdú atá an, na scrúduithe TEG, agus tá siad sin ann do na daoine atá sa státseirbhís faoi láthair.

An mbeadh sé sin ar bhonn in-work learning, mar a thugtar air, is é sin oiliúint san ionad oibre? An bhfuilimid ag labhairt faoi uair sa bhreis nó ag labhairt faoi dhaoine atá ag obair a d'fhéadfadh an traenáil a dhéanamh laistigh den ionad oibre?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Go hiondúil, is uair sa tseachtain thar dhá nó trí uair an chloig le linn uaireanta oibre ach, dar ndóigh, bíonn féinstaidéar i gceist leis chomh maith. Ní leor dhá nó trí uair a chloig le teanga a fheabhsú ach bíonn am i gceist ann maidir le féinstaidéar chomh maith.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is é an rud eile ná an scéim TEG atá ina scéim phíolótach do mhúinteoirí agus d'oibrithe luathoideachais, a luaigh mé leis an Teachta Ó Cuív. Má oibríonn sé sin, beidh na staitisticí againn agus an taighde sa scéim phíolótach sin ag an deireadh a léireoidh dúinn go mbeimid in ann rud éigin comhionann leis sin a dhéanamh sa chóras Stáit go ginearálta. Osclaíonn sé sin deiseanna nua suas dúinn. Mar a luaigh mé, má chruthaímid go n-oibríonn an coincheap seo, beimid in ann ansin, ach na hacmhainní a bheith curtha ar fáil dúinn, é sin a dhéanamh ar scála i bhfad Éireann níos mó. Tá céimeanna tógtha le bliain anuas ag eascairt as obair an choiste agus an aonaid chun dul sa treo sin agus má léirítear go n-oibríonn sé sin, beidh féidearthacht an-mhaith ansin chun é a thabhairt isteach.

Bhí cúpla ceist eile ag an Teachta agus ceist ann maidir le cúrsa sa riarachán poiblí trí mheán na Gaeilge. Chuirfimis fáilte roimhe sin. Tá a fhios agam go bhfuil ollscoil amháin, ar a laghad, ag breathnú ar an gceist sin faoi láthair le fáil amach an bhfuil féidearthacht ann. Mar a luaigh Sadhbh Ó Cinnseala anseo, is í sin ceann de na ceisteanna a bheimid ag breathnú uirthi mar chuid den athbhreithniú ar an tionscnamh ardscileanna Gaeilge. Bheinn muiníneach go maith go dtiocfadh sé sin amach mar cheann de na moltaí sin.

Anuas air sin, tá an scéim printíseachta a luaigh mé ar ball. Táimid ag iarraidh, ní hamháin go mbeimid ag tabhairt na cainteoirí Gaeilge isteach agus ag cur barr feabhais ar a gcuid Gaeilge agus a scileanna scríofa Gaeilge, go háirithe, ach go mbeimid ag cur modúl eile ar fáil sa riarachán poiblí agus sa chuntasacht phoiblí. Is iad scileanna eile sin a chruthaíonn tóir ar na daoine seo i measc na seirbhísí poiblí mar go mbeidh daoine ag teacht agus ag cuardach na daoine seo toisc go mbeidh sainchúrsa ar leith déanta acu. Is meascán a bheidh ann maidir le cuid de na modúil sin de bharr go mbeidh roinnt díobh ar fáil sna hollscoileanna trí mheán na Gaeilge agus cuid acu trí mheán an Bhéarla. Ag deireadh an lae, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh na scileanna teanga acu agus go mbeidh na scileanna eile acu freisin.

Feictear domsa go bhfuil deis ann. Mar a luaigh mé níos túisce, tá na doirse ag oscailt an t-am ar fad dúinn. De réir mar atáimid ag caint le daoine, is iad sin na doirse nua atá ann. Feicimid go bhfuil deis ansin.

Bhí ceist eile maidir leis an-----

Bhí ceist maidir leis an bpolasaí cuimsitheach ó thaobh oideachais Ghaeilge.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ní bhaineann sé sin leis an Roinn seo againne ach tá go leor spéise againne san ábhar sin. Tá a fhios againn go bhfuil an Roinn Oideachais ag casadh linn sa bhliain nua maidir leis an gceist sin agus, dá réir, níor mhaith liom an iomarca a rá faoi sin mar níl mé ar an eolas faoin áit a sheasann gach rud go díreach ansin, cé go bhfuil duine againn ar an gcoiste stiúrtha don pholasaí sin.

Táim ag glacadh leis go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ansin ach nach bhfuilimid ag feiceáil-----

Tá sé mall go leor.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Nílim ag rá-----

Táim ag tnúth go mór leis an obair sin nuair a bheidh sé ar fáil ag an Dr. Mac Cormaic.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh an obair sin ríthábhachtach i gcur i bhfeidhm na straitéise seo.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Chun cur leis sin, ba cheart a mheabhrú leis an gcomhchoiste gur gá dúinn a bheith ag breathnú ar bhealaí nuálacha ar fad le daoine a mhealladh isteach agus le muinín a thabhairt do dhaoine a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go bhfuil siad ar leibhéal ar leith ach nach mbraitheann siad ag leibhéal sách ard le bheith ag déanamh na hoibre sin. Sa chomhthéacs sin, táimid ag breathnú ar mhúnlaí atá ann, mar shampla sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil deis ag duine snas a chur ar an teanga agus iad sa phost. Tá múnlaí eile ar fáil, mar shampla i gCeanada, áit ina mbeadh meantóir teanga ag an duine, nó rud éigin mar sin, nuair a thiocfaidís isteach san eagraíocht. Táimid ag breathnú ar bhealaí eile go mbeadh cúrsa i nGaeilge le déanamh uair sa bhliain. Nuair a thagann daoine isteach, b'fhéidir nach mbíonn siad i ról ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid acu an t-am ar fad agus go n-imíonn an snas ar an teanga tar éis tréimhse ama. Táimid ag breathnú ar rudaí mar sin chun muinín a thabhairt do dhaoine agus iad a spreagadh le coinneáil leis an nGaeilge.

