Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 21 Feb 2024

Úsáid agus Infheictheacht na Gaeilge ar na Meáin Chraolta: Plé

Is gnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais é seo, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams ag baint leis. Tá ceithre chomhalta i láthair sa seomra coiste nó ar líne, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Tá an Teachta Marc Ó Cathasaigh agus na Seanadóirí Lorraine Clifford-Lee agus Seán Kyne ar líne so is féidir tús a chur leis an gcruinniú. Beidh dhá sheisiún againn inniu chun breathnú ar úsáid agus infheictheacht na Gaeilge ar na meáin chraolta. Tá finnéithe inár gcuideachta don chéad seisiún thar ceann Raidió Teilifís Éireann agus Teilifís na Gaeilge, TG4. Leanfaimid ar aghaidh go dtí 3 p.m., más gá. Cuirfear tús leis an dara seisiún ar 3.10 p.m., nuair a dhéanfaidh an coiste breathnú ar an ábhar céanna le finnéithe thar ceann Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Leanfaidh an seisiún sin ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn. Mar sin, is féidir dul ar aghaidh.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte ar leith roimh na hionadaithe thar ceann RTÉ: príomhfheidhmeannach Raidió Teilifís Éireann, Kevin Bakhurst; príomh-eagarthóir "Nuacht RTÉ" agus "Nuacht TG4", Joe Reddington; ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha; agus grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin. Linn chomh maith, tá ionadaithe thar ceann TG4: an t-ardstiúrthóir, Alan Esslemont; stiúrthóir airgeadais agus riaracháin, Nóra Máire Uí Mhocháin; agus ceannaire nuachta agus cúrsaí reatha, Deirdre Ní Choistín. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe uilig ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, caithfidh mé na dualgais, rialacha agus treoracha a chur faoi bhráid na gcomhaltaí, na ball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir atá siad ag labhairt agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Ba chóir do chomhaltaí a bheith cúramach go mbeidh an micreafón ar siúl agus iad ag labhairt agus é múchta nuair nach bhfuil.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach. Aontaímid leis na rialacha sin. Tosóimid leis an gcruinniú i gceart.

Mr. Kevin Bakhurst

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an chuiridh teacht anseo inniu. Tá Niamh Ní Churnáin chun an ráiteas oscailte a léamh thar ceann RTÉ.

Ms Niamh Ní Churnáin

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí as deis a thabhairt dúinn a bheith anseo chun úsáid agus infheictheacht na Gaelainne sna meáin chumarsáide a phlé. Mar eagraíocht meán cumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann, tá RTÉ tiomanta do réimse leathan d’ábhar Gaelainne ilseánra ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud ár gcuid ardán agus seirbhísí beo agus ar éileamh. Daingnítear an gealltanas sin tuilleadh sa chreatcháipéis straitéiseach a d’fhoilsíomar le gairid do na cúig bliana amach romhainn, "Treo Nua". Tá RTÉ meáite ar a chinntiú ní hamháin go bhfuil an teanga le feiscint ar fud ár gcuid seirbhísí go léir, ach go bhfuil sí beo mar ba chóir ar na seirbhísí sin agus go bhfuilimid ag obair ar fud gach seánra chun an t-ábhar Gaelainne a mhéadú ar fud ár gcuid ardán. Leanaimid de bheith ag neartú na mbunchloch láidir atá forbartha againn lenár gcomhpháirtíochtaí seachtracha - TG4, Coimisiún na Meán, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus na léiritheoirí neamhspleácha - chun ár soláthar Gaelainne a mhéadú.

Tá an cur chuige atá againn i leith ábhar Gaelainne difriúil ón gcur chuige atá againn i leith ábhar Béarla. Chun go mbeimid ábalta freastal ar an lucht féachana agus éisteachta is leithne agus gur féidir, déanaimid ár ndícheall ábhar de gach saghas a dhéanamh do dhaoine a bhfuil gach uile chaighdeán Gaelainne acu, is é sin, dóibh siúd gurb í an Ghaelainn an chéad teanga sa bhaile agus sa phobal acu, dóibh siúd nach n-úsáideann an teanga ach anois is arís agus dóibh siúd gur mian leo í a fhoghlaim agus taitneamh a bhaint as ábhar Gaelainne. Anuas air sin, bíonn RTÉ i láthair go leanúnach ag imeachtaí cultúir, spóirt agus speisialta ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta i rith na bliana. Treisíonn sé seo ár bhfeiceálacht agus ár rannpháirteachas ag na himeachtaí. Daingníonn sé an ceangal atá againn leis an lucht féachana agus éisteachta Gaelainne in Éirinn agus níos faide i gcéin.

Cuireann RTÉ breis agus €24 milliún isteach in ábhar Gaelainne ar fud ár gcuid ardán agus seirbhísí go léir. Sa bhreis air sin, bíonn an teanga fite fuaite inár gcuid cainéal agus seirbhísí chomh nádúrtha agus is féidir. Mar sin, cad a bhí le fáil ag an lucht féachana agus éisteachta in 2022 agus 2023 de bharr na hinfheistíochta suntasaí sin?

Cuireann RTÉ stáisiún raidió náisiúnta i nGaelainn ar fáil, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer in 2022. Is seirbhís ar leith í RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcraoltóireacht na Gaelainne agus is croísheirbhís thábhachtach í laistigh d'eagraíocht RTÉ. Is minic a ndéantar tagairt don Ghaeltacht mar thobar na Gaelainne. Creidimse go mór gurb é RTÉ Raidió na Gaeltachta tobar na meán cumarsáide Gaelainne. Cuireann an stáisiún an-bhéim i gcónaí ar chaighdeán na Gaeilge a chraoltar agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh an caighdeán sin a bheith chomh hard agus is féidir. Don dara huair le trí bliana, bhuaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach in 2021 agus 2023. Nuair a bronnadh an gradam, cuireadh béim ar an gcaidreamh láidir atá ag an stáisiún leis na héisteoirí.

Tá ardmheas ar an ngradam seo agus bhí stáisiúin eile san iomaíocht ar nós an BBC i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, mar aon le craoltóirí eile.

Léirítear réimse leathan ábhair go hinmheánach sa stáisiún, ina measc nuacht chuimsitheach idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil, cúrsaí reatha, cláir shiamsaíochta agus ealaíona, clúdach spóirt, ceol agus go leor eile. Bhí straitéis ag RnaG an raidió a thabhairt amach go dtí an pobal agus é a chur os a gcomhair trí úsáid a bhaint as craoltaí seachtracha. Chuir grúpaí pobail sa Ghaeltacht agus grúpaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht fáilte roimh an gcur chuige sin agus roimh an nasc a chruthaigh sé. In 2023, bhí breis agus 160 craoladh seachtrach ag an stáisiún agus é ag freastal ar fhéilte náisiúnta, imeachtaí pobail ar bhonn áitiúil agus ócáidí spóirt.

Tá obair mhór déanta ag foireann RnaG chun ábhar a fhorbairt agus a chur sa sceideal, ábhar nua ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha raidió agus ábhar ón bhfoireann atá ag obair laistigh den teach san áireamh. Craoladh réimse leathan sraitheanna nua fíorasacha Gaelainne, mar shampla "Dúshlán na Feirme", "Aistí ón Aer" agus "Eireaball Spideoige", agus tá sraitheanna nua drámaíochta Gaelainne, ina measc "Cloch na Scíth", "Jimí Mháire Thaidhg", "Ón Domhan Thíos" agus "Jó Johnny Joe", ag céimeanna éagsúla léirithe faoi láthair agus craolfar iad i rith na bliana. Táimid ag obair chun níos mó sraitheanna mar seo a fhorbairt amach anseo. Chomh maith leis sin, trínár gcomhpháirtíocht leanúnach le Raidió Rí-Rá, táthar ag cur cláir cheoil cairteacha ar fáil i nGaelainn atá dírithe ar dhaoine óga ó Mháirt go hAoine.

Cuireann RTÉ seirbhís ilardáin nuachta ar fáil do RTÉ agus TG4 agus fostaítear níos mó iriseoirí a oibríonn trí mheán na Gaelainne sa tseirbhís sin ná in aon eagraíocht nuachta eile in Éirinn. Léiríonn RTÉ breis agus 250 uair an chloig d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha Gaelainne don teilifís na haon bhliain bunaithe ar aschur nuachta agus cúrsaí reatha "Nuacht TG4", ar fheasacháin "Nuacht RTÉ le TG4" ar RTÉ One agus ar an RTÉ News Channel agus ar fhoilsiú agus ar ábhar a chur ar na hardáin mheán sóisialta. Tá foireann iriseoireachta lonnaithe i mBaile na hAbhann agus i gceantair Ghaeltachta eile, i nDomhnach Broc agus i gceantair eile ar fud na tíre. Tugtar léiriú leis na seirbhísí éagsúla a chuireann siad ar fáil ar na pobail Ghaelainne ina bhfuil siad lonnaithe mar aon le clúdach cuimsitheach náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil. Is é RTÉ chomh maith a chuireann an tsraith chúrsaí reatha "7 Lá" ar fáil do TG4. Tá súil againn "Fóram", an clár cúrsaí reatha Gaelainne nua a bheidh le craoladh ar RTÉ One, a sheoladh roimh dheireadh na bliana. Is croísheirbhísí riachtanacha iad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus "Nuacht RTÉ le TG4" agus cuireann siad fostaíocht dhíreach ar fáil do 113 duine i gceantair Ghaeltachta. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach ó thaobh fostaíochta agus ó thaobh na heacnamaíochta de do na ceantair seo.

Chraol cainéil líneacha teilifíse RTÉ breis agus 1,100 uair an chloig d’ábhar ilseánra Gaelainne in 2023, rud a mhéadaigh an lucht féachana ag amanna nua agus a chruthaigh comhpháirtíochtaí nua le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha ar fud oileán na hÉireann. I rith 2023, d’oibrigh RTÉ le 19 comhlacht léiriúcháin neamhspleách chun ábhar Gaelainne a chur ar fáil dár seirbhísí beo agus ar éileamh. Chraolamar 13 sraith, roinnt acu nua agus roinnt acu ar an dara séasúr, agus sé cinn de chláir faisnéise aonair ardchaighdeáin. Craoladh an t-ábhar sin go léir le linn príomhama sceideal RTÉ One le fotheidil, rud a chinntigh nach raibh aon bhac ar an lucht féachana féachaint orthu. Leanaimid ag soláthar 365 uair an chloig d’ábhar do TG4 go bliantúil faoin bprótacal.

Ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh úsáid na Gaelainne a normalú lasmuigh dár gcroísheirbhísí Gaelainne, is é an dátheangachas ceann de na príomhslite atá ag an eagraíocht chun úsáid laethúil na teanga a chur chun cinn. Sampla álainn de sin le gairid ab ea an clúdach a dhein Radio 1 ar shochraid John Bruton. Tá polasaí dátheangach i bhfeidhm maidir le leanúnachas RTÉ agus, ag príomhamanna, cloisfidh tú an Ghaelainn i gcónaí, ar an raidió agus ar an teilifís araon. Bímid ar ár ndícheall i dteagmháil ar bhonn gníomhach ag cur in iúl do léiritheoirí an ábhair raidió agus teilifíse chun an tábhacht a bhaineann leis an nGaelainn a áireamh i gclár nuair atá sé nádúrtha é sin a dhéanamh.

Cuireann seirbhísí raidió eile RTÉ a gcuid clár Gaelainne féin ar fáil na haon seachtain. Bíonn RTÉ Radio 1 ag obair i gcomhar le RnaG chun feasacháin laethúla nuachta a chur ar fáil agus craoltar "Beo ar Éigean" go seachtainiúil. Anuas air sin, baintear úsáid as an nGaelainn ar chláir laethúla agus seachtainiúla ar nós "Drivetime", "South Wind Blows", "Rolling Wave" agus "Ceilí House". Tá sé sin ag fás ar bhonn leanúnach. Ar 2FM, cuirtear na feasacháin laethúla tráchta ar fáil go dátheangach agus craoltar cláir dhátheangacha ar an Aoine agus roinnt maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh le Bláthnaid Treacy. Tá na foirne sin sásta chomh maith é sin a fhorbairt agus breis a dhéanamh.

Lasmuigh dár seirbhísí agus ardáin, ardaíonn na comhpháirtíochtaí straitéiseacha atá cothaithe againn le páirtithe leasmhara seachtracha cosúil le TG4, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge feasacht agus feiceálacht maidir leis na deiseanna atá ann do dhaoine a bhfuil an teanga acu. I mí Aibreáin, rachaidh RTÉ i bpáirt arís le Foras na Gaeilge chun "Creidim Ionat" a chur ar fáil, clár ceithre sheachtainí ar-líne bunaithe ar mheantóir-meantaí, ina ndéanfar iarracht daoine a mhealladh ar ais chun na Gaelainne. D’éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas a bhí againn roimhe seo, le 83 milliún imprisean feicthe in 80 tír ar fud an domhain. Bhí na fógraí cloiste ag 70% de na daoine fásta go léir a bhí ag féachaint ar theilifís RTÉ agus ag éisteacht le raidió RTÉ agus tháinig ardú 100% ar líon na ndaoine a chláraigh le haghaidh nuachtlitir Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an bhfeachtas. Tá súil againn go mbeidh feachtas na bliana seo níos mó arís.

Tacaíonn RTÉ freisin le mórán féile Gaelainne i gcaitheamh na bliana, ina measc Seachtain na Gaeilge, an tOireachtas, Comórtas Peile na Gaeltachta agus Fleadh Cheoil na hÉireann, gan ach cuid acu a lua. Den gcéad uair riamh i mbliana, reáchtálfaidh Seachtain na Gaeilge agus RTÉ imeacht beo sa Seomra Ciorcalach i dTigh an Ardmhéara chun clár faisnéise nua, clár Gaeilge RTÉ ar na Hothouse Flowers, a chur os comhair an phobail. Beidh an banna ag seinm beo ar an oíche agus cuirfidh duine d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge faoi agallamh iad. Chomh maith leis sin, beidh deis ag cuid de lucht leanúna dílis an bhanna ceisteanna a chur orthu agus buaileadh leo. Cuirfear clabhsúr ar an oíche ansin le céilí mór leis The Len Collective.

Cuireann RTÉ cláir thábhachtacha mheantóireachta agus intéirneachta ar fáil trí chomhphairtíochtaí le hinstitiúidí tríú leibhéal agus páirtithe seachtracha. D’éirigh leis na hintéirnigh is déanaí a bhí againn fostaíocht a bhaint amach in RTÉ agus i TG4 araon. Cuirfear tús leis an gcéad chlár intéirneachta eile i mí Aibreáin. Is tionscnaimh thar a bheith tábhachtacha iad seo do chraoltóirí agus táimid thar a bheith sásta leis an méid iarratasóirí atá ag cur isteach ar na háiteanna.

Tá iarracht mhór á dhéanamh ag RTÉ lena chinntiú go bhfuil an teanga chun tosaigh agus i gcroílár gach a dhéanaimid. Cé nach cuid dár ngealltanas reachtúil é ábhar digiteach RTÉ ó thaobh na n-uaireanta an chloig a chuirimid ar fáil, is fiú a lua gur cuireadh réimse cuimsitheach clár ar fáil ar an RTÉ Player in 2023, le hábhar ó RTÉ agus TG4, agus gur chuir sé breis agus 330 uair an chloig d'ábhar ar fáil le sruthú. Leanann RTÉ den ábhar atá ar rte.ie/gaeilge a fhorbairt agus cur leis agus tá nach mór 1 milliún duine ag féachaint ar an suíomh anois. Léiríonn an fás seo, go háirithe i leith míreanna a bhaineann le Gaelainn a fhoghlaim agus cúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht, go bhfuil éileamh ar ábhar i nGaelainn agus go bhfuil spéis ag daoine a bheith níos líofa inti. Tá breis agus 24,000 duine cláraithe chun ár nuachtlitir thiomnaithe mhíosúil a fháil agus osclaíonn 74% díobh í. Tá an tríú cuid den dream atá cláraithe len í a fháil idir 18 agus 34 bliain d’aois. Tá lucht éisteachta an eagráin dhigitigh de "Beo ar Éigean" ag fás go fóill ar líne agus ar RTÉ Radio 1 araon.

Tar éis don choiste a thuarascáil ar an earnáil scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta a fhoilsiú, tá an-dóchas ag RTÉ go mbeimid ábalta oibriú le Foras na Gaeilge chun an t-ábhar sin a dhéanamh níos feiceálaí ar an ardán seo. Cinntíonn iomlán na ngníomhartha seo go bhfuil an Ghaelainn níos feiceálaí don lucht féachana agus éisteachta ar fad atá againn, do na cainteoirí dúchais agus do na foghlaimeoirí agus dóibh sin go léir a chreideann, mar a chreidimid, gur gné shainiúil í an teanga don tír agus dúinne, muintir na hÉireann.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom staitistic a ardóidh croíthe na mball a roinnt faoi sceideal Nollag RTÉ le gairid. Is é sin gur cláir Ghaelainne a bhí i dtrí cinn de na 20 clár ba mhó a raibh lucht féachana acu i rith thréimhse na Nollag a léiríodh go hinmheánach agus a léirigh léiritheoirí neamhspleácha.

Is léir go ndeachaigh siad i bhfeidhm ar an lucht féachana náisiúnta agus thángadar i dtír ar an iomaíocht láidir a bhíonn ann ó na sobalchláir agus ó chláir Bhéarla a bhfuil lucht féachana dílis acu. Bhain clár speisialta “Cloch le Carn” ar phríomhamhránaí Aslan agus fear a raibh an-chion ag muintir na tíre seo air, Christy Dignam, sciar 28% den lucht féachana amach agus d’fhéach breis is 320,000 duine air. Bhain ceiliúradh ceoil ar cheithre ghlúin de mhuintir Keane i dtigh an teaghlaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar Dolores Keane a raibh 70 bliain d’aois slánaithe aici a craoladh Oíche Cinn Bliana sciar 23% den lucht féachana amach, le breis is 250,000 duine ag féachaint ar an gclár. Agus ar deireadh, bhain clár in ómós don bhoscadóir agus don amhránaí aitheanta Séamus Begley nach mór 300,000 duine den lucht féachana agus 28% de sciar amach. Tá na cláir sin fós le fáil ar éileamh mar aon leis an ábhar go léir a craoladh i rith na bliana. Cuireann an t-ábhar Gaelainne atá againn éagsúlacht agus téagar leis na hardáin go léir agus tugann torthaí ár rianaire branda le fios go n-aontaíonn os cionn 60% de dhaoine fásta go gcuireann RTÉ seirbhís chuimsitheach ar fáil do chainteoirí Gaelainne, agus sin céatadán níos airde ná an sprioc a bhí againn.

Gabhaim míle maith ag Niamh Ní Churnáin. Sula gcasfaidh mé ar TG4 agus Alan Esslemont, is féidir an dá thrá a fhreastal mar tá an Teachta Ó Muineacháin anseo agus tá sé ar an scáileán ag an am céanna. Tá sé sin go hiontach agus beidh mé súil leis an seic uaidh amach anseo. Iarraim anois ar Alan Esslemont labhairt ar son TG4 lena ráiteas tosaigh.

Mr. Alan Esslemont

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Táim ag labhairt leis an gcoiste ag deireadh bliana a bhí an-mhaith do TG4. Bhíomar ag na Oscars, d'éirigh linn canáil nua do pháistí, Cúla 4, a sheoladh agus bhí an sciar lucht féachana is airde againn ó aon bhliain ó 2009. Is mór an t-achar é sin i gcúrsaí na meán. Ba mhaith liom díriú ar an bparaidím ina bhfuil TG4 ag feidhmiú agus airímid go láidir nach bhfuil an paraidím cheart agus go gcaithfear é a athrú.

