Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 13 Dec 2023

Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua: An Coimisinéir Teanga

Táimid in ann tús a chur leis an gcruinniú athuair. Bhí cruinniú príobháideach againn níos luaithe. Táimid anois ag dul isteach i seisiún poiblí. Os ár gcomhair inniu tá an Coimisinéir Teanga úr, Séamas Ó Concheanainn, agus, óna oifig, Órla de Búrca, bainisteoir gearán, agus Eibhlín de Paor, bainisteoir imscrúduithe. Tá fáilte mhór rompu agus gabhaim buíochas leo as teacht os ár gcomhair.

Sula dtosóimid leis an bplé, déanaim comhghairdeas ó chroí le Séamas Ó Coincheanainn tar éis don Uachtarán é a cheapadh mar Choimisinéir Teanga cúpla lá ó shin. Déanaim é sin thar mo cheann féin agus thar ceann comhaltaí eile an chomhchoiste. Mar is eol do na comhaltaí, tá Séamas Ó Coincheanainn ag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga le fada an lá. Is mór an cúnamh a thug sé dúinn inár gcuid oibre thar na blianta. Tá an post seo lántuillte aige. Tá súil agam go mbeimid ag obair as lámh a chéile ar son na Gaeilge agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta amach romhainn. Chomh maith leis sin, tugaim beannacht do Pháidí Ó Lionáird. Tá sé nua go leor d'Oifig an Choimisinéara Teanga. Níl sé anseo linn inniu ach tá súil agam go mbeidh sé ag déanamh obair na gcapall mar atá déanta ag Órla de Búrca agus Eibhlín de Paor thar na blianta.

Sula leanfaimid ar aghaidh lenár mbreathnú ar fheidhmiú na reachtaíochta teanga nua, go háirithe ó thaobh inniúlachta agus freagrúlachta, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a ngutháin soghluaiste a mhúchadh go hiomlán nó iad a chiúnú ar bhealach éigin toisc go gcuireann siad as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais.

Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh an físeán ar siúl an t-am go léir, go háirithe nuair atá siad ag caint, agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann na coinníollacha seo le finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil, rud nach bhfuil i gceist inniu. Ba chóir dóibh siúd atá ag teacht isteach ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go mbeadh na micreafóin múchta.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó áit taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba cheart go ndéanfar sin láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Chomh maith leis sin, fiafraítear daoibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as a ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach. Aontaímid leis siúd ar fad.

Anois, iarraim ar Shéamas Ó Concheanainn a aitheasc oscailte a thabhairt dúinn.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí uilig an chomhchoiste as an gcuireadh freastail. Is mór an chomaoin atá curtha ag an gcomhchoiste orm teacht ina láthair inniu i ndiaidh mo cheapacháin mar Choimisinéir Teanga ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an tseachtain seo caite. Tá mé féin agus foireann Oifig an Choimisinéara Teanga ag súil go mór leanúint den dea-chaidreamh idir an oifig agus an comhchoiste chun go neartófaí cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge. Tá an dea-chaidreamh sin ríthábhachtach ar mhaithe le tapú na deise atá againn anois cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú de thoradh teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch a rinne na Coimisinéirí Teanga a bhí ann romham. Is iad a sheas an fód do chearta teanga in Éirinn. Bhí sé de dheis agam féin a bheith ag obair le Rónán Ó Domhnaill le breis agus dhá bhliain. Is é a rinne obair chéadach ar réim reachtaíochta nua a thabhairt chun cinn, réim a laghdaíonn an bhearna idir fís agus feidhmiú na gceart teanga. Leag an chéad Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshraith théagrach agus sheasmhach do shaothrú cearta teanga phobal na Gaeilge agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá moladh ar leith ag dul do na hAirí Gaeltachta agus d’oifigigh na Roinne a chinntigh go gcuirfí acmhainní cuí ar fáil do thionscnamh, d’achtú agus d’fheidhmiú na reachtaíochta agus Oifig an Choimisinéara Teanga i gcaitheamh na mblianta.

Is iad an líon ard gearán agus ábhar na ngearán a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga ó bhliain go bliain a léiríonn an géarghá le neartú ceart teanga. Má tá feabhas le teacht ar an bhfreastal a dhéanann an Stát ar phobal na Gaeilge trí sheirbhísí poiblí, creidim go bhfuil tréimhse chinniúnach amach romhainn. Bainfear amach bunaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin líon na seirbhísí atá á gcur ar fáil don phobal a mhéadú agus caighdeán na seirbhísí a fheabhsú, trí fheidhm iomlán a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Tá forálacha suntasacha sa reachtaíocht teanga leasaithe chun críche na bunaidhme seo.

I gcroílár an dualgais náisiúnta seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a mhéadú ar bhonn earnála agus córasach, beidh an plean náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá an plean náisiúnta reachtúil á fhorbairt i láthair na huaire faoi stiúir an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge, a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anuraidh. Cuimseofar bearta criticiúla sa bplean náisiúnta, lena n-áirítear caighdeáin teanga a leagfaidh amach na seirbhísí nua a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar. Cuimseoidh na caighdeáin teanga freisin sainiú ar na hinniúlachtaí teanga a bheidh de dhíth ar fhoireann na gcomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí a bheidh leagtha amach a sholáthar ar chaighdeán sásúil do phobal na Gaeilge. Is é an tAire a dhéanfaidh forordú ar na caighdeáin teanga a chuimseoidh na seirbhísí éagsúla a mbeidh ar chomhlachtaí poiblí, nó catagóirí de chomhlachtaí poiblí, a chur ar fáil don phobal.

Tá sé soiléir ó nádúr na ngearán atá á bhfáil ag m’oifig ón bpobal ar bhonn rialta go mbeidh dóthain foirne le cumas sásúil sa Ghaeilge a bheith ar fáil cinniúnach lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas ar líon agus ar chaighdeán seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá soláthar soiléir sa reachtaíocht teanga leasaithe don riachtanas seo tríd an mórsprioc 20% d’earcaithe nua le Gaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2030. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an plean náisiúnta, a bheidh forbartha faoi stiúir an choiste chomhairligh, cosán soiléir amach a mbeidh dul chun cinn céimnitheach agus intomhaiste leagtha amach ann. Mar aon leis an gcur chuige do shroicheadh na mórsprice 20% d’earcaithe nua le Gaeilge, leagfar síos na leibhéil inniúlachta teanga faoi réir chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha a bheidh i gceist don fhoireann a bheidh freagrach as seirbhísí poiblí ar leith a sheachadadh. Foráil shuntasach freisin gur féidir leis an gcoiste comhairleach comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoi líon agus faoi ghráid na foirne a bheidh riachtanach leis na seirbhísí poiblí éagsúla trí Ghaeilge a chur ar fáil. Beidh tuairisc le foilsiú ag an gcoiste comhairleach ar chur i bhfeidhm an phlean agus beidh tráchtaireacht le heisiúint agamsa mar Choimisinéir Teanga taobh istigh de sé mhí ón tráth sin ar obair an choiste chomhairligh agus ar an dul chun cinn leis an bplean náisiúnta. Tacóidh mise le haon iarracht cur le comhar, comhpháirtíocht agus comhoibriú idir comhlachtaí poiblí, an pobal agus Tithe an Oireachtais ar mhaithe le fíorú na móraidhme náisiúnta seo.

In 2022, mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, reáchtáil an oifig an clár ardaithe feasachta ba mhó riamh ó bunaíodh an oifig. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reáchtáil an oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284 cás, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm foráil fógraíochta na gcomhlachtaí poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá an méadú atá tagtha ar líon na bhfógraí trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin chumarsáide le roinnt míonna ag cur go mór le seasamh agus le feiceálacht na Gaeilge i measc an phobail. Beart tábhachtach atá sa bhforáil seo a thacaíonn le forbairt earnáil na meán Gaeilge trí shruthanna úra ioncaim a ghiniúint. Beidh faireachán á dhéanamh ag m'oifig an bhliain seo chugainn ar ghéilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí don fhoráil fógraíochta.

Tabharfar feidhm do dhualgais reachtúla nua gan mhoill. Ina measc, tá an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ainm, sloinne agus seoltaí baile an duine aonair a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn trí mheán na Gaeilge. Bhí an fhaillí a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ina leith seo ar cheann de na húdair ghearáin ba mhó a tarraingíodh anuas leis an oifig le roinnt blianta. Táthar ag súil go dtabharfar feidhm go luath freisin d’fhorálacha maidir le foirmeacha oifigiúla, lógónna agus ainmneacha comhlachtaí poiblí nuabhunaithe. Is dualgas nua suntasach eile é an dualgas conraitheoirí nó soláthraithe tríú páirtí atá ag obair thar ceann comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil don reachtaíocht. Is cumhacht reachtúil bhreise a bheith in ann faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge. Treiseoidh na cumhachtaí breise seo le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta chomhaimseartha.

Mar is eol don choiste, tá 20 bliain ann ó bunaíodh an oifig agus is údar bróid domsa, mar choimisinéir, agus d’fhoireann na hOifige go ndearnadh freastal fónta ar éilimh phobal na Gaeilge agus cuidiú le comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chur i bhfeidhm. Ó bunaíodh an oifig go deireadh na bliana 2022, tá os cionn 12,000 gearán curtha faoinár mbráid. Le linn na tréimhse céanna, tháinig breis agus 3,000 iarratas ar chomhairle chugainn ó chomhlachtaí poiblí. Déantar gach iarracht freastal go pras ar fhiosruithe agus ar ghearáin ón bpobal. Seoladh 149 imscrúdú foirmiúil ar chomhlachtaí poiblí idir 2003 agus 2022 nuair a bhí gach iarracht déanta ag foireann na hoifige an cás a réiteach go neamhfhoirmeálta.

Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt dúshlán ag teacht chun cinn maidir le hinniúlacht nó cumas an chórais bunseirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge nuair a éilítear sin. Tar éis 20 bliain, ba dhóigh leat go mbeadh socruithe ardleibhéil déanta ionas go ndéanfaí soláthar don seachadadh teanga ina cheann ar sheachadadh na mbunseirbhísí mar bhunsraith feidhmithe. Is iad na himscrúduithe is fearr a léiríonn na bearnaí córasacha. Má scrúdaítear fionnachtana an 149 n-imscrúdú atá seolta ó 2003, is minic trí dhúshlán ar leith a bheith le tabhairt faoi deara iontu: ní thuigtear an dualgas reachtúil teanga ag leibhéal ard ceannaireachta; ní dhéantar córais inmheánacha phleanála a dhearadh dá réir; agus ní bhíonn dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge le leanúnachas soláthair a chinntiú.

Cuirfidh forálacha sa reachtaíocht leasaithe feabhas ar cheist na feasachta agus an rialachais chorparáidigh i measc comhlachtaí poiblí. Tá freagracht tuairiscithe le leagan ar bhall foirne sinsearach i ngach comhlacht poiblí chun maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Beidh ar an gcomhlacht poiblí tuairisc a thabhairt i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta ar aon ábhar a ndéantar tuairisciú air maidir leis an reachtaíocht teanga.

