Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 May 1928

Vol. 23 No. 19

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - AISIOC BANNAI.

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Airgid an ndéarfadh sé cathoin a haisíocfar bannaí is le Seán MacCathasaigh (McAsey) Bealach, Mainistir Eimhin; Máire Nic Chathasaigh (McAsey) Bealach, Mainistir Eimhin; Mícheál MacCathasaigh (McAsey) Mainistir Uí Mhórdha (Moore Abbey), Mainistir Eimhin; agus an Athair Tomás Burbage, an tAth Leathan (Broadford) Magh Bhealaigh.

Bhéarfar údarás go luath don Roinn Puist agus Telegráfa Cartaí Coigiltis do thabhairt do Sheán Mac Cathasaigh agus do Mháire Nic Chathasaigh, Bealach, Mainistir Eimhin, agus do Mhícheál Mac Cathasaigh, Mainistir Uí Mhórdha, Mainistir Eimhin, mar gheall ar na síntiúisí, púnt an duine, do thugadar d'Iasacht Intíre Dháil Eireann.

An té do bhailigh síntiúisí sa cheanntar ina raibh an t-Athair Burbage ina chomhnuí níor chuir sé ainmneacha lucht na síntiúisí isteach agus, ar an abhar san, níor cláruigheadh ainm an tsagairt. Tá breithniú dhá dhéanamh faoi láthair ar iarratas an Athar Burbage agus sgríobhfar chuige i dtaoibh an aisíoca chomh luath agus is féidir é.

Barr
Roinn