Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 27 Mar 1923

Vol. 2 No. 46

CEISTEANNA—QUESTIONS. - LEASÚ CUAN LOCHA SÚILIGH.

Le fiafruighe den Aire um Iasgach an bhfuair sé cuntas ón Aire um Thalmhuíocht le déanaí mar gheall ar an moill atá ghá dhéanadh i leasú Cuan Locha Súiligh ag Bun Crannaighe is Ráth Maolain; A ndearnadh socrú idir An Comháirle um Leathnú Cuan is Comhairle Chonndae Thíre Chonaill fé'n airgead a bheadh riachtanach don obair seo £55,000 le n-íoc ag an Chomhairle um Leathnú Cuan agus £20,000 ag Comhairle Thíre Chonaill; an rabh gach rud a bhaineas leis seo críochnuighthe nuair a thosuigh an Cogadh Mór; an congbhuigheadh an t-airgead seo (£55,000) mar a roinneadh i gcóir na hoibre seo, agus an dtig leis an Aire a rádh ca'n uair a thosnochar an obair ró-riachtanach seo.

Tá cúntas fachta agam ó Aire um Thalmhuíocht mar gheall ar chúrsaí an sgéil seo, agus, mar sin, tá eolas agam i dtaobh na margainti a bhí idir Comhairle Chonndae Thíre-Chonaill agus na Comisinéiri um Leathnú Cuan ó Lunndon. An t-airgead a bhí riachtannach do'n obair roimh an gcogadh, bhí sé le fághail i mbliain 1914, acht do chuir tosach an chogaidh cosg le tosnú na h-oibre.

Toisg an méadú mór ar chostas oibreachais agus adbhar, le linn an chogaidh agus 'na dhiaidh, níor mhór meastachán nuadh do dhéanamh tréis an chogaidh. Bhí an meastachán nuadh so i bfad níos mó ná an t-airgead a leagadh amach i gcóir na h-oíbre ar dtúis, agus do b'éigin margainti nuadh a bheith idir an dá dhream chun an airgid atá riachtannach d'fághail.

Tá an sgéal ar fad fé bhráid na h-Aireachta Airgid fé láthair, agus ní fheudfainn a rádh anois cathain a tosnóchar ar an obair.

Barr
Roinn