Le fiafruighe d'Aire an Phuist cad chuige a leitrightear "dhá phingin" ar stampa puist an tSaorstáit in ionad "dhá phighinn," agus le hiarraidh air a cheartú.
CEISTEANNA—QUESTIONS. [ORAL ANSWERS.] - STAMPA AN TSAORSTÁIT.
Sé an leitriú "Pingin" an leitriú ceart. In áiteanna in Eirinn dintear guth no dáfhoghair de "ng" i lár focail agus dá bhrí sin deirtear "Pighinn" in sna háiteanna san. Sé tuairm na nOificeach Aistriúcháin nách cóir imeacht ón leitriú ceart.