Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 Apr 1931

Vol. 38 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oifigí Puiblí agus an Ghaedhilg.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an neosadh sé don Dáil (1) cé mhéid oifigeach a toghadh ag Búird Puiblí na gconndaethe in a bhfuil an Ghaeltacht ar choingheall go ndeunfaidís an Ghaedhilge d'fhoghluim go maith taobh istigh de thrí bliana; agus (2) ar cuireadh na hoifigigh sin fá scrúdú sa Ghaedhilge agus má cuireadh cé an chaoi ar eirigh leo; agus (3) ar briseadh aon oifigeach acu sin toisc gan é bheith in ann a chuid ghnótha a dheunadh tré Ghaedhilg; agus (4) ar toghadh aon Ghaedhilgeoir mar oifigeach ag aon Bhord Puiblí sa tSaorstát ar choingheall go ndeunfadh sé an Sacs-Bheurla d'fhoghluim fá cheann trí mblian.

Ceist 1. Seachas na ceapacháin a dhein na Coimisinéirí Aitiúla, deineadh seacht n-oifigigh déag is trí fiche (77) do cheapa; (b) dhein na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúla 149 d'oifigigh do cheapa.

Ceist 2. Cuireadh 17 de na h-oifigigh atá luaidhte faoi scrúdú 1 (a); d'éirigh le haon duine amháin aca. Cuireadh 35 de na h-oifigigh atá luaidhte faoi scrúdú 1 (b); d'éirigh le hochtar aca.

Ceist 3. Níor briseadh go fóill.

Ceist 4. Níor toghadh.

Barr
Roinn