Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 10 Apr 2024

Fadhb Thithíochta na Gaeltachta: BÁNÚ

Tá an cruinniú ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de. Tá ceathrar comhalta i láthair sa seomra coiste nó ar líne: an Teachta Dála Pádraig O'Sullivan, mé féin, an Teachta Dála Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Seán Kyne. Is féidir tús a chur leis an gcruinniú dá réir. Beidh seisiún poiblí againn inniu chun breathnú a dhéanamh ar fhadhb na tithíochta sa Ghaeltacht le hionadaithe thar ceann na heagraíochta BÁNÚ. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen agus ón Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh. Tá folúntas amháin i mballraíocht an choiste faoi láthair.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon Chomhaltaí eile a bheidh nó atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte ar leith roimh Adhna Ní Bhraonáin, oifigeach caidrimh phoiblí, agus roimh Maitiú de Hál agus Donncha Ó hÉallaithe, baill choiste, mar ionadaithe thar ceann na heagraíochta BÁNÚ. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh lenár n-athbhreithniú ar fhadhb thithíochta na Gaeltachta, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin.

Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin má tá siad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil.

Ba chóir dúinn a chinntiú go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach bhfuil daoine ag labhairt. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Is féidir linn tús a chur anois le himeachtaí an chruinnithe. Tá an Seanadóir Seán Kyne istigh sa seomra anois. Bhí sé ar an Idirlíon cúpla soicind ó shin agus tá an dá ról á bhfreastal aige.

Táim chuile áit.

Tá an Teachta Dála Connolly linn agus an Teachta Dála McHugh ar líne linn chomh maith. Iarraim anois ar Adhna Ní Bhraonáin a ráiteas tosaigh a dhéanamh anois thar ceann Bhánú.

Ms Adhna Ní Bhraonáin

Socraíodh an brúghrúpa BÁNÚ a bhunú ag deireadh na bliana 2023 le dul i mbun stocaireachta faoi sholáthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Tuigeann BÁNÚ go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír ar fad. I gcás na Gaeltachta, tá easpa soláthar tithíochta ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol. Tá an chéad ghlúin eile tuismitheoirí á brú amach as na ceantair Ghaeltachta.

Is cúis dóchais é go bhfuil cuid mhaith d’aos óg na Gaeltachta sásta socrú síos sa Ghaeltacht, clann a thógáil inti agus na pobail Ghaeltachta as a fáisceadh iad a dhaingniú is a neartú. Ach, nuair nach mbíonn áit chónaithe ar fáil go háitiúil, ar cíos ná le ceannach, bíonn orthu imeacht. De réir taighde a rinne BÁNÚ, as 201 teach a bhí ar fáil ar cíos i nGaeltacht Chonamara idir Bhearna agus Carna ag deireadh mí Eanáir, bhí 197 acu á ligean amach ar Airbnb.

Go dtí seo bhí cruinniú ag BÁNÚ le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; le feidhmeannaigh sinsearacha i Roinn na Gaeltachta agus leis an Aire tithíochta. Cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun go príomha leis an nGaeilge a chaomhnú is a neartú mar theanga phobail. Chuige sin, cruthaítear fostaíocht sa Ghaeltacht le nach mbeidh ar mhuintir na Gaeltachta dul ar imirce agus le go mbeidh an dream óg a bhfuil Gaeilge acu in ann fanacht sa Ghaeltacht. Mar shampla, tá cuid mhaith daoine ag obair i réimse na teilifíse sa Rinn i bPort Láirge agus i gCois Fharraige na Gaillimhe, le poist mhaithe acu. Is daoine óga cruthaíocha iad atá tiomanta don Ghaeilge ach go minic bíonn orthu bogadh amach as an nGaeltacht mar nach mbíonn áit chónaithe feiliúnach le fáil acu sa nGaeltacht.

Cuireann sé obair an Údaráis ar son na Gaeltachta ó mhaith nuair nach mbíonn áit chónaithe ar fáil ag na daoine sna poist a chruthaítear. Tá banc talún ag Údarás na Gaeltachta ar a bhféadfaí tithíocht inacmhainne a sholáthar do chainteoirí Gaeilge. Tuigtear dúinn go bhfuil staidéar le déanamh ar thrí shuíomh atá ag Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, ar An gCeathrú Rua agus sa Rinn. Tuigtear dúinn go bhfuil sé i gceist ag an údarás na suíomhanna a thabhairt ar lámha do na húdaráis áitiúla, mar nach bhfuil an chumhacht reachtúil ag an údarás féin tabhairt faoin bhforbairt.

B'fhearr le BÁNÚ go mbeadh smacht ag Údarás na Gaeltachta ar sholáthar na tithíochta. Chas BÁNÚ leis an Aire tithíochta, an Teachta Darragh O'Brien, i mí Feabhra seo caite agus phléamar an cheist leis. Thug sé le fios dá mbeadh aitheantas ag an údarás mar chomhlacht ceadaithe tithíochta, AHB, go bhféadfadh an t-údarás tabhairt faoi sholáthar tithíochta inacmhainne ar na suíomhanna, ach na hacmhainní daonna agus airgeadais a bheith curtha ar fáil.

Le nach mbeadh aon amhras ná comhartha ceiste faoi chumhacht a bheith ag an údarás dul ag plé le tithíocht, tá BÁNÚ ag moladh go gcuirfí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta le go mbeadh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht mar cheann d’fheidhmeanna sonracha an údaráis faoin reachtaíocht. Más é caomhnú agus neartú na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta an phríomhfheidhm reachtúil atá ag Údarás na Gaeltachta, ní mór an chumhacht shainiúil agus na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir na cainteoirí Gaeilge atá fostaithe i gcomhlachtaí de chuid an údaráis a choinneáil sa Ghaeltacht.

Maidir le Roinn na Gaeltachta, tá feidhmeanna tithíochta ag Aire na Gaeltachta faoin reachtaíocht mar atá sé, nár úsáideadh le hos cionn deich mbliana. Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, is féidir le hAire na Gaeltachta, le cead an Aire Airgeadais, deontais agus iasachtaí a thabhairt do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa nGaeltacht. Níl aon úsáid á baint ag Roinn na Gaeltachta as an gcumhacht sin, in ainneoin na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht.

Moltar don chomhchoiste an cheist seo a ardú le hAire na Gaeltachta agus iarraidh ar Roinn na Gaeltachta, scéimeanna tacaíochta a chur ar fáil a chabhródh le cainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach cónaithe a thógáil i gceantar Gaeltachta.

Le dul i ngleic leis an bhfadhb, creideann BÁNÚ gur ghá go mbeadh Údarás na Gaeltachta chomh gníomhach céanna faoi sholáthar tithíochta sa Ghaeltacht is atá sé faoi sholáthar post; go mbeadh an t-údarás ag ceannach talún a bheadh feiliúnach le haghaidh forbairtí beaga tithíochta; go mbeadh sé ag fáil cead pleanála imlíneach; agus go mbeadh sé ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil ar nós uisce, leictreachais, Idirlín agus séarachais. Tá cead ag an údarás na seirbhísí sin a chur ar fáil do Gteic agus do na monarchana atá tógtha ag an údarás ar fud na Gaeltachta. Dhéanfadh sé ciall go mbeadh an t-údarás ag plé le soláthar tithíochta do na daoine a oibríonn sna hionaid oibre sin, le hiad a choinneáil ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Le hachoimre a dhéanamh ar an ráiteas seo, tá BÁNÚ ag moladh na nithe seo a leanas: go dtabharfaí cumhachtaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta, chomh maith leis an maoiniú riachtanach le cur ar chumas an údaráis dul ag plé le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht; go dtabharfaí an t-aitheantas cuí d’Údarás na Gaeltachta, le go bhféadfadh sé feidhmiú mar chomhlacht ceadaithe tithíochta sa Ghaeltacht mar a mhol an tAire tithíochta, an Teachta Darragh O'Brien; go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta scéim deontas ar fáil ar mhaithe le cainteoirí líofa Gaeilge ar mhaith leo lonnú i gceantar na Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid; agus go bhfoilseofaí na treoirlínte faoi mhír 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, a thabharfadh treoir shoiléir do na húdaráis phleanála faoin gcaoi le freastal ar riachtanais tithíochta na bpobal Gaeltachta, ar mhaithe le caomhnú agus neartú na Gaeilge mar theanga phobail.

Is é an namhaid is mó atá ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ná an clog ag ticeáil agus easpa gníomhaíochta na n-údarás Stáit, bliain i ndiaidh bliana, faoi cheist na tithíochta. Iarraimid orthu, na polaiteoirí sna páirtithe éagsúla a bhfuil spéis acu in inmharthanacht na Gaeltachta, a chinntiú go mbeidh Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus na rannóga pleanála sna contaetha Gaeltachta ag feidhmiú as lámha a chéile leis an bhfadhb thithíochta sa Ghaeltacht a réiteach, le go mbeidh an chéad ghlúin eile tuismitheoirí, ar chainteoirí dúchais iad, in ann lonnú sa Ghaeltacht leis an nGaeilge a sheachadadh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Go raibh maith ag an gcomhchoiste.

Go raibh maith agat. Iarraim ar an Teachta Ó Muineacháin dul ar aghaidh anois.

Gabhaim buíochas le Adhna Ní Bhraonáin as a cur i láthair. Tá roinnt mhaith eolais ann agus tuairimí láidre ann freisin. Aontaím go láidir léi go mba chóir go mbeadh an t-údarás in ann brú ar aghaidh agus tithíocht a chur ar fáil. Tá an talamh acu agus bhí deis agam féin é a phlé leis an údarás tamall maith ó shin. Tuigim uaidh go raibh sé báúil ach, fós, níl tithe ann.

N'fheadar an bhfuil an t-údarás tar éis iarratais a dhéanamh nó an bhfuil sé ag lorg a bheith mar AHB, mar atá á rá ag ar bhfinné. An raibh plé ag an ngrúpa leis an údarás mar gheall ar a leithéid sin nó ar aon iarratas a bheadh á ullmhú ag an údarás?

Chomh maith leis sin, chuir sé ionadh orm nach raibh tagairt ar bith déanta ar an gcomhairle contae ag ár bhfinné agus maidir leis na dualgais tithíochta atá acu siúd chun tacú le muintir na Gaeltachta. Tá plean forbartha acu agus tá sé sin leagtha amach ag na comhairleoirí contae éagsúla. Tuigim ó a lán acu go bhfuil spriocanna á leagan síos ó na comhairlí contae. Bhí deis againn plé le roinnt mhaith de na comhairlí agus in ainneoin an phlean forbartha a bhí leagtha amach acu, bhí roinnt mhaith acu fós ag lorg treoir ón Aire nó ón Roinn, in ainneoin go bhfuil siad tar éis treoir a fháil ó na comhairleoirí contae féin ina bpleananna forbartha.

N'fheadar go díreach cén fáth go mbeadh leisce orthu. Cén plé nó an raibh plé ag na finnéithe leo ar bhrú ar aghaidh? Tá an dualgas ar na comhairlí contae cheana féin tithíocht a chur ar fáil. An príomhrud ná go n-aontaím le Donncha Ó hÉallaithe mar gheall ar an deis atá ann leis an údarás. Gan tithíocht, tá breis agus breis brú á chur ar an teanga agus is fiú é a bhrú ar aghaidh. Cén saghas plé a bhí ag na finnéithe leis an údarás mar gheall ar an stádas AHB sin a bhaint amach?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Bhíos ag an gcruinniú a bhí againn le Tomás Ó Síocháin díreach tar éis an Nollaig. Bhí plé fada againn ach ba léir go gceapann an t-údarás gurb é an méid is féidir leis a dhéanamh ag an bpointe seo ná suíomhanna atá aige cheana féin a fhéadfadh a bheith feiliúnach do thithíocht a chur ar fáil do na comhairlí contae. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh an t-údarás é féin in ann níos mó smachta a bheith aige ar na soláthar tithíochta. Phléamar ansin an cheist leis an Aire tithíochta, an Teachta Darragh O’Brien, nuair a chasamar leis thart ar sé seachtaine ó shin. Is eisean a tháinig aníos leis an smaoineamh faoin AHB, ní muidne. Níor smaoinigh muid air, leis an fhírinne a insint. Is é féin a tháinig aníos leis an smaoineamh dá mba rud é go raibh aitheantas ag an údarás mar chomhlacht ceadaithe tithíochta go bhféadfaí teacht ar chuid de na foinsí airgeadais atá ag an Roinn le tithe inacmhainne a chur ar fáil. Bhíos ag an gcruinniú sin leis an Aire freisin, agus chuireas ceist láithreach an mbeadh sé de cead ag eagraíocht Stát a leithéid d’aitheantas a fháil. Dúirt sé liom nach raibh rud ar bith sa dlí a chuireadh cosc ar eagraíocht Stát aitheantas a fháil mar AHB. Ó shin i leith, tá muid féin ag déanamh beagán fiosruithe faoi AHBs. Tá roinnt acu sna ceantracha Gaeltachta cheana féin. Go bhfios dom, tá dhá AHB i nGaeltacht Mhúscraí. Tá ceann i mBéal Átha an Ghaorthaidh ceapaim-----

Tá, agus tá ceann i mBaile Bhuirne chomh maith.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

-----agus bheadh an-spéis againn castáil leis na daoine sin agus beagáin eolais a fháil uathu. Chomh maith le sin, chasamar le ceann de na cinn is forásaí sa tír, Ó Cualann, an tseachtain seo caite le fáil amach uaidh cén bealach a oibríonn sé. Bhí sé sin an-spéisiúil cloisteáil faoin mbealach a oibríonn sé. Go bunúsach, de réir mar a thuigeamar, tagann údaráis áitiúla chuig an eagraíocht le rá go bhfuil suíomh gur mhaith leo a fhorbairt agus iarrann siad ar Ó Cualann an mbeadh spéis aige dul isteach agus é a fhorbairt, an cead pleanála a fháil agus gach rud mar sin, agus ansin na critéir a leagan síos ó thaobh na tithe, agus cuid acu a dhíol, cuid acu a ligean ar cíos agus mar sin de. Bhí sé sin an-spéisiúil agus caithfimid níos mó eolais a fháil faoi sin.