Is gné eile de sin ná, mar a luaigh an Dr. Mac Cormaic, ag an tús go bhfuil sé i gceist againn deontas a cheadú le líonra Gaeilge a bhunú. Beidh sé sin le bunú go luath san athbhliain agus ar fáil chun tacú le daoine, le foghlaimeoirí agus le cainteoirí Gaeilge laistigh den chóras. Is pacáiste iomlán é. Tá na cúrsaí Gaeilge ann ach tá súil againn go mbeidh na líonraí Gaeilge ann agus go mbeidh na daoine in ann tacú lena chéile sa chomhthéacs sin, mar aon le bheith ag breathnú ar bhealaí eile chun tacú le daoine sna róil sin.

Maidir le TEG, tá bealaí éagsúla ann. Déanann daltaí meánscoile TEG mar chuid den idirbhliain, mar shampla, faoi láthair. Tá go leor rudaí nuálacha ann agus atá á dtriail ar bhonn píolótach, mar a luaigh an Dr. Mac Cormaic ansin. D'fhoghlaim an Roinn go leor ón deireadh a cuireadh leis an maolú san AE agus bhí gá le rudaí nua a thriail nuair a bhíomar ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe sa Bhreatain Bheag. Dúirt siad go gcaithfimis rudaí a thriail, is nach n-éireofaí le gach rud. Is é sin an áit ina bhfuilimid faoi láthair.

Glaoim anois ar an Teachta Ní Chonghaile.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus guím fáilte roimh ár n-aíonna. Táimid ar ais arís. Gabhaim míle buíochas leis an Roinn as a ráiteas tosaigh agus as an tuilleadh eolais a thug sí dúinn. Tá sé an-chabhrach. Bhí mé déanach. Gabh mo leithscéal faoi sin mar bhí mé sa Chathaoir sa Dáil. Tá sé beagáinín deacair mo mheon a athrú agus dul ar ais i mbealach troda mar go bhfuil gá le troid ó thaobh na Gaeilge de, gan aon dabht.

Táim ag breathnú ar an Acht. Dúirt an Dr. Mac Cormaic ina ráiteas tosaigh gur treisiú ar an mbunAcht a bhí ann. Is dócha gurb é sin croílár na ceiste, i ndáiríre, mar bhí gá le treisiú. D'éirigh ar bhealach srianta le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus thóg sé 20 bliain chun é a threisiú mar ní raibh sé ag oibriú. Tá neart cloiste againn anseo ón gCoimisinéir Teanga faoin gcaoi inar theip go huile is go hiomlán ar na scéimeanna teanga chomh maith lena lán rudaí eile.

Chun bheith dearfach faoi, is maith an rud go bhfuil tuilleadh fógraíochta le cloisteáil ar na meáin chumarsáide. Tá sé sin iontach do mo mheon féin agus chun dóchas a thabhairt dúinn. Sílim gur céim an-mhaith é sin.

Ag dul ar aghaidh go dtí an ról atá ag an gcoiste comhairleach, bhí mé ag breathnú ar an Acht. Bhíomar chomh fada sin ag labhairt faoi Bhille go bhfuil sé deacair a bheith ag caint faoi Acht ag an bpointe seo. Ar a laghad, tá sé againn. Chuireamar, agus an Cathaoirleach go háirithe, neart leasuithe isteach ann, go háirithe ó thaobh fógraíochta de. Bhí an próiseas deacair ach ceapaim go raibh fiúntas ag baint leis.

Táimid anseo anois maidir leis an gcoiste comhairleach. Is dócha go bhfuil ar a laghad sé leathanach ina iomlán tugtha don ról atá ag an gcoiste comhairleach. Taispeánann sé sin cé chomh tábhachtach is atá sé. Uimhir a haon, agus ba chóir go mbeadh an t-eolas seo agam cheana, ach cé hé nó cé hí cathaoirleach an choiste?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Mé féin.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Comhbhrón atá i gceist leis.

Sa cháipéis seo, tá na dintiúirí tugtha ag an Dr. Mac Cormaic. Tá cruinniú ag an gcoiste gach mí. An bhfuil an coiste ar an bhfód anois le bliain go leith?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Bliain go leith, nach mór.

Ag deireadh na míosa seo chugainn, tá dualgas ar an gcoiste tuarascáil a réiteach, an bhfuil?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Níl-----

An é sin an chéad spriocdháta? Níl mé ag caint faoin bplean, mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil an plean le teacht, ach nach bhfuil dualgas ar an gcoiste tuarascáil a réiteach gach bliain agus a chur os comhair an-----

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá sé le déanamh faoi lár na bliana seo chugainn.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Agus é sin le déanamh gach bliain ansin maidir le cur i bhfeidhm-----

Tá síneadh ama ag an gcoiste mar sin, an bhfuil?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Bainfidh bliain go leith leis an gcéad tuarascáil, is é sin an dáta bunaithe suas go dtí deireadh na bliana ina dhiaidh sin.

Táimid ag labhairt, mar sin, faoi dheireadh na bliana seo.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Ansin, beidh sé mhí ag an gcoiste-----

Beidh sé mhí ag an gcoiste ansin chun an tuarascáil a réiteach. Beidh cur síos ag an gcoiste ansin ar an méid oibre atá déanta ag an gcoiste.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Is ea.

