Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 19 Apr 1928

Vol. 23 No. 2

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - AISIOC BANNAI.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an ndéarfadh sé cathoin a aisíocfar bannaí (caoga) an Athar Tomás Burbage, Sagart, a bhí i nGéisill, O Fáilghe, nuair a ceannuíodh iad, agus atá fé láthair i nAth-leathan, Magh Bhealaigh, Contae Chill Dara.

Níl an freagra ar an gceist seo ullamh iniu. Caithfidh mé iarraidh ar an Teachta an cheist do chur arís.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an bhféadfadh sé a rádh cathoin a aisíocfar bannaí (£2) Labhráis Mhic Ghabhann (Laurence Smyth), Baile Eoin (Owenstown), Muigh Nuadhat, a chuir iarratas isteach cheithre nó chúig uaire cheana.

Ní leor na mion-innste atá in iarratas Labhráis Mhic Ghabhann ar aisíoc chun a chur ar chumas mo Roinne-se a údarú go dtabharfí amach Cairt Choigiltis. Táthar tar éis eolas níos iomláine d'iarraidh ar Labhrás Mhac Ghabhann agus nuair a gheobhfar san uaidh socrófar an scéal chó tapaidh agus is féidir é.

Barr
Roinn