Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Feb 1931

Vol. 37 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cléireach do Thogha.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí cathoin a toghadh Mrs. Caitlin Maude mar Rúnaidhe don Fho-choiste um Pinsin Sean-Aoise I Leitirmór, Conamara, agus cé rinne í thoghadh.

Chuir Mrs. Caitlín Maude i n-iúl do'n Aireacht ar an dómhadh lá de mhí Meithimh 1924 gur ceapadh í mar Chléireach do Fhó-Choiste um Phinsin Sean-Aoise i Leitirmór, Conamara.

An leór fógra mar san don Rionn, gan aon deimhniú on gCoiste ná ón gComhairle Contae? An gnáth glaca le fógra mar sin san Roinn?

Ní dó liom go mb'fheidir leis an Roinn fógra d'fháil ach amhain ó Rúnaidhe sealadach an Choiste. Bhí Bean Ui Maude i m-bun na h-oibre agus chuir sí in iúl don Roinn gur ceapadh i mar chléireach. Nf bheadh an Roinn in ann fógra d'fhail ar aon sli eile.

Nílim sásta leis an bhfreagra a fuaireas ón Aire agus ba mhaith liom an cheist do phlé ar an ath-ló iniu no amáireach.

Amáireach. Tá ceist eile le plé iniu.

Barr
Roinn