den Aire Airgid cad é an méid airgid a bheadh ag teacht isteach chun Ciste an Stáit da gcuirtí 15 fén gcéad de Dhiúité Custuim ar pháipéiribh nuachta a thagann isteach ó thíorthaibh eile, agus an bhfuil sé ceapuithe aige an Diúité sin a chur ar na paipéiribh iasachta.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - CAIN AR PHAIPEIRI IASACHTA.
Da gcuirti diuite custuim is co-ionnan le cuig deag fe'n chead de luach an earra ar paipeiri nuachta a thagann isteach i Saorstát Eireann ó thiortha eile, agus da mba nách mbeadh laghadu mar gheall ar an diuite ar luach na b-paipear san, meastar go dtiocfadh fá thuairim £30,000 sa bhliain isteach i geiste an stáit de bhárr an diute.
Ni breathnochar ciacu ba choir a leithéid de dhiuite a chur i bhfeidhm nó nar choir, go dti go n-iarrann daoine, a m-baineann ceist an diuite seo le n-a n-gnó, ar an Aire Airgid é a chur i bh-feidhm, go g-cuirtear an t-iarratas os choir Coimisiun na n-Dleacht, agus go bh-faghtar tuairise 'na thaoibh ó'n Choimisiún sin.
Will you translate that?