Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 7 Feb 2024

Tháinig an Comhchoiste le chéile ag 01:30 p.m.
The Joint Committee met at 01:30 p.m.
Comhaltaí a bhí i láthair / Members present:

Teachtaí Dála / Deputies

Seanadóirí / Senators

Catherine Connolly

Lorraine Clifford-Lee

Joe McHugh

Seán Kyne.

Aindrias Moynihan

Marc Ó Cathasaigh

Ruairí Ó Murchú.

Teachta / Deputy Aengus Ó Snodaigh sa Chathaoir / in the Chair.

Tá an cruinniú seo ar siúl i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais. Is gnáthchruinniú den choiste atá i gceist. Tá cúig Theachta Dála san iomlán i láthair agus beirt Seanadóirí: na Seanadóirí Kyne agus Clifford-Lee. Beidh an Teachta Aindrias Moynihan ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil agus tá na Teachtaí Marc Ó Cathasaigh, Ruairí Ó Murchú agus Catherine Connolly, agus mé fhéin, inár suí anseo i seomra coiste 4.

Tá dhá sheisiún againn inniu chun breathnú ar úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta. Tá finnéithe inár gcuideachta sa chéad seisiún thar cheann Meta agus TikTok agus leanfaimid ar aghaidh go dtí 3 p.m. más ga. Cuirfear tús leis an dara sheisiún ar 3.15 p.m. nuair a dhéanfaidh an comhchoiste breathnú ar an ábhar céanna le finnéithe thar ceann Coimisiún na Meán. Más gá, leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Barry Ward.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú, agus roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Cuirim fáilte freisin roimh Susan Moss, ceann beartais phoiblí thar ceann TikTok, agus Dualta Ó Broin, ceann beartais phoiblí in Éirinn thar ceann Meta. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanaim ar aghaidh le hábhar an lae inniu - úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta - tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagann faoi bhráid na comhaltaí, na baill foirne agus na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'finnéithe agus do bhaill foirne a cinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin má tá siad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar ard na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Agus an méid sin ar fad ráite, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Iarraim anois ar Susan Moss ráiteas tosaigh that ceann TikTok a roinnt linn, lena toil.

Ms Susan Moss

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh freastail agus cur leis an bplé seo faoi úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta. Is mise an ceann beartais phoiblí ag TikTok in Éirinn. Tá ról tábhachtach ag na meáin shóisialta maidir le cuidiú le húsáid ár dteanga dhúchais a chur chun cinn agus a chothú inár saol laethúil. Nuair a chastar air fón, is féidir teacht ar réimse leathan cruthaitheoirí a labhraíonn Gaeilge go laethúil ar TikTok. Mar chúlra, rinneamar infheistíocht in Éirinn den chéad uair in 2019 agus táimid ag cur fás lenár gcuid oibríochtaí i gcónaí le róil éagsúla ag fostaithe agus is údar bróid dúinn é go bhfuil os cionn 20 Gaeilgeoirí ag obair inár bhfoireann iontaobhais agus sábháilteachta. Is foinse siamsaíochta agus saibhrithe é TikTok, áit a bhféadfaí teacht ar rudaí nua, a bheith cruthaitheach agus ceangal a dhéanamh le daoine eile ar fud an domhain. Is é an misean atá againn ná cruthaitheacht a spreagadh agus gliondar a chur ar dhaoine. Ardán is ea TikTok inar féidir le daoine teacht ar ábhar atá oideachasúil agus siamsúil araon - bíodh sé sin ag foghlaim Gaeilge le múinteoir Gaeilge_Bheo nó ag moladh leabhair Ghaeilge trí #LeabharTok.

Tá níos mó ná 2 mhilliún duine i bpobal TikTok in Éirinn agus táimid bródúil as ár n-ardán a chur ar fáil i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine óga ábalta an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil. Inniu, tá os cionn 230 milliún radharc domhanda faighte ag haischlib #Gaeilge ar TikTok. Le pobal chomh mór sin, is gá timpeallacht shábháilte iontaofa a chur ar fáil. Chun ár n-ardán a choinneáil mar thimpeallacht shábháilte iontaofa, tá gá le léiriú cruthaitheach a chothromú agus dochar a chosc. Maidir le heolas faoinár gcuid oibre a chuirtear ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge, áirítear leis sin, mar shampla, ár dtreoirlínte pobail a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Chuamar i gcomhpháirtíocht le déanaí le Conradh na Gaeilge a bhfuil rochtain acu ar chainéal tiomnaithe formhéadaithe. Tá an cainéal sin ar fáil do chásanna ina gcaithfidh siad ábhar a fhormhéadú ar TikTok a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach go díreach ar phobal na Gaeilge.

Tacaímid lenár bpobal ilghnéitheach de chruthaitheoirí Gaeilge trí fheachtais agus trí thionscnaimh, lena n-áirítear an chéad treoirleabhar riamh maidir leis na meáin shóisialta do mhúinteoirí i nGaeilge agus d’fhógraíomar ár gcomhpháirtíocht le Fleadh Cheoil na hÉireann anuraidh, lenar tugadh ceol traidisiúnta na hÉireann go dtí breis agus 3 mhilliún duine ar fud an domhain. Thugamar ár bpobal ilghnéitheach de chruthaitheoirí a labhraíonn Gaeilge chun suntais trí thionscadail lena n-áirítear Lá Idirlín Níos Sábháilte agus tacóimid le Seachtain na Gaeilge i mbliana. Coinneoidh TikTok ag tacú le cruthaitheoirí a dhéanann ionadaíocht dár bpobal spéise agus a gcuid suimeanna ábhair, rud a tharraingeoidh aird orthu agus a chuideoidh lena bpobal spéise a mhéadú. Táim ag súil le leanúint ar aghaidh ag tógáil ar a bhfuil bainte amach ag TikTok ar mhaithe le pobal na Gaeilge. Beatha teanga í a labhairt. Gabhaim leithscéal leis an gcoiste mar tá roinnt meirge ar mo chuid Gaeilge agus beidh idir Bhéarla agus Ghaeilge á n-úsáid agam agus ceisteanna chomhaltaí an choiste á bhfreagairt agam. Mar chlabhsúr, tá an-áthas orm a bheith anseo inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as féachaint ar na saincheisteanna seo, atá an-tábhachtach.

Casfaimid anois ar Dualta Ó Broin thar ceann Meta, lena thoil.

Mr. Dualta Ó Broin

Go raibh maith ag an gCathaoirleach. Tá mé i mo cheann beartais phoiblí ag Meta in Éirinn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis teacht ós a gcomhair don phlé seo tráthnóna. Sa ráiteas seo, leagfaidh mé amach achoimre ar Meta, agus ansin tabharfaidh mé cúpla sampla don obair nuálach atá ar siúl againn agus conas mar a d’fhéadfadh sé sin deiseanna a chruthú don Ghaeilge. Úsáideann níos mó ná 3.1 billiún duine ceann de na haipeanna atá ag Meta gach lá, d’fhéadfadh gur Facebook, Instagram nó WhatsApp atá i gceist ansin, nó ceann de na táirgí nua, ar nós Threads. Le dhá bhliain anuas, díríodh ar éifeachtúlacht an chomhlachta; is é sin an t-eagras a neartú agus cur lena sheasmhacht. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas díriú ar an dá thosaíocht fhadtéarmacha againn, mar atá: an intleacht shaorga agus an mheiteachruinne - nó tum-theicneolaíocht.

Tá borradh mór tagtha ar an méid airde atá á tabhairt ar intleacht shaorga le thart ar bhliain go leith anuas. Tá roinnt den phlé, mar shampla go bhfuil na meaisíní ar tí ceannasaíocht a ghlacadh ar an domhan, go hiomlán scoite ón réaltacht. Baineann rioscaí le hintleacht shaorga agus caithfear iad sin a aithint agus a bhainistiú ach caithfear a aithint go bhfuil ré nua teicneolaíochta tosaithe agus go bhfuil buntáistí agus tairbhí ollmhóra le teacht aisti don ghnáthdhuine. Níl an teicneolaíocht seo nua. Tá sí in úsáid ag Meta le níos mó ná deich mbliana chun ár gcuid táirgí a choimeád chomh slán agus is féidir. Ceann de na spriocanna atá againn, mar shampla, ná go mbeidh “cúntóir AI” ag gach duine a úsáideann na táirgí atá ag Meta. D’fhéadfadh an cúntóir cabhrú le duine teacht ar ábhar ar leith ar na hardáin, nó cabhrú le duine ábhar cruthaitheach a dhearadh, nó cabhrú le forbróirí agus táirgí dá gcuid féin á ndearadh acu ag baint leas as na bogearraí “foinse oscailte” a chuirimid ar fáil.

Ceann de na húsáideanna is fearr atá á thástáil sna Stáit Aontaithe faoi láthair ná cúntóir a fheiceann agus a chloiseann an rud céanna leatsa tríd na spéaclaí tum-theicneolaíocha Meta-Raybans. Faoi láthair is féidir leat ceisteanna a chur ar an gcúntóir maidir le rudaí bunúsacha - moladh do bhialanna atá gar duit nó ceist maidir le fíricí; cé a bhuaigh Corn Mhig Uidhir i mbliain áirithe, mar shampla - ach samhlaigh dá bhféadfá ceist a chur cá bhfuil eochracha an tí fágtha agat. Ní fada uainn go mbeidh ar chumas an cúntóir a rá le duine go díreach cá bhfuil siad fágtha aige nó aici. Baineann an úsáid seo leis an ngaol atá idir intleacht shaorga agus an tosaíocht eile atá againn: is í sin an mheiteachruinne. Creidimid nach fada uainn an lá go mbeidh gléasanna tum-theicneolaíocha ar nós spéaclaí agus fearais cinn ábalta an obair chéanna atá an fón póca nó an ríomhaire glúine in ann a dhéanamh inniu. I gceann cúpla bliain, ní bheidh ag teastáil ó dhuine ach spéaclaí agus gléas beag eile agus beifear in ann oibriú ó aon áit, ina suí ar an mbus mar shampla amhail is go bhfuiltear istigh san oifig. Ní hamháin sin, ach beidh tú in ann scáileán IMAX príobháideach a fheiceáil aon áit ina bhfuil duine, más mian leis nó léi féachaint ar scannán. An sprioc atá againne ná cé go mbeidh an teicneolaíocht seo ar fáil do dhuine, ní bheidh sé nó sí scoite ón domhan thart air nó uirthi mar go mbeidh sé ag cur le táirgiúlacht cinnte ach beidh sé ag cur go mór leis an taitneamh a bhainfidh daoine as an saol. Mar shampla, d’fhéadfadh sé jab simplí cosúil le treoracha a thabhairt thart ar chathair nua, nó d’fhéadfadh íomhá de threoraí bheith le feiceáil in aice le duine agus í nó é do thabhairt thart ar iarsmalann nó ar dhánlann.

Cén fáth go bhfuilim ag labhairt faoin teicneolaíocht seo leis an gcoiste? Tá sé soiléir go mbeidh tionchar ollmhór ag tum-theicneolaiocht agus intleacht shaorga ar oideachas agus oiliúint. Beidh tionchar drámata dearfach acu ar chaighdeáin oideachais agus cuirfidh siad go mór leis an taitneamh a bhainfidh daltaí as ábhair a fhoghlaim. Faoi láthair is féidir le daltaí i scoileanna aon áit ar domhan bualadh le chéile i seomra ranga samhalta. D’fhéadfadh daltaí ó Bhaile Átha Cliath freastal ar an rang céanna le daltaí Gaeltachta, mar shampla. Ta sé aitheanta go bhfuil sé i bhfad níos simplí cuimhneamh ar conas rud éigin a rá i dteanga eile má tá sé déanta ag an duine seachas suí i rang agus léamh ó leabhar. Ag baint leas as réaltacht fhíorúil, is féidir le daltaí cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht aon am. Má chuirtear ríomhaire glúine mar áis oideachais i gcomparáid le réaltacht fhíorúil, léiríonn taighde Harvard go sealbhaíonn an dara grúpa 16% níos mó den eolas i ndiaidh seachtaine. Le cur leis sin, tá sé cruthaithe ag Harvard agus Carnegie Mellon gur bealach í an réaltacht fhíorúil le cinntiú go méadaítear tuiscint lucht foghlama teanga ar chultúr, rud a chabhraíonn go mór le líofacht agus a bhaineann baic chun naisc dhaonna a chruthú. Léiríonn staidéar ó ollscoil Chuo sa tSeapáin go mbíonn cúthail ar dhaltaí teangacha eile a labhairt ós comhair daoine eile ach ag baint úsáid as an teicneolaíocht seo, baineann sé an bac atá ar dhaltaí agus tá siad ábalta iad féin a chur in iúl gan a bheith buartha faoi cad a cheapfaidh daoine eile. Ta Meta ag obair le Eirmersive, an t-eagras a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthaí tumtheicneolaíocha in Éirinn, mar chuid de ghrúpa oibre ar an tum-theicneolaíocht san oideachas. Tá sé i gceist ag an ngrúpa seo moltaí a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi na bealaí is fearr leis an teicneolaíocht seo a chur i bhfeidhm i suíomhanna oideachais.

Tá súil agam go dtugann an méid atá ráite agam cur amach do na baill ar an obair atá ar siúl ag Meta faoi láthair agus táim ag súil go mór leis na ceisteanna uathu.

Gabhaim buíochas le Dualta Ó Broin. Bhí an óráid sin an-spéisiúil. Cá bhfuil an domhan ag dul? Cá bhfuilimid ag dul? Cúpla bliain ó shin bheinn ag rá nach gcuirfeadh sé as dom mar go mbeinn imithe. Tá an domhan ag athrú chomh tapa sin gur gá dúinn ar fad dul i ngleic leis na hathruithe nó ar a laghad go mbeadh tuiscint againn ar an méid atá ag tarlú. Go háirithe maidir leis an gcoiste seo, cad iad na féidearthachtaí don Ghaeilge agus do phobal na hÉireann i gcoitinne?

Ligfidh mé don Teachta Catherine Connolly ceist a chur ar dtús.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Tosóidh mé le Susan Moss. Cé mhéad duine le Gaeilge atá fostaithe ag an gcomhlacht? Chonaic mé an figiúr áit éigin. An é 20 Gaeilgeoirí? Comhghairdeas le Susan Moss as a cuid oibre agus gabhaim buíochas léi as an ráiteas tosaigh a thug sí. B'fhéidir go gcuirfeadh sí na 20 Gaeilgeoirí sin i gcomhthéacs. An bhfuil líofacht acu, cá bhfuil siad lonnaithe agus céard atá ar siúl acu?

Ms Susan Moss

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly as an gceist sin. Tá os cionn 20 Gaeilgeoirí ag obair inár bhfoireann iontaobhais agus sábháilteacht. Cuirtear tacaíocht ar fáil don Ghaeilge de réir mar is gá. Tá Gaeilgeoirí ann a dhéanann maoirseacht ar obair ár monaróirí ach ní dhéanann siad féin obair na monaróirí. Cinntíonn siad go bhfuil cáilíocht na hoibre go maith, mar shampla. Le bheith soiléir, níl na Gaeilgeoirí atá ag obair in TikTok ag obair i nGaeilge gach lá ach is féidir leo tacaíocht a chur ar fáil as Gaeilge nuair is gá.

Gabhaim buíochas. Ní thuigim é sin. Níl siad ag obair le TikTok ach ag obair go neamhspleách, an ea?

Ms Susan Moss

Gabh mo leithscéal?

Níor thuig mé an freagra. Tá 20 Gaeilgeoirí ann. An bhfuil siad fostaithe ag TikTok?

Ms Susan Moss

Tá siad.

Tá siad go hiomlán. Maidir leis an saghas oibre a dhéanann siad, nuair is gá, déanann siad obair ó thaobh cúrsaí sábháilteachta de, an ea?

Ms Susan Moss

Tá foirne iontaobhais agus sábháilteacht ann, trust and safety teams.

I gcomhthéacs na bhfoirne, cén céatadán den fhoireann atá i gceist le 20 Gaeilgeoirí?

Ms Susan Moss

Tá 3,000 ball foirne fostaithe ag TikTok In Éirinn.

As 3,000 duine, tá 20 duine aimsithe le Gaeilge.