Taobh amuigh de sin, dhéanfaí an plean a réiteach.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Ba cheart go mbeadh an dá rud amuigh thart ar an am céanna.

Ar an am céanna, tuigim. Ní bheidh aon mhoill ar an bplean sin.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá súil agam nach mbeidh.

Tá dualgas dlíthiúil ar an gcoiste é sin a réiteach agus a chur os comhair an Aire, agus ansin é a chur os comhair na Dála.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá.

Maidir leis sin, chonaic mé go bhfuil conradh ag an gcoiste le hOllscoil na Gaillimhe. An bhfuil an taighde sin réitithe go fóill? Gabh mo leithscéal, mar b'fhéidir go raibh sé sin ráite ag an gcoiste roimh theacht isteach dom anseo don chomhchoiste. An bhfuil an taighde sin réidh?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

No. Tá an ollscoil i mbun an taighde faoi láthair.

An bhfuil an ollscoil i mbun taighde ar feadh bliana anois?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

No.

Nach bhfuil sé ar siúl ó 2021?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Aontaíodh an conradh leis an ollscoil ansin.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Aontaíodh an conradh leis an ollscoil ach bhí ar ag an ollscoil daoine a fháil chun dul ag obair ar an taighde. Fuair an ollscoil duine éigin i lár na bliana agus cuireadh tús leis an obair taighde ansin. Le roinnt seachtainí anuas anois, fuair an ollscoil duine eile chun cuidiú leis an duine sin.

An raibh deacrachtaí ag an ollscoil duine a fháil?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Bhí deacrachtaí ag baint le duine a earcú.

Ar bhain na deacrachtaí sin le duine le Gaeilge nó le cumas i nGaeilge a fháil?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is iad na cáilíochtaí, go háirithe, a bhí i gceist. Bhí neart daoine le Gaeilge thart ach bhí cáilíochtaí cuí ag teastáil mar is jab mór taighde atá ann. Fuair an ollscoil an Dr. Kerron Ó Luain agus is é siúd atá i mbun taighde faoi láthair. Tá sé láncháilithe chun tabhairt faoi.

Cén uair a bheidh an taighde sin críochnaithe?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tiocfaimid go dtí an pointe i gceann trí mhí eile go mbeidh muid ag obair ar thorthaí an taighde a chur i dtoll a chéile agus go mbeidh siad sin in ann dul isteach sa phlean náisiúnta. B'fhéidir go mbeidh overlap ansin agus go mbeidh taighde fós ar bun.

Sin an rud a rith liom nuair a léigh mé na cáipéisí anseo. An bhfuil an coiste ag obair ar aon nós nó an bhfuil sé ag fanacht ar thorthaí an taighde? Tá sé scríofa go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an gconradh freisin. Bhí mé beagáinín buartha faoi sin. Cén uair a bheidh an taighde críochnaithe?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is féidir síneadh ama a chur leis agus is í sin an fhoráil atá istigh sa chonradh ach táimid fós dóchasach agus lánmhuiníneach go mbeidh an taighde críochnaithe agus an plean curtha faoi bhráid an Aire i lár na bliana, roimh sprioc an 19 Meitheamh.

An bhfuil an coiste ag fáil eolais de réir a chéile ón lucht taighde?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tháinig na taighdeoirí faoi dhó os comhair an choiste chomhairligh.

An féidir leis an gcoiste aon rud a rá faoi láthair maidir leis na dúshláin atá ann?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Bíonn Sadhbh Ó Cinnseala agus Emily Maloney ag plé ó lá go lá leis na taighdeoirí.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Ní dóigh liom go raibh aon ionadh ar aon duine faoi céard atá ar siúl nó faoi roinnt oibre atá déanta ag grúpa fócais leis na coistí pleanála teanga, chun sampla a thabhairt faoi choiste pleanála teanga. Tá cíoradh déanta ag na taighdeoirí ar roinnt scéimeanna teanga feiceáil céard a bhí ann, nó céard a teastaíodh a bheith ann roimhe seo. Tá breathnú déanta acu ar na pleananna teanga le cíoradh céard iad na seirbhísí is mó a luaitear mar chuid de na pleananna teanga, agus mar sin de. Tá siad ag briseadh síos an eolais sin agus tá ceithre mhír mar chuid den taighde.

Chonaic mé é sin.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá siad i lár mír a dó faoi láthair agus tá amscálaí ar leith leagtha síos i leith gach míre. Ar ndóigh, tá trasnú idir na míreanna éagsúla chomh maith agus beidh cuid díobh faighte le chéile, agus mar sin de.

Gabhaim buíochas as an bhfreagra sin. Tiocfaidh mé ar ais dó sin.

Go praiticiúil, an bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre nó an bhfuil ateangaireacht i gceist?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá.

An bfuil obair uile an choiste trí Ghaeilge, is é sin uimhir a haon?

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Gabh mo leithscéal, tá.

Tá sé sin go maith. Uimhir a dó, maidir le trédhearcacht, an bhfuil gach rud ar fáil ar líne?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá.

Ag dul ar ais, táim ag tacú leis an méid a bhí ráite ag an Teachta Ó Cuív.