Deirtear linn go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil rudaí scríofa i mBunreacht agus i reachtaíocht an Stáit. Deirtear go gcabhraíonn sé sin leis an Rialtas cinneadh a dhéanamh faoina gcuid acmhainní agus go gcuireann sé oibleagáid bhunreachtúil ar an Stát níos mó a dhéanamh, ach maidir leis an nGaeilge agus le meáin na Gaeilge, níl aon fhianaise ann go bhfuil sé seo fíor. Tá stádas bunreachtúil ag an nGaeilge. Maítear in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.” In alt 118 den Acht Craolacháin, tá "cuspóirí" nó remit TG4 beagnach mar a chéile le "cuspóirí" nó remit RTÉ atá leagtha amach in Alt 114. In 2023, ghlac an Dáil le ráiteas straitéise TG4 2023-27, a leagann amach fís reatha TG4, le mionsonraí maidir le hinfheistíocht phoiblí i TG4 agus na sochair agus an brabús a thiocfadh do shochaí agus do theanga na tíre ón infheistíocht sin. In ainneoin gach a bhfuil sa Bhunreacht agus sa reachtaíocht, agus in ainneoin go bhfuil Aire ann, an Teachta Catherine Martin, a thugann tacaíocht do TG4 ar bhealach nach ndearna aon Aire meán riamh, tá infheistíocht an Stáit in TG4 in 2024 beagnach €6 milliún níos lú ná mar atá sa straitéis a cheadaigh an Dáil in 2023. I gcomhthéacs idirnáisiúnta, tá an infheistíocht phoiblí in TG4 in Éirinn fós faoi bhun 50% den infheistíocht phoiblí in Sianel Pedwar Cymru, S4C, sa Bhreatain Bheag, in ainneoin go bhfuil Éire níos saibhre ná an Bhreatain Bheag, go bhfuil daonra i bhfad níos mó anseo agus go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ann ná cainteoirí Breatnaise.

Agus é ag caint le The Irish Times faoina leabhar “Taoisigh and the Arts”, luann Kevin Rafter, go bhfuair an Taoiseach sna caogaidí, John A. Costello, “a strong resistance from the Department of Finance because they viewed the Arts as a non-essential service”. Is iad Ranna Airgeadais an Stáit a mhúnlaíonn meon an Stáit agus, dar liom, breathnaíonn siad ar an nGaeilge mar "non-essential language”. Tá sí úsáideach don Stát mar theanga ornáideach, ach neamhriachtanach do ghnáthshaol agus do dhul chun cinn an Stáit. A chairde, tá athrú meoin ag teastáil. Mar a thuigeann gach duine sa seomra seo, feidhmíonn an Ghaeilge mar mhionteanga in Éirinn agus is pobal mionlaigh muid, pobal labhartha na Gaeilge. Tá an Ghaeilge rangaithe ag UNESCO mar theanga atá "definitely endangered" ag fórsa a dtugann eolaithe teanga "language shift" air.

Is polasaí Stáit atá sa phleanáil teanga atá bunaithe go láidir ar eolaíocht teanga. Tá na meáin lárnach, agus tá TG4, Cúla4, TG4Foghlaim agus Cine4 go háirithe gníomhach, i gcur chun cinn bhunchlocha na pleanála teanga, mar atá: corpas na Gaeilge a fhorbairt agus láithreacht na Gaeilge a chinntiú i dteicneolaíocht dhigiteach teanga; sealbhú agus saibhriú na Gaeilge a chur chun cinn i bpobal labhartha na Gaeilge agus i bpobal na tíre; agus stádas agus language prestige na Gaeilge a ardú i bpobal labhartha na Gaeilge agus i bpobal na tíre. Léiríonn eolaíocht teanga dúinn freisin go bhfuil ról an-tábhachtach ag na meáin Ghaeilge maidir le saol poiblí a chruthú do phobal labhartha na Gaeilge, agus tá an-obair á déanamh go háirithe ag Raidió na Gaeltachta sa spás sin le blianta fada; an Ghaeilge a chur sa mainstream i saol poiblí na hÉireann; agus stádas agus prestige a chruthú don Ghaeilge i bpobal na Gaeilge agus i bpobal uile na tíre. Deirim leis "An Cailín Ciúin" go bhfacthas an tábhacht a bhaineann le stádas teanga.

Tá plé á dhéanamh i dTithe an Oireachtais faoi láthair maidir le maoiniú na craoltóireachta seirbhíse poiblí. Sa mheasúnú a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, aontaíodh gurb é "cur chuige bunaithe ar chánachas" an bealach is fearr ar aghaidh. Cé go dtuigim go bhfuil easaontas polaitiúil ann fós maidir le cé acu den dá chur chuige cánachais is fearr, is léir ó ráitis éagsúla polaitiúla go ndéanfar cinneadh maidir le meicníocht an mhaoinithe craoltóireachta i mbliana. Céard a chiallaíonn sé seo? Ciallaíonn sé go ndéanfaidh an Rialtas, don chéad uair riamh, cinneadh comhfhiosach, réamhbheartaithe maidir le quantum maoinithe RTÉ atá bunaithe ar mheicníocht eile seachas meicníocht na táille ceadúnais. Mar sin, más cur chuige é seo a thuigeann, mar a thuig an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, go bhfuil craoltóireacht na seirbhíse poiblí níos leithne ná díreach craoltóireacht RTÉ, caithfidh an Rialtas seo cinneadh comhfhiosach, réamhbheartaithe a dhéanamh ar quantum maoinithe TG4 atá bunaithe ar mheicníocht eile seachas na hincrimintí beaga atáimid ag fáil ar an allúntas suarach a tugadh dúinn i mbuiséad 1996. In 2024, déanfar cinneadh comhfhiosach Rialtais faoi quantum maoinithe RTÉ. In 2024, mar sin, tá iallach ar an Rialtas cinneadh comhfhiosach a dhéanamh faoi quantum maoinithe TG4. Cén quantum? Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán gur cheart go mbeadh €214 milliún de mhaoiniú poiblí ag RTÉ in 2023. Le boilsciú agus athruithe eile, ní chuirfeadh sé iontas orm go molfadh RTÉ maoiniú poiblí ilbhliantúil de €240 milliún, móide ioncam tráchtála de thart ar €160 milliún. Táimid ag breathnú mar sin ar bhuiséad iomlán do RTÉ de os cionn €400 milliún.

Céard faoi TG4? Is í an fhoirmle atáimid ag moladh ná gur cheart go mbeadh an cinneadh comhfhiosach Rialtais in 2024 ag cur maoiniú poiblí TG4 ag ar a laghad ag 50% de mhaoiniú poiblí RTÉ.

Chiallódh sé seo go mbeadh maoiniú poiblí TG4 ag €120 milliún, le hioncam tráchtála de thart ar €15 milliún, is é sin €135 milliún de mhaoiniú iomlán. Is é sin mórán ar an scála céanna le S4C sa Bhreatain Bheag. Is féidir an sprioc seo a bhaint amach, ní an bhliain seo chugainn ach sna blianta atá romhainn idir 2025 agus 2030, agus muid ag teacht suas ar chomhchéim le S4C.

Léirigh tuarascáil an Choimisinéara Teanga gur craoltóir de facto Béarla atá in RTÉ agus tá roinnt scannal eile faoi chraoltóireacht RTÉ á bplé i dTithe an Oireachtais faoi láthair. I mbliana, má dhéanann an Rialtas seo cinneadh réamhbheartaithe, comhfhiosach faoi quantum maoinithe RTÉ - beag beann ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, beag beann ar dhualgais agus “cuspóirí” TG4 faoin Acht Craolacháin, agus beag beann ar mhionsonraí ráiteas straitéise TG4 atá feicthe agus faofa ag an Dáil - agus gan chinneadh comhfhiosach a dhéanamh faoi quantum maoinithe TG4, is scannal a bhéas ann. Go deimhin, as na scannail go léir a tharla le deireanas maidir le craoltóireacht, ní bheidh aon scannal níos mó ná sin. Is buille tubaisteach sa straois a bhéas ann don ghlúin seo de chainteoirí Gaeilge agus, mar a léiríonn eolaíocht teanga dúinn, bainfidh sé an bonn de phobal inmharthana labhairt na Gaeilge in Éirinn.

Go raibh maith agaibh as éisteacht. Cuirfimid fáilte roimh cheisteanna chomhaltaí an choiste.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair sin. An bhfuil aon cheisteanna dár n-aíonna?

Fáilte roimh ár gcairde Gael. Táimid ar ais anseo. Táimid sna flaithis ó na ráitis tosaigh ó thaobh RTÉ agus an Béarla de. Maidir leis an ráiteas ó TG4, táimid thíos áit éigin faoi thalamh is dócha. Ní fhaca mé ráiteas tosaigh chomh láidir neamhbhalbh riamh i mo shaol agus is maith an rud é. Uaireanta, táimid anseo le focail mhilse ach níl aon fhocal milis i gceist sa ráiteas sin. Fáiltím roimh Kevin Bakhurst agus go n-éirí leis ar a thuras ó thaobh na Gaeilge de chomh maith leis an turas atá á thógáil aige faoi láthair. Tosóidh mé leis an rud atá ráite ag Alan Esslemont, sé sin gur léirigh "tuarascáil an Coimisinéara Teanga gur craoltóir, de facto, Béarla atá in RTÉ”. An aontaíonn ár n-aíonna leis sin?

Ms Niamh Ní Churnáin

Ní dóigh liom go ndúirt an Coimisinéir Teanga é sin. Dúirt sé nach raibh RTÉ ag craoladh a dhóthain ábhar Gaelainne.

Is é sin an léamh faoi leith atá ag Alan Esslemont.

Ms Niamh Ní Churnáin

Braithim gurb ea.

Tá sé sin ceart go leor. Maidir leis na fíricí, bhí an coimisinéir buartha faoin méid clár.

Ms Niamh Ní Churnáin

Bhí an ceart aige mar ní rabhamar ag craoladh a dhóthain ach ó shin i leith, tá athrú suntasach tagtha ar an méid uaireanta atá á gcraoladh ag RTÉ agus tá sé sin á déanamh againn le tacaíocht ó TG4. Ní leasc dom é sin a rá. Táimid ar an dara plean trí bliana anois agus tá an chéad bhliain díreach críochnaithe againn. Thugamar geallúint go ndéanfaí 809 uaireanta a chraoladh ach sa deireadh, is os cionn 1,100 uair agus nach mór 1,200 uair a chloig é. Is í an áit a rinneamar an infheistíocht is mó ná san ábhar a bhí coimisiúnaithe againn ón earnáil neamhspleách. Tabharfaidh mé blaiseadh don chomhchoiste mar ní dóigh liom go mbím féin ag féachaint ar an teilifís chomh rialta a thuilleadh agus b'fhéidir go gcailleann daoine amach ar chláir. Is é seo an meascán d’ábhair a craoladh i rith 2023 ar RTÉ1. Is sraith fadbhunaithe í “Cloch le Carn”. Rinneadh cláir leath uair an chloig agus cláir uair an chloig. Tá siad curtha in áiteanna ar leith sa sceideal ar laethanta saoire bainc agus craoltar iad thart ar 6.30 p.m. nó 7 p.m., am atá an-mhaith má bhíonn slot teilifíse uait mar is slot láidir é. Bhí ceann againne mar gheall ar Brian Mullins, imreoir clúiteach le Baile Átha Cliath. Rinneamar ceann ar shiamsaíocht agus ceol le Shay Healy. Is aonad lánaimseartha taobh istigh de RTÉ a dhéanann iad seo. Rinneadh sraith nua de ar a dtugtar “Mealladh na Mara” agus bhí sé bunaithe ar-----

B'fhéidir go stopfaidh mé Niamh Ní Churnáin ansin. Níl mé ag easaontú léi ach ní mór dom a admháil nach bhfuil gléas teilifíse agam.

Ms Niamh Ní Churnáin

Sin í an bhuairt atá agam.

I dtús báire, ní íocaim ceadúnas teilifíse ach aontaím leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go dtiocfaí an maoiniú do RTÉ ón mbuiséad náisiúnta. Tá súil agam go mbeidh réiteach ar na fadhbanna atá ag RTÉ agus go mbeidh muid in ann leanúint ar aghaidh leis na hábhair atá thar a bheith tábhachtach ó thaobh acmhainní de. Is rud mór é sin. Bhí gléas teilifíse agam ach léim an t-uafás, na sceidil agus, anois is arís, breathnaím ar TG4.

Ms Niamh Ní Churnáin

Cuirfidh mé iad seo chugat.

Is é an rud atáim mé ag iarraidh a rá ná go bhfuil dualgas reachtúil ar RTÉ faoin reachtaíocht 2009. Tá sé os mo chomhair agus os comhair ár n-aíonna anseo freisin. Tá dualgas ollmhór agus tromchúiseach ar RTÉ. Nuair a bhí RTÉ os ár gcomhair, níl a fhios agam cé mhéad bliain ó shin-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Bliain go leith a bhí ann.

Tá cuimhne agam ar Joe Reddington ag rá go neamhbhalbh nach raibh RTÉ ag comhlíonadh a chuid dualgas. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart agus gur fear eile a bhí ann ach bhí rud thar a bheith ionraic i gceist nuair a d'admhaigh an duine sin nach raibh RTÉ ag comhlíonadh a chuid dualgas faoin reachtaíocht. Cá bhfuilimid anois? Táim srianta ó thaobh cúrsaí ama de. Tá ardmheas agam ar RTÉ in ainneoin na ndeacrachtaí atá ann, agus ar TG4 freisin. Tá gá le public broadcasting. Ó thaobh teip go huile is go hiomlán ar RTÉ an Ghaeilge a chur chun cinn de, is dócha go bhfuil sé sin admhaithe. Cá bhfuilimid anois ó thaobh céatadán clár de mar níl mé in ann dul trí na cláir uilig? An féidir le Niamh Ní Churnáin iad a chur i gcomhthéacs?

Ms Niamh Ní Churnáin

Bíonn plé go leanúnach le hoifig an Choimisinéara Teanga. Cuirim tuairisc ar fáil gach aon bhliain ar an ábhar ar fad atá craolta. Is é an t-aon rud nach bhfuil bainte amach go fóill againn ná an clár nua cúrsaí reatha ach táimid ag cur réimse cuimsitheach clár ar fáil ar ardán líneach RTÉ agus is iad sin go sonrach atá i gceist san Acht Craolacháin. Baineann sé leis na coinníollacha líneacha. Tá i bhfad níos mó á dhéanamh againn ach, díreach chun an cheist a fhreagairt, tá gach saghas réimse-----

Gabh mo leithscéal ach ní hé sin mo thuiscint maidir leis an reachtaíocht; sé sin, an tAcht Craolacháin, 2009.

Ms Niamh Ní Churnáin

Is "réimse cuimsitheach clár" as Gaelainn agus Béarla atá i gceist.

Is é a deir: “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla [agus an Ghaeilge i dtús] a chur ar fáil a fhreagróidh d’éagsúlacht chultúir oileán na hÉireann uile ar réimse é ina mbeidh cláir...”. Tá an bhéim leagtha ar thaobh amháin ar líne, ach tá mé ag caint faoin teilifís. Cén céatadán de chláir atá ann anois i nGaeilge?

Ms Niamh Ní Churnáin

B'fhéidir go bhfuil sé thart ar 8%. Bhí sé ag 0.7%.

Tá sé 1% níos airde anois.

Ms Niamh Ní Churnáin

Táimid ag 8% anois.

Tá dualgais ar RTÉ. Tá 8% de na cláir i nGaeilge.

Ms Niamh Ní Churnáin

Is ea. Bhí sé ag 0.7%.

Ms Niamh Ní Churnáin

Is ea é.

Deputy Catherine Connoly

An bhfuil an stáisiún sásta leis sin?

Ms Niamh Ní Churnáin

Braithim go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na sceidil agus go bhfuil i bhfad níos mó Gaelainne le cloisteáil. Táimid ag tosú ó bhonn anois atá i bhfad níos láidre ná mar bhíomar trí go leith bliana ó shin.

Cén sprioc atá ag an stáisiún agus cén tréimhse ama atá i gceist chun an sprioc sin a bhaint amach?

Ms Niamh Ní Churnáin

Is í sin an deacracht. Tá mé ag súil leis an athbhreithniú a bheidh ar bun ag Coimisiún na Meán faoi na meáin Ghaelainne as seo go ceann deireadh na bliana. Níl éinne tar éis sprioc soiléir a thabhairt domsa, agus níl éinne tar éis a rá "caithfidh tú an céatadán seo a bhaint amach", nó "caithfimid tú é seo a dhéanamh". Is é an t-aon rud atá againn ná go gcaithfimid "réimse cuimsitheach clár" a chur ar fáil. Is í sin an iarracht is mó a bhímid ag díriú air; is é sin "réimse cuimsitheach clár" a chur ar fáil.

Tá an dualgas sin ar RTÉ ó thaobh an Bhéarla agus ó thaobh na Gaeilge de.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá.

Tá na finnéithe in ann tuiscint a bhaint as an ndualgas sin ó thaobh an Bhéarla de ach níl siad in ann an rud céanna a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de maidir le cé mhéad uaire atá i gceist?

Ms Niamh Ní Churnáin

Faoi mar a deirim, ba bhreá liom go mbeadh duine éigin ábalta rá liom gurb é seo atá i gceist agus------

Tuigim sin. Tá tú in ann é sin a dhéanamh ó thaobh an Bhéarla de. Níl aon fhadhb agat ó thaobh cé mhéad cláracha a bhéas ann trí-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Ní dheireann éinne ach an oiread cén céatadán cláracha Béarla a chaithfear a chraoladh.

Ach tá cinneadh déanta leis na mblianta anuas, go mbeadh-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Níos mó-----

Yes, i bhfad níos mó. Nílim ag iarraidh a bheidh deacair.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tuigim sin.

Níl ann ach go bhfuilim ag iarraidh é a thuiscint. Tá tú ag rá gur mhaith leat go ndéarfadh duine leat gurb hiad seo an céatadán Gaeilge-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Táim ag súil ón athbhreithniú atá ag tarlú go dtiocfaidh rudaí mar sin chun cinn.

Tuigim, ach is í sin an obair is suntasaí a dúradh linn cúpla seachtain ó shin a bhí ar siúl agus táimid go léir ag tnúth leis an tuarascáil sin agus go mbeadh soiléiriú ann. Nach bhfuil aon soiléiriú ag teastáil uait ó thaobh an Bhéarla de?

Ms Niamh Ní Churnáin

Táim dírithe ar chúrsaí Gaelainne. Is é sin an jab agus an ról atá agam faoi láthair. Ní dúirt éinne riamh, nuair a bhíos ag obair as Béarla ach an oiread, go raibh orainn céatadán faoi leith d'ábhair Bhéarla a chraoladh. Ní thugtar céatadán ar chúrsaí ábhar de ghnáth.

