den Aire Cosanta cé an fáth ar baineadh an pinsiún mí-ábaltachta de Patrick Harrison, Canal View, Béal Atha na Sluagh, agus an ndeunfaidh an tAire an sceul san a aith-bhreithniú.
CEISTEANNA.—QUESTIONS. WRITTEN ANSWERS. - PINSIUN MI-ABALTACHTA (ATHA NA SLUAGH).
D'fhiafruigh
Do dheonadh pinsean sealadach do Patrick Harrison ón 18adh lá de Bhealtaine, 1923, go dtí an 30adh lá de Mheitheamh, 1925, mar gheall ar ghortú adubhairt sé a fuair sé tre thuitim de lorraí. Ba léir de bharr tuille fiosruithe a dineadh i mí an Mheithímh, 1925, nárbh é an tuitim den lorraí fé ndeár a mhí-ábaltacht, agus do socruíodh dá bhrí sin ná féadfí an pinsean d'íoc leis a thuille. Táim tar éis an cás do bhreithniú agus is oth liom a rá nách féidir liom an socrú so d'atharú.