Tá litir díreach scríofa againn ag Tomás Ó Síocháin in Údarás na Gaeltachta le seachtain anuas ag cur in iúl go raibh cruinniú againn leis an Aire tithíochta agus maidir leis an moladh a rinne an tAire, agus ag iarraidh ar an údarás dul agus an t-aitheantas seo a fhiosú agus a iarraidh má tá sé feiliúnach. Is ag an staid sin atá cúrsaí ag an bpointe seo.

Mar a luaigh mé, tá na grúpaí sin ag ceantar Mhúscraí – coiste tithíocht na n-oileán agus tá coiste tithíochta ar Oileán Chléire chomh maith atá an-gníomhach ó thaobh tithe sóisialta a chur i bhfeidhm. Más féidir linn aon chabhair a thabhairt teagmháil a dhéanamh leis na leaids, táthar an-gníomhach ann.

Ceann de na rudaí a bhí á lua ag Donncha Ó hÉallaithe ná go mbeadh tithe inacmhainne á ndíol. An raibh plé air sin leis an Aire nó le haon duine eile? Go minic, agus na samplaí atá ar eolas agam, baineann na AHBs atá aithne agam orthu le tithe sóisialta agus iad a scaoileadh ar cíos. An raibh plé ar thithe eile?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Bhí sé sin spéisiúil. Bhí an tuiscint céanna againn féin go dtí gur chasamar le Ó Cualann. Mhínigh Hugh Brennan, an duine a bhí ag plé linn ó Ó Cualann, go mbíonn meascán ann sna réimsí tithíocht a thógann Ó Cualann. Bíonn meascán ann idir tithe inacmhainne a dhíoltar agus tithe a ligtear ar cíos tríd an rialtas áitiúil, más mian leat, mar thithe sóisialta. Bíonn an meascán sin de ghnáth sna forbairtí a dhéanann Ó Cualann.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil solúbthacht ann ó thaobh na AHBs maidir leis an méid gur féidir leo a dhéanamh. Tá AHB i gCois Fharraige ag déileáil le tithe a chur ar fáil do dhaoine aosach a bhfuil fadhbanna tithíochta acu. Bíonn sé ag plé le daoine - b’fhéidir baintrí - atá ina gcónaí astu féin, b’fhéidir, agus nach bhfuil an teach go maith. Tearmann Éanna atá air an eagraíocht. Bhí baint agam féin lena é a bhunú. Tá saghas rud ar a ghlaoitear “eligibility criteria” ag na AHBs. Is féidir le chuile AHB, nuair a chláraítear é, eligibility criteria a shocrú. An ceann áirithe sin, is eligibility criteria do dhaoine amach sna blianta atá aige ach d’fhéadfaí critéir difriúla a bheith ann – de réir mar a thuigim – a ligeadh don AHB tithe inacmhainne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla.

Tá mé breá sásta le sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe anseo ó BANÚ agus go n-éirí an t-ádh leo lena gcuid oibre. Chas siad leis an Aire, an Teachta Darragh O’Brien, mar a luadh agus iad ag iarraidh go mbeadh na treoirlínte faoin Acht pleanála á fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Ar leag an tAire síos aon amscála do na treoirlínte sin?

Mr. Maitiú de Hál

Nuair a chas muid leis an Aire, gheall sé am éigin thart ar an Cháisc dúinn. Táimid ag súil leis go bhfoilseofar go han-luath iad agus an Cháisc thart. Rud amháin a luaigh sé sa phlean forbartha nua ná go mbeadh dualgas reachtúil ar an údarás áitiúil, cibé údarás áitiúil a bhfuil Gaeltacht faoin choimirce, go mbeadh plean forbartha faoi leith don Ghaeltachta acu. De réir mar a thuigim agus cúrsaí mar atá siad anois, tá an Ghaeltacht luaite mar chuid den phlean ach go mbeadh plean forbartha faoi leith ann agus an dualgas reachtúil sin ar na húdaráis áitiúla. Dár ndóigh, beidh orainn scrúdú a dhéanamh air sin ach i bprionsabal cuirimid fáilte roimhe mar tá an tithíocht inacmhainne agus an tithíocht shóisialta mar chuid amháin den scéal ach tá an phleanáil fosta. Beidh muid ag súil le pleanáil inbhuanaithe, inmharthana agus go mbeadh tionchar aige sin ar chúrsaí teanga agus inmharthanacht pobail.

Tá sé sin togha. Maidir leis an gcruinniú a bhí ag na finnéithe le príomhfheidhmeannach an údaráis, Tomás Ó Síocháin, dúirt siad gurb é a thuairim ná nach raibh an chumhacht reachtúil ag an údarás tabhairt faoin fhorbairt agus go bhfuil sé i gceist ag an údarás na suíomhanna a thabhairt ar lámha do na húdaráis áitiúla. An gceapann na finnéithe go mbeadh an t-údarás ag lorg ról lárnach sa todhchaí nó an bhfuil sé ag rá go bhfuil na suíomhanna aige agus go bhfuil sé sásta obair leis an gcomhairle chontae ach nach bhfuil sé ag lorg ról díreach? Cén sort tuairimí a bhí ag Tomás Ó Síocháin?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Níor dúirt sé nach raibh sé ag lorg ról ach dúirt sé go raibh an méid a d’fhéadfadh an t-údarás a dhéanamh faoi láthair an-teoranta. I dtosach báire, tá comhartha ceiste ann faoin chumhacht atá ag an eagraíocht. Níl mé cinnte den bhliain ach tá mé ag ceapadh in 2005 nuair a raibh Michael McDowell ina Ard-Aighne, iarradh air an bhféadfadh an t-údarás talamh a bhí aige a chur ar fáil do thithíocht an uair sin. Stopadh rudaí ag an bpointe sin. Tá an comhartha ceiste sin ann faoin reachtaíocht. Ní dheireann an reachtaíocht aon áit nach féidir an talamh a chur ar fáil do thithíocht ach ní dheireann sé gur féidir ach oiread. Tá saghas nósmhaireacht ann ó thaobh an údaráis a bheith ag cur talamh ar fáil le haghaidh fostaíocht a chruthú amháin. Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 le cur os comhair an Oireachtais nuair a bhéas na toghcháin le tabhairt ar ais; mar sin, bheadh sé úsáideach dá mbeadh rud éigin scríofa sa Bhille leasuithe sin a léireodh go bhféadfadh an t-údarás a bheith ag plé le cúrsaí tithíochta.

Dála an scéil, mar a tharla, nuair a tháinig mé go Conamara ag obair i dtosach, agus tá sé sin os cionn 50 bliain ó shin anois, bhíos ag obair le Gaeltarra Éireann. Bhí Gaeltarra Éireann ag tógáil tithe ag an uair sin. Bhí baint agam le Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a bhí ag cuardach go mbeadh Údarás na Gaeltachta níos cumhachtaí ná Gaeltarra Éireann, ach is a mhalairt a tharla. Cailleadh na cumhachtaí a bhíodh ag Gaeltarra Éireann nuair a bunaíodh an t-údarás. Táim ag ceapadh go bhfuil sé tábhachtach go bhfeicfí ról an údaráis i dtéarmaí níos leithne ná cruthú fostaíochta. Tá Adhna Ní Bhraonáin tar éis an pointe a dhéanamh go bhfuil an cruthú fostaíochta le daoine a choinneáil sa nGaeltacht. Níl aon mhaith fostaíocht a chruthú mura bhfuil siad in ann fanacht sa nGaeltacht.

D'ardaigh an Teachta Moynihan pointe faoi na húdaráis áitiúla. Leis an fhírinne a rá, bíonn fadhbanna ag daoine sa nGaeltacht cead pleanála a fháil mar breathnaítear ar an gcuid is mó den Ghaeltacht mar cheantar tuaithe agus toisc go bhfuil siad á rialú ag na treoirlínte náisiúnta atá ann faoi cheantair thuaithe a choinneáil mar cheantair thuaithe. Tá sé sin togha in áiteanna ina bhfuil sráidbhailte seanbhunaithe chuile 4 nó 5 mhíle. San áit arb as mise ó thús i dTiobraid Árann, ní féidir taisteal 3 nó 4 mhíle gan sráidbhaile eile a bheith ann. Ní mar sin atá sé i gConamara ná i gcuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta eile mar bhíodar róbhocht le go mbeadh éinne sásta sráidbhaile a chur ar bun iontu. Mar shampla, tá a fhios ag an Seanadóir Kyne agus an Teachta Connolly go maith nár cheart go mbeadh éinne ag tógáil teach idir sráidbhaile An Spidéil, sráidbhaile a bhfuil aitheantas aige, agus An Cheathrú Rua gan riachtanas tithíochta, dar le Comhairle Contae na Gaillimhe. Tá 4,000 duine ina gcónaí sa cheantar sin gan aon sráidbhaile ná aitheantas a bheith aige tar éis go bhfuil go leor seirbhísí ann. Sa cheantar a bhfuilim ag caint air, idir An Spidéal agus An Cheathrú Rua, tá scoil dara leibhéal, meánscoil, trí bhunscoil, aerfort, stáisiún teilifíse, stáisiún gardaí, banc agus ollmhargadh Tesco chomh maith le siopaí eile. I ndáiríre, tá na seirbhísí uilig a theastódh ó aon sráidbhaile mór scaipthe amach ach fós féin, ó thaobh na pleanála de, is ceantar tuaithe é a chaithfear a chaomhnú mar cheantar tuaithe. Tá sé seo ag cruthú deacrachtaí an-mhóra.

Ansin, céard is riachtanas tithíochta ann? Táimid ag cloisteáil an t-am uilig faoi dhaoine, cainteoirí dúchais, a bhfuil poist mhaithe acu sa nGaeltacht a bhfuil cónaí orthu sa mbaile. Táim ag caint faoi dhaoine ag deireadh na 20idí agus iad fós ina gcónaí sa mbaile. Tá siad ag iarraidh áit a fháil leis an bpáirtnéir atá acu. Tá siad ag iarraidh cead pleanála a fháil ar thalamh a mhuintire. Is cuma cén talamh atá i gceist ach, go minic, tá siad ag iarraidh cead pleanála a fháil ar thalamh a mhuintire ach tá an chomhairle contae ag rá nach bhfuil riachtanas tithíochta acu. Is daoine iad atá ag deireadh na 20idí nó tús na 30idí agus fós ina gcónaí lena muintir. Tá siad ag iarraidh socrú síos ach táthar ag rá leo nach bhfuil riachtanas tithíochta acu. Caithfear é sin a chur ina cheart mar níl sé ceart. Níl sé ceart go mbeadh Comhairle Contae na Gaillimhe ag rá go gcaithfidh siad fanacht ag cónaí lena tuismitheoirí nó bogadh amach as an gceantar agus Údarás na Gaeltachta tar éis poist a chruthú le go mbeadh na daoine á gcoinneáil sa cheantar le go mbeadh an chéad ghlúin eile in ann socrú síos agus an Ghaeilge a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile arís, mar a dúirt Adhna Ní Bhraonáin.

Is é sin an dilemma ina bhfuilimid. Tá go leor eagraíochtaí ann a bhfuil cumhachtaí acu rud éigin a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach ach níl an teacht le chéile ann. Níl siad ag obair as lámh a chéile. Nuair atáim ag caint air sin, nuair a bhíomar ag réiteach le casadh le Roinn na Gaeltachta, chuir an méid atá i mír 9 d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, iontas an domhain orainn. Léifidh mé amach é:

D’ainneoin aon ní in Achtanna na dTithe (Gaeltacht), féadfaidh an tAire [is é sin Aire na Gaeltachta], le toiliú an Aire Airgeadais agus de réir aon rialachán faoin alt seo, scéimeanna a dhéanamh chun deontais ná cúnamh airgeadais eile a sholáthar do dhuine faoi chomhair an chostais a ghabhann le teach cónaithe sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú, i gcás gur deimhin leis an Aire nach rachaidh áitiú an tí chónaithe sin chun aimhleas úsáid na Gaeilge sa limistéar Gaeltachta sin.

Tá sé sin sa reachtaíocht mar atá sé agus níl aon úsáid á bhaint as. Tá chuile dhuine ag iarraidh réiteach a fháil ar an bhfadhb thithíochta sa tír seo, an Taoiseach san áireamh. Tá sé tábhachtach chuile chumhacht atá againn sa reachtaíocht a úsáid chun é sin a dhéanamh. Tá sé aisteach nach mbeadh an chumhacht atá ag Roinn na Gaeltachta faoin Acht tithíochta Gaeltachta á húsáid anois thar aon am eile nuair atá géarchéim tithíochta sa tír ar fad agus sa nGaeltacht.