Tá mé beagáinín amhrasach faoi thuilleadh taighde. Tá gá le taighde, ach tuilleadh taighde atá i gceist. Tá sé soiléir os comhair an choiste seo gach seachtain go bhfuil easpa Gaeilge agus easpa inniúlacht sa Ghaeilge ann. Táim ag smaoineamh ar an gcás le déanaí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá mé fós ag baint úsáid as an bhfocal "bainisteoir" mar taitníonn an focal sin liom. Ní thaitníonn "príomhfheidhmeannach" liom ó thaobh seirbhísí áitiúla. Tá siad ann chun seirbhísí a sholáthar agus taitníonn an focal "bainisteoir" liom. Tá duine nua á lorg acu agus d’fhógair siad an post agus níor luaigh siad tada faoi Ghaeilge. Sin cathair dhátheangach agus tá ollscoil i nGaillimh, agus conradh ag an Roinn leis an ollscoil sin, agus d’fhógair an t-údarás áitiúil go raibh folúntas ann do bhainisteoir agus níor luaigh siad aon riachtanas ó thaobh Gaeilge de. Scríobh mé chuig an Aire agus táim fós ag fanacht ar fhreagra. Seo cathair dhátheangach ar thairseach an Ghaeltacht is mó sa tír. Cén chaoi ar féidir leis sin tarlú tar éis an méid oibre atá déanta ag an Roinn agus ag an gcoiste? Cén chaoi an bhfuil siad sásta post mar sin a fhógairt gan an Ghaeilge a lua? An bhfuil na finnéithe ar an eolas faoi sin?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá rud le rá go ginearálta faoi chuid de na poist is sinsearaí sa státchóras agus Gaeilge a bheith ag na daoine seo. Aon phost mar seo, tá tú ag iarraidh na daoine cearta a earcú. Tá go leor inniúlachtaí i gceist agus is teanga just ceann amháin acu. Le go mbeidh aon duine in ann feidhmiú i gceann de na poist seo, tá inniúlachtaí eile a theastaíonn i dtaobh cúrsaí rialachais agus taithí leathan. Ní hamháin sin ach níl tú ag iarraidh a bheith teoranta. B’fhéidir go mbeidh an t-ádh leat go bhfaighidh tú duine amháin sármhaith isteach le hagallamh le haghaidh ceann de na poist seo agus go mbeidh an t-ádh leat an duine sin a earcú agus go mbeidh siad go breá ag feidhmiú mar oifigeach sinsearach. Is córas folláin a theastaíonn anseo agus le córas folláin, gheobhaidh tú go leor iarratas ó dhaoine atá ar chomhchaighdeán lena chéile agus beidh tasc fíordheacair ag an mbord agallaimh daoine a roghnú chun na poist shinsearacha sin. Le dul i ngleic leis seo, d’aithin muid gur b’fhéidir gur rud é seo a thógfaidh glúin le réiteach. Má éiríonn linn an sprioc earcaíochta seo atá leagtha amach go 2030 a bhaint amach, beidh lear mór daoine le Gaeilge á dtabhairt isteach sa státchóras chuile bhliain. Tógfaidh sé glúin, b’fhéidir, go mbeidh na daoine sin ann. Caithfimid glacadh leis go mbeidh go leor acu ag teacht isteach ag leibhéal sóisearach ach oibreoidh siad sin trí na leibhéil suas go leibhéal-----

Tuigim é sin-----

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is ag an bpointe sin a bheidh tú in ann coinníollacha a chur ann go bhfuil Gaeilge riachtanach do na poist is sinsearaí sa státchóras agus go mbeidh tú in ann próiseas fíoriomaíoch a fháil. Tá sé tábhachtach a rá go dteastaíonn próiseas fíoriomaíoch anseo le poist le go bhfaighidh tú na daoine cearta.

Níl a fhios agam cé chomh fada is a ligfidh an Cathaoirleach dom leanúint ar aghaidh. Ba mhaith liom díriú isteach air seo. Tá sé sin dearfach ach ní dóigh go bhfuil an t-am sin againne maidir leis an nGaeilge. Tá géarchéim i gceist. Tá sé sin soiléir dúinn. Tá mé anseo ó 2016. Thaistil muid timpeall na tíre agus tá an Cathaoirleach i mbun na hoibre céanna anois. Chuala mé na hargóintí sin ón ollscoil é féin nuair a bhí uachtarán ag teastáil uathu. Sin an argóint chéanna, nach féidir daoine a shrianú ó thaobh na Gaeilge de mar go bhfuil an duine is fearr ag teastáil. Greannmhar go leor, fuair siad an duine is fearr agus neart Gaeilge aige mar a tharla sé ach tharla sé sin de thimpiste, ní de bharr an rud a dúirt an ollscoil. Bhí siadsan ag iarraidh duine ó thar lear nó duine eile, an duine is fearr. Cuid den argóint atá á déanamh ag an Dr. Mac Cormaic é an argóint chéanna agus ní ghlacaim leis. Glacaim gur rud dóchasach é seo agus go dtógfaidh sé am ach ní dóigh liom go bhfuil an t-am againne.

Ag dul ar ais ag an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív, tá gá le tobar na Gaeilge anois. Níl mé ag caint faoi thobar na Gaeilge sna Gaeltachtaí ach tobar na Gaeilge ó thaobh daoine ag teacht amach agus inniúlacht acu. Tá bearnaí móra ansin, gan dabht. Sin an fhadhb. B'fhéidir go gcabhróidh tuilleadh taighde. Níl a fhios agam. Ar a laghad beidh sé sin críochnaithe agus beidh plean ann i gceann sé mhí.

Tá gá le beart polaitiúil ar leibhéal an Rialtais le haitheantas a thabhairt don ghéarchéim atá ann agus a bheith fírinneach. Mar shampla, chaith mise sé mhí ar fhochoiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Bhí an Cathaoirleach air freisin. Níl a fhios agam cá bhfuil an tuarascáil. Scríobhamar tuarascáil le moltaí praiticiúla agus scéimeanna píolótacha cosúil leis an méid atá á rá ag an Dr. Mac Cormaic. Bhí scéim phíolótach ann do Theachtaí Dála, Seanadóirí agus an fhoireann ar talamh. Téigh amach agus labhair leo. Tá siad ag tnúth le Gaeilge a fhoghlaim agus cúrsaí a dhéanamh agus níl na deiseanna ann. Bhí moltaí praiticiúla agamsa agus ag an bhfoireann uilig ar an gcoiste. Níl a fhios agam. Tá an tuarascáil áit éigin in cyberspace. Níl a fhios agam cá bhfuil sí.

