den Uachtarán ar fritheadh ag an Riaghaltas le gairid gearán ó Choiste Gnótha Chonnartha na Gaedhilge maidir le Serúduighthe i nGaedhilg—agus go mór-mhór i labhairt na Gaedhilge—le haghaidh postaí puiblidhe sa Saorstát; an dtiubhraidh an tUachtarán faisnéis don Dáil céard is éileamh Chonnartha na Gaedhilge agus cé'n toradh bhéas le fághail aca ins na cúrsaí seo ón Riaghaltas.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúduighthe i nGaedhilg.
Fuarthas rún le déanaighe ó Choiste Gnótha Chonnradh na Gaedhilge, ar cheist scrúduithe Gaedhilge le haghaidh postaí puiblidhe, go mór mór scrúduithe i labhairt na Gaedhilge. Eiligheann an Coisde Gnótha ar an Rialtas scrúdú i labhairt na Gaedhilge a bheith ann uair sa bhliain agus gach seirbhi-seach puiblí fé-bhun dachad bliadhain ná fuil i n-ann feidhm cheart a bhaint as an nGaedhilg, a bheith air an scrúdú san a sheasamh. Eiligheann an Coisde Gnótha leis, an scrúdú a bheith níos deacra i naghaidb na bliana, agus cúig bliana do thabhairt do gach seirbíseach le é féin (nó i féin) a ollmhughadh chun feidhm cheart a bhaint as an nGaedhilg.
Ní follus ón rún an mbaineann sé le héinne seachas Stát-Sheibhísigh. Maidir leis an Stát-Sheirbhis, tá ar gach éinne a thagann isteach tré scrúdú oscailte dul fé scrúdú cainnte agus, 'na theannta san, tá ortha i geaitheamh an tréimhse trialltha dul té serúdú eile i labhairt na Gaedhilge. Ní glaetar isteach iad muna n-éiríonn leo sa scrúdú san. Sé mo thuairim nach féidir fé láthair níos mó do dhéanamh sa tslí seo ná mar atá ghá dhéanamh.