An é 20 as 3,000 nó an bhfuil 20 Gaeilgeoirí díreach san fhoireann iontaobhais? Is é sin, an bhfuil foirne difriúla ann?

Ms Susan Moss

Inár bhfoireann iontaobhais agus sábháilteachta.

Cé mhéad duine atá ag obair san fhoireann iontaobhais?

Ms Susan Moss

Three quarters of the 3,000 work in trust and safety.

An bhfuil plean Gaeilge nó oibre ag an gcomhlacht, go háirithe maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla? Tá tús maith curtha ag an gcomhlacht mar níl sé ag feidhmiú ach ó 2019. Cad é an plean atá ag an gcomhlacht chun méadú a chur le líon na nGaeilgeoirí?

Ms Susan Moss

For context, tá líon na ndaoine a úsáideann Gaeilge ar TikTok beag. The correlation between Gaeilgeoirí working in the company and the number of people using TikTok in Irish is relative.

Tuigim. Cloisim an argóint sin go minic anseo ó thaobh éilimh de, is é sin nach bhfuil aon éileamh ach ní chreidim é sin. Is tír dhátheangach muid. Tá suim agam agus tá dul chun cinn déanta ag an gcomhlacht, ach ó thaobh plean teanga de sa todhchaí, cad atá i gceist ag an gcomhlacht?

Ms Susan Moss

For the company or for the product?

Ms Susan Moss

Mar shampla, cuirimid TikTok ar fáil i nGaeilge agus is féidir le duine an teanga is fearr leo a roghnú, agus is é sin an dóigh is féidir linn tacú leis an nGaeilge. Tá an tseirbhís á cur ar fáil i nGaeilge chun go mbeidh rogha ag ár gnáthúsáideoirí. Mar shampla, tacaíonn comhéadan TikTok leis an nGaeilge. Déantar na fotheidil uilig a aistriú go Gaeilge go huathoibríoch. B'infheistíocht shuntasach airgeadais í an Ghaeilge a chur isteach i seirbhís TikTok.

Rachaidh mé ar ais go dtí mo cheist maidir le plean teanga agus Gaeilge as seo amach. Cad iad na baic agus na fadhbanna atá feicthe ag TikTok agus cén anailís atá déanta ag an gcomhlacht ó thaobh éileamh maidir leis an nGaeilge de? Cén plean atá ag an gcuideachta dul i ngleic leis na dúshláin sin?

Ms Susan Moss

Again, I assume the question is relative to employees as opposed to the platform.

Is é an dá rud, i ndáiríre-----

Ms Susan Moss

There are two different strategies.

Is é sin go díreach é agus ní saineolaí mé, a bheag ná a mhór, ach an bhfuil Gaeilge a éascú ina húsáid ar an ardán agus a chur chun cinn maidir le cúrsaí sábháilteachta freisin?

Ms Susan Moss

Maidir le tionscnaimh, táim ag cinntiú go gcuirtear ár bhfeachtais áitiúla ar bun as Gaeilge i mbliana, mar shampla. Tá an tIdirlíon níos sábháilte an tseachtain seo. Tugaimid creidiúintí fógraíochta d'eagraíochtaí Gaeilge. We are providing advertising credits to Irish-language organisations whose principal purpose is the promotion of the Irish language.

Sa chomhthéacs sin, tá TikTok ag obair le Conradh na Gaeilge. An féidir le Susan Moss tuilleadh sonraí a thabhairt dúinn ó thaobh na comhpháirtíochta sin de?

Ms Susan Moss

Chuamar i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge a bhfuil rochtain aige ar chainéal tiomnaithe formhéadaithe. Tá an cainéal sin ar fáil do chásanna ina gcaithfidh sé ábhar a fhormhéadú ar TikTok a d'fhéadfadh a bheith ag cur isteach go díreach ar phobal na Gaeilge. This is a community partner channel and if Conradh na Gaeilge observes any issues impacting on the Irish-speaking community, it can escalate that to TikTok.

Tá an dualgas ar Chonradh na Gaeilge agus déanann an eagraíocht sin monatóireacht, an é sin é?

Ms Susan Moss

To be clear again, tá 20 Gaeilgeoirí ag obair inár bhfoireann iontaobhais agus sábháilteachta. If it is the case where we may miss some content which is affecting the Irish-language community, Conradh na Gaeilge can bring that to our attention.

Ms Susan Moss

That is in a very last case scenario.

Tuigim, agus an bhfuil aon rud eile i gceist leis an gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge?

Ms Susan Moss

Yes, that is great question. Freagróidh mé an cheist seo i mBéarla. For example, Conradh na Gaeilge has been excellent in presenting to us some language inaccuracies on the platform and we have implemented some of its recommendations very recently to ensure the accuracy of the platform is to its specification.

Maidir leis an creative fund, an bhfuil mórán éileamh ó thaobh cruthaitheoirí as Gaeilge?

Ms Susan Moss

I would need to come back to the Deputy on that point. I would not have the number. Tá brón orm nach bhfuil uimhir chruinn agam.

Tá sin ceart go leor ach bheadh suim agam sa ghné sin. B'fhéidir go mbeadh sí in ann teacht ar ais chuig an gcoiste agus an gCathaoirleach ó thaobh na bhfigiúirí de.

Ms Susan Moss

Bheinn.

Tá an fund seo thar a bheith tábhachtach chun ábhar a chruthú as Gaeilge ach níl aon sonraí ag Susan Moss ina leith léi.

Díreoidh mé mo cheisteanna anois ar Dhualta Ó Broin. Ní mór dom a rá, i dtús báire, gur léigh mé é seo agus gur phléasc mé amach ag gáire sa mhéid is gurbh fhís í seo den todhchaí. Ní dóigh liom go mbaineann sé le fís mar ní ionann an dá rud atá curtha in iúl anseo. Chuir cuid den rud atá scríofa ag Dualta Ó Broin anseo eagla orm, i ndáiríre ní mór dom a rá, mar ní ionann an dá rud, is é sin an Ghaeilge a chur chun cinn, an domhan fíorúil agus a bheith ag freastal ar an nGaeltacht nó gan a bheith ag freastal ar an nGaeltacht. Ba mhaith liom é sin a rá go neamhbhalbh. Léigh mé é cúpla uair agus bhain an chaoi a bhfuil an todhchaí leagtha amach aige anseo stangadh asam, i ndáiríre. Is dócha go bhfuil lón machnaimh agus cúis díospóireachta ag teastáil go géar maidir leis an rud atá leagtha amach anseo.

Ligfidh mé do Dualta Ó Broin freagra a thabhairt ach is dócha gurb é an rud atá déanta aige anseo ná cur i láthair ó thaobh Meta de agus na deiseanna a bhféadfadh le Meta a bhaint as an nGaeilge sa todhchaí, ach níl an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach atá sásúil.

Ligfidh mé do Dualta Ó Broin teacht isteach. Tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna.

Mr. Dualta Ó Broin

Táim sásta roinnt de na ceisteanna atá pléite ag an Teachta a chlúdach. Ní aontóinn léi nach bhfuil deiseanna anseo don Ghaeilge. Tá roinnt den staidéar idirnáisiúnta curtha isteach agam sa ráiteas ach léiríonn an staidéar ar fad go bhfuil deiseanna as cuimse sa réaltacht fhíorúil do bhuanú agus seilbh na teanga. Is ceann de na haidhmeanna atá againn ná oibriú amach conas gur féidir an teicneolaíocht a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Táim ag rá gurb é seo an áit ina bhfuil an teicneolaíocht ag dul. Tá sé aitheanta go hidirnáisiúnta go bhfuil buntáistí anseo ó thaobh teangacha a fhoghlaim. Is léir dom go bhfuil deis anseo don Ghaeilge má tá daoine ábalta é a thapú, mar shampla, ó thaobh an plean digiteach don Ghaeilge, fiú go bhfuil an plean sin cúpla bliain taobh thiar den mhéid atá anseo.

B'fhéidir gur chuir mé é i mbealach mícheart. Baineadh stangadh asam leis an bhfís atá anseo. B'fhéidir go rachaidh mé ar ais le ceisteanna. Céard é líon na foirne atá ag Meta ó thaobh na Gaeilge de?

Mr. Dualta Ó Broin

Sa tuairisc fhollasachta de chuid an DSA, sonraíodh go bhfuil 42 ball foirne ar an bhfoireann iontaobhais a bhfuil ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.

An gcuirfidh Dualta Ó Broin é seo i gcomhthéacs an líon foirne ar fad?

Mr. Dualta Ó Broin

Léiríonn an tuairisc sin go bhfuil clúdach i bhfad níos mó ar an nGaeilge ná mar atá ar theangacha eile de chuid na hEorpa ach ní léiriú é sin ar an méid oibre gur gá a dhéanamh trí Ghaeilge ach díreach go bhfuil an cumas sin ag an líon sin den fhoireann.

As cén uimhir atá an 42? Níl an figiúr agam ó thaobh na foirne de.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá 40,000 ag obair ar iontaobhas go domhanda.

Cén líon acu atá in Éirinn?

Mr. Dualta Ó Broin

In Éirinn, tá thart ar 2,000 duine fostaithe go díreach againn. Cé gurb é an fhoireann iontaobhais ceann de na foirne is mó, nílim cinnte faoin bhfigiúr sin. Tá i bhfad níos mó ná 42 in ann Gaeilge a labhairt.

Tuigim. Is é sin an figiúr atá aitheanta mar Ghaeilgeoirí.

Mr. Dualta Ó Broin

Níl a fhios agam an bhfuilim compordach leis an teideal "Gaeilgeoirí" ach tá sé ar a gcumas a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.

Cén chaoi a bhfuil a fhios ag Meta é sin?

Mr. Dualta Ó Broin

Tá siad in ann é a dhéanamh nó níl. Tá sé mar an gcéanna le haon teanga eile.

An bhfuil sé mar phríomhrud nuair a bhíonn agallaimh ann ó thaobh daoine a fhostú?

Mr. Dualta Ó Broin

Déanfaimid cinnte de go bhfuil clúdach againn ar na teangacha ar fad is gá. Is féidir é sin a athrú ó am go chéile. Mar shampla, le cúpla bliain anuas tá i bhfad níos mó tóra ar dhaoine a labhraíonn Úcráinis nó Rúisis toisc an mhéid ábhair sna teangacha sin.

Déanann an 42 monatóireacht, an ea?

Mr. Dualta Ó Broin

No. Má thagann ceisteanna Gaeilge nó ábhar i nGaeilge chun cinn, tá siad in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.

An mbíonn siad gafa le Gaeilge i gcónaí nó an mbíonn-----

Mr. Dualta Ó Broin

No.

Tá réimse leathan oibre i gceist agus cuid de i nGaeilge.

Mr. Dualta Ó Broin

Yes. Tá siad ar fáil má thagann ceisteanna Gaeilge chun cinn.

Cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge? Cé chomh gnóthach atá siad leis an nGaeilge?

Mr. Dualta Ó Broin

Ní dhéanaimid monatóireacht ar an méid Gaeilge nó an méid d'aon teanga eile a labhraítear ar na hardáin. Is ceann de na príomhphointí a bheadh agam é sin. Is é an rud a dhéanaimid ná na hardáin a chur ar fáil agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil siad ag oibriú chomh héifeachtach agus gur féidir leo ionas gur féidir le haon duine aon teanga a úsáid orthu.

Maidir leis an gcúntóir AI, is téarma nua dom é "intleacht shaorga". An mbeadh sé roghnach ag daoine?

Mr. Dualta Ó Broin

Yes.

Dá mbeinn ag úsáid an t-ardán sin agus ag iarraidh fáil réidh leis an gcúntóir, beidh sé roghnach.

Mr. Dualta Ó Broin

Nílimid chun iachall a chur ar dhaoine rud a úsáid.

Tuigim ach táim ag iarraidh é a oibriú amach. Beidh sé roghnach. Dúirt Dualta Ó Broin go mbeidh tionchar drámatúil dearfach acu ar chaighdeán na Gaeilge.

Mr. Dualta Ó Broin

Ba "ar chaighdeáin oideachais" an méid a dúirt mé.

Cad mar gheall ar chúrsaí bradaíola?

Mr. Dualta Ó Broin

Tá brón orm; cad a chiallaíonn "bradaíl"?

Ciallaíonn sé stealing nó a bheith ag baint mí-úsáid as foinsí.

Mr. Dualta Ó Broin

Le haon teicneolaíocht nua, tá deiseanna ann mí-úsáid a bhaint as. Faoi láthair, táimid ag cinntiú go bhfuil na polasaithe agus an teicneolaíocht ann chun cosc a chur air seo ón tús. Is é an botún a dheineadh leis na meáin shóisialta ná gur fhás siad as cuimse le 20 bliain agus, ansin, deineadh iarracht na rudaí a chur ar ais sa bhosca. Tá deis againn anois cinnte a dhéanamh go bhfuil gach rud i gceart ón gcéad lá.

Cé atá ag déanamh monatóireachta ar an nGaeilge má tá rud mícheart nó crochta nó mar sin?

Mr. Dualta Ó Broin

Tá 40,000 duine ag obair chun na hardáin a choimeád chomh slán agus is féidir ach, anuas air sin, tá intleacht shaorga agus aicmitheoirí, nó classifiers, in úsáid againn le thart ar deich bliana anuas. Tá siad ag déanamh monatóireachta ar aon rudaí míchuí ar na hardáin an t-am ar fad. Aimsíonn siad rudaí mar sin agus tógann siad síos iad nó cuireann siad iad chuig daoine chun féachaint orthu. Ní féidir liom a rá go díreach cé atá á ndéanamh. Is ábhar míchuí é.

Nuair a bhí Susan Moss ag caint, dúirt sí go ndéanann TikTok monatóireacht agus, chomh maith leis sin, go bhfuil sé i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge chun tuilleadh cabhrach a fháil. An bhfuil aon rud mar sin i gceist ag Meta?

Mr. Dualta Ó Broin

Níl. Má tá aon fhadhb ag Conradh na Gaeilge, táim ar fáil chun labhairt leis. Ní heol dom go bhfuil aon fhadhb aige linn. Tá aithne agam air agus tá aithne aige orm.

Ceapaim go bhfuil gá le díospóireacht eile faoi seo. Thosaigh mé leis an bhfís agus, mar a dúirt mé, nílim honestly róthógtha leis. Bhí sé de phribhléid agam obair i róil éagsúla agus táim ag breathnú air seo mar iar-shíceolaí. Tá sé ag caint faoi dhaoine cúthalacha nach bhfuil dóthain muiníne acu labhairt trí Ghaeilge agus deirtear go mbeadh sé i bhfad níos éasca dóibh an t-ardán atá ag Meta a úsáid agus a bheith ag caint le ríomhaire agus, ansin, go mbeadh níos mó muiníne acu. Is sampla é sin atá tugtha san aitheasc.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá sé sin fíor.

Tá sé fíor ó thaobh Meta de. Ó thaobh daoine a spreagadh le muinín, ní dóigh liom gurb é sin an bealach ceart. Is uimhir a haon é sin. Ansin, tá taighde ó Harvard agus Carnegie Mellon luaite. Níl aon nótaí faoin taighde sin.

Mr. Dualta Ó Broin

Cuirfidh mé ar aghaidh chuig an Teachta iad.

Go raibh maith agat ach níl siad ann. Is dócha gur suim atá ag Meta atá i gceist seachas úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun saibhreas na Gaeilge a chinntiú agus a chothú agus muinín a spreagadh. Ceapaim gur a mhalairt atá i gceist, is é sin, úsáid a bhaint as daoine chun Meta nó platform eile, b'fhéidir TikTok, a chur chun cinn. Is é sin mo thuairim tar éis é a léamh.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá an Teachta ag teacht chuige sin ar uillinn ar leith. Is é an rud atá ráite agam ná gurb é seo an teicneolaíocht ar a bhfuilimid dírithe. Tá muidne agus daoine eile chun an teicneolaíocht seo a thógáil. Sa ráiteas, táim tar éis cúpla sampla a lua. Nílimid dírithe ar iad a chur in áit ach is samplaí iad de na rudaí go bhféadfaí a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Nílim ag rá gurb é sin an fhís chríochnúil atá againn don Ghaeilge. Tá Meta dírithe ar an teicneolaíocht a thógáil. Is faoi dhaoine eile a shocrú conas atá siad chun úsáid a bhaint aisti. Ó thaobh an chleachtais sin agus daoine a bheith cúthail, níl a fhios agam an bhfuil an Teachta tar éis triail a bhaint as réaltacht fhíorúil í féin ach tá fáilte roimpi teacht síos go Droichead na Dothra agus é a thástáil. Tá sé amhail is a bheith i seomra le duine eile agus ag labhairt leis nó léi.

