Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Mar 1928

Vol. 22 No. 11

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - MONARCHAIN BRATACH URLAR.

D'fhiafruigh

MICHEAL OG MAC PHAIDIN

den Aire Iascaigh ar tugadh fios don Aire go bhfuil trí monarchain bratach urlár druidte i lár Gaedhealtachta Thír Chonaill, ag Ath na Groighe, ag Cró-Shlighe agus ag Cill Chártha; go dtug na monarchain seo saothrughadh do chúig céad cailíní; go bhfuil na cailíní seo ag imtheacht go tíorthaí coimhtheacha anois; agus an bhfuil rún ag an Aire feidhm ar bith a bhaint as tighthe na monarchan so le slighe bheatha thabhairt do mhuinntir na Gaedhealtachta sa bhaile.

Níl fém chúram-sa ach dhá cheann de sna trí monarchain dá dtagartar. Táthar tar éis fógra do sheirbheáil ar leasuithe na monarchan so ag cur deire le na dtionóntuíocht. Chó luath agus a bheidh seilbh fachta ag an Roinn cuirfear fiosrúcháin ar bun maidir leis an slí is fearr chun na foirgintí d'úsáid i dtreo go mbeadh obair le fáil sa cheanntar ina bhfuilid suidhte.

Barr
Roinn