den Aire Tailte agus Iascaigh an bhféadfadh sé a rádh an bhfuil tailte uile Chluain Churraigh i gCondae Chill Dara roinnte; agus, má tá, an ndéarfadh sé cia hiad na daoine a fuair gabháltaisí agus cad é an méid acra a fuair gach duine acu.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tailte Chluain Churraigh.
D'fhiafruigh
Domhnall Ua Buachalla
Do thóg Coimisiún na Talmhan 2,671 acra den Estát so agus táid tar éis 2,130 acra dhe sin do roinnt ar 34 dhuine. Ina theanta san, táthar tar éis socruithe do dhéanamh chun 221 acra do roinnt ar cheathrar.
Toise an meid oibre atá le déanamh ag an bhFuirinn i gCoimisiún na Talmhan cheana, nílim chun a iarraidh ortha an cuntas a theastuíonn on Teachta do chur le chéile.