Nach nochtann sé sin an meon atá ann? Ní raibh aon ghá aon rud a rá maidir le cláracha trí Bhéarla, mar sin lean RTÉ ar aghaidh le beagnach 100% de chláracha trí Bhéarla, in ainneoin na reachtaíochta agus in ainneoin an dualgais. B'fhéidir go bhfuil míthuiscint orm.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ní dóigh liom go bhfuil. Mar Ghaeilgeoirí, tá go leor againn anseo ag iarraidh go mbeadh an oiread Gaeilge gur féidir le cloisteáil ar na hardáin éagsúla atá ag RTÉ. Ceann de na rudaí is tábhachtaí a bhaineann leis na figiúirí atá againn anseo ná cé as a bhfuil muid tagtha ó 2017 agus an fás ollmhór atá tagtha ar an méid craoladh atá á dhéanamh trí Ghaeilge. Cinnte, ba mhaith linn go mbeadh tuilleadh, agus tá forbairtí á dhéanamh ag Niamh Ní Churnáin le gur féidir tógáil ar an méid atáimid ag déanamh. Ach ón bpointe ag a rabhaimid in 2017 go dtí an áit a bhfuilimid anois, tá athrú an-mhór tagtha. Sampla eile ná an rannóg Gaeilge teilifíse atá in RTÉ. Bhí an uair ann gur rannóg páirtaimseartha a bhí ann. Anois, tá sé lánaimseartha arís agus tá sé ag déanamh i bhfad níos mó cláracha. Tá ag éirí go maith leis na cláracha freisin, má fhéachann tú ar an trí chlár a tháinig amach le linn na Nollag agus na figiúirí féachana móra millteacha a bhí acu. Dá mbeidís sin ag cláracha i mBéarla, bheadh daoine thar a bheith sásta leo agus taispeánann sé an goile atá ag pobal na hÉireann don Ghaeilge, bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Mar sin, tá dul chun cinn an-mhór déanta ach tá tuilleadh le déanamh againn agus admhaímid sin.

Tuigimid sin. Bíonn grúpa os ár gcomhair gach seachtain ag rá linn faoin dea-thoil atá i gceist. An fhadhb a bhí ann ná nár thuig RTÉ é sin. Níor thuig sé-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Tabharfaidh mé sampla an-mhaith don Teachta. Braithim go bhfuil an meon athruithe i dtaobh ábhar Ghaeilge.

Ms Niamh Ní Churnáin

Sea.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá RTÉ tar éis 68 uair an chloig d'ábhair nua Gaelainne coimisiúnaithe a chraoladh ó thosnaíomar leis an bplean Gaelainne. Níor thugamar aon gheallúint i dtaobh ábhar coimisiúnaithe mar ní fhéadfaimis. Ní fhéadfaimis a bheith cinnte go bhfaighimid na tograí. Dhein RTÉ é sin ar fad agus ní raibh aon dhualgas air é sin a dhéanamh. Le déanaí, tháinig comhlacht chugam agus togra an-mhaith aige. Tuigeann gach éinne nach bhfuil airgead againn faoi láthair agus ní raibh ach €80,000 fágtha i mo bhuiséid agam. Chuathas os comhair an choiste a bhíonn ag plé le cúrsaí ábhair agus thug sé €140,000 sa bhreis dom chun an tsraith ceithre chlár Gaelainne a dhéanamh. Ní raibh aon ghá don choiste é sin a dhéanamh. Ní raibh aon gheallúint tugtha againn. Ní raibh éinne ag rá leo go gcaitheadh sé é sin a dhéanamh; díreach dheineadar é. An casadh is mó atá tarlaithe ná go mbímid ag dul amach ag caint leis an earnáil neamhspleách go minic, agus tar éis cur i láthair a dhéanamh roimh an Nollaig, tháinig daoine ó cheann de na comhlachtaí is mó a bhíonn ag feidhmiú 100% as Béarla chugam agus dúirt siad nár thuigeadar an fás a bhí tagtha ar an méid ábhar Gaelainne a bhí RTÉ ag forbairt le cúpla bliain anuas agus gur bhreá leo a bheith ábalta ábhair Ghaelainne a dhéanamh linn. Thug sé sin ardú croí dom mar tuigeann an earnáil go bhfuil i bhfad níos mó ann. Tuigim an méid atá ráite ag Alan Esslemont chomh maith ó thaobh maoiniú d'ábhair Ghaelainne. An rud atá déanta agam ó thosnaíos sa ról seo ná gur comhpháirtíochtaí an-chuid de na rudaí atá curtha chun cinn againn. Tá muid tar éis comhpháirtíocht a dhéanamh le TG4 agus leis an BBC ó Thuaidh, agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin.

Tuigim sin agus molaim na finnéithe. An rud atá á thuiscint agam as an rud seo ná go bhfuil RTÉ ag fanacht ar an tuarascáil atá le teacht ó Choimisiún na Meán-----

Ms Niamh Ní Churnáin

No-----

-----ar bhealach amháin, chun a fháil amach cén céatadán atá i gceist.

Ms Niamh Ní Churnáin

Bím ag treabhadh liom i gcónaí. Bím ag déanamh iarracht níos mó a dhéanamh an t-am ar fad agus bím ag brú rudaí chun cinn. Sa ról atá agam, ní féidir liom ach an méid sin a dhéanamh.

Tuigim sin agus is é sin an fáth go bhfuil sé iontach go bhfuil Kevin Bakhurst anseo freisin chun go mbeadh níos mó tuisceana ag RTÉ ó thaobh na ndualgas atá air. Déanfaidh an tuarascáil seo difríocht mar tá súil agam go mbeidh sé leagtha amach go sonrach agus go mbeidh RTÉ ag breathnú ar an chuid pleananna chun iad a athrú agus a mhéadú is dócha.

Ms Niamh Ní Churnáin

Táimid ag fás go leanúnach agus tá an Ghaelainn lárnach sa chreatcháipéis nua ó thaobh na straitéise nua. Is ag fás agus ag tógaint ar an méid atá á dhéanamh againn atáimid. Glacaimid go hiomlán nach raibh an méid a bhí RTÉ ag craoladh in 2017 maith a dhóthain. Tuigimid agus glacaimid leis sin go hiomlán agus tá gach aon ní déanta againn le dul i ngleic leis sin.

Tá cúpla ceist praiticiúla agam. Tá sé beartaithe ag RTÉ clár cúrsaí reatha a dhéanamh. Is rud nua é sin agus is maith an rud é sin. An mbeidh sé sin le craoladh roimh dheireadh na bliana?

Ms Niamh Ní Churnáin

Beidh.

Is rud nua é sin.

Ms Niamh Ní Churnáin

Is ea.

Iontach. Cad mar gheall ar léirmheasanna ó thaobh leabhar de? Ag dul siar, bhí a leithéid de chláracha ann. Beidh mé ag cur an cheist céanna ar Alan Esslemont má tá am agam.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Faoi láthair, tá siad ag tarlú ar an raidió.

No, ar an teilifís. Tá an-mheas agam ar Raidió na Gaeltachta. Tá sé ag streachailt an t-am uilig, ach cuirim an cheist ó thaobh na cláracha ar an teilifís.

Ms Niamh Ní Churnáin

Déanfaimid míreanna ar chláracha agus tá an-chuid ar fáil ar líne, ach is rud é go bhféadfaimid féachaint air go cinnte.

Tá sé ardaithe go mion minic agam. Léann daoine leabhair. Ba mhaith leo léirmheasanna a chloisteáil. Maidir leis an dátheangachas, tá neart daoine ag RTÉ le Gaeilge agus Béarla agus teangacha eile. An bhfuil plean ag RTÉ na daoine sin a úsáid? Ba mhaith liom é sin a chur i mbealach níos dearfaí ná sin ach tagraím do na buntáistí atá ann le foireann atá dhátheangach. Luaigh na finnéithe "Drivetime". Níor chuala mé mórán Gaeilge ar "Drivetime". Cinnte, tá fear ann le-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Ní dóigh liom go mbeadh Cormac Ó hEadhra sásta go ndéarfaí sin.

Bhí mé chun é sin a cheartú. Is cinnte go ndeirtear "Dia duit", "Dia is Muire duit", "fáilte romhat", cúpla focal i gcónaí agus is iontach é sin a chloisteáil, chomh maith leis na fógraí mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is íomhá iontach é sin agus fáiltím roimhe sin. Ó thaobh cláracha dhátheangacha de, leis an fhoireann atá ag RTÉ, tá neart daoine ann atá dátheangach agus ní fheicim sin i ndáiríre, ón méid atá léite agus cloiste agam, gan an teilifís-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá sé ráite ag an Teachta nach mbíonn sí ag féachaint ar an teilifís.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ach is féidir liom súil a choinneáil ag an am céanna.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá cúpla sampla agam mar sin den dhátheangachas le déanaí. Tá an tsraith nua de "Fleadh Cheoil" á chraoladh ar RTÉ 1 tráthnónta Dé hAoine agus tá sí go hiomlán dhátheangach. Tá an "Today Show" le Maura Derrane agus Dáithí Ó Sé ag déanamh an-iarracht dátheangachas a thabhairt isteach agus tá sé dírithe ar chlár iomlán dhátheangach a dhéanamh an mhí seo chugainn. Tá dátheangachas ar "Nationwide". Ceann de na rudaí is mó a chuaigh i gcion orm le déanaí ná "The Late Late Show" a bhí bunaithe ar an Eoraifís agus iad ag piocadh na n-amhrán. Bhí ceann de na hamhráin as Gaelainn, agus nuair a bhuaigh Bambie Thug, labhair siad as Gaelainn agus chuir siad línte Gaelainne isteach san amhrán.

Tá samplaí maithe tugtha ag Niamh Ní Churnáin, ach an rud atá i gceost go ginearálta, agus críochnóidh mé agus rachaidh mé go Alan Esslemont, ná an Ghaeilge a normalú. Is é sin an rud atá ag teastáil uainn go léir agus RTÉ agus dreamanna eile os ár gcomhair: an Ghaeilge a normalú seachas í a bheith ar an imeall. Ba mhaith liom spriocanna agus tréimhsí ama a fheiceáil.

An tuiscint a bhí agam i gcónaí go dtí seo ná go raibh RTÉ sásta go raibh Raidió na Gaeltachta agus TG4 ann agus nach raibh ról faoi leith aige. Tuigim go bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil an meon sin athruithe, agus má tá, tá sé sin iontach. Má tá an meon sin athruithe agus beidh RTÉ ag leanúint leis na haidhmeanna sin i dtreo an dátheangachais, tá sé sin iontach.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá sé athruithe. Beidh sé.

Beidh sé. Gabhaim buíochas le hAlan Esslemont agus an bheirt ban mhisniúla atá in éindí leis. Ó thaobh TG4 de, tá sé ráite go neamhbhalbh, agus nílim chun é a athrá, cad atá i gceist. Tá easpa acmhainní i gceist anseo agus tá sé ráite go mion minic ag Alan Esselmont agus ráite arís anseo go neamhbhalbh. Ní féidir pleananna cuimsitheacha a chur chun cinn gan cinnteacht. Is é sin a theachtaireacht inniu, an ea?

Mr. Alan Esslemont

Is ea. Maidir le craoltóireacht seirbhísí poiblí, mar tá a fhios ag baill an choiste, le blianta, chuireamar ar aghaidh plean le mionsonraí maidir le caiteachais ach chomh maith le sin maidir leis na sochair don Stát agus don teanga uaidh. I mbliana go háirid áfach, léirigh buiséad 2024 an rud atá ráite agam. Chuir muid ar aghaidh ráiteas straitéise. Baineann sin leis an Roinn chomh maith leis an BAI, nó Coimisiún na Meán anois. Bhí mionsonraí maidir le caiteachas €10.6 milliún istigh agus táimid cinnte gur thuig an Roinn agus an tAire céard a bhí i gceist agus cén toradh a bheadh ar an gcaiteachas sin. Cúpla lá roimh an mbuiséad, áfach, d'imigh beagnach €6 mhilliún de sin. Déanaimid plean le haghaidh craoltóireacht seirbhíse poiblí agus ansin deir, dár liomsa an Roinn chaiteachais phoiblí, go mbeidh €6 mhilliún níos lú á thabhairt. Táimid ag iarraidh craoltóireacht na seirbhísí poiblí Gaeilge a chur chun cinn, ach ag gach céim den bhealach seo tá an Stát á rá "Stop", agus ag briseadh suas rudaí. An méid sin ráite, tá mé an-bhuíoch den Aire, an Teachta Martin, as an obair a rinne sí tar éis an bhuiséid, gur éirí léi €4 mhilliún breise a fháil dúinn, agus tá mé an-bhuíoch do na daoine i dTithe an Oireachtais a chabhraigh chun é sin a bhaint amach. Ach ní leor é. Tá liosta fada de rudaí a bhí sa phlean, agus is rudaí a luaigh an Teachta, ar nós cláracha ealaíon agus cultúir. Tá liosta de chláracha chultúir, ealaíon beo, faisnéis ard-chaighdeán, cláracha do pháistí, drámaíocht do pháistí, nuacht do pháistí, agus ansin spórt a bhí sa phlean ar fad imithe mar gheall nár ghlac daoine leis an mbuiséad. Ghlac an Roinn leis an moladh a bhí againn ach tá sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh nuair atá airgead ag imeacht as an bpota ag an nóiméad deiridh mar sin.

Ó thaobh RTÉ de, agus dlúthpháirtíocht eadraibh agus sibh ag obair as lámha a chéile, an bhfuil féidearthachtaí ansin?

Mr. Alan Esslemont

Táimid ag comhoibriú an t-am ar fad. Tagann cuid mhaith de na huaireanta atá RTÉ in ann a chraoladh ó TG4 nó thug TG4 cead do RTÉ dul ag caint le léiritheoirí neamhspleácha. Ceadúnas cúig bhliana a eisíodh ag TG4 agus thug muid cead do RTÉ le haghaidh clár nó sraith faoi leith dul isteach agus na cearta a fháil ó na léiritheoirí. Mar sin, táimid ag comhoibriú an t-am ar fad agus an méid agus is féidir. An méid sin ráite, tá obair mhór le déanamh maidir le nuacht TG4 agus é sin a chur chun cinn mar atá ráite ag Coimisiún um Thodhchaí na Meán agus níl an dul chun cinn chomh maith agus ba mhaith liom go mbeadh sé.

Is í seo an cheist dheireanach agus tá sé ardaithe agam cheana le Alan Esslemont. Bíonn fotheidil i mBéarla ar na cláracha ach ní bhíonn fotheidil i nGaeilge. Ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh fotheidil i nGaeilge orthu. Cén fáth nach bhfuil? An cheist airgid nó tuisceana atá i gceist nó an bhfuil mise iomlán mícheart ó thaobh an gá atá le fotheidil i nGaeilge freisin? Tá a lán daoine a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu ach nach bhfuil an léamh acu mar sin is deis iontach í ar an leibhéal sin. Is deis iontach í freisin do dhaoine cosúil liom féin a d'fhoghlaim an Ghaeilge go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil scríofa. Feicim an Béarla ach ní an Ghaeilge agus go minic, bíonn na cláracha atá feicthe agam iontach. Bhreathnaigh mé le déanaí ar an gclár "Marú inár Measc" ar TG4 a rinne cur síos ar foréigin bhaile. Bhí sé iontach agus déanaim comhghairdeas le TG4 as. Bhí ar an gcomhlacht a rinne é cuid de na hagallaimh a dhéanamh trí Bhéarla ach ní raibh aon fotheidil i nGaeilge. Ceapaim gur bearna mhór í sin.

Mr. Alan Esslemont

Is é an cur chuige céanna atá ag RTÉ agus luaigh Niamh Ní Churnáin é sin. Nílimid ag iarraidh aon bhac a chur go náisiúnta ar dhaoine agus tá an taobh sin ann. Is duine mé le cúpla teanga áfach - faoi láthair, tá mé ag tabhairt faoin Iodáilis - agus aontaím leis an Teachta.

Níl tú ag obair crua go leor cheana.

Mr. Alan Esslemont

Is breá liom a bheith ag éisteacht le daoine agus iad ag labhairt Iodáilis agus a bheith in ann na fotheidil a léamh. Tá an-tábhacht le sin. Tá cur chuige againn maidir le TG4 Foghlaim go háirid agus maidir leis an obair atá á dhéanamh againn a chur in oiriúint do dhaoine atá ag foghlaim na teangacha.

Gan trácht ar fhoghlaim, is ó thaobh dualgais agus an Ghaeilge a chur chun cinn de, ag dul ar ais chuig an gclár a chonaic mé, bhí sé iontach mar léiriú ar fhoréigean sa bhaile ach ní raibh aon fotheidil Ghaeilge ar na hagallaimh Béarla. An bhfuil sprioc ag TG4 nó tréimhse ama i gceist nuair a bhéas muid in ann an Ghaeilge a fheiceáil i gcásanna nuair atá agallamh i mBéarla agus gan aon Ghaeilge le cloisteáil?

Mr. Alan Esslemont

Tá sé le fáil ar roinnt cláracha ach tá fadhb teicneolaíochta ann sa mhéid nach nglacfaidh cuid de na hardáin ach amháin le leibhéal amháin fotheidil. Le breis acmhainní, áfach, ceann de na rudaí gur mhaith linn a bhaint amach ná níos mó fotheidil i nGaeilge. Sílim go bhfuil sé tábhachtach agus aontaím leis an Teachta faoi sin.

Ms Niamh Ní Churnáin

Ní bhíonn éileamh i gceist don rud i mBéarla. Tuigim go mbeadh sé an-mhaith do dhaoine a bheadh ag foghlaim, ach don mhórchuid, is na fotheidil as Béarla a bhíonn á lorg ag daoine do na hábhair as Gaelainn.

Ní aontaím leat. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach bhí an clár sin a luaigh mé iontach ach bhí na hagallaimh trí Bhéarla agus ní raibh aon Ghaeilge le feiceáil.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tuigim cad atá á rá ag an Teachta agus is tuairim an-mhaith é fotheidil Gaelainne a chur ar dhuine éigin a bheadh ag caint as Béarla. A mhalairt a bhí mé ag rá. Má bhíonn duine éigin ag caint as Gaelainn ar RTÉ, cuirimid fotheidil as Béarla chun go mbeadh tuiscint ar an rud.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá an-chuid eolais ansin sna tuairiscí agus gabhaim buíochas leo as ucht iad a chur ar fáil. Go n-éirí le Kevin Bakhurst leis an bpost nua. Tá mé chun díriú ar chúpla ábhar. Ar an gcéad dul síos, rinneadh tagairt ar Raidió na Gaeltachta. Tá seirbhís iontach á chur ar fáil aige le foireann bheag agus tá an-chuid á dhéanamh acu. Tá an-mheas ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaelainne ar na cláracha agus ar an seirbhís atá á chur ar fáil ag an stáisiún. Chomh maith le sin, d'fhéadfaidís síneadh amach, teicneolaíocht a úsáid agus na boundaries a leathnú amach. Is dóigh liom gur Raidió na Gaeltachta a thosnaigh le Tieline a chur ar fáil do na hagallaimh agus gurb amhlaidh gur lean an chuid eile de na stáisiúin agus áiteanna eile leis.

Tugaim ardmholadh do Raidió na Gaeltachta toisc go ndéanann siad an-chuid le foireann bheag i gcláir ar nós “An Saol ó Dheas” agus “Adhmhaidin”. Mar an gcéanna le TG4 le “Nuacht TG4” agus le “7 Lá”, tá an greim ann i measc phobal na Gaelainne mar cloistear aiseolas i gcónaí mar gheall ar dhaoine a bhfaca pé rud, daoine nach mbeifí ag súil go mbeadh an Ghaelainn acu nó a bheadh suim acu sa Ghaelainn ach go rabhadar ag leanúint an nuacht ann.

Tá níos mó comhoibriú idir TG4 agus RTÉ maidir le cúrsaí nuachta agus mar sin de. Rinneadh tagairt cheana féin do na hagallaimh sin nuair a bhíonn ábhar Gaeltachta nó ábhar Gaelainne ar nuacht RTÉ á bplé agus gur minic gur as Béarla a bhíon an plé sin, in ainneoin go bhfuil an deis ar fáil chun an Ghaelainn a chur os comhair phobal RTÉ trí úsáid fotheidil, mar shampla. N'fheadar cén iarracht atá á déanamh chun é sin a chinntiú mar shamhlófaí go mbeidh sé éasca go leor na fotheidil a chur ann agus go mbeadh an Ghaelainn le cloisteáil ar an nuacht. Cén fáth nach mbeadh sé sin mar sin? B'fhédir go bhféadfaí in ann soiléiriú a thabhairt air sin nó amchlár a thabhairt dúinn ar cathain a bheidh sé sin ceartaithe?