Maidir leis na dúshláin dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge a bheith ar fáil do chomhlachtaí poiblí, teastaíonn béim atreisithe a leagan ar inniúlacht teanga mar thréith infhostaitheachta sa tseirbhís phoiblí, sa tseirbhís phoiblí shinsearach san áireamh. Mura bhfuil ceannaireacht teanga ón mbarr anuas, agus cultúr treoraithe comhlíonta, is beag is fiú an líofacht Ghaeilge a bheith luaite le gráid shóisearacha amháin. Mar a luaigh mé cheana, tá an-tábhacht leis an gcosán soiléir a leagfaidh an coiste comhairleach amach sa phlean náisiúnta chun go mbeadh 20% d’earcaithe nua le Gaeilge faoin mbliain 2030. Beidh ról cinniúnach freisin le himirt ag earnáil an ardoideachais Ghaeilge i soláthar na gcéimithe a chinnteoidh go mbeidh an acmhainn dhaonna sin ar fáil.

Creidim go bhfuil tábhacht mhór leis an mbéim atá leagtha ar phróiseas agus ar bhonneagar na pleanála teanga sa reachtaíocht. Tá sé i gceist go méadófar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge. Den chéad uair riamh, beidh ailíniú reachtúil idir chuspóirí náisiúnta Acht na dteangacha 2012 agus Achtanna na dTeangacha Oifigúla agus is fearr an seans go bhfíorófar cur chun cinn na Gaeilge dá bharr.

Léiríonn gearáin an phobail teanga go gcuirtear bac ar phobal na Gaeilge rochtain a bheith acu ar sheirbhísí Gaeilge atá ar chomhchaighdeán le seirbhísí comhchosúla i mBéarla. Is fiú gach leas seiftiúil a bhaint as an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga atá forbartha ag an Stát le blianta beaga anuas chun freastal i bhfad níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta.

Bíodh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge á seachadadh go fíorúil, ar líne nó ar láithreacha fisiciúla sa Ghaeltacht, i mbailte seirbhíse nó trí líonraí teanga, d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais sheachadta seirbhísí poiblí tríd an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga. Laghdófaí ar na bearnaí reatha i seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge dá dtapófaí na deiseanna seo agus mhaolófaí ar an mbearna idir an pobal teanga agus an córas Stáit go fíorúil agus go fisiciúil.

Mar fhocal scoir agus mar chlabhsúr, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don phobal agus do na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis. Táim thar a bheith buíoch freisin den chomhchoiste seo as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le cearta teanga. Is é mo rún daingean é cur le creat na gceart sin trí bhéim a leagan ar inniúlacht chórais agus treisiú a dhéanamh ar an obair a dhéanfar i bpáirt le comhlachtaí poiblí chun an fhreagrúlacht a shaothrú ag gach leibhéal den chóras. Cé go bhfuil bóthar dúshlánach amach romhainn, creidim gur féidir éachtaí a dhéanamh agus cearta teanga phobal na Gaeilge á gcur chun cinn trí chomhar agus trí chomhpháirtíocht idir phobal, an tseirbhís phoiblí agus Thithe an Oireachtais. Gabhaim buíochas.

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga. Táimid chun an cruinniú seo a chur ar fionraí chun grianghraf a ghlacadh leis an gCeann Comhairle agus leis na baill ar an Tairseach.

Chuaigh an comhchoiste ar fionraí ar 2.25 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 2.37 p.m.

Gabhaim buíochas as an aitheasc oscailte. Tá obair mhór roimh an gcoimisinéir agus tá súil agam go mbeidh ról ag an gcoiste seo, chomh fada agus a leanann sé - beidh toghchán i gceann bliana nó mar sin - ag cuidiú leis na finnéithe san obair sin. Táimid fós ag treabhadh trí thuairisc a tháinig ó obair a bhí an coimisinéir deireanach, Rónán Ó Domhnaill, ag tabhairt faoi maidir le ceist na n-eircodes. Níl an tuairisc sin réitithe againn go fóill. Táimid fós ag troid leis an Aire. Tá súil agam go mbeimid in ann leanúint leis sin an bhliain seo chugainn. Nuair atá tuairiscí faireacháin nó tuairiscí bliantúla ag teacht ó oifig an choimisinéara, déanfaimid déileáil leo, rud atá luaite inár mbuanorduithe, agus tabharfaimid ardán don oifig chun díriú isteach ar a bhfuil iontu. Tá sé anois oscailte do dhaoine ceist nó dhó a chur.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Tá súil agam go mbeidh a gcuid oibre beagáinín níos éasca ná an grianghraf atáimid tar éis a ghlacadh. Déanaim comhghairdeas leis an gCoimisinéir Teanga agus cuirim fáilte roimhe agus roimh Eibhlín de Paor agus Órla de Búrca, atá anseo. Chuaigh an ráiteas tosaigh go mór i bhfeidhm orm. Is dóigh go bhfuil rud láidir ráite ag an gcoimisinéir ina ráiteas tosaigh. Is tús maith é. Dúirt sé go bhfuil tréimhse chinniúnach amach romhainn agus go bhfuil ceannródaíocht nó ceannaireacht teanga ón mbarr anuas agus cultúr treoraithe comhlíonta ag teastáil go géar, agus aontaím leis. Is maith liom go bhfuil aitheantas tugtha ag an gcoimisinéir do na hiarchoimisinéirí. Ní raibh aithne pearsanta agam ar Sheán Ó Cuirréain ach bhí ar an gcoimisinéir eile, Rónán Ó Domhnaill. Bhí sé os ár gcomhair go minic. Tá obair na gcapall déanta ag na hiarchoimisinéirí agus gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as ucht an aitheantais sin atá taispeánta aige.

Tá cúpla ceist agam. An bhfuil aon duine ceaptha in áit an choimisinéara? Is mór an trua agus an náire gur thóg sé an méid sin ama. Níl aon locht orm ná ar an gcoimisinéir ach is mór an náire agus an trua gur thug sé an méid ama sin agus nach raibh deis againn ceapachán an choimisinéara a phlé i mbealach dearfach. Ní bhfuair muid an deis agus chuir sé sin isteach orm. An bhfuil an post a bhí aige líonta?

An bhfuil dóthain foirne ag an gCoimisinéir Teanga anois chun na dualgais atá aige a chomhlíonadh? Is pribhléid é ach chomh maith leis sin tá dualgais thromchúiseacha air agus ar a fhoireann. An bhfuil dóthain foirne aige?

Tagraím don tráchtaireacht atá i gceist. Cén uair a bheas an tráchtaireacht sin i gceist? Beidh sé sin amach sa todhchaí, de réir mar a thuigim, mar táimid ag fanacht ar an bplean náisiúnta ón gcoiste chomhairleach. Beidh sé sin réitithe i mí an Mheithimh na bliana seo chugainn. Ní bheidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag rá aon rud faoin phlean sin ceapaim. B'fhéidir go dtabharfar soiléiriú dom. Tar éis sin beidh tuarascáil bliantúil i gceist agus an mbeidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag déanamh faireacháin ar an tuarascáil sin nó ar an dul chun cinn? B'fhéidir go dtabharfaí soiléiriú dom air sin.

Is rud dearfach amach is amach é an méid fógraíochta atá ar bun. Cuireann sé gliondar ar mo chroí na fógraí i nGaeilge a chloisteáil. Is rud maith é sin agus amach anseo beimid in ann an reachtaíocht a leasú chun é sin a mhéadú. Tá sé dearfach amach is amach. Tagraím don fhaireachán a bheas i gceist agus don chumhacht reachtúil bhreise atá ag Oifig an Choimisinéara Teanga. Iarraim ar an gCoimisinéir Teanga cúpla focal a rá faoi sin mar tá sin thar a bheith tábhachtach. Chuir an t-iar-Choimisinéir Teanga in iúl go raibh gá leis sin a chur isteach sa reachtaíocht. Tá sé ann mar sin b’fhéidir go bhféadfadh an Coimisinéir Teanga cúpla focal a rá faoi sin.

An rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná na himscrúduithe atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga agus torthaí na n-imscrúduithe sin, go háirithe na trí dúshlán. Tá na bearnaí córasacha atá aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga chomh bunúsach. Deir an t-aitheasc: "Ní thuigtear an dualgas reachtúil teanga ag leibhéal ard ceannaireachta". Tá sé sin thar a bheith bunúsach. Leanann an t-aitheasc: "Ní dhéantar córais inmheánacha phleanála a dhearadh dá réir". Tá sin thar a bheith bunúsach agus tá bearna mhór ansin. Leanann sé: "Ní bhíonn dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge le leanúnachas soláthair a chinntiú." Tá súil agam go mbeidh athrú air sin maidir leis an sprioc de 20%. Arís, tá na rudaí sin thar a bheith bunúsach agus sin an leibhéal ag a bhfuilimid.

Dúirt an Coimisinéir Teanga san aitheasc: “d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais sheachadta seirbhísí poiblí”. Ba mhaith liom soiléiriú air sin freisin.

Go n-éirí leis an gCoimisinéir Teanga ina ról nua. Is iontach go bhfuil sé ann agus tá súil agam go mbeidh muid in ann – ar an gcoiste seo – obair as lámha a chéile leis féin agus leis an bhfoireann iontach atá aige.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a cuid tacaíochta. Tagraím don chéad cheist mar gheall ar an stiúrthóir. Tá painéal reatha ag an Roinn ag leibhéal príomhoifigigh agus is ag leibhéal príomhoifigigh atá ról an stiúrthóra. Ní raibh an folúntas ann, go teicniúil, go dtí gur ceapadh mise mar choimisinéir teanga - Dé Céadaoin seo chugainn - ach tá an obair riaracháin a bhaineann le líonadh an fholúntais ag bogadh ar aghaidh agus tá súil againn go mbeidh an folúntas líonta go luath san athbhliain, ag deireadh mhí Eanáir nó ag tús mhí Feabhra. Tá an obair sin déanta againn sa gcúlra. Bhí deis agam féin taithí a fháil ar an ról sin le cúpla bliain agus tá sé cinniúnach tacú leis an gCoimisinéir Teanga agus leis na réimsí cúraim uilig atá san oifig, agus luaigh an Teachta cuid acu ansin, ar nós faireachán agus imscrúduithe, gan trácht ar na gearáin agus ar chúrsaí rialachais na hoifige. Tá na fearainn sin uilig ann, comhairle a chur ar an bpobal agus ar chomhlachtaí poiblí. Ról thar a bheith tábhachtach atá ann agus táimid ag súil le dul chun cinn leis go han-luath sa bhliain nua.

Tagraím do chúrsaí foirne. Taobh amuigh de ról an stiúrthóra, tá folúntas againn i láthair ag leibhéal ardoifigigh fheidhmiúcháin. Bhí agallaimh ann le gairid ag an Roinn chuige sin agus tá súil againn go mbeidh an folúntas sin á líonadh sna seachtainí amach romhainn. Tá dhá fholúntas againn ag leibhéal oifigigh fheidhmiúcháin agus tuigim ón roinn acmhainní daonna sa Roinn go mbeidh an painéal sin fógartha. Is painéal é atá ag teacht faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí agus beidh agallaimh agus an próiseas earcaíochta don dá phost, i measc folúntais eile atá sa Roinn trí chéile ag leibhéal na n-oifigeach feidhmiúcháin, ag tarlú freisin. I mbliana, fuair muid ardú breise sa mbuiséad do 2024. Ceadaíodh dúinn príomhoifigeach cúnta eile a cheapadh an bhliain seo chugainn agus tuigim go mbeidh painéal do phríomhoifigigh cúnta á bhfógairt ag an Roinn go luath. Mar sin tá ceithre fholúntas againn i láthair na huaire. Tá méadú tagtha ar líon na foirne ó ochtar go dtí 12. Leis na folúntais breise a bheith líonta, beimid ag dul go dtí 14 nó 15.