Gabh mo leithscéal má tá mé dian ar na finnéithe ach bhí mé féin tríd an bpróiseas seo chun leibhéal na Gaeilge a ardú sna Tithe seo. Tá teipthe orm. Tá teipthe ar an gCathaoirleach. Níor tharla rud. Bhí Conradh na Gaeilge ar an gcoiste freisin. Bhí moltaí praiticiúla ann. Ceann amháin ná tairiscint a thabhairt do dhaoine sna Tithe seo cúrsa a dhéanamh a bheadh feiliúnach don duine, go mbeadh múnlú pearsanta i gceist ar feadh sé mhí agus ansin cúrsa sa Ghaeltacht, saor in aisce. Bheadh sé sin ag tógáil ar an ngrá atá ag daoine ar an talamh anseo, gan difríocht idir Teachtaí Dála, Seanadóirí agus an fhoireann a choimeádann an foirgneamh oscailte. Tá an tuarascáil sin imithe áit éigin agus tá mé amhrasach go dtarlóidh an rud céanna do na finnéithe agus iad ag fanacht le deich mbliana. Idir an dá linn tá post mar bhainisteoir i nGaillimh fógartha gan aon Ghaeilge luaite. Taobh istigh den Teach seo, agus tháinig sé seo ag an gcoiste seo, tá gá le hoifigeach cumarsáide atá in ann Béarla agus Gaeilge a úsáid. Níl siad ann. Sin post amháin. An bhfuil sé sin ar eolas ag na finnéithe? An bhfuil aon dlíodóir sa Teach seo le Gaeilge atá in ann díriú isteach ar cháipéisí Gaeilge? Is féidir dul ar aghaidh.

Táim ag tnúth le plean na bhfinnéithe. Tá súil agam nach mbeidh aon mhoill ar an bplean mar is é an plean sin an rud is bunúsaí atá ag teastáil, agus an taighde freisin.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ar fhaitíos na míthuisceana, ba bhreá linne go mbeadh Gaeilge riachtanach do gach folúntas ag leibhéal sinsearach sa Stát, go háirithe na cinn a bhfuil gné Ghaeilge leis an bpost, ach caithfidh iomaíocht a bheith ann i gcóras folláin le haghaidh na daoine cearta a fháil istigh sna poist sin. Is éard atá ar bun againne faoi láthair agus a bheidh ar bun againn sa chúpla bliain amach romhainn ná na struchtúir a chur i bhfeidhm anois a mhairfidh deich mbliana nó 20 bliain ionas go mbeimid in ann teacht ar ais i gceann deich mbliana agus a rá go bhfuair muid an 20% isteach ó 2030 ar aghaidh, nó roimhe sin más féidir, agus go mbeidh na daoine sin ag oibriú a mbealach suas tríd an gcóras agus go mbeidh siad in ann a bheith san iomaíocht. Iomaíocht ghéar agus fholláin a theastaíonn leis na poist is sinsearaí sa státchóras. Tá níos mó inniúlachtaí agus taithí agus na rudaí sin uilig ag teastáil le haghaidh na bpost sin. Táimid i bhfabhar an rud atá an Teachta ag rá ach an jab atá tugtha dúinne mar státseirbhísigh ná na struchtúir a chur ann chun go mbeimid in ann na rudaí a theastaíonn ón Teachta, agus ó bhaill eile an choiste, glacaim leis, a chur ann agus na riachtanais sin a leagan amach do na poist is sinsearaí.

Tá muidne ag cur tús leis an gcóras anseo anois. Táimid ag teacht ó leibhéal an-íseal. Caithfimid é sin a aithint.

Luaigh an Teachta rudaí praiticiúla. Luaigh muid go leor rudaí praiticiúla atá ar bun againne faoi láthair, i dtaobh na scéimeanna printíseachta agus mar sin de. Níl muid mar sclábhaithe don taighde. Táimid ag bogadh ar aghaidh le rudaí atá luaite agam cheana féin. Glacaim leis nach gá dul siar orthu sin. Táimid ag bogadh ar aghaidh le gníomhaíochtaí agus beartais phraiticiúla le go mbeimid in ann tosú ag líonadh poist in earnáil na cumarsáide, printíseachtaí agus trasna an bhoird. Tá an obair phraiticiúil agus na beartais phraiticiúla sin ag dul ar aghaidh cheana féin. Nuair a thiocfaidh an taighde atá ar bun ag Ollscoil na Gaillimhe chun cinn agus nuair a bheidh siad réidh é a fhoilsiú, beidh cuid den obair sin tosaithe cheana féin.

