Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 18 Apr 1928

Vol. 23 No. 1

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - BAD DO THABHAIRT D'IASCAIRI.

D'fhiafruigh

den Aire Iascaigh an féidir an "Oliver Plunkett" no an "Galway Bay" no bád éicint den tsórt sin a thabhairt d'iascairí na Gaillimhe ar na coingheallacha céadna atá deunta le hiascairí Thír Chonaill agus fós ar bhfearr praigheas na mbád a laigheadú i dtreo is go mbeadh ar chumas na n-iascairí iad a cheannach in ionad na báid sin a bheith díomhaoin agus ag lobhadh ar an gcladach i nGaillimh mar atáid fé láthair.

Táim fé láthair a d'iarraidh an dá bhád is oiriúnaí de sna báid atá ag mo Roinn sa Ghaillimh do chur á oibriú fé choiníollacha den tsaghas atá ag baint le hoibriú bád i dTír Chonaill. Táim lán-toilteanach araon tairisgint réasúnta airgid ar bháid atá agam do ghlaca. Isiad daoine, ámhthach, is gnáthaí a bhíonn a d'iarraidh na báid seo do cheannach ná daoine go mbíonn iasachtaí Stáit uatha chuige sin ach ná bíonn 'na gcumas an t-urrús is gá i gcóir na n-iasachtaí do thairisgint.

Barr
Roinn