Cabhróidh an tAcht, an reachtaíocht sin, le daoine a bhfuil cead pleanála faighte acu agus atá chun teach a thógáil nó a cheannach. Is ceann de na fadhbanna atá ann ná nach bhfuil dóthain soláthair ar fáil mar nach bhfuil daoine in ann cead pleanála a fháil agus nach bhfuil a dhóthain tithe ar fáil mar gheall nach bhfuil, mar shampla, seirbhísí séarachais ann. Tá talamh ag an údarás ar An gCeathrú Rua. Tá plean staidéir á dhéanamh, mar atá ráite. Níl scéim shéarachais ar An gCeathrú Rua. Le tamall fada, tá an chomhairle contae agus, ansin, Uisce Éireann ag troid le daoine ach níl suíomh faighte go fóill. Bhí suíomh ainmnithe ach ní raibh sé feiliúnach mar atá sé anois. Tá ar Uisce Éireann tosú arís. B'fhéidir go bhfuil plean éigin eile aige. Níl scéim shéarachais ansin agus, mar sin, gan athrú ar na rialacha atá leagtha síos ag an gcomhairle contae, ní féidir eastáit nua a thógáil. Is ceann de na fadhbanna eile é sin. Aontaím go gcabhróidh an reachtaíocht sin maidir le deontais nó rud éigin ach ní chabhróidh é leo siúd nach bhfuil cead pleanála faighte acu. Arís, aontaím go bhfuil fadhb ann ó thaobh an ceart atá ag daoine teach a thógáil ach an bhfuil BÁNÚ ag rá go bhfuil chuile shuíomh feiliúnach chun teach a thógáil?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Níl.

Níl. Is rud eile é sin. Tá fadhbanna ar an R336, mar is eol do Dhonncha Ó hÉallaithe. Tá sé contúirteach in áiteanna. Aontaím leis ach níl chuile iarratas mar an gcéanna. Is ceann de na fadhbanna é sin. Cabhraíonn na treoirlínte nua agus an bhéim nua ar an nGaeilge le daoine tithe a thógáil. Is ceann de na rudaí é sin. Is é soláthar tithíochta an rud is tábhachtaí. Táim ag caint faoi chead pleanála agus eastáit nua. Tá céatadán leagtha síos ag an gcomhairle contae i leith cainteoirí Gaeilge. Mar shampla, ar An gCeathrú Rua tá céatadán de 80% nó thart air sin leagtha síos. Tá na céatadáin i Maigh Cuilinn agus Bearna 20%. Cabhróidh sé sin. Tá na céatadáin sin leagtha amach do dhaoine a bheas feiliúnach agus a bhfuil Gaeilge líofa acu. Cabhróidh sé sin le daoine a choimeád sa Ghaeltacht agus is ceann de na fadhbanna nach bhfuil a dhóthain soláthair de thithe in aon áit. Is ceann de na fadhbanna é sin.

Mr. Maitiú de Hál

Is féidir liom labhairt díreach ar an bpointe sin mar tá cónaí orm féin in áit ina bhfuil srianta teanga ann. De réir mo thaithí, nuair a chuireann tú riachtanais teanga i gcomórtas le riachtanais tithíochta, ní éiríonn leat. Mar a dúirt an Seanadóir féin, tá flúirse soláthair ag teastáil ionas go mbeimid in ann na rialacha sin a thabhairt isteach. Mar a sheasann sé anois, rinne mé agallamh leis an gcomhairle contae ionas go mbeadh cead agam bogadh isteach san eastát ina bhfuilimid féin. Thagair an t-agallamh sin ní hamháin do chumas teanga ach do nósmhaireacht teanga tí. I ndáiríre, níl aon bhealach le coinneáil suas leis sin ná le seachadadh idir ghlúine, an rud is tábhachtaí a choinníonn teanga beo, a chinntiú. Is mór an trua agus mór an peaca é go bhfuarthas réidh le scéimeanna i gcontaetha roinnt blianta ó shin, rud a choinnigh súil ghéar ar an seachadadh sin. De réir mo thaithí agus an bealach ina bhfuil rudaí san áit ina bhfuilim i mo chónaí, ní leor na srianta sin a bheith ann gan an soláthar a bheith taobh thiar dóibh. Arís, is fadhb é praghsanna tithe ar an iomlán. Ní bheadh sé d'acmhainn ag an gcuid is mó de dhaoine a bhfuil cónaí orthu thart ar Chois Fharraige cuid mhaith de na tithe sin a cheannach, fiú má tá an teanga acu.

Arís, gan an soláthar sin, ní haon mhaith srianta teanga a bheith ann.

D'oibrigh an córas do Mhaitiú de Hál ó thaobh teach a cheannach.

Mr. Maitiú de Hál

D'oibrigh sé dúinn toisc go raibh sé d'acmhainn againn an teach a cheannach ach ar fearr go mbeadh cainteoirí Gaeilge in 80% de na tithe sin? Níl mé ag rá gur mar sin atá sé. Níl mé ag sceitheadh ar aon dhuine faoi leith. Tuigim iad agus riachtanas chomh bunúsach le tithíocht á chur in iomaíocht le rudaí eile ar nós na teanga. B'fhéidir go bhfuil an Ghaeilge ag duine amháin, an ceann tí. Is ar an cheann tí a chuirtear an t-agallamh. Ní hé sin le rá go bhfuil an nósmhaireacht ag teacht leis, áfach.

An bhfuil caighdeán níos airde á lorg?

Mr. Maitiú de Hál

Chuirfinn féin fáilte roimh scéim na deich bpunt a thabhairt ar ais arís, is é sin, scéim labhairt na Gaeilge. Rinne sé an-jab ar feadh na mblianta leis an seachadadh idirghlúine a spreagadh agus, dar ndóigh, le súil ghéar a choinneáil ar na figiúirí. Arís, mar atá á mholadh againn, caithfidh na srianta teanga teacht leis an soláthar sin ó thaobh na tithíochta sóisialta agus inacmhainne de.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Is maith an rud go bhfuil siad anseo. Fair play daoibh as an obair. Tá sé ag teastáil. Ní ionann é sin agus a rá nach bhfuil aon obair ar siúl againn. Tá spotsolas dírithe againn ar an gcoiste seo ar chúrsaí tithíochta le níl a fhios agam cé chomh fada siar anois. Ba chóir dúinn obair as lámh a chéile chun réiteach a fháil. Táim tógtha leis an rud a thug BÁNÚ dúinn. Níl BÁNÚ ag casadh port an éadóchais ach a mhalairt ghlan. Fáiltím roimhe sin agus roimh an bhfuinneamh atá sna finnéithe. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Luadh focail chumhachta ón amhrán "Cóilín Phádraig Shéamais". Más buan mo chuimhne, ba é Pádraig Ó hAoláin a chum an t-amhrán sin, fear a bhí i gceannas ar Údarás na Gaeltachta tráth. Tá an-ómós tuillte ag an bhfear sin ón méid oibre a rinne sé. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá gach rud leagtha amach go soiléir acu, chomh maith leis na pointí agus na moltaí atá ag teastáil ó BÁNÚ.

Tá beagnach leabharlann de cháipéisí agam anseo maidir leis na treoirlínte do na ceantair Ghaeltachta. Tá beirt nó triúr Teachta Dála eile a bhíonn ag cur ceisteanna faoi freisin. Táimid fós ag fanacht. Dúirt Maitiú de Hál go ndúirt an tAire go mbeidh na treoirlínte le fáil am Cásca ach rinne sé dearmad ceist a chur faoin mbliain atá i gceist. Rinne mé féin an botún céanna maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Is tuar dóchais é go bhfuil an tAcht againn anois ach le blianta chuala muid "an bhliain seo" arís agus arís eile. Tá sé mar an gcéanna le rud chomh bunúsach leis sin. Níl mórán níos mó le rá agam faoi na treoracha. Tá ceist i ndiaidh ceiste curtha agam agus brú coinnithe agam ar an gcóras. Is rud bunúsach atá ag teastáil. An uair dheireanach, bhí grúpa oibre, coiste rannpháirtithe agus cibé cén measúnú a bhí le déanamh agus níl siad againn fós ach beidh siad againn am éigin sa bhliain seo. Léiríonn sé sin dom go bhfuil easpa tuisceana i gceist ó thaobh cé chomh tábhachtach agus práinneach atá sé réiteach a fháil ó thaobh cúrsaí tithíochta sna Gaeltachtaí. Tá réimse míreanna i gceist. Is rud amháin é sin.

Is rud eile é Údarás na Gaeltachta. Ceapaim go bhfuil a lán cumhachta ag Údarás na Gaeltachta. Tá tríonóid de dhualgais - pobal, teanga agus cúrsaí fostaíochta - aige agus níl aon dualgas níos airde ná aon cheann eile ach, mar atá ráite go poiblí agam go mion minic, i mo thuairim, díríonn sé isteach ar chúrsaí fostaíochta seachas ar na trí rud. Díríonn sé isteach ar an bpobal go pointe áirithe ach ní ar chúrsaí tithíochta, faraor géar. Fiú más rud é nach bhfuil cumhacht aige, tá guth aige. Tá deis aige gach seachtain aighneacht a chur isteach ó thaobh na dtithe atá á dtógáil sna ceantair Ghaeltachta uilig ar fud na tíre. Ón méid atá cloiste againn, ní dhearna sé é sin ach tá an ról sin aige. Ní ról thar a bheith cumhachtach é ach is ról atá aige chun a chur in iúl an bhfuil sé sásta nó an bhfeiceann sé bearnaí. Ní bhaineann sé úsáid as sin. Tugaim ardmholadh d'Údarás na Gaeltachta ach táim ag díriú isteach ar chúrsaí tithíochta anseo agus ba chóir dó níos mó úsáide a bhaint as an gcumhacht sin.

Tá leabharlann eile de cháipéisí agam ó thaobh na suíomhanna agus foirgnimh atá folamh ar fud na nGaeltachtaí uilig. Is cuid de na freagraí iad seo. Is iontach an rud é go bhfuil na hacmhainní sin ag an údarás. Níl sé sin ag aon eagraíocht eile. Is dea-scéal amach agus amach é, in ainneoin go bhfuil cuid acu folamh le 20 bliain, deich mbliana agus araile. Is scéal dearfach é. Thóg sé an t-uafás ama chun an méid sin eolais a fháil. Tá na foirgnimh agus na suíomhanna ann. B'fhéidir nach bhfuil siad go léir feiliúnach. B'fhéidir go bhfuil siad níos feiliúnaí do chúrsaí fostaíochta. Is maith an rud é sin freisin ach, ar a laghad, tá tús curtha aige le breathnú air sin anois. An bhfuil mé sásta? Ní féidir a bheith sásta go bhfuil an méid sin talaimh ag an údarás agus gan tada á dhéanamh leis.

Ar lámh amháin, tá ról thar a bheith lárnach ag Údarás na Gaeltachta leis na trí oibleagáid atá air ach caithfear iad a úsáid. B'fhéidir go mbeidh easaontas eadrainn ó thaobh an ról a bheith ag údaráis áitiúla ná ag Údarás na Gaeltachta ach aontaím go bhfuil gá práinneach le rud a dhéanamh. Dheimhnigh an príomhfheidhmeannach dúinn go raibh togra píolótach i gceist i dtrí ceantar. Tá a fhios ag na finnéithe é sin. Beidh ceann amháin i gConamara agus is maith an rud é sin. Ní raibh mise sásta gur tithe inacmhainne amháin a bhí i gceist. Tá gá le réimse leathan tithíochta má táimid i ndáiríre faoi bheocht a choinneáil sa Ghaeltacht. Is tús lag é sin ach is tús maith é. Coinneoidh mé brú air sin.

Ag dul ar ais go dtí an pointe a rinne an Seanadóir ó thaobh cúrsaí séarachais, tá gá le tithíocht ach tá gá le hinfreastruchtúr freisin. Tá easpa infreastruchtúir ann. Is é An Cheathrú Rua an ceann is measa. Níl a fhios agam cé chomh fada siar atáim ag freastal ar chruinnithe ó thaobh an ionaid seo. Níl mé ag iarraidh caint fúm féin. Táim ag iarraidh rud éigin a chur in iúl. Is 25 bliain é ó toghadh mé mar chomhairleoir don chéad uair agus fós níl aon ionad séarachais sa Cheathrú Rua. Cén fáth? Piocadh suíomh mífheiliúnach. Ní raibh sé feiliúnach sa chéad dul síos. D'fhreastail mé féin, an Teachta Ó Cuív agus na Teachtaí Dála eile ar chruinnithe nuair a bhíomar mar chomhairleoirí agus d'impigh mé ar Uisce Éireann gan leanúint ar aghaidh leis an suíomh seo ach bhí sé diongbháilte gurb é seo an suíomh ceart. Mar a tharlaíonn, níl sé.

Níl a lán ceisteanna agam. Stopfaidh mé ag caint ach tá sé tábhachtach comhthéacs a thabhairt. Níor tharla an ghéarchéim sna Gaeltachtaí thar oíche. Tá sé bunaithe ar pholasaithe rialtas éagsúla, ar easpa infreastruchtúir agus ar easpa tuisceana ó thaobh cé chomh tábhachtach is atá na trí rud sin: pobal, teanga agus fostaíocht. Beidh gach rud srianta ó thaobh na Ceathrún Rua anois gan córas séarachais. Ba mhaith liom é a fheiceáil mar thosaíocht ag cibé cén rialtas a bheidh ann go mbeidh a leithéid de chóras ann go sciobtha.