Luaigh an Teachta Ó Cuív an chontúirt faoi thuilleadh taighde agus athbhreithniú ar scéimeanna. Cuireadh an tionscnamh ardscileanna Gaeilge de chuid na Roinne ar bun siar in 2007 nuair a rinneadh cinneadh an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil agus oibreach de chuid an Aontais Eorpaigh. Rinneadh athbhreithniú air sin in 2014-15 agus athraíodh an rud a bhí ar bun de bharr an athbhreithnithe sin. Is de bharr thoradh an athbhreithnithe sin a d'éirigh linn go mór mór. Bhí an-toradh dearfach aige sin ar an obair a rinneadh chun deireadh a chur leis an maolú. Faoi láthair, tá an tionscnamh sin ag díriú beagnach go huile agus go hiomlán ar na poist sin san Eoraip agus daoine a sholáthar don Eoraip i gcónaí. Tá sé de dhualgas orainne mar státseirbhís, mar gheall ar na hathruithe sna cúinsí oibre ina bhfuil muid, athbhreithniú eile a dhéanamh ar an gclár sin ionas go mbeidh sé dírithe isteach ar na cúinsí oibre nua ina bhfuil muid agus na spriocanna nua atá leagtha amach san Acht seo. Muna gcomhlíonadh muidne an dualgas sin, bheadh muid ar ais ag an gcoiste seo agus na Teachtaí ag fiafraí cén fáth nach ndearna muid é seo. Caithfimid é sin a dhéanamh. Ceann de na dualgais atá orainne mar státseirbhís ná athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an obair atá ar bun againn. Tá muid ag crosbhóthar anseo agus seo an t-am le haghaidh an athbhreithniú sin a dhéanamh. Má tá sé sin dírithe 60% nó 70% ar an státchóras anseo in Éirinn seachas ar an Eoraip, is ansin a fheicfidh muid na rudaí a luaigh Sadhbh Ó Cinnseala, na tionscnaimh nua atáimid ag iarraidh a dhéanamh mar chuid den tionscnamh ardscileanna Gaeilge. Tiocfaidh sé sin amach tríd an athbhreithniú agus beimid ag iarraidh díriú isteach ar an obair sin.

An mbeidh na finnéithe ag bogadh as Baile Átha Cliath le cruinnithe faoi leith? An mbeidh cur i láthair ann ó dhaoine éagsúla mar Tuismitheoirí na Gaeltachta, nó grúpaí áirid? An mbeidh na finnéithe oscailte do chruinnithe?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Táimid tar éis cuireadh a thabhairt do dhaoine. Tháinig Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge isteach againn, tháinig an Roinn bhreisoideachais isteach agus tháinig an Dr. Deirdre Ní Loingsigh ó Ollscoil Luimnigh isteach faoin gcúrsa cóitseála atá ar bun aici.

Tá sibh oscailte.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá muid oscailte do dhaoine.

Tá sibh oscailte bogadh as Baile Átha Cliath.

Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá sé mar chuid de na téarmaí tagartha gur i mBaile Átha Cliath den chuid is mó a dhéanfar é ach go bhféadfaí é a bhogadh thart ar chinneadh ón gcoiste.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Dar ndóigh, tá beirt bhall sheachtracha ar an gcoiste atá ag imirt an-tionchar ar obair an choiste: Mairéad Ní Ghabháin, atá ionadaíoch do phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht; agus John Prendergast, an t-oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne, atá mar ionadaí ar son phobal na Gaeltachta. Tá siad sin ann freisin.

Tá roinnt ceisteanna agam. Tosóidh mé le ceist an taighde. Aontaím gur chóir taighde a bheith déanta. Is ait liom nach raibh a fhios ag an státchóras cé mhéad duine a fhostaíonn sé gach bliain nó cé mhéad duine a fuair céim chun tosaigh. É sin ráite, ar a laghad beidh a fhios againn roimh an 20 Meitheamh an bhliain seo chugainn. Beidh an t-eolas sin ar fad againn.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Trí mhí ina dhiaidh sin, beidh sé ag an gcoiste.

Beidh a fhios ag an Aire.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh sé rúnda roimhe sin.

Beidh a fhios ag an Aire agus sceithfear i ngach áit é an lá roimhe. Tá an córas publicjobs.ie ann le fada so ba cheart go mbeadh duine in ann cnaipe a bhrú agus an t-eolas sin a fháil. Tá fadhb bhunúsach ann. Tá gaol de mo chuid tar éis post a fháil sa státseirbhís. Bhí sé sé mhí ag suí ar a thóin ag fanacht ar earcú, in ainneoin go raibh sé ar phainéal Gaeilge chomh maith. Ní raibh aon phoist ann agus sa deireadh fuair sé post Béarla. Nuair a tháinig na Ranna difriúla os ár gcomhair anseo thar na blianta, dúirt siad nach raibh daoine sásta cur isteach ar phoist. Tá rud bunúsach ann. Sin atá i gceist againn, dar ndóigh. Sin an fáth go ndearna muid an tacaíocht ó thaobh an Achta de.

Tá muid ar fad ag tnúth leis an bplean náisiúnta. B'fhéidir go bhfreagrófar an cheist a chuireann mé i gcónaí. Cad go díreach é an caighdeán? Cad a bheidh ann? Ní bheidh a fhios againn go dtí go mbeidh an staid ina bhfuilimid faoi láthair luaite sa taighde agus ansin beidh a fhios againn cá bhfuil muid ag iarraidh dul. Bhí ceist ag an Teachta Connolly ansin. Do roinnt de na poist seo, ach go háirithe post cosúil leis an bpost a luaigh sí i gcathair na Gaillimhe, ba chóir go mbeadh sé luaite ar a laghad go mbeadh Gaeilge ina buntáiste do phost mar sin agus go mbeadh bonus points nó rud éigin ag dul do dhuine atá ag dul ar agallamh dó sin. Ní gá go mbeadh sé mar an príomhrud mar tá poist ann ina bhfuil cáilíochtaí ar leith ag teastáil ach do cheantar agus cathair dhátheangach, is drochrud é nach bhfuil sé luaite in aon chor. Ní sin an t-aon phost. In áit ina bhfuil an Ghaeilge de dhíth, go dtí go sroichimid an chéim ina a bhfuil na caighdeáin leagtha síos, ba chóir go mbeadh rud chomh simplí leis sin ann ar a laghad.