Tá méadú suntasach tagtha freisin ar bhuiséad neamhphá na hoifige le roinnt blianta. Cabhraíonn sé sin linn déanamh cinnte go bhfuilimid in ann an oifig a reáchtáil i gcomhthéacs na timpeallachta agus na reachtaíochta atá ag athrú agus go bhfuilimid in ann breathnú atá ar na hacmhainní atá san oifig a chur ar fáil. Mar sin tá caiteachas neamhphá i gceist leis. Cuirim mo bhuíochas in iúl don Aire agus do bhainistíocht na Roinne as ucht na tacaíochta sin a chur ar fáil. Tá sé sin an-dearfach.

Le clabhsúr a chur le cúrsaí foirne, tá sé deacair an t-ualach oibre suntasach a bhaineann le teacht i bhfeidhm na bhforálacha nua a léamh nó a mheá. Sampla praiticiúil amháin ná an fhoráil ar chúrsaí fógraíochta. Tá sé sin ag dul a bheith an-trom ó thaobh sonraí ach táimid ag cruthú tairseach nó portal ar líne gur féidir leis na comhlachtaí poiblí a gcuid sonraí a chur ar fáil. Tá breis agus 500 comhlacht poiblí forordaithe ann. Bhí ualach trom ag baint leis sin agus tá plean gnó againn don oifig go mbeimid ag breathnú ar acmhainní foirne breise de réir mar a theastódh siad. Is cúram an-tábhachtach é sin.

Tagraím do chúrsaí an choiste chomhairleach agus don phlean náisiúnta. Beidh an plean sin le foilsiú faoi Mheitheamh 2024 agus tá sé forordaithe sa reachtaíocht go mbeidh ormsa tráchtaireacht a dhéanamh ar obair an choiste chomhairleach agus ar an bplean roimh dheireadh 2024. Tá sé mhí agam faoin am go bhfoilseofar an plean an tráchtaireacht sin a dhéanamh agus leag mé béim air sin san aitheasc. Feicim an plean agus an cur chuige sin mar an mapa bóthair a bheas ag an tseirbhís poiblí trí chéile leis na céimeanna éagsúla a leagan amach. San áireamh sna seirbhísí nua a bheas i gceist ná an cumas a bheas ag an bhfoireann a bheas ag cur na seirbhísí ar leith ar fáil. Is féidir leis an gcoiste chomhairleach moltaí a dhéanamh, rud atá an-tábhachtach, faoin líon foirne agus faoi ghrád na foirne a theastódh leis na seirbhísí a chur ar fáil. Ceann de na laigí ba mhó a bhain leis na scéimeanna teanga ná go raibh siad bunaithe ar an gcomhlacht aonair go minic, seachas ar chatagóirí nó ar earnáil de chomhlachtaí poiblí, mar shampla na húdaráis áitiúla. Tá súil againn, leis na caighdeáin teanga, go leagfar síos seirbhísí soiléire trasna na n-údarás áitiúla mar shampla amháin. Áfach is feidhm de chuid an Aire agus de chuid na Roinne an cúram sin. Sin a bheadh muid ag moladh. Tá an plean náisiúnta cinniúnach mar baineann sé leis an mapa bóthair idir seo agus 2030, an 20% agus an dul chun cinn céimneach i dtreo an 20%.

Tagraím do chúrsaí fógraíochta. Foráil thar a bheith suntasach atá ann agus beimid ag déanamh faireacháin air sin in earrach 2024. Os cionn an 500 comhlacht poiblí, beimid ag déanamh faireacháin ar ghnéithe atá tábhachtach ansin. Táimid ag iarraidh go dtabharfar cothrom na Féinne don Ghaeilge ó thaobh cruinnis na n-ábhar atá sna fógraí; an 20%, fógra as chuile cúig cinn a bheith i nGaeilge; agus an 5% den chaiteachas bliantúil atá ag comhlacht poiblí a bheith caite ar na meáin Ghaeilge. Tá sin an-dearfach.

Tagraím do chúrsaí imscrúduithe agus na dualgais ardleibhéal. Tá dualgas nua ó Aibreán na bliana seo leagtha ar chomhlachtaí poiblí go n-ainmnítear ball foirne sinsearach atá freagrach as feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sé sin an-tábhachtach ó thaobh psyche rialachais an chomhlachta phoiblí, go bhfuil ceist na gcearta teanga snite isteach i gcúrsaí rialachais an chomhlachta phoiblí. Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar chúrsaí géilliúlachta in imeacht aimsire. Faoin bhfreagracht nua sin freisin, beidh dualgas ar an gcomhlacht poiblí tuairisciú a dhéanamh ina dtuarascáil bhliantúil ar ábhair a tháinig chun cinn a bhain le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla don bhliain atá á chlúdach sa tuarascáil bhliantúil.

Tá na himscrúduithe an-tábhachtach. Na cumhachtaí nua a bheas agam ná faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar fheidhmiú cearta teanga. Feicim earnálacha ar leith den saol trí chéile: cúrsaí oideachais, cúrsaí pleanála sa nGaeltacht agus na meáin chumarsáide. Is cuma cén sochaí ná an pobal atá i gceist; caithfidh an pobal cothrom na Féinne a fháil sna fearainn mhóra sin, chomh maith leis na seirbhísí praiticiúla atá ar fáil ó lá go lá maidir le gnó an Stáit a riaradh. Beidh mise réamhghníomhach, le mo fhoireann, ag leagan amach clár tosaíochtaí don bhliain seo chugainn le díriú ar na hearnálacha suntasacha sin. Tá sé sin mar thosaíocht agam.

Luaigh mé an seachadadh agus arís, is cúram den choiste chomhairleach, den Roinn agus den Aire an plean náisiúnta a chur i dtoll a chéile. Tá taighde ar siúl faoi láthair chuige sin agus beidh an plean á fhoilsiú. Luaim na baic atá feicthe ag Oifig an Choimisinéara Teanga i gcaitheamh na mblianta maidir le rochtain phobal na Gaeilge ar sheirbhísí. Tá sé tábhachtach an saineolas atá bailithe ag an oifig maidir leis na baic a fheicimid á roinnt ag an oifig ag an bpointe seo agus plean náisiúnta á chur le chéile. Freisin, cén chaoi a bhfuil pacáistiú nó dlús na seirbhísí nua a bheas á gcur ar fáil? Tá obair mhór á déanamh ó thaobh cúrsaí pleanála teanga. Tá na limistéir pleanála teanga ann, tá na bailte seirbhíse Gaeltachta ann agus tá na líonraí teanga ann.

Tá smaointeoireacht ann go bhféadfaí an bonneagar sin a úsáid le seirbhísí nua a sheachadadh do phobal na Gaeltachta agus do phobal na tíre trí chéile. I bhfocail eile go mbeadh an reachtaíocht teanga, Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, agus Acht na Gaeltachta 2012, ag oibriú as lámha a chéile le seirbhísí a chur ar fáil atá feiceálach, tarraingteach agus ar ardchaighdeán i nGaeilge i mbealach a chothódh dlús an phobail atá ag éileamh na seirbhísí sin. Tuigimid go ndéantar an argóint go minic, agus ní aontaím leis, nach bhfuil an t-éileamh ann don tseirbhís trí Ghaeilge. Mar sin caithfear a bheith seiftiúil sa seachadadh agus sa pacáistiú a dhéanfar ar sheirbhísí nua go dtugann sé chuile dheis do phobal na Gaeilge an tseirbhís sin a rochtain gan aon bhac breise seachas a bheadh ar an mball den phobal a bheadh ag lorg na seirbhíse trí mheán an Bhéarla. B'fhéidir go mbeadh Órla ag iarraidh a labhairt níos deireanaí faoin saineolas atá feicthe aicise i gcaitheamh na mblianta agus faoi na baic a bhíonn i gceist ansin.

Luaigh mé molchampais i gcomhthéacs na hoibre atá ar siúl ar an talamh, roinnt sa bpróiseas pleanála teanga, roinnt in obair Údarás na Gaeltacht agus roinnt in obair na Roinne. Tá infreastruchtúr ansin cheana féin ar nós na Gteiceanna, mar shampla. D'fhéadfaí, bunaithe ar thaithí na hoifige, na baic atá ann teacht ar sheirbhís a úsáid leis an seirbhísí poiblí a sheachadadh agus a phacáistiú i mbealach níos éifeachtaí ná mar atá feicthe againn go dtí seo. Sin an smaoineamh taobh thiar de na molchampais ó thaobh rochtana nua-aimseartha.

Tá go leor den ghnó atá á sheachadadh, na seirbhísí atá an tseirbhís phoiblí ag cur ar fáil, ar líne ach ní hé sin le rá nach bhféadfaí an obair sin a dhéanamh tríd líonra na pleanála teanga ach an oiread, bíodh an tseirbhís ar líne. Tá go leor de na seirbhísí a chaithfear a chur ar fáil go fóill éadan le héadan, duine le duine. Ceann de na rudaí is suntasaí ansin ná go gcaithfidh Aire na Gaeltachta dáta soiléir a leagan síos faoin am go mbeidh na seirbhísí a bheas ar fáil ar an talamh sa nGaeltacht ag tarlú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge, agus go mbeadh na seirbhísí atá curtha ar fáil isteach sa nGaeltacht, go bhfuil dáta le forordú chuige sin freisin. An cur chuige nua ná tógáil ar an saineolais atá ann cheana ó thaobh seachadadh seirbhíse. Tá sé sin bunaithe ar thaithí na hoifige agus ar na baic a bhíonn ann do phobal na Gaeilge teacht ar sheirbhís ar chomhchaighdeán. Caithfear é sin a chur san áireamh.

Is fiú breathnú ar na luachanna atá á lua leis an tseirbhís poiblí go hidirnáisiúnta. Tá go leor oibre déanta ag an OECD ar na luachanna ar cheart a bheith ag seirbhísí poiblí comhaimseartha, rudaí ar nós oscailteacht; seirbhís ar chomhchaighdeán, cothrom na Féinne agus iontaofacht na seirbhíse. Tá cuid den obair sin ar siúl cheana, mar shampla sa Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe, bunaithe arís ar thaithí na hoifige ag dul i ngleic le baic. Tá sé tábhachtach go dtabharfar an saineolas pleanála sin isteach sa phlean náisiúnta nuair a táthar ag breathnú ar an bhfreastal a bheas á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta. Céard a chruthaíonn na luachanna sin? Cruthaíonn siad trust idir an pobal agus an tseirbhís poiblí go bhfuil an tseirbhís atá curtha ar fáil ar chaighdeán cothrom do phobal na Gaeilge.

Ba mhaith liom soiléiriú beag a fháil. Beidh an plean náisiúnta foilsithe i mí an Mheithimh na bliana seo chugainn. An bhfuil Séamas ag rá go mbeidh faireachán nó imscrúdú á dhéanamh aige ar an bplean sin roimh dheireadh na bliana seo chugainn?

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Is éard atá forordaithe san Acht ná go bhfuil dualgas ar an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar obair an choiste, ach ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan an plean náisiúnta a bheith fite fuaite ann mar is é an plean náisiúnta an mapa bóthair-----

Tuigim é sin ach beidh Oifig an Choimisnéara Teanga ag breathnú go háirithe ar an bplean sin.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Beidh, mar chuid d'obair an choiste chomhairleach.

An mbeidh tuarascáil faoi sin roimh dheireadh na bliana seo?

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Tá sé mhí tugtha don Choimisinéir Teanga an tuarascáil a fhoilsiú.

Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga agus tá sé deas bualadh leis agus leis an bhfoireann atá os ár gcomhair. Guím gach rath air ina phost nua. Táim cinnte go mbeimid ag obair as lámha a chéile as seo amach.

Chlúdaigh an Coimisinéir Teanga an-chuid ábhar ansin agus tá go leor ceisteanna freagartha aige. Ba mhaith liom casadh ar ais ar an bhfoireann agus ar na folúntais a luaigh sé. An bhfuil aon bhac ann chun na folúntais sin a líonadh? An bhfuil cianobair i bhfeidhm san oifig nó an bhfuil gach éinne lonnaithe go lánaimseartha san oifig? An bhfuil aon bhac ar daoine atá lonnaithe, b'fhéidir anseo i mBaile Átha Cliath, cur isteach ar na poist sin?

Ghlac an Teachta Ó Muimhneacháin an Chathaoir.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Tá an-chomhoibriú ar fáil ón Roinn. Aon fholúntas a d'iarr muid go dtí seo fuair muid é. Chuir muid plean gnó le chéile bunaithe ar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta nua ó thaobh na foirne a bhí ag teastáil. Nílimid ach cuid den bhealach tríd an bpróiseas sin i gcomhthéacs na forálacha nua atá ag teacht i bhfeidhm, mar shampla an fhoráil go mbeidh córais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí in ann déileáil le hainmneacha, sloinnte agus seoltaí poist. Tá foirmeacha agus lógónna i gceist chomh maith. Mar sin tá obair ollmhór ag dul a bheith i gceist faireachán a dhéanamh ar na forálacha nua sin agus tá sé deacair an t-ualach oibre sin a mheas, go pointe, roimh ré. Tá plean againn, mar a luaigh mé, ó thaobh na bhfolúntas atá againn faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh na folúntais sin líonta go luath.

Ó thaobh cúrsaí foirne, tá muid ag luí isteach leis na cleachtais atá ag an earnáil phoiblí maidir le cianobair an tréimhse iar-Chovid-19. Tá plean riachtanais gnó dá chuid féin ag an oifig gur féidir leis an bhfoireann cloí leis. Mar shampla, bím féin san oifig cúig lá na seachtaine mar feileann sé sin dom nuair nach bhfuil mé ag freastal ar chruinnithe. Tá go leor den fhoireann a bhíonn istigh cuid mhaith. Tá cuid den fhoireann, ag brath ar nádúr na hoibre, in ann a bheith ag obair dhá lá sa mbaile agus trí lá san oifig gach ré seachtain.

Ó thaobh daoine a bheith ag obair i limistéir eile, mar shampla luaigh an Seanadóir Clifford-Lee Baile Átha Cliath, bheinn an oscailte don togha sin amach anseo ó thaobh cúrsaí earcaíochta de. D’fhéadfaí é sin a phlé le bainistíocht na Roinne. Is é folúntais a líonadh an dúshlán a bhíonn againne. Tháinig mé féin ó chúlra ollscolaíochta agus bhí mé ag plé le taighde agus mar sin de. Fiú amháin, chun teacht isteach agus a bheith ag obair in oifig an Choimisinéara Teanga, is obair thar a bheith sainiúil í saothrú na reachtaíochta teanga. Ansin, nuair a chuirtear é sin anuas ar inniúlacht labhartha agus scríofa sa Ghaeilge, ní bhíonn sé iontach éasca i gcónaí na folúntais a líonadh. Tá tacaíocht na Roinne againne trí chóras na bpainéal agus bíonn an-chomhoibriú idir na rannóga éagsúla sa Roinn leis an bhfolúntas atá ann a líonadh leis an té is fearr atá scileanna aige nó aici don fholúntas sin.

Mar sin, tá neamhspleáchas ag an oifig ó thaobh feidhmithe mar oifig neamhspleách. Tá an fhoireann atá againne ar iasacht ón Roinn ach tá dualgais tarmligthe agamsa mar Choimisinéir Teanga an plean gnó agus an plean feidhme a riaradh ó la go lá san oifig.

Ghlac an Teachta Ó Snodaigh an Chathaoir arís.

Tá an coimisinéir oscailte chun plean éigin a chur i bhfeidhm chun an duine ceart a chur sa phost.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Tá sé sin criticiúil mar tá nádúr na hoibre-----

Is é sin na scileanna cearta a fháil.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Is é sin é go huile is go hiomlán. Tá sé sin feicthe againn sna folúntais éagsúla go raibh an t-ádh dearg orainn daoine a fháil a raibh spéis acu sa reachtaíocht, agus a raibh ardscileanna teanga, taighde agus anailíse acu. Tá córas na bpainéil ag oibriú go maith againn. I gcásanna eile, bíonn ceadúnais ag oifigigh an Ombudsman nó fear an phobail, a gcuid próiseas comórtais earcaíochta eile a reáchtáil ach tá ceist scála ansin, is iad sin méid na hoifige agus an dualgas a thiocfadh leis sin.

Táim thar a bheith sásta i láthair na huaire leis an bhfreastal atá an Roinn ag déanamh orainn maidir leis na folúntais agus an líon foirne atá againn i láthair na huaire ach beidh tuilleadh forbartha le déanamh maidir le líon foirne sna blianta beaga amach romhainn nuair a bheidh soiléireacht ann faoin ualach oibre a thagann ó na forálacha nua.

Tá sé sin go hiontach. Gabhaim míle buíochas leis an gCoimisinéir Teanga.

I dtosach báire, ba mhaith liom a ghradam a thréaslú leis an gCoimisinéir Teanga. Tá sé spéisiúil smaoineamh anois go bhfuil an oifig ann le 20 bliain. Tháinig an tAcht i bhfeidhm in 2003 agus is gearr ina dhiaidh sin a bunaíodh oifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé imithe ó neart go neart. Bíonn gach tosach lag, a deirtear, agus bhí an baol ann ag pointe amháin go raibh iarracht á déanamh oifig an choimisinéara a chónascadh leis an Ombudsman, rud a bheadh tubaisteach. Buíochas le Dia, ní dóigh liom go bhfuil baol ar bith go ndéanfadh éinne iarracht é sin a dhéanamh anois mar go bhfuil an oifig treisithe go mór ó shin.

Níl aon cheist agam ó mo thaobhsa de go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga lárnach i saol na Gaeilge. Go dtí gur bunaíodh an oifig, ní raibh aon bhealach ag lucht na Gaeilge a gcearta a bhaint amach gan dul ag na cúirteanna agus ní théann gnáthdhaoine ag na cúirteanna mar go bhfuil costas mór ag baint leis. Is dóigh liom go bhfuil obair iontach déanta ag an mbeirt a tháinig roimh an gcoimisinéir reatha agus táim an-mhuiníneach go ndéanfaí an coimisinéir nua an rud céanna. Mar a deirim, tá buntáiste mór ag an té nua nach raibh ag ceachtar acu. Is é sin go raibh sé ag obair san oifig. Tuigeann sé an obair, fiú amháin, sula dtéann sé sa phost mór.

Níl mé ag déanamh mórán cainte inniu toisc, mar a deirim, go bhfuil an Nollaig ag teacht agus deirim go bhfuil deifir ar dhaoine.

Tá Daidí na Nollag ag teacht ar aon chaoi.

Bhuel, tá súil agam go mb'fhéidir go mbeadh. Tá súil agam go raibh an Cathaoirleach ag caint leis le go ndearna sé cinnte de go mbeidh sé ar a lorg ag chuile ghasúr sa Ghaeltacht.

Idir shúgradh is dáiríre, is dóigh liom ó thús, agus muid ag tabhairt faoin obair seo, go mba í an fhadhb ar fad nó an dúshlán is mó atá ann ná seirbhísí idirphearsanta. Bíonn na comharthaí réasúnta éasca. Bhí sé i gceist na fógraí a dhéanamh i bhfad sula ndearnadh iad ach rinneadh iad sa deireadh. Tá siad sin réasúnta éasca. Creidim freisin go bhfuil sé tábhachtach a dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine atá ag labhairt Gaeilge ar na fógraí sothuigthe i nGaeilge. Glacaim leis agus bheadh spéis agam a fháil amach ón gcoimisinéir céard is féidir a dhéanamh chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine le Gaeilge, a thuigeann an Ghaeilge agus an rud atá siad á rá, sna voiceovers mar a thugann siad orthu ar na fógraí Gaeilge.

Mar a deirim, is iad na seirbhísí idirphearsanta atá i gceist anseo agus is dóigh liom go gcaithfimid ar fad a bheith macánta. Tá oifig agamsa agus is í an Ghaeilge an lingua franca istigh san oifig. Tá Gaeilge acu agus bhí riamh. Bhímid agus déanaimid plé i nGaeilge le dream a bhfuil a fhios againn go bhfuil Gaeilge acu. Mura bhfuil, nílimid chun é sin a dhéanamh.

Tá sampla den rud a dtugtar seirbhís na Gaeilge uirthi nach seirbhís í. Tá sé sin i gceist, mar shampla, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus is é sin an chomhairle is mó atá ag plé leis an nGaeltacht. Má ghlaoitear uirthi, freagraíonn an meaisín an té agus deir sé má táthar ag lorg seirbhísí Gaeilge, brúigh a haon agus má táthar ag iarraidh seirbhís trí Bhéarla, brúigh a dó. Mar amadán, bhrúigh mé a haon cúpla uair agus dúirt guth taifeadta eile nach raibh an duine le Gaeilge ansin, is ionann nach raibh seirbhís ar fáil dá réir agus teachtaireacht a fhágáil ansin. Bhí mé ag iarraidh teacht ar dhuine éigin lom díreach, mar a déarfá, agus bhí a fhios agam dá dtosóinn arís, agus dó a bhrú, go bhféadfainn dul tríd go dtí an rannóg tithíochta, pleanála nó an rannóg seo, siúd agus uilig, agus duine a fháil ansin chun labhairt leis nó léi i mBéarla le déileáil liom ar an bpointe. Bíonn daoine cruógach agus ní maith leo go gcaithfidh siad an jab a dhéanamh faoi dhó. Bhí, agus táim ag ceapadh go bhfuil a fhios ag an mbean atá in aice leis an gcoimisinéir, an tUasal de Búrca, go maith faoi seo, go mbíodh seirbhís iontach ag na Coimisinéirí Ioncaim tráth dá raibh ann. Ní hamháin go raibh an tseirbhís iontach ach bhí sé níos fearr ná mar a gheofaí i mBéarla. Bhí daoine cumasacha agus an-chuidiúil ann ach d'imigh sé sin le fána.

Is é an dara fadhb is mó a bheidh romhainn ná an córas oideachais, agus an córas oideachais tríú leibhéal go mór mór. Níl aon mhaith dúinn spriocanna a leagan síos sa reachtaíocht agus níl aon mhaith don choimisinéir a bheith ag iarraidh iad a chur i bhfeidhm mura bhfuil na daoine ar fáil mar céard is féidir a dhéanamh murar féidir iad a fháil? Céard is féidir le haon chomhlacht a dhéanamh nó, fiú amháin, an coimisinéir a dhéanamh? Leis an méid ama atá imithe ó thosaímid ag caint ar an Acht nua, agus ón tráth go raibh a fhios ag chuile dhuine go raibh sprioc 20% i gceist, mar gur tháinig sé sin ón Roinn, ní léir domsa go bhfuil aon rud substaintiúil déanta chun a dhéanamh cinnte go mbeidh daoine ar fáil.