Tá neart ama tógtha agam le ceisteanna ach ní aontaím le Dualta Ó Broin. Is deis é seo chun fís ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn ach is é an rud atá feicthe agam ná cúrsaí teicneolaíochta á gcur chun cinn. Tá sé sin ráite agam agus nílim chun é a rá arís. Fiú ó thaobh an sampla de dhuine a bheith ag obair ar an mbus, beidh an duine sin scoite amach ón domhan agus tá Meta ag rá nach mbeidh. Beidh sé nó sí ansin lena ríomhaire agus fearas cinn ach ní bheidh sé nó sí scoite amach ón domhan. Ba mhaith liom teicneolaíocht a úsáid chun an Ghaeilge a shaibhriú agus a chur chun cinn agus chun muinín a spreagadh. Is é a mhalairt a fheicim.

Mr. Dualta Ó Broin

Is é an rud atá déanta agam ná an obair atá ar siúl ag Meta a leagan amach. Táimid chun an teicneolaíocht seo a chur chun cinn. Is é an fhís atá againn ná go mbeidh tú in ann an rud gur féidir a dhéanamh leis an bhfearas cinn inniu a dhéanamh ar na spéaclaí sin. Ní bheidh tú dúnta amach ón domhan. Tá seans nach don Teachta é nó nach bhfuil aon spéis aici ann. Tá sé sin go breá.

Nílim ag caint fúm féin. Táim ag smaoineamh ar cé chomh deacair atá sé cúrsaí a chur ar fáil sa Ghaeltacht, daoine a mhealladh agus maoiniú a chur ar fáil. Is é an réiteach atá ag Meta ná é a dhéanamh go fíorúil.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá an Teachta ag cur i mo leith go bhfuilim ag iarraidh daoine a tharraingt i dtreo éigin. Táim ag leagan amach an teicneolaíocht ar a bhfuil Meta ag obair. Táim ag tabhairt samplaí de na cineálacha bealaí ina bhféadfaí é a úsáid. Is faoi dhaoine eile a bheidh sé a rá go mba chóir do dhaltaí aon rud a dhéanamh. Nílim chun áit an Roinn Oideachais nó Roinn na Gaeltachta a thógáil.

B'fhéidir é. Tá gá le tuilleadh díospóireachta ach, ó thaobh na físe atá anseo, ní hionann an Ghaeilge a chur chun cinn agus an teicneolaíocht a chur chun cinn. B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais le díospóireacht eile lá éigin eile.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus cuirim fáilte rompu. Táim ag iarraidh cúpla rud a shoiléiriú. Tá na hardáin seo uilig, Facebook, Instagram, Threads agus TikTok, curtha ar fáil as Gaeilge. Níl fadhb ar bith leis sin.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá brón orm ach níl Instagram ná Threads ar fáil trí Ghaeilge. Tá WhatsApp agus Facebook.

An mbeidh siad?

Mr. Dualta Ó Broin

D'fhéadfaí féachaint air. Níl aon bhac ar aon duine Gaeilge a úsáid orthu.

Tá a fhios agam é sin. Nílimid ag caint faoi-----

Mr. Dualta Ó Broin

Leanaim iliomad cuntas le Gaeilge ar Instagram.

-----mhórán athraithe chun é sin a dhéanamh maidir leo.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá Instagram agus Threads teoranta ó thaobh na teangacha ina bhfuil siad ar fáil faoi láthair. Tá seans ann go n-athróidh sé sin.

Níl fadhb ar bith agam leis sin. Tá acmhainní go leor ag Meta chun é sin a dhéanamh. Dúirt Susan Moss go bhfuil TikTok ag déileáil le Conradh na Gaeilge maidir leis an gcruinneas atá de dhíth agus a leithéid. Bhí cuid mhór cainte cheana féin maidir leis na háiseanna foghlama faoina bhfuil Dualta Ó Broin ag caint. Táimid ag caint faoi na rudaí a úsáideann Babbel agus a leithéid, giotaí beaga. Tá apps ag baint úsáid as AI faoi choinne cruinnis. Níl fadhb ar bith leis sin. Táimid ag caint faoi áiseanna foghlama a úsáideann daoine le dul go dtí an Ghaeltacht agus a leithéid. Nílimid cinnte faoina bhfuilimid in ann a dhéanamh maidir leis an teicneolaíocht. Tá sé an-spéisiúil. Tá cuid mhór imní orainn faoi chuid mhór dó ach is é sin an domhan ina bhfuilimid inár gcónaí.

Baineann an cheist atá agam leis na algorithms. Tá a fhios againn na deacrachtaí atá ann. Tá daoine in ann iad a weaponise - de cheal focal níos fearr - agus tá deacrachtaí maidir le food disorders agus a leithéid agus maidir le reinforcement. Tá ceist agam maidir leis na algorithms agus an Ghaeilge ach táim ag caint faoi na algorithms ó thaobh na fadhbanna atá ann maidir le disinformation agus a leithéid, go háirithe nuair a bhíonn bad actors - nílim cinnte faoin bhfocal Gaeilge - ann, idir state agus non-state.

Mr. Dualta Ó Broin

Ar fhaitíos na bhfaitíos go gceapann daoine go bhfuilim ag rá nár chóir d'aon duine cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht níos mó agus gur féidir leo ríomhairí a úsáid-----

Tá a fhios agam é sin.

Mr. Dualta Ó Broin

Táim ag rá gur féidir leis an teicneolaíocht seo cur leis na rudaí atá ar bun. Tugaim cuairt ar an nGaeltacht go minic mé féin. Ó thaobh ábhair mhíchuí agus a leithéid, tá dul chun cinn áirithe déanta ag an Eoraip maidir le rialacha nua a thabhairt isteach. Tá an DSA istigh ó mhí Lúnasa seo caite do na hardáin is mó agus beidh sé istigh do gach duine i mí Feabhra. Tá Coimisiún na Meán bunaithe ag Éirinn agus tógfaidh sé ról lárnach i gcur i bhfeidhm an DSA. Tá ról eile ag Coimisiún na Meán maidir le reachtaíocht i bhfad níos sine, is é sin-----

Tá ceisteanna ann go fóill maidir leis na flaggers agus achan rud eile.

Mr. Dualta Ó Broin

Is é an rud atáim ag iarraidh a leagan amach ná go bhfuil rialacha i bhfeidhm. Ó thaobh recommenders systems, tá rialacha ar leith sa DSA maidir leis sin. Caithfear na rioscaí a bhaineann leo a aithint agus a mhíniú agus próiseas a chur in áit chun na rioscaí sin a mhaolú. Chomh maith leis sin, tá rudaí eile a bhí istigh againn sular tháinig an DSA isteach. Mar shampla, is féidir iad a mhúchadh agus just an feed a fheiscint amhail go bhfuil tú ag féachaint ar an gcló seachas ar rud éigin atá roghnaithe ag an gcóras duit. Tá na hathruithe sin ar fad tagtha i bhfeidhm. Ar bharr é sin ar fad, tá Coimisiún na Meán ag féachaint ar shábháilteacht ar líne, go háirithe do dhaoine óga. Tá an comhairliúchán ar an gcéad chód um shlándáil ar líne anois dúnta agus deireann an coimisiún go mbeidh sé i bhfeidhm sa chéad leath den bhliain seo.

Tá na téarmaí ar "misinformation" agus "disinformation" imithe agam ach tá cód cleachtais i bhfeidhm san Eoraip le thart ar sé bhliana anuas. Cuireadh go mór leis dhá bhliain ó shin. Tá an cód cleachtais sin le teacht isteach faoin DSA. Beidh gach rud a gcaithfidh na comhlachtaí a dhéanamh faoin gcód sin nasctha leis na cumhachtaí atá ag na rialálaithe faoin DSA. Is féidir liom an tuarascáil seo a chur ar aghaidh chuig an Teachta.

Bhí sé ar intinn agam caint faoin DSA agus a leithéid. Tá cuid mhór ann agus caithfidh sé a bheith curtha i bhfeidhm. Tá fadhbanna ann maidir le flaggers. Tá a fhios againn go bhfuil disinformation an-dainséarach ar fad. Is ceist eile é ceist Gaza agus a leithéid. Caithfimid a bheith chomh féaráilte agus is féidir maidir leis sin. Tá sé an-deacair rudaí a chur i bhfeidhm mar is ceart. Caithfidh muid iarracht mhór a dhéanamh ina leith sin. Tá imní orm go fóill maidir leis na algorithms.

Tá a fhios ag Dualta Ó Broin. Amharcann tú ar rud éigin amaideach maidir le Donald Trump a chuir duine chugat agus ansin tá tú ag féachaint ar Ben Shapiro agus a leithéid. Nílimse glactha leis na rudaí seo ach tá cuid mhór daoine atá. Táim ag caint faoi rudaí i bhfad níos measa ná sin freisin. Cén sórt rudaí gur féidir le Meta a dhéanamh chun protections a chur i bhfeidhm? Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair agus go mbaineann unintended consequences leis seo uilig. Tá cuid mhór rudaí nach bhfuil fadhb leo. Tá an right ag daoine amharc ar rudaí ach tá cuid mhór dainséar agus deacrachtaí ann. Nílim cinnte cad é an perfect solution.

Mr. Dualta Ó Broin

Is féidir liom tosú air sin. Is é an chéad rud a chaithfear a dhéanamh ná na polasaithe a chur in áit. Is ag an bpointe sin a ndéantar an cothromú idir slándáil agus guth, príobháideachas agus na rudaí sin ar fad. Cé nach bhfuilim ag rá go dtarlaíonn sé gach uile uair, más féidir an polasaí a chur in áit, ba chóir go mbeadh na cinntí ar fad ag dul leis an bpolasaí sin. Ar na rudaí gur féidir a dhéanamh maidir leis an sruth ar a bhfuil tú ag féachaint, is é an chéad rud a dhéanaimid ná aon rud atá míchuí a bhaint. Bainimid aon rud atá i gcoinne na bpolasaithe sin. Tá rudaí eile go bhfuilimid tar éis a dhéanamh le cúpla bliain anuas. Mar shampla, ar Instagram, cuireadh athrú ábhair sa stuif atá á fheiscint ag daoine. Má tá tú tar éis a bheith ag féachaint ar mhéid áirithe d'ábhar ar leith, taispeánfaidh an suíomh rud éigin eile duit.

Is é an fhadhb atá ann ná reinforcement agus a bheith dul síos an rabbit hole.

Mr. Dualta Ó Broin

Cuirfidh sé tú i dtreo eile. Tá roinnt de na huirlisí atá ar fáil do thuismitheoirí ar fáil do dhaoine eile chomh maith. Mar shampla, is féidir leat srian a chur ar an méid ama gur féidir leat a úsáid ar na haipeanna. Nílim ag rá go bhfuil sé simplí ach, ó thaobh ábhar atá thar an líne, tá sé réasúnta simplí é a bhaint. Is ceann de na fadhbanna is mó atá ann ná an misinformation.

Táimid ag caint faoi rudaí atá ar an teorainn.

Mr. Dualta Ó Broin

Is ceann de na fadhbanna é sin. Bainimid aon ábhar a théann i gcoinne na bpolasaithe atá againn, mar shampla, rud a deir go dtiocfaidh tú ar ais ó Covid má ólann tú bleach agus nach mbeidh aon fhadhb agat. An fáth go mbainimid é ná go bhfuil riosca don bheatha ann. Is é an rud a dhéanaimid le haon rud faoi sin ná é a chur isteach i sruth do sheiceálaithe fíricí tríú páirtí atá againn. Tá an líonra de sheiceálaithe is mó ar domhan againn. Tá níos mó ná 100 againn. In Éirinn, oibrímid le The Journal. Má dhéanann sé seiceáil ar rud agus má scríobhann sé alt faoi, cuirimid fógra os comhair an ábhair a deireann go bhfuil sé tar éis a bheith seiceáilte ag duine éigin agus gur féidir an t-alt faoi cad atá ag tarlúint a léamh. Ní hamháin go ndéanaimid é sin leis an bpíosa ábhair sin amháin, téann muid ag lorg aon samplaí eile den ábhar. Téann an fhainic cheannann céanna os comhair gach uile phíosa ábhair. Tá rudaí gur féidir a dhéanamh ag gach leibhéal agus i ngach réimse ach, ag na leibhéil is ísle, tá ról an-mhór ag a bheith ag obair le gach duine, an Rialtas agus na rialálaithe san áireamh, chun a chinntiú go bhfuil an tuiscint chéanna againn ar na fadhbanna chun gur féidir linn oibriú le chéile chun rudaí a dhéanamh a chabhróidh le teacht ar réiteach.

Tá a fhios agam é sin. Caithfear cuid mhór oibre a dhéanamh anseo. Tá fadhbanna ann maidir leis na toghcháin. Faoin am seo, bíonn cuid mhaith de na daoine sin ar Facebook agus a leithéid cúpla uair sa lá. Bíonn siad ag amharc ar na rudaí maidir le Covid a bhí Dualta Ó Broin ag caint fúthu. Bíonn siad i gcoinne achan rud atá achan rialtas ag déanamh maidir le Covid. Is climate deniers atá i gceist freisin. Tá cuid mhór dóibh i gcoinne daoine as tíortha eile freisin. Tá sé sin dainséarach. Is rud nua é a bhaineann leis an Idirlíon agus na meáin shóisialta. Ní raibh na daoine sin in ann na cairde a bhfuil na views céanna acu a fháil chomh héasca agus is féidir faoin am seo. Níl mé cinnte cad é an perfect solution ach tá cuid mhór oibre le déanamh.

Mr. Dualta Ó Broin

Táim sásta teacht ar ais air sin ach is sampla an-mhaith den tslí le cur i gcoinne aineolas nó mí-eolas - beidh lucht téarma.ie chun tabhairt amach dom nach bhfuil an téarma ceart agam-----

Céard faoin reinforcement?

Mr. Dualta Ó Broin

Is sampla an-mhaith de sin ná an tslí ina n-oibrigh an Rialtas, tríd an HSE, chun an t-ábhar a chur amach chun a chinntiú go raibh na fíricí ar fáil. D'oibríomar leis an HSE chun a chinntiú go rabhamar ag tabhairt tacaíochta don eolas sin. Chomh maith leis sin, bhí lárionad Covid againn ar na hardáin. Má chuir tú isteach téarma a bhain le Covid, lena bheith ag ól bleach nó le rud éigin mar sin, tháinig tú chuig an leathanach Covid ar a raibh an t-eolas cruinn ar fáil duit. Is é sin an tríú cuid. Is féidir roinnt den stuif a bhaint, fainic a chur ar dhaoine agus an teacht atá ag daoine ar an eolas sin a chasadh síos. Tá sé an-tábhachtach daoine a nascadh le heolas cruinn.

An bhfuil Susan Moss ag iarraidh teacht isteach?

Ms Susan Moss

Freagróidh mé an cheist seo i mBéarla. The Deputy raises a very good point around authoritative information. There are two aspects to this. As a company, we partner with accredited IFCN fact checkers. We work with fact checkers who scan media and content, not just on TikTok but across the Internet. That helps us to intervene and work with our misinformation moderators to fact-check content as it comes through. As to the point on authoritative information, it is critically clear the Irish Government, the regulators and public authorities should be on a platform like TikTok, which is very popular in this country and which has more than 2 million users here, so that their voices and information can be distributed on the platform. We need those authoritative voices. I just wished to make that claim.

Gabhaim buíochas as na cuir i láthair. Tá cúpla ábhar go ndearnamar tagairt dóibh cheana féin. I dtosach, díreoidh mé ar an misinformation, an cruinneas agus mar sin de. An bhfuil na hardáin ag brath ar dhaoine a n-aird a tharraingt ar rudaí difriúla nó an bhfuil siad ábalta ábhar as Gaelainn a chíoradh agus a aithint iad féin? Mar shampla, má tá daoine ag cur eolas míchruinn amach as Gaelainn, an bhfuil na hardáin ag brath ar phobal na Gaelainne chun a n-aird a tharraingt air sin nó an bhfuil sé ar a gcumas an t-ábhar a chíoradh, é a aithint roimh ré agus cosaint a thabhairt do mhuintir na Gaelainne ón tús?

