Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 11 Oct 1928

Vol. 26 No. 2

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAIT DO ROINNT.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh eathoin is mian le Coimisiún na Talmhan na hestait seo leanas i gCo. na Gaillimhe do roinnt: Johnston Estate, Kilcommodan and Hill of Aughrim; Beegan and others Estate, Killeenaveelish and Attidermot; H.J. Bourne's Estate, Oatfield; Cooke Estate, Garrymore.

Táthar tar éis imeachta nár críochnuíodh fós, do bhunú fén Acht Talmhan, 1923, chun tailte Kilcommodan agus Attidermot, ar estát Johnston, agus tailte Attidermot agus Kinaveelish, ar estát Beegan and Ors. do thógaint. Ní féidir le Coimisiún na Talmhan a rá cathain a déanfar na tailte do roinnt.

Tá Coimisiún na Talmhan ag féachaint le tailte H.J. Bourne in Oatfield do thógaint.

Tá tailte an Ghardhaí Mhóir (Estát Cooke) fé Bhlianacht Talamh-Chean nuigh cheana féin agus ar an abhar san tagaid fén Eisceacht atá luaidhte in Alt 24 (2) (a) d'Acht 1923 acht tá Coimisiún na Talmhan ag cuimhneamh ar tailte eile atá sa chomharsanacht ach ná tagann laistigh den eisceacht so do thógaint.

Barr
Roinn