Is rud maith iad na cúrsaí Gaeilge istigh sa Státseirbhís ach ní chreidim go bhfuil siad ag déanamh Gaeilgeoirí líofa atá in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge as daoine nach bhfuil líofa i nGaeilge. Tá corrdhuine ann b'fhéidir ach, go ginearálta, ní tharlaíonn sé sin agus, mar sin, caithfear daoine a fháil atá tar éis an Ghaeilge a shealbhú go maith tríd an gcóras oideachais.

Is dóigh liom go bhfuil léargas faoi leith ag an gcoimisinéir faoi seo mar go raibh sé ag obair san ollscoil. Tá díomá orm go pearsanta go bhfeictear dom nach bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chomh gníomhach is a bhí sé agus is dócha gurb í sin ceist go gcaithfidh an comhchoiste seo a scrúdú. Mar, gan an píosa sin, beidh an lárphíosa den reachtaíocht seo imithe le sruth mar ní bheidh na daoine ann.

Taobh amuigh de sin, mar a deirim, tá obair fhíorthábhachtach gur féidir a dhéanamh, rudaí ar nós fógraíochta.

B'fhéidir go mba cheart an céatadán a chaithfear a chaitheamh ar na meán Ghaeilge a bheith níos airde ó tharla gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Nuair atá an bhunreachtaíocht ann, tá sé an-éasca dul ar ais agus Bille gearr a achtú.

Tá mé cinnte go nglaoitear ar Oifig an Choimisinéara Teanga go minic agus go mbíonn fadhb faoi leith ag an duine atá ag glaoch ó thaobh na Gaeilge de agus go mbíonn ar na hoifigigh a rá nach bhfuil an fhadhb clúdaithe faoi aon reachtaíocht. Bheadh spéis agam a fháil amach céarbh iad an trí ghearán is coitianta a fhaigheann an oifig agus go mbíonn orthu leithscéal a ghabhadh toisc nach bhfuil siad clúdaithe san Acht. An rud deiridh ná maidir leis na caighdeáin a bhíonn á leagann síos do na comhlachtaí poiblí. An bhfuil aon tuairisc ag Oifig an gCoimisinéara Teanga ón Roinn cén uair a bhéas na caighdeáin leagtha síos agus an dtéitear i gcomhairle leis an oifig sular leagtar síos iad? Is é sin an méid. Comhghaideachas arís leis an gCoimisinéir Teanga agus go n-éirí a shaothar leis. Táim cinnte go mbeidh sé os comhair an choiste go minic againn.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Beidh mé ag súil leis. Iarrfaidh mé ionchur agus saineolas Órla de Búrca ar ball faoi na réimsí gearáin nach mbímid in ann a chlúdú.

Ó thaobh na seirbhísí idirphearsanta agus an ghné dhaonna de, tá mé tar éis béim a leagan, san achar gearr atá mé ceaptha, ar chroí-sheirbhísí. Phléigh muid molchampais agus mar sin de ar ball. Caithfear a bheith rí-shoiléir faoi na céimeanna tosaigh agus nua a thógfar maidir le feabhas a chur ar chaighdeán na seirbhísí atá ann faoi láthair agus na seirbhísí nua a thiocfaidh isteach, agus go mbeidh an phleanáil ann do na hacmhainní daonna agus don ghné idirphearsanta atá luaite ag an Teachta sna seirbhísí sin criticiúil. Uimhir a h-aon, cad iad na seirbhísí atá i gceist agus, uimhir a dó, conas a chinnteofar go mbeidh an fhoireann ar fáil do na seirbhísí sin, a bhfuil trácht agus éileamh ag an bpobal teanga orthu i láthair na huaire? Má éiríonn linn é sin a dhéanamh, beidh an bhunchloch an-mhaith. Tá riachtanas ollmhór ann ó thaobh réimse na hollscolaíochta Gaeilge. Tá mé ag cuimhniú go sonrach ar réimse an riaracháin phoiblí, ar phleanáil straitéiseach, ar bhainistiú eagraíochtúil, agus ar an bpleanáil teanga. Tá soláthar áirithe ann i láthair na huaire dóibh sin ach is cinnte go gcaithfear dlús a chur leis an soláthar sin agus cúrsaí nua céime agus iarchéime a bhunú a chuirfidh céimithe amach. Mar is eol dúinn, tógann sé ceithre bliana anois céimí a bheith againn ó chúrsaí fochéime agus ansin bliain nó dhó eile ag leibhéil iarchéime. Tá cuid den infreastruchtúr ann gur ghá a fheabhsú ach caithfear a bheith rí-shoiléir tríd an bplean náisiúnta céard iad na sainscileanna a chaitheas a bheith ag an bhfoireann a chuireas na seirbhísí idirphearsanta ar fáil agus don fhoireann a bhéas ag déanamh bainistíochta ag leibhéil sinsearach sna comhlachtaí poiblí ar sheachadadh na seirbhísí sin.

Thagair muid go cúrsaí rialachais taobh istigh den chomhlacht poiblí. Ag teacht ag pointe an Teachta freisin faoi easpa dualgais i láthair na huaire, mar shampla praiticiúil, tagraím de na seirbhísí idirghníomhacha. Go minic, bíonn siad sin luaite i scéimeanna teanga ach is comhlacht poiblí amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Sampla maith ná Eircode, i gcás na Roinne cumarsáide. Ní raibh an dualgas sin i bhfeidhm trasna na Ranna, gan trácht ar é a bheith sna húdaráis áitiúla. Caithfidh na caighdeáin teanga a leagadh amach go soiléir an tseirbhís agus an réimse comhlachtaí poiblí a mbeidh an tseirbhís céanna soiléir sin le seachada. Beidh an coiste comhairleach in ann an moladh a dhéanamh ar cén líon foirne a theastaíonn agus na gráid gur cheart a bheith ag an bhfoireann sin, is iad sin B2 nó C1 maidir le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, ag braith ar an gcineál seirbhís atá i gceist a chaithfear a chur ar fáil. Is iad an tseirbhís, an cumas teanga, an líon foirne, agus an grád ag a dteastaíonn siad an cheithre ghné criticiúil. Ceann de na dúshláin a bhí ann le hAcht na dTeangacha Oifigiúil, 2003 ná an bhéim an-láidir a bhí ar an teanga scríofa agus teanga chumarsáide tríd an scríobh. Bhíothar ag súil go dtiocfadh an teanga bheo labhartha chun cinn tríd na scéimeanna teaga. Is dócha go raibh na scéimeanna teanga tosaigh forásach ach ansin chonaic muid maolú, lagú agus tanúchán ar na gealltanais soiléire a bhí sna scéimeanna teanga. Rinne an t-iar-Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, tráchtaireacht an-láidir roinnt bliana air sin, nach raibh feidhm ag na scéimeanna teanga níos mó. Tá na caighdeáin teanga ag teacht ach caithfidh siad a bheith rí-shoiléir ó thaobh na seirbhíse de, agus maidir leis an bhfoireann, an gcumas teanga agus an inniúlacht.

Maidir leis an gcóras oideachais, tá na réimsí criticiúla tábhachtach ach caithfidh an chaoi a dtacóidh an earnáil ardoideachas trí Ghaeilge leis an bpróiseas chun an fhoireann atá ag teastáil a chur ar fáil a bheith i gcroílár an phlean. Caithfear breathnú ar mhéid na státseirbhísí agus ar mhéid na seirbhísí poiblí trí chéile faoi láthair agus machnamh a dhéanamh ar céard a chiallaíonn 20% san dá fhearann sin. Is é an tseirbhís phoiblí atá luaite ach, dár ndóigh, cuireann an státseirbhís croí-sheirbhísí ar fáil don phobal. Caithfear breathnú ar bhonn céimnitheach cén chaoi a bhainfear amach an 20%. Beidh na blianta tosaigh criticiúil. Má tá sé le feiceáil ag an bpobal go bhfuil na seirbhísí ag feabhsú, agus go bhfuil na seirbhísí nua atá ag teacht ar ardchaighdeán, tiocfaidh an rud a leag mé béim air ar ball, is é sin tábhacht an trusta idir an bpobal teanga agus an Stát sa soláthar atá á dhéanamh. Má tá an soláthar ar chaighdeán ard agus an seachada a bheith oiriúnach, tiocfaidh an t-éileamh.

Tuigimid scaipeadh tíreolaíochta phobal na Gaeilge. Rud suntasach a chonacthas sa daonáireamh is deireanaí ná go bhfuil méadú 4% nó 5% ar líon na ndaoine a luann go bhfuil teagmháil acu leis an teanga. Tá sé sin tairbheach. Tá cainteoirí nua san áireamh. Cén chaoi gur féidir inniúlachtaí na spriocghrúpaí teanga éagsúla, taobh amuigh de chainteoirí laethúla agus cainteoirí seachtainiúla, a mhéadú ina threo sin? B’fhéidir go mbeadh Órla de Búrca ag iarraidh labhairt faoi na baic nó na gearáin eile a fheiceann muid nach mbíonn bunús reachtúil leo.

Ms Órla de Búrca

Leag an Teachta a mhéar air nuair a luaigh sé seirbhísí fóin. Is é sin an ceann de na rudaí is mó go bhfaighimid gearáin ina leith. Go minic, bíonn míthuiscint ann agus cuirtear daoine ar mhíthreoir nuair a deirtear go bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil nuair nach bhfuil ann ach clár i nGaeilge. Ní hé go bhfuil an tseirbhís ag an deireadh ar fáil i nGaeilge; is fógra réamhthaifeadtha amháin atá ar fáil. Mar a dúirt an Teachta, má tá duine éigin ag iarraidh glaoch a chur, tá siad in san áit sin agus tá an t-am tógtha saor acu ón obair, nó am curtha ar leataobh acu leis an glaoch a dhéanamh, agus ní féidir leo fanacht ar an nglaoch ar ais agus bíonn orthu leanúint ar aghaidh agus an tseirbhís a fháil i mBéarla. Dáiríre, is é sin an gearán is mó a fhaighimid an t-am ar fad.

Cuireann sé iontas orm, áfach, an cineál éagsúlacht agus ilghnéitheacht a bhaineann leis na gearáin ar fad a fhaigheann muid. Gach lá ceapaim go bhfuil gach rud feicthe agam agus an chéad rud eile tagann rud éigin eile chun cinn agus deiraim liom féin nár chuimhnigh mé ar an gceann sin ariamh. Tagann gearáin nua chun cinn an t-am ar fad. Tá fadhb mhór ann maidir leis na síntí fada agus seoltaí agus nach féidir iad a chur isteach ar an gcóras ach tá súil againn go bhfuil réiteach na bhfaidhbe sa reachtaíocht nua. Is cúis imní don féin í má fhágtar an síneadh fada ar lár i m’ainm. Déanann sé an-difríocht do m'ainm. Tuigimid ar fad, nach ionann Seán agus sean, ach le cúnamh Dé, tá réiteach na bhfaidhbe sa reachtaíocht nua ar an ngearán sin. Ceann eile ná logainmneacha Gaeltachta agus na seoltaí. Tá mise scór bliain i mo chónaí sa Ghaeltacht agus d’úsáid mé an seoladh Gaeilge ariamh, ach le tamall de bhlianta anuas, tá an seoladh atá á úsáid ag comhlachtaí seachada agus comhlachtaí príobháideacha ach go háirithe, á aistriú go Béarla acu, cé go bhfuil sé tugtha agamsa dóibh i nGaeilge.

