Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Nov 1927

Vol. 21 No. 18

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - PINSIUN NA SEAN.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid cad na thaobh ar diúltuigheadh pinsiún na sean do Mhícheál O Ruairc, Cosmóna, Baile Locha Riach, cé gur ghlac an fóchoiste i mBaile Locha Riach le n-a iarratas san (27.X.1927, Uimhir a 3622) agus cé go ndeaghaidh beirt chreidheamhnach (.i. Tomás O Riain, Coscarraige, 71 bliain agus Seán de Faoite, 80 bliain) i n-urradhas air go bhfuil an t-iarrathóir os cionn 70 bliain d'aois.

Tá éileamh ar phinsean sean-aois so chás so a breithniú fé láthair ar athchomharc ar an scór go bhfuil an fhianaise i dtaobh aoise nea-shásúil. Bhí an t-éileamh fé bhreithniú cheana i mí na Márta so caithte ar an scór céanna agus do fuarthas dhá Dhearbhú, a dhin an bheirt atá luaidhte sa Cheist i láthair Fheadhmannaigh Shíochána. Do ceapadh go raibh na Dearbhuithe seo ró-neachruinn chun pinsean do lomháil dá mbarr. Do chuir Cléireach Fó-Choiste na bPinsean in úil don Eilitheoir gur bunuíodh an t-athchomharc so agus do chur an Roinn in úil do é ar an 8 adh lá den mhí seo, ach ní bhfuarthas go dtí seo aon fhianaise no ráiteas sa mbreis mar thacuíocht leis an éileamh. Maran féidir don Eilitheoir fianaise chruinn ar a aoise d'fháil níor mhiste dho cruthúnas ar aois an chéad driothar a rugadh ina dhiaidh do chur isteach. Chun caoi do thabhairt do chun so do dhéanamh, ní tabharfar breith ar an gcás go ceann roinnt seachtain eile.

Barr
Roinn