Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Jul 1929

Vol. 31 No. 2

Written Answers. - Banna cun iocadh.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Airgid an ndéarfadh sé cad chuige nár haisíocadh banna Uilliam Uí Riain, Droichead Bhaile Sheáin, Contae Chill Dara, cé gur cuireadh isteach ar an 20adh Abreán ghabh tharrainn deimhniú gur cheannuigh sé banna ar an 17adh Bealtaine, 1920, agus cé gur tugadh 'na theannta san an uimhir admhála —37424.

Do tugadh údarás do Chunntasóir Roinne Puist agus Telegráfa, ar an ochtmhadh lá fiched den mhí seo caithte, Cárta Coigiltis do thabhairt do Liam Ó Riain, Droichead Bhaile Sheáin, Conntae Chill Dara, agus fágfaidh sin ar a chumas aisíoc d'fháil ar an síntiús (£1) púnt do thug sé d'Iasacht Dháll Eireann.

Barr
Roinn