Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Nov 1927

Vol. 21 No. 18

LEWIN (GALWAY) ESTATE. - IASACHT DHAIL EIREANN.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an féidir leis a rádh cathoin a díolfar as bannaí Dála na ndaoine seo leanas:— Mary Greene, deceased (now John and James Greene), Maynooth, £6; Elizabeth Mealey, Maynooth, £3; Christopher O'Toole, Maynooth, £1; Joseph Reid, Coole, Monasterevan; Joseph P. Cusack, Blackwood, Robertstown, Co. Kildare, £10; Thomas Aherne, Rickardstown, Monasterevan, £3; Annie Cosgrave, Moyville, Co. Kildare, £10; E. A. Costello, Longbridge, Carbury, £5; Bernard Robinson, Kilrathmurray, Hill-of-Down, £10; Thos. Dowling, Lake Ville, Ballinafagh, Prosperous, £5; Nicholas Treacey, Maynooth, £1; Joseph Ennis, Cloncurry, Enfield, £5; John Hill (deceased), Grange House, Edenderry (his wife, Elizabeth Hill, living), £10.

I gcásanna Elizabeth Mealey, Joseph P. Cusack agus Thomas Aherne táthar tar éis údaras do thabhairt don Roinn Phuist agus Telegrafa chun Cairteacha Coigiltis do thabhairt amach a chuirfidh ar chumas na sintiúsairi aisíoc d'fháil do reir foralacha Acht Iasachtai agus Cisti Dhail Eireann, 1924.

I gcás Christopher O'Toole tabharfar údaras d'Oifig an Uhuist laistigh de sheachtain chun Cairt Choigiltis do thabhairt amach.

I gcásanna Thomas Dowling, Nicholas Treacey, Joseph Reid, Mary Green (deceased) agus John Ennis táthar tar éis iarrataisí ar aisíoc d'fháil ach ní foláir tuille eolais d'fháil sara bhfeadfar breith do thabhairt maidir leis an aisíoc.

Ní bhfuarthas aon iarratas ar aisíoc maidir le sintiuisi John Hill (deceased), Bernard Robinson, Annie Cosgrave agus Edward Costelloe.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid an bhféachfar chuige ina scéimeanna a ceapfar i gcóir caitheamh an Vóta Fóirithine de £150,000 gur do dhaoine oireamhnacha atá scurtha díomhaoin le tamall fada a tabharfar pé obair chléireachais a bhainfeas leis na scéimeanna san.

Ní meastar gur gá, chun na scéimeanna do riara, aon bhreis chléireach do thabhairt isteach thar mar atá i bhfostaíocht fé láthair no atá ar an liosta ag feitheamh le ceapachán de bhrí gur eirigh leo i scrúdúcháin chomórtais oscailte.

asked the Minister for Education to state what is his attitude with regard to the findings of the recent Commission of Inquiry into Inspection of National Schools.

The Report of the Committee is a lengthy one, containing several very important recommendations, some of which entail additional expenditure. These require and are receiving the fullest consideration of my Department and the Department of Finance. When a decision has been come to it will be communicated in official instructions sent out from my Department.

Barr
Roinn