Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1927

Vol. 21 No. 11

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - CUITEAMH AR DHOGHA NA BEARRAICE.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid an bhfuil fhios aige gur moladh £700 ag an Shaw Commission do Mrs. E. Nally chun bearraic na bpóiliní i gCinn Mhara a dóigheadh ag an I.R.A. d'ath-thógaint; gur cheannaigh Mícheál O hAnnluain fothrach na bearraice sin agus an talamh ar a bhfuil sé suidhte o Mrs. E. Nally i mbliain a 1921; gur chuir sé iarratas isteach ar an £700 úd chun an tighe d'ath-thógaint ach nach bhfuair sé fós é; agus cathain is mian leis an Aire an t-airgead san a thabhairt do Mhícheál O hAnnluain.

An mola a thug an Coimisiún Cúitimh (d'Éirinn) i dtaobh dogha Bearraice na bPóilíní i gCinn Mhara is i bhfabhar únaerí na foirginte, Eilís, Bean Mhic an Fhailghigh, agus Eibhlín Ní Eidhin, atá tar éis bháis, a tugadh é. Isí Bean Mhic an Fhailghigh atá ag riara estáit Eibhlin Ní Eidhin. An méid atá gan íoc den mhola. ní féidir é íoc ach le Bean Mhic an Fhailghigh no le duine a cheapfa sí siúd an íocaíocht d'fháil.

Do cheannuigh Mícheál O hAnnluain suidheamh agus fothrach na bearraice, ach, chó fada agus is eol dom, níor dhin sé leas na n-únaerí sa mhola do cheannach agus, ar an abhar san, ní féidir aon íocaíocht do thabhairt do. Do chuir mo Roinn-se in iúl dá Aturnaethe ar an 27adh Márta, 1925, gur le Bean Mhic an Fhailghigh a bhí méid an mholta iníoctha agus go bhféadfadh sí siúd, dá mba mhian léi é, an leas a bhí aici ann do chur dá láimh.

An bhfaighead an bhean an t-airgead gan an tigh do thógaint?

Ní bhfaighead. Caithfidh sí an tigh do thógaint.

Barr
Roinn