Feicim go bhfuil ionadaí ón Roinn Oideachais ag freastal ar na cruinnithe. Níl a fhios agam cén leibhéal ag a bhfuil an t-ionadaí sin. I slí amháin is cuma cén leibhéal má tá siad ag déanamh an jab. Agus muid ag déileáil leis an mBille nuair a bhí sé os ár gcomhair agus gach rud ó shin, feicim go bhfuil fadhb bhunúsach ann. Luadh na múinteoirí. Tá fadhb bhunúsach ann mar muna dtéann daoine óga chuig Gaelscoileanna, Gaelcholáistí nó fiú i sruthanna nó pé bealach ag leibhéal i bhfad Éireann níos airde ná mar atá ag tarlú anois, ní shroichfimid an céatadán atá leagtha síos chomh héasca agus a shíleann daoine. Seo jab dúinne mar pholaiteoirí mar caithfidh na finnéithe déileáil le pé Aire atá ann. Is cinnte de go bhfuil Aire ann - nó Airí mar tá ardoideachas i gceist chomh maith - atá sásta an ghéarchéim a thuiscint agus na cinntí a dhéanamh dá réir. Má tá gá le breis múinteoirí caithfimid an infheistíocht a dhéanamh, ní hamháin don bhliain tar éis na hardteistiméireachta ach ar an mbealach suas go dtí sin sa chaoi go dtuigeann daoine go bhfuil poist ann, agus go háirithe dóibh siúd atá sásta tabhairt faoin nGaeilge. Más gá liúntais nó tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun go sroichfimid na leibhéil Ghaeilge atá de dhíth sa chóras oideachais go hiomlán, measaim gur gá don Stát an tosaíocht sin a thabhairt, más tosaíocht maoinithe, airgid nó pé bealach atá i gceist, agus gur gá dúinn é sin a dhéanamh.

Sin mo rant. Measaim gur an rud céanna atá le rá ag a lán daoine. Tá daoine ag fanacht air seo ar bís. Tá sé go maith. Cloisim go bhfuil céimeanna á nglacadh roimh ré agus nach bhfuil na finnéithe ag fanacht agus go bhfuil na cinntí á nglacadh.

B'fhéidir go gcinnteoidh an deis a fuair na finnéithe inniu go dtuigfidh pobal na Gaeilge go bhfuil sé sin ag tarlú agus go gcabhróidh sé sin. Tá i bhfad Éireann níos mó ag teastáil áfach, agus ag teastáil i bhfad níos tapúla. Tá ceist amháin eile agam. Tá dhá fhochoiste bunaithe. Ceann amháin do public jobs agus ceann eile a dúirt na finnéithe a bhain le poist teicniúla. An síleann an Dr. Mac Cormaic gur chóir go mbeadh ceann bunaithe ar an oideachas, toisc é a bheith chomh tábhachtach ag chuile leibhéil? Luaigh sé chomh maith go raibh roadshow nó a leithéid ag Conradh na Gaeilge a bhí ag dul amach chuig na scoileanna agus ag moladh do dhaoine dul isteach sa chóras poiblí. Is cuimhin liom é seo a mholadh do Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus ag iarraidh air ar smaoinigh siad riamh ar dul isteach sna Gaelcholáistí. Níl siad tar éis smaoineamh air seo. Is bealach é chun daoine sna meánscoileanna a mhealladh i dtreo poist Ghaeilge amach anseo.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Go rachadh Conradh na Gaeilge isteach iontu, an ea?

Measaim gur luaigh an Dr. Mac Cormaic go raibh an Roinn ag tabhairt cuidiú do Chonradh na Gaeilge. Níor dhein an Coimisinéir an Gharda é. Bhí mise ag rá leis gardaí a chur isteach sna scoileanna agus é sin a dhéanamh.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Déanann siad é sin ar aon nós ag na féilte gairmeacha agus bhí siad thíos ag an Oireachtas le déanaí ag spreagadh daoine óga le dul isteach sna poist sin.

Tá athrú poirt alright ach-----

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Rud eile a rinne muid ná gur thug muid tacaíocht ag an bhféile mór gairmeacha Higher Options i mbliana. Bhí muid ansin agus bhí aonad Gaeilge ansin ag Higher Options. Bhí spás Gaeltachta bheag ann le go mbeadh na heagraíochtaí poiblí in ann teacht isteach agus insint le daoine faoi na poist. Mar sin tá rudaí den tsaghas sin agus go leor rudaí beaga ag tarlú nár luaigh muid anseo inniu. Arís, ag dul ar ais go dtí na doirse a osclaíonn muid agus a chiallaíonn go bhfeicfimid doirse eile ansin, beimid ag déanamh tuilleadh de sin dé réir mar a théann an obair seo ar aghaidh.