Tuigim go bhfuil an-chuid iarrachtaí á ndéanamh chun níos mó Gaeilge a chur ar fáil agus go mbeadh sé fite fuaite trí na cláir éagsúla. Tugadh na samplaí “Drivetime”, an tsochraid don iar-Thaoiseach, “Céilí House” agus mar sin de. Cén aiseolas atá á fháil air sin? An bhfuil plé nó an bhfuil sé sin le brath in aon aiseolas atá á fháil ag an stáisiún. Shamhlóinn go mbeadh sé dearfach ach ní fheadar an bhfuil an stáisiún ag brath é sin? An bhfuil daoine ag rá leis na finnéithe go bhfuil suim acu níos mó de seo a bheith ar fáil? Bheadh suim agam eolas a fháil ar aon aiseolas a bhfuil an stáisiún ag fáil air sin.

Ábhar eile ansin ná na cláir a bhíonn RTÉ ag coimisiúnú ó dhreamanna éagsúla. Luadh nach raibh aon sprioc faoi leith ag RTÉ féin faoin méid Gaelainne a bheadh le cloisteáil ar an stáisiún. An leagann an stáisiún síos aon sprioc ar na cláir a bhíonn á gcoimisiúnú agus cén saghas sprioc a bheadh ansin? Mar shampla, feicimid go mbíonn an-éagsúlacht le “First Dates Ireland” agus go bhféadfaí an-éagsúlacht a bheith ann. An raibh sprioc leagtha síos riamh ar date as Gaelainn? Chonaiceamar ansin trí thimpiste uair amháin go raibh duine ar an bhfón sa leithreas. Cé gur is dócha gurb é sin an t-aon sampla de sin, cén fáth nach mbeadh sé sin ar fáil? Má tá iarrachtaí éagsúlacht agus leathnú amach a chur chun cinn á ndéanamh, cén fáth nach mbeadh spriocanna ansin? Bheadh an-suim agam eolas a fháil ar na spriocanna a leagann an staisiún síos ar na comhlachtaí éagsúla agus an bhfuil plé á dhéanamh ag RTÉ leo chun iachall a chur orthu siúd níos mó Gaelainne a chur ina gcuid clár do RTÉ?

Mr. Joe Reddington

Labhair an Teachta ansin faoi agallamh i nGaeilge ar chláir RTÉ news agus fotheidil a chur orthu siúd mar nós. Phléamar é sin cheana féin. Is an-smaoineamh é sin ach, mar eolas, tá fotheidil bheo againn ar chláir RTÉ news i mBéarla mar gheall go bhfuil an teicneolaíocht ann le haghaidh craoltaí beo mar sin a láimhseáil ar an gcaoi sin. Is ceist ama a bhainfeadh le fotheidil Ghaeilge a chur isteach i dtuairisc, cuir i gcás. Ní bheadh sé indéanta fotheidealú beo i nGaeilge a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh duine éigin as Corcaigh nó as Ciarraí faoi agallamh i dtuairisc ar RTÉ news, thógfadh sé beagán ama ansin an t-aistriúchán agus na fotheidil a dhéanamh. Is é sin an t-aon-----

De ghnáth, bheadh na hagallaimh sin go léir déanta roinnt uaireanta an chloig roimh an gclár. Ní rudaí beo atá mé ag caint fúthu. Go minic, bheadh na hagallaimh déanta ar maidin, b'fhéidir, agus bheadh siad á gcraoladh sa tráthnóna. Go minic, d'fhéadfaí an t-agallamh nó an t-ábhar céanna bheith in úsáid ar “Nuacht TG4” agus déantar an t-agallamh arís as Béarla. Cad ina thaobh nach mbeadh an t-agallamh ann as Gaeilge le fotheidil?

Mr. Joe Reddington

Aontaím leis an Teachta agus tá cásanna ann ina bhfuil sé nádúrtha gurb é i nGaeilge a bheadh an duine ag caint. Go deimhin, tá daoine ann atá i bhfad níos compordaí ag labhairt i nGaeilge agus ba cheart go mbeadh an deis sin acu freisin. Is féidir liom é sin a fhiosrú níos mó agus féachaint leis an smaoineamh sin a neadú san eagraíocht agus é a fhorbairt ansin mar nós imeachta.

Tá brón orm a bheith ag cur isteach anseo ach ó thaobh an chórais leis na fotheidil a dhéanamh as Béarla, an úsáidtear AI chun é sin a dhéanamh nó an mbíonn duine á gclóscríobh? Maidir le han-chuid stuif anois, tá sé uathoibríoch toisc go bhfuil an oiread sin daoine ag caint Béarla agus aithníonn an córas sin canúintí éagsúla. Anois, nuair a fheictear fotheidil, bíonn rudaí mícheart anois is arís. An é amach anseo go mbeidh an deis sin ann má tá go leor Gaeilgeoirí á lorg? Bhí Meta anseo agus bhí siad ag lorg go mbeadh, is dócha, 1,000 uair an chloig de thaifead ann le go mbeadh an foclóir mór go leor ansin ag an gcomhlacht chun an sórt fotheidealú sin a dhéanamh.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá cartlann RTÉ ag cur ábhar ar fáil do Choláiste na Tríonóide chun rud mar sin a dhéanamh in AI.

Ms Deirdre Ní Choistín

Go díreach faoi sin, go hinmheánach in TG4, tá an fhoireann innealtóireachta ag forbairt chóras AI a dhéanann sruth urlabhra go téacs i nGaeilge le gur féidir fotheidil Ghaeilge a chur ar fáil do mhíreanna agus pacáistí nuachta ar na meáin shóisialta.

Ba mhaith liom rud amháin a rá ansin freisin leis an Teachta Ó Muineacháin mar gur luaigh sé nuacht RTÉ agus “Nuacht TG4”. Tá sé spéisiúil go raibh sé ag caint faoi agallamh a bheadh ar nuacht RTÉ agus ansin ar “Nuacht TG4”. Ghlac an Rialtas le moladh ó thuarascáil Choimisiún na Meán go mbeadh ceannas eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar an nuacht agus táimid fós ag obair tríd an bpróiseas sin le RTÉ agus le Coimisiún na Meán.

Is é an sprioc atá againne ná go mbeadh ionracas ann, go mbeadh dhá sheirbhís shainiúla agus difriúil óna chéile ann, nach mbeadh an dúshlán sin a fheictear agus a raibh an Teachta ag caint faoi ar nuacht an Bhéarla le feiceáil ansin ar nuacht na Gaeilge, agus go mbeadh seirbhís níos dírithe ag freastal níos fearr ar phobal na Gaeilge agus a bheadh á cur ar fáil tríd an moladh sin. Tá sé suimiúil gur luaigh an Teachta é sin ach tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag iarraidh é sin a bhrú chun cinn.

Go raibh maith agat. Tá sé sin an-suimiúil.

Ms Niamh Ní Churnáin

Freagróidh mé an dá cheist eile a bhí ag an Teachta. Bhí sé ag caint faoin dátheangachas agus faoin aiseolas atá faighte againn. Tá sé an-dearfach. Ní bhraithim go bhfuil aon bhac ann nuair atá daoine ag caint as Gaelainn agus as Béarla. Glacann daoine leis. Tá sé sin go maith.

Ó thaobh na hearnála neamhspleáiche, níl aon rud in aon chonradh go gcaithfidh na comhlachtaí seo ábhar Gaelainne a chur isteach. Mar sin féin, déanaimid cur i láthair dóibh agus b'fhéidir go dtabharfaimis samplaí do na comhlachtaí chun cabhrú leo. Chun sampla a thógáil, i gclár ar nós “Ireland's Fittest Family”, bheadh sé furasta clann a fháil a bheadh Gaelainn acu. Bheidís ag caint as Gaelainn eatarthu féin agus nuair a bheidís i mbun an ghnímh, ach bheidís ag caint as Béarla leis na cóitseálaithe. D'fhéadfaidís ansin na píosaí do cheamara a dhéanamh as Gaelainn agus bheadh sé sin fíor. Chaithfí an rud a bheith, agus is é an focal a úsáidaimid as Béarla, ná, authentic. Is mar sin a mhairimid. Aon duine a bhfuil Gaelainn acu i saol an Bhéarla, bítear ag plé le daoine as Gaelainn agus as Béarla mar nach bhfuil Gaelainn ag gach duine. Caithfidh sé sin teacht siar sna cláir. Déanaimid cur i láthair agus iarracht agus iachall a chur orthu rud a dhéanamh ach níl faic in aon chonradh go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh.

Mura mbíonn sprioc leagtha síos ag RTÉ, an mbeidh aon toradh ann? Tá na treoracha á thabhairt gan sprioc faoi leith leagtha síos. An bhfuiltear ag glacadh leis an nod sin agus ag cur Gaelainn ar fáil ann? Gan sprioc nó treoir, an bhfuil sé chun tarlú?

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá dhá rud ann. D'fhéadfá iachall a chur ar dhaoine rud a dhéanamh ach b'fhéidir nach mbeidís sásta é a dhéanamh nó nach mbeadh an t-ábhar go maith sa deireadh. D'fhéadfá iarracht a dhéanamh dul i gcion ar dhaoine agus cabhrú leo agus thógfadh sé tamall ar rudaí athrú ach tagann an t-athrú. Bheinn dóchasach mar sin go dtiocfadh athrú. Cím go bhfuil rudaí tarlaithe. Bhíos ag caint mar gheall ar "First Dates Ireland". Tharla sé trí bhabhta ó shin ar an gclár sin agus tá clár nua "Love in the Country", a bhí an chéad sraith de ar siúl anuraidh, agus tá sé pléite againn cheana féin go mbeadh sé furasta ábhar Gaelainn a chur isteach ann agus go mbeadh sé nádúrtha é sin a dhéanamh. Bíonn plé leanúnach againn mar sin. Bímse á phlé leis na grúpcheannasaithe eile agus le comhlachtaí.

An bhfuil, mar shampla, an t-aiseolas atá á fháil ag na finnéithe mar gheall ar úsáid na Gaelainne sna cláracha eile á roinnt acu ansin leis na comhlachtaí éagsúla chun a thaispeáint go bhfuil an t-eolas ann agus go gcruthaíonn sé go bhfuil a leithéid ag teastáil ón lucht féachana nó éisteachta?

Ms Niamh Ní Churnáin

Gan dabht. Déanaimid é sin.

Tá ceist amháin eile agam maidir le "Fóram". An bhfuil aon tuairim ar cad a bheadh i gceist ansin? Tá clár iontach á dhéanamh le "7 Lá" ag TG4. An amhlaigh go bhfuil RTÉ chun tabhairt fúthu nó comhoibriú a dhéanamh? Cad atá in aigne ansin?

Mr. Joe Reddington

Is sraith cúrsaí reatha do RTÉ 1 atá beartaithe in "Fóram". Tá súil againn é sin a bheith réidh le dul go haer roimh dheireadh na bliana seo. Is sraith ar leith í sin a bheadh lonnaithe i nDomhnach Broc agus a bheadh ag breathnú ar mhórcheisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcúrsaí reatha.

An clár seachtainiúil, míosúil nó laethúil a bheidh ann?

Mr. Joe Reddington

Táimid ag súil go ndéanfaí go seachtainiúil é.

An bhfuil sibh ag díriú ar lár na bliana?

Mr. Joe Reddington

I dtreo deireadh na bliana.

Sula ligim don Teachta Ó Cuív teacht isteach, ba mhaith liom a aithint go raibh an Seanadóir Barry Ward sa chruinniú agus go bhfuil an Teachta Joe McHugh linn ar líne chomh maith.

Céard é ioncaim iomlán RTÉ briste síos idir an ceadúnas nó deontais Stáit agus ioncam eile, abair go 2023. Cén t-ioncam iomlán a bhí ag RTÉ?

Mr. Kevin Bakhurst

The income for RTÉ for 2023 is approximately €340 million as I understand it. We are just finalising our accounts.

In rough figures - go garbh.

Mr. Kevin Bakhurst

About €340 million.

Cé mhéad de sin a tháinig ón gceadúnas nó ó dheontais dhíreach Stáit agus cé mhéad de sin a tháinig ón ioncam eile?

Mr. Kevin Bakhurst

Approximately 50% year on year is from licence fees and approximately 50% is from commercial activity, depending how that is performing.

Fuair RTÉ airgead Stáit ansin roimh an Nollaig, nach bhfuair?

Mr. Kevin Bakhurst

We did. We got an extra €16 million-----

You might have got €186 milliún?

Mr. Kevin Bakhurst

We got €16 million-----

Móide €170 milliún d'airgead poiblí ón gceadúnas.

Mr. Kevin Bakhurst

Yes, to make up------

Cén éileamh atá ag RTÉ le haghaidh 2024?

Mr. Kevin Bakhurst

Is this in terms of the extra funding or the overall funding?

An briseadh síos céanna.

Mr. Kevin Bakhurst

The total income would be about the same. As the Government said, if there is a shortfall in licence fees, it will make up the gap up to €40 million. There will be approximately the same overall income for RTÉ.

Thart ar €186 milliún ón Stát.

Mr. Kevin Bakhurst

I would not give an exact figure here but a little bit less than that, yes.

Cén mhéad maoiniú atá ag TG4 do 2023, briste síos ar an mbealach céanna idir deontais Stáit agus ioncam eile?

Ms Nóra-Máire Uí Mhocháin

In 2024, fuaireamar €54 milliún ón Stáit agus istigh le sin tá €4 mhilliún breise san áireamh. Is €50 milliún a tugadh dúinn ar dtús agus ansin €5 mhilliún eile in ioncam tráchtála ansin.

Mar sin tá TG4 ag rith stáisiún iomlán le cainéal teilifíse ar €59 milliún?

Ms Nóra-Máire Uí Mhocháin

Stáisiún iomlán agus Cúla4 chomh maith. Tá an t-airgead sin le haghaidh an dá chainéal.

Okay, agus táimid ag rá go bhfuil €340 milliún ag RTÉ. Caithfimid machnamh a dhéanamh air sin mar choiste. Dhá chraoltóir náisiúnta atá againn, nach ea? Is craoltóir náisiúnta TG4, nach ea?

Mr. Alan Esslemont

Is ea.

Cloisimid an chaint seo ar "the national broadcaster" ach níl a leithéid ann. Tá dhá national broadcasters, nach bhfuil?

Mr. Alan Esslemont

Is craoltóir náisiúnta Gaeilge muid.

Sea, ach is craoltóir náisiúnta Béarla é a bheag nó a mhór. Déanann TG4 roinnt cláracha Béarla freisin.

Mr. Alan Esslemont

De facto, mar a dúirt mé.

An nglacann RTÉ leis go bhfuil dhá chraoltóir náisiúnta, agus nuair a bhíonn trácht ar na meáin go coitianta ar an gcraoltóir náisiúnta, go bhfuil sé sin míchruinn agus go bhfuil dhá chraoltóir náisiúnta ann?

Mr. Kevin Bakhurst

Yes. Obviously, that is correct. TG4 is a national broadcaster, as is RTÉ. The other thing I would add is that clearly we have three TV channels, a number of national radio stations, including RnaG, and a full online service as well as part of what we offer.

Ba bhreá le TG4 go mbeadh a cheann céanna acu siúd i nGaeilge. Nár mhaith?

Mr. Alan Esslemont

Ba bhreá. Is é sin atá san iarratas. Ba cheart go mbeadh na feidhmeanna ar fad againn mar chraoltóir. Chomh maith le sin, tá feidhm cinema againn. Airímid go bhfuil dualgas orainn ó thaobh na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge. Mar sin, mar atá ráite sa straitéis TG4 Gach Áit, tugann sé sin gach áit muid. Faoi láthair, cuireann na hacmhainní srian orainn dul gach áit.

Deirtear sa cháipéis a chuireadh ar fáil gur €24 mhilliún a chaithtear ar an nGaeilge in RTÉ. An bhféadfaí briseadh síos a thabhairt ar sin idir RTÉ 1, RTÉ 2, Raidió 1, 2FM, Lyric FM agus Raidió na Gaeltachta? An bhfuil san áireamh sa €24 milliún sin na cláracha a dhéanann RTÉ mar chuid den socrú fadtéarmach le TG4 ó thaobh na nuachta de agus mar shampla "7 Lá"?

Ms Niamh Ní Churnáin

Is féidir liom-----

Déanann RTÉ níos mó ná €20 milliún a infheistiú in ábhair Gaelainne ar fud ár gcuid ardáin agus seirbhísí go léir. An bhféadfaí briseadh síos a thabhairt air sin?

Ms Niamh Ní Churnáin

Is féidir liom an briseadh síos a sheoladh chuig an Teachta.

Okay. Bheadh sé sin spéisiúil ach an bhfuil RTÉ ag áireamh ansin na cláracha a sholáthraíonn sé le-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá an prótacal san áireamh.

Tá sé san áireamh. Cé mhéad a bheadh i gceist ansin de réir uaireanta a chloig?

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá sé timpeall 7.3 nó 7.4 - idir a seacht agus a hocht. Ná tóg sin mar fhigiúir deiridh. Cuirfidh mé chuig an Teachta é.

Mar a deirim, athraíonn figiúirí ó lá go lá. Má táimid ag caint ar laistigh de 10% suas agus anuas, beidh sé ceart go leor. Mar sin, tá thart ar €17 milliún as €340 milliún á chaitheamh ag RTÉ ar an nGaeilge, ag tógáil Raidió na Gaeltachta san áireamh.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá brón orm. An bhféadfaí é sin a rá arís?

Tá thart ar €17 milliún á chaitheamh ag RTÉ. As €340 milliún, tá €17 milliún á chaitheamh ar an nGaeilge agus tógann sé sin Raidió na Gaeltachta san áireamh.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tógann.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Cé mhéad a chaitheann RTÉ ar Raidió na Gaeltachta?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Isteach is amach le €11.5 milliúin.

Táimid síos ag €6 mhilliún anois. Tá an figiúr ag éirí beag. Mar a dúradh níos luaithe, tá trí cainéal teilifíse agus iliomad stáisiúin raidió ag RTÉ, agus tá €6 milliún fágtha sa chiste. Mar chéatadán de chaiteachas iomlán RTÉ, cén chaoi a bhfuil an caiteachas ar Raidió na Gaeltachta, as ollchaiteachas RTÉ, i gcomparáid le 2009 nó 2010? Cén chaoi a bhfuil sé mar chéatadán d'ollchaiteachas RTÉ i gcomparáid mar shampla leis an méid a bhí á chaitheamh in 2010?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Thart ar 2008, is dóigh liom go raibh €15 milliún in aghaidh na bliana á fáil againn.

Mr. Gearóid Mac Donncha

€15 milliún. Sin 2008.

Ag Raidió na Gaeltachta?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ag Raidió na Gaeltachta.

Cé mhéad a bhí á chaitheamh san iomlán ag RTÉ ag an am seo?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ar an nGaeilge ab ea?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Caithimid dul siar.

An bhféadfadh sibh an figiúr a fháil? Is dóigh liom, agus muid ag déanamh iniúchadh air seo, go gcaithimid breathnú ar chruafhigiúirí seachas bogchaint. An bhfuil an ceart agam go raibh €15 milliúin i gceist, ach tá sibh imithe síos go dtí €11 milliún anois?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá. Is é €11.5 milliún-----

An bhfuil sé sin fíor tar éis an boilsciú agus na hrduithe pá ar fad? An íocann Raidió na Gaeltachta arduithe pá?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Na harduithe pá a thagann isteach san eagraíocht ar fad, tugtar iad sin amach i Raidió na Gaeltachta.

Bhí go leor arduithe pá ó shin, nach raibh?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Bhí. Tá arduithe pá curtha i bhfeidhm in RTÉ ar fad. Bíonn siad i gceist i Raidió na Gaeltachta chomh maith.