Tá brón orm. Caithfidh muid dul ag vótáil. Tiocfaimid ar ais chuig an gcruinniú nuair is féidir linn.

De ghnáth, cuirim ceisteanna ach níor mhaith liom inniu ach píosa comhrá nó díospóireachta ó thaobh an méid a dúirt mé. Tá sé deacair gan frustrachas a bheith orainn nuair atá réitigh ann dá gcuirfí chun cinn iad.

Chuaigh an suí ar fionraí ar 2.19 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 2.48 p.m.

An bhfuil an Teachta Connolly críochnaithe?

Táim beagnach críochnaithe. Nuair a bhí na húdaráis áitiúla os ár gcomhair, bhí sé thar a bheith soiléir go raibh easpa tuisceana i gceist ó thaobh riachtanas teanga agus an bealach is fearr chun measúnú a dhéanamh ar sin, gan trácht ar easpa tuisceana ó thaobh na riachtanas nó na ndualgas a bhí orthu. Ó shin, ceapaim go raibh athrú suntasach - cuirim an focal "suntasach" idir lúibíní - ar phlean Chontae na Gaillimhe ó thaobh backlands. Dúradh go raibh deiseanna ann maidir le backlands. An é sin an téarma ceart? Níl a fhios agam ach tá rud curtha isteach sa phlean ó thaobh backlands taobh thiar de thithe. De réir mo thuisceana, níl mórán úsáide á bhaint as an téarma sin. An bhfuil tuiscint ag na finnéithe faoi sin?

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Níl. I mo cheantar féin, feicim go bhfuil corrtheach á dhéanamh sna backlands, ar chúl tithe eile, agus bealach á dhéanamh suas chucu.

Feicim go bhfuil corr-ceann mar sin. Ar ndóigh, is maith an rud é sin. Tá go leor rudaí a fhéadfaí déanamh le talamh a oscailt suas, mar a dhearfá. Tá mé ag caint anois ar chás na Gaillimhe. Tá go leor a fhéadfaí déanamh le go mbeadh níos mó talaimh oscailte suas. Mar shampla, tá riail ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus cuireann sé i bhfeidhm go láidir i gConamara é; caithfidh leath-acra a bheith agat le teach a dhéanamh. Ní theastaíonn leath-acra le teach a dhéanamh. Tá sé ag rá gurb é sin atá leagtha síos ag an EPA. Níl mé cinnte an é an EPA atá i gceist. In aon chaoi, más é an EPA a leag síos na treoirlínte, bhreathnaigh mé orthu agus is é an rud a dheirtear ná “normally”. Tá beagán solúbthachta ag baint le "normally", go speisialta le talamh atá cosúil le Conamara. Níl sé cosúil leis na páirceanna móra atá taobh thiar de Ghaillimh. Dúirt bean liomsa uair amháin cad a cheapann an comhairle gur cheart dúinn déanamh leis an gcuid eile. Ní hé sin ach sampla den bhealach a gcuireann sé srian ar an méid.

Tá go leor rudaí eile. D’fhéadfaí roinnt de na bóithríní a oscailt suas. Mar shampla, ceapaim nach mbíonn sé sásta cead pleanála a thabhairt, ach go fíor-annamh, ar bhóthar nach bóthar poiblí é. Ní bóithríní poiblí iad go leor de na bóithríní i gConamara. Bhí siad ceaptha le bheith poiblí. Tá a fhios ag an Teachta Ó Cuív níos mó faoi seo ná mé, ach cuireadh caoi ar na bóithríní sin den chomhairle contae le hairgead ó Roinn na Gaeltachta. Bhí sé mar choinníoll ag an am go ndéanfaí bóithríní poiblí dóibh ach ní dhearna an comhairle contae é sin. Is iad seo na rudaí a fhéadfaí a dhéanamh chun níos mó talaimh fheiliúnaigh do thithíocht a chur ar fáil.

Níl aon dabht gurb é sin cuid den fhadhb, is é sin, go mbeadh talamh feiliúnach ann. Níl muid ag iarraidh go dtógfaí aon teach in áit nach mbeadh ceart, go gcuirfí isteach ar aon radharc álainn, go ndéanfaí aon mhilleadh ar an timpeallacht nó go mbeadh aon septic tank á dhéanamh gar do shrutháin nó gar d’áit ina bhféadfaí truailliú a dhéanamh. Níl muid ag iarraidh sin, ach, nuair nach bhfuil zónáil déanta ar thalamh atá feiliúnach le haghaidh tithíochta, rud nach bhfuil, tá sé an-deacair. Tá daoine ag imeacht sa dorchadas, más mian leat, agus iad ag lorg cead pleanála agus ag caitheamh go leor airgid agus ag fáil amach nach bhfuil suíomh feiliúnach nuair atá go leor airgid caite acu cheana féin ar an rud. Luíonn sé le réasún go ndéanfaí áiteanna a aithint a bheadh feiliúnach le haghaidh na tithíochta agus mar sin de.

Dár ndóigh, d’ardódh praghas na talún sna háiteanna sin ach áit ar bith a bhfuil cead pleanála le fáil, bíonn an praghas talún anyway. Ag an bpointe seo, ní fhéadfadh duine áitiúil, an gnáth-dhuine ar ghnáth-ioncam, fiú beirt ag obair, a bheith ag smaoineamh ar shuíomh a cheannach i gCois Fharraige muna mbeadh siad ag fáil suímh óna muintir féin. Bheifeá ag caint anois ar €200,000 ar shuíomh thart ar An Spidéal gan aon rud eile. Bheadh go leor airgid le caitheamh fós le go mbeadh na seirbhísí riachtanacha ann. Níl aon chiall leis sin. Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar go leor bealaí. Ní hiad na rudaí atá luaite againn ach cuid acu.

Cuid eile is ea pleananna forbartha a athrú. Tá mé ag ceapadh gurb é an Teachta Moynihan a bhí ag caint faoin chomhairle contae. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na pleananna forbartha. Is é ceann de na rudaí spéisiúla a bhí le rá ag an Aire Tithíochta, an Teachta Darragh O'Brien, ná go bhfuil sé i gceist aige léasú a dhéanamh ar an mBille pleanála atá ag dul tríd na Dála faoi láthair le go mbeidh ar chuile chomhairle contae plean áitiúil Gaeltachta a réiteach. Bíodh sé á dhéanamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Le réiteach phlean áitiúil Ghaeltachta, d’fhéadaidís coinníollacha agus riachtanais éagsúla agus cur chuige difriúil a leagan amach le haghaidh na gceantar Gaeltachta. Ba mhór an cúnamh é sin. Bhíodh a leithead ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar feadh píosa. Bhí pleanálaí iontach ansin a bhí an-tógtha leis an smaoineamh ag an am chun plean áitiúil don Ghaeltacht a chur le chéile. Cuireadh deireadh leis sin agus anois, níl ann ach trí leathanach nó rud éigin i bplean forbartha an chontae. Níl aon phlean áitiúil a thuilleadh ann. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn sé sin ceist an Teachta.

An bhfuil aon rud eile? Níl.

Mar is eol don gCathaoirleach, nuair a bhí muid ag an vóta, labhair mise agus an Cathaoirleach leis an Aire agus gheall sé go mbeidh na treoirlínte Gaeltachta ann. Dúirt sé go bhfuil siad faighte agus beidh siad á bhfoilsiú as seo go gceann coicíse.

As seo go gceann coicíse, níl ach míniú amháin air sin, is é sin, an bhliain seo. Is maith an scéal é sin. Is dréacht atá anseo. Tá mé sásta faoi sin. B'fhéidir nach mbeidh muid sásta leis an dréacht. Caithfidh muid feiceáil cad atá curtha le chéile. Is ag feidhmeannaigh atá seo curtha le chéile agus caithfidh breathnú go géar air. Mar is eol don choiste, chuir mise, agus an coiste a bhí ann laistigh de Pháirtí Parlaiminte Fhianna Fáil, doiciméad cuimsitheach maidir le cúrsaí pleanála le chéile in 2021. Leag muid síos rudaí an-chinnte maidir leis an nGaeltacht - bhí caibidil réasúnta mór faoin Ghaeltacht go sonrach sa bhreis ar cheisteanna tithíocht tuaithe. Tá an Bille pleanála tar éis dul trí Chéim an Choiste agus is é an céad rud eile ná go d tiocfaidh sé chuig Céim na Tuarascála. Tá fonn ar an Aire an Bille seo a achtú chomh luath agus is féidir. Caitheadh go leor ama leis istigh i gCéim na Tuarascála agus bhí siad ag suí thar an Cháisc anseo-----

Tá siad fós ag suí.

Nach bhfuil sé imithe trí-----

Níl siad críochnaithe.

Níl siad críochnaithe fós. Cén leathanach ar a bhfuil siad?

Níl a fhios agam. Beidh mé istigh anseo go dtí 9 a chlog oíche amárach anyway.

Shíl mé go raibh siad críochnaithe leis.

Ar Chéim an Choiste, pléitear na léasaithe ar fad agus is féidir teacht ar ais. Mar shampla, is féidir leis an Aire léasú nua a chur isteach ag Céim na Tuarascála. Is féidir leis an bhFreasúra é sin a dhéanamh chomh maith, a fhad is gur pléadh iad ó thaobh an Fhreasúra de ar Chéim an Choiste. Dúirt sé liom go mbeidh na pleananna sonracha Gaeltachta mar a phléigh siad iad. Is é sin go mbeidh siad an-sonrach. Ní hé gur plean mór amháin don Ghaeltacht atá ann, ach go bhfuil níos sonraí ná sin ó thaobh na gceantar éagsúla Gaeltachta de. Ar ndóigh, beidh pleananna faoi leith do chuile oileán. Beidh sé sin go maith agus beidh sé sa mBille pleanála.

Tá athrú ar Aire Stáit na Gaeltachta - is é an Teachta Thomas Byrne a bhfuil an ról sin aige anois - agus beidh mé ag súil go bhfeicfidh muid Bille Údarás na Gaeltachta go luath. Chomh maith le sin, leanfaidh mé leis an mbrú atá mé ag cur le fada go ndéanfar níos soiléire ná riamh, ar fhaitíos aon amhras, ní hamháin go mbeidh cumhacht ag an údarás le plé le cúrsaí tithíochta, ach go mbeidh dualgas air de réir mar a cheapann sé go bhfuil gá dul ag plé leis. Creidim go ndéanfaidh sé sin an-difríocht don údarás. Tiocfaidh siad ag tóraíocht airgid. Beidh sé in ann rá go bhfuil an méid seo airgid aige agus ba cheart dó a bheith ag plé leis. Chomh maith le sin, bheinn ag súil go mbunóidh an t-údarás fochomhlacht de saghas éigin a bheidh ag plé le tithíocht dheonach, mar a thugtar uirthi, mar AHB.

Glacaim leis go bhfuil trí chineál tithíocht ag teastáil sa Ghaeltacht: tithíocht shóisialta; tithe inacmhainne gur féidir le daoine ceannach; agus tithe do dhaoine atá in acmhainn a gcuid teach a cheannach ach láthair a fháil. Ar ndóigh, athraíonn an scéal an t-am ar fad. B'fhéidir gur mé agus Donncha Ó hÉallaithe an t-aon beirt a bhfuil cuimhne againn ar raic na "luxury homes" ar An Spidéal.

An brú a bhí ann ag an am sin ná go raibh tithe galánta le tógáil sa Spidéal nach mbeadh inacmhainne ar chor ar bith nó aon srian teanga i gceist. Is ag éirí as sin, thart ar 20 bliain ó shín, a rinneadh leasú ar na hAchtanna pleanála le déanamh cinnte, má tá tithe tógtha sa Ghaeltacht, go gcaithfear cúinsí teanga a thógáil san áireamh. B'fhéidir go bhfuil laigí áirithe leis an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm é - glacaim leis go raibh - ach ba chéim mór chun tosaigh é sin. Ar feadh i bhfad, an fhadhb a bhí ann ná go raibh contúirt mhór go mbáfaí áiteanna ar nós An Spidéal agus Indreabhán le tithe a chuirfí ar an margadh go bhféadfadh aon duine teacht chun cónaí iontu. Mar is eol don choiste, tá an coiste seo tar éis go leor plé a dhéanamh ar céard is "duine le Gaeilge" i gcúrsaí pleanála. Is ceist sách casta í sin agus caithfidh muid féachaint cén chaoi a ndéanfar déileáil leis sin sna dréacht-treoirlínte seo.

Molaim an doiciméad atá ag BÁNÚ. Tá sé soiléir agus ní fheadfaí dul ag argóint le haon cheann de na héilimh, i ndáiríre. Tá ceist bheag amháin agam. Tá BÁNÚ ag caint ar thús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge teach a fháil ar cíos seachas tithe ag dul ar ligin ghearrthréimhseacha. An gnáthbhealach a ndéantar sin istigh sna bailte móra ná rent pressure zones a dhéanamh astu agus bíonn Airbnb curtha amach as an áireamh. Tá roinnt áiteanna á ligean nach bhfuil feiliúnach le cónaí iontu sa ngeimhreadh. Ligtear don samhradh iad. Tá an cheist sin casta. Tá spéis agam fáil amach cén chaoi a gcuirfí i bhfeidhm é.

