den Aire Airgid an bhfuil tuarasgabháil an Choiste a dhin fiosrúchán i dtaobh oibriú Acht na bPinsean Sean-Aoise scrúduithe fós ag an Rialtas, agus má tá, an bhfuil sé ar aigne ag an Rialtas tairisgintí reachtúcháin do thabhairt isteach chun molta an Choiste do chur in éifeacht.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - PINNSIN tSEAN-AOISE.
Táthar tréis scrúdú cruinn do dhéanamh ar an dTuarasgabháil. De's na 14 moltaí atá déanta ag an gCoiste ní gá reachtúchán ach i dtaobh na moltaí atá i Rannaibh 47-50 de'n Tuarasgabháil. Gheobhaidh an Teachta freagra beacht i dtaobh gach molta ar leithligh sa bhfreagra do tugadh ar Cheist an Teachta Uí Chonaill, Diardaoin, an tarna lá de Mhí na Nodlag seo chaithte.