Tuigim é sin. Cén chaoi a fheidhmíonn Raidió na Gaeltachta mar eagraíocht ar €11.5 milliún má bhí €15 milliún ag teastáil in 2009?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ceann de na difríochtaí móra atá ag baint leis ná an laghdú atá tagtha ar an bhfoireann in RTÉ ar fad. Tá laghdú aon trian ar chúrsaí fostaíochta in RTÉ ar fad, agus Raidió na Gaeltachta san áireamh, agus laghdaíonn sé sin an méid pá atá íoctha amach.

An bhfuil caiteachas iomlán RTÉ tite ó 2009 go dtí 2024 nó 2023?

Mr. Kevin Bakhurst

Yes it has. We can come back with the exact figures on that.

Níor laghdaíodh an ceadúnas ag aon am agus tá i bhfad níos mó tithe agus foirgnimh sa tír anois ná mar a bhí ag an am sin. Shílfeá go mbeadh an t-ioncam Stáit ag dul suas. Glacaim leis go raibh titim sa líne tráchtála. Bheadh sé an-spéisiúil na figúirí a fháil. Teastaíonn na figiúirí uainn go géar ionas gur féidir linn iniúchadh grinn a dhéanamh.

Mr. Kevin Bakhurst

I assure the Deputy that we will provide those. Off the top of my head, since 2008 the level of the TV licence fee has not increased but the level of evasion has increased. The number of households is relatively steady but has fallen a bit. Where there has been a big gap has been in the commercial income since 2008. Obviously, it fell substantially after the financial crisis, which meant that the overall income for RTÉ fell substantially over that period. We will provide the exact figures for you.

Bhí éileamh ann in 2000 - beagnach 25 bliain ó shin - go mbeadh stáisiún raidió ag Raidió na Gaeltachta do dhaoine óga. Tá Raidió na Gaeltachta thar cinn ach i ndáríre, is é an aicme céanna Gaeltachta a éisteann leis sin agus a éisteann le RTÉ 1. Sin an cineál meascán atá ann. Tá a fhios againn fhéin nach bhfuil go leor den aos óg i mBéarla ag éisteacht le RTÉ 1 go síoraí seasta, b'fhéidir go n-éisteann siad le corr-rud air. Éisteann siad le leithéidí 2FM. Bhí éileamh láidir ón bpobal óg ag an am go mbeadh stáisiún náisiúnta ghairmiúil a bheadh ag craoladh à la 2FM. An bhfuil pleananna ag RTÉ sin a chur ar fáil dóibh?

Mr. Kevin Bakhurst

I would like to assure the Deputy in that regard, in accordance with our strategic framework, as long as we get the funding. There are a couple of things I would like to point out about that. Firstly, we said very clearly for the first time in a strategy document that Raidió na Gaeltachta is one of absolute priorities as an organisation. The second thing is that there are plans for providing either a radio station or audio content to younger audiences. That is in there and is being worked through. I have to say that we have had some representations from people who are already in that space saying that they do not need Raidió na Gaeltachta to get into that space. I think the other consideration for us is that given where younger audiences are now, as opposed to 20 years ago, much of their consumption is not through linear radio stations but through podcasts and other material like that. We need to work out the best way of providing Irish-language audio content to young audiences. It may involve a radio station, a combination of a radio station and podcasts, or more podcasts. It is absolutely in the strategy about how we address younger audiences with Irish-language content. It depends on funding.

Bheadh an-spéis agam an taighde a fheicéail. Ó thaobh cothromaíocht pá de, an bhfuil difríocht idir na rátaí pá atá fós ag Raidió na Gaeltachta nó an bhfuil siad tógtha suas go dtí an leibhéal céanna le RTÉ lárnach, mar a thabharfaimid air?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair le breathnú ar na gráid ar fad. Nuair a bhíomar ag caint air seo, chonaiceamar go raibh 169 nó 167 grád ar fad in RTÉ. Tá staidéar agus obair á dhéanamh ar na gráid sin ar fad in RTÉ ionas go bhfeicimid cén leagan amach is fearr gur féidir a chur orthu agus tá grád an chlár reachtaire mar cheann dóibh sin.

An ndeirfeá go ginearálta nach bhfuil an pá céanna ag an té atá ag cur clár i láthair ar son Raidió na Gaeltachta? Má thógaimid "Morning Ireland" agus "Athmhaidin" mar shamplaí, an mbeadh pá níos fearr ag na láithreoirí ar "Morning Ireland" in aghaidh na huaire?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá scálaí difriúla pá ann, bunaithe ar an teideal atá agat agus ar an ngrád ag a bhfuil tú. I Raidió na Gaeltachta tá clár reachtairí ag láithriú agus ag léiriú.

Cén cineál airgid a bheadh ag clár reachtaire?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is féidir liom na sonraí sin a chur chugat.

B'fhéidir go gcuireadh RTÉ chugainn na figiúirí don dream a chuireann "Morning Ireland" i láthair, nó ceann de na cláir sin ina bhfuil a chomhionainn ann. Caithfimid coinneáil inár n-intinn i gcónaí go bhfuil i bhfad níos lú taighdeoirí agus i bhfad níos lú tacaíochta ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta. B'fhéidir go mbeadh beirt nó triúr ar an gclár, duine amháin ag déanamh taighde an oíche roimhe, duine amháin ag láithriú agus duine eile ar na cnaipí. Táimid ag caint faoi seo le cúig bliana anuas. Níl a fhios agam cé mhéad athbhreithniú go gcaithfí a dhéanamh go dtí go dtagtar ar cinneadh ar rud ar bith sa tír seo. Má tá rud chomh follasach leis an éagothromaíocht seo, ceapaim féin go bhfuil sé thar am an éagóir sin a chur ina ceart.

Tá ceist amháin deiridh agam. Níor mhaith liom faide a chur leis an gcruinniú seo. Ar bhealach, baineann sé i dtosach báire le TG4, ach baineann sé le RTÉ freisin. Bíonn "Seacht Lá" á craoladh Dé Máirt agus tá sé thiar nuair a bhíonn na polaiteoirí thoir. Bíonn "The Week in Politics" thoir, nuair atá cuid mhaith de na polaiteoirí thuaidh, thiar agus theas. Is éagóir é sin ar na polaiteoirí nach bhfuil lonnaithe i mBaile Átha Cliath. An t-aon uair amháin a bhíonn muidne anseo ná Dé Céadaoin. Glacaim leis go dtéann "Prime Time" amach. Bíonn clár Katie Hannon ar siúl ar an Luain, ach tá go leor daoine ón tuath nach mbíonn i mBaile Átha Cliath ar an Luain. Bíonn polaiteoirí ar chlár raidió Brendan O'Connor ó am go chéile ag an deireadh seachtaine.

Tá clár raidió eile a bhíonn ar siúl idir 1 p.m. agus 2 p.m. ar an Domhnach. Tá go leor cúrsaí reatha ar an teilifís agus ar an raidió ag an deireadh seachtaine, ach ná habair go bhfuil sé mar a chéile aon chlár a dhéanamh go seachtrach in áit a bheith sa stiúideo, go háirithe más díospóireacht atá ann. Bíonn ionadh orm i gcónaí cén fáth a bhfuil an leagan amach seo ann. Shílfeá go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh deis ag polaiteoirí náisiúnta a bheith freagrach don phobal, iad a bheith curtha os comhair an phobail agus ceisteanna crua curtha orthu. Ní thuigim cén fáth nach mbreathnaítear air seo. Mar shampla, tá clár cúrsaí reatha á dhéanamh ag TG4 ag an deireadh seachtaine in áit é a bheith i rith na seachtaine. Má bhíonn sé ag iarraidh na polaiteoirí air, agus go minic bíonn, ní thuigim agus ceistím cén fáth a bhfuil an leagan seo ann. Is é an rud céanna é le RTÉ. Is an-bhuntáiste é do na Teachtaí Dála agus Seanadóirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Níl le déanamh acu ach dul síos an bóthar agus tá siad i láthair. Ach, má tá an Teachta Moynihan ag dul go Baile Átha Cliath, tógann sé sin trí uair a chloig. Má tá an Teachta Connolly ag dul go Baile Átha Cliath, tógann sé sin dhá uair a chloig go leith, agus trí uair a chloig má thógann sí bus agus traen agus siúil. Tógann sé dom, ar a laghad, trí uair a chloig go leith muna stopaim.

Is iontach go bhfuil tú ag smaoineamh orm.

Tá. Faigheann an Teachta Connolly go leor ama ar an teilifís de bharr go bhfuil sí sa chathair. Tógann sé ceithre uair a chloig go Baile Átha Cliath agus ceithre uair a chloig ar ais dom. Tá cothromas réigiúnach i gceist, freisin, go háirithe d’aon duine a bhíonn ag craoladh i nGaeilge, más féidir liom é sin a rá. Tá formhór na ndaoine is mó a bhíonn ag plé leis an Ghaeilge sa Teach seo lonnaithe i bhfad ón phríomhchathair. Ar an taobh eile den scéal, tá sé thar a bheith áisiúil nuair a bhíonn sé i mBaile na hAbhann agus mé thiar, déarfaidh mé an fhírinne.

Mr. Kevin Bakhurst

Can I speak to that point?

Yes, of course.

Mr. Kevin Bakhurst

It is an important point. I must apologise for speaking English. My Irish is a work in progress, but I am very early in that process.

The Deputy makes an important point. That is why, when we set out our strategic framework, a lot of it was around what could we move out of Dublin in areas such as production and different genres. We have talked about Cork in particular but the ambition is to make more programmes around the country outside of Dublin. When we went out to stakeholders, there was a warm welcome for that from those outside Dublin, so that remains part of the ambition. If we can deliver this strategy over the next five years, it is around enhancing the coverage we do outside of Dublin, starting with Cork but in other areas too. It is right to ask about how different voices are represented around the country, including politicians who are not in Dublin at weekends or parts of the week. That is part of the strategy we are looking at.

Mr. Alan Esslemont

Ní ceist fhánach a bhí ann. Sílim gur ceist lárnach í. Rinneadh taighde ar nuacht na Gaeilge i 2020 agus fuair muid amach go bhfuil daoine ag iarraidh i bhfad níos mó nuachta i nGaeilge ag gach leibhéal. Beidh Deirdre Ní Choistín in ann labhairt faoin phlean. Tá easpa acmhainní ann. Faoi Nollaig, rinneadh réamhthaifeadta ar Nuacht TG4, rud nár cheart tarlú riamh. Faoi láthair, má bhreathnaítear ar "Nuacht TG4", níl aon name straps le feiceáil. Mar gheall go raibh easpa infheistíochta ó RTÉ, tá an trealamh ar fad ag titim as a chéile. Ó tháinig an tuarascáil amach ó Choimisiún um Thodhchaí na Meán, tá muid agus Deirdre Ní Choistín ag obair ar phlean agus tá na tuairimí an-mhaith ó thaobh chlúdaigh pholaitiúil de.

Tá TG4 ag moladh go mbeidh leath an airgid atá ag RTÉ ag TG4 - leath an bhuiséid iomlán.

Mr. Alan Esslemont

Ó thaobh na nuachta de-----

Ó thaobh an chraolacháin iomlán.

Mr. Alan Esslemont

Ó thaobh craolacháin iomlán, ba cheart go mbeadh muid, ar a laghad, ag an scála céanna le S4C.

Cé mhéad é sin?

Mr. Alan Esslemont

Tá sé thart ar £120 milliún. Bheadh muid ar an scála céanna le €135 milliún. Labhraíonn muid faoi fheiceálacht ach muna bhfuil scála ann, ní bheidh feiceálacht ann. Agus muid ag dul isteach sa chéad decade eile, muna bhfuil scála ag TG4 ag an phointe sin, ní bheidh aon todhchaí ag TG4. Tá sé an-tábhachtach go méadófar an scála.

Ó thaobh na nuachta agus an chlúdaigh pholaitiúil de, tá Deirdre Ní Choistín ag cur pleananna le chéile.

Ms Deirdre Ní Choistín

Tá muid ag obair le RTÉ agus Coimisiún na Meán ó thaobh an mholta 7.1 i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a bhaint amach. Caitear thart ar €5 milliún ar nuacht agus ar chúrsaí reatha faoi láthair ó RTÉ. Is éard atá i gceist ansin ná clár 24 nóiméad nuachta ar theilifís agus clár cúrsaí reatha "7 Lá" sa seachtain, atá ar an fhad céanna. Tá muid ag iarraidh an seirbhís nuachta a fhorbairt go seirbhís il-ardáin ina mbeadh feasacháin nuachta cúpla uair sa lá agus cláir chúrsaí reatha níos faide, tuilleadh béime ar iriseoireacht nuachta, agus ina mbeadh muid ag cur le foireann na n-iriseoirí. Níl a dhóthain iriseoirí ag an tseirbhís faoi láthair leis an chlár a líonadh go rialta agus tá muid ag iarraidh rudaí ar nós podchraoltaí agus suíomh ar líne a thosú le go mbeadh an nuacht ar fáil céad rud ar maidin i nGaeilge ar fhóin daoine. Sin an nós atá ag an lucht féachana agus tá muid ag iarraidh é sin ar fad a fhorbairt - ó chlár teilifíse go seirbhís iomlán il-ardáin. Tá súil againn, de bharr go bhfuil muid neamhspleách mar stáisiún teilifíse ó 2007, déanann sé ciall anois go mbeadh smacht againn ar an tseirbhís nuachta. Is é an rud is tábhachtaí é d’aon chraoltóir seirbhísí poiblí an seirbhís nuachta. Ba cheart go mbeadh sé sin - na hacmhainní agus an eagarthóireacht ar fad - faoi chúram TG4, agus tá muid ag iarraidh é sin a bhaint amach le Coimisiún na Meán. Tá buiséad curtha ar aghaidh againn an tseachtain seo chaite ar mheasúnú ar an chostas a bheadh leis sin don chéad trí bliana. Tá sé réalaíoch ó thaobh an méad a theastódh, ó thaobh foirne de agus ó thaobh fhorbairt na seirbhíse de ó chlár teilifíse laethúil go seirbhís nuachta il-ardáin.

Mr. Alan Esslemont

Faoi láthair, is é Kevin Bakhurst príomh-eagarthóir "Nuacht TG4". Ní dóigh liom gur mhaith leis go mbeinn mar phríomh-eagarthóir ar RTÉ News. Tá sé dochreidte.

Drochshocrú a bhí ann ón tús.

Tá ceist amháin agam ar Alan Esslemont sula gcríochnaíonn muid. Tá an dara seisiún ag teacht díreach i gceann trí nóiméad, measaim. Tá tú ag caint faoi airgead mór. B'athrú suntasach a bheadh ann bogadh suas go dtí €135 milliún. Luaigh tú €6 milliún nach bhfuair TG4 i mbliana. Cad air go díreach a mbeadh an t-airgead caite, seachas trealamh nua do sheomra nuachta?

Mr. Alan Esslemont

Bheadh an seirbhís nuachta lárnach. Ní dóigh liom gur féidir seirbhís craoltóireachta poiblí a bheith ann gan seirbhís nuachta láidir. Leis an doimhneacht agus éagsúlacht céanna is atá Kevin Bakhurst ag lorg i mBéarla, ba cheart go mbeadh sé sin ar fáil dúinn. Sin cuid de.

Tá muid díreach tar éis cainéal Cúla 4 a sheoladh. Tá sé an-tábhachtach do pháistí na tíre, agus faoi cheann cúpla mí beidh muid in ann a léiriú cé chomh maith is atá ag éirí le cainéal Cúla 4. Caithfidh muid leanúint léi anois. Chomh maith leis sin, ó thaobh eacnamaíocht na tíre de, tá tionscadal an-mhór domhanda maidir le cláir do pháistí agus ba cheart go mbeadh muid lárnach ann. Caithfidh muid níos mó a dhéanamh maidir le cúrsaí ealaíne. Caithfidh muid níos mó a dhéanamh ó thaobh spóirt de, go háirithe spóirt mhionlaigh, agus caithfidh muid dul níos doimhne ansin. Tá an t-uafás le déanamh, agus ó thaobh an mhúnla atá againn faoi láthair, mar a léiríodh sna figiúirí ar an lucht féachana anuraidh, tá ag éirí linn daoine a thabhairt linn. Mar sin, is fiú an infheistíocht sin a dhéanamh. Is ceist chriticiúil í sa mhéid is muna mbeidh scála againn faoi 2030, ní bheidh muid ann. Ní bheidh muid in ann maireachtáil, agus mar sin tá sin an-tábhachtach.

Ms Nóra-Máire Uí Mhocháin

Le cur leis sin ó thaobh an airgid de, mar shampla, tá sobal againn ar TG4 nach bhfuil muid in ann a chur ar fáil ach le haghaidh naoi mí sa bhliain mar gheall nach bhfuil a dhóthain maoinithe ann chun é a chur ar fáil ar feadh bliana iomlán. Bíonn orainn briseadh a thógáil sa samhradh. Thosaigh muid sobal do ghasúir anuraidh agus ní raibh muid in ann ach sé chlár a dhéanamh mar gheall nach raibh a dhóthain maoinithe ann.

Is í an aidhm a bheadh againn ná go mbeadh sobal do pháistí ann don bhliain uilig. Mar a dúirt Alan Esslemont, i dtaca le hábhar coimisiúnaithe do pháistí leis an maoiniú atá ann faoi láthair, tá orainn go leor athcheadúnas a chur ar fáil mar gheall go bhfuil teorainn ar an maoiniú atá againn. Ba bhreá linn go leor ábhar nua a choimisiniú do pháistí. Labhair sé faoin spórt ach ba mhaith linn sraith spóirt do pháistí a dhéanamh freisin. Tuigimid uilig na gasúir agus an stuif in a bhfuil suim acu ann. Tá suim acu sna peileadóirí - tá siad uilig ag dul amach ag imirt peile nó ag imirt rugbaí - agus ba bhreá linn cláracha spóirt a chur ar fáil dóibh sin chomh maith leis na daoine fásta. Tá nuacht do pháistí ann chomh maith, ach arís nílimid in ann é a chur ar fáil don bhliain iomlán. Cé go bhfuilimid ábalta go leor rudaí iontacha a dhéanamh, táimid stoptha agus nílimid ach in ann ach méid áirithe a dhéanamh. Tugaimid blas do dhaoine ach, faraor, nílimid in ann leanúint ar aghaidh ar feadh an bliain iomlán.

Tá dúshlan ag an dá sheirbhís craoltóireachta má tá siad ag iarraidh maireachtáil ar an airgead atá ann faoi láthair agus fás agus cuir leis an ábhar. Measaim go bhfuil aitheantas anseo go bhfuil fás tar éis teacht ar an líon Gaeilge atá ar RTÉ agus is féidir linn glacadh le sin. Beimid i gcónaí ag lorg níos mó agus ní bheidh a fhios againn cad é an buaicphointe go dtí go sroichimid líon 50%-----

Bhí míthuiscint ar mo thaobhsa. Tá sé ardaithe ó 0.7% go dtí 8%.

I dtamall bheag de bhlianta, tá ardú suntasach tar éis teacht ar líon na cláracha Gaeilge atá ar fáil agus tá na finnéithe ag geallúint dúinn go mbeidh ardú níos mó ann nuair atá an t-airgead díreach ag teacht ón státchóras san iomlán amach anseo.

Mo bhuíochas leis na finnéithe ar fad. D'fhéadfaimís níos mó ama a chaitheamh ar seo agus b'fhéidir gur gá dúinn amach anseo. Má tá tuilleadh eolais le teacht chugainn, cuir ar aghaidh é agus déanfaimid é a roinnt leis na baill ar fad anseo.

