Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 May 1928

Vol. 23 No. 19

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - TALAMH DO ROINT I gCO. CHILLDARA.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh cad 'na thaobh nár tugadh do Nioclás de Buitléir, Kilbrook, an Bóthar Buidhe, Contae Chill Dara, agus dá lán fear mar é, cuid den 323 acra do tugadh do Sheán Prendergast chun féaraigh aonmhí-dhéag; cad 'na thaobh gur tugadh do Sheán Prendergast 323 acra i dteannta 247 n-acra do bhí aige cheana an fhaid is a bhí fir óga ag imtheacht thar sáile as an áit d'easba talmhan; agus an ndéarfadh sé cathoin a tabharfar talamh dóibh seo atá luaidhte agam.

Fé mar a hinnseadh cheana don Teachta mar freagra ar an gceist a chuir sé an 2adh lá den mhí seo, do dineadh an 323 acra ar Estat Chlúain Chorraigh do chur ar cíos chun Shéain Prendergast chun féaraigh amháin i ríth an tsaosúir seo, go dtí go roinnfear na táilte ar na daoine a toghfar chuige sin.

Do hinnseadh don Teachta mar fhreagra ar an gceist a chuir sé an 24adh lá de Mhí na Samhna so caithte ná fuil sé beartuithe paistí talmhan ar an estat so do thabhairt do sna daoine dá dtagartar sa cheist agus ar a bhfuil Nioclás de Buitléir.

DOMHNALL UA BUACHALLA

An bhfuil fhios ag an Aire go raibh an fear so ag dul go hAmerica; gur cheannuigh sé ticéid agus gur fhan sé san tír seo toisc go raibh sé ag súil le paiste talmhan ar an estát so d'fháil.

Níl sé beartuithe paiste do thabhairt do Nioclás de Buitléir ar an estát so, mar tá an talamh ag teastáil i gcóir na ndaoine o na Ceanntracha Cumhanga. Má tá talamh eile san cheanntar á roinnt tig leis an duine sin éileamh a chur isteach air.

Barr
Roinn