Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Feb 1930

Vol. 33 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tailte do Roinnt.

D'fhiafraí

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé an bhfuil sé ar aigne ag na Coimisinéirí na tailte (255 acra) dá ngairmtear Baile Uainín (Ballyooneen) ar Estát Chluain Churraigh do roinnt no do chur ar féarach arís.

Tá na tailte dá dtagartar curtha ar féarach fé láthair o mhi go mi ach cuirfear deire leis an socrú san chó luath agus bhéidh an Scéim atá ceaptha chun an talamh d'áth-dhiol ullamh chun í do chur i bhféidhm.

D'fhiafraí

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé an bhfuil sé ar aigne ag na Coimisinéirí na tailte seo leanas ar Estát Sheáin Uí Aighlmear (Aylmer) i gContae Chill Dara do roinnt, .i., tailte Mhíchíl C. Uí Mheadhra i n-a bhfuil 325 acra, agus tailte Mhuiris Mhic an Fhailghigh i n-a bhfuil 205 acra: agus má tá an féidir a rádh cathoin a roinnfar iad.

An gabhaltas a bhí ag Mícheál C. O Méadhra agus atá anois ag Bane na Mumhan agus Laighean agus ina bhfuil 325a. 1r. 36p. i mbailte féarainn Ráth Chobhthaigh Theas, Baile Dhomhnaill agus Cluainigh agus an gabhaltas atá ag Muiris Mac an Fháilghigh agus ina bhfuil 202a. 2r. 2p. i mbailte féarainn Rath Chobhthaigh Theas agus Baile Dhomhnaill ar Estát Shéain Ui Aignlmear, Co. Chill Dara, tá imeachta ar siul ina dtaobh fé sna hAchtanna Talmhan, 1923 go 1929, agus coinneóidh Coimisiún na Talmhan na gabhaltaisi sin ar an Lá Ceaptha. Táthar ag breithniú na ceiste an ceart imeachta do bhunú chun na gabhaltaisi d'ath-shealbhú fé Alt 29 den Acht Talmhan, 1923 no nách ceart. Ní féidir a rá fé láthair an ndéanfar na cathoin a déanfar na tailte seo go léir, no aon chuid diobh, do thógaint chun iad do roinnt.

Barr
Roinn