Táimid ag díriú isteach ar na craoltóirí eile sa tarna seisiún le Raidió Fáilte, Raidió na Life agus na craoltóirí raidió neamhspleácha chun féachaint céard é an dúshlán atá rompu maidir leis an nGaeilge. Leis sin, cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí go dtí 3.20 p.m. Arís gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad: Kevin Bakhurst, Joe Reddington, Niamh Ní Churnáin, Gearóid Mac Donncha, Nóra Máire Uí Mhocháin, Alan Esslemont agus Deirdre Ní Choistín.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 3.12 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.23 p.m.

Fearaim fáilte roimh John Purcell, cathaoirleach; Michael Brett, bainisteoir oibríochtaí; agus Kayte O'Malley, ionadaí thar ceann ghrúpa stiúrtha na Gaeilge, atá anseo mar ionadaithe thar cheann Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann; roimh Chillian Breatnach, bainisteoir agus ionadaí thar cheann Raidió Fáilte; agus roimh Mhuiris Ó Fiannachta, bainisteoir; an Dr. Caoimhe Nic Lochlainn, ball de bhord stiúrtha; agus Conchúr Ó Faoláin, clár reachtaire, atá anseo thar cheann Raidió na Life.

Tá na finnéithe ag freastal ar an chruinniú seo ó sheomra coiste a 4 seachas Cillian Breatnach, atá ag freastal ar an chruinniú ó chian lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Caithfidh mé roinnt rialacha a léamh sular féidir linn díriú isteach ar ábhar an lae inniu, is é sin úsáid agus infheictheacht na Gaeilge ar na meáin chraolta. Tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a léamh. Ní gá do na finnéithe aon rud a dhéanamh go dtí go mbeidh mé críochnaithe leis an chaint seo.

Meabhraím do comhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtas. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an chruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an choinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad ag labhairt agus go mbeadh siad le feiceáil ar an scáileán. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh déanamh cinnte de go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an fhianaise a thugann siad don comhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an chosaint agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtas. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise, agus má ordaíonn an chomhchoiste dóibh éirí as an fhianaise i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear d'fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an chomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d'fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm, nó ina n-ainmneacha nó ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d'fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do finnéithe éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú láithreach.

Aontaíonn muid leis sin ar fad. Is iad sin na treoracha agus tá siad ráite anois.

Casfaidh muid ar ábhar an lae inniu. Is é seo an dara seisiún ag déileáil le húsáid agus infheictheacht na Gaeilge ar na meáin chraolta. Bhí TG4 agus RTÉ os comhair an choiste roimhe seo. Anois, iarraim ar Kayte O'Malley a ráiteas tosaigh a dhéanamh thar cheann Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann. An bhfuil John Purcell ag caint in ionad?

Mr. John Purcell

Gabhaim buíochas leis an choiste as an chuireadh le bheith anseo inniu. Is mise an cathaoirleach ar Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, IBI. Is oth liom a rá nach bhfuil mé in ann Gaeilge a labhairt go líofa in ainneoin gur chaith mé blianta fada ag foghlaim Gaeilge inár gcóras oideachais. Tá brón orm agus níl mé bródúil ina thaobh seo. Ina ainneoin sin, tá mé féin agus mo chomhghleacaithe i stáisiúin raidió ar fud na tíre dearfach i leith fhorbairt na Gaeilge. Tá níos mó á dhéanamh ag ár stáisiúin ná mar a thuigeann go leor daoine. Cloisfidh an coiste roinnt samplaí ó mo chomhghleacaí Kayte O'Malley. Is féidir linn níos mó a dhéanamh ach beidh tacaíocht de dhíth orainn chun é sin a dhéanamh. Tá muid ag tnúth leis na saincheisteanna a phlé leis an choiste.

Mo chomhghleacaí, Kayte O'Malley, will now speak to the committee.

Ms Kayte O'Malley

Gabhaim buíochas leis an choiste. Sheol muid isteach an litir inné ach tá mé chun é a léamh arís.

Déanann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann ionadaíocht ar 34 stáisiún raidió neamhspleách ar fud na tíre. Stáisiúin áitiúla lánseirbhíse, stáisiúin réigiúnacha a dhíríonn ar an aos óg, stáisiúin chathracha a fhreastalaíonn ar an cheantar uirbeach agus stáisiúin náisiúnta is ea iad. Gach seachtain, bíonn lucht éisteachta de 4.6 milliún duine ag na craoltóirí seo agus is ag éisteacht le stáisiúin neamhspleácha a bhíonn daoine 70% den am a bhíonn siad ag éisteacht leis an raidió. Chomh maith le craoltóireacht, tá níos mó ná 10 milliún leantóir ag ár 34 stáisiún ar na meáin shóisialta, ar leithéidí Facebook, Instagram, X agus TikTok. Is meán thar a bheith cumhachtach agus tábhachtach é an raidió ar thírdhreach na meán cumarsáide agus tacaíonn IBI le cur chun cinn na Gaeilge ar bhealach inbhuanaithe agus inrochtana.

Tá dualgais áirithe ag na stáisiúin ó thaobh na Gaeilge agus an dátheangachais de ina gcuid clárúchán de réir na gceadúnas atá acu ó Choimisiún na Meán – nó an BAI. Chomh maith leis sin, tá gealltanais shainiúla ina gcuid ráitis pholasaithe clár. Mar shampla, tá clár Gaeilge seachtainiúil, “Splanc”, ar Newstalk. Craoltar gach Aoine idir 10 p.m. agus 12 meánoíche é. Bhuaigh "Splanc" clár raidió na bliana sna gradaim mheán ag Oireachtas na Gaeilge i mí na Samhna 2023. Tá clár Gaeilge seachtainiúil ar Galway Bay FM, “Cad a Déarfá le Gaillimh”, agus tá gligíní dhátheangacha cruthaithe aige freisin agus iad in úsáid go forleathan ar an stáisiún. Is stáisiún é iRadio atá dírithe ar an aos óg agus craolann sé clár ceoil dhátheangaigh ó 9 p.m. go dtí meánoíche Luan go Déardaoin. Tá roinnt 50-50 idir Gaeilge agus Béarla ag an láithreoir. Chomh maith leis sin, craoltar cúig uair sa bhreis as Gaeilge le linn an deireadh seachtaine. Craolann Radio Kerry clár seachtainiúil lan-Ghaeilge, “Caint Chiarraí", gach oíche Chéadaoin idir 8 p.m. agus 9 p.m. agus dhá chlár dhátheangach eile, “Tóg Sos” ar an Luan agus “New Moves” le ceol nua Gaelach ar an Aoine.

Is dúshlán mór é, áfach, riachtanas ár gceadúnais a chomhlíonadh. Den chuid is mó, tá ár stáisiúin ag feidhmiú lasmuigh de cheantair Ghaeltachta, agus is iad na dúshláin is mó atá acu ná baill foirne a earcú do phoist atá páirtaimseartha agus iad a choinneáil, agus cláir Ghaeilge a fhorbairt agus a chothú i gcomhthéacs an bhrú ollmhór atá orthu clár nuachta, faisnéise agus cainte ar ardchaighdeán a chur ar fáil i mBéarla. Is dúshlán leanúnach iad na hacmhainní atá ar fáil.

É sin ráite áfach, ba mhaith le craoltóirí tuilleadh cláir Gaeilge a chur ar fáil ach ta sé sleamhnaithe síos ar an liosta tosaíochta de bharr easpa acmhainní, níos mó dualgais ó thaobh rialú de agus baill fóirne cuí a earcú. Ag deireadh an lae, braitheann sé ar na hacmhainní atá againn, agus nuair atá siad le fáil, is féidir ábhair atá ceannródaíoch agus tarraingteach a chruthú.

Is léiriú maith ar seo é an tionscadal “Clár sa Charr” a chraoladh le linn príomh-ama ar naoi stáisiún ar fud na tíre. Maoinithe ag an chiste BAI fuaim agus fís, bhí an tsraith dírithe ar leanaí bunscoile idir rang a trí agus rang a ceathair agus a dtuismitheoirí. Is é a bhí i gceist leis an chlár ná clár seachtainiúil cúig nóiméad dírithe ar bhéaloideas agus ar fhrasaí simplí a bhaineann leis an saol laethúil. Ba dheis foghlamtha do na leanaí fhéin a bhí ann gan dabht, agus chomh maith leis sin, bhí deis ag na tuismitheoirí Gaeilge a phiocadh suas ar bhealach taitneamhach agus inaimsithe.

Ba é ba thábhachtaí uaidh seo ná an maoiniú. Tá muid thar a bheith buíoch as an mhaoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim fuaim agus fís. Bhí costas €140,000 ag baint le “Clár sa Charr” ó thaobh forbartha agus léirithe na sraithe ar naoi stáisiún raidió agus fuarthas 85% den chostas sin faoin scéim fuaim agus fís. D'éirigh chomh maith sin leis an tionscadal seo go bhfuil níos mó stáisiún sásta cuidiú le hiarratas maoinithe ar shraith a dó. Má éiríonn leis an iarratas seo, cuirfear tús leis an dara sraith de “Clár sa Charr” i mí Mheán Fómhair 2024.

Tá raidió neamhspleách thar a bheith sásta ábhair Éireannacha a mhéadú agus tá tacaíocht ón Rialtas thar a bheith tábhachtach. Tá géarghá le feabhsú ar na scéimeanna maoinithe. Is é an taithí atá againn ar scéim fuaim agus fís ná go bhfuil sé oiriúnach do thionscadail ghearrthéarmacha agus ad hoc den chuid is mó. De bharr an struchtúir atá ar an scéim, ní féidir aon chinnteacht a bheith ann ó thaobh pleanála de.

Creidimid go bhféadfaí dul chun cinn ollmhór a bhaint amach le hacmhainní measartha, ach tá gá le leasú ar an chreat maoiniúcháin. Dá mbeadh ciste tiomnaithe ar fáil do chláir Ghaeilge ar raidió neamhspleách, creidimid go bhféadfaí dul chun cinn suntasach a bhaint amach agus go bhféadfaí méid ollmhór clár a sheachadadh. Ní mór a rá ach go bhfuil moltaí cloiste againn faoi quotas agus níos mó dualgais a bheith ar na stáisiún ó thaobh na gceadúnas. Ba chéim chun deiridh a bheadh i gceist leis seo agus b’fhearr linn i bhfad freastal ar riachtanais an lucht éisteachta agus tacaíocht a chur ar fáil ar bhonn chomhpháirtíochta chun níos mo ábhar Gaeilge agus dátheangach a cruthú ar raidió neamhspleách. Ní oireann an toise céanna do gach duine sa chás seo. Mar shampla, tá ballstáisiúin ag IBI i gceantair Ghaeltachta agus is chun a leasa féin é freastal ar na pobail sin.

A fhad is atá an Rialtas agus Coimisiún na Meán ag forbairt polasaithe maidir le dul chun cinn agus úsáid na Gaeilge, tá IBI sásta grúpa oibre a bhunú laistigh den earnáil neamhspleách chun cuidiú le smaointe agus tionscnaimh a roinnt idir stáisiúin. Creideann muid go n-oirfeadh cur chuige saincheaptha mar seo i bhfad níos mó don lucht éisteachta, do na stáisiúin agus do na ceantair éagsúla áitiúla ina mbíonn siad ag craoladh.

Gabhaim buíochas le Kayte O'Malley. Iarraim ar Mhuiris Ó Fiannachta ó Raidió na Life a chur i láthair a thabhairt.

Mr. Muiris Ó Fiannachta

Gabhaim buíochas leis an choiste as ucht an cuireadh teacht os comhair an choiste inniu le labhairt mar gheall ar Raidió na Life agus an tábhacht, dar linn, a bhaineann le hinfheictheacht agus inchloisteacht na Gaeilge ar na meáin chraolta.

Stáisiún raidió deonach lán-Ghaeilge atá ag craoladh i mBaile Átha Cliath agus na contaetha máguaird le 30 bliain anuas is ea Raidió na Life. Tá sé le cloisteáil ar 106.4 FM agus ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar ghutháin póca, ar ríomhairí, ar ár suíomh gréasáin, raidionalife.ie, agus mar sin de. Tá podchraoltaí Raidió na Life ar fáil ar Spotify, iTunes agus Soundcloud. Tháinig Raidió na Life ar an aer trí bliana roimh theacht ar an aer theilifís na Gaeilge, TG4. Ba é Raidió na Life an dara cainéal lán-Ghaeilge a bhí ar fáil ar na meáin chraolta, agus 30 bliain níos faide anonn, is é Raidió na Life fós an t-aon stáisiún raidió Gaeilge neamhspleách atá ag craoladh go buan agus go lánaimseartha ar na haerthonnta sa Phoblacht. Fáisceadh Raidió na Life as fís a bhí ag grúpa ceannródaithe i bpobal na Gaeilge i dtús na 1990idí a d’aithin go raibh gá le stáisiún Gaeilge a chuirfeadh rogha eile ar fáil d’éisteoirí; stáisiún a bheadh chomh mealltach céanna, go háirithe do dhaoine óga, agus a bhí aon stáisiún Béarla a bhí ar fáil dóibh.

Cé gur i mBaile Átha Cliath a tháinig sé ar an saol, bhí Raidió na Life i gcónaí níos leithne ná Baile Átha Cliath amháin. Bíonn sé ag craoladh ar FM go dtí na contaetha máguaird le glórtha éagsúla ó gach cearn den tír le cloisteáil, ó chainteoirí dúchais ó cheantair Ghaeltachta ag cur fúthu san ardchathair go daoine a d’fhás aníos sa chuid seo den tír leis an nGaeilge mar theanga baile acu go daoine a d’fhoghlaim í ar scoil. Is scáthán ar phobal na Gaeilge féin é.

Tá ceadúnas craolacháin deich mbliana ag an stáisiún faoi láthair a mhairfidh go dtí 2027. Mar chuid den athbhreithniú a bheas ar bun ag Coimisiún na Meán ar na meáin Ghaeilge, beimid ag iarraidh air féachaint ar an cheadúnas do Raidió na Life a leathnú amach go ceadúnas náisiúnta nuair a thiocfaidh an ceadúnas reatha chun críche faoi cheann trí bliana. Más é polasaí an Stáit, ag leibhéal Choimisiún na Meán agus ag leibhéal na roinne Gaeltachta agus meán, gur chóir an dara stáisiún raidió Gaeilge náisiúnta a cheadúnú ar FM, is é Raidió na Life an baile nádúrtha don dara stáisiún seo. Le 30 bliain caite againn ag soláthar clár raidió, closábhar eicléictiúil i nGaeilge, i gcanúintí agus i nglórtha éagsúla, le stíleanna éagsúla ceoil, clár a dhéanann an Ghaeilge mealltach agus inrochtana do chách, is féidir an stáisiún seo a chur ar fáil don tír ar fad agus leathnú ar an tseirbhís atá á cur ar fáil againn cheana féin le 30 bliain anuas. Os a choinne sin, is todhchaí dhigiteach ar líne atá in ann dúinn mar shochaí, agus níl aon dabht faoi sin. Tá an-tábhacht leis na meáin thraidisiúnta fós agus beidh, ach is i ndomhan digiteach atá ceangailte leis an Idirlíon 24 uair an chloig in aghaidh an lae a mhairimid anois agus is sa domhan sin atá an todhchaí, dúinne sna meáin thraidisiúnta a oiread agus atá sé don sochaí i gcoitinne.

Is mian linne i Raidió na Life leanúint den táirge mealltach Gaeilge atá againn a sholáthar ar líne agus go digiteach le béim ar leith ar ghnéithe digiteacha na seirbhíse: podchraoltaí, físeáin, giotáin fuaime agus láithreacht láidir ar na meáin shóisialta, agus, ar ndóigh, an tseirbhís raidió féin a bheith ar fáil go héasca go digiteach d’aon duine ar mhaith leo éisteacht léi.

Is craoltóirí deonacha iad craoltóirí Raidió na Life. Is iontach an acmhainn don stáisiún na scórtha daoine a thugann a gcuid ama agus fuinnimh gan aon íocaíocht, seachtain i ndiaidh a chéile, go minic ar feadh na mblianta is na mblianta, gan oiread agus pingin a shaothrú, agus go minic gan mórán, nó aon, aitheantais. Is i bpopcheol a chuireann cuid acu spéis, bíonn suim ag daoine eile i nuacht agus i gcúrsaí reatha, agus spéis ag daoine eile i stíleanna ceoil nideoige, a mheallann éisteoirí breise chuig an stáisiún toisc nach bhfuil a leithéid de chláir cheoil ar fáil ar aon stáisiún raidió eile sa tír. Is baile nádúrtha é Raidió na Life do John Peels na Gaeilge.

Níl an tseirbhís atá á soláthar againn gan locht agus aithnímid go bhfuil bearnaí agus laigí sa mhéid a chuirimid ar fáil, is é sin, an méid atá ar ár gcumas a chur ar fáil tríd an maoiniú a chuireann an Stát ar fáil dúinn. Tá bunmhaoiniú faighte ag Raidió na Life go leanúnach ó Fhoras na Gaeilge agus táimid i gcónaí fíorbhuíoch don fhoras as an mhaoiniú agus, ar ndóigh, an spás agus an tacaíocht a thugann sé dúinn agus muid lonnaithe in aon fhoirgneamh leis. Thug an fhoras vóta láidir muiníne dúinn in 2017 nuair a chuir sé maoiniú substaintiúil ar fáil chun stiúideonna úrscothacha nua a thógáil. D’osclaíomar na stiúideonna nua in 2018, díreach dhá bhliain sula raibh orainn iad a dhúnadh le teacht Covid-19.

Tá na stiúideonna úrscothacha seo go bunúsach fós nua, agus stáisiúin raidió eile ar fud na tíre go mór in éad linn. Is fiú go mór anois an infheistíocht shuntasach atá déanta in infreastruchtúr fisiciúil Raidió na Life a mheaitseáil le hinfheistíocht in infreastruchtúr daonna an stáisiún. An uair dheireanach gur thángamar os comhair an coiste seo seacht mbliana ó shin, luamar gurb é an bac ba mhó ar fhorbairt Raidió na Life ná nach raibh ach triúir foirne lánaimseartha fostaithe sa stáisiún. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, níl athrú ar bith tagtha ar sin. Faoi scéim raidió pobail Fhoras na Gaeilge, maoinítear an trí ról lánaimseartha i Raidió na Life, is iad sin mo phost féin mar bhainisteoir an stáisiúin, post mar theicneoir, agus post mar chlár reachtaire. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin do dhá ról páirtaimseartha: maor deireadh seachtaine agus oifigeach forbartha agus oiliúna. In 2024 nuair a bhainfear an bille tuarastail, is deontas de thart ar €30,000 atá curtha ar fáil dúinn chun ár gcuid costais eile ar fad a chlúdach. Ní chlúdaíonn sé seo an bille don tseirbhís tarchuradóra fiú, gan trácht ar chostais ar bith eile.