Ms Susan Moss

Cuirimid na rialacha i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as meascán de theicneolaíochtaí agus as na mílte saineolaí sábháilteachta ar fud an domhain. Déanann ár dteicneolaíocht modhnóireacht i nGaeilge. In addition, it is very important that TikTok have human moderators, as we do, to provide context. We have specialised misinformation moderators who support the technology.

An é sin le rá, má tá duine éigin ag labhairt as Gaeilge ar fhíseán, go bhfuil na comhlachtaí in ann a aithint go bhfuil siad ag rá go bhfuil an spéir gorm ach go bhfeictear go bhfuil sé dubh? An bhfuil sé ar chumas gach comhlacht a leithéid a aithint má tá misnformation ann?

Mr. Dualta Ó Broin

Braitheann sé ar an sampla sin den ábhar. Sa sampla sin, ní dhéanfaimis aon rud mar ní chuireann sé sin isteach nó amach ar aon duine. Má tá físeán beo ag dul amach, tá duine éigin á dhéanamh trí Ghaeilge, agus tá riosca ar leith maidir le beatha nó le sláinte, tá foireann a fheiceann na físeáin bheo agus a dhéanann monatóireacht orthu.

An bhfuil sé ar a gcumas an mhonatóireacht a dhéanamh as Gaeilge?

Mr. Dualta Ó Broin

Yes.

An é sin an scéal céanna ag TikTok is atá ag Meta? Má tá duine éigin ag craoladh beo nó ag déanamh físeán, tá diúracán á scaoileadh ar chúl, táthar á rá gur arm faoi leith atá ag scaoileadh é sin, agus tá na craoltóirí ag caint as Gaeilge, an bhfuil sé ar chumas TikTok agus Meta monatóireacht a dhéanamh air sin toisc go bhfuil siad ag caint as Gaeilge?

Ms Susan Moss

Tá os cionn 20 Gaeilgeoirí ag obair inár bhfoireann iontaobhais agus sábháilteachta a chuireann tacaíocht ar fáil don Ghaeilge de réir mar is gá. Ní fhaca mé fianaise ar phostálacha sábháilte i nGaeilge, mar shampla, le linn na Dublin riots. Arís, cuirimid na rialacha sin ann trí úsáid a bhaint as meascán de theicneolaíochtaí agus na mílte saineolaithe sábháilteachta ar fud an domhain.

Mr. Dualta Ó Broin

Braitheann an rud a dhéanfaimis ar an ábhar agus más féidir a aithint nó nach féidir a aithint cad atá ar siúl. Más rud é go bhfuil duine éigin ag cur beatha duine éigin eile i mbaol, tá sé simplí dul i ngleic leis sin. Braitheann sé ar an ábhar má thagann sé salach ar na polasaithe atá againn agus an rud é a gcaithfí a chur chuig na tríú páirtithe sin agus gur féidir leo sin a rá nach bhfuil sé sin fíor. Ansin, má tharlaíonn sé sin, ní chuirfimid díreach isteach ar an ábhar sin ach ar aon sampla eile den ábhar ceannann céanna. Tógtar é ar an am ar fad. Má tharlaíonn rud éigin, ní chuirimid an deisiú isteach ar phíosa amháin ach isteach ar an gcóras iomlán.

Mar sin, tá sé ar chumas an chomhlachta a aithint gan tacaíocht ón bpobal más rud é go bhfuil rud éigin ag tarlú. Mar sin, más rud é go bhfuil sé tarlaithe, an bhfuil samplaí ag na comhlachtaí nó ar tharla sé go dtí seo go raibh duine éigin ag cur eolas míchruinn amach as Gaelainn?

Mr. Dualta Ó Broin

Ní heol dom go bhfuil sé ag tarlú linn agus ní theastaíonn-----

Tá sé sin go breá.

Mr. Dualta Ó Broin

Ní theastaíonn an cur-----

Tá lucht na Gaelainne cruinn fíor i gcónaí. Tá trí ábhair eile ar mhaith liom díriú orthu. Tá an suim agam i gcuntóir ár bhfinnéithe. An mbeidh siad ag caint as Gaelainn?

Mr. Dualta Ó Broin

Gach seans go mbeidh siad.

Is as Cúige Mumhan dom féin agus tá cúpla canúint ann. Cad faoi na canúintí?

Mr. Dualta Ó Broin

Is é an rud a bheadh ansin ná go mbeadh an cúntóir ag dul le pé rogha a bheadh ag an úsáideoir. Is é sin an cumas a bheidh ag an teicneolaíocht. Níl sé ann faoi láthair mar níl cinneadh déanta agus nílimid chun dul isteach i réimse an Chaighdeáin Oifigiúil agus canúint amháin a roghnú thar rud éigin eile nó aon rud mar sin.

Tá an Caighdeán-----

Cinnteoimid ón tús go bhfuil Gaelainn na Mumhan-----

Bheadh Gaeilge bhreá Bhaile Átha Cliath ag gach duine agus bheadh sé ceart go leor mar sin.

An mbíonn deis ag daoine an t-ardán a úsáid as Gaelainn agus conas a thomhaiseann na comhlachtaí cén saghas éilimh atá ann? Cuir i gcás go dteastaíonn uaim físeán beag a dhéanamh as Gaelainn. B'fhéidir gur mhaith liom fotheidil a chur air. An bhfuil an deis ann a leithéid sin a dhéanamh as Gaelainn agus an t-ardán a úsáid mar a d’úsáidfeadh aon duine i dteanga eile é?

Ms Susan Moss

Cuirimid TikTok ar fáil i nGaeilge agus is féidir le duine an teanga is fearr leo a roghnú. Tacaíonn comhéadan TikTok leis an Ghaeilge. Déantar na fotheidil uile a aistriú go Gaeilge go huathoibríoch. It is available and words and text can be added on to videos in TikTok as Gaeilge.

Cad faoi Instagram agus Facebook?

Mr. Dualta Ó Broin

Ní heol dom go bhfuil na fotheidil as Gaeilge ag tarlú go huathoibríoch go fóill. Ní chuireann sé sin stop ar an duine atá ag úsáid a gcuid fotheidil féin iad a chur leis. Is í an cheist atá ag an Teachta ná conas mar a thástálfaimid an t-éileamh.

Tá dhá cheist agam anseo, fotheidil agus-----

Mr. Dualta Ó Broin

Cuirimid na hardáin ar fáil agus úsáidtear iad. Nílimid ag déanamh tástáil ar aon teanga ar leith. Mar shampla, maidir le WhatsApp, ní féidir linn na teachtaireachtaí sin a fheiceáil. Níl tuairim dá laghad againn cén teanga a bhfuil á húsáid ag daoine ar WhatsApp mar go bhfuil siad go hiomlán príobháideach don duine agus don té a fhaigheann na teachtaireachtaí sin. Ní bheinn ag rá faoin úsáid phearsanta go mbainimid úsáid as trí Ghaeilge.

Más féidir liom filleadh ar na fotheidil, an bhfuil sé in aigne iad sin a chur ar fáil ar Instagram nó ar Facebook agus mar sin de? Cuimhnigh gur pobail agus glúine difriúla ag úsáid Facebook seachas iad siúd a bheadh ar Instagram. Feicimid ón daonáireamh go bhfuil daonra níos láidre Gaeilgeoirí i measc na glúine óige. An bhfuil sé in aigne ag na comhlachtaí fotheidil a chur ar fáil chun go mbeidís ábalta Instagram agus Facebook a úsáid díreach mar a bheadh aon duine in aon teanga eile?

Mr. Dualta Ó Broin

Is í an áit a bhfuilimid ag dul ná go mbeifí in ann aon cheann de na táirgí a úsáid in aon teanga. Bheifí in ann, ag pointe éigin, Instagram a úsáid go hiomlán agus beidh rudaí cosúil le “Contacts” athraithe go “Teagmhálacha” agus rudaí mar sin. Níl a fhios agam go díreach cá háit nó ag cén pointe a mbeidh gach uile tháirge ag teacht.

Níl aon amchlár faoi leith leagtha amach i gcomhair-----

Mr. Dualta Ó Broin

Tá an teicneolaíocht ann.

Tá an rud céanna, na fotheidil, in úsáid ag TikTok, nach bhfuil?

Ms Susan Moss

I want to make a slight variation here. A user can create their own text and put it on to the video but automatic subtitles is entirely different. We do not provide automatic subtitles and there is a reason for that. We require over 1,000 hours or volume of native Irish language video content for that. There is a requirement there. We need Irish-speaking people creating Irish content videos and that will then help us to implement subtitles. It is machine learning. We want the accuracy to be good but it requires organic native content being uploaded to the platform.

Mar sin, más féidir le TikTok breis videos as Gaeilge a fháil, beidh ar chumas an chomhlachta é sin a dhéanamh. Cé chomh cóngarach is atáimid don tairseach sin?

Ms Susan Moss

I would not have that number but in conversations with Conradh na Gaeilge, for example, it sees it as a good challenge which it will take on. We hope, therefore, that more people will engage over the next year and perhaps we can reach that volume of a thousand hours this year to enable us to get to the threshold to be able to provide subtitles in Irish.

Tá sé tábhachtach go n-aithneoimid, mura bhfuil fotheidil ann, go bhfuil sé níos deacra do dhaoine eile an taitneamh céanna a bhaint as na físeáin.

An gá na físeáin sin a bheith i nGaeilge agus fotheidil uainn a bheith leo le go dtuigeann an córas é?

Ms Susan Moss

Exactly, we need that accurate native language to be able to train our models.

What does that mean?

Ms Susan Moss

Train the models? It is machine learning.

Má théann duine ag cuardach ábhar ar na hardáin éagsúla agus má tá siad ag cuardach as Gaeilge, cén saghas ábhar a threoraíonn na hardáin chucu? An ndéanann na hardáin aistriúchán air, an é go bhfuil craiceann Gaelainn air nó an bhfuil an t-innealra taobh thiar de ag feidhmiú as Gaelainn?

An bhfuil an comhlacht chun ábhar a threorú chucu toisc go bhfuil sé as Gaeilge, nó an bhfuil comhlachtaí ár bhfinnéithe chun ábhar a threorú chucu toisc go bhfuil sé dírithe ar pé ábhar a raibh suim acu ann? Cuir i gcás go bhfuil suim agam i dtarracóirí glasa - má chuirim isteach an cheist as Gaeilge, an bhfaighidh mé freagraí i ngach teanga mar gheall ar tharracóir glas ar ais nó an mbeidh mé ag fáil freagraí as Gaeilge ar ais mar gheall ar gach saghas ábhar - gluaisteáin, tarracóirí agus mar sin - toisc go bhfuil an cheist as Gaeilge?

Ms Susan Moss

It is simply a mix of both. There will be English videos which are translated into Irish automatically and there will also be native Irish-language videos.

An é go bhfuil an craiceann as Gaeilge nó an bhfuil an AI - an t-innealra taobh thiar - ag feidhmiú as Gaeilge? An bhfuil an cuardach á dhéanamh as Gaeilge?

Ms Susan Moss

It is the latter.

Mr. Dualta Ó Broin

Beidh sé ag meaitseáil le pé rud a chuirtear isteach. Má chuirtear téarma Gaeilge isteach, beidh sé ag lorg an téarma Gaeilge sin. Má tá sé sin curtha suas ag úsáideoir eile nó má tá sé mar ainm ar leathanach duine éigin eile, is é sin an chéad mheaitseáil a bheidh ann. Má tá aistriúchán déanta ar rudaí eile ó theangacha eile, tá seans go dtiocfaidh sé sin suas chomh maith. Is é an chéad rud, nó an toradh is beaichte, ná an mheaitseáil leis an bhfocal atá á úsáid ag an duine féin.

Táim okay go fóill.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach? Tá cúpla ceist agam féin. Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe as an eolas sin a roinnt. Níl an eagla nó an scéin orm is atá ar an Teachta Catherine Connolly mar tuigim gur féidir liom mé féin a mhúchadh, más gá, agus níl mé chun dul isteach i bpluais má tá sé-----

Níl mé buartha ar leibhéal aonair ach táim buartha faoin bhfís.

Tuigim ach is é an fáth go bhfuil ár bhfinnéithe os ár gcomhair ná go bhfuil an domhan ag athrú chomh tapa sin. Nuair a bhí an réabhlóid thionsclaíoch ann, thóg sé 100 bliain don domhan socrú síos, beagnach, chun an tairbhe is mó a bhaint as an réabhlóid sin nó as aon cheann de na réabhlóidí eile. Is é an réabhlóid atá againn faoi láthair ná go bhfuil sé ag athrú chomh tapa sin agus tá an luas i bhfad níos mó. Lá amháin, tá gléas nua ann agus seachtain níos déanaí tá sé beagnach as dáta mar tá rudaí bogtha ar aghaidh. Bogann an córas reachtúil nó Stáit i bhfad Éireann níos moille agus is léir sin toisc go bhfuilimid ag cur na ceisteanna seo. B'fhéidir gur chóir iad a bheith curtha a luaithe is a thosaigh daoine ag rá gurb í seo fís. Bhí a lán den stuif nua ann 40 bliain ó shin i leabhair Réics Carló, nó leabhair daoine eile 50 bliain ó shin. Is féidir féachaint siar ar "Flash Gordon" sna scannáin agus sna hirisí sna caogaidí nó sna seascaidí. Tá a lán den teicneolaíocht nach raibh ann ag an am le feiceáil anois. Is é an fáth go bhfuil buairt nó scéin orainn ná go bhfuil dainséir anseo.

Mar shampla, is é ceann de na dainséir nó de na fáthanna gur luíomar isteach ar an gceist seo ná is cuimhin le gach duine na círéibeacha i mBaile Átha Cliath. Dúirt Coimisiún na hEorpa go raibh an locht ar dhaoine a bhí ag scaipeadh fuatha agus mí-eolais trí Ghaeilge agus gurbh é sin an fáth gur tharla roinnt den méid a tharla i mBaile Átha Cliath. D'admhaigh an Coimisiún cúpla lá ina dhiaidh go raibh sé go hiomlán mícheart. D'fhéadfadh Coimisiún na hEorpa a bheith mícheart agus ba é sin an chéad uair a rinne sé é sin a admháil chomh tapa sin. Is léir go bhfuil an dá chomhlacht atá inár láthair ag díriú isteach air sin trí na modhnóirí - 20 agus 40 dóibh - a bheith ann as Gaeilge. Tá sé sin go maith agus is féidir níos mó dóibh a bheith ann agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ann le Gaeilge amach anseo sa chóras ar fad. B'fhéidir nach mbeadh an gnó acu chun déileáil go díreach leis an nGaeilge ach go bhfeicfí iad i lár postála nó físeáin i mBéarla agus cúpla focal i lár baill. B'fhéidir go bhféadfaí é sin a dhéanamh. An leor an méid daoine atá ag na comhlachtaí chun an obair sin a dhéanamh? Ar aithin na comhlachtaí seo aon ghanntanas ó thaobh na Gaeilge de sa chomhlacht nó má tá sé sin aitheanta, cén cur chuige atá ann chun an fhadhb sin a réiteach?

Mr. Dualta Ó Broin

Níl easpa aitheanta againn.

Ligfidh mé don Chathaoirleach an ráiteas a dhéanamh faoi Choimisiún na hEorpa toisc gurb é siúd atá ina rialálaí orainn. Is é ceann de na rudaí atá dearfach faoin Digital Services Act ná ní hamháin go bhfuil an creatlach ann ach tá an córas iomlán reachtaíochta nua tugtha isteach san Eoraip a fhéachann ar gach uile cheann de na rioscaí seo agus a bheidh ag féachaint orthu. Caithfimid tuairiscí follasachta a fhoilsiú go minic. Beimid ag déanamh idirphlé, ní díreach le Coimisiún na hEorpa ach le Coimisiún na Meán, faoi seo ar fad. Tá sé dearfach go bhfuil sé sin tosaithe. Tá sé an-dearfach chomh maith go bhfuil go bhfios dom an reachtaíocht agus an Bille um Sheirbhísí Digiteacha le críochnú oíche amárach. Ní minic go mbíonn Éire in ann a rá gurb í ceann den chéad tíortha atá réidh an reachtaíocht Eorpach a chur i bhfeidhm agus le reachtaíocht atá chomh tábhachtach leis seo. Tá sé sin an-dearfach go bhfuil Éire in ann é sin a rá.

