Tar éis an méid cainnte do bhí againn iniú ar chúis na Gaedhilge, is dó liom go mba cheart chur síos ar cúpla ní san mheastachán so. Le sé bliana anuas—o cuireadh an Stát so ar bun—tá a lán daoine sa tír— chim cuid acu iniú ar an dtaobh eile den Tighe—agus níl siad sásta le polaisí an Rialtais chun Gaedhilge do chur i bhfeidhm i ngach uile shlí. Is dócha ná raibh siad sásta an cheist do chur dá plé annso. Nuair ná fuair siad sásadh annso, chuaidh siad amach fén dúthaigh agus bhí siad ag síor-chainnt ar na comhairlí puiblí agus á rádh nár cheart an méid sin airgid do chaitheamh ar mhúineadh na Gaedhilge agus a bhí á chaitheamh.
D'ainneoin a bhfuil ráidhte ag an Aire agus d'ainneoin an dul-ar-aghaidh atá déanta ag an teanga, nílimíd-ne, ar an dtaobh so den Tigh, sásta nach féidir a thuille do dhéanamh. Cuir i gcás ceist na leabhar agus ceist i dtaobh lón do thabhairt do scoláirí n-áiteacha bochta ar fud na tíre. Chó maith le sin, is dó liom go dtiocfadh leis an Aire níos mó do dhéanamh ar son cheoil Gaedhalaigh—go mór mór nuair a fheicimíd an méid feiseanna atá ann fá láthair ar fud na tire. Ba chóir don Aire níos mó do dhéanamh ar son cheoil na tíre ná mar tá gá dhéanamh aige.
Os rud é gurab é an cuspóir atá againn go mbeidh, i gcionn 20 no 40 bliain, gach duine atá ar scoil anois in án an Ghaedhilg do labhairt go flúirseach, ba chóir a thuille aire do thabhairt do stair aiteamhail agus ba chóir píosaí dramaíochta a chur ar an ardán agus saghas mór-shiubhal nó pageants a chur ar bun. Cuirfeadh na daoine óga níos mó suime in obair dá leithéid sin ná in obair ar bith eile, b'féidir.
Tá cúpla poinnte eile agam a ba mhaith liom a nochta. Nuair a bhí an t-Aire ag labhairt i dtosach dubhairt sé go raibh ceist an cheárd-oideachais gá scrúdú aige. B'féidir go mbeadh a thuille le rá aige mar gheall air sul a mbeidh an díospóireacht so thart. I dtuarasgabháil Choimisiún na Gaeltachta moladh ranganna leanúnacha do chur ar bun le haghaidh talmhaíochta, iasgaireacht agus déantúisí na háite do mhúineadh do na daoine óga. Thall i Sasana tá dlúth-bhaint—go mór mór sna hárd-ranganna—idir oideachas na ndaoine agus saol na ndaoine. Ní mar sin atá an sgéal againn-ne. B'féidir go mbeadh sé costasach ranganna leanúnacha do chur ar bun in gach uile áit ar dtúis ach b'fhéidir go mbeadh an t-Aire ábalta níos mó a dhéanamh chun dlúth-bhaint do chur ar bun idir saol na scoileanna agus saol na ndaoine.
Tchím o leabhairín beag go bhfuil, ins na ranganna is aoirde i bhfurmhór na scoileanna i Londuin, breis is cúig h-uaire a chluig tugtha d'ealadhain agus do chleachta oibre agus is dó liom gur féidir níos mó a dhéanamh annso chun dlúth-bhaint do chur ar bun idir teagase agus talmhaíochta agus cuntaisí feirmeóireachta i dtreo go mbeadh níos mó suime ag na daoine óga san tír agus go bhfanfadh siad annso—go mbeadh colus acu ar stair na tíre agus colas cruinn beacht acu ar dhéantúisí na tíre agus ar na céarda atá ar fáil acu annso. Tá beárna mhór idir na bun scoileanna agus na meadhon-scoileanna annos. Tá fhios ag an Aire ná raibh dlúth-bhaint idir saol na mbunscoileanna agus saol na ndaoine. Chó maith le sin, d'fhágadh an chuid is mó de na scoláirí an scoil tar éis an chúigiú ranga do shroichint agus go minic san nGaeltacht ní bhiodh scoláirí san scoil i rang ar bith níos aoirde ná an tríomhadh rang. Táim sásta go mbeidh feabhas ar sin faoi'n Acht atá i bhfeidhm anois. Mar sin fhéin, is dó liom go dtiocfadh leis an Aire níos mó do dhéanamh ar son na scoláirí san dhuthaigh. Cuir i gcás na scoláireachtaí. Tá a lán de na scoláireachtaí ó na bun-scoileanna go dtí na meadhon-scoileanna ag dul go dtí na scoileanna ins na cathracha agus ins na bailte móra. Is dó liom go mba cheart an scéim sin do leathnú amach agus scoláireachtaí do thabhairt do scoláirí na nGaeltachta agus do na scoileanna fén dúthaigh. I scoil fén dúthaigh ná fuil innte ach máistir amháin, ní féidir an traenáil chéana do thabhairt do na scoláirí agus is féidir do thabhairt i scoil mhóir i mbaile mhór. Ar an abhar san, is dó liom go mba cheart scoláireachtaí áirithe do thabhairt do na bun-scoileanna ar fud na tíre. Chó maith le sin, chun dlúth-bhaint do dhéanamh idir saol na ndaoine agus saol na scolairí, ba cheart scoileanna leanúnacha do chur ar bun. Nuair a fhágann na scoláirí na scoileanna ar a 14 bliana d'aois, tá an méid airgid a híocadh ar a son san beagnach caillte go minic.