An t-éileamh atá ag bord agus bainistíocht Raidió na Life ar an Stáit, ná infheistíocht ceart a dhéanamh ar Raidió na Life chun poist nua, mealltacha a chruthú sa stáisiún. Bheadh na poist seo ann do chainteoirí Gaeilge cumasacha atá paiseanta faoi chur chun cinn na teanga sna meáin cumarsáide agus a bhfuil na scileanna cuí acu, ard scileanna Gaeilge ina measc. Tagann mórán buntáistí ón nádúr deonach na craoltóireachta sa stáisiún, ach tá baic mhóra nuair is ag brath 100% ar oibrithe deonacha chun ár gcuid cláir a chur i láthair atáimid. Iarraimid ar na baill, mar chomhchoiste na Gaeilge an Oireachtais, gach tionchar gur féidir leo a imirt ar na páirtithe leasmhaire chun pacáiste maoinithe réadúil a chur ar fáil do Raidió na Life le líon foirne réadúil, réasúnta a fhostú a thugadh deis dúinn, ar an gcéad dul síos, méadú mór a dhéanamh ar líon na gclár raidió, podchraoltaí agus clos ábhar digiteach eile d'ardchaighdeán a chruthaíonn an stáisiún le baill foirne léiriúcháin phroifisiúnta ag obair orthu; ar an dara dul síos, cur leis an fhor-rochtana a dhéanaimid le scoileanna, grúpaí óga agus grúpaí pobal; ar an tríú dul síos, caighdeán na Gaeilge atá le cloisteáil ar an stáisiún a fheabhsú. Trí chur lenár gcumas foireann léiriúcháin phroifisiúnta a fhostú, beimid ábalta níos mó daoine ar ardchaighdeán Gaeilge a chur ag obair ar chláir an stáisiún; ar an gceathrú dul síos, an stáisiún a fhorbairt mar lárionad cruthaitheach Gaeilge nó creative hub, ag tógáil ar an obair atá déanta againn cheana féin; agus ar an gcúigiú dul síos, iniúchadh ardleibhéal a dhéanamh ar chraoladh i gceantar geografach níos leithne le hinfheistíocht cuí in infreastruchtúr tarchuradóireachta oiriúnach. Ba mhaith linn iniúchadh dáríre a dhéanamh ar leithniú an ceantar craolacháin a mhéadú go náisiúnta más féidir, ach tá sé seo ag brath ar mhaoiniú oiriúnach a bheith ar fáil agus ag brath ar thacaíocht shoiléir ó Choimisiún na Meán.

Is é Raidió na Life ceann de na heagraíochtaí craolacháin is bisiúla atá ag treabhadh linn i ngort na craoltóireachta Ghaeilge le 30 bliain anuas, ag cur na teanga chun cinn ar shlí bheoga, fhuinniúil agus mhealltach, ag imirt dea-thionchar ar mheon an phobail i leith na teanga ach go háirithe daoine óga, agus ag soláthar deiseanna úsáide Gaeilge i suíomh shóisialta, taitneamhach agus nua-aimseartha. Táimid ag éileamh go ndéanfaí infheistiú suntasach i Raidió na Life a chuirfidh ar ár gcumas cur leis an méid atá á dhéanamh againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar na haerthonnta traidisiúnta agus digiteacha. Creidimid go bhfeicfeadh an Stát toradh ollmhór ar infheistíocht réasúnta beag.

Gabhaim buíochas le Muiris Ó Fiannachta. Fadó bhí mise ar Bhord na Gaeilge agus is cuimhin liom an tseanstiúideo a bhí agaibh. Anois glaoim ar Chillian Breathnach, thar cheann Raidió Fáilte.

Mr. Cillian Breatnach

Go raibh maith ag an gcoiste as an chuireadh a bheith leo ar lá idirnáisiúnta na máthairteanga de chuid UNESCO. Is mise an bainisteoir i Raidió Fáilte anseo i mBéal Feirste. Le cúlra a thabhairt, tá Raidió Fáilte lonnaithe i mBéal Feirste, sna críocha gafa. Bímid go brath go príomha ar mhaoiniú tríd an scéim raidió pobal atá a riar ag Foras na Gaeilge, scéim uile-oileánda.

Soláthraíonn Raidió Fáilte seirbhís raidió pobail Ghaeilge atá leathan, ionchuimsitheach agus a chuidíonn le fás agus le caomhnú na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud an domhain. Feidhmíonn an tseirbhís phoiblí seo ar bhonn bhrábús neamhdháilte ar feadh an lae, seacht lá sa tseachtain. Bunaíodh Raidió Fáilte in 1993 agus tá ceadúnas seirbhísí srianta faighte ceithre huaire acu ón Údarás Raidió, in 1995, 1997, 2002 agus 2003. Ar bhronnadh ceadúnas raidió pobail Ofcom air, chuaigh an stáisiún i mbun craoltóireachta lánaimseartha ar 107.1FM ar fud fad Bhéal Feirste i Mhí Meán Fómhair 2006. Ó Mhí Mheitheamh 2007, bhí teacht ar an stáisiúin raidió ar fud na hÉireann agus an domhain trí shruthú ar líne go beo ar www.raidiofailte.com. D’éirigh leis an stáisiún craoladh níos glinne a sholáthar taobh istigh den limistéar craolta 5 km nuair a fuair sé síneadh cumhachta ó Ofcom, a fhágann soiléireacht bhreise ar aerthonnta FM.

I dtús báire lonnaíodh Raidió Fáilte i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus ina dhiaidh sin in Ionad an Dá Spuaic, ar íochtar na bhFál. Ar an 1 Deireadh Fómhair 2018 a thosaigh caibidil nua i seanchas Raidió Fáilte nuair a bhog an stáisiún isteach chuig áras saincheaptha nua ar Shráid Duibhise ar imeall na cathrach. San áras nua, tá oifigí fairsinge agus áiseanna craoltóireachta úrscothacha ar a n-áirítear stiúideo beochraoltóireachta lá go lá atá nasctha le gach stiúideo eile; stiúideo oiliúna; stiúideo le seomra stiúrtha oiriúnach do phléphainéil; stiúideo beag ar an urlár íochtarach, agus Stiúideo Feirste atá ina stiúideo taifeadta fuaime fairsing, saindeartha atá ina fhiontair shóisialta, le seomra stiúrtha ar an urlár uachtarach. Ar bharr sin tá áiseanna leithéad An Lon Dubh, caifé fiontair shóisialta, a dhíolann caifé agus tae lánduillí a aimsíodh go heiticiúil, chomh maith le smailceanna bia; agus seomra boird agus comhdhála lánfheistithe a ligtear ar cíos le háit suí le haghaidh 40 duine ann.

Soláthraíonn Raidió Fáilte ardán do réimse grúpaí leasa pobail ionas go mbeidh spás acu a ngníomhaíochtaí a léiriú don phobal. I measc na grúpaí seo tá eagrais Ghaeilge chultúrtha, oideachais agus forbartha eacnamaíocha. Oibríonn an stáisiún chomh maith le baill pobal mionlach eitneach atá lonnaithe i mBéal Feirste agus le haontachtaithe agus Protastúnaigh le hidirghníomhú traschultúrtha a spreagadh, chomh maith le caoinfhulaingt éagsúlachta cultúrtha agus teanga. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh Idirlíne Raidió Fáilte.

Táimid maoinithe go príomha ag Foras na Gaeilge tríd an scéim raidió pobal. Comhlíonann Raidió Fáilte iarratas ar mhaoiniú na scéime seo gach trí bliana. Tá muid i mbliain trí as trí den bhabhta reatha den mhaoiniú seo. Tá ceithre ball foirne fostaithe tríd an mhaoiniú seo chomh maith le costaisí eile a bhaineann leis an chlár oibre. Cé go bhfuil muid buíoch as an mhaoiniú agus as an scéim airithe seo atá a riar ag Foras na Gaeilge, ní leor é. Níor chlúdaigh maoiniú na scéime áirithe seo riamh na costaisí iomlána a bhaineann le sceideal lán-Ghaeilge a sholáthar. Mar sin de, bíonn ar Raidió Fáilte bheith de shíor ag cur isteach iarratas le maoinitheoirí eile chun cuidiú leis na costaisí agus billí seasta atá ag Raidió Fáilte.

Chonaic muid ardú suntasach sna costaisí cothabhála agus reatha an fhoirgnimh s’againn nach mbeadh ag gach stáisiún raidió pobail mar tá foirgneamh dár gcuid féin againn. D’ardaigh na billí áracháis, gáis agus aibhléise go mór ó thús an bhabhta maoinithe reatha seo, 2022-24, an oiread sin go bhfuil an méid a caitheadh orthu le cúpla bliain anuas anois dúbáilte. Ní chlúdaíonn an maoiniú seo gach a bhaineann le costaisí tuarastail na foirne in Raidió Fáilte. D’ardaigh costaisí tionscadal, táillí cleamhnaithe, táillí craoltóireachta PPL agus PRS, táillí ceadúnais Ofcom, costaisí riartha agus taillí a bhaineann le hiriseoireacht le cúpla bliain anuas. Níl sé réadúil a thuilleadh bheith ag tabhairt faoin chlár oibre nó faoin tsoláthar seirbhíse raidió pobail Ghaeilge ar an méid mhaoinithe chéanna ar an dóigh chéanna.

Bheadh ar mhéid an mhaoinithe sin a bheith ardaithe go suntasach le bheith ag teacht leis an fhás agus leis an fhorbairt atá le sonrú le dhá bhliain anuas maidir le mianta agus riachtanais phobal na Gaeilge. Níl an scéim raidió pobail, nó an maoiniú atá ar fáil ón scéim áirithe seo, ag forbairt ag an luas céanna agus atá saol na Gaeilge agus pobal na Gaeilge ag fás agus ag forbairt. Tá mianta agus riachtanais an phobail éisteachta s’againne ag ardú i rith an ama. Dar le daonáireamh 2021, deir 12.45% de dhaonra na Sé Chontae go bhfuil Gaeilge éigin acu. Is ionann é sin agus 228,617 duine. Deir 71,872 duine go bhfuil líofacht acu sa teanga; is é sin 6.05% den dhaonra. Is iad seo sprioc-lucht éisteachta Raidió Fáilte.

Sa limistéar atá againn, nach mó ná 3 mhíle2 é, tá cúig bhunscoil lán-Ghaeilge; sé sholáthraí naíscoile lán-Ghaeilge; an iar-bhunscoil Ghaeilge is mó in Éirinn; trí chlub óige agus comhlacht óige réigiúnaí lán-Ghaeilge, Fóram na nÓg; dhá eagraíocht pobail lán-Ghaeilge le tacaíocht ó scéim teanga Fhoras na Gaeilge, Glór na Móna; dhá sholáthraí chúram leanaí, Ionad Uíbh Eachach agus, Teach Mhamó; ionad cultúrtha agus ealaíne lán-Ghaeilge, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach; stáisiún raidió pobail lánaimseartha, Ráidió Fáilte; compántas amharclannaíochta gairmiúla, Aisling Ghéar; club CLG Gaeilge, Laochra Loch Lao; mol foghlama agus sóisialta pobail, Cumann Chluain Árd; cuideachta oiliúna agus gairme, Gaelchúrsaí; agus gníomhaireacht ghnó atá ag tiomáint fhorbairt na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt Feirste, atá lonnaithe in Áras nuathógtha na bhFál in éineacht le comhlachtaí eile ar nós Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta agus an comhlacht náisiúnta abhcóideachta, Conradh na Gaeilge. Trasna an bhóthair, tá Coláiste Ollscoile Naomh Muire, an t-aon soláthraí oiliúna múinteoirí tríú leibhéal do scoileanna lán-Ghaeilge atá lonnaithe sa cheantar. Soláthraíonn sé na hiliomad tograí spóirt, oidhreachta agus pobail a fhágann go mbeidh iarthar Bhéal Feirste lonnaithe go huathúil chun pobail dhátheangacha a fhorbairt sna blianta amach romhainn.

Maidir le Cairt na hEorpa um Mhionteangacha agus Teangacha Réigiúnacha, bhí cuairt monatóireachta i mBéal Feirste inné nuair a tháinig ionadaithe ón Eoraip le tabhairt faoi dhualgais agus freagrachtaí Rialtas na Breataine sna Sé Chontae agus na n-údarás áitiúil anseo ó thaobh na Gaeilge de. Fuarthas amach ón chomhairle sin go bhfuil teip ar Rialtas na Breataine agus ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann maidir le bheith ag comhlíonadh na ngealltanas atá leagtha amach i gCairt na hEorpa um Mhionteangacha agus Teangacha Réigiúnacha ó thaobh na Gaeilge de. Theip ar Rialtas na Breataine tuairisc chuimsitheach a chur ar fáil maidir leis an Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann agus an dóigh a bhfuil Rialtas na Breataine ag comhlíonadh na ngealltanas sa chairt. Tá an t-eolas sin le fáil sna dá nasc ar an ráiteas tosaigh.

Maidir le tionchar, lorg agus soláthar seirbhíse Raidió Fáilte do phobal Gaeilge ar chúrsaí socheacnamaíocha, sa tréimhse deich mbliana idir Aibreán 2014 agus Márta na bliana seo, tá muid ag meas go bhfuil £2.5 milliún caite ar thuarastail ag Raidió Fáilte ar an gheilleagar áitiúil i gceantar Bhéal Feirste, ceantar a bhfuil ardleibhéal suntasach de bhochtanas agus ganntanas ann; tá leibhéal íseal de ghnóthú oideachasúil, dífhostaíocht fhadtéarmach agus drochshláinte agus mar sin de. Cruthaíodh agus cothaíodh 11 ról lánaimseartha agus páirtaimseartha sa tréimhse deich mbliana seo agus tá muid anois ardaithe go 19 ról lánaimseartha agus páirtaimseartha i láthair na huaire.

Sa mhullach orthu sin, bíonn aige thart fá 30 oibrí deonach d’aoiseanna agus de chúlraí éagsúla a fuair traenáil ag Raidió Fáilte agus a bhíonn ag feidhmiú, den chuid is mó, mar chraoltóirí rialta. Go dtí seo, chuir an stáisiún traenáil chraoltóireachta ar bhreis agus 500 duine. Is iad na róil atá i gceist le rath leanúnach an stáisiúin raidió pobail, Raidió Fáilte, ná bainistíocht, airgeadas agus riarachán, craoltóireacht phobalbhunaithe, soláthar traenála i scileanna raidió agus craoltóireachta, tacaíocht theicniúil, obair inrochtana, forbairt ghnó agus fiontar sóisialta.

Ar a bharr sin, tá beagnach £1.9 milliún infheistithe san fhoirgneamh shaindeartha ina mbíonn craoltóireacht raidió phobail, traenáil agus cartlannú á ndéanamh. Is foirgneamh é a fheidhmíonn mar mhol don phobal Ghaeilge le caifé agus stiúideo taifeadta ar ardchaighdeán agus atá ina fhiontair shóisialta. Osclaíodh an foirgneamh nuathógtha i mí Dheireadh Fómhair 2018 agus is mór an lorg agus an tionchar atá ag Raidió Fáilte ar an athghiniúint shocheacnamaíoch i gceantar Dhubhaise in iarthar Bhéal Feirste, díreach ar imeall chroílár na cathrach. Sa tréimhse chéanna, mar atá tuairiscithe againn le hOfcom go bliantúil, is ionann luach an ionchuir ó na craoltóirí deonacha sa tseirbhís raidió pobail de chuid Raidió Fáilte agus chóir a bheith £600,000.

Críochnóidh mé ar an phointe seo; bíonn Raidió Fáilte ag obair ar bhonn trasphobail agus ar bhonn tras-Teorainn ar mhaithe le gach uile ghné de shaol na Gaeilge a chlúdach agus le hábhair chraoltóireachta a cheapadh agus a thuairisciú don lucht éisteachta. Bíonn muid ag comhoibriú lenár gcomhghleacaithe i Raidió na Life ag mór-ócáidí agus féilte Gaeilge ar nós Féile na Gaelaí, an phuball Ghaeilge, le linn dó a bheith ar siúl ag Electric Picnic, agus Oireachtas na Gaeilge ag tús mí na Samhna gach bliain, dar ndóigh. Bíonn muid ag chomh-chraoladh ar an dá stáisiún s’againn le linn na bhféilte seo, ach bíonn tuilleadh i gceist ar a bharr sin. Bíonn muid de shíor i dteagmháil lena chéile le linn na bliana ag roinnt cláir go seachtainiúil; ag roinnt eolais agus dea-chleachtais maidir le craoltóireacht; agus ag roinnt ball foirne chun tuairiscithe a mhalartú idir an dá cheantar craoltóireachta maidir le nuacht agus cúrsaí reatha.

Tá an dearcadh againn go bhfuil trí ghné i gceist leis an eagraíocht s’againne: is stáisiún raidió pobail Ghaeilge muid; is ionad pobail Ghaeilge muid; agus is ionad pobail muid i gceantar d’ardbhochtanas ag bun Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Bíonn muid ag soláthar seirbhísí ar leas an phobail logánta. Ina measc, tá soláthar raidió Gaeilge, atá comhlíonta den chuid is mó ag craoltóirí deonacha; cúrsaí traenála trí Ghaeilge i scileanna raidió, léiriúchán, craoltóireacht agus podchraoltóireacht; seirbhísí cruinnithe agus comhdhála; seirbhísí taifeadta ceoil agus fuaime tríd an fiontar sóisialta, Stiúideo Feirste; agus seirbhísí barista Gaelach tríd an fhiontar sóisialta, An Lon Dubh. Chomh maith leis sin, is muid an t-aon stáisiún raidió a bhíonn ag soláthar seirbhísí raidió trí sceideal Gaeilge 24-7 sna Sé Chontae. Bíonn Radio Fáilte ag soláthar cláir ar leas an phobail sna 26 Chontae tríd an chlár “Scoth na Seachtaine Raidió Fáilte” atá á chur ar fáil do Raidió na Life, ach bíonn lucht éisteachta rialta leanúnaí againn sna Sé Chontae Fichead fosta. Is féidir teacht ar shruthú beo s’againne tríd an suíomh Idirlín atá againn, mar a dhéanann na mílte fud fad an domhain, go háirithe i bPoblacht na hÉireann. Ar an drochuair, níl Raidió Fáilte incháilithe le leas a bhaint as maoiniú BAI, nó Coimisiún na Meán, de dheasca go bhfuil muid lonnaithe taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann. Gabhaim buíochas leis an choiste.

Gabhaim buíochas le Cillian Breatnach. Tabharfaidh mé deis anois do chomhaltaí ceisteanna a chur ar na finnéithe. Is é an chéad comhalta a chuir a lámh in airde ná an Teachta Moynihan.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na tuairiscí agus as an mhéid atá curtha i láthair acu.

Ba mhaith liom cúpla ábhar a fhiosrú. Tosóidh mé le Kayte O'Malley, a luaigh go bhfuil Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann ag déanamh ionadaíocht ar os cionn 30 stáisiún ar fud na tíre agus go mbíonn siad ag tacú leo maidir le héileamh ar hábhair Gaeilge agus mar sin de. An amhlaidh go dtagann siad chugaibh ag lorg ábhair as Gaeilge? An mbíonn Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann ag dul ina dtreo ag iarraidh iad a mhealladh agus a ghríosadh chun breis ábhar Gaeilge a úsáid? Léirigh staidéar cúpla bliain ó shin gur beag Gaeilge a bhí le cloisteáil i gcuid de na stáisiúin ar fud na tíre, cé go raibh stáisiúin eile a bhí i bhfad níos láidre. Tá cuid acu gaolta lena chéile agus is dócha go mbeadh eolas ag dul anonn is anall. An féidir le Kayte O'Malley tuairim a thabhairt faoi na stáisiúin a thagann chuig Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann agus faoin ábhar a chuirtear ar fáil? An bhfuil taighde déanta ar an éileamh a bheadh i measc an phobail le Gaeilge a chloisteáil?

Ms Kayte O'Malley

Déanfaidh John Purcell é seo a phlé.

Mr. John Purcell

Níl a lán Gaeilge agam, so I will speak as Béarla if that is okay.