Tá rud eile ag tarlú go gcaithfear tógáil san áireamh sa Ghaeltacht. Tá daoine a bhfuil chalets acu, agus seo agus siúd acu, agus bogann siad amach astu sa samhradh chun na Gaeilgeoirí a thógáil. Níor mhaith linn cur as de sin, freisin. Níl mé ag cur in aghaidh an ruda atá BÁNÚ ag rá, ach ba mhaith liom tuilleadh plé níos mine faoin gceist seo mar creidim go bhfuil sí beagáinín casta agus caithfidh muid machnamh a dhéanamh. Má tá tuairimí níos cuimsithí ná sin ag na finnéithe, tá spéis agam iontu. Is dóigh liom go dteastódh plé-cáipéis éigin le cur thart go bhfeicfidh muid cén chaoi a n-oibreodh sé. An bhfuil gnéithe de seo nach bhfuil muid tar éis smaoineamh orthu?

An rud a tharlaíonn i gcás rent pressure zones ná go gcaithfidh na daoine, má tá siad ag plé le tithíocht nó le tithe saoire, cead pleanála sonraí a fháil. D'fhéadfadh sé sin go leor ceisteanna a tharraingt anuas ar dhaoine. Caithfidh muid a bheith cúramach. Mar shampla, tá go leor tithe tógtha i gConamara agus níl 70 m de radharc ar gach aon taobh dóibh. An mbeadh muid i dtrioblóid le rudaí mar sin nach mbaineann leis an bpríomhábhar? Ba mhaith liom cúpla leathanach a fheiceáil ar na féidearthachtaí agus na deacrachtaí sin. Níl mé ag cur ina aghaidh seo ach tá ceisteanna a d'éireodh de réir mar a bheadh sé ag dul ar aghaidh.

Ina choinne sin, leis an scéim nua deontas a tháinig isteach, tá €50,000 do thithe fholamha agus €70,000 do thithe tréigthe. Is féidir na deontais ón SEAI a fháil sa mullach air sin. Má fhaigheann duine an deontas agus muna bhfuil cónaí buan ar an duine sin sa teach sin agus ligeann sé nó sí é, caithfidh an tiarna talún a bheith cláraithe leis an RTB, agus an té atá ina cónaí nó ina chónaí ann a bheith cláraithe leis an RTB. Mar sin, ní oibreodh sé le haghaidh ligin ghearrthéarmacha agus is rud maith, dearfach é sin. Is mian liom níos mó úsáide a fheiceáil bainte as sin.

Céard é teach folamh? An rud a dhéantar go bunúsach ná, dá mbeadh bille leictreachas ag taispeáint nach raibh aon duine ina chónaí sa teach agus ní raibh mórán úsáid leictreachais ar feadh dhá bhliain, gheobhfaí deontas de €50,000. Más féidir teastas a fháil ag rá gur teach tréigthe é, tá deontas níos mó le fáil. Tá mé ag ceapadh gur teastas innealtóra atá i gceist leis sin. Is scéim maith í. Creidim gur fiú, i chuile Gaeltacht, suirbhé a dhéanamh ar na tithe tréigthe agus tithe fholamha ar fad le féachaint an bhféadfaí iad sin a thabhairt ar ais. I gcás na Gaeltachta, ba cheart go mbeadh sé mar choinníoll ann go ligfí le Gaeilgeoir é. Cén chaoi a gcuirfí sin i bhfeidhm? Theastódh stoc-tithíochta ach chomh maith leis sin, theastódh go mbeadh siad dírithe ar Ghaeilgeoirí.

Maidir le tithe aonaracha, ó mo thaithí air seo agus mé ag breathnú ar dhiúltaithe ag teacht trasna mo bhoird, is é an ceann is coitianta ná cúrsaí eisilte. Beidh mé ag casadh leis an EPA an tseachtain seo chugainn. Caithfidh go bhfuil réiteach teicniúil ar an gceist seo. Bhí plé áirithe agam le saineolaí cheana féin maidir leis an gceist seo le féachaint cén réiteach a bheadh le fáil air. Nuair a chas mé leis an saineolaí, bhí an rud a dúirt sé spéisiúil. Dúirt sé go bhfaighfeá áit thirim i ngarraí go minic. Ní hé an áit a théann an damhach shéarachais ach an áit ina bhfuil an percolation a chaithfidh a bheith tirim. D’fhéadfadh sé a bheith fliuch anseo agus tirim san áit a bhfuil na finnéithe. Tá fadhb ollmhór anseo mar tá na hinnealtóirí ag síniú go bhfuil an bhfuil rud seo ag teacht leis an EPA agus tá an comhairle contae ag rá nach bhfuil. Tá duine éigin mícheart. Ní féidir leis an dá thaobh a bheith ceart. Tá sé seo ag tarlú go rímhinic agus mar a deir na finnéithe, tá sé ag bánú mhuintir na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí airgid de. Tá mé ag obair ar an gceist sin.

An dara rud a bhfuil muid ag obair air agus a thagann aníos ná an fadradharc a chaithfear a fháil ag an ngeata atá molta. Fiú ar na bóithríní beaga, tá an fadradharc sin bunaithe ar luas de 80 km/u. Níl mé in ann 80 km/u a dhéanamh má thógaim na bóithríní beaga i gConamara. Trí na teorainneacha luas a laghdú ar na bóithríní sin, réiteodh muid cuid mhaith den fhadhb sin agus is mar is eol don choiste, tá sé sin geallta ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers. Tá muid ag obair ar an gceann sin.

Is é dearadh na dtithe an tríú rud. Bíonn go leor ceisteanna ag an gcomhairle contae. Teastaíonn go géar go mbeadh cruinnithe réamh-phleanála i bhfad níos cuimsithí ná mar atá ann i láthair na huaire agus go bpléifí dearadh na dtithe ionas go bhféadfá dréacht-dearadh a chur isteach chuig an gcomhairle contae le do chuid airgid a shábháil agus le féachaint céard a nglacfaí leis ar an suíomh sin.

Tá mé ag teacht chuig an cuid nach bhfuil luaite agam. Go minic, baineann cuid de leis na SACs, leis an bhfuíolluisce agus an eisilteacht sa gcuid is mó de na cásanna. An ceann deireanach a bhfuil mé ag teacht ina aghaidh ná má tá duine ag tógáil tí agus má tá sé, abair, 300 m ón áit a raibh teach a mhuintire, agus muna bhfuil píopa uisce ag dul síos an bóthar poiblí go dtí é, táthar ag baint amach €300 in aghaidh an mhéadair leis an bpíopa a thabhairt síos. Phléigh muid é seo ag an coiste tuaithe. Méadaigh 300 m faoina 100, agus is €30,000 atá i gceist, díreach le haghaidh píopa uisce. Tá sé sin as cor. Ar an taobh eile den scéal, má tá duine ag tógáil laistigh de 500 m den soláthair leictreachais, tá an praghas céanna ann, is cuma. Tá fadhb leis an uisce freisin agus bíonn fadhbanna nua i gcónaí. Is é sin cuid den rud. Tá go leor oibre ar bun agus tá go leor oibre ar bun ag BÁNÚ.

Le cúnamh Dé, eadrainn bogfaimid seo ar aghaidh. Chomh cinnte is a réitoimid na fadhbanna seo ar fad, tiocfaidh fadhbanna eile chun cinn. Cén dochar; sin an saoil.

Ms Adhna Ní Bhraonáin

Bhí cúpla pointe ansin ag an Teachta Ó Cuív. Ceann amháin acu ná, faoi láthair, ó thaobh na háiteanna atá ar fáil go gearrthéarmach ar cíos, tá sé i bhfad níos mealltaí do dhaoine iad a chur ar Airbnb. Tuigimid féin é sin. Tá siad i ndan beagánín airgid a dhéanamh agus tá sé an-chrua daoine a choinneáil go fadtéarmach i do theach mar gheall go bhfuil go leor cosaintí anois ann i dtreo tenants' rights agus rudaí ar an gcaoi sin. Níl sé an-mhealltach do dhaoine sin a dhéanamh nuair atá siad in ann daoine a ruaigeadh amach as an teach gach cúpla lá, an áit a ghlanadh, a scioradh agus súil a choinneáil air, agus ansin tagann daoine eile agus tá siad ag fáil i bhfad níos mó airgid. Tuigimid é sin, ach nuair a bhreathnaíonn muid ar na figúirí, tá ceithre theach ar cíos go fadtéarmach ó Bhearna go Carna, i gcomparáid le 197 ar Airbnb. Tá daoine á ndíbeart, is iad sin Gaeilgeoirí - cainteoirí dúchais - atá ag obair sa cheantar, poist acu sa cheantar agus iad brúite amach go dtí na cathracha nó i dtreo ceantair eile mar nach bhfuil siad in ann fanacht sna háiteanna ina bhfuil a gcuid poist. Tá siad ag cuir le seirbhísí sa cheantar agus ag cur leis an bpobal. Mé féin go pearsanta, is physiotherapist mise. Bíonn mé ag obair go háitiúil sa Spidéal agus cuirim an seirbhís sin ar fáil trí Ghaeilge. Tá sé beagnach dodhéanta domsa áit a fháil ar cíos. Tá mé ar ais le mo thuismitheoirí agus mé 28 bliain d'aois. Briseann sé mo chroí ar bhealach. Breathnaím ar na tithe atá ag teacht aníos ar an margadh agus praghas €500,000, €700,000 nó €750,000 orthu. Ní féidir liomsa dul in iomaíocht leis na praghasanna sin. Fiú dá mbeadh post an-mhaith agam, fós féin tá sé an-deacair morgáiste a fháil.

Mé féin go pearsanta, bhí mé thar lear ar feadh cúig bliana, agus nuair a tháinig mé abhaile anuraidh, níor chreid mé na deacrachtaí a bhí agam lonnú sa bhaile arís. Ghoill sé go mór orm le bheith fírinneach. Níor airigh mé go raibh fáilte romham teacht abhaile. Tar éis breathnú amach chomh maith dom thall san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, fuair mé post agus carr leis an bpost sin, agus bhí áit cónaithe leagtha amach dom. Ansin i ndiaidh dom teacht abhaile, bhí deacrachtaí agam carr a chur ar an mbóthar, ní fhéadfainn áit a fháil ar cíos, agus ní thabharfar morgáiste dom mar gheall nach raibh stair oibre agam sa tír le blianta, cé go raibh airgid sábháilte agam, gur oibrigh mé go crua, agus go raibh sé mar phlean agam teacht abhaile agus teach a thógáil nó a cheannach. An garraí atá ag mo mhuintír níl sé baileach leath-acra, agus tháinig sé go dtí an pointe gur airigh mé go raibh mé chun tiontú ar mo shála agus imeacht as an áit seo. Ansin smaoinigh mé nóiméad go bhfuil an oiread sin de mo chuid cairde agus mo chuid gaolta thar lear. Tá triúr deartháireacha liom thall i Meiriceá. Bhí a fhios agam nuair a bheadh siadsan ag iarraidh teacht abhaile, nuair a thiocfadh an t-am le socrú sa cheantar, go mbeadh na deacrachtaí céanna acu mura ndéanfaimis rud éigin faoi seo.

Níl duine ar bith de mo chairde sa bhaile níos mó agus níl duine ar bith ar chomhaois liom féin toisc go bhfuil siad uilig imithe ar imirce. Níl an dara rogha acu. Nuair a scríobh mé an t-alt sin i tuairisc.ie i mí Mheán Fómhair seo caite, fuair mé an oiread sin teachtaireachtaí uaidh daoine i Dubai, san Astráil agus i gCeanada á rá gur breá leo teacht abhaile ach go bhfuil drogall orthu. Níl aon gharraí ag a muintír agus ní féidir leo morgáiste a fháil sa tír seo. Tá na deacrachtaí dáríre agus tá práinn ollmhór leis an fhadhb seo. Chuile bliain beo a chríochnaíonn gan réiteach ar an fhadhb seo, tá na céadta Gaeilgeoirí díbríthe as an gceantar. Céard atá i ndan do thodhchaí na teanga? Mar a deir Breanndán Ó Beaglaoich, níl aon mhaitheas bheith ag breathnú ar phleanáil teanga ná ar Údarás na Gaeltachta nó aon rud mar sin mura bhfuil aon Ghaeltacht ann. Is muid an chéad ghlúin eile a leanfaidh ar aghaidh leis an nGaeltacht, agus mura bhfuil aon áit ann dúinn, ní bheidh aon Ghaeltacht ann.

Is é sin an fáth is ea an ceann is éasca ná ceann an údaráis. Tá an talamh aige. Deireann sé go bhfuil an cumhacht aige. Cinnteoimid é sin agus beimid in ann bogadh ar aghaidh. Cloisim Adhna Ní Bhraonáin agus chuala mé í cheana ag caint faoi na tithe atá ligthe go gearrthéarmach. Mar a deirim, nuair a bhíonn fadhb agam, déanaim machnamh air agus déanaim iarracht teacht ar réiteach praiticiúil atá inoibrithe leis an fhadhb a shárú. Sin an fáth a chuirim ceist an bhfuil smaointe ag na finnéithe faoi cén chaoi na tithe atá ligthe go gearrthéarmach a mhealladh le bheith ligthe go fadtéarmach nó iallach a chur ar an dóigh sin. Mar shampla, tógadh isteach faoiseamh cíosa le haghaidh ligean fadtéarmach, ní hamháin do na tionóntaithe ach do na tiarnaí talún freisin. Is léir nach bhfuil sé sin ag obair. Tá na rent pressure zones ann ach tá fadhbanna áirithe a fheicim leo sin. Ba mhaith liom dá bhféadfaimís ar fad suí síos le chéile, díriú ar seo agus a rá go bhfuil bealach eile néata le seo a dhéanamh tarraingteach. Bhí an Roinn in aghaidh an rud a rinne an tAire leis an scéim chónaithe, is é sin deontas do na tithe folmha. Bhí an Roinn in aghaidh síneadh amach an scéim i dtreo na ceantair tuaithe, ach ar ndóigh is iad na ceantair tuaithe is mó atá ag baint leas as anois. B'shin rud dearfach agus arís tá sé dírithe ar ligean fadtéarmach. An rud a theastaíonn uaim ná ideas. Cén bhealach a thiontófaí leath fiú de na 197 tithe sin ina ligean fadtéarmach, ag tógáil gach pointe san áireamh?