Ms Susan Moss

I just want to say as an aside that there are reporting obligations under the DSA and under Coimisiún na Meán which are forthcoming. Under the code of practice on misinformation to which TikTok is a signatory, it has a co-regulatory process. I would implore regulators and policymakers to read those as they give a good indication of how we are performing individually as companies as regards some of the concerns which the committee has raised. Of the people who work in TikTok who self-identify as Gaeilgeoirí, I am sure there are many more but there are variations in language ability, which include myself.

We will continue to increase that and to support them in the best way we can. Irish, of course, has found its place on TikTok. There are thousands of creators creating in Irish on TikTok every day and we are looking to the committee to support them in their development.

Go raibh maith agat. Ardaíodh an cheist faoin aistriúchán ag TikTok agus go bhfuil an 1,000 uair a chloig d'fhíseáin ag teastáil. Tá obair ar siúl i ndomhan eile. Is intleacht shaorga atá i gceist mar go bhfuil foclóir á gcothú ó na doiciméid ón Aontas Eorpach ar fad a cuireadh isteach ar chóras éigin le go mbeadh foclóir níos leithne againn agus go mbeadh pé foclóir a nglactar leis níos cruinne. Feicimid ar fad na botúin a bhíonn ann le Google Translate nuair a théann duine éigin díreach isteach ar an Idirlíon, roghnaíonn siad pé rud a thagann amach agus cuireann siad suas é mar fhógra bóithre nó rud éigin mar sin. An mbeadh a leithéid ina áis dár bhfinnéithe nó an mbeadh siad ag brath, i gcás TikTok go háirithe, ar an gcainteoir dúchasach mar ní labhraíonn aon duine mar a labhraítear sna téacsanna ón Aontas Eorpach nó sna cinn dlíthiúla sin?

Tá foclóir ann seachas foghraíocht nó canúintí.

Mr. Dualta Ó Broin

Tá tionscnaimh déanta againn i gCeanada maidir le roinnt de na mionteangacha i gCeanada. Déarfainn go ndéanfaimid féin é, le bheith macánta. Tá dhá chéad teanga againn i gceann de na córais intleachta saorga atá againn agus tá Gaeilge ar cheann acu. Táimid ag tógáil an t-am ar fad ar chorpais atá ar fáil dúinn go hoscailte, ar chorpais atá againn féin, agus ar ábhair a chuireann na húsáideoirí ar fáil dúinn.

Ms Susan Moss

It will be a collaboration between technology and humans. What is important, though, is that syntax can often be missed when it comes to translation and that is why human translation is so important.

An raibh an Teachta Moynihan ar iarraidh teacht isteach arís?

Tá ceist agam ar ábhar difriúil ar fad. Go minic, nuair a bhíonn daoine ag cur próifíl le chéile, cuireann siad san áireamh go bhfuil suim acu i ngadhair nó talmhaíocht nó go labhraíonn siad teangacha éagsúla cosúil le Gaelainn, Fraincis nó pé rud. An dtreoraítear ábhair chucu ansin de réir na teangacha sin? Ní dóigh liom go bhfaca mé riamh ábhair as Gaelainn á dtreorú chugam ar na hardáin difriúla, mura rabhas á gcuardach d'aon ghnó mé féin. An mbaintear úsáid as an eolas sin nó cé chomh minic is a húsáideann na hardáin an t-eolas sin chun an Gaelainn a chur chun cinn?

Mr. Dualta Ó Broin

Braitheann sé ar conas mar atá cuntais eagraithe ó thaobh a rochtain féin. Is féidir leat dul isteach ar chúl do chuntas agus breathnú ar cén cineál ábhar a bhfuilimid ag cur chugat agus ar cad iad na assumptions atá déanta ag an algorithm faoi cén saghas rud a bhfuil spéis agat ann. Is féidir iad sin a bhaint agus cinn eile a chur isteach, ach braitheann sé. Ní féidir liom a rá go díreach go bhfuilimid ag úsáid an eolais sin mar braitheann sé ar conas atá na cuntais curtha in oiriúint ag gach uile duine agus na roghanna príobháideacha atá acu.

Cad faoi na hardáin eile?

Ms Susan Moss

Is ár bpobal cruthaitheoirí agus a lucht spéise a spreagann ár n-ardán agus sainítear an cineál ábhar atá ar ár n-ardán dá bharr. What you are looking for is ultimately what service to use. If you look for the type of content and accounts in which you are interested, then we will serve that to you in your feed.

Rith ceist eile liom. Pléadh roinnt den ábhar seo i gcuid de na red tops agus déanadh scigmhagadh as an scéal go raibh daoine nó scéiméirí ag díriú ar dhaoine in Éirinn agus iad ag úsáid teachtaireachtaí i nGaeilge toisc go raibh sé difriúil amach agus amach. Nuair atá monatóireacht á dhéanamh ar na teachtaireachtaí nó ar cad atá á chur ar na hardáin difriúla, an bhfeiceann na finnéithe mórán dá leithéid aistrithe go Gaeilge agus dírithe ar dhaoine?

Mr. Dualta Ó Broin

Ní fheiceann. Ní go baileach. Má tá an lucht féachana is mó á lorg agat, agus an méid is mó aird gur féidir leo a tharraingt orthu féin á lorg ag roinnt de na daoine atá ag iarraidh ábhair den chineál seo a scaipeadh, luíonn sé le réasún go mbeadh siad dírithe ar an mBéarla seachas ar an nGaeilge.

An bhfuil TikTok mar an gcéanna?

Ms Susan Moss

Ní fheiceann muid sin ach an oiread.

An bhfuil aon cheist ag aon duine eile?

Tá neart ceisteanna agam ach is do lá éigin eile iad.

Beidh coimisinéir forbartha na meán os ar gcomhair i gceann tamaillín agus beimid in ann ceisteanna a chur air. Leanfaimid freisin le roinnt de na comhlachtaí eile. Chuir muid cuirí amach chuig comhlachtaí eile agus níor thapaigh siad an deis an méid atá á dhéanamh acu ó thaobh na Gaeilge de a chur chun cinn, ach chomh maith le sin, an tionchar gur féidir leo a imirt maidir leis an nGaeilge a léiriú. Níor ghlac siad an deis sin. Má tá aon duine ag éisteacht agus gur mhaith leo teacht os ar gcomhar chun cur leis an ábhar seo ó thaobh na meáin shóisialta agus an Ghaeilge, bheimid breá sásta buaileadh leo.

Críochnóimid an chuid seo den chruinniú. Gabhaim buíochas le Dualta Ó Broin agus le Susan Moss as bheith linn inniu agus as ucht labhairt thar cheann Meta agus TikTok. Chuir siad leis an eolas atá agam maidir leis na hardáin difriúla sin. B'fhéidir go bhfeicfidh siad roinnt stuif uaim ar TikTok, am éigin, áit éigin, ach is cinnte nach mbeidh mé ag rince. Fágfaidh mé sin faoi dhaoine eile. Tá an dúshlán sin ann dúinn ar fad atá i bpobal na Gaeilge, níos mó físeáin as Gaeilge a chur chun cinn ionas nach féidir linn a bheith ag gearán amach anseo nach ann dóibh. Má tá uirlisí ann agus tairbhe le baint astu ó thaobh na Gaeilge de, b'fhiú dúinn go mór é sin a dhéanamh seachas a bheith ag gearán ina dhiaidh nach ann dóibh. Gabhaim buíochas leo beirt as ucht teacht os ar gcomhair.

Molaim gur gcuirfear an cruinniú ar fionraí go dtí 3.15 p.m. nuair a leanfaimid lenár mbreithniú ar an ábhar seo. Beidh coimisinéir forbartha na meán agus a fhoireann os ar gcomhair ag an staid sin. Tá sé sin aontaithe.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 2.56 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.16 p.m.

Bhí sé i gceist agam a aithint go bhfuil an Teachta McHugh ar an taifead chomh maith agus deirim sin chun é a chur san áireamh.

Fearaim fáilte roimh na finnéithe thar ceann Choimisiún na Meán: coimisinéir forbartha na meán, Rónán Ó Domhnaill; stiúrthóir forbartha na meán, Sinéad Crowley; agus stiúrthóir craolacháin agus físeán ar éileamh, Clare Diamond. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú seo ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Tithe an Oireachtais agus gabhaim mo bhuíochas leo.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh lenár mbreathnú ar ábhar an lae inniu - úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sna meáin chumarsáide agus, sa chuid seo, obair Choimisiún na Meán - tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú. Meabhraím mar sin do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar go gcuireann na gléasanna sin as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseán ar siúl an t-am go léir agus go mbeadh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann na coinníollacha seo le finnéithe dá mbeadh siad ag teacht isteach go fíorúil chun freastal ar an gcruinniú ach níl sé sin i gceist inniu. Ba chóir dóibh a chinntiú go mbíonn na micreafóin múchta má tá siad ag teacht isteach go fíorúil, fad is nach bhfuil siad ag caint.

Ba mhaith liom a chur ar aird ár bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise a tabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba cheart go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas.

Dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar d’fhinnéithe éirí as na ráitis láithreach, agus tá sé ríthábhachtach go gcloítear leis an ordú láithreach má eisítear é.

Agus é sin aontaithe, casfaidh muid ar an ráiteas tosaigh. Iarraim ar Rónán Ó Domhnaill an ráiteas tosaigh thar ceann Choimisiún na Meán a thabhairt.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Tá áthas orm a bheith anseo inniu ar son Choimisiún na Meán agus tá mo bheirt comhghleacaí, Clare Diamond agus Sinéad Crowley, curtha in aithne don choiste cheana féin agus gabhaim buíochas as sin.

Tá cuireadh faighte ag an choimisiún le labhairt faoi úsáid agus infheictheacht na Gaeilge sna meáin agus obair Choimisiún na Meán sa réimse seo. Bunaíodh Coimisiún na Meán os gcionn deich mí ó shín agus is é an cuspóir atá againn ná tírdhreach meán atá éagsúil, sábhailte agus rathúil a chinntiú. Áirítear leis seo tacaíocht a thabhairt do mheascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí éagsúla nuachta sa dá theanga oifigiúla. Is coláiste de chúigear coimisinéirí muid lena n-áirítear cathaoirleach feidhmiúcháin agus foireann de thart ar 80 ball foirne, agus tá muid ag súil go ndéanfar iad a dhúbailt sna sé mhí atá romhainn. Faoi láthair, tá breis agus deichniúr gcainteoirí líofa Gaeilge inár líon foirne agus tá riachtanais Ghaeilge do phoist i go leor réimsí den eagraíocht, lena n-áirítear forbairt na meán, maoiniú na meán agus oideachas úsáideoirí.

Tá ár gcéad clár oibre ag teacht chun deiridh, agus chinntigh muid seachadadh ar fhormhór na hoibre atá leagtha amach ann. Airíonn sé seo comhairliúchán maidir le tobhach oibre Eorpach a thabhairt isteach a d’fhéadfadh forbairt na gclár Gaeilge agus an Ghaeilge a spreagadh tuilleadh, obair leanúnach ar scéimeanna tuairiscithe dhaonlathas áitiúil agus cúirte a mbeidh dualgas Gaeilge orthu araon, agus i gcomhar le Media Literacy Ireland, rinne muid imeachtaí rialta litearthachta na meán i nGaeilge.

Níl aon dabht ann ach gur réimse dár meáin í an Ghaeilge a dteastaíonn aird faoi leith uirthi, go háirithe mar gheall ar stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil ár Stáit. D’aithin tuarascáil Choimisiún Thodhcaí na Meán, FOMC, é seo agus moladh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin. Beidh an obair mhór seo faoi chúram Choimisiún na Meán i mbliana.

Soláthrófar leis an athbhreithniú cuimsitheach seo ar sheirbhísí na meán Gaeilge anailís ar na meáin Ghaeilge le fócas ar ábhair a thairgtear i nGaeilge. Scrúdófar an chaoi a gcuireann na meáin Ghaeilge gnéithe de shaol na hÉireann, lena n-áirítear an cultúr, an pholaitíocht, ceisteanna sóisialta agus an geilleagar, in iúl. Is iad príomhchuspóirí an athbhreithnithe ná measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar thírdhreach reatha na meán Gaeilge agus sraith moltaí inghníomhaithe a fhorbairt chun cur le caighdeán agus éagsúlacht na meán Gaeilge.

Is é a bheidh sa chéad céim den tionscadal seo ná pobalbhreith chun tuairimí lucht féachana náisiúnta agus Gaeltachta a bhailiú ar éifeachtacht agus ábharthacht na meán Gaeilge. Is é a bheidh i gceist leis an chéad céim eile ná athbhreithniú litríochta agus anailís ar shampla ionadaíoch d’ábhar meán Gaeilge maidir le caílíocht teanga agus léiriú cultúrtha. Áireofar leis seo teilifís, raidió, na meáin chlóite, na meáin ar líne agus aschur Gaeilge RTÉ, freisin. Beidh aird ag moltaí ar cháilíocht agus ar éagsúlacht na meán Gaeilge, ar mhaoiniú d’ábhar Gaeilge ón scéim fuaim agus fís, ar straitéisí d’oideachas Gaeilge agus ar rannpháirtíocht óige thar ardáin thraidisúnta agus neamhthraidisiúnta. Breathnófar freisin ar mhéadú ar chraoltóireacht spóirt tríd Gaeilge agus ar fhorbairt chomhoibrithe níos dlúithe ar bhonn Thuaidh-Theas maidir le craolacháin, in éineacht le tuarascálacha Choimisiún na Meán amach anseo ar na hábhair seo.

Cé gurb é an t-athbhreithniú cuimsitheach Gaeilge an obair is suntasaí atá romhainn maidir leis na meáin Ghaeilge i mbliana, tá go leor réimsí eile ar fiú aird a dhíriú orthu. Tá sé mar aidhm ag Coimisiún na Meán ár gcuspóirí reachtúla agus moltaí FOMC a chur i bhfeidhm trí raon feidhmeanna ar nós cheadúnaithe, comhlíonta, scéimeanna maoinithe, foghlaim agus forbairt earnála agus comhpháirtíochtaí.

Leis an Acht Craolacháin 2009 arna leasú, tugtar líon méadaithe cuspóirí do Choimisiún na Meán i leith na Gaeilge, lena n-áirítear spreagadh a thabhairt do sholáthar clár ardchaighdeán éagsúil agus nuálaíoch ó sholáthraithe seirbhísí craolacháin agus seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh sna meáin chumarsáide atá ag feidhmiú sa Stát, agus clár Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh. Le blianta beaga anuas, tá ár bplean gníomhaíochta don Ghaeilge á chur i bhfeidhm go rathúil againn a chuimsíonn raon tionscnamh chun tacú le baint amach ár gcuspóirí Gaeilge. Is iad na cúig príomhréimse atá clúdaithe sa phlean ná cláreagrú, comhpháirtíochtaí, taighde, bailiú sonraí agus feabhas a chur ar chuntasacht.

Tríd an choiste chomhairleach Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, oibríonn muid le páirtithe leasmhara na Gaeilge, ina measc comhphairtíochtaí inbhuanaithe, raon éagsúil tionscadal taighde, bailiú bliantúil sonraí a bhaineann le cláir Ghaeilge, moltaí forbartha a bhfuil sé mar aidhm acu cur le raon na gclár Gaeilge, chomh maith le hoiliúint i scileanna Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá Coimisiún na Meán ar tí a stráitéis ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú in earnáil na meán in Éirinn a fhoilsiú. Tá craoltóirí Gaeilge san áireamh sa stráitéis seo agus chuathas i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí agus craoltóirí Gaeilge le linn an doiciméid seo a dhréachtú.

Tá an poitéinseal do sheirbhís raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg ina hábhar plé i bpobal raidió na Gaeilge le blianta fada anuas. Tógfaidh obair Choimisiún na Meán ar obair a rinne Údarás Chraolacháin na hÉireann, BAI, roimhe seo. Bhí dhá phríomhghné le hobair an BAI: breithnithe tarchurtha chun seirbhís den sórt sin a iompar ar an bhanda FM agus taighde ar bhreithnithe ar an lucht éisteachta a d’fhéadfadh a bheith ann dá leithead de sheirbhís.

