Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Apr 1928

Vol. 23 No. 5

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - AISIOC BANNAI.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an ndéarfadh sé cathain a aisíocfar bannaí (caoga) an Athar Tomás Burbage, Sagart, a bhí i nGeisill, O Failghe, nuair a ceannuíodh iad, agus atá fé lathair i nAth-Leathan, Magh Bhealaigh, Contae Chill Dara.

Níl aon chunntas im Roinn-se ar an sintius a deirtear do thug an tAthair Tomas Burbage do Iasacht Intire Dháil Eireann. Tá scriobhtha ag mo Roinn chun an bhailightheóra in gceanntar Gheisill, afach, agus tá dóchas agam go ngeobhad o'n mbailightheóir eolas nios cruinne ar an scéal sar i bhfad.

Barr
Roinn