Mr. Maitiú de Hál

Más féidir liom tagairt a dhéanamh do sin, nuair a fhéachaimid ar na figúirí sin de 197 teach ó Bhearna go Carna ar ligean garthréimhseach agus gan ach ceithre cinn ar ligean fadthréimhseach, tá sé ina fhadhb ach tá sé mar thoradh de fadhb níos cuimsithí.

Tá muintir na Gaeltachta ag braith ar earnáil na turasóireachta le haghaidh forbairt eacnamaíochta, agus tuigimid é sin. Caithfidh an t-infreastruchtúr agus an soláthair tithíochta teacht leis, agus chuir muidne an-bhéim ar an soláthair tithíochta. Mar a luaigh mé níos luaithe, srianta is ea rud amháin ach táthar ag iarraidh srianta a chur ar an bhflúirse soláthair, rud nach bhfuil againn anois.

Rinneadh tagairt do na coláistí samhraidh. De réir mar a thuigim, le cúig bliana anuas nó mar sin de, tá sé coláistí ar fud na Gaeltachta i ndiaidh dhúnadh. Cuid mhaith den fhadhb ná cúrsaí lóistín. Ní féidir na mná tí a mhealladh agus caithfidh sé sin bheith mar chuid den cheist. Caithfidh post ag bean an tí atá lárnach i bhfás, i bhforbairt agus i gcaomhnú na teanga a bheith mar chuid den scéal. Feicimid go bhfuil mic léinn tríú leibhéal tar éis dul ag cónaí in Indreabhán sa Spidéal, agus bíonn siadsan ag freastal ar an ollscoil ansin. Caithfidh sé sin a bheith mar chuid de.

Mar a luamar ag an tús, ní bhaineann fadhb na géirchéime tithíochta atá sa tír sé leis an nGaeltacht amháin, agus má táimid le dul i ngleic leis an fhadhb seo, caithfidh sé tarlú ar bhonn náisiúnta. Ciallaíonn sé seo, ar ndóigh, rialacháin ar ligean gearrthéarmach. Má táimid chun earnáil na turasóireachta a fhás agus a fhorbairt, caithfimid bheith ag súil go mbeimid in ann na turasóirí a chur in áit éigin agus na hoibreoirí a chur in áit éigin fosta. Luaigh Adhna go n-oibríonn sí do na seirbhísí sláinte, agus chun go mbeidh pobal inmharthana ann, caithfidh go mbeidh ní amháin tithe ann ach na hoibreoirí a choimeádfaidh an pobal beo, más oibreoirí sláinte iad nó oibreoirí oideachais agus rudaí den tsórt sin. Rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta staidéar cúpla blian ó shin agus ní raibh ann ach 26% de na tuismitheoirí ar a chuirtear agallamh orthu a raibh sásta leis an soláthair seirbhíse sláinte a bheith ar fáil trí Ghaeilge.

An páirt atá againn ná nach bhfuilimid ag iarraidh aon duine a choinneáil amach. Táimid ag iarraidh daoine a choimeád isteach, agus le pobal inmharthana agus inbhuanaithe a dhéanamh den Ghaeltacht, caithfimid daoine le Gaeilge a mhealladh isteach sa cheantar fosta.

Is tríd an soláthar tithíochta a tharlóidh sé sin.

Aontaím leis sin. Is é sin an fáth, mar shampla, i bhfad siar go raibh an polasaí neartaithe Gaeltachta ann. Fiú murab as an nGaeltacht thú, faoi rialtas tithíochta, agus tá aithne agam ar dhaoine a fuair ceadanna pleanála dá bharr, thabharfaí teach, nó cead pleanála do theach dá bhféadfaí suíomh a fháil, mar eisceacht, más teaghlach labhartha Gaeilge a bhí ann. Bheinn i gcónaí i bhfabhar dá bhféadfaí daoine le Gaeilge a mhealladh isteach go dtí na Gaeltachtaí chun iad a láidriú.

Aontaím faoin soláthar - is dócha go n-aontaímid uile faoi sin - agus go bhféadfadh an chomhairle contae beagáinín níos mó a dhéanamh le tithíocht shóisialta. Má tá smaointe maithe nó tuairimí ag na finnéithe faoi conas é seo dhéanamh, mar is í sin fadhb amháin nach bhfeicim réiteach díreach air, bheadh an-spéis go deo agamsa ann, mar táimid i gcónaí ag cuardach smaointe nua chun bogadh ar aghaidh.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Is dócha gurb í an fhadhb ná a laghad tithíochta atá ar fáil ar cíos i gcomparáid leis an méid atá ar fáil ar Airbnb. Go bunúsach, in abairt amháin, is é an réiteach atá air ná a dhéanamh níos mealltaí do dhaoine iad a chur amach ar cíos fadtéarmach seachas iad a chur amach ar cíos gearrthréimhseach Airbnb. D'éirigh leis an Rialtas é sin a dhéanamh ó thaobh tithe lóistín a bheith ar fáil do na hÚcránaigh nuair a tháinig an rabharta Úcránach anseo tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Rinneadh an-mhealltach é do dhaoine tithe a chur ar fáil ar cíos d’Úcránaigh. D'fhéadfadh an Rialtas méid áirithe a dhéanamh le go mbeadh sé níos mealltaí.

Feictear domsa go bhfuil bealach ann a bhféadfadh Roinn na Gaeltachta teacht isteach san áireamh anseo. Nuair a bhíodh Roinn na Gaeltachta gníomhach ó thaobh cúrsaí tithíochta, bhí deontas speisialta ann, mar shampla, le go bhféadfadh daoine chalets a thógáil in aice leis na tithe cónaí a bhí acu agus úsáid a bhaint as na seirbhísí céanna bhí acu freisin. Tógadh go leor chalets siar ag deireadh na seascaidí agus sna seachtóidí ar an gcaoi sin. Nuair a tháinig mise go Cois Fharraige i dtosach 1973, bhí raidhse áiteanna ar fáil ar cíos mar gheall ar an scéim sin. Arís, d'fhéadfaí scéim mar sin a thabhairt isteach ar ais. Ní réiteodh sé sin an fhadhb láithreach ach réiteodh sé an fhadhb i gceann dhá nó trí de bhlianta. D'fhéadfadh sé tarlú arís go mbeadh tithe beaga a bhíodh ar fáil ar cíos do dhaoine aonaracha nó do lánúin a bheadh ag tosú amach. Is minic gur mar sin a thosaigh daoine amach nuair a bhíodar ag iarraidh teach a thógáil, gur thóg siad ceann de na chalets sin ar cíos go dtí go mbeadh an teach réitithe acu. I ndáiríre, tá réiteach ar chuid de na fadhbanna seo le fáil ach breathnú siar 20, 30 nó 40 bliain, nuair a bhí Roinn na Gaeltachta gníomhach i gcúrsaí tithíochta.

Chun teacht ar ais go dtí fadhbanna a luaigh an Teachta Ó Cuív, nuair a bhíonn daoine ag iarraidh teach a mhuintire a thógáil, nó teach a fhaigheann nó a cheannaíonn siad, agus na costais éagsúla a bhaineann le cúrsaí uisce, leictreachais agus mar sin de, creidim nach dteastaítear scéimeanna móra tithíochta sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Ní dóigh linn gur luíonn sé sin le nádúr na Gaeltachta nó an cheantair. Bheimis ag iarraidh go mbeadh clusters tógtha de chúig nó de shé theach. Is í an tsamhail atá againne arís go bhféadfaí suíomhanna a réiteach ag Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ar a bheadh na clusters seo le tógáil, go gcuirfí, i dtosach báire, cead imlíneach pleanála le haghaidh cúig nó sé theach a thógáil, suas go dtí deich gcinn ar a mhéad, ar shuíomh a bheadh ag Údarás na Gaeltachta, agus go gcuirfí na seirbhísí ar fáil dá mbeadh an cead imlíneach ar fáil, is é sin uisce, leictreachas agus córas séarachais. Tá Údarás na Gaeltachta in ann córas séarachais a réiteach le haghaidh eastáit tionsclaíocha agus monarchana. Tá monarcha sa Spidéal ina bhfuil níos mó ná 300 duine ag obair agus córas séarachais ann dá bhainistiú ag Údarás na Gaeltachta di. Ní thuigim ó thalamh an domhain, agus is innealtóir mé nár chleachtaigh mórán riamh de agus tá go leor de mo chuid innealtóireachta dearmadta agam, cén bealach gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta córas séarachais a chur ar fáil do mhonarchana mhóra in eastáit thionsclaíocha ach nach féidir leis iad a chur ar fáil do chóras tithíochta beag. D'fhéadfadh Údarás na Gaeltachta a bheith níos gníomhaí, ach an t-airgead agus na hacmhainní daonna a bheith aige. Is í ceann de na fadhbanna móra atá againne anois le réiteach a fháil ar fhadhbanna tithíochta sa Ghaeltacht ná go bhfuil na scileanna, an t-eolas agus na daoine a bhíodh ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí tithíochta imithe. Chaithfí é sin a atógáil, tógfaidh sé sin píosa ama agus beidh sé deacair na daoine sin leis na scileanna áirithe a fháil ar ais sa Roinn agus in Údarás na Gaeltachta.

Tá plean ag teastáil ina mbeidh go leor rudaí le cur le chéile le go n-oibreoidh sé seo. Beidh scileanna daonna agus maoiniú caipitil níos mó ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta le go mbeadh sé in ann fiú amháin dul amach agus talamh eile a cheannach. Bhí an Teachta Connolly ag caint faoi seo agus gur iontach an rud é go bhfuil an méid seo talaimh ag Údarás na Gaeltachta. Is é an fáth go bhfuil an talamh sin ag Údarás na Gaeltachta ná gur in aimsir Ghaeltarra Éireann, bhí Cathal Mac Gabhann ann agus is é an intinn a bhí aige ná an méid talaimh a bhí ag teacht ar an margadh agus is féidir a cheannach le go mbeadh sé úsáideach am éigin. Is maith an rud é go raibh an meon sin aige. Tá cuid den mheon céanna ag teastáil anois. Tagann neart talaimh ar an margadh sa Ghaeltacht agus ní fheicim go mbíonn Údarás na Gaeltachta gníomhach a thuilleadh féachaint an bhféadfaí an talamh sin a úsáid le haghaidh tithíochta, mar shampla.

Feictear domsa go bhfuil go leor rudaí a chaithfí a chur le chéile le réiteach a fháil air seo agus tá muidne ag moladh roinnt réiteach. Feictear dúinn gur cuid den réiteach a fheicimid ná, ar bhealach, go mbeadh Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta níos gníomhaí ag úsáid na cumhachtaí atá acu agus cur leis na cumhachtaí sin. Is cinnte go dtuigimid go maith go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach mbeadh aon chomhartha ceiste ann faoi cad is féidir le hÚdarás na Gaeltachta a dhéanamh. Is maith liom an smaoineamh, ní hamháin go mbeadh sé ráite go bhfuil cumhachtaí aige ó thaobh cúrsaí tithíochta ach go mbeadh dualgas air faoi chúrsaí tithíochta freisin.

Anois, glaoim ar an Teachta Danny Healy-Rae.

First, I apologise for not being able to talk in Irish. I was not lucky enough to have been born in the Gaeltacht area or perhaps to have gone to colleges or whatever to educate myself in the Gaelic language, but that is not to say that I do not respect it and the witnesses. I can identify with the problems they have and, through the translation, I have heard everything they have said. I welcome the witnesses here today. I am well aware of many of the problems they have mentioned, but in places far away from the Gaeltacht. I know it is also happening in the Gaeltacht.

Ms Ní Bhraonáin spoke about being away for five years and I am glad she came back because, just last Saturday evening, I was canvassing a half-mile of a road and there were three separate going-away parties happening in three different houses for three girls who were going to Australia. I spoke to each of them and wished them well. I asked one if she would she be coming back and she said she did not think so because more of her friends are out there now than are here. I hope the powers-that-be upstairs are listening because that is happening.

Many of our lovely young people, who have been educated to a high degree and a standard, cannot see a way to get the simple, basic thing they are asking for, that is, planning permission. My colleague Deputy Ó Cuív says he is always interested in new ideas. Go back to the old ideas when people could get planning permission. The situation has reached such a stage in Kerry that if you are not a family member on a family farm, you will hardly get planning permission for anywhere else. The only option for you then is to go to some expensive place like Killarney, Dingle or Kenmare, which are highly touristed areas where houses and sites are expensive. I identify with the idea of clusters. On the Dingle Peninsula, there used to be several villages of six or seven houses. They lived together and were grand. That cluster proposal for planning purposes was done away with in Kerry approximately 15 years ago – I was on Kerry County Council – or even further back.