Cuireann stráitéis seirbhísí craolacháin reatha Choimisiún na Meán ceangal ar an rialtóir measúnú tionchair earnála a dhéanamh sula mbreithneoidh sé aon seirbhís nó craolacháin fuaime FM a thabhairt isteach. Tugadh an gealltanas seo agus aird ar imní maidir le hinmharthanacht agus inbhuanaitheacht earnáil raidió na hÉireann. Mar sin, cuimseoidh an tionscadal seo na príomhghnéithe a leanas: scrúdú breise ar fhéidearthacht a leithéid de sheirbhís a oibriú, lena n-áirítear samhlacha oibriúcháin féideartha a aithint, an bonn reachtúil do sheirbhís dá leithéid, agus riachtanais tháscacha maoinithe don tseirbhís, agus leagfar béim ar chur chuige costéifeachtach chun a leithéid de sheirbhís a bhunú agus a oibriú; tionchar a leithéid de sheirbhís ar imreoirí sa tírdhreach raidió reatha dá dtabharfaí isteach é; roghanna tarchuir agus impleachtaí beartais amach anseo maidir le húsáid an bhanda FM; tuarascáil achomair agus moltaí le seachadadh chuig an Aire.

Tá sé tábhachtach freisin, áfach, go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil ar fud ár stáisiúin raidió go léir, agus léirigh staidéir a rinne na Dochtúirí Rosemary Day agus John Walsh le déanaí gur annamh a bhíonn an Ghaeilge le cloisteáil ar go leor dár stáisiúin raidió tráchtála áitiúla. Mar chuid dár n-iarracht dul i ngleic leis an cheist seo, tá soláthar i gconarthaí nua leis na stáisiúin seo a éilíonn orthu cláir Ghaeilge a fhorbairt tuilleadh, bunaithe ar mholtaí a eascróidh ón athbhreithniú cuimsitheach ar an Ghaeilge sna meáin chumarsáide.

Ní bheidh tírdhreach meán rathúil sa Ghaeilge ann ach amháin má fhaigheann sé a ndóthain maoinithe. Is réimse é seo a dteastaíonn infheistíocht shuntasach uaidh, agus leanfaidh tacaíocht Choimisiún na Meán sa réimse seo. Bronnadh €31.5 milliún san iomlán faoin scéim fuaim agus fís sna blianta 2022 agus 2023. Cé go bhfuil íosmhéid de 25% de mhaoiniú fuaim agus fís ar fáil chun tacú le cláir Ghaeilge agus dhátheangacha, b'é an maoiniú a bronnadh sa tréimhse seo ná 33%. Tá sonraí ar raon leathan na gclár ar tugadh tacaíocht dóibh ar fáil sa phríomh-aighneacht. Scrúdóidh athbhreithniú na Gaeilge freisin an t-íosmhéid maoinithe 25% atá leagtha amach faoi láthair a mhéadú.

Tá tacaíocht leanúnach tugtha ag clár forbartha earnála san iar-BAI, agus anois Coimisiún na Meán, go raon tionscnamh forbartha scileanna Gaeilge ar bhonn bhliaintiúl chun úsáid mhéadaithe na Gaeilge a chothú in earnáil na meáin cumarsáide. Áirítear ar shamplaí de na tionscnaimh seo: scéimeanna meantóireachta d'iontrálaithe nua sa tionscal craolacháin, lena n-áiritear láithreoirí raidió agus céimithe iriseoireachta chun cuir lena scileanna scríbhneoireachta agus láithreoireachta Gaeilge; agus ceardlanna scríbhneoireachta, scripteanna drámaí Gaeilge don raidió agus imeachtaí líonraithe. Freisin, is sampla iontach í Féile na Meán Ceilteach d'imeacht a chothaíonn léiriú chláir i dteangacha agus i gcultúir na dtíortha agus na réigiúin Ceilteacha sna scannáin, sa raidió, sa teilifís agus sna meáin dhigiteacha, agus a chothaíonn iad.

Ba mhór an dearmad dom gan trácht ar chuid den obair thábhachtach eile atá ar bun ag an gcoimisiún faoi láthair mar chuid dár sainchúram chun an domhain ar líne a dhéanamh níos sábháilte dár leanaí agus dúinn féin. Tháinig próiséas comhairliúcháin deiridh ar chód sábháilteachta ar líne chun críoch ar an 31 Eanáir. Tá obair ar siúl anois chun an cód a thabhairt chun deiridh. Cinnteoidh an cód seo, nuair a achtófar é, go nglacfaidh ardáin ar líne níos mó freagrachta as ábhar a cheadaíonn siad a uaslódáil.

Tiocfaidh an tAcht um Sheirbhísí Dhigiteacha i bhfeidhm i gceann beagán níos mó ná seachtain agus tá Coimisiún na Meán ar thús cadhnaíochta in iarracht an Aontais Eorpaigh domhain ar líne níos sábháilte agus níos rialaithe a chinntiú. Bheadh áthas orm ceachtar den dá ábhar seo a phlé leis an gcoiste tar éis na haighneachta seo.

Mar fhocal scor, tá ról lárnach ag an nGaeilge in obair Choimisiún na Meán, go hinmheánach agus i gcaidreamh an choimisiún le páirtithe lasmhaire ar fad earnáil na meáin cumarsáide. Mar eagraíocht, táimid meáite a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ar fud na meáin cumarsáide go léir agus go bhfuil an t-ábhar agus na luachanna a léirítear ar an gcaighdeán céanna leis na hábhair in aon teanga eile, nó go deimhin ar chaighdeán níos airde. Is é sin is lú atá tuilte ag ár dteanga náisiúnta.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tá cúpla ceist agam maidir leis na meáin shóisialta. Bhí ionadaithe uaidh TikTok agus Meta againn cheana féin. Tá cuid mhór de na hardáin curtha ar fáil i nGaeilge. Bhí siad ag caint faoi bheith ag deileáil le Conradh na Gaeilge agus go bhfuil go leor achmhainní acu le seo a dhéanamh. Bhí Meta ag caint faoi áiseanna foghlama agus teicneolaíocht nua a úsáid. Níl fadhb ar bith leis sin. Bhíomar ag caint faoi céard atá de dhíth maidir le Gaeilge a úsáid ar TikTok agus a leithéid, agus dúradar go bhfuil níos mó ábhar i nGaeilge de dhíth, go háirithe físeáin. Tá thart ar 1,000 uair i gceist. Tá sin de dhíth agus tá cuid mhór oibre le déanamh i dtaca le seo. Bhí cuid mhór caint againn freisin maidir leis na halgorithms agus disinformation agus a leithéid.

Céard is gá dóibh a dhéanamh maidir leis an nGaeilge? Cén plean atá de dhíth ar an gcomisiún agus orthu? I ndiaidh sin, tá a fhios againn go bhfuil rialacha nua agus caithfear iad a chur i bhfeidhm maidir leis an DSA agus a leithéid, ach tá cuid mhaith fadhbanna againn ó thaobh an t-eolas mícheart agus dáinséarach atá ann agus na daoine atá imithe síos an rabbit hole. Céard gur féidir linn, agus céard is gá dóibh, a dhéanamh ionas go mbeidh níos mó sábháilteacht ar líne?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tógfaidh mé an dara cheist ar dtús faoi na meáin shóisialta go ginearálta agus sábháilteacht ar líne. Ceann de na príomhchúiseanna ar bhunaíodh Coimisiún na Meán ná gur theastaigh uaidh an tír go mbeadh muid níos lárnaí sa troid atá ar siúl in aghaidh eolas ar líne atá bréagach. Tá an dá rud ann, tá eolas atá bréagach agus tá eolas atá míchruinn. D'fhéadfadh sé sin tarlúint d'aon ghnó nó a mhalairt. Tá sé leagtha amach go soiléir sa réimse oibre atá ós ár gcomhair mar choimisiún gur ábhar é seo go gcaithfear dul i ngleic leis. Mar gheall go bhfuil go leor de na hardáin seo agus na comhlachtaí seo bunaithe in Éirinn, tá ról faoi leith ag an tír seo i rialú na hearnála sin. Tá athruithe móra ag teacht. Tá dhá rud go mba chór dom a luath.

An chéad rud ná go bhfuil comhairliúcháin thart anois le haghaidh cód sábháilteachta ar líne a thabhairt isteach, agus leagfaidh an cód sin dualgas daingean ar na hárdáin seo faoin méid a chaithfidh siad a dhéanamh le dul i ngleic leis an gceist seo, mar shampla, go mbeadh sé níos éasca d'úsáideoirí dul i dteagmháil leis na comhalachtaí seo ná mar atá sé faoi láthair, go mbeadh sé soiléir ar an suíomh cén chaoi gur féidir leo sin a dhéanamh, go mbeadh polasaithe cinnte acu le dul i ngleic le cyberbullaíocht, agus go rachfar i ngleic leis an mbrú a chuireann na halgorithms seo ar dhaoine. An smaoineamh atá taobh thiar de sin ná go leagfaí níos mó dualgas ar na h-ardáin agus na comhlachtaí seo iad féin ná mar atá orthu faoi láthair, agus go bhfuil deireadh ag teacht le ré na féinrialálú. Is léir go dteastaíonn rialathóir chun an obair seo a dhéanamh chomh maith. Mar sin féin, ní féidir le haon rialathóir chuile ghné agus chuile rud atá míchruinn agus mícheart a rialú astú féin. Is chuige sin a bhfuilimid ag leagadh an dualgas ar na comhlachtaí. Tá na freagraí tagtha ar ais ón bpróiséas comhairliúcháin sin, bhí 1,300 freagra againn, agus caithfear iad sin a bhreithniú anois. Rachfar ar aghaidh leis an gcód a dhréachtú sna míonna beaga atá amach romhainn.

An dara cuid dó sin ag leibhéil Eorpach, ná go bhfuil an tAcht um Sheirbhísí Dhigiteacha le teacht i bhfeidhm ina iomláine in Éirinn i gceann seachtain go leath. Arís, tá Coimisiún na Meáin chun tosaigh leis seo ós rud é go bhfuil na heagraíochtaí seo bunaithe in Éirinn, agus ar bhonn tras-Eorpach arís tá rialacha daingne do na comhlachtaí seo. An áit a thagann Coimisiún na Meán isteach arís ná chun monatóireacht a dhéanamh air seo. Is féidir linn pionóis a ghearradh chomh maith má thagann sé chuige sin. Is féidir suas le 10% in áiteanna de theacht isteach ioncam bhliantiúil iomlán na n-eagraíochta a ghearradh orthu mar fhianáil más gá nó €20 milliúin, pé acu is airde. Sin cuid den obair atá ar siúl sa réimse sin. Níl aon amhras orainn ach gur obair mhór atá ansin, go dtógfaidh sé am a leithéid a chur i gcrích, ach táimid ag obair air. Tá ionad teagmhála le n-oscailt againn seachtain ón Luan mar chuid den obair seo ionas go mbeidh daoine agus eagraíochtaí ábalta labhairt le Coimisiún na Meán faoi na deacrachtaí a fheiceann siad.

Ó thaobh na meáin shóisialta iad féin agus ceist na Gaeilge de, is dóigh liom go bhfuil siad fite fuaite ar bhealach le ceist na Gaeilge sna meáin ina iomláine. Sílim go bhfuilimid ag teacht chun deiridh ar bhealach leis an gcaint ar na meáin tradisiúnta agus na meáin neamh-thradisiúnta agus go gcaithfí féachaint ar an gceist ina iomláine, mar shampla, físeáin a bheith á uaslódáil ar na hárdáin éagsúla. Tá sé tábhachtach go mbeadh ábhar i nGaeilge ar fáil do dhaoine, agus mar chuid den obair sin tá scéimeanna maoinaithe éagsúla againn chun cur leis an méid ábhar Gaeilge atá ar fáil agus é a mhéadú.

Nuair atáimid ag caint air seo agus na dáinséaracha atá ann, is dócha go mbeimid in ann deileáil le heolas atá mícheart.

Caithfidh go mbeidh na rialacha i bhfeidhm chun déileáil leis seo. Tá fadhb eile ann ná go bhfuil cuid mhór daoine ann agus tá siad tite thíos an rabbit hole agus tarlaíonn cuid mhór treisithe. Táimid ag caint faoi achan rud ó vaccine denial, Covid denial go dtí fadhbanna le hachan duine as achan tír nach Éire í. Tá cuid mhór de dainséarach agus cuid mhór eile atá amaideach ach tá roinnt fadhbanna ann. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair déileáil leis seo. Tá sé i bhfad níos éasca déileáil le rud éigin atáim féin nó duine ar bith eile ag rá atá mícheart ach is é sin é. Is féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi sin ach tá cuid mhór deacrachtaí maidir leis na algorithms. Tá a fhios agam féin mar táimid ag caint faoi chomhlachtaí agus tá siad ag iarraidh airgead a dhéanamh fosta. Caithfimid déileáil leis seo.

Anois, agus muid ag caint faoi flaggers nó ar disinformation, tá fadhb ann mar tá rudaí atá mícheart agus ansin tá téarmaí polaitíochta agus a leithéid eile agus difríochtaí idir dhaoine. Caithfidh go mbeadh comhionannas maidir leis sin nuair nach bhfuilimid ag caint faoi rudaí atá dainséarach agus mícheart. Níl mé cinnte faoin mbealach chun é seo a dhéanamh i gceart ach caithfimid cuid mhór oibre a dhéanamh.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Aontaím leis an Teachta agus tá go leor ar siúl agus muid ag ullmhú don dá phíosa reachtaíochta seo. Tá scéimeanna ann chuig litearthacht na meán le go dtuigfeadh daoine cé as a bhfuil an nuacht atá siad ag léamh ag teacht agus go bhfuil tuiscint acu ar an gcaoi a bhfuil an t-eolas seo ag teacht chucu, agus an fáth go bhfuil siad ag fáil an t-eolas seo ag an am seo. Cuirfimid maoiniú ar fáil do Media Literacy Ireland agus cuireann an eagraíocht sin go leor tacaíochtaí ar fáil do dhaoine. Inné, mar shampla, bhí lá sábháilteachta ar líne ann. Arís, bhíomar ag obair le Webwise chun pacáistí eolais, forbartha agus traenála a chur ar fáil do ghasúir agus do mhúinteoirí in éineacht leis an Roinn Oideachais. Tá sé sin ar fad mar chuid den bheartas oibre atá ar siúl chun dul i ngleic leis seo.

Ina theannta sin tá coiste óige bunaithe ag Coimisiún na Meán chun comhairle a chur orainn faoin gcód atá le tabhairt isteach faoin sábháilteacht ar líne mar is dócha go bhfuil tuiscint níos fearr ag an nglúin a d'fhás aníos leis na meáin agus na meáin shóisialta air seo. Tá sé tábhachtach a ndearcthaí siúd a fháil freisin faoi.

Tá an obair sin ar fad ag teacht le chéile in aon bheartas amháin. Déarfainn nach bhfuil feidhm tugtha do cheachtar den dá rud mar go bhfuil siad ag tarlú. Tá an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha ag tarlú faoi cheann seachtaine agus beidh an cód ag teacht i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Chím go gcaithfimid deis a thabhairt don dá phíosa ollmhóra reachtaíochta sin feidhmiú agus féachaint cén tairbhe a bheidh orthu. Beidh muidne, dar ndóigh, ag déanamh monatóireachta ar an gcur i bhfeidhm freisin.

Gabhaim buíochas le Rónán Ó Domhnaill. Tá bealach fada romhainn agus níl sé ró-shimplí.

Maidir le Coimisiún na Meán, an bhfuil imní ar bith ar Rónán Ó Domhnaill go mbeidh go leor acmhainní ag an gcoimisiún chun an jab uile a dhéanamh leis an mbealach fada atá romhainn agus an obair uilig atá ann dó nó le déanamh?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl imní orm faoi na hacmhainní atá ar fáil dúinn. Tá go leor tacaíochtaí faighte againn ó Roinn na meán, ón Roinn Dlí agus Cirt, ón Roinn fostaíochta agus ón Roinn caiteachais phoiblí. Bhí 40 oibrithe ag Coimisiún na Mean nuair a thosaigh sé. Tá 80 oibrithe nó níos mó san eagraíocht anois agus méadóidh sé sin faoi dhó, tá súil againn arís, roimh lár na bliana seo. Ó mo thaobh sin de, níl aon fhadhb ann.

