den Aire Airgid cionnus ar deineadh amach go mbeadh ar Sheán O Finn, an tSráid Mhór, Baile Locha Riach, cáin ioncuim ar £250 d'íoc anuiridh agus i mbliana.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - CAIN IONCUIM.
D'fhiafruigh
Ní féidir liom aon fhreagra a thabhairt ar an gceist seo ná ar aon cheist dá leithéid.
An mbeidh cead agam-sa an cheist seo a phlé ar ath-ló na Dála?
Ní bheidh. Níl aon bhaint agam-sa leis an gceist. Tugadh os cóir an Bhreithimh í agus do shocruigh sé í.
Más rud é gur thug an Chuirt breithiúnas uirthi ní féidir í phlé anso.
Sé an rud atá uaim le rá anois ná nár chuir an Cigire aon chíos-cháin ar an bfhear san cúig bliana ó shoin. Tá an t-ioncum céanna aige anois agus a bhí an uair sinn. Ba mhaith liom fios a bheith agam conus a thárla sin.
Dá mbeadh cupla focal ag an dTeachta liom-sa béidir go bhféadfaimís an sgéal do shocrú.