It has been mentioned that local authorities could do more. The local authorities and planners’ hands are tied behind their backs because there is a Planning Regulator, appointed in Dublin by the Government, overruling decisions made by the elected members of Kerry County Council. The members include different stipulations and ideas in the county development plan only for it to come to Dublin and the Planning Regulator not to ratify it. He goes back to council management and asks it to get the members to change their views, otherwise he will not accept it. Much of what the elected members propose and agree on by majority vote, or sometimes by a unanimous vote, is rejected by the Planning Regulator up here, who was put in place by this Government. It is this Government and no one else who is responsible for this situation.

Mention was made by Mr. Ó hÉallaithe – he has the same name as me – of sewerage facilities. That is another issue this Government does not want to hear about. I have raised it several times. I will mention the village of Moyvane. People cannot get planning permission for even one more house anywhere in or around that town because the treatment plant is overburdened. There are at least 30 plants awaiting an expansion in capacity. Two grand, proud villages – Currow and Scartaglin – have no sewage treatment plants. I worked with Mr. Tom Fleming – he was a councillor at the time and was a TD before I was elected to the Dáil – and we had Scartaglin up at the top of the list. It was No. 1 for getting a treatment plant. That was almost 20 years ago, though, and there has been no account of it since. I have raised this matter several times in the Chamber, but the Government is just not listening. The Minister for the environment, Deputy Eamon Ryan, is not interested in any pipe under the ground or any treatment plant. He talks about airy-fairy ideas and blames the council, a few cars and people burning turf for environmental problems. He has no interest at all in insisting that communities or little villages get treatment plants. There was supposed to be a treatment plant in Kilcummin 24 years ago. What has happened since? The sewage is piped down into Killarney, overburdening the treatment plant there. No one can connect to that pipe because it is 20 ft or 24 ft under the ground. I asked people to leave out connections, but would they do it? I asked for that in the Chamber two or three times, but the Government was not interested in doing it.

Regarding long-term letting and short-term lets like Airbnbs, I firmly believe that, if a person gets planning permission to build a house or had the house before there even was anything like planning permission, that person should be able to do whatever he or she wants to do with the house, be that renting it for the short term or the long term, selling it or putting his or her own people into it. That is the person’s right if he or she was responsible for putting the house there in the first place. If the Government thinks that stopping Airbnbs will help long-term letting, its head is buried in the sand because that will not happen. There is a serious problem with that idea. Mention was made of 100-plus houses somewhere. In the Chamber a number of weeks ago, I said I could count 55 vacant houses along the road from the top of the town in Kenmare to Kilgarvan and on to the Kerry Way, which is approximately six miles from Killarney. For two reasons, people will not let those houses. First, they would pay 52% tax. I asked in the Chamber what would happen if the same rate was applied to the people who were renting housing to Ukrainians. There is a tax-free monthly payment of €800 to someone who rents a house to Ukrainians. Why is the same facility not afforded to the houseowner who wants to rent to a local person? That is discrimination. The Tánaiste made snide remarks about me when I raised this issue in the Chamber and more or less said I was racist and belonged to the far right. I do not know where the far right is. All I am doing is representing the people on the ground.

Second, the RTB would be too strict if any of those 55 houseowners wanted to get their houses back. Tenants should be afforded due process when leaving the house after so many months or whatever, but the RTB is putting every blockage in the way and helping them to stay full term. If someone wants his or her house back, that person should be entitled to get it back when he or she wants.

These are the blockages-----

The Deputy is straying a bit. The issue of renting in that way or such landlords did not arise. The problem was that there was no availability of rented properties.

But that is why there is no availability.

No. Airbnb was the problem.

There are two serious blockages. People thinking about renting their houses for a year are afraid they will not get them back. The Chair might believe that the rents for the 55 houses I am talking about command €1,500 per month or whatever, but they would only make €700 or €800 per month.

Tá muidne ag caint faoi cheantair Ghaeltachta. Go minic, déanann siad níos mó ná sin. They get more.

I did not hear what the Chair said.

In some cases, rents are much more than that in Gaeltacht areas.

That is right. I am just giving an example-----

That is what we are dealing with, namely, specific problems to do with Gaeltacht areas.

People do not consider getting €350 or the like worth their while in light of all the other obligations that go along with renting a house.

If we want to be serious about the issue Mr. Ó hÉallaithe raised and entice people to rent houses to locals, we have to provide the same enticements that are provided to others in respect of people coming from another country. I do not like mentioning one country over another, but there is clearly discrimination. I have asked at least twice in the Chamber that this issue be addressed and for people who want to rent to locals to be given that tax boost, thereby allowing them to earn €800 tax free per month. That would free up many houses.

Planning is a serious issue. Wherever someone is, he or she cannot get planning permission unless he or she is a family member who has been farming. The Planning Regulator’s direct boss is the Minister, Deputy Ryan - at least, that is my understanding of it - and the Minister is dictating the terms.

That is why so many of our lovely young people are having to leave these shores in droves. It is as bad as ever it was in the 1950s and early 1960s when my uncles and aunts had to leave. It was for the same reason where they could not see that they could own or have a house. That is why so many of these young people are leaving. The quicker this Government realises what is happening, the better. The Government is saying that our population is increasing but our own local people are leaving. It is easy to add or subtract how the population is growing here but one thing to be sure of is that our own people are going in droves and that needs to be addressed. I know that it is the same in the Gaeltacht areas and back in Dingle, in the Iveragh Peninsula and in Cahirsiveen. This area is becoming completely desolated. I thank the witnesses for coming in. I am sorry for going on a bit and I thank the Chairman but I feel very strongly about the issue.

Ceart go leor. An bhfuil aon duine ag iarraidh freagra a thabhairt?

Mr. Maitiú de Hál

Ba mhaith liom freagra a thabhairt, más féidir liom é sin a dhéanamh. Ní hé go bhfuil mé ag caint ar son Dhonncha Ó hÉallaithe nó ar an méid a bhí sé ag iarraidh a rá ach rinne Donncha Ó hÉallaithe tagairt do chumhachtaí an Stáit agus dúirt sé go raibh an Stát in ann dul i ngleic leis na fadhbanna. Thagair sé do cheist na hÚcráine ach ba mhaith liom a dhéanamh go han-soiléir anseo nach bhfeicimid féin go bhfuilimid in iomaíocht leis na riachtanais phráinneacha atá ag daoine atá ag teitheadh ón gcos ar bolg agus ón gcogaíocht. Táimid anseo chun ár gceantair agus ár gcultúr dúchasach a chosaint. Ní fheicimid gur bagairt dúinn daoine atá ag teitheadh ón gcogadh nó atá ag déanamh mar sin. Is fadhb chórasach is ea é seo agus is fadhb í atáimid in ann a shárú agus fadhb a sháraíomar cheana féin. Ní inniu ná inné a thosaigh an ghéarchéim tithíochta in Éirinn agus níor thosaigh sé le tús an chogaidh san Úcráin. Bhí na fréamhacha ann cheana féin agus bhí na bunchlocha, más maith leat, curtha síos cheana féin. Ní dhéanfaimid ceap milleáin d’aon ghrúpa leochaileach mar sin. Is faoin Rialtas, faoi Údarás na Gaeltachta agus faoi Roinn na Gaeltachta atá sé tithe a thógáil, iad a sholáthar agus cúram a thabhairt don teanga agus ní bagairt aon duine leochaileach air seo.

Gabhaim buíochas le Maitiú de Hál. Is trua nár fhan an Teachta Healy-Rae a chuir an cheist chun éisteacht leis an bhfreagra nó ar a laghad le freagra a bhí dírithe isteach ar cheist nach raibh ardaithe ar aon bhealach.

Tá roinnt ceisteanna agam féin sula gcuirfimid críoch leis an gcuid seo den seisiún inniu. Tá ceist amháin atá ardaithe agus b'fhéidir go bhfuil an freagra tugtha ar bhealach agus is í sin an ceann faoi Airbnb. Níl mé chun dul isteach go mion sa cheist agus bhí daoine ag iarraidh é a lua maidir le tiarnaí talún má tá fadhb acu. Tá réiteach an-éasca ann do dhuine atá fadhb aige maidir leis an méid cíosa atá á fháil aige nó aici agus is é sin an teach a dhíol. Is é sin réiteach na faidhbe ar a lán bealaí i mo thuairim féin. Tá 197 teach ansin ar Airbnb agus ba chóir go mbeadh an Stát ag déanamh níos mó chun roinnt de na tithe sin a cheannach. Déantar i mBaile Átha Cliath é agus téann an chomhairle cathrach in iomaíocht - is í seo fadhb eile - le lánúin atá ag iarraidh tithe a cheannach. Tá céatadán ar leith leagtha síos ag an gcomhairle cathrach nach féidir leo méid áirithe a cheannach, chun a dhéanamh cinnte de nach bhfuil siad in iomaíocht go hiomlán ach tá sí in iomaíocht le vulture funds agus le daoine eile chomh maith.

Tá fadhb ann le déanaí de bharr na géarchéime tithíochta atá sa chathair. Chuaigh an chomhairle contae in a lán ceantar laistigh de mo Dháilcheantar féin agus cheannaigh sí bloc iomlán árasáin ansin chun déileáil leis an fhadhb. B'fhéidir gurb í seo ceann de na rudaí a d'fhéadfadh an t-údarás féachaint air in aon chomhairle contae má tá tithe ann a d'fhéadfadh sí iad a cheannach, nó a chur ar cíos inacmhainne. Fiú amháin, d’fhéadfadh sí díriú isteach ar na fothraigh de na tithe folmha agus iad a cheannach chomh maith, mura bhfuil daoine ag tabhairt fúthu. Níl a fhios agam an é sin réiteach na faidhbe ach measaim go bhfuil a lán réiteach ar na fadhbanna seo.

Ó thaobh an AHB, mar gur thosaíomar beagnach ag caint faoi sin, tá dainséir ann má théann an t-údarás i dtreo AHB. Níl mé ag cur ina choinne ach táthar ag cothú leibhéal, sraith nó layer eile de bureaucracy agus caithfidh an t-údarás daoine breise a fháil. Tá AHBs ann cheana féin. Is é an rud atá á lua ag ár n-aíonna ná gur mhaith leo roinnt de na AHBs a mhealladh isteach, ar nós Ó Cualann nó Circle, ionas go dtugann an t-údarás nó an chomhairle contae suíomhanna dóibh. I mo cheantar féin, bhí mé ann le duine éigin ag féachaint ar shé theach atá á dtógáil ag Tiglin, dream ar leith a chuidíonn le daoine a bhfuil fadhbanna ar leith acu. Is féidir leis an eagraíocht seo sé nó seacht dteach a thógáil in áiteanna beaga agus ní gá dóibh 100 teach a thógáil. Tá sé mar an gcéanna leis an eagraíocht Ó Cualann. Tá 400 AHBanna ann cheana féin. Smaoinigh go bhfuiltear anseo ag iarraidh ceann eile a bhunú. Tá gá le haitheantas ar leith don Ghaeilge agus is é sin an fáth go mbeadh fochomhlacht ag an AHB a bhfuil a fhios aige freisin conas tithe a thógáil, a reáchtáil agus a leithéid, maidir leis na cinn atá le cur sa Ghaeltacht.

Má chuidíonn sé seo leis an údarás, níl mé ina choinne. Tá tuairim agam nach gá don údarás a bheith ina AHB chun an obair a dhéanamh. Níl sé leagtha síos nach féidir leis é sin a dhéanamh. Dá réir, glacann an t-údarás, nó is é sin an tuairim atá aige anois go bhféadfadh leis bogadh. Is é sin an fáth go bhfuil scéim phíolótach ann. Má tá fadhbanna ann, aithneoidh sé iad agus tá súil agam go ndéileálfaidh an t-údarás leo.

Tá an ceart ag ár ngrúpa aíonna maidir le níos mó cumhachtaí. Bhíomar ag súil mar choiste agus mar ghníomhairí Gaeilge go mbeadh Bille Údarás na Gaeltachta, maidir leis na toghcháin, rite faoin am seo. Níl sé ann. Ar chuma éigin, is léir ag an staid seo nach mbeidh an Bille againn ionas go mbeidh toghcháin ann i mí an Mheithimh. Beidh sé ann am éigin agus b'fhéidir go dtabharfaidh sé sin deis dúinn díriú isteach agus na cumhachtaí breise seo a chur isteach sa reachtaíocht.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív faoin bplean áitiúil Gaeltachta. Gheall an tAire go mbeadh leasuithe ag déileáil le pleanáil áitiúil agus táimid ag iarraidh plean náisiúnta ann chomh maith céanna. Is é sin raic idir mé féin agus an Aire. Ar a laghad, tá céim chun tosaigh ann go mbeidh an Ghaeltacht sa chreatlach nua pleanála agus go mbeidh straitéis ar leith ann maidir le tithe sa Ghaeltacht.

