den Aire Iascaigh ar deineadh aon rud fós chun an iasacht ar ar scríobhadh chuig Coimisiún na Talmhan ar an 9adh Eanair a thabhairt do Sheán O Conghaile, Baile Nuadh (Newtown), Cill Brighde (Celbridge); agus fós, ar deineadh aon rud i dtaobh iasacht Phádraig Uí Gruagáin, Cnoc an Eallaigh (Knockanally), Domhnach Déadhaigh (Donadea), ar ar scríobhadh chuige ar an 8adh lá de Mhí na Nodlag, 1927.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - IARRTAISI AR IASACHATA.
D'fhiafriugh
DOMHNALL UA BUACHALLA
Níl aon chómhacht ag Coimisiún na Talmhan chun iasacht airgid do thabhairt do Shéan O Conghaile chun stoc do cheannach. Is féidir iarrataisí ar iasachtaí airgid chun stoc do cheannach do sheóla chun Rúnaí Chorparaid an Cháirde Thalmhaoíchta, 2 Cearnog Mhuirbhthean Baile Atha Cliath, a bunuiodh le déanaí. An t-iarratas a dhin Padraig O Gruagain ar iasacht airgid i gcóir tithe, tá sé fé bhreithniú fé lathair.