Isé an rud is mó agus is bunúsaí in oideachas ná an scoláire a bheith ar scoil go dtí 14 bliana d'aois agus iad a choinneáil ar scoil éigin ina dhiaidh sin —scoil leanúnach nó scoil cheárdoideachis. Muna bhfuil scéim dé leithéid sin ann, ní féidir cose do chur ar imirce thar lear. Molaim don Aire ranganna nó scoileanna leanúnacha do chur ar bun agus scéim na scoláireachtaí do leathnú i dtreo go mbeidh seans ag na páistí ins na bun-scoileanna fén duthaigh dul go dtí na meadhon-scoileanna agus, chó maith le sin, scoláireachtaí do chur ar bun i scoileanna na gcéard. Ní dubhairt an t-Aire aon ní mar gheall ar athrú i scéim na scoláireachtaí atá i bhfeidhm fá láthair chun scoláireachtaí do thabhairt do scoláirí i scoileanna na gcéard. Nuair a thiocfas an cheist sin ós cóir na Dála, tá súil agam go mbeidh scéim ag an Aire chun scoláireachtaí do thabhairt ó na bun-scoileanna go dtí na meadhon-scoileanna agus go dtí scoileanna na gcé ard chomhmaith agus ó na meadhon-scoileanna go dtí an Ollscoil.
Dubhairt Teachtaí áirithe, nuair a bhí siad ag cainnt Dé hAoine annso, ná raibh siad sásta leis an gclár nua. Léighim litreacha sna bpáipéir anois agus arís á rá ná fuil na daoine atá á sgriobhadh sásta, d'ainneoin an méid atá sa chlár, le múineadh mathematice agus a leithéid agus ná fuil an múineadh chó maith agus mar tá sé i dtíortha eile. Tuigim go bhfuil an tAire chun Coláiste Oileamhain do chur ar bun i nGaillimh. Is maith liom go bhfuil an Aireacht chun daingniú do dhéanamh idir na coláistí Oileamhain agus an Ollscoil agus nuair a bheidheas sin déanta i nGaillimh tá súil agam go mbeidh có-oibreachas níos fearr idir na Coláistí-Ollscoile eile agus na coláistí Oileamhain.
Anois mar gheall ar na múinteoirí idirmeadhonacha, fuair gach Teachta leitir uatha sin agus tá fhios againn go léitir na nithe a theastuíonn uatha. Ba mhaith liom cúpla focal a rá i dtaoibh na mban i dtosach. Tá an cúigiú cuid de na mnaibh atá atá ag teagasc i scoileanna an tSaorstáit nach bhfuil a fáil an bun-tuarastail atá leagtha síos le haghaidh na muinteóirí cláruighthe. Mar a bhfuil siad cláruithe féin, táid oilte agus teisteas aca agus ba chóir tuarastal ceart a thabhairt dóbtha. Tá siad ar fad beagnach tar éis cúrsa fada a dhéanamh i meadhonscoil agus tar éis ceithre bliana a thabhairt san Ollscoil ag baint amach céimeann agus teisteas oideachais.
D'aimhdheoin é sin níl siad a fagháil an tuarastail atá ag na Gárdaí Síochána féin. Tá £178 sa bhliain ag na Gárdaí agus níl ach £2 de dheifríocht idir sin agus bun-tuarastail na mban-mhúinteoir cláruithe—gan trácht ar na mnáibh nach bhfuil le fagháil an méid sin féin. Tá cléireigh agus chló-scríbhneoirí abhfad níos féarr as ná iad. Níl pinsean ná breiseanna sa bhliain ag an cúigiú cuid de na mnáibh nach bhfuil cláruithe mar tá ag lucht na StátSheirbhíse.
Níl aon phost seasta ag na múinteoirí seo. Tá aithne agam ar chuid aca seo agus cuireadh as a bpostanna iad, nuair a d'fhéil sé don bhainisteoir agus iad tar éis thar 15 ná 20 bliain a thabhairt ag teagase sa scoil. Ní féidir sin a dhéanamh i dTuaisceart na hEireann gan cead ón Rialtas. Tá súil agam go mbeidh sé mar sin annseo chó luath agus is féidir.
I dtaobh cheist na bpinsean, nuair a thiocfas an scéim os cóir na Dála tá súil agam go dtiurfaidh an tAire agus an tAire Airgid lán-chreidheamhaint do na múinteoirí as ucht a gcuid seirbhíse fada agus tá súil agam go mbeidh siad chó maith ar gach cuma faoi an scéim agus táid sa Bhreatain Mhóir. Ní féidir dul ar aghaidh le cúrsaí oideachais gan cóir agus congnamh o na múinteoirí féin agus táim ag fanacht leis an lá go mbeidh comhairle agus baramhail na múinteoirí ghá n-iarraidh agus ghá nglacadh ar chúrsaí oideachais.
Tá faitchios orm go bhfuil cuid de na scoileanna atá a fagháil deontais ar son teagasc na Gaedhilge nach bhfuil in dáiriribh agus nach bhfuilid ach ar nós cuma liom. Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire cad iad na rialacha atá ag bainnt le deontaisí a thabhairt; an mó scoláire atá riachtanach i gcóir na deontaisí seo do thuille? Ba mhaith liom focal a chur isteach chó maith ar son na múinteoirí páirt-ama faoi na coistí Céard-Oideachais. Anois nuair a bhéas scéim an cheárd-oideachais ar fad dhá scrúdú ag an Aire tá súil agam go ndéanfaidh sé rud éigin chun iad a fheabhsú agus postaí seasta a fháil dóbhtha.