An gá le ceist shonrach, a d'ardaigh Donncha Ó hÉallaithe liom cheana, faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), faoin leasú sin agus faoin gcuidiú breise atá leagtha síos gur féidir leis an Roinn a thabhairt? Tá scéimeanna ann cheana féin ag an Aire. Aontaím le roinnt acu agus ní aontaím le roinnt eile. An bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh sé seo sa bhreis air sin nó in iomaíocht leis na scéimeanna sin? Tá mo thuairim féin agam gur chóir go mbeadh siad sa bhreis orthu toisc go bhfuil éigeandáil ann. Maidir leis sin arís agus le haon rud atá á lorg againn, tá scéim ann d'fhoirgnimh fholmha faoi láthair agus tá ag éirí go maith leis, go bhfios dom, lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ní tharlaíonn sé sin i mBaile Átha Cliath mar is scéim eile atá ann. Is é an moladh atá á dhéanamh go mbeadh céatadán sa bhreis ag aithint an costas breise atá ann ó thaobh na Gaeltachta de agus an easpa infrastruchtúir sin atá ann má táthar ag atógáil nó ag cóiriú tithe folmha nó tithe atá ina bhfothracha. Ba chóir go mbeadh sé sin á lorg againn agus is í sin an saghas tuairime atá ag ár ngrúpa aíonna ó thaobh sin de. Measaim gurb é sin an méid atá agam faoi láthair.

Ms Adhna Ní Bhraonáin

Tá pointe amháin faoi na deontais atá ar fáil do thithe fholmha. Is í an t-aon fhadhb atá leis sin ná go gcaithfí daoine a fháil ón taobh amuigh leis an obair a dhéanamh. Tá go leor daoine a bheadh scileanna siúinéireachta, leictreora agus rudaí ar an gcaoi sin, a bheadh in ann iad féin go leor den obair a dhéanamh ar an teach le hiad a réiteach.

Ní cháilíonn siad don deontas áfach, mar caithfear daoine eile a fháil ón taobh amuigh.

Ní comhlachtaí iad.

Ms Adhna Ní Bhraonáin

Caithfear duine éigin eile-----

D'fhéadfaí daoine aonaracha a fháil ach caithfidh siad a bheith cláraithe, is é sin an méid.

Ms Adhna Ní Bhraonáin

Okay, ach céard faoin duine atá á dhéanamh é nó í féin?

Níl sé nó sí cláraithe. Tuigim sin.

Tóg an leictreachas, mar shampla. Ní fhéadfá é a dhéanamh duit féin mar caithfidh síniú leictreora a bheith agat.

Ms Adhna Ní Bhraonáin

Is an chuid siúinéireachta, plástrála, obair leis na brící, na clocha, agus stuif ar an gcaoi sin níos mó atá i gceist.

Níl mé cinnte-----

B'fhéidir gur rud é go bhféadfadh comharchumann féachaint air le go mbeadh sé sin cláraithe agus go mbeadh na scileanna ann agus go gcruthófar sórt meitheal?

An taithí a bhí ann cheana, bhí sé níos fairsing ná mar atá anois mar níl an oiread sin daoine ag dul leis na ceirdeanna, nó cinnte dearfa nuair a chuaigh mise go Dúiche Sheoigheach, an rud a bhí ag tarlú ná théadh na leaids a bhí ag obair sa mhonarcha abhaile tráthnóna. B'fhéidir nach raibh aon scil acu ag leagann blocanna ach d'fhaighidís duine éigin a leagadh na blocanna agus bhíodar siúd ag déanamh go leor den sclábhaíocht, ag réiteach an suimint agus chuile shórt. D'fhaighidís plástrálaithe ansin agus dhéanaidís an rud céanna. Go minic, is comharsan nó gaolta leo iad a bhí i gceist. Tuigim an rud atá i gceist ag an bhfinné. Níl a fhios agam. Chaithfinn breathnú ar na rialacha go bhfeicfinn cé mhéid is féidir a dhéanamh duit féin. Cinnte dearfa, ní gá gur conraitheoir amháin atá ann ach caithfidh na daoine a bhí inniúil sa phost. Caithfidh siad a bheith cláraithe agus cáilithe más ceird faoi leith atá i gceist. Ceann de na rudaí faoi bheith cláraithe ná toisc cúrsaí cánach. In other words, tá an Rialtas ag rá, má tá sé ag íoc airgead amach, tá sé ag iarraidh a chuid ar ais.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Faoi sin, an bealach a mbíodh deontas Roinn na Gaeltachta ag obair ná go minic na daoine a thógadh na tithe, is daoine iad a thagadh abhaile ó Shasana agus ó Mheiriceá, scileanna pioctha suas acu agus scileanna ag a gcuid deartháireacha agus uncailí agus comharsan agus mar sin de, agus bhí siad in ann teacht le chéile mar mheitheal. An leictreoir a bheadh ag iarraidh teach a thógáil, d'fhaigheadh sé comharsan leis a bhí ina blockie leis na blocanna a dhéanamh agus dhéanfadh an leictreoir an obair leictreachais don blockie a bhí ag iarraidh teach a thógáil. D'oibrigh sé sin go pointe. Is dócha gur sin an rud atá i gceist ag Adhna. Ar bhealach, ní féidir é sin a dhéanamh a thuilleadh agus tá sé sin ag cur le costas agus ag cur bac, ar bhealach, ar dhaoine.

Tá na rialacha tógála ann agus mar sin de agus dár ndóigh caithfidh daoine a bheith cáilithe mar leictreoir agus rudaí difriúla. Tá siad i bhfad níos sciliúla. Tá an leictreachas i bhfad níos deacra anois le hais nuair a thóg mise mo theach nó le hais na caogaidí. Tá an-difríocht ann. An dream eile atá ag cur brú faoi na rudaí seo ná na baincéirí. Níl na bainc sásta airgead a íoc amach mura mbeidh innealtóir ag déanamh scrúdú ar gach rud agus sásta saighneáil go bhfuil gach rud faoi réir.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ní bhaineann sé seo leis an nGaeltacht amháin. Baineann sé go speisialta leis na ceantair tuaithe. Níor mhiste breathnú an bhféadfaí cuid de na rialacháin atá ann a lagú beagáinín le go mbeadh sé níos éasca do dhaoine an teacht le chéile sin nó an mheitheal sin a cur ag obair agus úsáid a bhaint as scileanna cairde, clann agus mar sin de. Má cuireann sé leis an stoc tithíochta, cén fáth nach bhféadfaí a leithéid de rud a dhéanamh? Má dhéanaim obair don Teachta, agus má chaithim seachtain ag cur díon ar a theach, d’fhéadfadh sé teacht agus seachtain a chaitheamh ag déanamh an pluiméireacht nó pé rud.

Aontaím le Donncha Ó hÉallaithe ach an rud a tharla, agus an rud as a tháinig seo ar fad, mar is eol dó, tógadh tithe ar dhroch-chaighdéan istigh sna bailte ar fud na tíre.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ní sa Ghaeltacht mar gheall go raibh innealtóirí ag Roinn na Gaeltachta ag déanamh scrúdú orthu.

Níorbh shin amháin é. Is cuimhin liom nuair a bhí mo theach féin á thógaint, bhíodh muid ar an suíomh chuile lá, bhíodh muid ag íoc duine leis an obair a dhéanamh, agus bhíodh muid ag ceannacht an t-ábhair, agus tá sé sin ceart go leor. Tugadh na rialacháin isteach áfach toisc go raibh chuile dhuine ag tabhairt amach faoin Rialtas nach raibh dóthain rialachán ann agus go raibh droch-thithíocht á dtógáil. Faraor géar, rugthas ar na tithe aonair sa rud sin. Aontaím le Donncha Ó hÉallaithe. Ní fhaca mise droch-theach mar sin á thógáil.

Maidir leis an ábhar seo agus an méid atá á rá ag Donncha Ó hÉallaithe, níl sé ag rá gur chóir fáil réidh le scrúdaithe ar an obair.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Níl.

Roimhe seo, bhí cigire ón Roinn, nó cibé áit, ag breathnú ar an obair. Is dócha gur fiú dúinn breathnú air sin arís, comhthreomhar leis an gcóras atá ann. Tuigim cad as a tháinig an córas sin ach anois tá deacrachtaí ann. Bheinn thar a bheith sásta dá mba rud é go raibh muid ag caint faoi chigireacht a bheith á dhéanamh ar gach píosa oibre ach meitheal ag an am céanna.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

B'shin mar a bhí. Bhíodh cigirí tithíochta fostaithe ag Roinn na Gaeltachta. Thug said an-cúnamh agus comhairle domsa nuair a bhí mé ag tógáil tí siar sna seachtódaí. Is daoine oilte a bhí iontu seo. Cuid acu b'innealtóirí iad. Cuid eile ba cheardaithe iad a raibh fíor scil acu agus chuir daoine muinín iontu freisin. De ghnáth, ba lucht na Gaeltachta iad iad féin.

Ach níl an fhoireann sin ann níos mó.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Tá siad san uilig imithe. Seo hiad na rudaí a chaithfear a atógáil dá mba rud é go raibh muid ag iarraidh. Táimid in ann amantaí cuid de na fadhbanna atá ann a réiteach ach dul siar agus breathnú ar conas mar a bhí sé nuair a bhí córas maith ó thaobh soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.

Rud amháin eile ná gur bhuaileamar le hionadaithe ó Uisce Éireann cúpla uair. B'fhéidir gur bhfiú de BANÚ mar eagras buaileadh leo chomh maith agus geallúint a fháil uathu. Mar a dúirt Uisce Éireann linn, ní bheadh fadhb aige dá mbeadh an t-údarás nó comhairle chontae ag tógáil na córais fuíolluisce nó a leithéid fad is dá mbeadh na córais á dtógáil ag an gcaighdeán atá uaidh agus ansin go nglacfadh sé seilbh orthu. Dúirt Uisce Éireann raibh raibh tosaíocht ar leith aige don Ghaeltacht. Tá liosta mór fada de thosaíochtaí aige – chuala muid roinnt acu ansin - lasmuigh den Ghaeltacht agus téann sé de réir an liosta sin. Má táimid ag caint faoi cluster beag de sé teach, ní rud mór d'Uisce Éireann é agus tiocfaidh sé chuige am éigin. Bhí muidne ag iarraidh teacht ar bhealaí chun teacht timpeall ar an ngéarchéim áfach. Bhí Tomás Ó Síocháin linn ag an gcruinniú in Uíbh Ráthach agus is é sin ceann de na freagraí a thug sé féin agus daoine eile ann. Ceann de na bealaí le teacht timpeall air seo ná má tá airgead curtha ar leataobh ag an gcomhairle chontae nó ag an Stáit chun go dtógfar na córais seo go neamhspleách ó Uisce Éireann ach ar an gcaighdeán atá uaidh. Ní Uisce Éireann sásta seilbh a ghlacadh orthu nó cuidiú in aon chor seachas na coinníollacha a leagann síos.

B'fhéidir gurb é sin an bealach chun cuidiú le ceantair beaga timpeall na tíre ar fad agus, ó thaobh an choiste seo, ceantair Gaeltachta ach go háirithe. Is cóir go gcuirfí airgead ar leith ar fáil agus, toisc go bhfuil muid ag iarraidh ceantair Ghaeltachta agus an teanga a chosaint, go ndéanfaí eisceacht ar na gnáthrialacha chun cuidiú leis na ceantair seo chun a chinntiú go dtagann muid timpeall ar an ngéarchéim atá ann agus nach bhfuilimid ag cailliúint daoine cosúil le hAdhna Ní Bhraonáin agus iad ag dul chuig an Astráil nó áiteanna eile. Tá aithne agam ar a lán daoine atá imithe agus nach bhfuil ag teacht ar ais. Tá mé tar éis cuidiú le roinnt dóibh teacht ar ais ach níl siad ag teacht ar ais ar an ráta ceart – an rud ceannainn céanna le hAdhna Ní Bhraonáin, agus is trua liom a cás. Níl aon taca ann do na daoine seo. Tá poist ann ach deireann siad nach féidir leo maireachtáil agus a bheith ag tiomáint ó Ghaillimh go Carna gach uile maidin agus ar ais arís.

Faigheann tú teach ar cíos ar feadh sé mhí den bhliain agus ansin tá ort imeacht mar tá an t-úinéir in ann níos mó airgead cíosa a fháil ó Airbnb le linn an tsamhraidh. Ní féidir maireachtáil mar sin. Níl cead agat mobile home a chur ar thaobh an bhóthair agus é a cheangal leis an gcóras séarachais atá ag do thuismitheoirí fiú má tá suíomh agat. Tá a lán rialacha breise ann. Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte ann, go mbeidh siad ina gcuidiú agus nach gcuirfidh siad leis an moill atá inniu. Is é an fhadhb is mó atá agam ná go bhfuil moilleadóireacht ag tarlú. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá sé ráite ag an Aire inniu go mbeidh siad ann i gceann coicíse agus go mbeidh comhairliúchán ann. Tá súil agam go mbeidh sé ina comhairliúchán gairid. Ansin, eiseoidh an tAire na treoirlínte i gceart agus beidh dul chun cinn déanta againn sa tréimhse Dála seo. Ó thaobh Airbnb, b'fhéidir go bhfuil tuairim ag na finnéithe conas tabhairt faoi sin gan scrios a dhéanamh ar an tionscal turasóireachta.

An bhfuil aon cheist eile nó aon rud eile le rá ag aon duine? Tá súil agam go dtabharfar éisteacht don mhéid a bhí le rá ag BÁNÚ lasmuigh den seomra seo. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo linn agus a dtuairimí a roinnt linn. Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an díospóireacht seo. Cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad. Fillfimid i seisiún príobháideach i gceann tamall beag chun déileáil le roinnt míreanna comhfhreagrais agus tuarascálacha.

Chuaighansuíarfionraíar 4.02 p.m., cuireadhtúsleisarísiseisiúnpríobháideachar 4.06 p.m. aguscuireadh ar athló é ar 4.46 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 17 Aibreán 2024.
Barr
Roinn