Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 30 Mar 1928

Vol. 22 No. 19

CEISTEANNA.—QUESTIONS. WRITTEN ANSWERS. - SCIURADH CUAN NA gCEALL BEAG.

D'fhiafruigh MICHEAL OG MAC PHAIDIN

den Aire Iascaigh an feasach do go bhfuil glár salach ag cruinniughadh i gCuan na gCeall Beag i nDún na nGall agus, os rud é go bhfuil súil le hiasgaireacht mhór scadán i dtús an tSamhraidh san áit seo, an gcuirfidh an tAire long glanta ann chun an cuan a sciúradh.

Tá fhios agam go bhfuil gá le roinnt sciúrála do dhéanamh i gCuan na gCeall mBeag d'fhonn is go mbeadh leor-shaoráidí le fáil ag báid iascaigh a dhineann úsáid den áit; agus táim ag déanamh fiosruithe féachaint an bhfuil long glanta oiriúnach le fáil. Nuair a bheidh an t-eolas san agam cuirfead in úil do Choimisinéirí Chuan na gCeall mBeag an féidir an sciúráil do dhéanamh in am d'iascach an tSamhraidh no nách féidir.

Barr
Roinn