Just to clarify, IBI is the representative organisation for the different radio stations. We do not provide services to the radio stations as such. Much of the Irish-language content is stipulated in the broadcasting licences which are individually negotiated between individual radio stations and Coimisiún na Meán, formerly the Broadcasting Authority of Ireland. Ms O'Malley spoke about the "Clár sa Charr" project, which was the first instance in which our organisation, IBI, acted as an enabler for content. We said we had an idea for a programme feature which could be used to promote the use of the Irish language among people who did not have an awful lot of it. We secured an agreement from nine radio stations to do it. We made an application for funding from the Broadcasting Authority of Ireland, as it then was, under the sound and vision scheme, and we were successful. IBI then co-ordinated that project centrally. To date, it is the only project we have done ourselves but we would like to do more. It was successful. In my own station - KCLR, which serves Kilkenny and Carlow - it was broadcast in primetime during our breakfast programme, at 8.40 a.m. when we reckoned children would be in the car with their parents. We designed it to be accessible and appealing. We put a lot of effort into putting the broadcasts into context by telling people in English what they were going to hear in Irish. We believe it is a groundbreaking approach and a very positive one. It has been very successful. As I have said, we have applied for another round of it. Before I talk about the other round, I would like to say that while we do not have specific listener figures for this programme, I would estimate that having been broadcast in primetime across nine considerable radio stations, an audience in the region of 120,000 to 180,000 listeners would have heard it. We have applied for further funding but we do not know the status of that. As we said in our presentation, funding tends to be ad hoc because we do not know when schemes will come along. As they are for short-term projects, it militates against long-term planning. I know that the nine stations which took part in the project would be willing to do more and to increase their levels. As with professional full-time broadcasters, funding is the key issue faced by broadcasters in the voluntary and community sectors. I hope that goes some way towards an cheist a fhreagairt.

Taispeánann an sampla maith sin go bhfuil na craoltóirí neamhspleácha tar éis bogadh as a stuaim féin agus an ábhar sin a chur ar fáil. Tá sé iontach a chloisteáil go bhfuil tar éis éirí go maith leis. An dtagann na stáisiúin chuig Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann mar gheall ar an nGaelainn nó an mbíonn plé ann? Luaigh Kayte O'Malley nach bhfuil sé ar intinn ag an eagraíocht go mbeidh céatadán nó sprioc leagtha síos sna ceadúnais. Cad as a tháinig an cinneadh sin? Ar tháinig na stáisiúin raidió chuig an eagraíocht chun é sin a phlé? Ar theastaigh uathu an teanga a chur ar leataobh nó ar bhraith siad go mbeadh níos mó Gaeilge acu dá mba rud é nach raibh aon sprioc ann? Cad a bhí in aigne acu? Cad as a tháinig an tuairim sin? An mbíonn plé idir na stáisiúin raidió agus an eagraíocht mar gheall ar chraoltóireacht as Gaeilge?

Mr. John Purcell

Since the licensed broadcasting landscape emerged in the late eighties it has been a fact of life that Irish-language commitments have been part of all broadcasting contracts up to now. The nuance of what we are trying to convey is that most broadcasters are quite comfortable with the levels of Irish-language commitment in their current-----

Tá brón orm ach tá siad íseal go leor. Tá sé éasca go leor dóibh a bheith compordach.

Mr. John Purcell

Absolutely. The point is taken. In stations in some areas, the levels of the Irish language spoken would be comparatively low. In stations in places like Galway, they would be quite high. Our point is that the best way forward for the further development of the language in broadcasting would be to proceed in a collegiate and co-operative way, rather than increasing current quotas and putting in requirements. Rather than the independent broadcasters being rule-takers, with rules, regulations and quotas being handed down to us from above, we would prefer to engage with the broadcasting regulator, with committees such as this and with other interested groups and organisations. We would say that we are willing to develop our programming and ask how we can do it. Our experience, expertise and track record as broadcasters whose raison d'être is to develop audiences, engage and entertain them and get them involved in our output would be used to develop new ways of incorporating the language. That would be better than simply being told that our Irish-language requirement is being increased from 3% of our output to 4% of our output. That is the thrust of what we are trying to say.

Díreach chun é a shoiléirú i m'aigne, an bhfuil na stáisiúin éagsúla tar éis teacht chuig Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann ag lorg nach mbeidh aon sprioc ann amach anseo? An bhfuil an moladh sin tagtha chuig Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann?

Mr. John Purcell

There has been some discussion but it is necessary to look at it in the context of the licensing regime we face. As a result of a change in broadcasting regulation, which previously came under the remit of the Broadcasting Authority of Ireland and is now under the remit of Coimisiún na Meán, radio licences are now typically issued for ten years.

There have been delays in renewing some licences. A new approach in seeking stations to do more has been indicated by Coimisiún na Meán, but we have not heard the detail behind that. We will engage with the commission on that. In an overall media context, it is appropriate to contrast the environment we work in; it is regulated subject to contract and our business model has been disturbed by online social media and unregulated media, etc. As a broad principle, our general feeling is that quotas and prescriptive licensing is not the way forward. That is our general view, if that makes sense.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Tá dhá cheist thapa eile agam agus tá cúpla ceist agam do na grúpaí eile.

Beidh muid ag críochnú ag 4.30 p.m.

An bhfuil aon chainéal tagtha chuig Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann le haon plean chun an méid Gaeilge go bhfuil siad ag craoladh a ardú? An bhfuil aon taighde déanta ag aon dream? Tá ceist thapa eile agam don dream eile freisin.

Mr. John Purcell

Níl.

Níl.

Tuigim gurb é Foras na Gaeilge an príomhphointe maoinithe atá ag an dá chainéal. An bhfuil aon sruth eile ann - fógraíocht nó aon rud?

Mr. Muiris Ó Fiannachta

Cuireann muid isteach ar an scéim fuaim agus fís, atá oscailte do na craoltóirí ar fad sa tír chomh maith. Mar a luaigh ár gcomrádaithe, tá scéim ann atá cineál ad hoc. Ní hé go bhfuil an scéim ad hoc, ach tá cinnteacht an mhaoinithe é féin ad hoc sa mhéad is gur babhtaí iomaíocha atá i gceist gur féidir le haon stáisiún raidió sa tír nó le haon chomhlacht léiriúcháin neamhspleách cur isteach orthu. Uaireanta, éiríonn leat iarratas a fháil agus uaireanta ní éiríonn. Le cúpla bliain anuas, tá ag éirí go réasúnta maith linn tríd an scéim sin. Tá timpeall ar €30,000 in aghaidh na bliana faighte againn ón BAI - is Coimisiún na Meán é anois - ón scéim sin. Ó tháinig an léasú i bhfeidhm ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá tuilleadh fógraíochta ag teacht isteach chugainn trí Ghaeilge agus cabhróidh sé sin linn go cinnte, ach níl aon chinnteacht ansin mar shruth ioncaim. Athraíonn muid na fógraí a ghlactar ó sheachtain go seachtain agus ó mhí go mí, ach is cinnte go bhfáiltíonn muid roimhe sin. Is ó Fhoras na Gaeilge a fhaigheann muid an príomhmhaoiniú. Faigheann muid maoiniú de €280,000 in aghaidh na bliana ó Fhoras na Gaeilge tríd an scéim raidió pobail.

Iarraim ar Chillian Breatnach labhairt ó thaobh sruthanna maoinithe.

Mr. Cillian Breatnach

Is dócha go bhfuil muid féin ar an dóigh céanna le Raidió na Life maidir le fógraí agus fógraíocht a mhealladh isteach. I ndáiríre, ní thagann siad isteach mórán. Creid nó ná creid é, níl Raidió Failte incháilithe le cur isteach ar mhaoiniú tionscadal leis an chiste craoltóireachta Gaeilge nó scáileán Thuaisceart Éireann mar gur craoltóir muid. Oibrigh an ceann sin amach.

Gabhaim buíochas leis an trí dream atá os comhair an choiste inniu.

Maidir le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, nuair a tháinig an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day os comhair an choiste, chuir siad in iúl go neamhbhalbh, ag eascairt as an taighde a rinne siad cúpla bliain ó shín, cé chomh íseal is a bhí úsáid na Gaeilge sna stáisiúin raidió ar fud na tíre. Tá sé ráite ag John Purcell agus Kayte O'Malley go bhfuil dul chun cinn déanta. Tá samplaí anseo agus luaigh siad Gaillimh. Tá Galway Bay FM lonnaithe i gcathair dhátheangach ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír agus bhí céatadán na Gaeilge ag an am ar an urlár, i ndáiríre. Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn déanta ag Galway Bay FM agus cuirim fáilte roimhe sin. Ar a laghad, tá clár seachtainiúil i gceist agus chruthaigh siad jingles dátheangacha freisin. Níl mé ag caitheamh anuas ar Galway Bay FM; tá mé ag baint úsáid as mar shampla de stáisiún raidió i gcathair dhátheangach ar thairseach na Gaeltachta is mór sa tír agus gan Gaeilge á húsáid. Tá dul chun cinn i gceist anois. Tá samplaí eile ó Chiarraí freisin. Nior tháinig an dul chun cinn sin go réamhoibríoch; tháinig sé chun cinn de bharr na hoibre a rinne an coiste agus go háirithe an obair a rinne an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day ag cur in iúl nach raibh Gaeilge le feiceáil nó le cloisteáil ar aon cheann de na stáisiúin raidió áitiúil. Tá sé sin ráite agam. Tá ceist agam anois.

Níl mé ró-shásta ag éisteacht le John Purcell. Tá dualgas ar Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann. Sa ráiteas tosaigh, tá sé ráite gur dúshlán mór é riachtanas ár gceadúnais a chomhlíonadh. Mar sin, admhaíonn sé go bhfuil dualgas air agus admhaíonn sé anois go bhfuil sé deacair, fiú agus an céatadán thar a bheith íseal ar aon nós, mar a dúirt an Teachta Moynihan. Cad iad na pleananna atá aige? Luadh tascfhórsa nó rud mar sin a bhunú. Bheadh sé sásta grúpa oibre a bhunú. An bhfuil sé sin ar siúl anois nó cad é an plean atá aige a dhualgas a chomhlíonadh?

Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn. Tiocfaidh mé ar ais maidir leis na ceisteanna atá agam do Raidió na Life.

Mr. John Purcell

Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly.

Ar dtús, as for the research the Deputy mentioned by Dr. Walsh and from what I heard, the finding was that Irish was not heard on any radio station around the country.

To be fair to them, there was a very low percentage use of Irish.

Mr. John Purcell

I accept that there is a low percentage of Irish. However, while I recall the survey, I cannot address it in any great detail. I remember feeling at the time that it did not reflect the informal uses of Irish that are present and of value in some stations. Be that as it may, I accept that the levels of Irish may not be at the level that one wishes. There are very real struggles-----

Mr. John Purcell

Yes, obstacles. The overall economic situation makes the staffing of radio stations difficult. Radio stations may employ somebody who is a fluent Irish speaker and who has a particular passion for Irish. In my own station, the morning talk show presenter for five or six years was Eimear Ní Bhraonáin who is a fluent Gaeilgeoir. She happily engaged as Gaeilge during the primetime programme where it was appropriate. However, she left the radio station and being fluent in Irish was not the chief determinant for the replacement. Therefore, there is a crisis in recruiting qualified staff and in staffing English-language news and current affairs, let alone providing Irish-language programming output. I believe the observations around levels of Irish programming provided must be placed in the bigger context of difficulties that we have in maintaining viability.

Gabhaim buíochas le John Purcell. Is dócha go bhfuil muid faoi bhrú ó thaobh ama de. Is dócha gurb é an rud atá i gceist agam ná tús díospóireachta. Tá gá le tuilleadh díospóireachta de bharr nach bhfuil sé in ann a dhualgas a chomhlíonadh. Tá na finnéithe ag rá go bhfuil a lán bac i gceist. Is é seo tús de, agus muid go léir ag fanacht leis an tuarascáil ó Choimisiún na Meán. Beidh le feiceáil ansin. Tá neart ceisteanna agam ach tá muid faoi bhrú ama.

Ó thaobh Raidió na Life agus Raidió Fáilte, gabhaim comhghairdeas leo. Tá éacht déanta acu amach is amach. Bhí mé i mBéal Feirste leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste. Ag dul ar ais go Muiris Ó Fiannachta, bhí sé anseo thart ar sheacht mbliain ó shín, is dócha. Ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh fada sin siar. Tá sé iontach go bhfuil Raidió na Life fós ann agus ag dul ó neart go neart laistigh de shrianta.

Tá easpa foirne. Níl i gceist ach triúr earcaithe. Tá sé léite agam. Níos luaithe, d'iarr an Teachta Ó Cuív ar RTÉ an bhfuil aon phlean acu ó thaobh cláracha raidió a chur ar fáil do lucht óige. An bhfuil gá le sin nó an bhfuil Raidió na Life in ann an bhearna sin a líonadh?

Mr. Muiris Ó Fiannachta

An dearcadh atá againn ná go bhfuil bearna mór sa mhargadh ó thaobh stáisiún raidió náisiúnta a chuireadh rogha eile ar fáil seachas Raidió na Gaeltachta. Tá an-mheas againn ar Raidió na Gaeltachta ach mar a deir siad sa Bhéarla, "the clue is in the name." Tá sé dírithe ar an nGaeltacht féin. Is de bhunú na Gaeltachta mé féin, is as an nGaeltacht do mo thuismitheoirí agus tá an-mheas againne i Raidió na Life ar an méid a dhéanann an príomhstáisiún náisiúnta. Ach thairis sin, níl aon rogha eile ar fáil do dhaoine. Dar linn, tá bearna ann do sheirbhís a d'fhreastlódh isteach ar dhaoine óga ach a d'fhreastlódh ar éisteoirí níos leithne ná sin chomh maith. Ní dóigh liom nuair a shroichfidh duine aois a 35 go léimfidh siad go nádúrtha go dtí Raidió na Gaeltachta.

Tuigim sin agus tuigim go bhfuil gá le stáisiún raidió nua. Is í seo mo cheist: an bhfuil Raidió na Life ag rá go mbeadh sé in ann an bhearna sin a líonadh dá mbeadh dóthain achmhainní aige, nó an bhfuil Raidió na Life sásta go bhfuil RTÉ ag breathnú ar phlean nua le stáisiún nua a chruthú?

Mr. Muiris Ó Fiannachta

Leis an maoiniú cuí agus le tacaíocht shoiléir ón gCoimisiún agus ón Roinn, creidimid go bhféadfaimid an bhearna sin a líonadh.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Tá ceist ghairid agamsa. Chualamar ansin faoi chlár sa charr. Chuala mé faoi sular tháinig sibh os ár gcomhair agus tá a fhios agam gur éirigh leis. Tá ceist agam faoi roinnt de na cláracha a bhímse faoi agallamh orthu nó a bhíonn daoine eile faoi agallamh orthu, nó a bhímid ag éisteacht leo. Ní gá go dtiocfaidh siad ó Raidió na Life nó Raidió Fáilte fiú. I gcás Near FM, atá lonnaithe i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, bíonn agallaimh agus cláracha acu trí Ghaeilge agus bíonn siad spéisiúil, ach ní chloiseann tú in aon áit eile iad. An mbíonn mórán cláracha á roinnt? An gcuireann Raidió na Life na cláracha a chruthaíonn sé ar fáil do Raidió Fáilte nó do na stáisiúin eile? Mar a dúirt Muiris Ó Fiannachta, i gcás Raidió na Gaeltachta tá an focal "Gaeltacht" sa teidil. Tá cláracha ar Raidió na Gaeltachta atá go hiontach ar fad. Bheadh an pobal ar fad sásta éisteacht leo ach ní thuigeann daoine go bhfuil siad ar fáil toisc nach mbíonn siad ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar laethanta ar leith. Nuair a bhunaítear an grúpa oibre, b'fhéidir gur cheart smaointe mar sin a chur isteach ionas go mbeidh níos mó cláracha á roinnt mar bhealach beagánín níos tapúla leis an gcéatadán Ghaeilge a ardú. Seo an babhta deireanach de cheisteanna más mian le Cillian Breatnach freagra a thabhairt.

Mr. Cillian Breatnach

Bíonn Raidió Fáilte agus Raidió na Life ag comhoibriú lena chéile go mion minic. Mar a luaigh mé ní ba luaithe, bíonn cláracha seachtainiúil á mhalartú eadrainn. Faighimid "Scoth na Seachtaine" ó Raidió na Life agus "Scríbhneoirí na nAmhrán" i measc rudaí eile tráthúla nuair a tharlaíonn rudaí sa Deisceart agus a mhalairt nuair a bhíonn rudaí ar siúl anseo sa Tuaisceart. Bímid ag obair le chéile nuair a bhíonn imeachtaí móra ann; is dócha toghcháin agus stuif mar sin. Bímid ábalta tuairiscí a chur ar fáil do chraoltóirí Raidió na Life, agus a mhalairt nuair a bhíonn rudaí ar siúl sa Deisceart. Is dócha gurbh é ceann de na mórspriocanna a bhí mar chuid den scéim raidió pobal ná go mbeadh an dá stáisiúin ag obair in éineacht le chéile. Ó dheireadh na paindéime, táimid ag cloí le sin agus ag baint amach na mórspriocanna atá leagtha síos ag an fhoras.

Mr. Muiris Ó Fiannachta

Cosúil le Near FM, táimid i Raidió na Life inár mball de Craol, an scátheagras de na stáisiúin phobail, seachas na stáisiúin áitiúla thráchtála. Cuirimid clár dár gcuid, "Scoth na Seachtaine", ar fáil na stáisiúin phobail ar fad. Téann an clár sin, atá déanta ag Conchúr Ó Faoláin, chuig 20 stáisiún pobail ar fud na tíre agus craoltar é ar na stáisiúin sin. Cuirimid roinnt de na cláracha eile atá déanta againn ar fáil dóibh chomh maith. Cabhraíonn sé sin leis na stáisiúin eile roinnt den chéatadán de chláracha Gaeilge a chomhlíonadh. D'fhéadfaí a rá uaireanta gur leithscéal é dóibh go bhfuil cláracha á fháil ó Raidió na Life. Cé gur seirbhís mhaith é sin atá á chur ar fáil againn dóibh, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeidís ag déanamh na hoibre ar an talamh iad féin. Táimid sásta leanúint leis an tseirbhís sin. Baineann cuid den luacháil atá le déanamh ar Raidió na Life leis an tslí go bhfuil sé sin á leathnú amach níos faide ná an stáisiún féin.

Mr. John Purcell

It is an area we are happy to explore. Syndication of programming can sometimes be challenging because of the hyper-local nature of our services. You can have heated arguments over somebody from Kerry accepting a programme from Donegal and so on, as Béarla let alone as Gaeilge. We would be willing to look at it. During Covid, RTÉ kindly allowed independent stations to access its archive of programming if we were under programming pressure. It is an area that could be explored. I welcome Deputy Connolly's remarks about the need for debate. There is a need for debate in order to have positive development. That speaks to my point about the need for a frank debate about the resources and challenges of radio and the willingness of people to go to great lengths in return for licences, etc. We need to discuss whether they can reasonably be expected to go to such lengths. This is an area that needs debate. We recognise that the levels may be low when they are put in the overall context, but we come from a position of goodwill and we are trying to constructively address that. There are many challenges that we need to contend with in this regard, just as Irish society has spent a lot of time talking about it on a societal level but has not been able to crack this particular nut over many years.

Representatives of RTÉ also spoke about their efforts in this regard.

Mr. John Purcell

Did they?

Tá dul chun cinn iontach déanta acu.

Ar an nóta dearfach sin, cuirfidh mé críoch leis an díospóireacht. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le John Purcell, Michael Brett, Kayte O'Malley, Muiris Ó Fiannachta, an Dr. Caoimhe Nic Lochlainn, Conchúr Ó Faoláin agus Cillian Breatnach. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn inniu agus cuidiú a thabhairt dúinn agus muid ag déileáil leis an ábhar seo. Cuirfidh mé críoch leis an seisiún poiblí seo agus cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí. Beidh cruinniú príobháideach againn ansin ar feadh nóiméad nó dhó.

Chuaigh an suí ar fionraí ar 4.28 p.m. agus cuireadh tús leis arís i seisiún príobháideach ar 4.33 p.m.
Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.36 p.m. go dtí 2.15 p.m., Dé Céadaoin, an 6 Márta 2024.
Barr
Roinn