Tá an rud céanna ag tarlú sa státchóras áfach. Leag an Coimisinéir Teanga a mhéar ar an gceann is suntasaí, is é sin, ceist an oideachais. Tá sé ag teacht chun cinn go mór. Thar na blianta, rinne muid 15 imscrúdú ar an Roinn Oideachais agus ar chúrsaí oideachais trí chéile. Bhí níos mó ná sin ann mar go raibh Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus dreamanna nach iad cosúil leis an Foras Taighde ar Oideachas i gceist freisin. Tá an reachtaíocht san Acht Oideachais 1998 cuíosach láidir. Tá roinnt mhaith imscrúdú déanta air sin ach níl sé iomlán téagartha agus tá píosaí ann a léiríonn nach bhfuil ceart iomlán ag an saoránach oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil. Tuigeann baill an choiste iad féin é sin ó aighneachtaí atá déanta leis an gcoiste ar cheisteanna éagsúla. Is é sin an ceann is mó atá ag teacht chun cinn i láthair na huaire. Ní féidir linn braith air faoin reachtaíocht mar a sheasann sé faoi láthair. Níl ceart sainiúil ann gur féidir méar a leagann air agus is ceist í sin go gcaithfear breathnú air san blianta romhainn.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Ar ábhar na gcaighdeán agus an caidreamh atá ann idir an oifig agus an Roinn, an léiriú atá againn ar an reachtaíocht ná go bhfuil na scéimeanna teanga i bhfeidhm go dtí go dtagann na caighdeáin. Feictear dúinn go bhfuil croí-sheirbhísí cosúil le seirbhísí teileafóin, seirbhísí idirghníomhacha, agus go leor d’obair na n-eagraíochtaí poiblí ag bogadh ar líne. Is éard a fheiceann muid go minic ná go mbíonn an tseirbhís ann trí mheán an Bhéarla tríd an suíomh idirlín agus na foirmeacha idirghníomhacha, ach go mbíonn an leagan Gaeilge leathbhacach go maith, más ann dó, mar gheall ar easpa dualgas sna scéimeanna teanga. Ní raibh forordú sna forálacha díreacha sa reachtaíocht bhunaigh do sheirbhísí idirghníomhacha agus dár ndóigh, tá athruithe móra tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta ó 2003. Tá na seirbhísí idirghníomhacha criticiúla, na seirbhísí teileafóin, agus go leor de na gnáth sheirbhísí a theastaíonn uainn mar shaoránaigh le pas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí sóisialta, nó coinne leigheas a fháil, á dhéanamh ar líne. Tá feabhas le feiceáil.

Ceann de na deacrachtaí eile a bhaineann leis na córais sin ná go ndéantar forbairt orthu i mBéarla ar dtús agus is athsmaoineamh nó iarbheart atá sa leagan Gaeilge den chóras, gan trácht ar an aistriúchán a dhéanamh. Mar gheall go ndéantar forbairt ar na córais i mBéarla, bíonn na heochairfhocail ar an gcomhéadan i mBéarla agus bíonn drogall ar chomhlachtaí poiblí, nuair nach bhfuil an dualgas reachtúil ann dul ar ais agus an bunábhar a athrú ón mbonn aníos.

Tá samplaí feicthe againn féin le gairid, fiú amháin in obair na hoifige agus leis an táirseach atá á cur ar fáil againn do na comhlachtaí poiblí don fhógraíocht áit a mbeidh 500 comhlacht poiblí in ann a gcuid sonraí a chur suas. Bhí orainn dul i ngleic leis an gcomhéadan a bhí i mBéarla. Is féidir é a dhéanamh, dualgas reachtúil a bheith ann, agus na hacmhainní laistigh den chomhlacht poiblí a bheith curtha ar fáil chuige, agus an Ghaeilge a bheith fite fuaite i bpleanáil an tionscadail ón tús. Amhail ar dualgais reachtúla maidir le cosaint sonraí agus le rialachas corparáideach sláinte agus sábháilteacht ar bith eile, caithfidh dualgas reachtúil i leith na Gaeilge teacht isteach sa phleanáil corparáideach ón tús le go bhfeicfimid dul chun cinn. Is iad na caighdeáin teanga atá in ann a leagan amach go soiléir go mbeadh seirbhísí idirghníomhacha, a chuireann comhlacht poiblí ar fáil le freastal ar phobal na Gaeilge, ar fáil ar an gcaighdeán céanna ón tús.

Tá ceistín beag amháin deiridh agam. An dtógann na finnéithe faoi dearadh má ta rud éigin leagtha amach i mBéarla i dtosach agus go n-aistrítear droch-Bhéarla go Gaeilge, go mbíonn an Ghaeilge níos measa fós? Ní théann siad ar ais agus a rá go raibh an rud a scríobhadh beagáinín aisteach. Scríobhtar rudaí go minic i ndroch-Bhéarla agus ní bhíonn sé intuigthe céard atá i gceist. An n-aontódh an coimisinéir nach dtéitear ar ais riamh ag ceartú an Bhéarla? Ní chuirtear deá-Ghaeilge air agus ansin é sin a aistriú ar ais go dea-Bhéarla agus leagan níos fearr a bheith ar fáil. Go minic, nuair a aistrítear rud ó Bhéarla go Gaeilge, is é sin an uair a thuigtear cé chomh hamscaí is bhí an Béarla sa chéad áit. Má aistrítear droch-leaganacha Béarla go Gaeilge áfach, bíonn siad níos measa fós, mar a bheithfeá ag súil leis mar go bhfuil struchtúr an dá theanga difriúil.

An dara rud ná go mbíonn focal amháin go minic ar rud i mBéarla – go háirithe má tá sé nua - agus abairtín beag i nGaeilge leis. Ní féidir é a aistriú le focal amháin, nó cinnte, ní le focal atá i mbéal an phobail. Nuair atá daoine ag aistriú áfach, bíonn siad ag iarraidh focail amháin a chur ina áit focal sa teanga eile. Tá an seancheann ann: “confirmation” i mBéarla agus “dul faoi lámh an easpaig”. Míníonn ceann amháin an scéal níos fearr. Tá a fhios agam go bhfuil focal Gaeilge air anois ach an rud atá á rá agam ná go mbíonn abairtín beag i nGaeilge a mhíníonn, i mbealach i bhfad níos beachta i nGaeilge, ná an rud a bhí i mBéarla sa chéad áit le focal amháin.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Chonaic muid an comhthéacs sin nuair a bhí treoirlínte á n-eisiúint againn. Thagair an Teachta níos luaithe do chúrsaí athchruthaithe maidir le fógraíocht. D’eisigh muid treoirlínte a bhí sonrach do chomhlachtaí poiblí nuair a bhí an fhoráil sin maidir le fógraíocht ann agus comhlachtaí ag ullmhú chuige, go gcaithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge amhail agus dá mbeifí á dhéanamh i mBéarla. Tá sé sin ag dul i bhfeidhm don chuid is mó. Tá caighdeán na bhfógraí atá le feiceáil go maith. Níl mé ag rá nach bhféadfaidís a bheith níos fearr. Tá deiseanna timpeall air seo. Má bhreathnaítear ar Shéala an Aistriúcháin agus ar an liosta ag an Foras na Gaeilge d’aistritheoirí agus d’eagarthóirí, b’fhéidir go bhféadfaí cuimhniú ar a mhacasamhail a chuimsiú do dhaoine a bhéas ag cur seirbhís athchruthaithe, scríbhneoireacht scripte, agus mar sin, ar fáil don fhógraíocht a bhéas le déanamh. Nílimid ach ag tús na deise seo maidir le cur go mór le seasamh agus le feiceálacht na Gaeilge trí fhógraíocht. Tá roinnt gearán déanta linn faoi chaighdeán na Gaeilge sna fógraí agus táimid á leanacht sin suas go dian dícheallach. Tá na treoirlínte atá eisithe ag teacht ar ais arís agus ceapaim, idir comhoibriú i measc uillinneacha éagsúla an Stáit ar fheasacht teanga agus ar chruinneas na Gaeilge, go bhfuil go leor eile gur féidir linn a dhéanamh sa spás sin le deá-fheidhmiú na reachtaíochta a chinntiú.

Déanann sé an saol níos éasca do chomhlachtaí poiblí má tá siad in ann dul ag comhlacht Gaeltachta nó comhlacht teanga áit ar bith in Éirinn go bhfuil an pacáiste iomlán acu ó thaobh guthú fógra, cruinneas na scripte, agus an taifeadadh. Is féidir an pacáiste sin uilig a dhíol leis an gcomhlacht poiblí seachas é a bheith ag dul ag áisíneacht áit nach bhfuil an tuiscint céanna ar chúrsaí teanga.

Creidim féin go raibh an-ciall leis an gcinneadh a rinneadh agus a chuireadh ar ceal ina dhiaidh sin, go mbeadh lárionad aistriúchán seirbhísí phoiblí a chuireadh caighdeán ar fáil agus a bheadh á riaradh faoi choimirce na Roinne turasóireachta agus Gaeltachta agus mar sin de, seachas an córas atá ann i láthair na huaire go mbíonn na haistriúcháin ar chaighdeán éagsúla.

An cheist dheireanach ná ar smaoinigh Oifig an Choimisinéara Teanga riamh ar chomórtas a chur ar bun agus duais a thabhairt don duine a gheobhadh an comhartha nó an t-aistriúchán is measa chuile bhliain? D’fhéadfaí €1,000 a chur ar fáil. Tá roinnt iontacha feicthe agamsa.

Agus iad ar fad a fhoilsiú.

Sin é; iad a fhoilsiú agus duaiseanna a bheith ann. Bheadh sé thar cinn agus chuirfeadh sé an Coimisinéir Teanga go mór i mbéal an phobail.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Ní bheadh aon easpa ábhair ann, faraor.

Is gá riachtanais teanga i bhfad níos láidre a thabhairt isteach sa chóras pleanála áfach. Tá forálacha sa reachtaíocht nua a láidreoidh sin. Thagair muid do chuid acu ar ball cosúil leis an dualgas ó thaobh rialachais na gcomhlachtaí poiblí. Ar an lámh eile, tá ról lárnach ag an oifig.

Thagair muid ar ball don chlár feasachta a bhí againn anuraidh agus don mhéadú a tháinig ar chomhairliúcháin do chomhlachtaí poiblí. Chruthaigh muid ról ar leith a bhfuil Páidí Ó Lionáird, bail ó Dhia air, théis an-chuid saineolais a thabhairt ag an ról sin mar bhainisteoir cumarsáide. Bhí sin á dhéanamh ag Órla de Búrca, i measc cúraimí eile, mar bhainisteoir gearán roimhe sin. Táimid ag feiceáil an toradh ón ról sin ar leith agus chuir an Roinn na hacmhainní ar fáil an ceapachán sin a dhéanamh ag leibhéal príomhoifigeach cúnta. Tá an cúram sin maidir le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoina ndualgas agus comhairle a chur ar an bpobal faoina gceart an fheasacht ar na cearta agus ar na dualgais. Obair leanúnach atá ansin agus tá plean againn feachtas náisiúnta a bheith ann. Nuair atá na forálacha agus na dualgais nua ag teacht i bhfeidhm, tabharfaidh sé tuiscint chun cinn ar na dualgais atá ann sa foilseachán sin.

Déanaim comhghairdeas le Séamas Ó Concheanainn agus guím gach rath ar an obair. Tá an-chuid plé déanta cheana féin. Tá sé tábhachtach go mbeadh an fhoireann iomlán ann agus go mbeadh an oifig ábalta daoine a earcú chuige. Tá roinnt mhaith plé déanta air sin cheana féin.