Ceist amháin eile agus measaim nach ról na Roinne atá ann ach tá a lán daoine atá oilte i bpoist Stáit de shórt amháin nó sórt eile; dochtúirí mar shampla. I gcás dochtúir mo chlainne, bhí Gaeilge aige ach ní raibh sí á labhairt aige le deich mbliana go dtí go ndeachaigh m'athair isteach agus thosaigh sé ag labhairt leis agus, all of a sudden, bhí sé in ann. Cheap sé go raibh sé seo go hiontach ach níor smaoinigh sé riamh gur chóir dó craobhscaoileadh a dhéanamh air a chuid scileanna teanga. Bhí gá le tacaíocht. Ní gá don Roinn é a dhéanamh ach is gá na daoine atá amuigh ansin a mhealladh arís. Bhíodh feachtas ann agus measaim go bhfuil fós, dár teideal Gnó le Gaeilge. Leis na fógraí agus mar sin atá ag le feiceáil anois, tá daoine níos spreagtha.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Cinnte, agus glacaimid leis an gcúram sin. Is é sin ceann de na jabanna gur cheart dúinn a dhéanamh agus tá gréasán á chothú. Luaigh Sadhbh Ó Cinnseala an gréasán de na daoine seo atá á chur ar bun sa státchóras. Bheinnse ag súil go mbeadh níos mó ná státseirbhísigh sa ghréasán seo agus go mbeimid ag díriú ar dhochtúirí, altairí agus ar dhaoine mar sin, len iad a chur ar an eolas faoi tábhacht atá leis an teanga, go háirithe nuair a bhreathnaíonn tú ar na ceantair Ghaeltachta nó na ceantair atá ar imeall na nGaeltachtaí sin. Sampla amháin ná Ospidéil na hOllscoile Gaillimh. Tá a fhios ag chuile dhuine atá ina gcónaí sa cheantar sin an difríocht a dhéanann sé d’othar le Gaeilge atá san ospidéil sin má thagann dochtúir nó altra le Gaeilge ina treo nó ina threosa. Déanann sé difríocht ollmhór don duine. Is é sin atá atáimid ag iarraidh a dhéanamh. Má tá Gaeilge ag na daoine atá ag obair sna poist sin nuair a thosaíonn siad, ba mhaith go mbeadh siad páirteach sna gréasáin seo agus go dtuigfeadh siad an luach atá leis an bua atá acu leis an teanga.

Bhí scéal dearfach i gCill Airne ó thaobh TG4 de. Cuireadh mé ar an eolas faoin gcóras intern atá acu. Mar a thárla sé, b'iad cailíní nó mná formhór na ndaoine. Bhí Gaeilge iontach acu agus níor tháinig aon duine acu ón nGaeltacht. Íomhá difriúil a bhí ann. Bhí inniúlacht iontach agus muinín acu agus tháinig sé ó na scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Anecdotally, téann go leor de na gasúir a bhfuil caighdeán maith oideachais acu, ag múnadh. Ní fheiceann siad na deiseanna seo agus tá an manna sin ann "see it and you do it". Feiceann said a múinteoir scoile agus ceapann siad gurb é sin an t-aon post le Gaeilge atá sa státchóras. Ní smaoiníonn siad ar an iliomad rudaí eile cosúil le TG4, mar shampla; feiceann siad an rud atá ós a gcomhair sa seomra ranga. Is é sin ceann de na rudaí gur mhaith linn dul i ngleic leis. Táimid ag iarraidh díriú isteach air seo. Tá jab mór le déanamh ar phobal óg na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe ar na leaids óga. Tá togha na Gaeilge ag go leor acu agus téann siad ag obair i jabanna eile nuair atá jabanna ann atá ag daoine le Gaeilge agus b'fhéidir nach smaoiníonn siad fiú ar dul le haghaidh na poist seo.

An rud deireanach, agus críochnóidh mé leis seo, ná maidir leis na figiúirí is déanaí ó thaobh na ndíolúintí agus staidéar na Gaeilge. Feicim iad ar tuairisc.ie ar maidin agus tá siad truamhéalach. Baineann sé an bun as roinnt den obair atá ar siúl ag na finnéithe má tá níos lú agus níos lú daltaí ag déanamh staidéar ar bith ar an nGaeilge. Táimid ag tarraingt ar dream níos lú agus beidh níos lú daoine le hearcú amach anseo. Beidh daoine ann agus gan aon Ghaeilge in aon chor acu toisc nach bhfuil siad ag déanamh staidéar ar an teanga sa mheánscoil.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá a fhios againn uilig, má léirítear go bhfuil buntáiste ann leis an teanga, go n-imreoidh sé sin tionchar ar an méid díolúintí atá a lorg ag tuismitheoirí agus ag daoine óga.

Tá súil agam go mbeidh sé sin sa tuairisc nuair atá sé críochnaithe agus go mbeidh an tAire Oideachais ag déileáil leis sin agus ag déanamh cinnte go mbeidh buntáistí ann amach anseo. Tá buntáistí ann ina lán bealaí difriúla. Is léir dúinn ar fad inár gnáthshaoil go bhfuil buntáistí ann ina lán bealaí difriúla. Ní gá gur buntáistí airgeadais a bhíonn i gceist i gcónaí.

Leis sin ráite, cuirfidh mé deireadh leis an gcruinniú seo. Gabhaim buíochas leis an Dr. Aodhán Mac Cormaic, le Sadhbh Ó Cinnseala, agus le Emily Maloney as ucht bheith anseo. Go n-éirí go maith leo leis an gcoiste sna blianta romhainn. Ansin feicfimid i gceann cúig bliana iad, an ea? Bhí sé spéisiúil agus bhí sé go maith an dul chun cinn atá á dhéanamh acu a chloisint. Cuirfidh mé clabhsúr leis an díospóireacht inniu.

Níl aon ghnó eile againn. Beidh cruinniú do Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar siúl maidin amárach ar 9.30 a.m. i seomra coiste 2, nuair a phléifear Meastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2023, Clár C, don Ghaeltacht, de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus buiséad TG4, leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus le hAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis an nGaeltacht, an Teachta Patrick O'Donovan. Tá sé i gceist go mbeadh cruinniú príobháideach againn an tseachtain seo chugainn chun déileáil le, agus críoch a chur, leis an tuairisc atá againn maidir le ceist na díolúintí. Chomh maith leis sin, tá sé i gceist go rachadh toscaireacht ón gcoiste seo go dtí Acaill tráthnóna amárach agus ar an Aoine.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.08 p.m. sine die.
Barr
Roinn