Is é ceann de na dúshláin atá romhainn ná na daoine cearta a thabhairt isteach san eagraíocht agus na próisis earcaíochta a chur i bhfeidhm. Tá sé sin ar siúl agus ag tarlú, agus tá ag éirí go hiontach linn daoine a fháil isteach san eagraíocht le tabhairt faoin obair seo. Déarfainn freisin gur cuma cé mhéad daoine atá ag obair in aon eagraíocht mar ní dóigh liom gur féidir le haon eagraíocht monatóireacht a dhéanamh ar an Idirlíon aistí féin. Tá an tIdirlíon ró-mhór le go bhféadfadh aon eagraíocht an obair ar fad a dhéanamh. Táimid mar chuid den réiteach, mar chuid lárnach den réiteach-----

Ní hé an coimisiún an réiteach uilig mar sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Nílimid agus sin an fáth go bhfuil gá an dualgas sin á leagan ar ais ar na hardáin agus ar na comhlachtaí iad féin - ionas go dtuigfidh siad go bhfuil an dlí nua seo ann, go bhfuil sé leagtha síos go soiléir an chaoi a gcaithfidh siad gearáin a láimhseáil, agus go bhfuil rialaitheoir láidir ann ní hamháin in Éirinn ach trasna na hEorpa ar fad chun fadhbanna a réiteach sa chás go dtarlaíonn sé sin agus chun fíneáil a ghearradh má tharlaíonn sé sin. Sa chéad dul síos, táimid ag iarraidh an dualgas sin a leagan ar ais ar na hardáin iad féin freisin.

Tá an coimisiún ag déileáil leis na comhlachtaí seo. Tá cuid mhór rudaí curtha ar siúl agus ag tarlú agus beidh níos mó sa todhchaí. Conas mar atá siad sin ag dul faoin am seo? An bhfuil an coimisiún go breá sásta go bhfuil siad ar an mbealach ceart nó ag dul i dtreo an bhealaigh chirt? An bhfuil cuid mhór fadhbanna ann, fiú amháin ag an bpointe seo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Nuair a bunaíodh Coimisiún na Meán i mí an Mhárta anuraidh, bhí sraith chruinnithe againn leis na hardáin éagsúla atá lonnaithe in Éirinn. Tháinig siad ar fad isteach agus bhí plé ginearálta agus oscailte faoin staid reatha atá ann. Sílim go bhfuil sé ró-luath a rá an bhfuilimid sásta nó míshásta. Caithfimid deis a thabhairt don reachtaíocht seo teacht i bhfeidhm ar dtús agus féachaint an bhfuil siad ag comhlíonadh na ndualgas atá leagtha orthu nó nach bhfuil.

Is é an dóchas a bheadh agam ná go bhfuil an réamhobair agus an comhairliúchán déanta againn leis na hardáin iad féin, leis an bpobal agus leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag plé leis seo agus go bhfuil sraith próiseas á n-ullmhú le haghaidh na trusted flaggers seo, mar a dúirt an Teachta, agus mar sin de, agus go mbeidh siadsan in ann dul i dteagmháil linn. Ní dóigh liom go mbeidh aon easpa oibre nó obair eagraíochtúil i gceist ónar dtaobh de ach caithfear deis a thabhairt don reachtaíocht dul i bhfeidhm chun féachaint cén toradh a mbeidh aige sin ar na hardáin iad féin.

An bhfuil Rónán Ó Domhnaill in ann a rá cén t-am a tharlóidh sé nó an bhfuil sé ró-luath é sin a insint faoin am seo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sílim nuair a thiocfaidh an dá phíosa reachtaíochta i bhfeidhm go mbeidh sé-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

-----sin an áit a bheadh-----

Tá Rónán Ó Domhnaill measartha sásta but like the French Revolution, it is too early to tell.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Go díreach é.

Go raibh maith agat.

Nílimid ag baint na cloigne ó aon duine go fóill. Feicim go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag fanacht chun labhairt go fóill. Sula dtosaíonn sé, dúirt an Teachta Connolly go bhfuil brón uirthi ach go bhfuil sí sa Chathaoir sa Dáil anois agus bhí uirthi éalú isteach chun é sin a dhéanamh. Iarraim ar an Teachta Ó Muineacháin dul ar aghaidh, lena thoil.

Go raibh maith ag an gCathaoirleach. Fáiltím roimh an gcoimisinéir ar ais arís.

Díreoidh mé ar dhá ábhar, lena thoil. Bhí plé againn ar na meáin shóisialta. Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar raidió áitiúil. Bhí deis againn plé le TikTok agus le Meta mar gheall ar an tslí a bhí siad ag déanamh monatóireacht ar eolas nach raibh cruinn. Ní hamháin go raibh siad ag brath ar dhaoine chun aird a tharraingt ar an eolas seo ach go raibh siad in ann dul amach as a stuaim féin agus videos a chíoradh, agus mar sin de, chun aon eolas nach raibh cruinn a stopadh nó flagging a dhéanamh ar shlí amháin nó ar shlí eile. Chuir sé ionadh orm go raibh siad ag cuardach videos as Gaeilge chomh maith agus nach raibh aon eolas ann nach raibh cruinn ansin. Tá muintir na Gaeilge go hiontach agus cruinn i gcónaí.

Cén teagmháil atá ag Coimisiún na Meán leis na hardáin mar gheall ar an slí go bhfuiltear ag cíoradh na videos agus ag cíoradh an eolais éagsúil? An bhfuiltear ullamh? An bhfuil an coimisiún sásta go bhfuiltear ag déanamh mar ba chóir? An bhfuil siad ullamh i gcomhair na hathruithe atá ag teacht? An dóigh leis an gcoimisinéir go bhfuil sé ar a gcumas plé le seo agus muna bhfuil, cén teagmháil atá ag Coimisiún na Meán leo mar gheall ar fheabhsúcháin? B’fhéidir go dtosnóimid le sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá an tAcht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022 agus an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha an AE a bhéas Coimisiún na Meán ag feidhmiú chun domhan níos sábháilte ar líne a chinntiú á n-ullmhú agus á réiteach le blianta fada. Mar sin, níor cheart go mbeadh aon amhras nó aon éiginnteacht ar aon dream, ar aon chomhlacht nó ar aon ardán faoi na dualgais atá á leagan orthu de thoradh an dá phíosa reachtaíochta seo. Maidir le ceist an Teachta agus na hardáin a bheith ullamh nó gan a bheith, ónár dtaobh, mar Choimisiún na Meán, an jab atá romhainn ná monatóireacht a dhéanamh ar an gceist sin go sonrach. Nuair a thagann an tAcht seo i bhfeidhm beidh deis ag tíortha eile an Aontais dul i dteagmháil linn anseo chun na gearáin atá ag daoine faoi chomhlachtaí atá lonnaithe anseo a chur in iúl dúinn. Ina theannta sin, mar a bhí mé ag rá, tá an t-ionad teagmhála le hoscailt againn i gCiarraí, seachtain ón Luan. Ba chóir dom a rá freisin go mbeidh 50% den lucht oibre san ionad sin líofa sa Ghaeilge agus beidh siad in ann glacadh le gearáin sa dhá theanga. Is de thoradh na hoibre sin ar fad go bhfaighimid tuiscint agus léamh ar an gceist seo maidir leis na hardáin a bheith ullamh nó gan a bheith. Ba chóir go mbeidís ullamh sa mhéid agus go bhfuil an reachtaíocht seo ar an bhfód agus eolas faoin reachtaíocht ann ar feadh píosa. Go dtí go dtiocfaidh feidhm leis an dá phíosa reachtaíochta sin - go dtí go bhfuil muid ar an bpáirc go hoifigiúil - is deacair breithiúnas cinnte a thabhairt air sin nó réamhbhreithiúnas a thabhairt. Rud amháin atá cinnte agus aitheanta ag gach duine, áfach, ná nár oibrigh féin-rialáil go dtí seo. Tá glacadh ag gach duine le sin, sílim. Glacaimid ar fad go dteastaíonn rialacháin agus dlíthe déine chun a chinntiú nach bhfuil an dochar atá feicthe againn ag tarlú agus go bhfuil laghdú ollmhór ag teacht air. Nuair a thagann an dá phíosa reachtaíochta seo faoinár gcúram go hiomlán, feicfimid cén toradh a bhéas air sin. Taobh istigh de Choimisiún na Meán féin, tá cuid amháin den eagraíocht ag déileáil le cúrsaí polasaithe agus comhaid ar líne a chinntiú, agus tá cuid eile den eagraíocht ag déileáil le monatóireacht, maoirseacht agus fíneáil, más gá. Tá cuid eile fós ag plé le litearthacht sna meáin agus daoine a chur ar an eolas faoin suíomh ar líne, na contúirtí a bhaineann leis, cén chaoi dul i ngleic leis sin agus oideachas a chur ar daoine. Mar sin, táimid réidh ónár dtaobh de. Tá súil agam gurb amhlaidh an cás do na hardáin freisin. Tiocfaidh sé sin chun cinn, is dóigh, agus eagraíochtaí ag déanamh teagmháil linn amach anseo.

An t-ábhar eile gur theastaigh uaim a fhiosrú anseo ná an raidió áitiúil. Tá sé an-cumhachtach. Bíonn an-chuid daoine á úsáid agus ag éisteacht leis go laethúil. Bhí plé againn cheana féin leis na stáisiúin mar gheall ar úsáid na Gaelainne. Bhraitheamar nach raibh cuid de na stáisiúin ag baint puinn úsáide nó ag déanamh puinn teagmhála le muintir na Gaelainne seachas b’fhéidir cúpla token bits anseo agus ansiúd. N’fheadar cén teagmháil atá déanta ag Coimisiún na Meán leo mar gheall ar freastal ar phobal na Gaelainne agus cén saghas toradh a tháinig as.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Iarrfaidh mé ar mo chomhghleacaí Clare Diamond labhairt faoin gceist sin. Bíonn sí ag obair in earnáil an cheadúnais raidió. Tá roinnt oibre déanta againn ó thaobh é a nascadh leis an athbhreithniú do na meáin Ghaeilge agus na moltaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi sin agus é sin a dhaingniú taobh istigh de na stáisiúin raidió. Iarrfaidh mé uirthi beagán a rá faoi sin má tá sé sin ceart go leor.

Ms Clare Diamond

Mar a dúirt Rónán Ó Domhnaill, tá athcheadúnú na seirbhísí neamhspleácha ar bun faoi láthair. Tá an t-athbhreithniú ar sholáthar na seirbhísí Gaeilge á dhéanamh ag an gcoimisiún i mbliana. Tá sé ar chlár oibre an choimisiúin. Mar chuid den phróiseas ceadúnaithe seo, tá an coimisiún ag iarraidh ar na seirbhísí raidió gealltanais bhreise a chur sna conarthaí craolacháin chun sonraí a bhailiú maidir leis na gcláir Ghaeilge, athbhreithniú a dhéanamh ar an tiomantas i leith na cláir Ghaeilge, agus ábhair do chlár Ghaeilge nua a fhorbairt. Beidh cineál na gclár nua sin ag brath ar thorthaí na hathbhreithnithe agus beidh gá na bearnaí a aithnítear ansin a líonadh.

Maidir leis na gealltanais atá sna conarthaí, tá sé faoi na seirbhísí féin iad sin a dhréachtú. Tá gealltanais éagsúla ag gach stáisiún. Braitheann sé ar an gcineál seirbhíse atá ann agus an cineál cláir a bhfuil an lucht éisteachta ag súil leis. Thar na seirbhísí uilig, táimid ag cinntiú go bhfuil raon leathan d’ábhair Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge, mar atá i mBéarla agus i dteangacha eile, agus go bhfuil an soláthar cuimsitheach sin ag léiriú ilghnéitheacht cultúrtha mhuintir na hÉireann freisin.

An bhfuil caighdeán bunúsach á leagan síos? Glacaim leis go bhfuil lucht éisteachta difriúil ag gach cainéal ach an bhfuil caighdeán bunúsach leagtha síos dóibh go léir? Nuair a bhí Coimisiún na Meán i dteagmháil leis na cainéil, cén saghas caighdeáin a thángthas orthu? Ní dhéarfainn gur bhearnaí a bhí ann ach nach raibh aon Ghaelainn in aon chor le cloisteáil ar chuid acu agus nach raibh cuid acu, ar aon nós, ag comhlíonadh aon riachtanais. Déarfainn go raibh roinnt eile a bhí báúil don Ghaelainn agus go raibh sí le cloisteáil fite fuaite trí chuid de na cláracha. An bhféadfadh an coimisiún tuairim a thabhairt ar chaighdeán bunúsach a bheidh le cloisteáil amach anseo? An mbeidh cúig nóiméid nó uair a chloig in aghaidh an lae á lorg? Cén saghas freagra a tháinig ar ais ó na cainéil raidió? An bhfuiltear ag tacú leis an nGaelainn nó an bhfuil leithscéal orthu ar feadh an ama? Bhí cuid acu an-mhaith ar fad ach bhí spás ann le haghaidh feabhais mór i gcuid eile.

Ms Clare Diamond

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil spás mór ann le haghaidh feabhas. Beimid ag déanamh monatóireacht ar na gealltanais sin le sin le linn an phróisis athcheadúnaithe seo.

Maidir le caighdeáin, tá a fhios againn ón taighde a rinneamar in 2022 ar fhéidearthachtaí stáisiún raidió nua Gaeilge náisiúnta a chur ar bun go bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg Gaeilge den scoth nuair a chuireann siad an raidió agus an teilifís ar siúl. Tá siad ag iarraidh réimse leathan de chláir Ghaeilge agus cláir d’ardchaighdeán. Déantar monatóireacht le bheith cinnte go bhfuil ardchaighdeán á chraoladh ag na stáisiúin. Chomh maith le sin, maidir leis na gealltanais, tá méadú tagtha ar líon agus raon na gclár ar na seirbhísí neamhspleácha. Tá na stáisiúin réigiúnacha atá dírithe ar an aos óg an-dearfach ó thaobh na Gaeilge de. Mar shampla, i gcás iRadio, craoltar 26% de na cláir i nGaeilge. Táimid ag iarraidh ar na stáisiúin gealltanais sa bhreis a chur sna conarthaí agus tá sé fíorthábhachtach go mbeadh siad ag iarraidh an caighdeán sin agus raon na gclár a leathnú agus a fheabhsú.

Cathain a bheidh an finné ag súil leis na conarthaí éagsúla sin a bheith réitithe?

Ms Clare Diamond

Tá cúpla conradh sínithe againn anois, agus tá muid ag leanúint leis an obair sin i mbliana. Is féidir liom na sonraí sin a chur faoi bhráid an choiste más mian leis an choiste sin.

Má tá conarthaí sínithe cheana féin, cad é an bunchaighdeán ar réitíodh air? Ar lorgaíodh nó ar aontaíodh go mbeadh 25% nó cúig nóiméad i gceist ionas nach mbeadh sé tokenistic, mar a déarfá? An féidir leis an bhfinné sampla a thabhairt don choiste de chúpla cinneadh a rinneadh nó de chúpla sprioc a leagadh síos sna conarthaí atá réitithe ag an choimisiún faoin tráth seo?

Ms Clare Diamond

Tá cláir éagsúla á gcraoladh ag na stáisiúin. Mar shampla, tá cláir uair a chloig faoi chultúr nó na healaíona agus cláir cheoil as Gaeilge ar na stáisiúin atá dírithe ar an aos óg. Níl quotas curtha isteach sna conarthaí. Tá baol ann go gcuirfí an iomarca béime ar líon na gclár seachas ar raon agus caighdeán na gclár. Chomh maith leis sin, tá méid na gclár athchraolta ard cheana féin agus tá muid ag iarraidh é sin a laghdú. Is é sin an fáth go bhfuil béim láidir á leagadh anois ag an choimisiúin ar an soláthar cuimsitheach sin as Gaeilge.

An raibh feabhsúcháin éagsúla gur aontaíodh? Ní gá gur breis ama a bheadh i gceist. An féidir leis sampla a thabhairt d’aon spriocanna breise nó d’aon rud a aontaíodh sna conarthaí?