Beidh an-chuid den phobal ag brath i gcónaí ar an gCoimisinéir Teanga chun cearta agus seirbhísí bunúsacha a chur i bhfeidhm. Cé go bhfuil roinnt eagraíochtaí níos láidre ná a chéile, beidh cinn a bheidh ag sleamhnú agus ag déanamh faillí ar daoine. Tá dúshlán ansin. Tá aithne mhaith ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar na repeat offenders chomh maith. N'fheadar an bhfuil slí faoi leith ann chun díriú isteach orthu, go háirithe chun a chinntiú go bhfuil siad chun freastal ar riachtanais an phobail? Tá cúpla eagraíocht ann, beidh dea-shampla ann agus beidh siad ag freastal mar ba chóir dóibh ar an bpobal, agus mar a luamar ansin, comórtas i gcomhair na n-ainniseoirí. N'fheadar ar chóir aitheantas, i slí éigin, a thabhairt do na heagraíochtaí a bhfuil ag freastal ar an bpobal mar ba chóir dóibh. B'fhéidir go bhfuilimid i gcónaí ag breith ar an gceann diúltach agus gur chóir dúinn freisin a bheith ag tabhairt aitheantais d'eagraíochtaí a dhéanann mar ba chóir dóibh agus atá ag freastal ar an bpobal mar ba chóir dóibh.

Níl rudaí ach ag tosnú agus beidh deis againn, le cúnamh Dé, a bheith ag plé amach anseo. Guím gach rath ar an gCoimisinéir Teanga leis an bpost agus déanaim comhghairdeas leis.

Tá ceist amháin agam nuair atá an Coimisinéir Teanga críochnaithe.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Tá sárú ar siúl ag comhlachtaí poiblí de shíor. Mar atá feicthe againn, tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtas agus tá sé sin déanta. Tá líon an-teoranta de chásanna ann ó bunaíodh an oifig. Tá an dea-chaidrimh atá ann idir Oifig an Choimisinéara Teanga, an chomhchoiste seo agus Tithe an Oireachtais criticiúil. Luaim cumhachtaí Thithe an Oireachtais tuilleadh dianscrúdú a dhéanamh ar áiteanna a bhfuil sárú ag tarlú go seasta. Tá na foilseacháin agus na tuarascálacha fíorthábhachtach. Sa spás sin tá cumhachtaí breise atá agam tráchtaireacht agus faireachán a dhéanamh. Taobh amuigh den imscrúdú tá cumhachtaí agam tráchtaireacht agus faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh a gcuid dualgais. Tá mé ag súil le tosaíochtaí a leagan amach maidir le croí-earnálacha ar nós cúrsaí oideachais nó cúrsaí pleanála sa nGaeltacht agus na meáin chumarsáide. Is iad sin réimsí atá saothraithe go mór agus go dlúth ag na hiar-Choimisinéirí Teanga freisin ach leis na cumhachtaí nua atá agam tá mé dóchasach go n-éireoidh liom tionchar a imirt ar ghéilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí a bhíonn ag sárú de shíor.

Phléigh muid go leor de na ceisteanna maidir le cén fáth a mbíonn sárú seasta ag tarlú. Luaim an reachtaíocht teanga agus caithfear a chur i láthair an aonaigh go bhfuil sí le comhlíonadh. Ansin caithfear go bhfuil an acmhainn ag an oifig ar bhonn leanúnach, mar shampla nuair a dhéantar fionnachtana imscrúduithe agus moltaí an imscrúdú foirmiúil, an comhlacht poiblí a leanúint suas le déanamh cinnte go bhfuil siad ag cur sin i bhfeidhm taobh istigh de na spriocdhátaí atá aontaithe san imscrúdú.

Is ceist an-spéisiúil agus an-tráthúil í aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí poiblí agus mar sin de. Bímid á plé ó thráth go chéile. Is é an dúshlán atá ann ná go bhféadfadh comhlacht poiblí amháin a bheith thar a bheith géilliúil agus eiseamláireach ar fhoráil amháin agus ansin go bhféadfadh siad a bheith neamhghéilliúil an lá dár gcionn ar fhoráil eile. Mar gheall ar nádúr róil fhear an phobail, an Coimisinéir Teanga, is dócha go mbeadh sé sin againn i gcúl ár gcinn. Bíonn cumarsáid againn le feidhmeannaigh na gcomhlachtaí poiblí ó lá go lá agus tugann sé sin deis dúinn aitheantas agus moladh a thabhairt don áit a bhfuil sé sin i gceist. Tá an caidreamh atá ag an oifig leis na comhlachtaí poiblí ag leibhéal pearsanta an-dearfach, ach caithfidh na comhlachtaí poiblí a thuiscint gurb iad dlíthe na tíre agus go gcaithfear iad a chur i bhfeidhm. Tá an cothromaíocht sin le baint amach agus tá ag éirí linn é a dhéanamh. Luaim an rud a rinne mé tagairt dó ar ball: cúrsaí feasachta; agus tuiscint ar na cearta agus ar na dualgais go bhfuilimid théis acmhainn na hoifige a láidriú le ról sinsearach a chruthú atá ag déileáil go sonrach le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí agus ar an bpobal. Tugann sé acmhainn dúinn freisin freastal ar imeachtaí ar nós Oireachtas na Gaeilge, féilte agus imeachtaí eile.

Sa chaoi nach mbreathnófar ar reachtaíocht teanga mar rud teibí atá taobh amuigh de ghnáthshaol na Gaeilge, sin an fáth gur leag mé béim ar leith ar chomhoibriú idir, mar shampla, an próiseas pleanála teanga agus an obair atá á dhéanamh ar an talamh. Bhí sé de ádh orm féin a bheith ag plé leis sin i gConamara, in Iorras Aithneach ach go háirithe, tríd mo chuid oibre leis an ollscoil. Chonaic mé an fiúntas atá leis. Ansin luaim na cearta atá ann tríd an reachtaíocht teanga. D'fhéadfaí cur leis an bhfeasacht agus leis an éileamh atá ag an bpobal ar na seirbhísí, sa chaoi nuair a thagann deiseanna seirbhísí nua a chur ar fáil, go dtuigeann an pobal go bhfuil an deis seo ann an tseirbhís a úsáid, seirbhís atá ar ardchaighdeán. Má tharlaíonn sé sin beimid i suíomh i bhfad níos folláine sna blianta amach romhainn.

Aontaím go bhfuil cearta bunúsacha á n-éileamh ag daoine agus gur chóir go mbeadh na comhlachtaí éagsúla á gcur ar fáil. Níor mhaith liom dearmad a dhéanamh fiafraí den Choimisinéir Teanga mar gheall ar éileamh mar do luadh é ansin níos luaithe. Aontaím go láidir go bhfuil i bhfad níos mó éilimh ar sheirbhísí as Gaelainn ná mar a bhraitheann a lán de na heagrais éagsúla. Luadh an sampla mar gheall ar ghlaoch ar an teileafón agus an rogha ar fáil. Iarraim ar an gCoimisinéir Teanga freagra tapa a thabhairt air sin. Beifear fágtha ar leataobh má théitear i dtreo amháin. N'fheadar conas a thomhaisfí an t-éileamh sin. Beidh na heagrais go léir á dhéanamh i slite difriúla nó b'fhéidir go mbeidh neamhaird á dtabhairt acu. An bhfuil aon tuairim ag an gCoimisinéir Teanga ar conas a thomhaisfeadh sé an t-éileamh sin?

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Tá sonraí cothrom le dáta againn faoi úsáid na Gaeilge go laethúil, go seachtainiúil, agus ó thaobh foghlaimeoirí nua, ó chomhthéacs cúrsaí daonáirimh. Arís tá an próiseas pleanála teanga atá ann cruthaithe tríd cur chuige an údaráis leis na mol-dhigiteacha, na Gteiceanna, ionas gur féidir éileamh a chruthú ar an talamh. Thagair mé níos luaithe don Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe. Tá go leor oibre ar siúl in aonad pleanála straitéisí na Roinne sin maidir le pleanáil a dhéanamh le héileamh a thomhais le méid na státseirbhíse ó thaobh earcaithe nua, mar shampla. Beidh gá le tomhais, mar shampla, mar gheall ar méid na seirbhíse poiblí ó thaobh líon na n-earcaithe.

Tá an pobal teanga ann agus tá an pobal a bheidh ag cur na seirbhísí ar fáil. Caithfidh an leibhéal sin staidrimh agus anailíse a bheifeá ag súil leis a bheith sa phlean náisiúnta, le méid an phobail a leagan amach go soiléir, ar aon leis an gcaoi a bhféadfaí dlús a chur leis na seirbhísí ionas go dtógann sé ar scaipeadh iad do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.

I bhfocail eile, má tá na seirbhísí á gcur ar fáil go fíorúil agus go fisiciúil ar an talamh ar bhealach atá ag luí isteach le leagan amach an phobail, beidh an t-éileamh níos airde seachas, mar shampla, go mbeadh ceann de na samplaí a chonaiceamar san am atá imithe don té a bheadh ag éileamh seirbhísí trí Ghaeilge. Bhí an tseirbhís ar fáil go hidirghníomhach ar líne don té a bhí á lorg i mBéarla ach bhí ar an duine a bhí á lorg i nGaeilge taisteal go fisiciúil go dtí láthair leis an tseirbhís a fháil i nGaeilge. Cén fáth nach mbeadh an tseirbhís sin ar fáil ar an láthair sa Ghaeltacht? Is é an pacáistiú ná an comhdhéanamh atá i gceist anseo le go n-oibreodh sé chun láidreacht phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go náisiúnta trí na bailte seirbhísí Gaeltachta, na líonraí teanga agus na 26 limistéar pleanála teanga atá ann chun an phleanáil sin a thabhairt le chéile agus an méid a thomhas.

Sula gcuirim críoch leis an gcruinniú, tá ceist amháin agam. Aontaím go hiomlán leis an gcoimisinéir. Tá an chuid dheireanach ansin tábhachtach mar, mura bhfuil an tseirbhís ar fáil, agus má bhrúitear an cnaipe a haon don Ghaeilge, agus mura bhfuil sí ar fáil, stoptar á lorg. Éiríonn an duine tuirseach ag lorg a chearta. Tá a lán daoine amuigh ansin nach ndéanann gearán. Tá an t-ádh leis an gcoimisinéir, ar shlí amháin, mar nach bhfuil a oifig báite leis an oiread sin gearán. Tá daoine áirithe a dhéanann a lán gearán ach is ar son na cúise atá siad á ndéanamh ag lorg a gcearta. Ní hé go bhfuil siad mícheart ach tá mórán daoine eile nach bhfuil an t-am acu. Tá siad faoi dheifir. Déanann siad an gníomh agus bogann siad ar aghaidh. Smaoiníonn siad go bhfuil sé i gceist acu gearán a dhéanamh ach ní shroicheann siad é. Uaireanta, is gá é sin a mheabhrú dóibh. Níl mé ag rá le oifig an choimisinéara gur gá é sin a dhéanamh chun an oifig a bhá, mar tá sé léirithe cheana féin go bhfuil ardú tagtha.

