Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Nov 1927

Vol. 21 No. 7

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - DEATH DUTIES IN SAORSTAT.

asked the Minister for Finance whether he can state the amount likely to be paid into the Saorstát Exchequer in respect of the estate of the late Earl of Iveagh; also, what conditions govern the payment of death duties of Saorstát citizens domiciled outside the Saorstát.

Níor cuireadh isteach fós an dearbhú i gcóir Deontais Ionaduíochta i Saorstát Eireann um estát an Tighearna Uí Mhéith agus go dtí go gcuirfar ní féidir a mheas cé mhéid diúité a bheas iníoctha.

Bíonn diúité estáit iníoctha i Saorstát Eireann ar bhás duine go raibh buan-chomhnaí air lasmuich de Shaorstát Eireann, pé aca bhí an duine sin i n-a shaoránach de Shaorstát Eireann, no nách raibh: (a) i dtaobh maoine a luigheann i Saorstát Eireann agus gurbh' é an marbh lán-únaer na maoine, (b) i dtaobh maoine pearsanta a thuiteann tar éis bháis an mhairbh fé Shocarú ach an mhaoin sin a bheith dílsithe in Iontaoibhithe go bhfuil comhnuí ortha i Saorstát Eireann. Bíonn Diúité Comharbais iníoctha i Saorstát Eireann ar bhás duine go raibh buan-chomhnuí air i Saorstát Eireann, pé aca bhí sé i n-a shaoránach de Shaorstát Eireann no nách raibh, (a) i dtaobh Estáit Réalta a luigheann i Saorstát Eireann agus a thuiteann tar éis bháis an mhairbh, (b) i dtaobh maoine pearsanta a thuiteann tar éis bháis an mhairbh fé Shocarú, ach an mhaoin sin a bheith dílsithe in iontaoibhithe go bhfuil comhnuí ortha i Saorstát Eireann.

Fiachas diúité báis i dtír lasmuich de Shaorstát Eireann, tá soin dá riaghlú fé dhlithe na tíre lasmuich.

An féidir leis an Aire meastachán do thabhairt ar an mhéid airgid atá ag teacht chun Ciste an Stáit mar dhiúite?

Ní féidir. Níl fhios againn cad is fiú an estát san go fóil.

Arising out of the Minister's reply, may I ask whether, when a question is put in English, it would not be courtesy on the part of the Minister to reply in the same language?

Bhí fhios agam gur thuig an Teachta na Ghaedhilg.

Barr
Roinn