Ms Clare Diamond

Mar a dúirt Rónán Ó Domhnaill, beidh orthu cláir nua a fhorbairt agus beidh muid ag obair leis na seirbhisí é sin a dhéanamh, ach tá na cineálacha clár sin ag brath ar thorthaí an athbhreithnithe. Mar sin, caithfidh muid fanacht go dtí go mbeidh sé sin déanta, ach cinnte ní mór dóibh cláir nua a fhorbairt ag an am sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An féidir liom léim isteach ar an phíosa seo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tiocfaidh mé chuig Sinéad Crowley i gceann soicind, dá bhféadfainn, chun cúrsaí traenála san éarnáil seo a phlé freisin.

Níl fadhb ar bith leis sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Mar a bhí Clare Diamond ag rá, sna conarthaí atá sínithe le beagnach bliain anuas ag na stáisiúin raidió áitiúla, tá commitment go gcuirfear na moltaí a thiocfaidh as an athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge i bhfeidhm sna stáisiúin. Beidh muid ag plé leo le linn an athbhreithnithe ó thaobh an méid Gaeilge atá le cloisteáil ar na stáisiúin sin agus ag déanamh moltaí dá réir a aontóidh muid leo. Tá dualgas sna conarthaí agus tá tuiscint ann go gcuirfear na moltaí sin i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Is é ceann de na nithe a thagann chun cinn uaireanta ná go mbíonn deacracht daoine oilte sna meáin a bhfuil Gaeilge acu a aimsiú. Ní tharlaíonn sé in gach áit ach deirtear go dtarlaíonn sé in áiteanna. Is chuige sin a bhíonn muid ag cur maoinithe ar fáil d’obair traenála agus tagann an ghné seo faoi chúram Shinéad Crowley. Ar mhiste leis an choiste dá labhródh sí ar an ábhar seo?

Ms Sinéad Crowley

Tugann muid airgead agus tacaíocht d’áiteanna atá ag iarraidh cláir a dhéanamh agus iriseoirí a thraenáil agus mar sin de. Tá clár ag an choimisiún darb ainm clár forbartha earnála, agus tugann sé sin maoiniú d’eagraíochtaí ar nós Oireachtas na Gaeilge, a chuireann scéim mheantóireachta ar siúl do láithreoirí Gaeilge. Is rud é sin a cabhraíonn le daoine atá ag iarraidh dul ar an aer.

Chomh maith leis sin, tá áit darb ainm Learning Waves, agus is eagraíocht í sin a thugann traenáil do chraoltóirí, agus bíonn craoltóirí a bhfuil Gaeilge acu ina measc, dar ndóigh. Mar shampla, tugann an eagraíocht traenáil do dhaoine atá díreach tar éis an choláiste a fhágáil agus tá siad in ann dul go dtí na stáisiúin éagsúla. I mbliana, tá muid ag iarraidh go mbeadh sí ag labhairt faoin Ghaeilge nuair a chuirtear an cúrsa sin ar fáil. Is bealach é sin ar féidir leis an choimisiún cabhrú leis na cláir sin agus leis na láithreoirí sin ón tús seachas i gcónaí ag iarraidh go mbeidh siad ar an aer. Is rud lárnach é sin sa choimisiún.

Chomh maith leis sin, tugann muid urraíocht d’áiteanna. Tá Oireachtas na Gaeilge ar cheann de na háiteanna dá dtugann muid urraíocht agus cuireann sé gradam cumarsáide ar siúl gach bliain. Is bealach eile é seo a bhfuil an coimisiún in ann cabhrú le daoine a bhíonn ag láithriú agus ag déanamh clár as Gaeilge.

Gabhaim buíochas as an fhreagra sin. Níl aon cheisteanna eile agam.

Tá roinnt ceisteanna agam féin. Tá an t-ábhar seo chomh fadradharcach agus chomh leathan agus is miantar. Is cuimhin liom sna seachtóidí nuair a bhí mé ar an mheánscoil, bhí múinteoir agam agus chuir sé ina luí orainn mar rang freastal ar chúrsa chun stáidéar a dhéanamh ar na meáin, conas fógraí a léamh, conas is féidir le fógraí dul i gcion ar dhaoine agus conas a athraítear rud. B'ábhar é seo a bhí sé ag iarraidh cur ina luí ag an am ar an Roinn Oideachais, mar a tugadh air. Tá tuiscint ar na meáin agus tuiscint ar fhógraí ar cheann de na rudaí is tábhachtaí don lucht óg go háirithe ach do chuid mhaith daoine eile toisc na réabhlóide atá tar éis teacht chun cinn ó thaobh na meán de. D’fhoilsigh an coiste seo tuairisc anuraidh faoi fhoilsitheoireacht. Má smaoinítear ar an sean-fhoilsitheoireacht, ba rud fisiciúil é don chuid is mó ach is ag craoladh ar bhealaí difriúla atá i gceist léi anois. Tá na meáin shóisialta á n-úsáid, tá an rud fisiciúil ar fáil ar an Idirlíon agus ansin tá podchraoltaí agus gach rud eile. Tá an domhan sin athraithe agus tá sé sin tar éis teacht isteach ar na meáin chraolacháin. Luaigh mé an pointe seo leis an dream a bhí ós comhair an choiste roimhe, go bhfuil fadhbanna bunúsacha ag baint leis an ábhar seo. Níl an domhan seo socraithe síos agus tá na hathraithe seo ag teacht chomh tapa nach féidir linn teacht ar an leibhéal a shroichfidh an tsochaí.

Tá roinnt ceisteanna agam maidir leis an dainséir atá ann don Ghaeilge, ós rud é gur seo coiste na Gaeilge, má tá an réabhlóid seo ag tarlú chomh tapa sin agus go mbeimid fágtha ar chúl. An bhfuil na finnéithe sásta leis an chosaint gur féidir leo a thabhairt chun déanamh cinnte de go mbeidh an Ghaeilge lárnach agus i lár an aonaigh maidir le craolacháin amach anseo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá. Arís, beidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge níos leithne ná a bheith ag breathnú ar an teilifís agus ar an raidió amháin. Beidh muid ag breathnú ar rudaí ar nós podchraoltaí agus gaming – cluichí atá ar fáil i nGaeilge - agus cé chomh leathan is atá sé sin. In aon chaint nó díospóireacht a bheidh ann faoi na meáin i nGaeilge amach anseo, caithfear féachaint uirthi ar bhealach leathan. Ní féidir breathnú ar an díospóireacht ar bhealach cúng níos mó agus caithfear é a shníomh isteach leis an dul chun cinn atá déanta.

Ag deireadh na dála, is comhlachtaí príobháideacha neamhspleácha iad ó thaobh na bhforbairtí a shocraíonn siad a chur i bhfeidhm agus a dhéanamh. Ónár dtaobh de, an rud atá súil againn agus atá i gceist againn a bhaint amach leis an obair atá ar siúl againn agus leis an maoiniú a bheidh againn nuair a thagann ciste na meán isteach faoi mar atá beartaithe sa reachtaíocht - faoi láthair is maoiniú do chúrsaí craolacháin atá ar siúl againn leis an chiste sin le fuaim agus fís - ná é sin a dhéanamh níos leithne, go mbeidh sé platform neutral, mar a deirtear i mBéarla, agus, go bunúsach, go mbeidh muid in ann ár maoiniú a dháileadh ar bhealach níos leithne, ag breathnú ar na nuachtáin, ar nuacht ar líne, ar phodchraoltaí agus mar sin de. Sílim go gcuideoidh sé sin. Tá go leor den obair sin ar siúl go deonach cheana féin ag daoine ach tá sé tábhachtach go mbeidh tacaíocht á chur ar fáil ag leithéidí Choimisiún na Meán don obair sin freisin.

Nóta beag eile ná cé chomh tapa is atá daoine óga ag bogadh ó na meáin tradisiúnta go dtí na meáin digiteacha. Ní fiú meáin atá iontu anois ach domhan iomlán difriúil agus ní féidir dul i gcion orthu chomh tapa is a bhí muid in ann.

Tá sé deacair uaireanta airgead a dhíriú sa treo sin. Mar a dúirt Rónán Ó Domhnaill, is comhlachtaí príobháideacha iad agus tá siad gafa le cur chuige difriúil ná mar a bhí againn. Measaim go bhfuil bealach againn dul i gcion orthu, toisc go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ann, agus an méid a bhí ann maidir le fógraíocht. Tá a lán de na meáin seo, in ainneoin líon na ndaoine atá acu, fós ag brath ar fhógraíocht de shórt amháin nó de shórt eile. Measaim gur féidir linn, mar Stáit, dul i gcion ar na comhlachtaí sin agus a rá leo gur féidir leo amach anseo, nó anois fiú amháin, buntáiste a bheith acu má tá siad sásta fógraí Gaeilge a mhealladh ina dtreo. Ardaíonn sé sin ceist eile a iarradh orm a chur ort inniú. An bhfuil aon ról ag Coimisiún na Meán i dtaca le cruinneas na fógraí sin ó thaobh teanga de, ó thaobh na focail, agus ó thaobh foghraíocht? Ba cheart dúinn mífhuaimniú a sheachaint ionas nach bhfuil goobledegook i gceist. Dá mbeadh sé i mBéarla, i bhFhraincis nó in aon teanga eile, bheadh míniú i gceist. Uaireanta ní bhíonn roinnt den fhógraíocht nua 100%. Tuigim agus tuigeann tusa céard atá i gceist, ach ní bheadh na meáin Béarla sásta dá mbeadh sé sin curtha trasna i mBéarla.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

B'fhéidir go labhróidh mé faoin dara cheist ar dtús. Maidir leis an gcéad cheist, tá roinnt eolais bailithe faoin mbealach a úsáideann an aos óg na meáin. B'fhéidir go n-iarrfaidh mé ar Clare Diamond labhairt faoi sin, agus Sinéad Crowley freisin má tá aon rud le rá aici ar an obair atá ar siúl aici sa chomhthéacs seo.

Sula dhírím ar an gceist faoi cúrsaí fógraíochta, foghraíocht agus mar sin de, ba mhaith liom rud amháin a lua a tháinig chun cinn ó thaobh na meáin áitiúil, go mór mhór na nuachtáin áitiúla i mBéarla ach go ginearálta freisin. Braitheann siad uaireanta nach dtagann go leor den fhógraíocht Stáit ar bhonn náisiúnta ina dtreo, mar is leis na meáin náisiúnta a dhéantar é. Sílim gur cheist í sin atá le plé agus le réiteach freisin.

Ó thaobh caighdeán na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, is cuid den leasú ar an Acht teanga a bhí ansin. Ós rud é gur reachtaíocht teanga atá ansin, seachas reachtaíocht craolacháin, tá an dualgas ar Oifig an Choimisnéara Teanga, is dócha, monatóireacht a dhéanamh air. Ní theastaíonn uaim dul isteach san obair sin ar aon bhealach. Is cuid den reachtaíocht teanga atá ann.

Mar chuid den athbhreithniú, caithfimid breathnú ar sholáthair cláracha Gaeilge ar RTÉ. Mar is eol dúinn, tá Oifig an Choimisnéara Teanga sa réimse sin chomh maith. Tá sé tábhachtach nach mbeadh dhá áisíneacht Stáit ag déanamh an obair céanna ar aon bhealach - nach mbeadh dubláil oibre ar siúl. Ní hé sin atá ag teastáil. Caithimid a bheith tuiscineach ó thaobh sin de. Mar chuid den chaint a bheidh ar siúl timpeall air sin, d'fhéadfaimís ceist na fógraíochta a chur in iúl freisin.

Ó thaobh cén chaoi is féidir linn a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh teagmháil leis an aos óg agus ag caint leo ar na meáin cuí, ceist atá an-tábhachtach, tá coiste reachtúil - coiste comhairliúcháin óige - bunaithe ag Coimisiún na Meán. Tá daoine óga ar an gcoiste sin a chuireann comhairle ar an gcoimisiún agus ar an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne faoi céard ar mhaith leo a fheiceáil sa chód cleachtais. Sílím gur obair í sin a d'fhéadfaí a leathnú amach anseo chun féachaint ar cheisteanna níos leithne ó thaobh na meáin.

Ms Clare Diamond

In 2022 rinneamar fiosrú ar an bhféidearthacht maidir le seirbhís náisiúnta Gaeilge a bhunú. Bheadh an stáisiún seo dírithe ar an aos óg idir 15 agus 34 bliana d'aois. Chuireamar cúpla tionscnamh taighde i gcrích sa bhliain sin. Tá na tuarascáil foilsithe ar shuíomh Údarás Craolacháin na hÉireann. Rinne an taighde seo iniúchadh ar riachtanais na n-éisteoirí óga agus cén saghas ábhar idir cheol agus cainte a spreagadh chun éisteachta iad. Chomh maith le sin, rinne an taighde scrúdú ar a gcuid nósanna i leith na meáin, mar shampla an bhfuil siad ag éisteacht le raidió FM, an bhfuil siad ar na meáin shóisialta, cén aipeanna a úsáideann siad agus mar sin de. Is féidir liom torthaí an taighde sin a roinnt. Shoiléirigh an taighde seo go bhfuil siad sa tóir ar ábhair fuaime, ar raidió FM agus ar líne, agus go bhfuil an raidió fós tábhachtach dóibh. Cláracha ceol agus siamsaíochta is mó a mheallann iad.

De réir figiúirí JNLR ag deireadh na bliana seo caite, éisteann 70% den déimeagrafach seo leis an raidió ar bhonn laethúil. Céatadán ard go leor is ea é sin. Bíonn 80% den ghrúpa sin ag éisteacht le raidió FM ach, dar ndóigh, tá méadú ag teacht bliain i ndiaidh bliana ar éisteacht ar líne. I measc an t-aos óg le Béarla ó dhúchas acu, bheadh siad toilteanach triail a bhaint as stáisiún nua Gaeilge agus ba mhór an tarraingt don lucht éisteachta seo an cineál ceol a bheadh á craoladh ar an tseirbhís. I measc aos óg na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta, tá éileamh ar rogha níos leithne d'ábhar fuaime Gaeilge. Tá siad ag lorg an réimse leathan de sheánraí ilgnéitheacha atá ar fáil i mBéarla agus i dteangacha eile. Mar a dúirt duine amháin, is teanga beo í an Ghaeilge; mar sin, cén fáth nach mbeadh plé trí Ghaeilge ar na topaicí atá ag treochtáil nó trending ar na meáin shóisialta? Tá sé sin mar expectation ag na daoine óga. Dar ndóigh, tá a fhios againn ó thaobh na hábhair atá á gcur ar na meáin shóisialta go bhfuil suim ag an t-aos óg i gcúrsaí sláinte, cúrsaí reatha shóisialta, cúrsaí domhanda, cúrsaí reatha, coirscéalta agus ábhair níos éadroime ar nós faisean, léirmheasanna scannáin, leabhair, ábhar Gaeilge agus mar sin de. Tá siad ag iarraidh guthanna nua, canúintí éagsúla agus, mar a dúirt mé cheana, Gaeilge den scoth a chloisteáil. Dar leo, tá oscailt do thairiscint nua Gaeilge d'ardchaighdeán a bheadh dírithe ar an aos óg. Bheadh suim acu i múnla a bhaineann úsáid as an mbanda FM chomh maith le hardáin digiteacha freisin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Níl aon cheist eile ar mo liosta agam. Ní fheicim éinne eile ag iarraidh teacht isteach ar líne. Mar sin, tapóidh mé an deis mo bhuíochas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill, Sinéad Crowley agus Clare Diamond as a bheith anseo inniu chun cuidiú linn díospóireacht a bheith againn maidir leis na meáin. Táim chun clabhsúr a chuir leis an díospóireacht seo. Beidh an chéad cruinniú eile den chomhchoiste ar 2 p.m. ar an 14 Feabhra ar Microsoft Teams, agus seisiún príobháideach a bheidh ann.

Meabhraím do Theachtaí Dála go mbeidh cruinniú de Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge ar siúl amárach ar 12 meánlae i seomra choiste 2, nuair a dhéanfar plé ar na Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí 2024 i gclár C - an Ghaeltacht - de Vóta 33, an Roinn Turasóireachta, Cultúr, Ealaín, Gaeltacht, Spóirt agus na Meáin. Beidh Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Patrick O'Donovan, i láthair.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.19 p.m. go dtí 1.30 p.m, Dé Céadaoin, an 21 Feabhra 2024.
Barr
Roinn