Is é an rud a bhí spéisiúil dom ná an figiúr a thug an coimisinéir de 2,100 páirtí a bhí rannpháirteach i seimineár. Léiríonn sé sin domsa go bhfuil tuiscint éigin ag na heagrais agus ag na Ranna Stáit agus poiblí go bhfuil dualgais orthu agus, ar a laghad, go bhfuil rud éigin ag teacht agus go mbeidh dualgais orthu. Cheana féin, tá roinnt de na forálacha ann agus tuigeann siad go mbeidh orthu cloí leo. Tá sé ráite leo cheana féin go bhfuil roinnt athruithe ag teacht maidir le sínte fada, seoltaí agus a leithéid. Tá siad ag iarraidh a fháil amach conas is féidir leo cloí leis na rialacha nua ionas nach mbeidh siad i dtrioblóid. Glacaim leis go mbeidh ar oifig an choimisinéara an sórt comhairliúcháin seo a chur orthu agus seimineáir agus a leithéid a dhéanamh go rialta. Beidh ar an oifig mheabhrú dóibh ní hamháin go bhfuil na cearta seo i bhfeidhm, ach freisin go bhfuil na bhforálacha iomlána a chur i bhfeidhm, agus go mbeidh na caighdeáin ann freisin.

Tá ceist agam faoin bhfaireachán nó an tráchtaireacht réamhghníomhach ar na hachtacháin. Is mise duine de na daoine a bhí á lorg seo ní hamháin sa chás seo ach i gcásanna eile freisin. Is cuimhin liom - níl a fhios agam an é seo an saghas tuisceana atá i gceist, nó an bhfuil oifig an choimisinéara in ann é seo a dhéanamh - go raibh sé seo á dhéanamh ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas nuair a toghadh mé ar dtús. Bhí sé an-áisiúil mar go rabhamar in ann díriú isteach ar reachtaíocht agus a rá gurb é seo an áit inar chóir don Aire athrú a dhéanamh. I ndeireadh thiar thall, is faoin Aire agus faoin Dáil atá sé athrú a dhéanamh agus féachaint ar na freagraí a bhaineann le cén fáth nach bhfuil sé á dhéanamh. Sa chás sin, stop siad á dhéanamh. Ní thagann treoir i ngach uile chás nó tuarascáil faoi Bhille ar bith a thagann os comhair an Tí. B'fhéidir gur ceist í sin don Roinn Dlí agus Cirt ach tabharfaidh mé sampla amháin i gcás na Gaeilge. Tá Bille os ár gcomhair anois, an Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2023. Tá 700 leathanach ann agus tá dualgais ar leith maidir le comhshaol, na bóithre agus scéimeanna eile. Níl aon dhualgais ar leith ann maidir leis an nGaeilge, mar a fheictear dom féin agus do dhaoine eile. Bhí na daoine a luaigh é sin spéisiúil. Is é sin an saghas ruda atáim ag díriú isteach air anseo. Níl mé ag iarraidh go mbeadh oifig an choimisinéara ag trácht ar an mBille áirithe seo. An é seo an cineál ruda a bheidh i gceist? An mbeidh oifig an choimisinéara ag féachaint air agus, ansin, ag ardú na ceiste faoi? An féidir le gach uile Theachta agus Sheanadóir féachaint air sin agus impí ar Aire athrú poirt a dhéanamh?

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an gceist sin. Thagair mé níos luaithe do réimsí den saol atá criticiúil d’aon phobal. Luaigh mé roinnt samplaí, ar nós cúrsaí oideachais agus cúrsaí pleanála. Tá forálacha suntasacha san Acht Oideachais agus san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Baineann siad le cosaint na Gaeilge i gcás an Achta Oideachais. Tá cur chun cinn na Gaeilge go náisiúnta agus an dátheangachas luaite go soiléir ansin. Luaitear freisin cosaint na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Ansin, leagtar béim ar sheirbhísí tacaíochta do mhic léinn trí mheán na Gaeilge. Bheadh ról againn breathnú ar na forálacha suntasacha sin sa chomhthéacs agus sa chaoi ina bhfuil siad á gcomhlíonadh maidir le réimsí atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Ó thaobh cúrsaí pleanála de, tuigimid go bhfuil treoirlínte nua le heisiúint ag an Aire maidir leis an tslí ina bhfuil an fhoráil atá san Acht 2000, a leasaíodh in 2010, maidir le cosaint oidhreacht theangeolaíoch agus chultúir na Gaeltachta á chur i bhfeidhm.

Chonaiceamar sampla praiticiúil in obair na hoifige le gairid maidir leis na nósanna imeachta a bhíonn ag comhairlí contae, comhairle contae amháin go háirithe. Tá sé leanúnach, ámh, san áit ina mbíonn bearnaí nó easpa leanúnachais sa chóras agus sna nósanna imeachta maidir le staidéir tionchair teanga, mar shampla, agus an chaoi ina dhéantar anailís ar an gcumas teanga, lena dhéanamh cinnte de go bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag pobal na Gaeilge ó thaobh nósanna imeachta de.

Tá ceist níos leithne ann mar go luaigh an Cathaoirleach cúrsaí comhshaoil taobh istigh den phróiseas pleanála. Luaigh sé freisin na cearta teanga taobh amuigh de na nósanna imeachta atá ann do phobal na Gaeltachta nuair atá siad ag lorg cead pleanála. An bhfuil tuilleadh soiléirithe de dhíth? An bhfuil sé léirithe gur féidir é seo a dhéanamh ar mhaithe leis an bpobal teanga atá sa Ghaeltacht a chaomhnú? Mar sin, tá cumhachtaí breise ann agus feicim go mbeidh mé á n-úsáid go straitéiseach le breathnú ar earnálacha náisiúnta atá criticiúil don todhchaí trí chéile.

Mar a dúradh níos luaithe, tá an Stát ag cur go leor seirbhísí - ar nós seirbhísí teileafóin agus ar líne - ar fáil do ghnóthaí leis an caidreamh atá ag an bpobal leis an Stát a bhainistiú. Ansin, tá na cearta teanga atá greanta sa reachtaíocht in earnálacha ar nós cúrsaí oideachais agus cumarsáide. Tá clár tosaíochtaí le leagan amach agam don bhliain seo chugainn maidir leis na cumhachtaí nua atá agam mar Choimisinéir Teanga. Tá súil agam go dtreiseoidh siad go mór na cumhachtaí reatha ar nós na n-imscrúduithe agus gearáin a fhiosrú, agus go mbeimid in ann breathnú ar chásanna straitéiseacha a chabhróidh agus a leagfaidh amach na bearnaí nó cé chomh héifeachtach is atá an soláthar reatha sna réimsí sin agus i réimsí eile.

Tá mé coinsiasach maidir le hacmhainneacht na hoifige. Nuair a thabharfaimid faoi na cásanna sin, beidh taighde agus mionscagadh le déanamh. Tá sé tábhachtach go mbeidh an toradh soiléir. Ní féidir réamhbhreithiúnas a thabhairt ar thoradh, ar ndóigh, i roinnt próisis fiosraithe reachtúla ach go leagfaidh an taighde agus an mionscagadh amach go soiléir an chaoi ina bhfuil an earnáil sin agus na cearta teanga atá á bhfeidhmiú san earnáil, bíodh sin go náisiúnta nó sa Ghaeltacht.

Is í sin an chaoi a shamhlaím go mbeadh na cearta faireacháin, mar shampla, a bhéas agam, á chur i bhfeidhm.

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga.

Maidir leis an gcomhartha sin, an rud a bhí i gceist ná cur in iúl do dhaoine fanacht amach as an áit. An rud a bhí scríofa i mBéarla ná “keep clear” agus an t-aistriúchán a cuireadh air, thuas ar fhógra de chuid an OPW, ná “coinnigh soiléir”.

Rí-shoiléir.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Is léir go ndeachaigh duine éigin i dtuilleamaí acmhainn ríomhaistriúcháin nó cinnte droch-chaighdeán aistriúcháin. Tá an dúshlán sin ann. Mar a luaigh an Teachta, is foráil sheanbhunaithe atá ann i gcúrsaí comharthaíochta. Tá obair mhór le déanamh go fóill ó thaobh na feasachta chun an reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Tá an teanga ar na comharthaí tábhachtach, go háirithe don phobal atá ag dul i dtreo na teanga a fhoghlaim, gan trácht ar phobal na Gaeltachta agus mar sin de. Tá go leor den sciar de na gearáin atáimid ag fáil, 20 bliain théis bunú na reachtaíochta, dírithe ar chomharthaíocht go fóill.

Tá samplaí maithe ann áfach. Tá obair mhór déanta ag an DAA in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus déanann daoine tráchtaireacht dearfach air sin. Tá tionchar aige ar chuile dhuine, strainséirí agus muintir na hÉireann araon. Tá dea-shamplaí ann. Bhí toradh ar an reachtaíocht ach cuireann sé iontas orm i gcónaí cén chaoi gur féidir le daoine praiseach a dhéanamh de rud simplí.

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Luaigh an Teachta an láraonad aistriúcháin níos luaithe. Ach an oiread leis an gcur síos a rinne muid ar chúrsaí fógraíochta agus an tseirbhís lár, tá buntáiste ann don phobal ó thaobh deiseanna fostaíochta, agus don chomhlacht poiblí freisin, go bhfuil siopa ilsheirbhíse ann a bheadh in ann a chinntiú go bhfuil an caighdeán á chur ar fáil. Caithfidh sé tarlú taobh istigh den chomhlacht poiblí féin agus ansin caithfidh feasacht a bheith ann faoi cá bhfuil an tseirbhís ar ardchaighdeán i gcás an aistriúcháin. Tá teacht le chéile agus comhoibriú ag teastáil ó na húdaráis éagsúla a bhfuil freagracht orthu i leith na Gaeilge go náisiúnta.

Bhí síneadh le chur le foirgneamh na Roinne sna Forbacha, áfach, ach cuireadh críoch leis. Bhí aonad bunaithe ann agus cuireadh ar ceal é nuair a bhí na ciorraithe ann. Is trua sin. An mbeadh an coimisinéir ar aon tuairim nach dochar ar bith a bheadh ann, agus go n-éascódh sé a chuid oibre, dá mbeadh a leithéid d’aonad athbhunaithe ag an Stát?

Mr. Séamas Ó Concheanainn

Is rud é cinnte gur fiú breathnú air.

Is fiú.

Tá deireadh tagtha leis an díospóireacht agus cuirfimid clabhsúr leis an ábhar seo inniu. Gabhaim buíochas leis na finnéithe: Séamas Ó Concheanainn, Órla de Búrca, agus Eibhlín de Paor. Mo mhíle buíochas leis an gCoimisinéir Teanga agus comhghairdeas leis arís. Go n-éirí go geal leis. Má tá cabhair ar bith gur féidir leis an gcoiste a thabhairt dó, is cóir muid a chur ar an eolas agus déanfaimid gach iarracht. Glacaim leis go mbeimid ag buaileadh le chéile arís sar i bhfad.

Toisc gurb é seo an cruinniú deireanach roimh na Nollag, gabhaim buíochas leis an bhfoireann agus leis na comhaltaí a bhíonn ag freastal ar na cruinnithe. Gabhaim buíochas freisin leis an bhfoireann taifid, an lucht féachana, agus dár ndóigh le lucht an preasa, agus go háirithe le Seán Ó Catháin, Leah O'Neill, agus Eoghan Ó Cruadhlaoich a bhíonn ag cuidiú liom agus a dhéanann mo jab níos éasca agus mé anseo. Go n-éirí go geal libh ar fad um Nollaig agus guím athbhliain faoi mhaise oraibh ar fad.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 3.54 p.m. go dtí Dé Luain, an 15 Eanáir 2024.
Barr
Roinn